AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.11.2022
JOIN(2022) 48 final
TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An Plean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022JC0048
JOINT COMMUNICATION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL Action plan on military mobility 2.0
TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE An Plean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0
TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE An Plean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0
JOIN/2022/48 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.11.2022
JOIN(2022) 48 final
TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An Plean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0
1.Réamhrá
Leagadh béim sa Chompás Straitéiseach maidir leis an tSlándáil agus leis an gCosaint 1 , a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach i mí an Mhárta 2022, ar an méid seo a leanas: ‘Tá sé dearbhaithe le fogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine go bhfuil géarghá le soghluaisteacht mhíleataár bhfórsaí armtha laistigh den Aontas agus lasmuigh de a fheabhsú go suntasach.’ I bhfianaise ‘gealltanais nua a bhfuil sé mar aidhm leo soghluaisteacht mhíleata a fheabhsú go suntasach agus infheistíocht a dhéanamh inti’, agus iarradh ‘Plean Gníomhaíochta uaillmhianach, athbhreithnithe faoi dheireadh 2022-. Tugtar freagra ar an nglao sin sa Phlean Gníomhaíochta seo ar Shoghluaisteacht Mhíleata 2.0.
Tá soghluaisteacht mhíleata ríthábhachtach dár slándáil agus dár gcosaint Eorpach. Ní mór d’fhórsaí na mBallstát den Aontas Eorpach a bheith in ann freagairt go tapa agus ar scála leordhóthanach ar ghéarchéimeanna a tharlaíonn ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus níos faide i gcéin. Thairis sin, i gcomhthéacs ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, d’fhoghlaimíomar cé chomh tábhachtach agus atá sé cúnamh míleata a bhogadh gan stró agus chomh tapa agus is féidir.
Is léir ó thaithí na mBallstát i gcomhthéacs na hÚcráine go bhfuil céimeanna tugtha chun cinn ag an Aontas maidir le soghluaisteacht mhíleata. Mar shampla, chuidigh socruithe ábhartha a d’fhorbair an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint leis na Ballstáit amanna a ghiorrú do ghluaiseacht trasteorann. I bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla, is minic a bhí na Ballstáit réidh chun díolúintí a thabhairt chun saincheisteanna a réiteach cás ar chás chun a srianta náisiúnta a shárú. Tá sé in am bogadh ó chur chuige cás ar chás i dtreo réiteach struchtúrach. Ag an am céanna, chonaiceamar teorainneacha freisin - mar shampla, mar gheall ar na córais éagsúla iarnróid idir an Úcráin agus Ballstáit AE agus laistigh den Aontas Eorpach cuireadh cosc ar réitigh shoghluaisteachta optamacha. Tháinig an spleáchas láidir ar réitigh iompair shibhialta ar conradh chun solais freisin.
Ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta ó seoladh an tionscnamh soghluaisteachta míleata in 2017 2 , osclaítear leis an bPlean Gníomhaíochta nua seo an chéad chaibidil eile den obair ar shoghluaisteacht mhíleata don tréimhse 2022 -2026. Agus raon feidhme méadaithe leis agus bearta breise á moladh leis, cuirfidh sé le líonra soghluaisteachta míleata atá nasctha go maith, le hamanna freagartha níos giorra agus bonneagar agus cumais iompair atá cumasach, slán, inbhuanaithe agus athléimneach
Tugtar aghaidh sa Phlean Gníomhaíochta ar an ngá le hacmhainneacht an bhonneagair iompair a fheabhsú a thuilleadh chun meáchan, méid agus scála na gluaiseachta míleata a láimhseáil le bearta nua chun tosaíocht a thabhairt dár gcuid oibre agus na ceanglais maidir leis an slabhra soláthair breosla d’iompar míleata a chur san áireamh. Leantar den iarracht rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta atá casta, fada agus éagsúil a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú, lena n‑áirítear trí ghníomhaíochtaí nua a thabhairt isteach chun tacú le digitiú breise na bpróiseas riaracháin. Cuirtear croílár nua ullmhachta agus athléimneachta leis ina gcuimsítear forbairt cumais iompair straitéisigh de réir na Tuarascála Bliantúla Comhordaithe ar Chosaint (CARD) i mí na Samhna 2020. Moltar bearta inti chun feabhas a chur ar chosaint na hearnála iompair i gcoinne cibirionsaithe agus bagairtí hibrideacha eile, agus chun athléimneacht aeráide agus slándáil fuinnimh na hearnála sin a chur chun cinn. Tugtar breac-chuntas sa cholún comhpháirtíochta nua ar thograí chun idirphlé, comhar agus nascacht le raon comhpháirtithe seachtracha a neartú.
Leis na bloic thógála a cuireadh i bhfeidhm ó 2018 cuirtear bunús láidir ar fáil don Phlean Gníomhaíochta nua seo:
·Cheadaigh an Chomhairle na Riachtanais Mhíleata don tSoghluaisteacht Mhíleata laistigh den Aontas agus lasmuigh de, lena n‑áirítear sonraíochtaí teicniúla agus príomhbhealaí míleata 3 .
·Tá buiséad EUR 1.69 billiún ann do thionscadail bhonneagair iompair dé-úsáide faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) idir 2021-2027 4 .
·Glacadh an chéad Chlár Oibre de chuid SCE do 2021-2023 agus an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir leis na ceanglais dé-úsáide do na tionscadail sin i mí 5 . Réitigh sé sin an bealach chun an chéad bhabhta tionscadal dar luach EUR 339 milliún a ghlacadh an 24 Bealtaine 2022 agus seoladh an dara glao níos luaithe an mhí chéanna. Cuireadh dlús leis na dátaí sin i gcomparáid leis na hamlínte a bhí beartaithe ar dtús i bhfianaise an chogaidh san Úcráin, d’fhonn cur chun feidhme na dtionscadal bonneagair a fheabhsóidh soghluaisteacht mhíleata a luathú.
·Tá togra maidir le Rialachán athbhreithnithe maidir le gréasán tras-Eorpach iompair curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún 6 lena léirítear den chéad uair freisin soghluaisteacht mhíleata sa ghréasán tras-Eorpach iompair. Tá feabhas curtha ar an gcomhleanúnachas idir líonra míleata AE agus líonraí TEN-T agus tá caighdeáin nua bonneagair, lena bhfeabhsófar an tsoghluaisteacht mhíleata go díreach, molta ar gach modh iompair.
·Tugadh aghaidh ar na gnéithe rialála agus nós imeachta chomh maith: rinneadh na foirmiúlachtaí custaim le haghaidh gluaiseachtaí míleata trasteorann a shimpliú. Rinneadh iompar earraí contúirteacha sa réimse míleata a chomhchuibhiú. Foráiltear le treoir nua (2019/2235) do dhíolúine CBL agus dleachta máil d’earraí nó do sheirbhísí a úsáidtear nó a fhaightear i gcomhthéacs iarracht cosanta a dhéantar chun gníomhaíocht Aontais a chur chun feidhme faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta. Tá ceithre Bhallstát is fiche AE agus an Iorua tar éis dul isteach i gClár na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint maidir le ‘Nósanna imeachta maidir le Cead Gluaiseachta Trasteorann a Barrfheabhsú san Eoraip’.
·Faoi chuimsiú an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO), tá tionscadail chomhoibritheacha éagsúla seolta ag na Ballstáit. Leis an tionscadal maidir le Soghluaisteacht Mhíleata tugtar le chéile cúig Bhallstát is fiche agus tríú tíortha chun bearta náisiúnta ábhartha a chomhordú 7 , lena n‑áirítear na cinn a chomhaontaigh na Ballstáit sa ‘ghealltán soghluaisteachta míleata’, mar a thugtar air, an 25 Meitheamh 2018 8 . Is éard atá i gceist leis an tionscadal ar Mhoil Lóistíochta ná 17 mBallstát ag obair le chéile chun a n‑iostaí agus a n‑acmhainní lóistíochta a nascadh le haga freagartha a laghdú agus úsáid na n‑acmhainní a bharrfheabhsú.
2.Cur chuige straitéiseach
Ag teacht leis an treo a leagadh amach leis an gCompás Straitéiseach agus ag cur san áireamh na treoirphrionsabail atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta 2018 9 agus sa chomhthéacs straitéiseach athraithe araon, cuirtear creat cuimsitheach ar fáil leis an bPlean Gníomhaíochta seo chun soghluaisteacht mhíleata a fheabhsú. Moltar tuilleadh gníomhaíochtaí chun gluaiseacht tapa, éifeachtúil, gan bhac na bhfórsaí a d’fhéadfadh a bheith ar scála mór a chumasú, lena n‑áirítear pearsanra míleata agus a dtrealamh, i gcomhthéacs Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh, agus le haghaidh gníomhaíochtaí náisiúnta agus ilnáisiúnta, go háirithe faoi chuimsiú ECAT.
D’fhonn comhleanúnachas na ngníomhaíochtaí sin a áirithiú, raon feidhme méadaithe ‘soghluaisteacht mhíleata 2.0’ a léiriú agus rannpháirtíocht éifeachtach raon leathan páirtithe leasmhara a éascú, tá gá le cur chuige straitéiseach. Tá cur chuige straitéiseach an Phlean Gníomhaíochta seo dírithe ar an ngá atá lelíonra soghluaisteachta míleata dea-nasctha a fhorbairt ina gcuimseofar:
·conairí iompair ilmhódacha, lena n‑áirítear bóithre, iarnróid, aerbhealaí agus uiscebhealaí intíre a bhfuil bonneagar iompair dé-úsáide acu atá in ann iompair míleata a láimhseáil;
·nóid iompair agus lárionaid lóistíochta lena soláthraítear an tacaíocht agus an chothabháil náisiúin idirthurais agus óstaigh is gá chun imscaradh trúpaí agus ábhar a éascú;
·rialacha, rialacháin, nósanna imeachta, agus socruithe riaracháin digitithe atá comhchuibhithe;
·inbhuanaitheacht, athléimneacht agus ullmhach fheabhsaithe cumas iompair shibhialta agus mhíleata agus cumas lóistíochta.
