Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0219

Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE lena n-údaraítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil, do choirí leictreacha agus do chaidéil uisce athchúrsála áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

COM/2022/219 final

An Bhruiséil,20.5.2022

COM(2022) 219 final

2022/0159(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil, do choirí leictreacha agus do chaidéil uisce athchúrsála áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Déantar cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas san Aontas a rialáil le Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas 1 (an ‘Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh’, ‘ETD’ nó an ‘Treoir’).

De bhun Airteagal 19(1) den Treoir, sa bhreis ar na forálacha a leagtar síos in Airteagail 5, 15 agus 17 di go háirithe, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis ó thaobh leibhéal an chánachais a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais.

Le litir dar dáta an 6 Lúnasa 2021, agus ina dhiaidh sin le tuilleadh comhfhreagrais dar dáta an 4 Samhain 2021, an 26 Eanáir agus an 16 Feabhra 2022, d’iarr údaráis na Fionlainne údarú chun ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a úsáidtear chun teaschaidéil, coirí leictreacha agus caidéil uisce athchúrsála áirithe a chumhachtú. 6 bliana atá sa tréimhse bhailíochta a iarradh, ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027, ar tréimhse í atá laistigh den tréimhse uasta a cheadaítear le hAirteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Is é is cuspóir don togra seo an t‑údarú sin a dheonú trí bhíthin maolú a bheidh bailí ar feadh 6 bliana, mar a iarradh, go dtí an 31 Nollaig 2027.

Tá údarú á lorg ag an bhFionlainn chun an ráta náisiúnta a fhoráiltear maidir le húsáid gnó leictreachais, arb éard é 0.63 EUR/MWh (ráta lena ngabhann an lipéad ‘catagóir II’ faoi dhlí na Fionlainne agus nach gcumhdaíonn ach earnálacha áirithe gnó 2 ), agus ar ráta é atá níos airde ná an ráta íosta ETD 0.5 EUR/MWh 3 le haghaidh úsáid gnó leictreachais a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas: teaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0.5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha. Sa chomhthéacs sin, de réir na faisnéise a sholáthair údaráis na Fionlainne, ba cheart don bheart díriú ar úsáidí sonracha gnó leictreachais agus ar úsáidí sonracha leictreachais nach mbaineann le gnó araon 4 . Maidir leis an ráta náisiúnta is infheidhme maidir le leictreachas le haghaidh úsáidí nach mbaineann le gnó (ráta dá ngairtear ‘catagóir I’ faoi dhlí na Fionlainne, agus lena gcumhdaítear gach rud eile seachas catagóir II, lena náirítear teaghlaigh), tá sé socraithe ag 22.53 EUR/MWh, ar ráta é atá i bhfad níos airde ná an ráta íosta ETD 1 EUR/MWh 5 comhfhreagrach.

Tá sé d’aidhm ag an laghdú dreasachtaí a sholáthar maidir le giniúint teasa a chumhachtaítear le leictreachas a imscaradh agus a úsáid, ar giniúint teasa í a bheadh ar shlí eile ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise truaillitheacha nó ar an mbithmhais, agus chun táirgeadh teasa neamhdhócháin a chur chun cinn (mar fhoinse theasa, mar shampla, is féidir le teaschaidéil úsáid a bhaint, i measc rudaí eile, as an teocht allamuigh, an teocht ón talamh agus an teas geoiteirmeach níos doimhne, as teas ón bhfarraige, ó uisce na lochanna agus ó theas dramhuisce; ina theannta sin is féidir foinsí éagsúla dramhtheasa ó earnáil na tionsclaíochta, ó lárionaid sonraí agus ó chórais fuaraithe eile a úsáid mar fhoinsí teasa) chun astaíochtaí a laghdú agus chun acmhainní nádúrtha iontaise agus in‑athnuaite a shábháil.

Bheadh feidhm ag an ráta laghdaithe maidir le teaschaidéil agus coirí leictreacha sa líonra téimh ceantair, maidir le teaschaidéil lasmuigh den líonra téimh ceantair ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0.5 MW ar a laghad agus maidir le caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha. De réir na réasúnaíochta a sholáthair an Fhionlainn, ní bheadh bonn cirt ná ní bheadh údar maith, ar roinnt cúiseanna, leis an leibhéal níos ísle cánach a ghearradh ar na teaschaidéil agus na coirí leictreacha uile.

