Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0216

    Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí

    COM/2022/216 final

    An Bhruiséil,11.5.2022

    COM(2022) 216 final

    2022/0154(CNS)

    Togra le haghaidh

    TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí

    {SEC(2022) 204 final} - {SWD(2022) 144 final} - {SWD(2022) 145 final} - {SWD(2022) 146 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    An 18 Bealtaine 2021 ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le Cánachas Gnó don 21ú haois 1 chun córas cánach gnó láidir éifeachtúil cothrom a chur chun cinn san Aontas Eorpach. Leagtar amach inti fís fhadtéarmach agus ghearrthéarmach chun tacú le téarnamh na hEorpa ó phaindéim COVID-19 agus chun ioncaim leordhóthanacha phoiblí a áirithiú sna blianta atá le teacht. Ar an gcaoi chéanna, tá sé d’aidhm ag Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le hAontas na Margaí Caipitil (CMU) 2 cabhrú le cuideachtaí an caipiteal atá uathu a thiomsú agus feabhas a chur ar a suíomh cothromais, go háirithe le linn tréimhse téarnaimh lena gcuirtear easnaimh agus leibhéil fiachais níos airde in iúl, chomh maith le gá níos mó le hinfheistíocht cothromais. Go sonrach, le Gníomhaíocht 4 de CMU 3 dreasaítear infheisteoirí institiúideacha chun níos mó infheistíochtaí fadtéarmacha a dhéanamh agus mar sin tacaíonn sé le hathéadáil san earnáil chorparáideach, d’fhonn aistriú inbhuanaithe digiteach gheilleagar an Aontais a chothú. Le tionscnamh ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais, comhlánaítear Gníomhaíocht 4 thuasluaite, a bhfuil sé d’aidhm aige timpeallacht ghnó atá cothrom agus cobhsaí a chruthú, lena bhféadfar borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe lena gcruthófar poist san Aontas.

    Leis na córais chánach san Aontas, ceadaítear íocaíochtaí úis ar fhiachas a asbhaint agus an bonn cánach chun críoch cánach ioncaim corparáidí á ríomh, ach tá an chuid is mó de chostais a bhaineann le maoiniú cothromais, amhail díbhinní, neamh-inasbhainte ó thaobh cánach de. An neamhshiméadracht sin i gcóireáil chánach, tá sé ar cheann de na tosca lena dtugtar tús áite d’úsáid an fhiachais thar chothromas chun infheistíochtaí a mhaoiniú. Faoi láthair, ní thugann ach sé Bhallstát aghaidh ar an gclaontacht fiachais-cothromais ó thaobh cánach de, agus tá difríochtaí suntasacha idir na bearta náisiúnta ábhartha. Mura dtéitear i ngleic leis an gclaontacht fiachais-cothromais, a bhfuil cáin ina cúis leis, ar fud an mhargaidh aonair, leanfaidh gnó an Aontais de dhreasachtaí neamh-leordhóthanacha a bheith acu i leith cothromais thar mhaoiniú fiachais, agus leanfaidh breithnithe pleanála de leithdháileadh infheistíochta agus borrtha a shaobhadh.

    D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais, a bhfuil cáin ina cúis leis, ar fud an mhargaidh aonair ar bhealach comhordaithe, leagtar síos leis an treoir seo rialacha chun foráil a dhéanamh, faoi choinníollacha áirithe, maidir le hin-asbhainteacht úis bharúlaigh ar mhéaduithe ar chothromas chun críocha cánach agus chun in-asbhainteacht chánach róchostas iasachtaíochta a theorannú. Tá feidhm aige maidir le gach cáiníocóir atá faoi réir cáin chorparáide i mBallstát amháin nó níos mó, ach amháin gnóthais airgeadais. Toisc gurb iondúil go mbíonn ualach níos mó ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) maidir le maoiniú a fháil, tá sé beartaithe ráta úis bharúlaigh níos airde a dheonú do FBManna.

    Leis an togra seo tugtar freagra ar an gcoinne atá ag Parlaimint na hEorpa go neiseodh an Coimisiún togra le haghaidh liúntas um an gclaontacht fiachais-cothromais a laghdú, lena náirítear forálacha frithsheachanta éifeachtacha ionas go seachnófar úsáid aon liúntais ar chothromas mar uirlis nua le haghaidh chreimeadh an bhoinn 4 .

    Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana agus le forálacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo

    Tá an Treoir seo ina chuid de straitéis an Aontais maidir le cánachas gnó, arb é is aidhm dó córas cánach cothrom éifeachtúil a áirithiú ar fud an Aontais.

    In 2016 glacadh an treoir in aghaidh seachaint cánach (ATAD) 5 chun timpeallacht chánach níos cothroime a áirithiú trí chur chun feidhme príomhbhearta in aghaidh seachaint cánach ar bhealach comhordaithe sna Ballstáit, arb é atá ann seachaint cánach a d’eascair go príomha as na gníomhaíochtaí tionscadail idirnáisiúnta um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis. Cé nach é an comhrac in aghaidh seachaint cánach a phríomhchuspóir, áirítear sa togra seo riail maidir le teorannú úis freisin. I bhfianaise na gcuspóirí difriúla idir an togra seo agus riail ATAD maidir le teorannú úis, ba cheart feidhm a bheith ag an dá riail maidir le hin-asbhainteacht úis a theorannú i gcomhthráth.

    Ionstraimí cánach atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, níl bearta iontu, áfach, chun aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais sa mhargadh aonair trí chóireáil chánach an fhiachais agus an chothromais a chothromú ar fud an Aontais.    

    Is freagairt í an Treoir seo ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cánachas Gnó don 21ú haois le haghaidh córas cánach gnó atá láidir éifeachtúil cothrom san Aontas agus léirítear inti ceann de na tionscnaimh bheartais a bhí beartaithe sa Teachtaireacht sin. Dá réir sin, comhlánaítear léi roinnt tionscnamh beartais eile a chuireann an Coimisiún chun cinn i gcomhthráth, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma.

    Airítear leis na tionscnaimh bheartais thuasluaite togra le haghaidh Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT), mar leabhar rialacha cánach corparáidí aonair le haghaidh an Aontais, bunaithe ar na príomhghnéithe arb iad comhbhonn cánach a bheith ann agus brabúis a leithdháileadh idir na Ballstáit trí mhodhanna lena n‑áirítear foirmle (cionroinnt de réir foirmle). Cé go bhfuil togra BEFIT fós ag céim luath forbartha, cuireann an dá thionscnamh leis an bhfís chéanna de thimpeallacht ghnó san Aontas atá cothrom éifeachtach inbhuanaithe.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Cuireann an togra seo le hAontas na Margaí Caipitil. Go sonrach, príomhchuspóirí CMU atá i maoiniú a dhéanamh níos inrochtana do ghnó an Aontais agus comhtháthú margaí caipitil náisiúnta i bhfíormhargadh aonair a chur chun cinn. Tríd an gclaontacht fiachais-cothromais, a bhfuil cáin ina cúis leis, a bhaint, tá sé d’aidhm ag an togra seo róspleáchas ar fhiachas a sheachaint agus athéadáil gnólachtaí a spreagadh. De thoradh sin, is fearr a bheidh cuideachtaí in ann infheistíocht a dhéanamh don todhchaí, rud lena dtacófar le borradh agus nuálaíocht agus lena dtacófar le hiomaíochas gheilleagar an Aontais. Leis sin, méadófar freisin a n‑athléimneacht maidir le hathruithe sa timpeallacht ghnó nach raibh coinne leo agus laghdófar an riosca dócmhainneachta, agus cabhrófar le feabhsú na cobhsaíochta airgeadais dá bharr sin.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tagann an reachtaíocht maidir le cáin dhíreach faoi raon Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sonraítear sa chlásal go mbeidh bearta dlíthiúla maidir le comhfhogasú faoin airteagal sin i bhfoirm dhlíthiúil Treorach.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta. De bharr chineál an ábhair, tá gá le tionscnamh coiteann ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

    Tá sé d’aidhm ag rialacha na Treorach seo dul i ngleic leis an gclaontacht fiachais-cothromais in earnáil chorparáideach an Aontais ó thaobh cánach de agus creat comhchoiteann a sholáthar a bheidh le cur chun feidhme i ndlíthe náisiúnta na mBallstát ar bhealach comhordaithe. Ní féidir na haidhmeanna sin a bhaint amach ar bhealach sásúil trí ghníomhaíocht a dhéanann gach Ballstát agus iad ag gníomhú as a stuaim féin.

    Eascraíonn claontacht fiachais-cothromais cánach as an gcóireáil dhifriúil ar chostais maoinithe fiachais agus cothromais chun críocha cánach agus is fadhb é is coiteann do ghnólachtaí ar fud Bhallstáit an Aontais. Ina ainneoin sin, níor ghlac ach sé Bhallstát bearta cánach chun cóireáil chánach fiachais agus cothromais a chomhfhogasú. Cé go bhfuil treoraíocht i dtaca le dlí bog 6 ann i gcomhair an chineáil seo dreasachtaí cánach ag an Meitheal um an gCód Iompair (Cánachas Gnó), tá difríochtaí idir bearta náisiúnta ábhartha na sé Bhallstát i dtéarmaí eilimintí dearaidh agus rialacha i gcoinne seachaint cánach, go háirithe i bhfianaise na gcúinsí difriúla agus na gcuspóirí beartais difriúla atá á saothrú i ngach Ballstát.

