EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0189

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (Cuáit, Catar)

COM/2022/189 final

An Bhruiséil,27.4.2022

COM(2022) 189 final

2022/0135(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

(Cuáit, Catar)

{SWD(2022) 129 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I gcomhthéacs neartú an chaidrimh fhoriomláin idir an tAontas Eorpach agus an Mhurascaill, ba cheart don Aontas féachaint le treoshuíomh níos straitéisí leis an réigiún sin a bhaint amach trí chomhpháirtíocht níos láidre, níos cuimsithí agus il-earnála a fhorbairt. Tá ról lárnach ag an stádas saor ó víosaí chun an chomhpháirtíocht idir an dá réigiún a chur chun cinn trí theagmhálacha duine le duine a éascú agus trí mhalartuithe polaitiúla, eacnamaíocha, taighde, oideachais, cultúrtha agus sochaíocha atá dlúth cheana féin a neartú. I bhfianaise an mhéid sin, leanfaidh an tAontas de bheith i dteagmháil le tíortha na Murascaille a bhfuil suim acu i dtaisteal gan víosa chuig an Aontas, d’fhonn comhleanúnachas réigiúnach iomlán a bhaint amach sa todhchaí bunaithe ar na critéir agus ar an nós imeachta a bunaíodh i Rialachán (AE) 2018/1806 1 . I bhfianaise na gcéimeanna nós imeachta a glacadh go dtí seo agus an chéad mheasúnú a rinneadh, is céim i dtreo comhleanúnachas réigiúnach níos láidre i réigiún na Murascaille iad na díolúintí ón gceanglas víosa atá molta faoi láthair do náisiúnaigh Chuáit agus Chatar, tar éis na díolúine ó víosa a tugadh d’Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha in 2014 a d’éascaigh teagmhálacha leis an tír sin.

Tá sé léirithe gur comhpháirtithe tábhachtacha de chuid an Aontais Eorpaigh iad Cuáit agus Catar araon agus é ag déileáil leis na géarchéimeanna a bhí ann le déanaí. I measc na samplaí suntasacha den chomhar a bhí ann le déanaí tá aisdúichiú shaoránaigh den Aontas agus iarrachtaí vacsaínithe i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, aslonnú náisiúnaigh de chuid an Aontais trí Doha tar éis don Taliban seilbh a ghlacadh ar an rialtas san Afganastáin, an tacaíocht airgeadais agus ‘dea-mhéin’ a chuir Cuáit ar fáil chun cúnamh daonnúil a éascú le linn an chogaidh sa tSiria, chomh maith leis na hiarrachtaí chun dul i ngleic le bagairtí hibrideacha i gcoinne na hEorpa le déanaí. Ina theannta sin, is comhpháirtithe tábhachtacha eacnamaíocha don Aontas iad Cuáit agus Catar, go háirithe i réimse an fhuinnimh agus i bhfianaise chuspóirí AE a sholáthair fuinnimh a éagsúlú 2 .

Cinnfear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa ar bhonn measúnú cás ar chás ar roinnt critéar a leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1806. Baineann na critéir sin, inter alia ‘le hinimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena n‑áirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach’.

Is beag na rioscaí ó thaobh imirce neamhrialta a bhaineann le Cuáit agus le Catar, tá siad ag cur leis an gcomhar leis an Aontas maidir le cúrsaí slándála agus eisíonn siad pasanna bithmhéadracha, rud atá riachtanach le haghaidh taisteal gan víosa chuig an Aontas. Is comhpháirtithe tábhachtacha eacnamaíocha agus trádála don Aontas Eorpach iad Cuáit agus Catar, agus is comhpháirtithe ríthábhachtacha don Eoraip iad i gcomhthéacs iar-COVID 19, chomh maith le linn ionsaí na Rúise ar an Úcráin agus a hiarmhairtí i réimse an tsoláthair fuinnimh agus an tslógtha dhomhanda chun tacú le cairt na Náisiún Aontaithe. Rachadh díolúine ó víosa do shaoránaigh ón gCuáit agus ó Chatar atá ag taisteal chuig an Aontas chun tairbhe do gheilleagar an Aontais, go háirithe do thionscal na turasóireachta. Cé go bhfuil dúshláin fós ann i réimse chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, tá próiseas athraithe sochaí ag tarlú i gCuáit agus i gCatar a mhéid a bhaineann le cearta na mban, cearta oibrithe, saoirse reiligiúin agus idirphlé idirchreidmheach. Tá coinne leis go neartófar treochtaí dearfacha i gCuáit agus i gCatar maidir le dul chun cinn agus athchóirithe sna réimsí sin leis an ionchas go mbeidh taisteal inbhuanaithe gan víosa ann.

