Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0100

    Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Chomhphobail i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

    COM/2022/100 final

    An Bhruiséil,11.3.2022

    COM(2022) 100 final

    2022/0070(NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Chomhphobail i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’) 1 , foráiltear, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach ann, go bhféadfaidh na Páirtithe bearta aontaobhacha áirithe a ghlacadh.

    A mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, féadfaidh an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhphobal’) bearta aontaobhacha a ghlacadh sna cásanna agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 718 agus 719 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, gan dul i muinín an tsásra um réiteach díospóidí ar dtús. Baineann na bearta aontaobhacha atá i gceist le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir an Aontais a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán, mar aon lena rannpháirtíocht iontu a fhoirceannadh go páirteach nó go hiomlán.

    Ina cinneadh maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, thug an Chomhairle de chumhacht don Choimisiún na bearta thuasluaite a ghlacadh a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh 2 , thar ceann an Aontais agus go dtí go nglacfar ‘gníomh reachtach sonrach lena rialáiltear glacadh na mbeart’ faoin gComhaontú seo.

    Tháinig an Coimisiún agus an Chomhairle ar chomhaontú ar ráiteas comhpháirteach freisin, ráiteas a eisíodh tráth a tugadh an Comhaontú Trádála agus Comhair i gcrích, lena bhforáiltear, gan dochar dá cheart tionscnaimh faoi na Conarthaí, ‘go mbeidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún an gníomh reachtach sonrach dá dtagraítear thuas a mholadh tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2022 3 .

    Leis an togra reachtach seo, comhlíontar an tiomantas polaitiúil sin a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, eadhon comhlachas na Ríochta Aontaithe le clár Taighde agus Oiliúna Euratom agus leis an gComhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt arna rialú le Cuid a Cúig den Chomhaontú Trádála agus Comhair (Rannpháirtíocht i gcláir an Aontais, bainistíocht fhónta airgeadais agus forálacha airgeadais). Áirithítear leis an Rialachán atá beartaithe gur féidir leis an gComhphobal gníomhú go tráthúil agus go héifeachtach chun a leasanna a chosaint maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún leis an Rialachán atá beartaithe na bearta dá dtagraítear thuas a ghlacadh, agus iad a chur ar fionraí agus a aisghairm de réir mar is iomchuí, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Ní ann d’aon fhasach maidir le forálacha beartais lena rialaítear tarraingt siar iar-Bhallstáit agus comhpháirtíocht an Chomhphobail leis an iar-Bhallstát sin.

    Tá an Rialachán atá beartaithe ina lex specialis maidir le forálacha eile de dhlí an Chomhphobail a mhéid a rialaíonn na forálacha sin an t‑ábhar céanna.

    Rinneadh Comhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir leis an gComhar i ndáil le hÚsáid Shábháilte agus Shíochánta an Fhuinnimh Núicléach a thabhairt i gcrích tráth a tugadh i gcrích an Comhaontú Trádála agus Comhair 4 .

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Is le togra reachtach ar leithligh a rialaítear inter alia glacadh beart aontaobhach agus beart forfheidhmiúcháin i réimse chláir taighde agus forbartha an Aontais.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is iad na bunúis dlí na bunúis dlí sin i gConradh Euratom lena rialaítear na réimsí ina bhféadfadh sé gur ghá bearta aontaobhacha a ghlacadh, eadhon Airteagail 7, 47 agus 48, i gcomhar le hAirteagal 106a lena ndearbhaítear go bhfuil Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme maidir le Conradh Euratom.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Neamhbhainteach

    Comhréireacht

    A mhéid a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair cearta an Chomhphobail atá le feidhmiú, ní sháraíonn na bearta atá beartaithe an méid a bhfuil fíorghá leis chun an cuspóir a bhaint amach, an cuspóir maidir le feidhmiú tapa éifeachtach na gceart sin a áirithiú. Thairis sin, leis na coinníollacha a bhfuil feidhm acu faoin gComhaontú maidir le bearta aontaobhacha a ghlacadh, áirithítear go bhfuil na bearta sin teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na cuspóirí sonracha a leagtar síos sa Chomhaontú a bhaint amach.