    Mar gheall ar an easpa iomlán bearta maolaitheacha ábhartha um chlaontacht fiachais cánach i 21 Bhallstát agus de bharr go bhfuil bearta atá difriúil go suntasach ann i 6 Bhallstát eile, d’fhéadfaí saobhadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chruthú agus d’fhéadfadh tionchar a bheith acu sin ar shuíomh na hinfheistíochta ar bhealach suntasach.

    Thairis sin, ba mhó an luach a bheadh ar thionscnamh AE, i gcomparáid leis an méid is féidir a bhaint amach leis an iliomad beart a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta. Le riail aonair amháin le haghaidh an Aontais, áiritheofar cinnteacht dhlíthiúil agus beidh gnólachtaí in ann costais chomhlíonta a laghdú toisc go mbeidh ar cháiníocóirí riail aonair amháin a chomhlíonadh le haghaidh a n‑oibríochtaí uile sa mhargadh aonair. Tá coinne ann go gcuirfear borradh faoin iomaíocht sa mhargadh aonair le riail uile-AE trína áirithiú go mbeidh dreasachtaí comhchosúla chun maoiniú iomchuí a dhéanamh ag gach gnólacht, gan beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe.

    Tá gá, dá bhrí sin, le tionscnamh uile-AE i bhfoirm togra reachtaigh cheangailtigh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb atá coiteann ar fud an Aontais ar bhealach comhordaithe éifeachtach. Le tionscnamh AE choiscfí bealaí éalaithe féideartha idir tionscnaimh náisiúnta atá éagsúil óna chéile agus áiritheofaí nach ndéanfaí dochar do shuíomh gnó agus infheistíochta.

    Comhréireacht

    Ní théann na bearta atá beartaithe thar an íosleibhéal cosanta is gá a áirithiú le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh. Leis an Treoir seo leagtar síos rialacha chun foráil a dhéanamh, ar fud an Aontais agus le haghaidh gach cáiníocóra san Aontas, maidir le hin-asbhainteacht liúntais ar chostais maoinithe cothromais a chomhlánaítear le riail chun in-asbhainteacht úis ar ionstraimí maoinithe fiachais a theorannú. Áirithítear leis an Treoir freisin inbhuanaitheacht na mbeart do bhuiséid na mBallstát de bhua riail ghinearálta lena dteorannaítear in-asbhainteacht na gcostas maoinithe ó bhonn cánach na gcáiníocóirí. Trí chreat coiteann uile-AE a shocrú, tabharfar leis an Treoir cinnteacht dhlíthiúil ar fud an mhargaidh aonair agus laghdú ar na costais chomhlíonta ar cháiníocóirí.

    Dá bhrí sin, ní áirithítear leis an Treoir ach an leibhéal fíor-riachtanach comhordaithe laistigh den Aontas chun aidhmeanna na Treorach a bhaint amach. I bhfianaise an mhéid sin, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach agus, dá bhrí sin, tá sé i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

    An rogha ionstraime

    Is togra le haghaidh Treorach é an togra seo, arb í an t‑aon ionstraim atá ar fáil faoi bhunús dlí Airteagal 115 CFAE.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Níl aon reachtaíocht de chuid an Aontais ann lena dtugtar aghaidh ar an gclaontacht fiachais-cothromais. Dá bhrí sin, níl an mheastóireacht ábhartha.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    An 1 Iúil 2021, sheol TAXUD comhairliúchán poiblí maidir le tionscnamh a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais. Bhí réimse ceisteanna ann a bhí dírithe, inter alia, ar an bhfadhb agus ar na nithe is cúis léi a shonrú, agus ar an gcineál cuí gníomhaíochta Aontais agus ar phríomhghnéithe bearta a d’fhéadfadh a bheith ann. Dúnadh an comhairliúchán an 7 Deireadh Fómhair 2021 agus fuarthas 67 freagra san iomlán.

    37 gcomhlachas gnó ar ionadaithe ar eagraíochtaí airgeadais de gach méid (lena n‑áirítear FBM) iad go príomha, 12 chuideachta/eagraíocht ghnó (eagraíochtaí cuntasóirí cánach agus eagraíochtaí airgeadais don chuid is mó), 3 institiúid acadúla agus taighde, 8 eagraíocht neamh-rialtasacha nó eile (comhlachais tráchtála, stocmhalartáin don chuid is mó) agus 7 saoránach aonair a bhí sna freagróirí. Ba as an mBeilg (14/67), an Ghearmáin (14/67) nó an Fhrainc (12/67) a bhí an chuid is mó de na freagróirí.

    Tá eagraíochtaí neamh-rialtasacha agus an lucht acadúil den tuairim gurb í an phríomhchúis atá le húsáid fiachais ag cuideachtaí a ndliteanas cánach a laghdú agus caolú a scairshealbhóirí a sheachaint, ach measann comhlachais ghnó agus cuideachtaí gurb é an gá atá le maoiniú a aimsiú an phríomhchúis atá léi.

    Measann formhór na bhfreagróirí, lena n‑áirítear 100 % den lucht acadúil, 86 % de shaoránaigh, 50 % de chorparáidí agus 42 % de chomhlachais ghnó, gurbh uirlis úsáideach a bheadh i dtionscnamh AE lena dtabharfaí aghaidh ar an gclaontacht fiachais-cothromais chun tacú le téarnamh cuideachtaí ó éigeandáil COVID-19 agus chun infheistíocht trí cothromas a dhreasú san aistriú chuig geilleagar digitithe níos glaise gan saobhadh ar an margadh aonair a chruthú. Creideann cuideachtaí, eagraíochtaí neamh-rialtasacha agus an lucht acadúil go láidir gur chóir gnólachtaí, i measc nithe eile ó thaobh cánach de, a spreagadh chun níos mó cothromais agus níos lú fiachais a úsáid.

    Is léir go n‑aontaíonn comhlachais ghnó, cuideachtaí agus an lucht acadúil go laghdófar an deis do chleachtais chánach dhíobhálacha sa mhargadh aonair le tionscnamh den sórt sin. Rud nach beag a thábhacht, measann formhór na bhfreagróirí, lena n‑áirítear 71 % de chorparáidí, 66 % den lucht acadúil, 43 % de shaoránaigh agus 28 % de chomhlachais ghnó, go mbeadh tionscnamh AE tairbhiúil d’fhiontair atá ag feidhmiú ar fud an mhargaidh aonair.

    Maidir leis na roghanna éagsúla, tá dearcadh an-diúltach ag formhór na bhfreagróirí ar an rogha chun in-asbhainteacht úis a chur faoi chois go hiomlán, lena n‑áirítear 75 % de chorparáidí, 72 % de chomhlachais ghnó, 71 % de shaoránaigh agus 66 % den lucht acadúil a mheasann gurb é an rogha is lú oiriúnacht é agus tá dearcadh sách diúltach ag tromlach faoin rogha le haghaidh liúntas ar chaipiteal airgeadais corparáideach a chuirfí in ionad asbhaint chánach an úis. Níor mheas ach 16 % de chorparáidí, 14 % de shaoránaigh agus 5 % de chomhlachais ghnó, agus níor mheas duine amháin den lucht acadúil, gurbh é an rogha is fearr é. Os a choinne sin, tá formhór na bhfreagróirí i bhfabhar liúntais lena ndéanfar foráil maidir le hin-asbhainteacht úis bharúlaigh ar chothromas nua (agus an in-asbhainteacht úis atá an cheana a choimeád ag an am céanna). Is léir gurb é sin an rogha is fearr do 66 % den lucht acadúil, 28 % de chomhlachais ghnó, 25 % de chorparáidí agus 14 % de shaoránaigh. Tá comhlachais ghnó agus cuideachtaí níos fabhraí fós don rogha lena mbeadh liúntas ann ar an stoc cothromais, ach is lú an fabhar atá ag eagraíochtaí neamh-rialtasacha agus an lucht acadúil ar an rogha sin.

    Ar deireadh, aontaíonn formhór na bhfreagróirí ar an bpointe seo gur chóir rialacha láidre a bheith ag gabháil leis an tionscnamh chun cleachtais pleanála cánach ionsaitheacha a sheachaint, lena n‑áirítear 71 % de shaoránaigh, 66 % den lucht acadúil, 42 % de chomhlachais ghnó agus 33 % de chorparáidí.

    Agus a thogra á dhearadh aige, chuir an Coimisiún torthaí an chomhairliúcháin san áireamh. Go sonrach, i measc na roghanna beartais éagsúla, chinn an Coimisiún leanúint ar aghaidh le togra chun liúntas a thabhairt do chothromas nua, agus do chothromas nua amháin, agus gan baint in-asbhainteachta uile fiachais a bhreithniú. Thairis sin, soláthraítear leis an treoir creat láidir frith-mhí-úsáide, mar leag na freagróirí béim ar an ngá sin.