I gcomhréir leis an gcur chuige seo agus ag teacht le ról riachtanach na mBallstát, leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta gníomhaíochtaí molta a n‑iarrtar ar na Ballstáit iad a thabhairt ar aghaidh ar bhealach comhlántach agus comhleanúnach, agus ceannas Bhallstáit AE ar a gcríoch náisiúnta agus ar a bpróisis náisiúnta chinnteoireachta maidir le gluaiseachtaí míleata á n‑urramú go hiomlán. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí na mBallstát trí thionscadail i gcreat PESCO.
Is comhleas le ECAT é cur chuige comhleanúnach agus comhordaithe i leith na soghluaisteachta míleata. Tá an tsoghluaisteacht mhíleata fós ina ‘príomhthionscadal’ don chomhar feabhsaithe agus treisithe idir an dá eagraíocht, i gcomhréir le treoirphrionsabail AE-ECAT, le hidirghníomhaíocht éifeachtúil agus malartú faisnéise laistigh den Idirphlé Struchtúrtha idir baill foirne atá dea-bhunaithe.
3.GNÍOMHAÍOCHTAÍ AITHEANTA
De réir an chur chuige straitéisigh, tá na gníomhartha aitheanta struchtúrtha feadh ceithre phríomhcholún: na conairí ilmhódacha agus na moil lóistíochta, bearta tacaíochta rialála, athléimneacht agus ullmhacht, agus comhpháirtíochtaí.
3.1 Conairí Ilmhódacha agus Moil Lóistíochta: infheistiú i mbonneagar iompair dé-úsáide
I gcroílár na soghluaisteachta míleata tá an gá leis an mbonneagar iompair dé-úsáide a uasghrádú feadh an líonra soghluaisteachta míleata – ina bhfuil bealaí iompair ilmhódaigh atá nasctha le moil lóistíochta – ionas go mbeidh sé in ann iompar míleata a d’fhéadfadh a bheith trom agus ar mhórscála a láimhseáil ar ghearrfhógra. Baineann na Ballstáit den Aontas Eorpach úsáid as an mbonneagar iompair céanna den chuid is mó le haghaidh gluaiseachtaí agus iompar sibhialtach agus míleata araon. Dá bhrí sin, is éard atá i gceist le neartú bonneagair iompair dé-úsáide ar fud an iompair thras-Eorpaigh (TEN-T) conairí iompair ilmhódaigh agus nóid iompair a fhorbairt. Mar thoradh air sin, tá forbairt bonneagair iompair dé-úsáide trí chómhaoiniú ón ionstraim maoinithe um an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) fós ina colún riachtanach den Phlean Gníomhaíochta seo.
I gcomhréir leis an gCompás Straitéiseach, leanfaidh an tAontas de bhonneagar iompair dé-úsáide a neartú ar fud an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair d’fhonn gluaiseacht thapa gan stró pearsanra míleata, ábhair agus trealaimh le haghaidh imscaradh oibríochtúil agus cleachtaí oibríochtúla a chur chun cinn, ag obair i ndlúthchomhar le ECAT agus le comhpháirtithe eile.
Ar cheann de na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin gcéad phlean gníomhaíochta um shoghluaisteacht mhíleata bhí cómhaoiniú a dhéanamh ar thionscadail bhonneagair iompair dé-úsáide atá suite ar ghréasán míleata an Aontais agus ar ghréasán TEN-T. In TEN-T reatha, a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach in 2013, áirítear go háirithe bóithre, iarnróid, calafoirt agus aerfoirt san Aontas Eorpach. In 2019, rinne seirbhísí an Choimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) anailís ar bhearnaí chun comparáid a dhéanamh idir TEN-T agus líonra míleata an Aontais. Ina theannta sin, chuir an anailís ar bhearnaí in 2019 na riachtanais mhíleata maidir le bonneagar iompair i gcomparáid leis na ceanglais theicniúla maidir le bonneagar iompair TEN-T. Chun comparáid a dhéanamh idir líonra míleata na mBallstát agus TEN-T, bhí forluí 93 % idir an dá líonra. Ciallaíonn sé sin go bhfeabhsaítear an tsoghluaisteacht mhíleata go díreach le hinfheistíochtaí an bhonneagair iompair ar an ngréasán tras-Eorpach iompair. Is é an cuspóir croíghréasán an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair a bhaint amach faoi 2030.
An 14 Nollaig 2021, bheartaigh an Coimisiún Rialachán TEN-T 2013 a athbhreithniú. Mhol sé go háirithe conairí an chroíghréasáin a leathnú chuig comhpháirtithe na mBalcán Thiar. Nuair a bhí athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar Rialachán TEN-T, chuimsigh sé píosaí breise bóithre agus iarnróid sa ghréasán geografach atá ann cheana chun na bearnaí sa ghréasán míleata a laghdú. Ba é an aidhm a bhí leis feabhas a chur ar na sineirgí idir an úsáid a bhaineann an sibhialtach agus an earnáil mhíleata as an mbonneagar iompair atá ann cheana. Ina theannta sin, mhol an Coimisiún roinnt caighdeáin theicniúla a ardú maidir le bonneagar TEN-T. Rachaidh sé sin chun tairbhe go díreach do ghluaiseachtaí trúpaí míleata agus trealamh agus soláthairtí, agus ar an gcaoi sin, cothóidh sé soghluaisteacht mhíleata laistigh den Aontas agus lasmuigh de. An 27 Iúil 2022, ghlac an Coimisiún togra leasaithe TEN-T chun an comhthéacs nua geopholaitiúil a léiriú tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Tá sé beartaithe ceithre Chonair Iompair Eorpacha a leathnú chuig an Úcráin agus chuig Poblacht na Moldóive chun naisc idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta comharsanachta a fheabhsú. Tugtar aghaidh sa togra ón gCoimisiún freisin ar shaincheist na leithead rianta iarnróid éagsúil a úsáidtear san Úcráin, sa Mholdóiv agus i mBallstáit áirithe (na Stáit Bhaltacha, an Fhionlainn, Leithinis na hIbéire), rud a chuireann bac ar idir-inoibritheacht an iarnróid agus, dá bhrí sin, athléimneacht an ghréasáin. Mhol an Coimisiún bearta maidir le himirce chéimnitheach línte iarnróid chuig an leithead rianta caighdeánach Eorpach 10 .
Léirítear sna léarscáileanna seo a leanas na gréasáin TEN-T atá ann faoi láthair do bhóithre, d’iarnróid, do chalafoirt agus d’aerfoirt san Aontas Eorpach (Rialachán (AE) 1315/2013).
Ní mór iarrachtaí breise a dhéanamh freisin chun na bearnaí agus na baic i mbonneagar fisiciúil iompair na mBallstát a shainaithint. Go dtí seo, d’oibrigh seirbhísí an Choimisiúin agus SEGS (lena n‑áirítear Foireann Mhíleata an Aontais) chun an bhearna idir TEN-T agus gréasáin mhíleata an Aontais a laghdú maidir le hathbhreithniú TEN-T agus trí chistí a fháil i soghluaisteacht mhíleata SCE chun tacú le tionscadail dé-úsáide. Ba cheart go ndíreofaí sna hiarrachtaí anois ar a áirithiú gur féidir an bonneagar a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí nuair a chaithfidh fórsaí míleata bogadh. Is é an cuspóir acmhainn an bhonneagair a mhéadú agus barr feabhais a chur ar a úsáid, chun críocha sibhialta agus míleata araon. Éilítear leis sin athléimneacht ard an bhonneagair, tacú le teicneolaíochtaí agus rochtain ar fhuinneamh, rud a chuireann ar chumas fórsaí míleata acmhainn mhór a bhogadh laistigh d’fhógra an-ghearr.
Dá bhrí sin, is gá na Riachtanais Mhíleata laistigh den Aontas agus lasmuigh de a nuashonrú chun ailíniú breise a dhéanamh ar na caighdeáin don ghréasán tras-Eorpach iompair agus do ghréasán míleata iompair an Aontais. Mar chuid den nuashonrú sin, ba cheart raon feidhme na Riachtanas Míleata a leathnú chun Bonneagar Slabhra Soláthair Breosla a chlúdach. Nuair a bhíonn fórsaí ar scála mór ag gluaiseacht thar achar fada in amanna géarchéime, tá sé riachtanach go mbeidh soláthar slán breosla ar fáil ar an mbealach. Ina theannta sin, de réir mar a chuirtear an t‑aistriú chuig fuinneamh glan ar aghaidh, tá leas geostraitéiseach ann maidir lena áirithiú nach mbeidh fórsaí ar mhórscála ag brath chomh mór sin ar bhreoslaí iontaise. Ina theannta sin, ba cheart aghaidh a thabhairt leis na Riachtanais Mhíleata freisin ar na bonneagair agus ar na córais le haghaidh rochtain éifeachtach ar aerspás agus úsáid na gcóras aerloingseoireachta. Éilítear le méadú breise ar acmhainn TEN-T freisin iniúchadh a dhéanamh ar naisc le forbairt moil lóistíochta.
