EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0242

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

COM/2022/242 final

An Bhruiséil,20.5.2022

COM(2022) 242 final

2022/0166(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Mar a luadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 maidir le slándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú (COM(2022)133 final), bhí margaí talmhaíochta leochaileach cheana ach leis an ionradh a rinne an Rúis ar an Úcráin gan chúis gan údar, díchobhsaíodh iad a thuilleadh. Roimh an ionradh, bhí borradh mór ar phraghsanna sna margaí tráchtearraí, borradh a chur isteach ar na margaí talmhaíochta tríd an méadú ar chostais fuinnimh, leasacháin agus beatha ainmhithe. I láthair na huaire, tá tionchar ag costais d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta, ar phraghas an bhia atá ag méadú dá mbarr, rud a nochtann na leochaileachtaí atá i gcóras bia na hEorpa, go háirithe an spleáchas atá ar allmhairí agus an t‑ábhar imní a mhéid a bhaineann le hioncam feirmeoirí agus táirgeoirí sa slabhra agraibhia.

Cuireann sé sin leis an mbrú atá ar thalmhaíocht na hEorpa tar éis phaindéim COVID‑19.

Ní mór aghaidh a thabhairt freisin ar an athrú aeráide agus ar na dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol. Sa Teachtaireacht thuasluaite, d’iarr an Coimisiún ‘go dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh a nochtadh leis an ngéarchéim atá ag fás ar bhealaí lena gcuirtear feabhas ar an aistriú i dtreo córais bhia inbhuanaithe, athléimneacha agus chothroma san Aontas agus ar fud an domhain’.

Leis an gcur isteach ar thrádáil, tá imní mhór ann faoin tslándáil bia ar fud an domhain de thoradh thionchar gearrthéarmach an chogaidh agus na n‑éiginnteachtaí fadtéarmacha a bhaineann leis.

Cé nach bhfuil an soláthar cobhsaí bia san Aontas i mbaol, is airde go mór iad na costais táirgthe ar leibhéal na feirme agus mura ndéanfaí iad a chúiteamh le praghsanna níos airde, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar chinnteacht an tsoláthair.

Déantar foráil sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) maidir le raon beart, lena n‑áirítear líontán sábhála praghsanna agus an fhéidearthacht bearta eisceachtúla a dhéanamh. Chuir an Coimisiún roinnt tionscnamh eisceachtúil i láthair cheana ina Theachtaireacht an 23 Márta 2022 chun slándáil an tsoláthair bhia a chosaint agus chun athléimneacht na gcóras bia a threisiú. Mar sin féin, maidir leis an staid atá ann faoi láthair, ní fhacthas a leithéid riamh roimhe seo agus tá bearta eisceachtúla ag teastáil mar tá géarghá le tacaíocht éigeandála le haghaidh gnólachtaí beaga áirithe agus feirmeoirí chun a gcuid gníomhaíochtaí a choinneáil ar bun.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún beart breise, arna mhaoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), a chuirfidh ar chumas na mBallstát tacaíocht leachtachta a sholáthar d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí agraibhia a ndearnadh difear dóibh de dheasca méaduithe suntasacha ar chostais ionchuir, go háirithe do ghnóthais beatha agus leasacháin, agus do ghnóthais dianfhuinnimh sa tionscal próiseála a bhfuil costais mhéadaithe gáis agus leictreachais orthu chomh maith. Trí aghaidh a thabhairt go díreach ar dhúshláin na ngnólachtaí sin maidir le sreabhadh airgid, leis an tacaíocht, rannchuideofar le slándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain agus tabharfar aghaidh ar an suaitheadh sa mhargadh de dheasca costais mhéadaithe ionchuir.

Chun na spriocanna sin a bhaint amach, beidh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta cnapshuime aonuaire d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta. Déanfar na híocaíochtaí ón gCoimisiún i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir chistithe atá ar fáil.

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar na hacmhainní atá ar fáil faoi na cláir limistéar tuaithe atá ann cheana a úsáid ar an gcaoi is éifeachtúla, beidh sé de cheangal ar na Ballstáit cúis a thabhairt leis an tacaíocht a dhíriú orthu siúd is mó atá buailte, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Bheadh ar na Ballstáit an beart a chur san áireamh sna cláir forbartha tuaithe trí mhodhnú a dhéanamh ar an gclár. A luaithe a bheidh modhnú ar an gclár lena dtabharfar isteach an beart nua curtha isteach ag na Ballstáit, féadfaidh siad tús a chur le híocaíochtaí leis na tairbhithe. Is féidir é sin a chur isteach tar éis ghlacadh an togra seo chomh maith le glacadh na leasuithe ar an reachtaíocht thánaisteach ghaolmhar (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún).