    Ina theannta sin, aithníonn an Coimisiún go bhfuil cosaint ioncaim inchánach na mBallstát riachtanach chun geilleagar inbhuanaithe a áirithiú agus airgeadas poiblí a choimirciú le linn na tréimhse téarnaimh a leanann fós tar éis na paindéime. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an chlaontacht fiachais-cothromais a mhaolú trí bhearta lena dtabharfar aghaidh ar thaobh an chothromais agus ar thaobh an fhiachais araon, rud lena gcuirfear liúntas le haghaidh cothromas nua le chéile le teorainn ar in-asbhainteach na gcostas fiachais.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Agus bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais á sainaithint aige, bhain an Coimisiún leas as saineolas ábhartha na mBallstát a chuir bearta comhchosúla i bhfeidhm cheana (an Bheilg, an Phortaingéil, an Pholainn, an Chipir, Málta agus an Iodáil). Thug an Coimisiún faoi mhalartuithe le roinnt de na riaracháin chánach ábhartha maidir leis an gcreat frith-mhí-úsáide agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar i dtéarmaí chostais agus thairbhí na mbeart éagsúil.

    Bhuail an Coimisiún le húdaráis/gníomhaíochtaí poiblí náisiúnta, comhlachais ghnó agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá rannpháirteach i nGrúpa Saineolaithe an Choimisiúin ‘An tArdán um Dhea-Rialachas Cánach, Pleanáil Ionsaitheach Cánach agus Cánachas Dúbailte’. Bhí malartuithe ag an gCoimisiún le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) freisin.

    Measúnú tionchair

    Rinneadh measúnú tionchair chun an tionscnamh seo a ullmhú.

    An 17 Márta 2022 d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) tuairim dhearfach ina raibh forchoimeádais i ndáil leis an measúnú tionchair a cuireadh isteach maidir leis an togra seo, lena náirítear roinnt moltaí feabhais 7 . Rinneadh tuilleadh athbhreithnithe ar an tuarascáil ar an Measúnú Tionchair ar an gcaoi chéanna, mar a mhínítear thíos. Déantar scrúdú sa Mheasúnú Tionchair ar chúig rogha beartais anuas ar an gcás bunlíne, i.e. gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh.

    Le Rogha 1 chuirfí isteach liúntas ar stoc an chothromais chorparáidigh go ceann tréimhse éiginnte, ach le Rogha 2 chuirfí isteach liúntas freisin ach le haghaidh cothromas nua amháin agus ar feadh deich mbliana.

    Le Rogha 3 dhéanfaí foráil maidir le liúntas ar chaipiteal corparáideach (i.e. cothromas agus fiachas) agus d’eiseofaí in-asbhainteacht reatha íocaíochtaí úis agus le Rogha 4 d’eiseofaí go hiomlán in-asbhainteacht na n‑íocaíochtaí úis. Le Rogha 5 dhéanfaí liúntas le haghaidh ús barúlach ar chothromas corparáideach nua (mar an gcéanna lena mbeartaítear faoi Rogha 2) ar feadh deich mbliana a chur le chéile le teorannú páirteach ar in-asbhainteacht chánach le haghaidh gach cuideachta.

    Chuirfí breisiú ráta le haghaidh FBManna 8 i bhfeidhm i ngach cás a leagtar amach faoi roghanna beartais 1, 2, 3 agus 5.

    Cuireadh na Roghanna éagsúla i gcomparáid lena chéile de réir na gcritéar seo a leanas: a) An córas cánach a dhéanamh neodrach le haghaidh cinntí maoinithe, b) Cothroime an chórais cánach a fheabhsú, c)  Saobhadh ar an margadh aonair a laghdú agus d) Fás agus infheistíocht san Aontas a spreagadh. Léiríodh sa chomparáid gur féidir coinne a bheith leis go mbeadh Roghanna 1, 2, 3 agus 4 éifeachtach, go pointe áirithe, chun roinnt de chuspóirí an tionscnaimh seo a chomhlíonadh. Mar sin féin, is í rogha 5 rogha na tosaíochta, toisc go dtugtar aghaidh leis ar an gclaontacht fiachais-cothromais go rathúil, agus cothromaítear tionchair bhuiséadacha agus tugtar aghaidh ar na gnéithe cothroime den chóras cánach leis ag an am céanna. Tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach aige sin ar infheistíocht agus OTI, agus go mbeidh tionchair mheasartha aige ar an bhfostaíocht.

    Tionchair eacnamaíocha

    Le haghaidh an mheasúnaithe ar na tionchair eacnamaíocha, rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh an samhaltú, bunaithe ar an tsamhail CORTAX.

    Tairbhí

    Meastar go mbeidh tionchar dearfach eacnamaíoch ag an rogha thosaíochta (Rogha 5). Mar phríomhshochar díreach, beidh sé fabhrach do chóimheasa cothromais níos airde agus laghdófar rioscaí dócmhainneachta dá bharr sin. Trí infheistíochtaí cothromais a mhéadú ar fud an Aontais, tá coinne leis go gcuirfear forbairt na teicneolaíochta nuálaí chun cinn go hindíreach leis an rogha sin. Tá tábhacht ar leith ag baint le cothromas le haghaidh cuideachtaí nuálacha atá ag fás go tapa agus atá sna luathchéimeanna, agus le haghaidh cuideachtaí atá i mbun fáis, atá toilteanach dul san iomaíocht ar bhonn domhanda. Éilítear leis an aistriú glas digiteach infheistíochtaí nua agus nuálacha lena mbainfear tairbhe as an mbeart. Trí thairbhe a bhaint as ráta úis bharúlaigh níos airde, beidh níos mó rochtana ag FBManna ar an margadh cothromais. Tá coinne le tionchair dhearfacha ar iomaíochas, nuálaíocht, fás agus fostaíocht san Aontas. Leis sin, téitear i ngleic freisin le hilroinnt an mhargaidh aonair trí chóireáil dhifriúil faoi liúntas náisiúnta difriúil le haghaidh bearta cothromais a bhaint agus trí na rialacha riaracháin céanna a chur ar fáil i ngach Ballstát den Aontas. Ar deireadh, soláthrófar leis bearta aonfhoirmeacha éifeachtacha i gcoinne pleanáil cánach ionsaitheach san Aontas.

    Costais

    Is iad na costais a bhaineann leis an rogha a roghnaíodh, go bunúsach, méadú ar na costais chomhlíontachta ar ghnólachtaí agus ar riaracháin chánach. Meastar go dtiocfaidh méadú ar chostais chomhlíontachta ar ghnólachtaí ar bhealach teoranta. Ar an iomlán, ba cheart costais a bheith teoranta go leor toisc, maidir leis na sonraí breise atá le tuairisciú chun tairbhe a bhaint as an liúntas, go mbeidh na sonraí breise sin insolárthartha go measartha simplí. I gcás riaracháin chánach, meastar go dtiocfaidh méadú beag ar chostais freisin. Ní méadófar an t‑ualach comhlíontachta ar ghnólachtaí ná ar riaracháin chánach go suntasach leis an togra seo.

    Príomhathruithe a cuireadh chun feidhme

    D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ina raibh forchoimeádais maidir leis an Measúnú Tionchair. Go sonrach, tugadh faoi deara gur chóir don Mheasúnú Tionchair béim níos fearr a leagan ar an gcaoi is fearr a mbaintear na cuspóirí amach ag an rogha thosaíochta. Thairis sin, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála dá aire gur cheart an Measúnú Tionchair a fheabhsú a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht chun bearta neamhrialála a úsáid, agus gur cheart é a bheith ina léiriú níos fearr ar thuairimí éagsúla na bpáirtithe leasmhara sa phríomhanailís agus sna hiarscríbhinní. Mínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Measúnú Tionchair conas a tugadh aghaidh ar fhorchoimeádais an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála. Rinneadh athbhreithniú ar roinnt codanna den Mheasúnú Tionchair. Ar an gcéad dul síos, rinneadh athbhreithniú ar an Measúnú Tionchair chun a shoiléiriú nárbh fhéidir le rogha neamhrialála a bheith éifeachtach. Ar an dara dul síos, leathnaíodh an Measúnú Tionchair chun mionléiriú a thabhairt ar scála na n‑éifeachtaí ar infheistíocht cothromais a bhfuil coinne leo agus ar thionchar na rogha tosaíochta ar ioncaim chánach i ndearbhthéarmaí. Feabhsaíodh an Measúnú Tionchair freisin le hanailís bhreise ar na cúiseanna lenar measadh go bhfuil rogha, a ghníomhaíonn ar thaobh an chothromais agus ar thaobh an fhiachais araon, oiriúnach dá feidhm. Ar an tríú dul síos, rinneadh athbhreithniú ar roinnt rann de phríomhchuid an Mheasúnaithe Tionchair chun ionchur ábhartha ó na páirtithe leasmhara a chur san áireamh, ionchur a bailíodh tríd an nós imeachta comhairliúcháin phoiblí.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Féach an Ráiteas Airgeadais Reachtach.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    A luaithe a ghlacfar an togra seo mar Threoir, ba cheart é a thrasuí i ndlí náisiúnta na mBallstát faoin 31 Nollaig 2023 agus ba cheart é a theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. Chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, ar bhonn bliantúil, faisnéis ábhartha in aghaidh na bliana cánach, lena n‑áirítear liosta sonraí staidrimh. Leagtar an fhaisnéis ábhartha amach in Airteagal 7 den Treoir.

    Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 5 bliana, amhail ón [1 Eanáir 2024]. Áireofar torthaí an togra seo sa tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a eiseofar faoin [1 Eanáir 2029].

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Tá feidhm ag an togra seo maidir le gach cáiníocóir atá faoi réir cáin ioncaim corparáideach i mBallstát amháin nó níos mó, seachas gnóthais airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1).

    Tá dhá bheart ar leithligh ann a bhfuil feidhm neamhspleách acu: 1) liúntas ar chothromas; agus 2) teorainn ar in-asbhainteacht úis. Ní thagann gnóthais airgeadais faoi raon feidhme na mbeart. Tá roinnt gnóthas airgeadais faoi réir ceanglais cothromais rialála lena dtoirmisctear tearcéadáil. Ina theannta sin, is iomaí gnóthas airgeadais ar dócha nach ndéanfar difear dóibh ag an asbhainteacht teorann úis frithchúitimh is infheidhme maidir le róchostais iasachtaíochta. Dá bhrí sin, dá mbeadh gnóthais airgeadais ar áireamh sa raon feidhme, leithdháilfí ualach eacnamaíoch na mbeart go héagothrom, agus is gnóthais neamhairgeadais a bheadh thíos leis.

    Liúntas ar chothromas

    Ríomhtar an liúntas ar chothromas tríd an bonn liúntais a iolrú faoin ráta úis bharúlaigh ábhartha.

    Liúntas ar chothromas = Bonn Liúntais X Ráta Úis Bharúlaigh (NIR)

    Is ionann an bonn liúntais agus an difríocht idir an cothromas ag deireadh na bliana cánach agus an cothromas ag deireadh na bliana cánach roimhe sin, is é sin an méadú bliain ar bhliain ar an gcothromas.

    An bonn liúntais de chuid cáiníocóra a bhain tairbhe cheana as liúntas ar chothromas faoi rialacha na Treorach seo, má tá sé diúltach le linn tréimhse cánach ar leith (laghdú cothromais), éireoidh méid comhréireach inchánach ar feadh 10 dtréimhse cánach as a chéile agus suas go dtí an méadú iomlán ar ghlanchothromas ar fuarthas liúntas den sórt sin ina leith, mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise gur caillteanais a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach nó mar gheall ar oibleagáid dhlíthiúil ba chúis leis.

    Sainmhínítear cothromas trí thagairt do Threoir 2013/34/AE (An Treoir Chuntasaíochta) 9 , arb é atá ann suim an Chaipitil Láníoctha, an Chuntais scairbhisigh, An chúlchiste athluachála agus Cúlchistí 10 agus Brabús nó Caillteanas arna dtabhairt ar aghaidh. Sainmhínítear glanchothromas mar an difríocht idir cothromas cáiníocóra agus suim luacha cánach a rannpháirtíochta i gcaipiteal fiontar comhlachaithe agus luacha cánach a scaireanna féin. Is é is aidhm don sainmhíniú sin cosc a chur ar chascáidiú an liúntais trí rannpháirtíochtaí.

    Tá an ráta úis bharúlaigh ábhartha bunaithe ar dhá chomhpháirt: an ráta úis saor ó riosca agus préimh riosca. Is é an ráta úis saor ó riosca an ráta úis saor ó riosca a bhfuil aibíocht 10 mbliana leis, mar a leagtar síos sna gníomhartha cur chur chun feidhme a ghabhann le hAirteagal 77e(2) de Threoir 2009/138/CE 11 , ina néilítear an liúntas, le haghaidh airgeadra an cháiníocóra. Tá an phréimh riosca socraithe ag 1 % chun an phréimh riosca a íocann infheisteoirí i bhfírinne a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus chun an chlaontacht a mhaolú ar bhealach níos fearr. Tá an phréimh riosca socraithe ag 1.5 % i gcás cáiníocóirí a cháilíonn mar fhiontair bheaga nó mheán-mhéide, chun an phréimh riosca níos airde a thabhaíonn siad chun maoiniú a fháil a léiriú ar bhealach níos fearr. Níor cheart aon rogha a bheith ag na Ballstáit maidir leis an ráta níos airde sin le haghaidh FBManna a chur i bhfeidhm nó maidir leis an ráta atá le cur i bhfeidhm mar an breisiú le haghaidh FBManna chun imní roghnaíochta a sheachaint, a mhéid a bhaineann le rialacha an Aontais maidir le cabhracha Stáit, agus chun cothrom na Féinne le haghaidh FBManna san Aontas a áirithiú, gan beann ar a náit chónaithe.

    NIR = Ráta Saor Ó Riosca + Préimh Riosca

    Préimh Riosca = 1 % (nó 1.5 % le haghaidh FBManna)

    Dá bhrí sin is ionann an ráta úis bharúlaigh agus an ráta saor ó riosca atá sonrach ó thaobh airgeadra de móide 1 % nó 1.5 % (NIR = ráta saor ó riosca + 1 % nó, le haghaidh FBManna, NIR = ráta saor ó riosca + 1.5 %). Leis an gcur chuige sin, áirithítear go bhfuil tionchar ag an mbeart agus go mbíonn sé fós simplí é a chur chun feidhme ag an am céanna agus nach ndéantar dochar do bhuiséid na mBallstát leis. Áirithítear leis freisin go gcuirtear cúinsí sonracha gnólachtaí éagsúla i gcuntas. Le ráta airgeadra sonrach áirithítear an chothroime cóireála cánach idir cothromas agus fiachas ar bhealach níos fearr toisc go gcuirtear i gcuntas an riosca airgeadra le haghaidh gach tíre ar leithligh agus léirítear staid shonrach gach cáiníocóra.

    Deonaítear an liúntas ar feadh 10 mbliana chun an aibíocht a chomhfhogasú den chuid is mó den fhiachas, agus costas buiséadach foriomlán an liúntais ar chothromas a choinneáil faoi smacht ag an am céanna. Ciallaíonn sin má cháilíonn méadú i gcothromas cáiníocóra le haghaidh liúntas ar chothromas faoin togra seo, beidh an liúntas ábhartha, mar a ríomhadh thuas, in-asbhainte le linn na bliana inar tabhaíodh é (TY) agus le linn na 9 mbliana ina dhiaidh sin (TY+9). Le linn na bliana dár gcionn (TY+1), má cháilíonn méadú nua i gcothromas cáiníocóra le haghaidh liúntas ar chothromas faoin togra seo freisin, beidh an liúntas nua ar chothromas in-asbhainte freisin don bhliain chánach inar tabhaíodh é agus do na 9 mbliana i ndiaidh na bliana inar tabhaíodh é (go dtí TY+10).

    Mar shampla, má chinneann cuideachta a bhfuil cothromas de 100 aici a cothromas a mhéadú faoi 20 le linn bhliain t, déanfar liúntas a asbhaint óna bonn cánach gach bliain ar feadh 10 mbliana (go dtí t+9) arna ríomh mar 20 oiread an ráta úis bharúlaigh, i.e. 20 oiread an ráta úis saor ó riosca le haghaidh an airgeadra ábhartha móide 20 (20 oiread na préimhe riosca a shainmhínítear mar 1).

    Bliain                t    t - 1

    Cothromas Chuideachta A        120    100

    Bonn liúntais = 120 – 100 = 20

    Liúntas = Bonn liúntais X NIR = 20 X NIR

    Beidh an liúntas ar fáil ar feadh 10 mbliana as a chéile : t, t+1, t+2, ….t+9

    Más fiontar beag nó meánmhéide í an chuideachta, déanfar an liúntas a ríomh ar an dóigh chéanna. Go bunúsach, beidh an NIR difriúil toisc go bhfuil an phréimh riosca níos airde (1.5 % in ionad 1 %).

    Chun mí-úsáid cánach a chosc, teorannaítear in-asbhainteacht an liúntais d’uasmhéid 30 % de EBIDTA (tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh) an cháiníocóra le haghaidh gach bliain cánach. An chuid den liúntas ar chothromas nach ndéanfaí é a asbhaint le linn bliain cánach mar gheall ar bhrabús inchánach neamh-leordhóthanach, beidh cáiníocóir in ann í a thabhairt ar aghaidh, gan teorainn ama. Ina theannta sin, beidh an cáiníocóir in ann cumas liúntais nár úsáideadh a thabhairt ar aghaidh, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéad, i gcás nach mbaineann an liúntas ar chothromas an t‑uasmhéid réamhluaite amach.

    Le bearta láidre frith-mhí-úsáide áiritheofar nach n‑úsáidtear na rialacha maidir le hin-asbhainteacht liúntais ar chothromas chun críoch neamhbheartaithe. Tá na rialacha frith-mhí-úsáide sin spreagtha ag an Treoir maidir le córais asbhainte úis bharúlaigh a ghlac an Meitheal um an gCód Iompair in 2019 agus tugtar aghaidh ar scéimeanna aitheanta atá ann cheana leo, amhail an liúntas a chascáidiú laistigh de ghrúpa.