Is gá a shainaithint a mhéid is a chomhlíonann gréasán iompair mhíleata an Aontais go praiticiúil na Riachtanais Mhíleata le haghaidh bonneagair. Ag tógáil ar an Anailís ar Bhearnaí idir riachtanais shibhialta agus mhíleata (a cuireadh i láthair den chéad uair in 2019 agus a nuashonraíodh ansin in 2020), ní mór measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann an bonneagar fisiciúil na riachtanais mhíleata. D’éascódh measúnú den sórt sin na réigiúin ina bhfuil bearnaí, agus na cineálacha bearnaí, a shainaithint i gcomhairle le ECAT de réir mar is iomchuí. Bheadh sé níos éasca ansin tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus do chistiú bonneagair ar leibhéal AE chun forbairt an bhonneagair dé-úsáide a luathú agus chun athléimneacht an ghréasáin iompair a áirithiú. Le bearta den sórt sin, cabhrófar le nasc saoráideach na n‑iostaí agus an bhonneagair lóistíochta mhíleata a chruthú leis an ngréasán iompair ar fud an Aontais Eorpaigh. Rachaidh imscaradh tapa fórsaí míleata chun tairbhe d’úsáidí sibhialta go díreach freisin, mar shampla acmhainn nua bonneagair a d’fhéadfadh na Ballstáit a úsáid agus iad ag cabhrú go frithpháirteach lena chéile le haghaidh idirghabhálacha práinneacha chun loscadh sléibhe a chomhrac.
Chun comhleanúnachas agus naisc idir gníomhaíochtaí na mBallstát a éascú – lena n‑áirítear trí thionscadail éagsúla ábhartha PESCO, go háirithe maidir le Soghluaisteacht Mhíleata agus Moil Lóistíochta – agus trí shraitheanna oibre ar leibhéal AE thar raon iomlán na dtopaicí, d’fhéadfaí imeacht bliantúil a bhunú chun geallsealbhóirí éagsúla ó institiúidí an Aontais, ó thionscadail ábhartha PESCO agus ó chomhpháirtithe amhail ECAT a thabhairt le chéile. D’fhéadfaí an chéad imeacht a reáchtáil sa dara leath de 2023.
Príomhghníomhartha ar leibhéal AE: ·Faoi dheireadh 2022, déanfaidh SEGS (lena n‑áirítear EUMS) i gcomhar leis na Ballstáit, le seirbhísí an Choimisiúin agus le GEC, na Riachtanais Mhíleata a nuashonrú laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Leathnófar na Riachtanais Mhíleata chun Bonneagar Slabhra Soláthair Breosla a chlúdach agus áireofar ann dé-úsáid na gcóras agus na mbonneagar cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais um bainistiú aerthráchta, rud a éascóidh rochtain éifeachtach ar aerspás agus úsáid seirbhísí aerloingseoireachta 11 . Leanfar de chomhleanúnachas le ECAT a áirithiú de réir mar is iomchuí. ·Leanfaidh GEC agus seirbhísí an Choimisiúin lena gcomhoibriú chun rochtain ar sheirbhísí aerspáis agus aerloingseoireachta a áirithiú don eitlíocht shibhialta agus mhíleata i gcomhthéacs an Aerspáis Eorpach Aonair (SES) agus an Taighde ar Bhainistíocht Aerthráchta gaolmhar (SESAR). ·Faoi lár 2023, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, in éineacht leis an SEGS, staidéar chun féidearthachtaí maidir le gluaiseachtaí mórscála ar gearrfhógra a shainaithint chun athléimneacht breosla, pleanáil fhadtéarmach bonneagair agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an mbonneagar sin a fheabhsú. Áireofar sa staidéar anailís ar a mhéid a chomhlíonann gréasán fisiciúil iompair mhíleata AE na ceanglais bhonneagair mar a shainaithnítear iad sna Riachtanais Mhíleata, i gcomhairle le ECAT de réir mar is cuí. Bunaithe ar ionchur na n‑údarás náisiúnta, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin agus SEGS anailís ar na bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus molfaidh siad gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt orthu. ·Faoi shamhradh 2023, déanfaidh an SEGS, i gcomhairle le seirbhísí an Choimisiúin agus leis an GEC, idirchaidreamh le Ballstát atá toilteanach an chéad imeacht bliantúil ar shoghluaisteacht mhíleata a eagrúrud a fhágfaidh go mbeidh cur chuige uile-Rialtais ag na páirtithe leasmhara ábhartha. ·Mar a léirítear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis anAnailís ar Bhearnaí Infheistíochta i réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Cinn, déanfaidh an Coimisiún, laistigh den athbhreithniú foriomlán ar thosaíochtaí san athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), breithniú ar an mbuiséad don tsoghluaisteacht mhíleata a neartú tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chun tionscadail bonneagair dé-úsáide a chur chun feidhme laistigh de na srianta a leagtar síos leis an CAI. |
Iarrtar ar na Ballstáit: ·Líonra na bpointí teagmhála náisiúnta don tsoghluaisteacht mhíleata a chothabháil agus a fhorbairt. ·Tograí tionscadail bonneagair dé-úsáide a fhorbairt agus a chur isteach i ngach réimse iompair lena bhfeabhsófar soghluaisteacht mhíleata i gcomhréir le SCE agus a thosaíochtaí sonraithe le fócas ar leith ar ghníomhaíochtaí iompair lena dtugtar aghaidh ag an am céanna ar ghníomhú ar son na haeráide, lena n‑áirítear tionscadail chun slándáil fuinnimh a fheabhsú. ·Cur le nuashonrú na Riachtanas Míleata um Shoghluaisteacht Mhíleata laistigh den Aontas agus lasmuigh de agus tograí a chur isteach le haghaidh réimsí nua a chur san áireamh. ·Faoi lár 2023, a measúnuithe náisiúnta ar chumas na ngréasán fisiciúil na ceanglais bhonneagair arna sainaithint sna Riachtanais Mhíleata a chomhlíonadh, a chur faoi bhráid sheirbhísí an Choimisiúin agus SEGS lena n‑ionchur sa staidéar thuasluaite. ·Sineirgí a lorg maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ina straitéisí náisiúnta chun na fórsaí armtha a ullmhú don athrú aeráide roimh dheireadh 2023, mar a iarrtar sa Chompás Straitéiseach. |
3.2 Bearta Tacaíochta Rialála
Éascófar le nósanna imeachta comhchuibhithe agus baint de bhacainní nós imeachta gluaiseacht mhíleata ghasta. Ba cheart ceannasacht Bhallstáit AE ar a gcríoch náisiúnta agus ar phróisis náisiúnta chinnteoireachta a urramú sna bearta sin. Ba cheart díriú san obair atá romhainn díriú ar na sraitheanna éagsúla oibre a seoladh ó 2018 a chur chun feidhme agus a chomhlánú agus é mar chuspóir cuidiú leis na Ballstáit a ‘ngealltanas soghluaisteachta míleata’ de 2018 a chomhlíonadh 12 .
3.2.1 Ceadanna gluaiseachta trasteorann
Chun cabhrú le gluaiseacht pearsanra agus sócmhainní míleata, d’éascaigh an tAontas trasnú na dteorainneacha trí mhodhanna éagsúla iompair a úsáid. Bunaíodh clár GEC maidir le ‘Nósanna Imeachta um Cheadanna Gluaiseachta Trasteorann a Barrfheabhsú san Eoraip’ (CBMP) chun nósanna imeachta gluaiseachta trasteorann a chomhchuibhiú agus a shimpliú, lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna rialála agus nós imeachta araon. I mí na Samhna 2021, síníodh dhá Shocrú Theicniúla, ceann don dromchla 13 agus ceann don réimse aeir 14 . Sonraítear sna socruithe sin na nósanna imeachta nach mór a leanúint le haghaidh gluaiseachta le linn tráthanna géarchéime, ullmhú do ghéarchéimeanna, oiliúint agus ó lá go lá.
I gcásanna áirithe, ní mór do na Ballstáit na socruithe sin a chomhtháthú i bpróisis náisiúnta fós. Tá a gcur chun feidhme á éascú ag GEC faoi láthair, trí líonra an Phointe Teagmhála Náisiúnta (NPOC) arna bhunú le tionscadal PESCO ‘Soghluaisteacht Mhíleata’. Giorrófar leis sin na próisis um chead gluaiseachta agus, dá bhrí sin, cuideoidh sé leis na Ballstáit rannpháirteacha an sprioc chomhaontaithe a chomhlíonadh laistigh de chúig lá oibre, is é sin freagra a thabhairt. Thosaigh GEC ag obair freisin chun an tríú socrú um chead gluaiseachta trasteorann a fhorbairt san fhearann muirí.
3.2.2 Custam
I mí Iúil 2020, tháinig leasuithe dlíthiúla 15 i bhfeidhm chun na foirmiúlachtaí custaim le haghaidh earraí míleata a shimpliú agus chun creat dlíthiúil a bhunú le haghaidh Fhoirm 302 AE 16 .
