EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022M10789
Prior notification of a concentration (Case M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV) Candidate case for simplified procedure (Text with EEA relevance) 2022/C 238/09
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 238/09
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 238/09
PUB/2022/601
IO C 238, 21.6.2022, p. 14–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 238/14 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 238/09)
1.
An 6 Meitheamh 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
The Goldman Sachs Group, Inc. (“Goldman Sachs”, na Stáit Aontaithe), |
— |
Sojitz Corporation (“Sojitz”, an tSeapáin), |
— |
Cuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í (“JV”, an tSeapáin). |
Gheobhaidh Sojitz agus Goldman Sachs rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Goldman Sachs: gnólacht domhanda um bhaincéireacht infheistíochta, um urrúis agus um bhainistíocht infheistíochtaí a sholáthraíonn réimse seirbhísí baincéireachta, urrús agus infheistíochta ar fud an domhain, |
— |
Sojitz: ilchuideachta dhomhanda atá gníomhach i réimse gnóthaí éagsúla, go príomha i réimse na trádála earraí agus seirbhísí, |
— |
JV: gníomhach i seirbhísí bainistíochta sócmhainní eastáit réadaigh agus i seirbhísí bainistíochta maoine sa tSeapáin, lena n-áirítear comhairle infheistíochta, anailís ar fheidhmíocht punainne, bainistíocht punainne agus seirbhísí cúloifige amhail doiciméid chánach agus ráitis airgeadais a ullmhú. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10789 – GOLDMAN SACHS / SOJITZ / JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).