    Le céad bheart d’eiseofaí ó bhonn an liúntais méaduithe cothromais a thagann ó (i) iasachtaí inghrúpa, (ii) aistrithe inghrúpa rannpháirtíochtaí nó gníomhaíochtaí gnó atá ann cheana agus (iii) ranníocaíochtaí airgid thirim faoi choinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, mar shampla, a mhéid a bhaineann le hiasachtaí inghrúpa, ba cheart don bheart cosc a chur ar úsáid insteallta cothromais a deonaíodh do chuideachta A atá i mBallstát A chun iasacht a dheonú do chuideachta ghaolmhar B atá i mBallstát B. Is é is cúis leis sin, i gcás den sórt sin, go n‑úsáidfeadh cuideachta B an t‑airgead sin freisin chun cothromas a instealladh i gcuideachta ghaolmhar eile C, atá i mBallstát C. D’fhágfadh sé sin go ndéanfaí an liúntas ar chothromas a iolrú gan ach fíormhéadú cothromais amháin a bheith ann ar leibhéal grúpa.

    Le beart eile leagtar amach coinníollacha sonracha maidir le méaduithe cothromais a thagann as ranníocaíochtaí comhchineáil nó infheistíochtaí i sócmhainní a chur i gcuntas. Is é is aidhm dó cosc a chur ar róluacháil sócmhainní nó íoc só-earraí d’fhonn bonn an liúntais a mhéadú. Dá bhrí sin, mar shampla, níor cheart do luach sócmhainne agus do na costais ghaolmhara riachtanais phroifisiúnta réasúnta a shárú agus aon chuid de luach na sócmhainne a chuirtear le leabhair chuntasaíocht an cháiníocóra, nó a taifeadtar iontu, thar a mhargadhluach, ba cheart í a asbhaint ó bhonn an liúntais.

    Le tríú beart dírítear ar athchatagóiriú seanchaipitil mar chaipiteal nua, caipiteal a cháileodh mar mhéadú cothromais chun críoch an liúntais. D’fhéadfadh an t‑athchatagóiriú sin a bhaint amach trí leachtú agus trí ghnólachtaí nuathionscanta a chruthú. Mar shampla, má dhéantar cuideachta atá ann cheana, a bhfuil tuilleamh coimeádta aici, a leachtú, beidh méadú ann i gcothromas na máthairchuideachta mar gheall ar ionchorprú an tuillimh choimeádta. Má chruthaítear fochuideachta nua ina dhiaidh sin agus mura bhfuil sí á sealbhú ag an máthairchuideachta a thuilleadh, ní dhéanfaí bonn an liúntais, ar bonn é de chuid na máthairchuideachta a rinneadh a mhéadú cheana, a laghdú faoi luach na rannpháirtíochta san fhochuideachta.

    Teorainn ar in-asbhainteacht úis

    Ar thaobh an fhiachais, an liúntas le haghaidh ús barúlach ar chothromas, comhlánaítear é le teorainn ar in-asbhainteacht íocaíochtaí úis a bhaineann le fiachas. Go sonrach, le srian comhréireach teorannófar in-asbhainteacht an úis go 85 % de róchostais iasachtaíochta (i.e. ús a íocadh lúide ús a fuarthas). Le cur chuige den sórt sin is féidir aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais ó thaobh an chothromais de agus ó thaobh an fhiachais de go comhuaineach, arb é atá ann an bealach is éifeachtúla agus an bealach lena gcaomhnaítear inbhuanaitheacht airgeadas poiblí na mBallstát.

    Ós rud é go bhfuil feidhm cheana ag rialacha maidir le teorannú úis san Aontas faoi Airteagal 4 de ATAD, cuirfidh an cáiníocóir riail Airteagal 6 den togra seo i bhfeidhm mar chéad chéim agus ansin ríomhfaidh sé an teorainn is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 4 de ATAD. Más é an toradh atá ar riail ATAD a chur i bhfeidhm méid in-asbhainte atá níos ísle, beidh an cáiníocóir i dteideal an difríocht a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de ATAD.

    Mar shampla, má tá róchostais iasachtaíochta 100 ag cuideachta A, ba cheart di an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (1)Ar an gcéad dul síos, Airteagal 6 den togra um threoir seo a chur i bhfeidhm, lena dteorannaítear an in-asbhainteacht do 85 % de 100 = 85 agus dá bhrí sin lena ndéantar méid neamh-asbhainte de 15.

    (2)Ar an dara dul síos, an méid a bheadh in-asbhainte faoi Airteagal 4 de ATAD a ríomh. Dá mbeadh an méid in-asbhainte níos ísle, e.g. 80 (agus dá bhrí sin dá mbeadh an méid neamh-asbhainte níos airde, i.e. 20), dhéanfaí an difríocht san in-asbhainteacht, i.e. an méid neamh-asbhainte breise (i.e. 85-80 = 5) a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 4 de ATAD, mar a thrasuitear sa dlí náisiúnta.

    Is é an toradh a bheadh ann do chuideachta A go mbeadh 15 (100 - 85) de chostais iasachtaíochta úis neamh-asbhainte agus go ndéanfaí 5 breise (85 - 80) de chostais iasachtaíochta úis a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar.

    Faireachán agus tuairisciú

    Soláthróidh na Ballstáit sonraí sonracha don Choimisiún ar bhonn bliantúil ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus éifeachtaí na rialacha nua. Beidh an Coimisiún ag brath ar na sonraí sin, i measc nithe eile, chun meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach agus tuairisceoidh sé dá réir sin.

    Tarmligean

    Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún an ráta préimhe riosca a mhodhnú trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Ní fhéadfaidh an Coimisiún an chumhacht sin a fheidhmiú ach amháin faoi choinníollacha sonracha, i.e. i gcás ina n‑éilítear ó threochtaí boilscithe agus/nó fáis eacnamaíoch méadú nó laghdú ar an bpréimh riosca agus ar choinníoll gurb é an chonclúid atá i sonraí, tuarascálacha agus staidreamh ábhartha, lena n‑áirítear iad siúd a sholáthraíonn na Ballstáit, go ndearnadh meánchoinníollacha maoinithe an Aontais maidir le fiachas na gcuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na treorach a mhéadú faoi dhó nó a laghdú faoina leath ó rinneadh an cinneadh deireanach ar an bpréimh riosca. I gcásanna den sórt sin tá sé ríthábhachtach a bheith in ann rátaí is infheidhme a athrú chun fíorchoinníollacha margaidh a léiriú go tapa rianúil, gan dul i muinín nós imeachta reachtaigh iomláin. Mar sin féin tá cumhacht an Choimisiúin srianta agus in-chúlghairthe go cuí.

    Trasuí

    Na Ballstáit a bhfuil rialacha i bhfeidhm acu lena ndéantar foráil maidir le liúntas ar mhéaduithe cothromais, féadfaidh siad cur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach seo a chur siar ar feadh mharthanacht na gceart a bunaíodh cheana faoi rialacha náisiúnta (marthanacht). Cáiníocóirí a bhaineann tairbhe, an [1 Eanáir 2024], as liúntas ar chothromas faoin dlí náisiúnta (sa Bheilg, sa Chipir, san Iodáil, i Málta, sa Pholainn agus sa Phortaingéil), beidh siad in ann leanúint de thairbhe a bhaint as an liúntas sin faoin dlí náisiúnta ar feadh tréimhse suas le 10 mbliana agus ní bheidh siad in ann déanamh amhlaidh ar feadh tréimhse níos faide ná marthanacht na tairbhe faoin dlí náisiúnta i gcás ar bith. Os a choinne sin, beidh feidhm ag rialacha na treorach seo ó dháta a gcur i bhfeidhm maidir le gach cáiníocóir eile i ngach Ballstát.

    2022/0154 (CNS)

    Togra le haghaidh

    TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 12 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

    Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Is ardtosaíocht pholaitiúil don Aontas é timpeallacht ghnó atá cothrom agus inbhuanaithe a chur chun cinn, lena náirítear í a chur chun trí bhearta cánach spriocdhírithe lena ndreasaítear infheistíocht agus fás. Chun tacú le maoiniú corparáideach inbhuanaithe fad-téarmach, ba cheart don chóras cánach saobhadh neamhbheartaithe ar chinntí gnó a íoslaghdú, mar shampla i leith fiachais seachas maoiniú cothromais. Cé go bhfuil ar áireamh i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 14 de chuid an Choimisiúin gníomhaíochtaí tábhachtacha chun tacú le maoiniú den sórt sin, mar shampla Gníomhaíocht 4 - Ag spreagadh níos mó maoinithe fhadtéarmaigh agus cothromais ó infheisteoirí institiúideacha, ba cheart bearta cánach spriocdhírithe a ghlacadh chun na gníomhartha sin a fheabhsú. Ba cheart do na bearta sin breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí a chur i gcuntas.