Shínigh 23 Bhallstát rannpháirteacha agus an Iorua Socrú um Chlár Chatagóir A GEC ‘Riachtanais Mhíleata a bhaineann le Custaim a Chomhchuibhiúo i mí na Bealtaine 2021. Tá sé mar aidhm leis gníomhaíochtaí custaim a bhaineann le cúrsaí míleata a dhigitiú agus an tacar sonraí a thiocfaidh as sin a chur ar fáil lena mhalartú le húdaráis chustaim shibhialta. Go dtí seo, díríodh an obair ar chéad chuspóir an chláir, is é sin, measúnú ar na riachtanais, na gnóthachain agus na rioscaí a bhaineann le córas míleata custaim a fhorbairt a úsáideann na Ballstáit rannpháirteacha. Tá an dara ceann, le tacaíocht ó GEC, ag obair i ndlúthchomhar le seirbhísí an Choimisiúin chun comhlíonadh na nósanna imeachta custaim a áirithiú mar a thuairiscítear i gCód Custaim an Aontais (UCC). Beidh torthaí an mheasúnaithe sin ina mbunús do na chéad chéimeanna eile, go háirithe chun sonraíochtaí agus ceanglais a shainiú maidir le digitiú custaim mhíleata,lena n‑áirítear go háirithe teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun faisnéis a mhalartú idir fórsaí custaim agus fórsaí míleata.
D’oibreodh an Coimisiún, más gá, ar na leasuithe dlíthiúla agus ar an bhfaireachán a dhéantar ar fhorbairt an chórais dhigitigh chun faisnéis a bhaineann le soghluaisteacht mhíleata a mhalartú go slán agus go mear chun a áirithiú go mbeidh creat dlíthiúil ann lena gcumhdaítear úsáid an Chórais ag na Ballstáit agus go mbeidh an Córas ar aon dul leis na nósanna imeachta custaim mar a bhunaítear i Reachtaíocht Custaim an Aontais.
3.2.3 Próisis riaracháin a dhigitiú
Mar a leagtar amach thuas, faoi chlár oibre bliantúil 2021, bhí togra i gceist leis an gCiste Eorpach Cosanta (CEF) maidir le córas digiteach a fhorbairt chun faisnéis a bhaineann le soghluaisteacht mhíleata a mhalartú go tapa agus go slán. Réamhroghnaíodh cuibhreannas ina bhfuil cuideachtaí ó naoi mBallstát agus tír chomhpháirtíochta amháin 17 chun maoiniú a fháil chun an córas digiteach sin a fhorbairt, a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i lár 2025.
Chabhródh an Coimisiún leis an gconraitheoir a mbeadh an córas á fhorbairt aige agus d’áiritheodh sé go n‑úsáidfeadh na Ballstáit uile é.
3.2.4 Lóistíocht fheabhsaithe
Is cumasóir ríthábhachtach é lóistíocht fheabhsaithe i ngach réimse oibríochta d’Fhórsaí Armtha na mBallstát. Is mórdhúshlán iad na córais agus na próisis lóistíochta náisiúnta ilchineálacha atá curtha in oiriúint do riachtanais aonair maidir le comhleanúnachas thírdhreach chumais na hEorpa. Dá bhrí sin, tá GEC ag tacú le caighdeáin choiteanna a fhorbairt do líonra TF lóistíochta ar fud an Aontais, 18 i gcomhréir le Tosaíocht Forbartha Cumais AE faoi seach agus le sraith oibre shonrach de réimse fócais CARD - Soghluaisteacht Mhíleata Fheabhsaithe. D’éascódh líonra TF den sórt sin bainistiú éifeachtach stoc agus soláthairtí, lena n‑áirítear bainistíocht comharstórais agus cumas Rianaithe & Lorgaireachta chun feasacht ar an slabhra soláthair lóistíochta a fheabhsú.
Ina theannta sin, ba cheart caighdeáin chomhchoiteanna a fhorbairt do réitigh um Monarú Suimitheach (AM) míleata, chun leas a bhaint as an teicneolaíocht, ar féidir léi gluaiseachtaí tapa míleata a áirithiú trí dlús a chur le soláthar páirteanna spártha laistigh den slabhra soláthair lóistíochta. Ina theannta sin, cuireann AM mar phríomhtheicneolaíocht le hinbhuanaitheacht agus le hiomaíochas tionsclaíoch araon. Ar deireadh, dá laghdófaí an lorg loighisticiúil – amhail an soláthar (athsholáthar) riachtanach, cothabháil agus lóistíocht eile a theastaíonn agus aonad míleata agus/nó trealamh agus soláthairtí á bhogadh – rud a dhéanfadh gluaiseachtaí míleata níos éifeachtaí agus níos tapúla. Mar shampla, d’fhéadfaí cigireacht agus cothabháil a dhéanamh ar threalamh a úsáidtear go frithpháirteach agus trealamh míleata a dheimhniú, amhail armlón, ar bhealach comhoibritheach ar an láthair nó ag moil lóistíochta, agus úsáid á baint as na caighdeáin atá ann cheana. D’fhéadfadh Tacaíocht fheabhsaithe do Náisiún Óstach nó cineálacha eile comhair ilnáisiúnta cabhrú leis an lorg lóistíochta a laghdú ina leith sin.
Príomhghníomhartha ar leibhéal AE: ·Faoi 2024, tacóidh GEC leis na Ballstáit rannpháirteacha chun na socruithe teicniúla a chur chun feidhme go hiomlán le haghaidh nósanna imeachta trasteorann maidir le ceadanna gluaiseachta don dromchla agus don aer trí fhaireachán a dhéanamh ar a n‑úsáid agus trí bhaic agus constaicí a shainaithint agus a réiteach; réimsí nach gcumhdaítear sna Socruithe Teicniúla sínithe a shainaithint agus a n‑ábhar a fheabhsú; agus Socrú Teicniúil a fhorbairt don réimse muirí. ·Faoi dheireadh 2024, déanfaidh GEC measúnú ar an gcaoi le sineirgí a mhéadú idir an obair a rinne tionscadal PESCO ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ tionscadal PESCO agus ‘Líonra na Moil Lóistíochta san Eoraip agus Tacaíocht d’Oibríochtaí’. ·Sainaithneoidh an Coimisiún ábhair faoin gCiste Eorpach Cosanta i gcláir oibre bhliantúla amach anseo lena bhfeabhsófar an tSoghluaisteacht Mhíleata nuair a bheidh siad i gcomhréir le cuspóirí agus le critéir an CEF. ·Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt an chórais dhigitigh chun faisnéis faoi shoghluaisteacht mhíleata a mhalartú go slán agus go tapa agus, más gá, ullmhóidh sé leasuithe dlíthiúla ar Reachtaíocht Custaim AE lena áirithiú go mbeidh creat dlíthiúil ann maidir le húsáid an Chórais ag na Ballstáit agus go mbeidh an Córas ar aon dul leis na nósanna imeachta custaim mar atá bunaithe i Reachtaíocht Custaim AE. ·Faoi 2024, déanfaidh GEC coincheap a fhorbairt le haghaidh líonra TF lóistíochta ar fud an Aontais chun malartú sonraí lóistíochta i measc rannpháirtithe éagsúla a éascú. Faoi 2023, cuirfidh GEC torthaí staidéir i láthair maidir le mapáil na gcóras loighistice TF náisiúnta agus tráchtála, lena n‑áirítear bogearraí Rianaithe & Lorgaireachta agus Pleanáil Acmhainní Fiontraíochta (ERP), a bheidh mar bhonn le gníomhaíochtaí breise a thionscnamh. ·Faoi 2024, saineoidh GEC an chéad phacáiste de chaighdeáin choiteanna chun úsáid mhíleata réiteach um Monarú Suimitheach a chur chun cinn ar bhealach idir-inoibritheach. |
Iarrtar ar na Ballstáit: ·Cuspóir uasta 5 lá oibre a bhaint amach, faoi dheireadh 2023, maidir le nósanna imeachta trasnaithe teorann mar chuid den ‘ghealltanas’ don tsoghluaisteacht mhíleata a chomhaontaigh an Chomhairle i mí an Mheithimh 2018 agus féachaint an bhféadfaí an t‑am a laghdú go 3 lá oibre i gcás aonaid mhearfhreagartha, d’fhonn an ‘gealltanas’ a thabhairt cothrom le dáta. ·Páirt a ghlacadh i staidéir ábhartha a dhéantar ar leibhéal AE agus na sonraí riachtanacha a chur ar fáil. ·Tacú go gníomhach le forbairt Socraithe Theicniúil le haghaidh Ceadanna Gluaiseachta Trasteorann don réimse muirí. |
3.3 Athléimneacht agus Ullmhacht
Ní mór do líonra soghluaisteachta míleata atá ag feidhmiú go maith a bheith athléimneach, lena n‑áirítear i gcomhthéacs cibearbhagairtí, bagairtí an athraithe aeráide agus bagairtí hibrideacha eile a d’fhéadfadh díriú ar nóid chriticiúla sa chóras iompair a úsáideann an t‑arm. Mar shampla, d’fhéadfadh cibirionsaí ar chórais a úsáidtear in aerfoirt, cuanta nó iarnróid nó cibirionsaí ar shócmhainní míleata a bheith ina chúis le hiarmhairtí móra. Dá bhrí sin, maidir le próisis agus nósanna imeachta a dhigitiú, lena n‑áirítear an comhar sibhialta agus míleata is gá, chun córais CIS/TF a neartú i gcoinne cibearbhagairtí. Beidh ar na Ballstáit gníomhú ina leith sin, ag cur le hobair GEC. Ina theannta sin, taobh amuigh de na réamhriachtanais don tsoghluaisteacht mhíleata a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar shoghluaisteacht agus in-imscarthacht a bhfórsaí armtha, chun a áirithiú gur féidir leo brath ar bhonneagar agus ar chumais iompair shibhialta agus mhíleata le linn géarchéime.