Ag cur san áireamh, mar shampla maidir le teaschaidéil, na cinn níos lú - nach gcumhdaítear leis an mbeart a iarradh - meastar iad a bheith thar a bheith iomaíoch cheana. Ina theannta sin, dá gcuirfí i bhfeidhm cáin leictreachais chatagóir II maidir leis na teaschaidéil sin, ba ghá tomhas ar leithligh a dhéanamh ar leictreachas chun na gcríoch atá i gceist agus ba ghá tairbhithe a chlárú. Tá níos mó ná 1.1 milliún teaschaidéal san Fhionlainn, dá bhrí sin bheadh líon an‑mhór i gceist agus bheadh ualach riaracháin suntasach ann le haghaidh páirtithe éagsúla.

Os a choinne sin, bunaithe ar mheastacháin údaráis na Fionlainne le haghaidh 2022, leis na critéir a roghnaíodh laghdófaí an líon tairbhithe go dtí líon níos lú ná céad tairbhí.

Bheadh feidhm ag an mbeart maidir leis na tairbhithe sin a d’íocfadh 2.19 cent/kWh níos lú ná an ráta caighdeánach, a mbeidh mar thoradh air caiteachas cánach EUR 10-15 mhilliún, i bhfoirm ioncam cánach níos ísle (de réir na meastachán le haghaidh 2022).

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Forálacha faoin Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh

Déantar cánachas ar leictreachas a rialú leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Go háirithe, le hAirteagal 10 agus Iarscríbhinn I, Tábla C den treoir sin, déantar foráil maidir leis na leibhéil íosta chánachais ábhartha, arna ndifreálú de réir úsáidí gnó agus úsáidí nach mbaineann le gnó, agus arna leagan amach ag 0.5 EUR/MWh agus 1 EUR/MWh faoi seach.

I measc sainmhínithe eile atá in Airteagal 11 den Treoir tá sainmhíniú ar ‘úsáidí gnó’ agus ceadaíonn sé do na Ballstáit teorainn a chur le raon feidhme an leibhéil laghdaithe cánachais le haghaidh úsáidí gnó.

Chuir an Fhionlainn teorainn le raon feidhme an ráta ísil cánach i gcás úsáidí gnó leictreachais, ráta chatagóir II 0.63 EUR/MWh ionas nach mbaineann sé ach le hearnálacha gnó áirithe, mar atá an tionsclaíocht, an talmhaíocht, an mhianadóireacht, agus lárionaid sonraí.

Maidir le tomhaltas fuinnimh eile, amhail leictreachas a úsáideann teaghlaigh, baineann sé le catagóir chánach I, atá socraithe ag 22.53 EUR/MWh.

Leis an ráta laghdaithe cánach 0.63 EUR/MWh atá beartaithe le haghaidh leictreachais, chumhdófaí teaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair; maidir le teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0.5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha, bheidís i dteideal na cánach leictreachais níos ísle.

Ar chúiseanna a bhaineann le cur i bhfeidhm comhsheasmhach aonfhoirmeach agus le cur chun feidhme praiticiúil, bheadh feidhm ag an ráta cánach leictreachais is ísle ní hamháin maidir le roinnt úsáidí gnó ach bheadh feidhm aige freisin maidir le roinnt úsáidí sonracha nach mbaineann le gnó ar cheart iad a bheith faoi réir an leibhéil cánachais is airde faoi ráta chatagóir I 22.53 EUR/MWh na Fionlainne. Maidir leis sin, chun bunús breise a thabhairt lena niarraidh, chuir údaráis na Fionlainne i dtábhacht freisin go gceadaítear le hAirteagal 15(1)(h) den Treoir do na Ballstáit díolúine a chur i bhfeidhm maidir leis an leibhéal cánachas ar an leictreachas a úsáideann teaghlaigh, fad agus go bhfanfadh cánachas leictreachais le haghaidh teaghlach ag leibhéal anard ina dtíortha féin 6 (tá catagóir I de ráta cánach na Fionlainne socraithe ag 22.53 EUR/MWh, ráta atá i bhfad níos airde ná leibhéal íosta an Aontais). Mar sin féin, bheadh an ráta cánach náisiúnta a iarradh níos airde ná an leibhéal íosta cánachais ETD le haghaidh úsáidí gnó.