    An rogha ionstraime

    Is í foirm rialacháin is fearr a oireann don chuspóir a shaothraítear, eadhon prionsabail ghinearálta agus coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh fheidhmiú na gceart atá ar fáil don Chomhphobal i dtaca leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Is de chineál nós imeachta agus de chineál institiúideach é an togra.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Neamhbhainteach

    Measúnú tionchair

    Ní dhearnadh measúnú tionchair ar na cúiseanna seo a leanas:

    1.Níl aon rogha bheartais ar fáil don Choimisiún ar na cúiseanna seo a leanas: (a) maidir le bearta atá comhaontaithe cheana i gcomhaontú idirnáisiúnta, eagraíonn an togra atá beartaithe an chaoi a nglactar iad laistigh den Chomhphobal gan aon chorrlach athrúcháin, agus (b) tá gealltanas tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an gCoimisiún go gcuirfidh sé togra maidir leis an ngníomh reachtach seo faoina mbráid faoi dháta áirithe.

    2.Ós rud é gur de chineál nós imeachta é an gníomh, níl coinne le haon tionchar atá inaitheanta go díreach.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach

    Cearta bunúsacha

    Bearta a ghlactar faoin Rialachán atá beartaithe, is éard a bheadh iontu, gníomh dleathach ag an gComhphobal faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Is é an cúis leis sin go nglacfaí an gníomh sin i gcomhréir leis na ceanglais go nglacfadh na húdaráis inniúla an gníomh ar bhonn bunús dlí ceart, agus cuspóir dlisteanach á shaothrú acu, eadhon cearta an Aontais faoi na Comhaontuithe thuas a fheidhmiú, agus go nglacfaidís é i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Neamhbhainteach

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Meastar go ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe laistigh de 5 bliana ó dháta a theacht i bhfeidhm. Tá an tréimhse sin i gcomhréir le hathbhreithniú comhpháirteach an dá Pháirtí leis an gComhaontú Trádála agus Comhair dá bhforáiltear in Airteagal 776 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

    Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

    Neamhbhainteach

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    In Airteagal 1 leagtar síos ábhar an Rialacháin atá beartaithe, is é sin go mbunófaí leis rialacha agus nósanna imeachta chun a áirithiú go bhfeidhmeofaí go héifeachtach agus go tráthúil cearta an Chomhphobail maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a fhorfheidhmiú agus a chur chun feidhme.

    Féadfaidh na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin na mbeart aontaobhach mar a shainítear sa dara mír den Airteagal sin, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 2 agus an nós imeachta coiste a leagtar síos in Airteagal 3.

    Ar deireadh, le hAirteagal 5, déantar foráil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo ag an gCoimisiún laistigh de 5 bliana ó dháta a theacht i bhfeidhm, chun a shuí go mbeidh sé oiriúnach dá fheidhm i gcónaí.

    2022/0070 (NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Chomhphobail i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagail 7, 47 agus 48 i gcomhar le hAirteagal 106a de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch agus Teicniúil,

    (1)An 29 Nollaig 2020 thug an Coimisiún i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhphobal’), an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile 5 (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’). Cuireadh an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, cumhdaítear ábhair a thagann faoi inniúlachtaí an Chomhphobail, eadhon an comhlachas le clár Taighde agus Oiliúna Euratom agus leis an gComhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt arna rialú le Cuid a Cúig den Chomhaontú Trádála agus Comhair (Rannpháirtíocht i gcláir an Aontais, bainistíocht fhónta airgeadais agus forálacha airgeadais).

    (2)Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, déantar foráil go bhféadfaidh na Páirtithe bearta aontaobhacha a ghlacadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe faoin gComhaontú a chur ar fionraí, sna cásanna sonracha agus faoi réir na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos ann. A mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, féadfaidh an Comhphobal bearta aontaobhacha a ghlacadh sna cásanna agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 718 agus 719 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Baineann na bearta aontaobhacha atá i gceist le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir an Aontais a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán, mar aon lena rannpháirtíocht iontu a fhoirceannadh go páirteach nó go hiomlán.

    (3)Má bhíonn gá lena leasanna i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a chosaint, ba cheart don Chomhphobal a bheith in ann úsáid iomchuí a bhaint as na hionstraimí atá ar fáil dó go tapa agus ar bhealach comhréireach, éifeachtach agus solúbtha, agus na Ballstáit á rannpháirtiú go hiomlán. Dá bhrí sin, is gá rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos lena rialaítear glacadh beart aontaobhach mar chuid d’fheidhmiú chearta an Chomhphobail faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

    (4)Ba cheart bearta aontaobhacha a bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun a gcuspóir a bhaint amach, ag féachaint don damáiste iarbhír nó don damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh do leasanna an Chomhphobail de bharr an cháis atá i gceist. Ba cheart dóibh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 718 agus 719 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chomhlíonadh.