3.3.1 Cumais iompair straitéisigh
Tá cumais iompair straitéisigh ríthábhachtach chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit a bhfórsaí agus a dtrealamh a imscaradh go tapa laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Cuimsítear sa chéad Athbhreithniú Bliantúil Comhordaithe ar Chosaint, arna fhormheas ag Airí Cosanta AE i mí na Samhna 2020 19 , ‘Soghluaisteacht Mhíleata Fheabhsaithe’ mar cheann dá réimsí fócais. Leagtar béim ann ar an ngá atá le hathléimneacht fheabhsaithe, cumais agus lóistíocht iompair straitéisigh, agus bagairtí hibrideacha ar ghluaiseachtaí míleata á gcur san áireamh, agus cuirtear moltaí chun cinn ann chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí den sórt sin ar bhealach iomlánaíoch.
I gcomhréir leis an réimse fócais um Shoghluaisteacht Mhíleata Fheabhsaithe, ní mór don Aontas bearnaí agus easnaimh inár gcumas lóistíochta a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, lena n‑áirítear cumais talún (uiscebhealaí intíre freisin), mara, agus aertharlaithe, a theastaíonn le haghaidh gluaiseacht éifeachtach agus éifeachtúil fórsaí mórscála. I ndáil leis an méid sin, tá gá le cumais straitéiseacha feabhsaithe Eorpacha maidir le haertharlú i réimse criticiúil an lasta atá ollmhór nó speisialaithe (e.g. armlón a iompar). D’fhéadfadh creat GEC tacú le sócmhainní lasta ollmhóir sibhialta a oiriúnú chun críche míleata, agus ar an gcaoi sin, na sineirgí sibhialta-míleata a uasmhéadú agus gníomhaíochtaí Thionscadal PESCO ‘Aeriompar Straitéiseach le haghaidh Lasta Sheachtraithe (SATOC)’ á gcur san áireamh 20 . Ina theannta sin, ba cheart ceanglais fhéideartha maidir le sócmhainní speisialaithe muiraistrithe agus iompair iarnróid a shainaithint.
Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cumais aertharlaithe, ba cheart don Aontas feabhas a chur ar chomhordú na hacmhainne gluaiseachta, lena n‑áirítear trí idirchaidreamh a dhéanamh leis na struchtúir éagsúla chomhordaithe gluaiseachta ilnáisiúnta san Eoraip 21 . Áirítear leis sin naisc a fhorbairt idir an SEGS agus GEC agus struchtúir den sórt sin, chun aghaidh a thabhairt ar iarrataí nithiúla agus dúshláin lóistíochta níos leithne a chomhordú.
Ar deireadh, léirítear ó cheachtanna ó chogadh na Rúise san Úcráin acmhainneacht theoranta na hearnála sibhialtaí chun freastal ar éileamh práinneach agus ar éileamh mórscála, b’fhéidir, an airm in am géarchéime. Chun an prionsabal ‘tagadh do sheal mar a tháinig tú féin’ a shárú, is gá bearta éigeandála a chur i bhfeidhm chun a áirithiú, nuair a aithnítear géarchéim slándála ar leibhéal an Aontais, go bhféadfar rochtain tosaíochta ar bhonneagar, acmhainní nó bealaí iompair a chur ar fáil don arm – mar shampla ag cur le creatchonarthaí agus le céimeanna praiticiúla eile chun ullmhú do chásanna den sórt sin agus ceannas Bhallstáit an Aontais ar a gcríoch náisiúnta agus próisis chinnteoireachta maidir le gluaiseachtaí míleata a urramú go hiomlán. Sa chomhthéacs sin freisin, ba cheart spleáchas ar bhreosla iontaise a laghdú nuair is féidir. I ndiaidh na réasúnaíochta sin, d’fhéadfadh an tAontas Eorpach measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann chun rochtain ar acmhainní iompair straitéisigh a áirithiú, mar shampla trí chreatchonarthaí le soláthraithe sibhialtacha, lena n‑áirítear conarthaí le haghaidh dé-úsáide i gcásanna fóirithinte tubaistí (e.g. bonneagar leighis agus dí-éillithe CBRN a sheoladh). Chun dóthain cumais iompair a áirithiú, tá ailíniú le comhpháirtithe sibhialta ríthábhachtach, ag tosú le mapáil na ngníomhaithe sibhialta ábhartha go léir de réir an mhodha iompair.
3.3.2 Cleachtaí
Tá freachnaimh i bhformáidí éagsúla fíor-riachtanach chun ár gcuid feabhsuithe bonneagair agus nós imeachta a thástáil, agus na constaicí agus na baic atá fágtha a aithint. Reáchtáladh plé bunaithe ar chás ar shoghluaisteacht mhíleata i mí Eanáir 2021 mar thaobh-imeacht le Réiteach Comhtháite Réitigh do Bhainistiú Géarchéime AE in 2020 22 . Ba cheart dúinn leanúint leis na freachnaimh boird sin agus na cuspóirí soghluaisteachta míleata a chur isteach sna ‘freachnaimh bheo’ lena n‑áirítear na cinn atá beartaithe i gcomhthéacs an Chumais Mhearimscartha a cuireadh ar aghaidh sa Chompás Straitéiseach nó trí pháirt a ghlacadh i bhfreachnaimh ilnáisiúnta eile lena n‑áirítear i gcomhthéacs ECAT de réir mar is cuí.
3.3.3 Cosaint ar rioscaí slándála san earnáil iompair
Féadfar na leochaileachtaí atá ag méadú inár gcóras iompair mhíleata a dhúshaothrú chun cur isteach ar shoghluaisteacht mhíleata. Tá géarghá, dá bhrí sin, le haghaidh a thabhairt ar athléimneacht an líonra atá á chur i bhfeidhm againn, chun é a chosaint ar bhagairtí hibrideacha agus eile, lena n‑áirítear maidir leis an earnáil iompair shibhialta agus tráchtála. Bainfidh tuilleadh oibre sa réimse seo tairbhe as na gníomhaíochtaí leanúnacha chun bagairtí hibrideacha 23 a chomhrac agus maidir le cosaint bonneagair chriticiúil, lena n‑áirítear i bhfianaise an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle le déanaí maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (2022/0338 (NLE)) 24 .
Go háirithe, ba cheart don Aontas comhar a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:
·An athléimneacht fhisiciúil a neartú i gcoinne bagairtí nádúrtha agus bagairtí de dhéantús an duine ar na heintitis sin a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha san earnáil iompair. Áirítear leis sin an Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil 25 (Treoir CER) san earnáil iompair a chur chun feidhme chomh maith le glacadh tapa agus cur chun feidhme an Togra a éascú le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú, i gcás go bhfuil iompar ar cheann de na 26 . .
·Cibearshlándáil na hearnála iompair shibhialta agus a córais tacaíochta, lena n‑áirítear córais rialaithe tráchta (aer, iarnród, muiraistriú), córais bhainistíochta críochfoirt choimeádán, córais rialaithe le haghaidh loc, droichead, tollán etc. Áirítear leis sin dlús a chur le trasuí agus le cur chun feidhme na Treorach athbhreithnithe a glacadh le déanaí maidir le Bearta chun an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise (Treoir NIS2) 27 a chur chun feidhme san earnáil iompair agus leis an obair a rinneadh ar bhonnlínte athléimneachta i gcomhthéacs bagairtí hibrideacha a chomhrac. I gcás géarchéim chibearshlándála, tá sé riachtanach a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis is gá a mhalartú i gceart chun an fheasacht staide is iomláine is féidir a áirithiú i measc na n‑earnálacha iompair míleata agus sibhialta. Ba cheart go n‑áireofaí leis sin freisin comhar idir údaráis ábhartha earnála atá freagrach as iompar, údaráis inniúla cibearshlándála agus CSIRTanna, agus, i gcomhréir lena chúraimí mar a shamhlaítear i dTreoir NIS2, trí Líonra na hEagraíochta Eorpaí um Idirchaidreamh Cibir-Ghéarchéimeanna (EU – CyCLONe). Ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar shineirgí le TEN-T 28 . Iarrtar ar na Ballstáit freisin úsáid a bhaint as clár tacaíochta gearrthéarmaí an Choimisiúin a chuirfear chun feidhme le ENISA chun ullmhacht na n‑eintiteas fíor-riachtanach in earnáil an iompair a mhéadú, mar shampla trí thástáil treáite.
·D’fhéadfadh sé gur riosca slándála don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit iad Infheistíochtaí Díreacha Coigríche a dhéanann eintitis nach bhfuil san Aontas isteach i mbonneagair agus in oibríochtaí iompair laistigh den Aontas atá ríthábhachtach freisin don iompar míleata. D’fhéadfadh infheistíocht dhíreach ó thríú tíortha i mbonneagar dé-úsáide laistigh den Aontas Eorpach a bheith ina riosca dá slándáil agus dá ord poiblí. Is fíor é sin go háirithe nuair a úsáideann tríú tíortha bearta airgeadais chun tionchar diúltach a imirt ar nascacht, nó nuair a bhíonn faisnéis íogair ar fáil d’infheisteoirí tríú tíortha. Ciallaíonn forluí láidir idir bonneagar sibhialta agus míleata leochaileacht bhreise i gcomhthéacs FDI. Déanfar scagadh cúramach ar infheistíochtaí den sórt sin faoi chuimsiú an Rialacháin 29 maidir le Scagadh FDI agus TEN-T 30 .