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra i gcomhréir leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta agus Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Comhlánaíonn an togra gach beart eile a ghlac an tAontas atá dírithe ar dhul i ngleic leis an staid reatha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, go háirithe na bearta sin atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil do na margaí agus ar shlándáil bia a áirithiú. Tá an togra gan dochar do na ceanglais íosta caiteachais arna sainmhíniú i míreanna 5 agus 6 d’Airteagal 59 de Rialachán (AE) 1305/2013, chomh maith le ‘prionsabal an neamh-chúlchéimnithe’ a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Níl de raon ag an togra ach leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 1305/2013, agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagail 42 agus 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Foráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gur rud le roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit atá san inniúlacht talmhaíochta, fad atá comhbheartas talmhaíochta á bhunú a bhfuil cuspóirí coiteanna agus cur chun feidhme coiteann ag dul leis. Tá sé d’aidhm ag an togra cuspóirí coiteanna agus cur chun feidhme coiteann beart nua Forbartha Tuaithe a áirithiú.

 Comhréireacht

Cuimsítear leis an togra leasuithe teoranta agus spriocdhírithe nach dtéann thar an méid atá riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, i.e. faoiseamh eisceachtúil agus sealadach a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta, atá buailte go háirithe ag tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin.

An rogha ionstraime

Is é Rialachán an ionstraim iomchuí chun an beart breise atá ag teastáil a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis na himthosca sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dheachthas i mbun comhairliúcháin le páirtithe leasmhara seachtracha. Mar sin féin, tá an togra ag teacht as comhairliúcháin leis na Ballstáit agus le Feisirí Pharlaimint na hEorpa le cúpla seachtain anuas.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair mar chuid den ullmhúchán le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás na leasuithe beartaithe teoranta seo.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d’oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 2020/2093. Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú iomlán bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). Déanfar íocaíochtaí le tairbhithe roimh an 15 Deireadh Fómhair 2023, agus dá bhrí sin beidh siad le maoiniú faoi bhuiséad 2023. Ní mór freastal ar na leithreasuithe íocaíochtaí a theastaíonn chun an beart sin a mhaoiniú laistigh de na leithreasuithe le haghaidh CETFT atá san áireamh i nDréachtbhuiséad 2023 an Choimisiúin atá le teacht agus déanfar iad a fhritháireamh trí laghdú comhfhreagrach ar na híocaíochtaí sna blianta ina dhiaidh sin.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus 1305/2013.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Moltar leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

2022/0166 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 42 agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá feirmeoirí agus gnólachtaí tuaithe buailte go trom le hiarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Mar thoradh ar mhéadú na bpraghsanna ionchuir, go háirithe i gcás fuinnimh, leasacháin agus beatha ainmhithe, cruthaíodh míshocracht eacnamaíoch san earnáil talmhaíochta agus sna pobail tuaithe agus d’eascair fadhbanna leachtachta as d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga tuaithe a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta. Mar gheall air sin cruthaíodh staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi.

(2)Chun freagairt a thabhairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin, ba cheart go dtabharfadh beart nua eisceachtúil sealadach aghaidh ar na fadhbanna leachtachta a chuireann gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus ghnólachtaí beaga i mbaol, gnólachtaí a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta.

(3)An tacaíocht, arb é is aidhm di iomaíochas na ngnólachtaí talmhaíochta agus inmharthanacht feirmeacha a chosaint, d’fhonn na hacmhainní atá ar fáil a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá ag fulaingt de bharr iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin, ba cheart iad a dheonú ar bhonn critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha arb é is aidhm dóibh an tacaíocht a dhíriú orthu siúd is mó atá buailte. I gcás na bhfeirmeoirí, ar na critéir a d’fhéadfaí a chur san áireamh, tá earnálacha táirgeachta, cineálacha feirmeoireachta nó struchtúr feirme agus, i gcás FBManna, earnálacha, cineálacha gníomhaíochta, cineál réigiún nó srianta sonracha eile.