 

Léitear Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, den Treoir mar a leanas:

Sa bhreis ar na forálacha a leagtar amach sna hAirteagail roimhe seo, go háirithe in Airteagail 5, 15 agus 17, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais.

Faoi Airteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh is féidir a shamhlú go bhféadfaí faoiseamh cánach (ráta laghdaithe ar chánachas leictreachais) a thabhairt isteach le haghaidh leictreachas a sholáthraítear le haghaidh teaschaidéal, coirí leictreacha agus caidéil uisce athchúrsála a chomhlíonann coinníollacha áirithe, ós rud é gurb éard is cuspóir di cead a thabhairt don Bhallstát iarrthach laghdú sa bhreis a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais. Maidir le tacaíocht a thabhairt do leictriú na earnála críochúsáide téimh agus táirgeadh teasa neamhdhócháin a chur chun cinn chun astaíochtaí a laghdú agus chun acmhainní nádúrtha iontaise agus in‑athnuaite a shábháil, is féidir na bearta sin a áireamh mar bhreithnithe sonracha beartais den sórt sin. Tá sé de sprioc ag an bhFionlainn a bheith aeráidneodrach faoin mbliain 2035. Leis an mbeart a iarradh chuirfí le baint amach na sprice sin.

D’iarr an Fhionlainn go mbeadh an beart infheidhme ar feadh 6 bliana (ag tosú an 1 Eanáir 2022), is é sin an tréimhse uasta a cheadaítear le hAirteagal 19(2) den Treoir. I bprionsabal, ba cheart do thréimhse feidhme an mhaolaithe a bheith sách fada chun infheistíocht a spreagadh sna réitigh théimh spriocdhírithe a chumhachtaítear le leictreachas. Soláthróidh an tréimhse sin an chinnteacht dhlíthiúil is mó is féidir le haghaidh na n‑infheistíochtaí ábhartha.

Mar sin féin, níor cheart don mhaolú dochar a dhéanamh d’fhorbairtí a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana agus ba cheart dó an tathbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh a chur san áireamh agus glacadh féideartha gnímh dlí ag an gComhairle bunaithe ar an togra ón gCoimisiún chun an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh a athmhúnlú 7 .

Faoi na himthosca sin, fad agus gur dealraitheach é a bheith iomchuí an t‑údarú a dheonú le haghaidh na tréimhse a iarradh, ba cheart bailíocht an mhaolaithe a chur faoi réir theacht i bhfeidhm na bhforálacha ginearálta ar an ábhar, ag pointe ama is túisce ná an 31 Nollaig 2027.

Rialacha maidir le Státchabhair

An ráta cánach laghdaithe EUR 0.63/MWh atá beartaithe, tá sé os cionn leibhéal íosta cánach an Aontais le haghaidh leictreachas i gcomhair úsáidí gnó de bhun Airteagal 10 agus Iarscríbhinn I, Tábla C, de Threoir 2003/96/CE.

D’fhéadfadh sé gur Státchabhair é an beart i gcomhréir le hAirteagal 107(1) de CFAE. Ós rud é go bhfuil an ráta laghdaithe os cionn ráta íosta an Aontais, chumhdófaí an beart le hAirteagal 44 de Rialachán 651/2014/AE (Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine) 8 . Ar dhul in éag thréimhse bhailíochta Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine an 31 Nollaig 2023 beidh an chabhair fós faoi dhíolmhú le linn tréimhse choigeartaithe 6 mhí (féach Airteagal 58(4) de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine). Tá an cinneadh gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair is infheidhme le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an maolú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

An comhshaol agus beartas maidir leis an athrú aeráide

Tá sé d’aidhm ag an mbeart a iarradh táirgeadh neamhdhócháin teasa a chur chun cinn chun astaíochtaí a laghdú agus chun acmhainní nádúrtha iontaise agus inathnuaite a shábháil. Le hAirteagal 13 i dTreoir 2008/50/CE maidir le maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh 9 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcoinnítear leibhéil roinnt truailleáin aeir faoi bhun na dteorainnluachanna, na spriocluachanna agus na gcaighdeán cáilíochta aeir eile a bhunaítear sa Treoir.