·Tionchar an athraithe aeráide agus an aistrithe fuinnimh ghlais ar athléimneacht agus ar shlándáil fuinnimh bhonneagar agus inniúlachtaí iompair mhíleata na mBallstát den Aontas Eorpach. Cuireann leibhéil farraige atá ag ardú agus níos mó teagmhais adhaimsire riachtanais nua le suiteálacha míleata agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise á laghdú in iompar míleata do shlándáil agus d’infhaighteacht foinsí fuinnimh in-athnuaite agus teicneolaíochtaí gaolmhara 31 . Beidh an obair sin bunaithe ar thorthaí ábhartha an Fhóraim Comhairliúcháin um Fhuinneamh Inmharthana san Earnáil Cosanta agus Slándála (CF SEDSS), lena n‑áirítear staidéir taighde ar inoiriúnaitheacht an athraithe aeráide agus ar thionchar bagairtí hibrideacha ar chosaint, agus aithneofar deiseanna chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid in iompar míleata, e.g. hidrigin.
Is féidir athléimneacht a fheabhsú freisin trí iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le cumraíochtaí sibhialta agus míleata samhlacha aerárthaí a úsáid chun a gcuid páirteanna spártha a aithint go frithpháirteach. Faoi láthair, deimhníonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) aerárthaí sibhialta agus a gcomhpháirteanna a úsáidtear le haghaidh cothabhála agus deisiúcháin, agus deimhníonn na Ballstáit aerárthaí agus comhpháirteanna míleata ar chúiseanna slándála náisiúnta. Is cúis dúblála é an cur chuige sin: ba cheart go mbeadh aerárthaí míleata in ann a bpáirteanna spártha a mhalartú leis na cinn a dheimhnítear lena n‑úsáid ag sibhialtaigh más comhionann iad. Gan inniúlachtaí EASA nó na mBallstát a athrú, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le sásra nua chun nósanna imeachta deimhniúcháin agus cothabhála aerárthaí a shimpliú trí cheadú a thabhairt do chomhpháirteanna agus do pháirteanna arna ndeimhniú ag EASA a chomhthiomsú le haghaidh comhúsáide ag oibreoirí míleata agus ag oibreoirí sibhialta, rud a laghdódh go mór costais cothabhála aerárthaí míleata agus a mhéadódh sábháilteacht eitilte ag an am céanna. Ba cheart staidéar píolótach a sheoladh chun sineirgí idir an dá shásra deimhniúcháin a shainaithint. Ina theannta sin, bratha oibríochtaí i réimse an aeir go mór ar shonraí digiteacha a mhalartú agus a roinnt go héifeachtach i measc geallsealbhóirí agus oibreoirí ábhartha sibhialta agus míleata.
Éilítear leis sin comhiarracht shibhialta-mhíleata chun líonra láidir athléimneach comhroinnte sonraí a áirithiú lena mbeidh leibhéal ard cibearshlándála.
3.3.4. Réitigh bunaithe ar spás don tsoghluaisteacht mhíleata
D’fhéadfadh loingseoireacht spásbhunaithe (Galileo/EGNOS), cumarsáid shlán agus Faire na Cruinne (Copernicus) atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo dul chun sochair go mór do shoghluaisteacht mhíleata. Ba cheart dúinn measúnú a dhéanamh ar conas leas a bhaint as an acmhainneacht sin.
Is í an tSeirbhís Rialáilte Phoiblí (PRS) an tseirbhís loingseoireachta Galileo is sláine atá oiriúnach d’fheidhmchláir rialtais a chaithfidh a bheith iontaofa fiú i gcásanna géarchéime, atá coibhéiseach leis an M-Cód GPS. D’fhéadfadh Galileo PRS tairbhí díreacha a thabhairt don tsoghluaisteacht mhíleata trí fhaisnéis maidir le Loingseoireachta agus Amú Suímh i dtimpeallachtaí a chonspóidtear a chur ar fáil, trí riachtanais oibríochtúla ríthábhachtacha a chomhlíonadh i réimse na n‑oibríochtaí, agus trí chur le cinnteoireacht eolasach agus ceannas agus rialú.
Is féidir le Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS), cé nach bhfuil sí deartha chun oibriú i gcrios coinbhleachta, sochair oibríochtúla thábhachtacha a thairiscint d’oibríochtaí lóistíochta agus iompair. I ndalaí adhaimsire, féadfaidh sé rochtain shlán a chumasú ar bhunáiteanna aeir agus ar aerfoirt réigiúnacha nach bhfuil modhanna eile acu.
Is é aidhm Chlár Nascachta Slán nua an Aontais, ar mhol an Coimisiún Rialachán ina leith an 15 Feabhra 2022, rochtain ar fud an domhain ar sheirbhísí cumarsáide satailíte rialtais a áirithiú. Rinneadh staidéar ar raon cásanna úsáide sa chomhthéacs sin, lena n‑áirítear maidir le bainistiú tráchta agus misean míleata. Ón anailís sin, is léir go bhfuil nascacht shlán ina sócmhainn straitéiseach níos mó agus níos mó anois maidir le húsáid feithiclí uathrialacha agus aerárthaí. Ní mór aird chuí a thabhairt ar riachtanais soghluaisteachta míleata i sainiú phunann seirbhíse an chórais nascachta shláin.
Le clár an Aontais um fhaire na Cruinne, Copernicus, cuirtear seirbhísí faisnéise ar fáil a thagann ó Fhaire na Cruinne atá bunaithe ar an tsatailít (ó shatailítí Copernicus Sentinel nó ó shatailítí tráchtála) agus sonraí in-situ (neamhspás) i dtrí phríomhréimse: 1) faireachán comhshaoil a dhéanamh (talamh: cumhdach agus úsáid talún, an tSamhail um Airde Dhigiteach, líonra abhann AE agus sonraí tagartha do réimsí uisce; muirí; atmaisféar; an t‑athrú aeráide), 2) bainistiú éigeandála (i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine, e.g. tuile, creathanna talún, dóiteáin foraoise), agus 3) slándáil (faireachas teorann agus muirí, agus tacaíocht do ghníomhaíocht sheachtrach AE). D’fhéadfaí naisc fhéideartha le soghluaisteacht mhíleata a iniúchadh tuilleadh.
CASSINI - spreagfaidh tionscnamh an Choimisiúin chun fiontraíocht spáis a chothú san Aontas forbairt teicneolaíochtaí, próiseas tionsclaíoch agus seirbhísí suaiteacha. Cuirfidh teacht chun cinn na n‑imreoirí tráchtála nua le raon na réiteach atá cumasaithe don spás, lena n‑áirítear don tsoghluaisteacht mhíleata.
Príomhghníomhartha ar leibhéal AE: ·Déanfaidh GEC, i ndlúthchomhairle leis na Ballstáit, le SEGS agus le seirbhísí an Choimisiúin, obair leantach ar an réimse fócais Shoghluaisteacht Mhíleata Fheabhsaithe CARD, chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí agus ar na heasnaimh maidir leis an athléimneacht chomh maith leis an gcumas lóistíochta agus iompair atá riachtanach do ghluaiseacht fórsaí ar mhórscála, lena n‑áirítear go háirithe lastas atá ollmhór nó speisialaithe (e.g. earraí contúirteacha a bhfuil bearta sonracha ag teastáil ina leith). ·Faoi 2023, déanfaidh SEGS measúnú ar an lorg lóistíochta le haghaidh mhisin agus oibríochtaí CBSC, go háirithe maidir le deimhnithe agus cigireachtaí, chomh maith le bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa chumas iompair a shainaithint, agus tabharfaidh sé moltaí maidir le deiseanna comhoibríocha. ·Faoi 2023, déanfaidh GEC iniúchadh ar oiriúnú sócmhainní lastais ollmhóir sibhialta chun críocha míleata, agus gníomhaíochtaí Thionscadal PESCO ‘Aeriompar Straitéiseach le haghaidh Lasta Ollmhór (SATOC)’ á gcur san áireamh. ·Faoi 2024, aithneoidh GEC riachtanais fhéideartha le haghaidh sócmhainní speisialaithe iompair iarnróid agus cumais straitéiseacha muiraistriú. ·Déanfaidh seirbhísí SEGS, GEC agus an Choimisiúin iniúchadh ar an gcaoi ar féidir comhordú an chumais gluaiseachta a neartú, lena n‑áirítear trí shineirgí a lorg le lárionaid chomhordaithe gluaiseachta ilnáisiúnta. ·Faoi dheireadh 2024, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas in aghaidh an mhodha iompair ar fáil do gach príomhghníomhaí i réimse na sibhialtachta chun críocha pleanála agus comhordaithe éigeandála agus géarchéime. ·Faoi 2024, déanfaidh GEC, in éineacht le seirbhísí an Choimisiúin agus EEAS (lena n‑áirítear EUMS), measúnú ar an tairbhe a bhaineann le hacmhainní straitéiseacha iompair le haghaidh dé-úsáide, amhail fóirithint tubaistí. ·Bainfidh seirbhísí SEGS, seirbhísí an Choimisiúin agus GEC leas as freachnaimh ilnáisiúnta chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta míleata a phríomhshruthú (imscaradh, cothabháil agus ath-imlonnú na bhfórsaí), lena n‑áirítear freachnaimh bheo an Aontais agus Freachnaimh Chomhthreomhara agus Chomhordaithe le ECAT, agus trí rannpháirtíocht AE i bhfreachnaimh ECAT, de réir mar is iomchuí. ·Eagróidh SEGS, in éineacht le seirbhísí an Choimisiúin agus GEC, freachnaimh bunaithe ar chásanna ina mbeidh saineolaithe ó na Ballstáit páirteach. ·Leanfaidh seirbhísí GEC agus an Choimisiúin lena n‑iarrachtaí chun malartú agus roinnt sonraí digiteacha atá iontaofa agus éifeachtach a áirithiú idir geallsealbhóirí ábhartha na heitlíochta sibhialta agus