    (2)Le córais chánach na mBallstát ceadaítear do cháiníocóirí íocaíochtaí úis ar mhaoiniú fiachais a asbhaint, agus dá bhrí sin an dliteanas cánach ioncaim corparáidí a laghdú, agus níl costais a bhaineann le maoiniú cothromais in-asbhainte ó thaobh cánach sa chuid is mó de na Ballstáit. Le cóireáil chánach neamhshiméadrach ar mhaoiniú fiachais agus cothromais ar fud an Aontais, spreagtar claontacht i leith fiachais i gcinntí infheistíochta. Thairis sin, i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le liúntas cánach ar mhaoiniú cothromais ina ndlí náisiúnta, bíonn éagsúlachtaí suntasacha ann idir na bearta náisiúnta sin i dtéarmaí dearadh beartais.

    (3)D’fhonn saobhadh a bhaineann le cáin a d’fhéadfadh a bheith ann i measc na mBallstát a bhaint, tá sé riachtanach creat coiteann rialacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar fud an Aontais ar bhealach comhordaithe. Le rialacha den sórt sin ba cheart a áirithiú go ndéileáltar le maoiniú cothromais agus maoiniú fiachais ar bhealach comhchosúil chun críoch cánach ar fud an mhargaidh aonair. An tráth céanna, ba cheart do chreat reachtach coiteann de chuid an Aontais a bheith inbhuanaithe go gearrthéarmach le haghaidh bhuiséid na mBallstát freisin. Dá bhrí sin ba cheart a áireamh sa chreat sin rialacha, ar thaobh amháin, maidir le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe cothromais agus, ar an taobh eile, maidir le teorainn a chur le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe fiachais.

    (4)Chun creat reachtach simplí cuimsitheach a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an gcreat coiteann rialacha maidir le gach gnóthas san Aontas atá faoi réir cáin ioncaim corparáideach i mBallstát. Tá gnéithe speisialta ag gnóthais airgeadais agus bíonn cóireáil shonrach de dhíth orthu. Dá mbeadh na rialacha lena dtugtar aghaidh ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin le cur i bhfeidhm orthu, dháilfí ualach eacnamaíoch na mbeart go héagothrom agus is gnóthais neamh-airgeadais a bheadh thíos leis. Dá bhrí sin ba cheart gnóthais airgeadais a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo.

    (5)Chun an chlaontacht in aghaidh maoiniú cothromais a neodrú, ba cheart liúntas a bheartú ionas go mbeidh méaduithe ar chothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile in-asbhainte óna bhonn cánach, faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart an liúntas sin a ríomh tríd an méadú i gcothromas a iolrú faoi ráta úis bharúlaigh atá bunaithe ar ráta úis saor ó riosca mar a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 77e(2) de Threoir 2009/138/CE. Tá rátaí úis saor ó riosca den sórt sin ina gcuid de dhlí an Aontais cheana agus cuirtear i bhfeidhm iad go praiticiúil agus go héifeachtach ar an mbealach sin. Aon chuid den liúntas nach féidir a asbhaint le linn tréimhse cánach mar gheall ar bhrabúis inchánacha neamh-leordhóthanacha, is féidir í a thabhairt ar aghaidh. Agus na dúshláin shonracha a bhíonn roimh fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun rochtain a fháil ar mhargaí caipitil á gcur i gcuntas, ba cheart liúntas méadaithe ar chothromas a bheartú le haghaidh cáiníocóirí is FBManna. Ionas go mbeadh asbhaint liúntais ar chothromas inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí go gearrthéarmach, ba cheart teorainn ama a chur leis. Chun an córas a choimirciú ó mhí-úsáid, tá sé riachtanach luach cánach scaireanna cáiníocóra a eisiamh, chomh maith le luach cánach a rannpháirtíochta i bhfiontair chomhlachaithe, ó ríomh na nathruithe ar chothromas. Ar an gcaoi chéanna, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le cánachas ar laghdú i gcothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile, chun cosc a chur ar mhéadú cothromais a dhéanamh ar bhealach mí-úsáideach. Le riail den sórt sin spreagfaí freisin coinneáil leibhéil cothromais. Bheadh feidhm aige ionas, i gcás ina bhfuil laghdú ar chothromas de chuid cáiníocóra a bhain tairbhe as liúntas ar mhéadú cothromais, maidir le méid arna ríomh ar an mbealach céanna leis an liúntas, go néireodh sé inchánach ar feadh 10 dtréimhse chánach; mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise go bhfuil an laghdú seo mar gheall go heisiach ar chaillteanais a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach nó mar gheall ar oibleagáid dhlíthiúil.

    (6)D’fhonn mí-úsáid asbhaint an liúntais ar chothromas a sheachaint, tá sé riachtanach rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach a leagan síos. Ba cheart do na rialacha sin díriú go háirithe ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun dul timpeall ar na coinníollacha faoina cháilíonn méadú cothromais do liúntas faoin Treoir seo, cuir i gcás, trí aistrithe inghrúpa na rannpháirtíochtaí i bhfiontair chomhlachaithe. Ba cheart do na rialacha sin díriú freisin ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun liúntas a éileamh in éagmais aon mhéadú cothromais ar leibhéal grúpa. Mar shampla, d’fhéadfaí maoiniú fiachais inghrúpa nó ranníocaíochtaí in airgead tirim a úsáid chun na gcríoch sin. Ba cheart do rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach cosc a chur freisin ar scéimeanna a chur i bhfeidhm chun a mhaíomh go bhfuil méadú i gcothromas, agus an liúntas comhfhreagrach, níos airde ná mar atá i ndáiríre, mar shampla, trí mhéadú in infháltais mhaoinithe iasachta nó róluacháil sócmhainní. Thairis sin, an riail ghinearálta in aghaidh mí-úsáid chánach in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle 15 , tá feidhm aici i gcoinne gníomhaíochtaí mí-úsáideacha nach gcumhdaítear le creat sonrach i gcoinne seachaint cánach na Treorach seo.

    (7)Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar bhealach inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí an Aontais, ba cheart teorainn ar in-asbhainteacht na gcostas maoinithe fiachais a bheith ag gabháil le liúntas le haghaidh maoiniú cothromais. Dá bhrí sin ba cheart, le riail maidir le teorannú úis, teorainn a chur le hin-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta agus ba cheart feidhm a bheith aici go neamhspleách ar an liúntas. I bhfianaise go bhfuil éagsúlacht idir cuspóirí rialach den sórt sin agus na rialach i gcoinne seachaint cánach atá ann cheana maidir le teorannú úis d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, ba cheart an dá riail sin a choinneáil ar bun. Ba cheart do cháiníocóirí in-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta a ríomh faoin Treoir seo ar dtús agus ansin faoi ATAD. I gcás inarb é an toradh atá ar an ríomh sin faoi ATAD méid inasbhainte róchostas iasachtaíochta atá níos ísle, ba cheart don cháiníocóir an méid níos ísle sin a asbhaint agus aon difríocht idir an dá mhéid a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de ATAD.

    (8)Maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú rialacha an Aontais i ngach Ballstát, ós rud é go bhfuil sé sin criticiúil chun bonn cánach na mBallstát a choimirciú agus, i gcás inar gá, chun athbhreithniú a dhéanamh go cuí ar rialacha an Aontais, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus ar an bhforfheidhmiú sin. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, faisnéis shonrach maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú beart náisiúnta ina gcríoch féin lena dtrasuitear an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún, ar bhonn rialta.

    (9)Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil.

    (10)D’fhonn leasú rianúil pras ar ghnéithe neamhriachtanacha áirithe den Treoir seo a chumasú, agus forbairtí leanúnacha á gcur i gcuntas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, ionas gur féidir leis an gCoimisiún an Treoir seo a leasú, chun leibhéal an ráta préimhe úis a mhodhnú mar ghné le haghaidh ríomh an liúntais ar chothromas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 16 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a thabhairt dá saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (11)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr go bhfuil gá le dreasachtaí cothromaithe a chur ar fáil le haghaidh suíomh gnó agus fiontraíochta sa mhargadh aonair, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, níor cheart don Treoir seo dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1  Ábhar

    Leis an Treoir seo leagtar síos na rialacha maidir leis an asbhaint, chun críoch cánach ioncaim corparáidí, de chuid liúntais ar mhéadaithe i gcothromas agus maidir le teorannú in-asbhainteachta cánach na róchostas iasachtaíochta.

    Airteagal 2  Raon feidhme

    Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cáiníocóirí atá faoi réir cáin ioncaim chorparáideach i mBallstát amháin nó níos mó, lena n‑áirítear buanbhunaíochtaí i mBallstát amháin nó níos mó de chuid eintiteas is cónaitheoir chun críoch cánach i dtríú tír.