Thairis sin, is leictreachas inathnuaite (47 %) agus leictreachas núicléach (35 %) atá i meascán leictreachais tírshonrach na Fionlainne den chuid is mó 10 , ar foinsí iad atá de chineál ísealcharbóin nó carbóin nialasaigh araon. Dá bhrí sin, táthar ag coinne leis go mbeidh tairbhí comhshaoil agus aeráide suntasacha ann mar thoradh ar fheidhmeanna mórscála téimh a leictriú a thuilleadh.

Dá bhrí sin, tá an beart comhoiriúnach le beartais chomhshaoil agus fuinnimh an Aontais, go háirithe an Comhaontú Glas don Eoraip, an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ lena gcuirtear chun cinn an leictriú, agus clár oibre fadtéarmach dícharbónaithe 2050, ina bhfuil ról lárnach ag an leictriú.

Beartas fuinnimh

Rannchuideodh an beart le huaillmhianta an Chomhaontuithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, go háirithe i gcomhthéacs Straitéis an Aontais maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh 11 .

Le Straitéis an Aontais maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh soláthraítear creat le haghaidh an aistrithe chuig fuinneamh glas. Maidir leis an tsamhail atá ann faoi láthair ina mbíonn tomhailt fuinnimh in earnálacha an iompair, na tionsclaíochta, an gháis agus i bhfoirgnimh ar siúl ar mhodh neamh-chomhtháite - arb earnálacha iad ina bhfuil luachshlabhraí, rialacha, bonneagar, pleanáil agus oibríochtaí dá gcuid féin acu uile - ní féidir leis an tsamhail sin an aeráidneodracht a thabhairt i réim faoi 2050 ar bhealach costéifeachtach. Leis an mbeart a iarradh chothófaí comhtháthú na hearnála críochúsáide téimh le hearnálacha críochúsáide eile. I gcomhréir leis an Straitéis, leis an mbeart a iarradh laghdófaí na costais a bhaineann le réitigh nuálacha nach mór a chomhtháthú le córas fuinnimh an Aontais. Leis an mbeart a iarradh rannchuideofaí go díreach le dhá cheann de na trí cholún i Straitéis an Aontais maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh.

Ar an gcéad dul síos, córas fuinnimh níos ciorclaí, agus an éifeachtúlacht fuinnimh ina chroílár. Leis an straitéis sainaithnítear bearta coincréiteacha chun ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ a chur i bhfeidhm sa chleachtas agus chun foinsí áitiúla fuinnimh a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí i bhfoirgnimh nó i bpobail. Tá acmhainneacht nach beag ann ó thaobh athúsáid dramhtheasa ó láithreáin thionsclaíocha, ó lárionaid sonraí nó ó fhoinsí eile, agus ó thaobh athúsáid fuinnimh a tháirgtear ó bhithdhramhaíl nó i ngléasraí cóireála fuíolluisce. An beart arna iarraidh ag an bhFionlainn is é is aidhm dó tacú, i measc rudaí eile, le dramhtheas a úsáid ó fhoinsí a liostaítear go sainráite sa Straitéis.

Ar an dara dul síos, leictriú díreach is mó in earnálacha na n‑úsáideoirí deiridh. De bhrí gur in earnáil na cumhachta atá an sciar foinsí in‑athnuaite is mó, ba cheart úsáid níos mó a bhaint as leictreachas i gcás inar féidir, le haghaidh teaschaidéil i bhfoirgnimh, mar shampla. Tá sé d’aidhm ag an mbeart a d’iarr an Fhionlainn tacú le feidhmeanna a chumhachtaítear le leictreachas, i gcomhréir leis an Straitéis.

Chothódh an beart sin an comhtháthú córas fuinnimh ó tharla gur mó an tsolúbthacht agus an cumas a bhaineann le líonra téimh ceantair chun fuinneamh leictreach a stóráil i bhfoirm teasa i gcomparáid le réitigh théimh ar leithligh foirgneamh. Tá bonneagar dea-fhorbartha téimh ceantair ag an bhFionlainn cheana, ar bonneagar é atá in ann freastal ar an gcríoch sin.