    (5)Ba cheart do na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith ina lex specialis maidir le haon fhoráil i ndlí an Chomhphobail lena rialaítear an tábhar céanna.

    (6)Chun a áirithiú go mbeidh an Rialachán seo oiriúnach dá fheidhm i gcónaí, ba cheart don Choimisiún, laistigh de 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin, tabhairt faoi athbhreithniú ar a raon feidhme agus ar a chur chun feidhme agus torthaí an athbhreithnithe sin a chur faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa.

    (7)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe chun feidhmiú tapa éifeachtach solúbtha chearta comhfhreagracha an Chomhphobail faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún bearta aontaobhacha a ghlacadh agus éifeacht a thabhairt do na bearta sin de réir mar is iomchuí i ndlíchóras inmheánach an Chomhphobail. Ba cheart a chuimsiú faoi na cumhachtaí sin freisin na bearta a ghlactar a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a aisghairm. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 . Ós rud é go bhfuil glacadh gníomhartha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu i gceist leis na bearta atá beartaithe, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh ghlacadh na mbeart sin. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, más rud é go néilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne chun leasanna an Chomhphobail a chosaint go hiomchuí.

    (8)Chuathas i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar bhonn deonach agus tá tuairim tugtha uaithi 7 ,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1
    Ábhar agus raon feidhme

    1.Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta chun feidhmiú éifeachtach tráthúil chearta an Chomhphobail a áirithiú agus an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’) á chur chun feidhme.

    2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na bearta seo a leanas arna nglacadh ag an gComhphobal ar bhonn Airteagail 718 agus 719 den Chomhaontú Comhair agus Trádála:

    (a)cur i bhfeidhm Phrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chur ar fionraí, i ndáil le ceann amháin nó níos mó de chláir nó de ghníomhaíochtaí an Chomhphobail, nó, d’eisceacht, codanna díobh;

    (b)cur i bhfeidhm Phrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a fhoirceannadh, i ndáil le ceann amháin nó níos mó de chláir nó de ghníomhaíochtaí an Chomhphobail, nó, d’eisceacht, codanna díobh.

    Airteagal 2
    Cearta an Chomhphobail a fheidhmiú

    1.D’ainneoin aon fhoráil i ndlí an Chomhphobail a ghlactar de bhun Airteagail 7, 47 agus 48 de Chonradh Euratom, tabharfar de chumhacht don Choimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a ghlacadh, agus éifeacht a thabhairt do na bearta sin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

    2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a) a leasú nó a aisghairm, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

    3.I gcás ina mbeidh ábhar imní ar leith ann do Bhallstát amháin nó níos mó a mhéid a bhaineann le hathrú suntasach ar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 718(1), pointí (a) go (c), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, féadfaidh an Ballstát sin nó na Ballstáit sin a iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa chlár nó sna chláir Chomhphobail lena mbaineann a chur ar fionraí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle go tráthúil.

    4.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

    5.Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3).

    Airteagal 3
    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh Coiste na Ríochta Aontaithe cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

    Airteagal 4
    Athbhreithniú

    Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta: cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’). Comhaontú arna thabhairt i gcrích, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, de bhun Chinneadh (Euratom) 2020/2255 ón gCoimisiún an 29 Nollaig 2020 maidir le tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir leis an gComhar i ndáil le hÚsáid Shábháilte agus Shíochánta an Fhuinnimh Núicléach, agus tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 445, 31.12.2020, lch. 2). Bhí feidhm ag an gComhaontú go sealadach ón 1 Eanáir 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
    (2)    Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe, IO L 149, 30.4.2021, lch. 2.
    (3)    Ráiteas ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le faireachán a dhéanamh ar an gComhaontú Trádála agus Comhair agus maidir lena chur chun feidhme, mír 3.
    (4)    Comhaontú arna thabhairt i gcrích de bhun Chinneadh (Euratom) 2020/2255 ón gCoimisiún.
    (5)    IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.
    (6)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
    (7)    […]
    Top