míleata. ·Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, an SEGS agus an grúpa comhair NIS, i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí sibhialta agus míleata ábhartha agus le líonraí bunaithe ábhartha, meastóireacht riosca agus cásanna riosca ó thaobh na cibearshlándála de go rialta, ag díriú ar earnálacha criticiúla tosaíochta. Déanfar é sin chun comhlántacht a áirithiú leis an tástáil struis ar bhonneagair chriticiúla, mar a leagtar amach i bplean 5 phointe an uachtaráin agus sa togra ina dhiaidh sin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le hathléimneacht bonneagair chriticiúil. ·Cuirfidh GEC, in éineacht le seirbhísí SEGS agus an Choimisiúin, le tionscnaimh leanúnacha chun feabhas a chur ar athléimneacht aeráide agus slándáil fuinnimh na mbunáiteanna míleata agus na gcumas iompair atá riachtanach don tsoghluaisteacht mhíleata, agus cuirfidh siad moltaí ar aghaidh chuig na Ballstáit mar chuid den obair ar an aeráid agus ar an gcosaint. Déanfar iniúchadh freisin ar shineirgí le TEN-T. ·Faoi dheireadh 2023, seolfaidh seirbhísí an Choimisiúin, in éineacht le EASA, agus i gcomhar leis na húdaráis agus tionscal eitlíochta míleata, treoirthionscadal lena mbunófar sásra um aitheantas frithpháirteach páirteanna a úsáideann cumraíochtaí sibhialta agus míleata de shamhlacha aerárthaí. Ba cheart go n‑áireofaí leis an tionscadal mionsaothrú ar chomhaontú sibhialtach-míleata chun freagrachtaí na páirtithe éagsúla a shainiú. Ba cheart an treoirthionscadal a thabhairt chun críche tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis ghlacadh an Phlean Gníomhaíochta. ·Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, GEC agus SEGS iniúchadh ar shraith beart éigeandála a thabharfadh rochtain tosaíochta don arm ar bhonneagar, ar chumais agus ar bhealaí iompair, nuair is gá, le linn géarchéime a aithnítear ar leibhéal an Aontais. Chun sineirgí sibhialta/míleata a fheabhsú, déanfaidh siad measúnú ar dheiseanna chun rochtain a fháil ar chumais iompair straitéisigh, mar shampla trí chreatchonarthaí le soláthraithe sibhialta. |
Iarrtar ar na Ballstáit: ·Cibear-athléimneacht na bpróiseas agus na nósanna imeachta digiteacha amach anseo a áirithiú, ag tógáil ar obair GEC agus iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht riachtanais fheidhmiúla a bhaineann le slándáil a fhorbairt |
4. GNÉ CHOMHPHÁIRTÍOCHTA
Tá comhleas ag an Aontas agus ag ECAT a áirithiú go ngluaisfidh pearsanra míleata agus a dtrealamh go gasta le haghaidh gnáthghníomhaíochtaí síochána agus le linn géarchéime. Dá bhrí sin, ba chuid dhílis den tionscnamh soghluaisteachta míleata ó seoladh é comhleanúnachas agus atreisiú frithpháirteach a áirithiú maidir leis na sraitheanna oibre faoi seach. I bhfianaise an chogaidh san Úcráin, tá ceisteanna nua tagtha chun cinn maidir leis an ngá le bealaí iompair a nascadh le tíortha agus le réigiúin chomharsanachta, lena n‑áirítear an Úcráin.
4.1 AE-ECAT
Cuid lárnach den Phlean Gníomhaíochta seo is ea an chomhpháirtíocht le ECAT. Is é an tIdirphlé Struchtúrtha ar Shoghluaisteacht Mhíleata an phríomhfhormáid chun idirphlé agus comhar ar leibhéal na foirne a chur chun cinn trí chruinnithe rialta agus beidh sé fós ag brath ar mhalartú cómhalartach faisnéise idir an dá eagraíocht. Téann na hinfheistíochtaí i mbonneagar iompair dé-úsáide do ghluaiseachtaí míleata chun tairbhe don Aontas agus do ECAT araon. Forluíonn na ceanglais theicniúla agus gheografacha, agus forbraíodh na caighdeáin theicniúla trí chomhar. A bhuí leis an gcomhar sin, tá Riachtanais Mhíleata AE don tSoghluaisteacht Mhíleata i gcomhréir le riachtanais ECAT go dtí leibhéal timpeall 95 %.
Is é an rún cur chuige comhleanúnach agus sineirgí a áirithiú idir an tAontas agus ECAT agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhacainní atá ann cheana, lena n‑áirítear bacainní dlíthiúla, bonneagair agus nós imeachta, chun gluaiseacht agus trasnú teorann pearsanra mhíleata agus ábhair mhíleata a éascú agus a bhrostú, agus cinntí náisiúnta ceannasacha á n‑urramú go hiomlán. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le hiarrachtaí i ndáil le feabhsúcháin ar bhonneagar agus leis na ceanglais ghaolmhara, lena laghdaítear bacainní nós imeachta agus rialála, lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus tras-rannpháirtíocht i gcleachtaí a bhaineann le soghluaisteacht mhíleata.
Déanfar na hidirghníomhaíochtaí maidir le soghluaisteacht mhíleata i gcomhréir leis na treoirphrionsabail maidir le comhar feabhsaithe agus treisithe, go háirithe oscailteacht agus trédhearcacht iomlán, neamhspleáchas agus nósanna imeachta cinnteoireachta an dá eagraíocht a urramú, uilechuimsitheacht agus cómhalartacht, gan dochar do chineál sonrach beartais slándála agus cosanta aon Bhallstát AE.
4.2 Ag nascadh le comhpháirtithe eile
Déanfaidh SEGS, in éineacht le seirbhísí an Choimisiúin agus GEC, an comhar le comhpháirtithe eile a iniúchadh i bhformáidí éagsúla ar shaincheisteanna a bhaineann le soghluaisteacht mhíleata.
Áirítear leis sin plé a dhéanamh ar fhorbairtí a bhaineann leis an tsoghluaisteacht mhíleata sna comhráite slándála agus cosanta leis na príomhpháirtithe ábhartha de chuid an Aontais, amhail iad siúd atá rannpháirteach i dtionscadal PESCO maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata, go háirithe sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus san Iorua. Táthar ag súil freisin go nglacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt sa tionscadal PESCO sin go luath, tar éis na nósanna imeachta ábhartha a thabhairt chun críche. Cuirfidh sé sin le comhar trasatlantach maidir le cúrsaí den sórt sin agus le comhpháirtíocht AE-ECAT.
Thairis sin, tá deis ann iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí dé-úsáide a bhaineann leis an obair atá ar bun chun príomhbhealaí iompair na mBallstát a nascadh ar bhealach níos fearr le tíortha comhpháirtíochta tábhachtacha amhail an Úcráin, mar a shamhlaítear sa Teachtaireacht maidir le ‘lánaí dlúthpháirtíochta’ idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus sa togra ón gCoimisiún an 27 Iúil 2022 lena síntear ceithre Chonair Iompair Eorpacha chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv 32 . Ina theannta sin, áirítear sa togra leasaithe le haghaidh Rialachán athbhreithnithe TEN-T i mí Iúil 2022 foráil chun an leithead rianta Eorpach d’iarnróid a chaighdeánú chun idir-inoibritheacht idir an Úcráin, an Mholdóiv agus an tAontas Eorpach a fheabhsú.
Ar deireadh, tá an tAontas réidh leis na dea-chleachtais a chomhroinnt ón dul chun cinn atá déanta aige maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata a fheabhsú le comhpháirtithe réigiúnacha agus le tíortha an mhéadaithe, amhail na Balcáin Thiar, mar shampla i dtaca leis an gcur chuige uile-rialtais, i dtaca leis an gcur chuige dé-úsáide agus i dtaca leis na céimeanna praiticiúla chun an t‑ualach agus na moilleanna riaracháin a laghdú.
Príomhghníomhartha ar leibhéal AE: ·Leanfaidh SEGS, in éineacht le seirbhísí an Choimisiúin agus GEC, leis an Idirphlé Struchtúrtha AE-ECAT maidir le soghluaisteacht mhíleata d’fhonn faisnéis a roinnt agus comhleanúnachas na sraitheanna oibre faoi seach a áirithiú. ·Cuimseoidh an SEGS, in éineacht le seirbhísí an Choimisiúin agus GEC, soghluaisteacht mhíleata nuair is gá sa phlé maidir le slándáil agus cosaint leis na comhpháirtithe ábhartha, go háirithe le Ceanada, leis an Iorua agus leis na Stáit Aontaithe. ·Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin agus an SEGS iniúchadh ar na féidearthachtaí dé-úsáide a bhaineann leis an obair atá ar bun chun príomhbhealaí iompair na mBallstát a nascadh ar bhealach níos fearr, ag díriú go háirithe ar an Úcráin agus ar an Moldóiv. ·Féachfaidh seirbhísí an SEGS agus an Choimisiúin ar na deiseanna atá ann plé le comhpháirtithe réigiúnacha a chur chun cinn, go háirithe tíortha atá ag dul i méid, maidir leis na dea-chleachtais. |
5. AN BEALACH AR AGHAIDH
Cuireann an tArdionadaí agus an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta um Shoghluaisteacht Mhíleata faoi bhráid Bhallstáit an Aontais lena bhreithniú agus lena fhormhuiniú, ionas gur féidir é a chur i bhfeidhm ar bhealach tráthúil agus comhordaithe.