An maolú a iarradh chun ráta cánach níos ísle a úsáid, bheadh feidhm aige freisin maidir le coirí leictreacha áirithe, i measc rudaí eile. Is féidir le laghdú den sórt sin rannchuidiú leis an gcomhtháthú córais fuinnimh agus le comhtháthú córais an leictreachais in-athnuaite. Is féidir coirí leictreacha a úsáid chun teas a tháirgeadh le cur leis na líonraí téimh ceantair go háirithe le linn tréimhsí ina mbíonn barrachas leictreachais ann agus ina mbíonn praghas íseal ar an leictreachas. Fágann sin, mar shampla, gur féidir cumhacht ghaoithe a úsáid chun teas ceantair a tháirgeadh. Mar thoradh ar na costais infheistíochta ísle a bhaineann le coirí leictreacha is féidir brabúsacht a bhaint amach in imeacht roinnt uaireanta an chloig oibriúcháin go díreach agus ní féidir leis an táirgeadh teasa dul ar aghaidh ach amháin nuair a bhíonn rósholáthar leictreachais ann. Is féidir leis sin rannchuidiú le cobhsaíocht an chórais leictreachais a choinneáil ar bun. Faoi láthair is mór an tionchar atá ag an gcánachas leictreachais ar na costais táirgthe teasa agus, mar a dúradh cheana, d’fhéadfadh sé gur mithid na feidhmeanna sin a úsáid. Is féidir coirí leictreacha a chumasc le toilleadh stórála teasa, trínar féidir farasbarr cumhachta a stóráil mar theas.

Tá an beart a d’iarr an Fhionlainn i gcomhréir freisin le Straitéis an Aontais maidir le Téamh agus Fuarú 12 ina dtugtar chun cuimhne na tairbhí a bhaineann le teaschaidéil agus úsáid dramhtheasa a chur in ionad réitigh théimh atá bunaithe ar bhreosla iontaise. Luaitear sa Straitéis gur féidir le teaschaidéil aonad amháin leictreachais a thiontú go dtí trí aonad nó níos mó d’aonaid téimh nó fuaraithe.

Cuirtear na tairbhí thuasluaite i dtábhacht i gcomhthéacs Threoir an Aontais maidir le Éifeachtúlacht Fuinnimh agus go sonrach leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le hábhar an mheasúnaithe chuimsithigh ar an bhféidearthacht i leith téamh agus fuarú éifeachtach faoi Airteagal 14 de Threoir 2012/27/AE 13 (an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh).

An margadh inmheánach agus iomaíocht chóir

Bheadh an beart oscailte d’oibreoirí uile an Aontais gan idirdhealú. Bheadh feidhm ag an ráta laghdaithe maidir le gach táirgeoir teasa a úsáideann teaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0.5 MW ar a laghad agus a úsáidtear lasmuigh den líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Níl an réimse cánach indírí a chumhdaítear le hAirteagal 113 CFAE ann féin faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 3 CFAE.

Os a choinne sin, de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, tugadh inniúlacht eisiach don Chomhairle, mar ábhar dlí thánaistigh, chun Ballstát a údarú díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach de réir bhrí na forála sin. Dá bhrí sin ní féidir leis na Ballstáit ionad na Comhairle a ghabháil iad féin. Mar thoradh air sin, níl prionsabal na coimhdeachta infheidhme maidir leis an gcinneadh cur chun feidhme seo. In aon chás, ó tharla nach dréachtghníomh reachtach an gníomh seo, níor cheart é a tharchur chuig Parlaimintí náisiúnta de bhun Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí lena athbhreithniú maidir lena chomhlíontacht le prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Leis an togra seo urramaítear prionsabal na comhréireachta. Ní théann an laghdú cánach seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá i gceist a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle atá san ionstraim atá beartaithe. Ní dhéanann Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE foráil ach maidir leis an gcineál sin birt.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní cheanglaíonn an beart meastóireacht ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Fhionlainn agus baineann sé leis an mBallstát sin agus leis an mBallstát sin amháin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

Measúnú tionchair

Baineann an togra le húdarú a thabhairt do Bhallstát aonair ar a iarraidh féin agus ní cheanglaíonn sé measúnú tionchair.