A mhéid a bhaineann le comhleanúnachas réigiúnach, d‘fhéadfaí athchóirithe dearfacha comhchosúla a spreagadh freisin leis an rannpháirtíocht leanúnach leis na tíortha eile de chuid na Murascaille a dteastaíonn víosaí ina leith sna míonna amach romhainn, d’fhonn díolúine ó víosa a bhaint amach ar deireadh leis an Aontas Eorpach do thíortha uile Chomhairle Comhair na Murascaille. I ndáil leis sin, cuirfidh an Coimisiún tús go luath le plé teicniúil leis na comhpháirtithe sin maidir le comhlíonadh na gcritéar i dtaca le díolúine ó víosa faoin Rialachán maidir le Víosaí. Ina theannta sin, leanfar de rialacha níos fabhraí a ghlacadh maidir le víosaí il-iontrála a bhfuil bailíocht fhada acu (bailí go ceann suas le 5 bliana) a eisiúint leis na comhpháirtithe sin laistigh de chomhar áitiúil Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí, arna leasú le Rialachán 2019/1155. Leis an togra maidir le digitiú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le víosaí Schengen a eisiúint, beidh an nós imeachta maidir le víosaí gan pháipéar agus gan teagmháil den chuid is mó, agus, ar an gcaoi sin, beidh sé níos éifeachtaí ó thaobh ama agus costais de d’iarratasóirí.

Tá sé á mholadh ag an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2018/1806 chun náisiúnaigh Chuáit agus Chatar a dhíolmhú ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I Rialachán (AE) Uimh. 2018/1806 liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh agus liostaítear ann na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Na Ballstáit ar fad – diomaite d’Éirinn – mar aon leis an Íoslainn, le Lichtinstéin, leis an Iorua agus leis an Eilvéis, cuireann siad Rialachán (AE) Uimh. 2018/1806 i bhfeidhm. Is cuid é an Rialachán sin de chomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh maidir le gearrfhanachtaí 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

Tá Cuáit agus Catar liostaithe faoi láthair in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 i measc na dtríú tíortha a gceanglaítear ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh. Ba cheart seiceálacha críochnúla a dhéanamh ar gach taistealaí sna bunachair sonraí ábhartha ag na teorainneacha seachtracha 3 .

Comhdhéanamh na liostaí de thríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, ba cheart é a bheith comhsheasmhach leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1806 4 , agus ba cheart é leanúint de bheith comhsheasmhach leo, ar critéir iad a bhaineann, inter alia, ‘le hinimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena náirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach’.

Tar éis chur i bhfeidhm na díolúine atá beartaithe ón gceanglas víosa, is féidir sásraí cómhalartachta agus fionraíochta Rialachán (AE) 2018/1806 a chur i bhfeidhm i gcás nach náiritheofar cómhalartacht iomlán víosaí nó i gcás ina mbainfear míúsáid as an gcóras gan víosa nó i gcás míúsáid is toradh ar an díolúine ón gceanglas víosa 5 . Ní mór comhaontú tarscaoilte víosa a thabhairt i gcrích idir an dá thír agus an tAontas Eorpach chun go mbeidh an díolúine ó víosa éifeachtach, agus beidh cosaintí ann i ndáil le critéir Rialachán (AE) 2018/1806 a thug údar maith leis an díolúine ón gceanglas víosa.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an díolúine atá beartaithe ón gceanglas víosa do Chuáit agus do Chatar comhsheasmhach le hiarrachtaí an Aontais comhpháirtíocht níos láidre, níos straitéisí, níos cuimsithí agus il-earnála a shaothrú le réigiún na Murascaille. Glacfar Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le comhpháirtíocht straitéiseach leis an Murascaill chun na críche sin.

Cuideoidh Córas Dul Isteach/Imeachta an Aontais Eorpaigh (EES), atá le teacht i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2022, lena áirithiú go mbeidh an díolúine ón gceanglas víosa á húsáid go dleathach ag náisiúnaigh tríú tír. Ina theannta sin, leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), atá le tosú ag feidhmiú i mí na Bealtaine 2023, beifear in ann scagadh réamhthaisteála a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, rud a chuirfidh go héifeachtach le slándáil Limistéar Schengen a chothabháil agus a neartú.

.2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é pointe (a) d’Airteagal 77(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo. Forbairt ar acquis Schengen a bheidh sa Rialachán atá beartaithe.

Coimhdeacht, comhréireacht agus an rogha ionstraime

Tá an leasú is gá ar Rialachán (AE) 2018/1806 le déanamh trí bhíthin rialacháin. Ní féidir leis na Ballstáit gníomhú astu féin chun an cuspóir beartais a bhaint amach. Ní ann d’aon rogha bheartais eile (nach rogha bheartais reachtach é) lena bhféadfaí an cuspóir beartais a bhaint amach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ag an Meitheal um Víosaí, rinneadh plé leis na Ballstáit maidir leis an bhféidearthacht athbhreithniú a dhéanamh ar liostaí an Aontais de na tíortha atá díolmhaithe ón gceanglas víosa agus na tíortha a bhfuil ceanglais víosa orthu, agus ar mhodheolaíocht agus raon feidhme an athbhreithnithe sin. Pléadh na ceanglais maidir le díolúine ó víosa an Aontais leis na tíortha lena mbaineann agus luaigh siad araon roinnt uaireanta gur spéis leo taisteal gan víosa chuig an Aontas Eorpach a bhaint amach.