(4)Leis an ngéarchéim thromchúiseach reatha, deimhnítear gur gá dlús a chur leis an aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta le gur fearr a bheifear in ann ullmhú do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo; níor cheart, dá bhrí sin, laghdú a bheith ar sciar foriomlán ranníocaíocht CETFT arna fhorchoimeád do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar thoradh ar an tacaíocht don bheart seo.

(5)De dheasca na práinne agus toisc go bhfuil gné eisceachtúil agus sealadach ag an mbeart sin, ba cheart íocaíocht aonuaire agus dáta deiridh le haghaidh chur i bhfeidhm an bhirt a shocrú, agus is gá an prionsabal a choinneáil i gcuimhne lena ndéantar íocaíochtaí ón gCoimisiún i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir cistithe atá ar fáil.

(6)Chun tacaíocht níos airde a thabhairt do na feirmeoirí agus do na fiontair bheaga agus mheánmhéide is mó atá buailte, is iomchuí a cheadú do Bhallstáit coigeartú a dhéanamh ar leibhéal na gcnapshuimeanna le haghaidh catagóirí áirithe de thairbhithe incháilithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, mar shampla trí réimsí áirithe nó catagóirí leathana a shocrú.

(7)Chun a áirithiú go ndéanfar an beart nua a mhaoiniú go leordhóthanach gan cuspóirí eile na gclár forbartha tuaithe a chur i mbaol, ba cheart ranníocaíocht an Aontais leis an mbeart sin a shocrú.

(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú dá réir.

(9)I bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na práinne atá le haghaidh a thabhairt ar an tionchar atá aige ar earnáil agraibhia an Aontais, meastar gurb iomchuí leas a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(10)I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 1305/2013 mar a leanas:

(1)cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: 

‘Airteagal 39c
Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

 

1.Leis an tacaíocht faoin mbeart sin, cuirfear cabhair éigeandála ar fáil d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá buailte go trom ag tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin, dírithe ar leanúnachas i leith a ghníomhaíochta gnó, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.Deonófar tacaíocht d’fheirmeoirí nó do FBManna a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE nó ar chadás, seachas táirgí iascaigh. D’fhéadfadh sé gur táirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin a bheadh in aschur an phróisis táirgeachta.

3.Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte, trí choinníollacha incháilitheachta agus, i gcás ina meastar gurb iomchuí, critéir roghnúcháin a bheidh oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chinneadh, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil. An tacaíocht a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, rannchuideoidh sí leis an tslándáil bia nó tabharfar aghaidh léi ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh agus tacóidh sí le feirmeoirí nó le FBManna a bhíonn ag gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas agus na spriocanna sin á saothrú acu:

a)an geilleagar ciorclach;

b)bainistíocht cothaitheach;

c)úsáid éifeachtúil acmhainní;

d)modhanna táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid.

4.Beidh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta cnapshuime a íocfar faoin 15 Deireadh Fómhair 2023, bunaithe ar iarratais ar thacaíocht arna gceadú ag an údarás inniúil faoin 31 Márta 2023. Déanfar an aisíocaíocht ina dhiaidh sin ón gCoimisiún i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Féadfar leibhéal na híocaíochta a idirdhealú de réir catagóirí tairbhithe, de réir critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha.

5.Ní rachaidh uasmhéid na tacaíochta thar EUR 15 000 in aghaidh an fheirmeora agus EUR 100 000 an FBM.

6.Agus tacaíocht á deonú faoin Airteagal seo, áireoidh na Ballstáit an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin.’;

(2)in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Áiritheoidh údarás an Bhallstáit atá freagrach as roghnú na n‑oibríochtaí, cé is moite de na hoibríochtaí faoi Airteagal 18(1), pointe (b), Airteagal 24(1), pointe (d), agus Airteagail 28 go 31, 33, 34 agus 36 go 39c, go roghnófar oibríochtaí i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus de réir nós imeachta trédhearcach a mbeidh doiciméadú maith ann ina leith.’;

(3)in Airteagal 59, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: 

‘6b. Ní rachaidh tacaíocht CETFT arna soláthar faoi Airteagal 39c thar 5 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis na gclár forbartha tuaithe do na blianta 2021-2022 dá bhforáiltear i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoi CETFT mar fhreagairt thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

1.2.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 3  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

X beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

Foráil a dhéanamh maidir le beart nua eisceachtúil sealadach chun dul i ngleic leis na fadhbanna leachtachta a chuireann leanúnachas na ngníomhaíochtaí feirmeoireachta agus ghníomhaíochtaí na bhfiontar beag a dhéanann próiseáil ar tháirgí talmhaíochta, i mbaol