Ar fud an Aontais, bíonn an earnáil téimh críochúsáide ag brath go ginearálta ar dhóchán breosla iontaise. De réir shonraí Eurostat (NRG_BAL_PEH) is ó bhreoslaí iontaise a tháirgtear 70 % de theas díorthaithe. I measc rudaí eile, maidir le giniúint teasa bunaithe ar bhreosla iontaise, is roghanna malartacha a chumhachtaítear le leictreachas iad na teaschaidéil. Ó tharla gurb é leictreachas in-athnuaite (47 %) agus leictreachas núicléach (35 %) is mó atá i meascán leictreachais tírshonrach na Fionlainne, agus ar foinsí de chineál ísealcharbóin nó carbóin nialasaigh araon iad, meastar go mbeidh tairbhí comhshaoil móra ann mar thoradh ar fheidhmeanna mórscála téimh a leictriú a thuilleadh. Thairis sin, is féidir leis na tairbhí sin rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach.

Maidir le teaschaidéil agus téamh ceantair go háirithe, de réir staidéar a choimisiúnaigh rialtas na Fionlainne, in 2020 san Fhionlainn, bhí 11 % de tháirgeadh iomlán an téimh ceantair bunaithe ar fhoinsí dramhtheasa. Meastar gur mór an acmhainneacht atá ann ó thaobh farasbarr teasa agus dramhtheas nach n‑úsáidtear, ach is minic a bhaineann dúshlán le sruthanna éagsúla teasa a úsáid i dtáirgeadh téimh ceantair agus bíonn éagsúlachtaí suntasacha ann maidir le hindéantacht agus brabúsacht úsáid an dramhtheasa. Toisc lárnach amháin a bhfuil tionchar aici ar an mbrabúsacht a mbaineann le infheistiú i dteaschaidéil agus iad a úsáid is ea costas leictreachais na dteaschaidéal. Leis an leibhéal cánach leictreachais atá i bhfeidhm san Fhionlainn faoi láthair, is cuid shuntasach de chostas iomlán an leictreachais é sciar na cánach leictreachais. Bunaithe ar na cás-staidéir a ndearnadh anailís orthu, is ar an gcánachas leictreachais a théann thart ar 10 %-20 % de chostas iomlán teaschaidéil, nuair a chuirtear costais oibriúcháin agus infheistíochta araon san áireamh. Má aistrítear na teaschaidéil a úsáidtear i dtáirgeadh téimh ceantair chuig an gcáin leictreachais is ísle, is é sin catagóir II, mar a d’iarr an Fhionlainn, laghdófar go mór meánchostas táirgthe na réiteach teaschaidéil éagsúil. Is dócha go gcuirfidh sé sin méadú ar an tsuim atá ann infheistíocht a dhéanamh i teaschaidéil. Faoi láthair, maidir le réitigh táirgthe teasa bunaithe ar úsáid breosla, go háirithe bithmhais áitiúil, is iondúil go mbíonn siad níos costéifeachtúla i gcomparáid le réitigh theaschaidéil. De bhrí go bhfuil an Fhionlainn ag laghdú na húsáide a bhaintear as breoslaí iontaise agus móin, chiallódh sin go dtiocfadh méadú tapa ar an úsáid a bhaintear as an mbithmhais i dtáirgeadh téimh ceantair. Má bhaintear úsáid níos mó as réitigh dhramhtheasa agus teaschaidéal éagsúla d’fhéadfaí an méadú atá ag teacht ar úsáid na bithmhaise a laghdú.

Thairis sin cuireann an staidéar i dtábhacht gur minic baint a bheith ag úsáid an dramhtheasa le héiginnteachtaí i ndáil le slándáil an tsoláthair teasa, rioscaí féideartha contrapháirtí agus rioscaí a bhaineann le costais infheistíochta agus le fáil a bheith ar an teas. Ina theannta sin, is ag an gcéim phíolótach atá roinnt teicneolaíochtaí fós, amhail an táirgeadh fuinnimh gheoiteirmigh. Le laghdú cánach leictreachais i leith na dteaschaidéal chuirfí feabhas ar iomaíochas na dteaschaidéal i gcomparáid le teicneolaíochtaí táirgthe teasa eile, agus d’fhéadfaí rioscaí agus éiginnteachtaí eile atá ceangailte leis na hinfheistíochtaí teaschaidéil a chúiteamh go páirteach.

Ar deireadh, mar a thug údaráis na Fionlainne faoi deara, baineann an beart le ceisteanna atá deacair a chur chun feidhme go teicniúil. Ba cheart an beart a chur chun feidhme ar bhealach neodrach, cóir atá spriocdhírithe go maith. De réir a gcuid meastachán, meastar gur idir EUR 10 milliún go dtí EUR 15 mhilliún a bheidh raon an chaiteachais bhuiséadaigh in 2022.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní dhéanann an beart foráil maidir le simpliú. Is é is toradh ar an iarraidh a rinne an Fhionlainn agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin.

Cearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an mbeart ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní chuireann an beart seo aon ualach airgeadais ná riaracháin ar an Aontas. Dá bhrí sin ní bheidh aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl aon ghá le plean cur chun feidhme. Baineann an togra seo le húdarú maidir le laghdú cánach le haghaidh Ballstát aonair ar a iarraidh féin. Soláthraítear é le haghaidh tréimhse theoranta. Bheadh an ráta cánach is infheidhme os cionn an leibhéil íosta cánachais le haghaidh leictreachas i gcomhair úsáidí gnó arna shocrú ag an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Dá bhrí sin, d’urramódh sé an leibhéal íosta le haghaidh úsáidí gnó arna shocrú leis an Treoir. Is féidir meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart i gcás iarraidh ar athnuachan tar éis dul in éag na tréimhse bailíochta a deonaíodh i dtosach.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Leis an togra ní cheanglaítear aon doiciméad míniúcháin maidir leis an trasuí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sonraítear le hAirteagal 1 go gceadófar don Fhionlainn ráta cánachais laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do na feidhmeanna seo a leanas: teaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0.5 MW ar a laghad agus atá lasmuigh den líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha. Ní mór nach lú ná EUR 0.50/MWh an ráta cánach, i.e. an leibhéal íosta cánachais le haghaidh leictreachas i gcomhair úsáidí gnó arna shocrú leis an Treoir.

Sonraítear le hAirteagal 2 go ndeonaítear an t‑údarú le héifeacht ón 1 Eanáir 2022, go dtí an 31 Nollaig 2027, arb é an tréimhse uasta a cheadaítear leis an Treoir.

2022/0159 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil, do choirí leictreacha agus do chaidéil uisce athchúrsála áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas 14 , agus go háirithe Airteagal 19 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le litir dar dáta an 6 Lúnasa 2021, d’iarr an Fhionlainn údarú chun ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0.5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha, de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE. Sholáthair údaráis na Fionlainne faisnéis agus soiléirithe breise chun tacú leis an iarraidh an 4 Samhain 2021, an 26 Eanáir 2022 agus an 16 Feabhra 2022.

(2)Trí bhíthin an ráta laghdaithe atá beartaithe, tá sé d’aidhm ag an bhFionlainn leictriú na hearnála críochúsáide téimh a mhéadú agus táirgeadh neamhdhócháin a chur chun cinn chun astaíochtaí a laghdú. Mar thoradh ar an méadú ar úsáid suiteálacha a chumhachtaítear le leictreachas meastar go mbeidh tairbhí comhshaoil agus aeráide ann.

(3)Má cheadaítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0.5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha, níltear ag dul thar a bhfuil riachtanach chun leictriú na hearnála críochúsáide téimh a mhéadú. Déanann suiteálacha teasa den sórt sin an taistriú glas a chur chun cinn agus laghdaíonn siad an úsáid a bhaintear as táirgeadh teasa bunaithe ar bhreoslaí a dhó. Níl na suiteálacha sin iomaíoch go fóill ar an margadh, agus cuireann an beart teorainn leis an ualach riaracháin. Dá bhrí sin, nó dócha go mbeidh aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht mar thoradh ar an mbeart le linn a shaolré agus mar sin ní bheidh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(4)Maidir le gach údarú a dheonaítear faoi Airteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá sé le bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Chun a áirithiú go mbeidh an tréimhse údarúcháin sách fada ionas nach gcuirfear oibreoirí ábhartha eacnamaíocha ó na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, is iomchuí an túdarás a dheonú ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027. Mar sin féin, chun nach ndéanfar dochar d’fhorbairtí ginearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil gur cheart, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach noiriúnófaí an túdarú, scoirfeadh an túdarú sin d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh na rialacha ginearálta sin chun bheith infheidhme.