    Mar sin féin, níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis na gnóthais airgeadais seo a leanas:

    (a) ‘institiúid creidmheasa’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 ;

    (b)‘gnólacht infheistíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 ;

    (c)‘bainisteoir cistí infheistíochta malartacha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , lena náirítear bainisteoir cistí caipitil fiontair Eorpacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 , bainisteoir cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 agus bainisteoir cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha faoi Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 ;

    (d)‘gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 ;

    (e)‘gnóthas árachais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 ;

    (f)‘gnóthais athárachais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 13 pointe (4) de Threoir 2009/138/CE;

    (g)‘institiúid um chóir ar scor ceirde’ mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 ;

    (h)institiúidí pinsin a oibríonn scéimeanna pinsin a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 mar aon le haon eintiteas dlítheanach a bhunaítear chun infheistíocht a dhéanamh i scéimeanna den sórt sin;

    (i)‘ciste infheistíochta malartach’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE, arna bhainistiú ag bainisteoir cistí infheistíochta malartacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE nó ciste infheistíochta malartach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE arna mhaoirsiú faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

    (j)gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE;

    (k)‘contrapháirtí lárnach’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 ;

    (l)‘taisclann lárnach urrús’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 ;

    (m)meán sainchuspóireach a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 211 de Threoir 2009/138/CE;

    (n)‘eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 ;

    (o)‘cuideachta sealbhaíochta árachais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE nó ‘cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (h), de Threoir 2009/138/CE, atá ina chuid de ghrúpa árachais atá faoi réir maoirseachta ar leibhéal an ghrúpa de bhun Airteagal 213 den Treoir sin agus nach bhfuil díolmhaithe ó mhaoirseacht ghrúpa de bhun Airteagal 214(2) de Threoir 2009/138/CE;

    (p)‘institiúid íocaíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 ;

    (q)‘institiúid airgid leictreonaigh’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 ;

    (r)‘soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 ;

    (s)‘soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (8), de Rialachán …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33  

    Airteagal 3
    Sainmhínithe

    Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn ‘fiontar comhlachaithe’ duine a bhfuil gaol aige le duine eile ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

    (a)tá an duine rannpháirteach i mbainistiú an duine eile trí bheith in ann tionchar suntasach a imirt ar an duine eile;

    (b)tá an duine rannpháirteach i rialú an duine eile trí shealúchas ar mó é ná 25 % de na cearta vótála;

    (c)tá an duine rannpháirteach i gcaipiteal an duine eile trí cheart úinéireachta ar mó ná 25 % den chaipiteal é, go díreach nó go hindíreach;

    (d)tá an duine i dteideal 25 % nó níos mó de bhrabúis an duine eile.

    Má tá níos mó ná duine amháin rannpháirteach i mbainistíocht, rialú, caipiteal nó brabúis an duine chéanna, dá dtagraítear i mír 1, measfar go bhfuil gach duine lena mbaineann ina bhfiontar comhlachaithe.

    Má tá na daoine céanna rannpháirteach  i mbainistíocht, rialú, caipiteal nó brabúis níos mó ná duine amháin, dá dtagraítear i mír 1, measfar go bhfuil gach duine lena mbaineann ina bhfiontar comhlachaithe.

    Chun críocha an tsainmhínithe sin, ciallaíonn ‘duine’ daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha araon. Aonduine a ghníomhaíonn in éineacht le duine eile i leith cearta vótála eintitis nó úinéireacht chaipitil eintitis, caithfear leis mar shealbhóir rannpháirtíochta i gcearta vótála uile nó in úinéireacht chaipitil uile an eintitis sin a shealbhaíonn an duine eile.

    I gcás rannpháirtíochtaí indíreacha, cinnfear comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1 trí na rátaí sealúchais a iolrú trí na sraitheanna comhleanúnacha. Measfar go bhfuil 100 % de na cearta vótála ag duine ag a bhfuil níos mó ná 50 % de na cearta sin.

    Caithfear le duine aonair, a chéile agus a shliochtaigh mar dhuine aonair.

    Áireofar le fiontar comhlachaithe freisin, i gcomhréir leis an mír seo, aon oibríocht ar dá bharr a n‑éiríonn duine ina bhfiontar comhlachaithe;

    (2)ciallaíonn ‘tréimhse chánach’ bliain féilire nó aon tréimhse eile is iomchuí chun críoch cánach;

    (3)ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 .

    (4)ciallaíonn ‘rannpháirtíocht’ leas rannpháirteachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2013/34/AE;

    (5)ciallaíonn ‘FBM’ gach gnóthas nach sáraíonn an tairseach le haghaidh fiontair mheánmhéide, mar a leagtar síos in Airteagal 3(3) de Threoir 2013/34/AE;

    (6)ciallaíonn ‘cothromas’, le linn tréimhse cánach ar leith, suim an chaipitil láníoctha, na gcuntas scairbhisigh, an chúlchiste athluachála agus cúlchistí agus brabús nó caillteanas eile arna dtabhairt ar aghaidh de chuid an cháiníocóra;

    (7)ciallaíonn ‘glanchothromas’ an difríocht idir an cothromas de chuid cáiníocóra agus suim luacha cánach rannpháirtíocht an cháiníocóra i gcaipiteal fiontar comhlachaithe agus luacha cánach a scaireanna féin;

    (8)ciallaíonn ‘cúlchistí’ aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (1)cúlchiste dlíthiúil, a mhéid a gceanglaítear cúlchiste den sórt sin leis an dlí náisiúnta;

    (2)cúlchiste le haghaidh scaireanna dílse, a mhéid a gceanglaítear cúlchiste den sórt sin leis an dlí náisiúnta, gan dochar d’Airteagal 24(1), pointe (b), de Threoir 2012/30/AE;

    (3)cúlchistí dá bhforáiltear leis na hairteagail chomhlachais;

    (4)cúlchistí eile, lena náirítear an cúlchiste cóirluacha.

    CAIBIDIL II LIÚNTAS AR CHOTHROMAS AGUS ASBHAINTÍ ÚIS

    Airteagal 4
    Liúntas ar chothromas

    1.Beidh liúntas ar chothromas in-asbhainte, ar feadh 10 dtréimhse chánach as a chéile, ó bhonn cánach cáiníocóra chun críoch cánach ioncaim corparáidí suas go dtí 30 % de thuilleamh an cháiníocóra roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (‘EBITDA’).

    Má tá an liúntas inasbhainte ar chothromas, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, níos airde ná glanioncam inchánach an cháiníocóra le linn tréimhse cánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an cáiníocóir an liúntas breise ar chothromas a thabhairt ar aghaidh, gan teorainn ama, do na tréimhsí ina dhiaidh sin.

    Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na cáiníocóirí an chuid den liúntas ar chothromas a sháraíonn 30 % de EBITDA a thabhairt ar aghaidh, go feadh uasmhéid de 5 thréimhse chánach.

    2.Faoi réir Airteagal 5, ríomhfar bonn an liúntais ar chothromas mar an difríocht idir leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach agus leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach roimhe sin.

    Beidh an liúntas ar chothromas cothrom le bonn an liúntais arna iolrú faoin ráta úis saor ó riosca 10 mbliana le haghaidh an airgeadra ábhartha agus méadófar é le préimh riosca 1 % nó, i gcás inarb é FBM an cáiníocóir, préimh riosca 1.5 %.

    Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, is é a bheidh sa ráta úis saor ó riosca 10 mbliana le haghaidh an airgeadra ábhartha an ráta úis saor ó riosca le haibíocht 10 mbliana le haghaidh an airgeadra ábhartha, mar a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 77e(2) de Threoir 2009/138/CE don dáta tagartha an 31 Nollaig den bhliain roimh an tréimhse chánach ábhartha.

    3.Tar éis dó liúntas ar chothromas a fháil, má tá bonn an liúntais ar chothromas diúltach le linn tréimhse cánach, éireoidh méid atá cothrom leis an liúntas diúltach ar chothromas inchánach ar feadh 10 dtréimhse cánach as a chéile, suas go dtí an méadú foriomlán ar ghlanchothromas a bhfuarthas an liúntas sin ina leith faoin Treoir seo, mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise leordhóthanach gur chaillteanais chuntasaíochta a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach ba chúis leis nó oibleagáid dhlíthiúil chun caipiteal a laghdú.

    4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 lena leasaítear mír 2 den Airteagal seo trí ráta na préimhe riosca a mhodhnú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann den dá choinníoll seo a leanas:

    (a)léiríonn an ráta úis saor ó riosca 10 mbliana dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo éagsúlacht níos mó ná dhá phointe céatadáin maidir le trí airgeadra Aontais ar a laghad i gcomparáid leis an tréimhse cánach inar tháinig an gníomh tarmligthe is déanaí lenar modhnaíodh an phréimh riosca i bhfeidhm, nó, i gcás nach bhfuil ann do ghníomh tarmligthe den sórt sin, an tréimhse chánach inar tháinig an Treoir seo i bhfeidhm; nó

    (b)fás nialasach nó fás diúltach in olltáirgeacht intíre limistéar an Aontais ar feadh 2 ráithe as a chéile ar a laghad;

    agus

    (c) is é an conclúid a baineadh as na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha, lena náirítear iad sin a chuir na Ballstáit ar fáil, go ndearnadh meán Aontais na gcoinníollacha maoinithe maidir le fiachas le haghaidh cáiníocóirí a thagann faoi raon feidhme na treorach seo a mhéadú níos mó ná faoi dhó nó a laghdú níos mó ná faoina leath ó rinneadh an cinneadh deireanach ar an bpréimh riosca a bunaíodh i mír 2.