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

Neamhbhainteach

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Neamhbhainteach

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Neamhbhainteach

1.4.Forais an togra/tionscnaimh 

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Neamhbhainteach

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Neamhbhainteach

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Neamhbhainteach

1.4.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Neamhbhainteach

1.4.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Neamhbhainteach

1.5.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

X tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

X    Níl aon tionchar airgeadais foriomlán ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 4   

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Chun an modhnú nua sin atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d’oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 2020/2093. Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú iomlán bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

Ar an iomlán, ní thugtar le tuiscint leis an mbeart sin go bhfuil gá le leithreasuithe íocaíochtaí breise. Déanfar leithreasuithe íocaíochtaí 2023 a theastaíonn chun an beart sin a mhaoiniú a fhritháireamh trí riachtanais íocaíochta laghdaithe sna blianta ina dhiaidh sin.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Neamhbhainteach

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Neamhbhainteach

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Neamhbhainteach

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Neamhbhainteach

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Neamhbhainteach

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 5 .

ó thíortha de chuid CSTE 6

ó thíortha is iarrthóirí 7

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3

08.030102

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas 
caiteachas

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Neamhbhainteach

/NÍL

/NÍL

/NÍL

/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

Uimhir

3

Acmhainní nádúrtha agus an Comhshaol

Níl aon tionchar ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas. Ós rud é go ndéanfar an modhnú seo a mhaoiniú trí leasuithe ar chláir forbartha tuaithe de chuid na mBallstát laistigh de na himchlúdaigh chomhaontaithe, ní theastóidh aon leithreasuithe íocaíochtaí sa bhreis ar an iomlán, toisc go ndéanfar aon íocaíochtaí a bhaineann leis an mbeart seo a chúiteamh trí íocaíochtaí laghdaithe le haghaidh bearta eile forbartha tuaithe.

Glactar leis nach mbeidh aon tionchar ag an togra ar leithreasuithe íocaíochtaí CETFT ar bhuiséad 2022. Ag cur san áireamh an t‑am a theastaíonn ó Bhallstáit an beart nua seo a chur chun feidhme, táthar ag súil go ndéanfar an caiteachas lena mbaineann a dhearbhú sa tríú ráithe de 2023, agus ar an gcaoi sin go mbeidh tionchar aige ar bhuiséad 2023. Déanfar freastal ar an tionchar comhfhreagrach ar leithreasuithe íocaíochtaí, a mheastar a bheith thart ar EUR 450 milliún, laistigh de leibhéal na leithreasuithe íocaíochtaí a iarrfar sa Dréachtbhuiséad 2023 agus déanfar é a fritháireamh trí laghdú comhfhreagrach ar riachtanais íocaíochtaí sna blianta ina dhiaidh sin, faoi mar a mheastar thíos iad.

AS AGRI

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

08.030102

Gealltanais

(1a)

0

0

0

0

0

Íocaíochtaí

(2a)

0

+ 450

-225

-225

0

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

Neamhbhainteach

(3)

IOMLÁN leithreasuithe 
do AS AGRI

Gealltanais

=1a+1b +3

0

0

0

0

0

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0

+450

-225

-225

0



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0

0

0

0

0

Íocaíochtaí

(5)

0

0

0

0

0

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 3 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

= 4+ 6

0

0

0

0

0

Íocaíochtaí

= 5 + 6

0

+450

-225

-225

0





Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

An Riarachán Poiblí Eorpach

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN ARD-STIÚRTHÓIREACHT <….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0

0

0

0

Íocaíochtaí

0

+450

-225

-225

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 8

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 9

Aschur 0

Aschur 0

Aschur 0

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

Aschur 0

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
10

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 
an chreata airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 11  
an chreata airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile 
de chineál riaracháin

Fo‑iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 
an chreata airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)

10 01 05 01/11 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 12

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  13

0- sa Cheanncheathrú

0 - i dToscaireachtaí

XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT 0 Taighde indíreach)

10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE 0 Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás mór-athshannadh.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ó thríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 14

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe arna gcómhaoiniú

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

   má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 15

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[...]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[...]

(1)    IO C , , lch. .
(2)    IO C , , lch. .
(3)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(4)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/GA/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(5)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(6)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(7)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(8)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(9)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(10)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(11)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(12)    AC = Ball Foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(13)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(14)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(15)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top