(5)Chun é a chur ar a g cumas d’oibreoirí suiteálacha saothrú a dhéanamh ar chur chun cinn teaschaidéal agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0.5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha, ba cheart a áirithiú go bhféadfaidh an Fhionlainn an laghdú cánach a chur i bhfeidhm, mar a iarradh, le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

(6)Tá an cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ar choinníoll go n‑urramaítear an leibhéal íosta cánachais dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2003/96/CE, mar a leagtar amach i gcomhair úsáidí gnó faoi Iarscríbhinn I, Tábla C, a ghabhann leis an Treoir sin, tá an Fhionlainn údaraithe chun ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear d’aon cheann do na nithe seo a leanas:

a) teaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair;

b) teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0.5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair;

c) caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Mar sin féin, dá ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach lena ngearrfaí cáin ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach n‑oiriúnófaí an t‑údarú a deonaíodh in Airteagal 1 den Chinneadh seo, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh na rialacha ginearálta sin chun bheith infheidhme.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Fionlainne

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 283, 31.10.2003, lgh. 51–70.
(2)    Mhínigh údaráis na Fionlainne go gcuirtear i bhfeidhm an ráta cánach níos ísle (‘catagóir II’) le haghaidh úsáidí gnó leictreachais maidir le hearnálacha amhail an tionsclaíocht, an talmhaíocht, an mhianadóireacht, agus lárionaid sonraí.
(3)    Airteagal 10(1) agus Iarscríbhinn I, Tábla C, den Treoir.
(4)    Maidir leis sin, chuir údaráis na Fionlainne i dtábhacht, mar shampla, cé gur féidir le comharchumann tithíochta an teaschaidéal a bhainistiú é féin, go bhféadfadh sé go gceannódh an comharchumann tithíochta chéanna an tseirbhís teaschaidéil a cheannach ó chuideachta fuinnimh; i dtéarmaí chuspóir an bhirt, ní bheadh údar cuí leis an gcóireáil cánach a bheith difriúil sna cásanna sin ar bhonn an toibreoir a bheith ina comharchumann tithíochta nó ina chuideachta fuinnimh. Thairis sin, is minic na slabhraí fisiceacha soláthair leictreachais atá laistigh de mhaoin a bheith anchasta, mar gheall go mbíonn gníomhaithe éagsúla san fhoirgneamh amháin (agus gan ach nasc leictreachais amháin ann) - is minic a bhíonn árasáin chónaitheacha agus áitribh ghnó san fhoirgneamh amháin. Dá bhrí sin, i roinnt cásanna, bheadh sé dodhéanta áitribh ghnó agus áitribh thithíochta laistigh den líonra réadmhaoine a scaradh chun laghdú cánach a chur chun feidhme. Ar deireadh, chuir údaráis na Fionlainne i dtábhacht gur féidir le comharchumann tithíochta an teas a ghineann sé a dhíol leis an líonra téimh ceantair, agus sa chás seo, is féidir gníomhaíocht ghnó a bheith ag gabháil le comharchumann tithíochta.
(5)    Airteagal 10(1) agus Iarscríbhinn I, Tábla C, den Treoir.
(6)    Luaigh na húdaráis chéanna gurb amhlaidh, ina dtír féin, a dhéantar thart ar leath den leictreachas a thomhailt ag an ráta cánach is airde, eadhon catagóir I, agus gur teaghlaigh a dhéanann beagán níos mó ná a leath a thomhailt laistigh den chatagóir chánach. Os a choinne sin, rachadh an tathrú cánach atá beartaithe i bhfeidhm ar thart ar 1 % de bhonn cánach an chánachais leictreachais sa tír.
(7)    Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú), 14.7.2021, COM(2021)563 final 2021/0213 (CNS). I gcomhthéacs an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, tá sé d’aidhm ag an togra, i measc rudaí eile, an leictriú agus úsáid foinsí fuinnimh níos inbhuanaithe a chothú; thairis sin, coimeádann sé an fhéidearthacht go niarrfadh na Ballstáit maoluithe.
(8)    Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lgh. 1–78).
(9)    Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).
(10)    An Coimisiún Eorpach: Bileoga sonraí staidrimh fuinnimh de réir tíre
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis AE maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh (COM/2020/299 final an 8.7.2020).
(12)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis AE maidir le téamh agus fuarú (COM/2016/051 final an 16.2.2016).
(13)    Moladh (AE) 2019/1659 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2019 maidir le hábhar an mheasúnaithe chuimsithigh ar an bhféidearthacht i leith téamh agus fuarú éifeachtach faoi airteagal 14 de Threoir 2012/27/AE
(14)    IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.
Top