    Le céatadán mhéadú nó laghdú na préimhe riosca, cuirfear i gcuntas na hathruithe ar na coinníollacha maoinithe a luaitear faoi phointe (c) den chéad fhomhír seachas athruithe ar an ráta úis saor ó riosca le haghaidh an Aontais mar a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 77e(2) de Threoir 2009/138/CE, agus ní bheidh siad níos mó ná céatadán mhéadú nó laghdú na gcoinníollacha maoinithe a luadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír i gcás ar bith.

    Airteagal 5
    Rialacha Frith-Mhí-Úsáide

    1.Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú nach áireofar le bonn an liúntais ar chothromas méid aon mhéadaithe atá mar thoradh ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)deonú iasachtaí idir fiontair chomhlachaithe;

    (b)aistriú rannpháirtíochtaí nó gníomhaíochta gnó mar ghnóthas leantach idir fiontair chomhlachaithe;

    (c)ranníocaíocht in airgead tirim ó dhuine is cónaitheoir chun críoch cánach i ndlínse nach ndéanann faisnéis a mhalartú leis an mBallstát ina bhféachann an cáiníocóir leis an liúntas ar chothromas a asbhaint.

    Ní bheidh feidhm ag an mír seo má sholáthraíonn an cáiníocóir fianaise leordhóthanach go ndearnadh an idirbheart ábhartha ar chúiseanna tráchtála bailí agus nach mbeidh asbhaint dhúbailte an liúntais shainmhínithe ar chothromas mar thoradh air.

    2.I gcás inarb é méadú i gcothromas an toradh atá ar ranníocaíocht chomhchineáil nó infheistíocht i sócmhainn, ní dhéanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear luach na sócmhainne i gcuntas le haghaidh ríomh bhonn an liúntais ach i gcás ina bhfuil gá leis an tsócmhainn maidir le feidhmiú ghníomhaíocht ginte ioncaim an cháiníocóra, agus sa chás sin amháin.

    Más scaireanna atá sa tsócmhainn, cuirfear i gcuntas é ar a luach de réir na leabhar.

    Más rud eile atá sa tsócmhainn seachas scaireanna, cuirfear i gcuntas é ar a margadhluach, mura bhfuil luach difriúil tugtha ag iniúchóir seachtrach deimhnithe.

    3.I gcás ina bhfuil méadú i gcothromas mar thoradh ar atheagrú grúpa, ní chuirfear an méadú sin i gcuntas le haghaidh ríomh bhonn an liúntais ar chothromas don cháiníocóir i gcomhréir le hAirteagal 4 ach a mhéid nach é an toradh a bheidh air sin go gcomhshófar an cothromas (nó cuid de) a bhí ann cheana sa ghrúpa roimh an atheagrú ina chothromas nua.

    Airteagal 6
    Teorainn ar In-asbhainteacht Úis

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cáiníocóir in ann a asbhaint óna bhonn cánach, chun críoch cánach ioncaim corparáidí, róchostas iasachtaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle 35 suas go méid (a) a chomhfhreagraíonn do 85 % de na costais sin a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach. Má tá an méid sin níos airde ná an méid (b) a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh an cáiníocóir i dteideal ach an méid níos ísle den dá mhéid a asbhaint le linn na tréimhse cánach. Déanfar an difríocht idir an dá mhéid (a) agus (b) a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164.

    2.Beidh feidhm ag mír 1 maidir le róchostas iasachtaíochta a tabhaíodh ón [OF cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar aghaidh.

    CAIBIDIL III
    FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ

    Airteagal 7
    Faireachán

    Laistigh de 3 mhí ó dheireadh gach tréimhse cánach, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún maidir leis an tréimhse chánach:

    (a)an líon cáiníocóirí a bhain tairbhe as an liúntas ar chothromas le linn na tréimhse cánach, agus an líon sin mar chéatadán den líon iomlán cáiníocóirí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo;

    (b)an líon FBManna a bhain tairbhe as an liúntas le linn na tréimhse cánach, lena náirítear mar chéatadán den líon iomlán FBManna a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus den líon FBManna a bhain tairbhe as an liúntas, ar cuid de ghrúpaí móra iad de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE;

    (c)méid iomlán an chaiteachais a tabhaíodh nó an ioncaim cánach a cailleadh mar gheall ar asbhaint an liúntais ar chothromas a leithdháileadh ar an liúntas ar chothromas i gcomparáid le holltáirgeacht intíre náisiúnta an Bhallstáit;

    (d)méid iomlán na róchostas iasachtaíochta;

    (e)méid iomlán na róchostas iasachtaíochta neamh-asbhainte;

    (f)an líon cáiníocóirí ar cuireadh bearta frith-mhí-úsáide i bhfeidhm ina leith le linn na tréimhse cánach de bhun na Treorach seo lena náirítear na hiarmhairtí cánach agus smachtbhannaí gaolmhara a cuireadh i bhfeidhm;

    (g)na sonraí maidir le héabhlóid an chóimheasa fiachais/cothromais sa Bhallstát, de réir bhrí Iarscríbhinn III, codanna (A) agus (C), a ghabhann le Treoir 2013/34/AE.

    Airteagal 8
    Tuarascálacha

    1.Faoin 31 Nollaig 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo.

    2.Agus an tuarascáil á tarraingt suas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a chuir na Ballstáit in iúl de bhun Airteagal 7.

    3.Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil ar a shuíomh gréasáin.

    CAIBIDIL IV
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 9
    Tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [OF cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

    3.Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith don Chomhairle.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.

    Airteagal 10 Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas

    Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le gníomhartha tarmligthe a bheith glactha ag an gCoimisiún, maidir le haon agóid ina leith, agus maidir le cúlghairm na gcumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle.

    Airteagal 11
    Trasuí

    1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [31 Nollaig 2023] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

    Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [1 Eanáir 2024].

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leis na forálacha sin tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

    2.Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach sin ar cháiníocóirí a bhaineann, [an 1 Eanáir 2024], tairbhe as liúntas ar chothromas faoin dlí náisiúnta a chur siar ar feadh tréimhse suas go 10 mbliana agus ní dhéanfaidh siad amhlaidh ar feadh tréimhse níos faide ná marthanacht an tairbhe faoin dlí náisiúnta i gcás ar bith.

    3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 12
    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 13
    Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Cánachas Gnó don 21ú hAois, COM(2021) 251 final.
    (2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Aontas Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí - plean gníomhaíochta nua, COM/2020/590 final.
    (3)     Gníomhaíocht 4 - Ag spreagadh níos mó maoinithe fhadtéarmaigh agus cothromais ó infheisteoirí institiúideacha | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
    (4)    Tuarascáil maidir le tionchar athchóirithe cánach náisiúnta ar gheilleagar an Aontais, (2021/2074(INI)) https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/A-9-2021-0348_EN.html  
    (5)    Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).
    (6)    WK 11093/2019 REV 1
    (7)    [Cuir isteach na naisc chuig bileog achoimre agus tuairim dhearfach an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála nuair a bheidh siad foilsithe.]
    (8)    shainmhíneofaí FBManna de réir Airteagal 3 de Threoir Chuntasaíochta 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013. Ina theannta sin, ionas go measfaí cuideachta mar FBM, cheanglófaí uirthi nach mbeadh sí ina cuid de ghrúpa gnólachtaí a sháraíonn, ar an leibhéal comhdhlúite, dhá cheann ar a laghad de na trí theorainn in Airteagal 3 faoi Threoir Chuntasaíochta ( Meánlíon 250 fostaithe le linn na bliana airgeadais; glanláimhdeachas is fiú EUR 40 milliún; iomlán cláir chomhardaithe is fiú EUR 20 milliún).
    (9)    De réir chiall Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ráitis airgeadais bliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas.
    (10)    Áirítear sna cúlchistí: 1. Cúlchiste dlíthiúil, a mhéid a gceanglaítear cúlchiste den sórt sin leis an dlí náisiúnta; 2. Cúlchiste le haghaidh scaireanna dílse, a mhéid a gceanglaítear cúlchiste den sórt sin leis an dlí náisiúnta, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 24(1) de Threoir 2012/30/AE; 3. Cúlchistí dá bhforáiltear leis na hairteagail chomhlachais; 4. Cúlchistí eile, lena náirítear an cúlchiste cóirluacha
    (11)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (athmhúnlú) (IO L 335/17.12.2009, lch. 1)
    (12)    IO C , , lch. .Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
    (13)    IO C , , lch. .Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
    (14)        Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí - plean gníomhaíochta nua’, (COM/2020/590 final ( https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:61042990-fe46-11ea-b44f-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF )
    (15)

       Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).

    (16)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
    (17)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
    (18)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
    (19)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
    (20)    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
    (21)    Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
    (22)    Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
    (23)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
    (24)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
    (25)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
    (26)    Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
    (27)    Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
    (28)    Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
    (29)    Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).
    (30)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena naisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
    (31)    Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena naisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
    (32)    Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).
    (33)        Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gCriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/193731 (IO L…) (IO: Cuir isteach sa téacs, uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2020/0265/COD agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.)
    (34)

       Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

    (35)

       Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).

    Top