This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022M10654
Prior notification of a concentration (Case M.10654 – KKR / ACCELL GROUP) Candidate case for simplified procedure (Text with EEA relevance) 2022/C 102/08
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10654 — KKR / ACCELL GROUP) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 102/08
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10654 — KKR / ACCELL GROUP) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 102/08
PUB/2022/174
IO C 102, 2.3.2022, p. 12–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
2.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 102/12 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10654 — KKR / ACCELL GROUP)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 102/08)
1.
An 22 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
KKR & Co. Inc. (na Stáit Aontaithe) (“KKR”); |
— |
Accell Group N.V. (an Ísiltír) (“Accell Group”). |
Gheobhaidh KKR rialú aonair ar Accell Group ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin tairiscint phoiblí a fógraíodh an 24 Eanáir 2022.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is gnólacht infheistíochta domhanda é KKR a thairgeann bainistíocht mhalartach sócmhainní agus réitigh margaí caipitil agus árachas, |
— |
Is monaróir agus díoltóir rothar (lena n-áirítear rothair leictreacha), comhpháirteanna rothar agus oiriúintí é Accell Group. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10654 — KKR / ACCELL GROUP
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).