Cearta bunúsacha

Ní bheidh aon tionchar diúltach ag an togra seo ar chosaint na gceart bunúsach san Aontas Eorpach.

4.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Beidh an Rialachán atá beartaithe infheidhme go díreach ón lá a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Cuáit agus Catar. Leanfaidh an Coimisiún de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1806 tar éis theacht i bhfeidhm na gcomhaontuithe tarscaoilte víosaí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá sé beartaithe Rialachán (AE) 2018/1806 a leasú, trí Chuáit agus Catar a aistriú ó Iarscríbhinn I (liosta tríú tíortha a gceanglaítear ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh) go hIarscríbhinn II (liosta tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá).

2022/0135 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

(Cuáit, Catar)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh agus liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

(2)Cinntear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa ar bhonn measúnaithe de réir gach cáis ar leith ar roinnt critéar a leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1806. Baineann na critéir sin, inter alia ‘le hinimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena náirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach’.

(3)Is beag na rioscaí ó thaobh imirce neamhrialta isteach san Aontas a bhaineann le Cuáit agus le Catar agus eisíonn siad pasanna bithmhéadracha i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Cuireadh dlús leis an gcomhar slándála leis na tíortha sin le blianta beaga anuas. A mhéid a bhaineann le leasanna eacnamaíocha, is comhpháirtithe tábhachtacha eacnamaíocha don Aontas iad Cuáit agus Catar, go háirithe i réimse an fhuinnimh. Cé go bhfuil dúshláin fós ann i réimse chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, tá athruithe ó bhonn ar an tsochaí agus feabhsuithe tagtha ar Chuáit agus ar Chatar mar aon le feabhsuithe ó thaobh chearta na mban, cearta oibrithe, saoirse reiligiúin agus idirphlé idirchreidmheach agus tá coinne leis go leanfaidh siad de dhul chun cinn agus athchóirithe a dhéanamh. Féadfar na buntáistí fadtéarmacha a bhaineann le taisteal gan víosa chuig an Aontas Eorpach treochtaí dearfacha sna réimsí sin a neartú.

(4)Dá dhroim sin, ba cheart náisiúnaigh na dtíortha sin a bheith díolmhaithe ón gceanglas víosa i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá, agus ba cheart tagairtí do na tíortha sin a aistriú chuig Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806.

(5)An díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh náisiúnaigh Chuáit agus Chatar, tá sé gan dochar do chur i bhfeidhm bhearta sriantacha an Aontais a ghlactar ar bhonn Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE.

(6)An díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh náisiúnaigh Chuáit agus Chatar, níor cheart feidhm a bheith aici go dtí go mbeidh comhaontuithe déthaobhacha maidir le tarscaoileadh víosa tugtha i gcrích idir an tAontas agus Cuáit agus Catar, chun a áirithiú, go háirithe, go gcoinnítear cómhalartacht iomlán ar bun.

(7)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1806 a leasú dá réir,

(8)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 7 . Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 8 .

(10)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 9 .

(11)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 10 .

(12)Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 mar a leanas:

(a) i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, (‘STÁIT’), scriostar na tagairtí do Chuáit agus do Chatar.

(b) in Iarscríbhinn II, leasaítear Pointe 1 (‘STÁIT’) mar a leanas:

(i)    idir na tagairtí do … agus do …., cuirtear an tagairt seo a leanas isteach:

‘Cuáit (*)(**)’

(*) Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.

(**) Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n‑eisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), agus leo siúd amháin.’

(ii)    idir na tagairtí do … agus do …., cuirtear an tagairt seo a leanas isteach:

‘Catar (*)(**)’

(*) Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.

(**) Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n‑eisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), agus leo siúd amháin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

An tUachtarán    An tUachtarán

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39)
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún an 23 Márta 2022, ‘Slándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh inacmhainne’ (COM/2022/138 final), https://energy.ec.europa.eu/communicationsecurity-supply-andaffordable-energy-prices_en.
(3)    Airteagal 8, mír 3 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) arna leasú le Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017, IO L 74 18.3.2017 lch. 1.
(4)    Aithris 4 de Rialachán (AE) 2018/1806.
(5)    Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2018/1806, faoi seach.
(6)    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, IO L 303, 28.11.2018, lch. 39–58
(7)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(8)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(9)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(10)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine, IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.
Top