Cuirfear comhthuarascálacha tréimhsiúla ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta seo faoi bhráid Bhallstáit an Aontais, agus cuirfear na chéad tuarascálacha isteach faoi mhí na Samhna 2023.
Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint - Le haghaidh Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a chuireann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta (7348/1/22).
Ar bhonn na Teachtaireachta Comhpháirtí dar teideal ‘An tSoghluaisteacht Mhíleata a Fheabhsú san Aontas Eorpach’ (JOIN(2017) 41 final) agus an Teachtaireacht Chomhpháirteach ‘maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Shoghluaisteacht Mhíleata’ (JOIN(2018) 5 final.
Riachtanais Mhíleata le haghaidh na Soghluaisteachta Míleata laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de, nuashonrú (ST 10921/19), 4 Iúil 2019, arna fhormheas ag an gComhairle an 15 Iúil agus arna chomhdhlúthú leis an gcuid eile an 19 Iúil (ST 11373/19).
Cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach (17, 18, 19, 20 agus 21 Iúil 2020) – Conclúidí, https://www.consilium.europa.eu/media/45109/210720-euco-final-conclusions-en.pdf , Ich. 53.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1328 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2021 lena sonraítear na ceanglais bhonneagair is infheidhme maidir le catagóirí áirithe gníomhaíochtaí bonneagair dé-úsáide de bhun Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, C/2021/5859, IO L 288, 11.8.2021, lch. 37.
Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE, IO L 348, 20.12.2013, lch. 1.
Ceanada, an Iorua agus na Stáit Aontaithe
onclúidí ón gComhairle maidir le Slándáil agus Cosaint i gcomhthéacs Straitéis Dhomhanda an Aontais, an 25 Meitheamh 2018, mír 18 http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-10246-2018-INIT/ga/pdf
Teachtaireacht Chomhpháirteach ‘ar an bPlean Gníomhaíochta um Shoghluaisteacht Mhíleata’ (JOIN(2018) 5 final.
Togra leasaithe le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, COM(2022) 384 final
Tugtar aghaidh ar bhainistiú aerthráchta (ATM) (bainistíocht líonra, idir-inoibritheacht, soláthar seirbhísí aerloingseoireachta, úsáid aerspáis ag úsáideoirí sibhialta agus míleata) san Aontas sa tionscnamh Aerspás Eorpach aonair agus i dtionscadal SESAR. Bíonn tionchar ag an mbunchreat rialála ar dé-úsáid córas agus bonneagair ATM.
Conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha, 25 Meitheamh 2018, mír 18: ‘Iarraidh ar na Ballstáit gníomhú go náisiúnta chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na soghluaisteachta míleata, agus rialacha agus nósanna imeachta ábhartha a shimpliú agus a chaighdeánú i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta agus leis na Riachtanais Mhíleata maidir le Soghluaisteacht Mhíleata laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na mBallstát, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2024, agus é mar aidhm na chéad chéimeanna seo a leanas a bhaint amach faoi dheireadh 2019:
(a) pleananna náisiúnta don tsoghluaisteacht mhíleata a fhorbairt agus tús áite a thabhairt dá gcur chun feidhme;
(b) i gcomhréir leis na nósanna imeachta caighdeánaithe ábhartha agus faoi réir cinnteoireacht agus critéir náisiúnta, dlús a chur le nósanna imeachta trasnaithe teorann, agus chuige sin oibriú le húdaráis náisiúnta inniúla chun ceadanna gluaiseachta trasteorann a dheonú, lena n‑áirítear iarrataí ar theacht isteach agus ar chead gluaiseachta do gach modh (dromchla, aer agus farraige) agus gnéithe de ghluaiseacht agus d’iompar míleata, le haghaidh gnáthghníomhaíochtaí laistigh de 1 lá oibre; smaoineamh ar an tréimhse sin a laghdú d’aonaid mhearfhreagartha;
c) cumarsáid agus nósanna imeachta a éascú agus dlús a chur leo, agus chuige sin gréasán láidir idirnasctha de Phointí Náisiúnta Teagmhála a chruthú maidir le gach gné a bhaineann le soghluaisteacht mhíleata chun go mbeidh daoine eile in ann iarrataí ar ghluaiseachtaí trasteorann a láimhseáil go tapa;
d) freachnaimh náisiúnta agus ilnáisiúnta oiriúnacha atá ann cheana a úsáid chun soghluaisteacht mhíleata níos rialta a chleachtadh, lena n‑áirítear le linn cleachtaí beo, agus gluaiseachtaí gearrfhógra’.
Tá sé mar aidhm leis an Socrú Teicniúil ar Ghluaiseacht Dromchla feabhas a chur ar shoghluaisteacht mhíleata do bhóithre, d’iarnróid agus d’uiscebhealaí intíre trí nósanna imeachta riaracháin a chomhchuibhiú agus a shimpliú agus trí cheadanna gluaiseachta a chothú. Shínigh 23 Bhallstát rannpháirteacha agus an Iorua é.
Tá sé mar aidhm leis an Socrú Teicniúil um Aeriompar raon níos leithne misean a chuimsiú, mar chomhlánú ar an Socrú Teicniúil Imréitigh Taidhleoireachta (DIC) atá ann cheana, lena n‑áirítear athbhreoslú san aer, ardáin an Chórais Aerárthaí Cianrialaithe (RPAS), misin oiliúna, aerárthaí trod agus sciatháin rothlacha. Shínigh 22 Bhallstát rannpháirteacha agus an Iorua é.
Mar thoradh ar dhá bhliain d’obair a rinne an Coimisiún, i gcomhar le GEC agus le Ballstáit AE, foilsíodh roinnt leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/2447 ón gCoimisiún, eadhon Gníomhartha Tarmligthe agus Cur Chun Feidhme Chód Custaim an Aontais (UCC), san Iris Oifigiúil.
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:02015R2446-20220101&from=GA
An Eastóin, an Liotuáin, an Ghearmáin, an Bhulgáir, an Pholainn, Lucsamburg, Rumania, Poblacht na Seice, an Laitvia agus an Iorua
Is córas dúnta agus athléimneach é lóistíocht, ina bhfuil gach soláthróir, tomhaltóir agus tríú páirtí ag rannchuidiú go frithpháirteach leis an slabhra soláthair. Tá lóistíocht comhdhéanta de Sholáthar, Gluaiseacht & Iompar, Oiliúint, Dáileadh agus Bainistíocht Soláthair. Is é aidhm na Lóistíochta cainníocht agus cáilíocht na n‑earraí a éilítear a chur ar fáil ag an am agus ag an suíomh iarrtha.
Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Cumas a fhaomhadh agus a chur chun feidhme, Doiciméad Bhord Stiúrtha GEC 2018/15, 28 Meitheamh 2018.
Is é aidhm fhoriomlán thionscadal an Aeriompair Straitéisigh le haghaidh Lasta Ollmhór an t‑easnamh criticiúil le haghaidh Aeriompar Straitéiseach le haghaidh Lasta Ollmhór a líonadh trí réiteach Eorpach a fhorbairt chun lasta ollmhór agus trom a iompar.
A leithéid seo mar shampla: Ceannasaíocht Aeriompair Eorpach (EATC), an Lárionad comhordaithe gluaiseachtaí don Eoraip (MCCE; gach módúlacht), agus an Lárionad Ilnáisiúnta um Chomhordú Muiraistrithena hAithne (AMSCC). Déanfar idirchaidreamh an Aontais leis na struchtúir sin agus prionsabail uilechuimsitheachta na mBallstát uile á n‑urramú go hiomlán i struchtúir ilnáisiúnta mar a athdhearbhaítear sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Slándáil agus Cosaint an 17 Meitheamh 2020 (mír 21)
Tháinig rannpháirtithe ó Bhallstáit an Aontais, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, lena n‑áirítear Foireann Mhíleata an Aontais, seirbhísí an Choimisiúin, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, chomh maith le príomhpháirtithe an Aontais Eorpaigh – foireann ECAT agus trí Chomhghuaillíocht ECAT - Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus an Iorua – le chéile ag an ócáid.
Doiciméad Inmheánach Oibre Comhpháirteach An Cúigiú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur chun feidhme Chreat Comhpháirteach 2016 maidir le dul i ngleic le bagairtí hibrideacha agus Teachtaireacht Chomhpháirteach 2018 maidir le hathléimneacht a mhéadú agus cumais a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha {SWD (2021) 729 final}.
Doiciméad Inmheánach Oibre Comhpháirteach An Cúigiú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur chun feidhme Chreat Comhpháirteach 2016 maidir le dul i ngleic le bagairtí hibrideacha agus Teachtaireacht Chomhpháirteach 2018 maidir le hathléimneacht a mhéadú agus cumais a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha {SWD (2021) 729 final}.
COM(2020) 829 final. Fuarthas comhaontú polaitiúil ar an Treoir CER i mí an Mheithimh 2022 agus táthar ag súil go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go luath i 2023. Tiocfaidh an Treoir CER in ionad Threoir 2008/114/CE an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a aithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú.
Glacadh leis an togra le haghaidh moladh ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2022. https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_6238
Déanfar an Treoir seo a aisghairm agus cuirfear Treoir maidir le bearta ar ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais ina hionad (Treoir NIS2).
COM(2020) 829 final. Fuarthas comhaontú polaitiúil ar an Treoir CER i mí an Mheithimh 2022 agus táthar ag súil go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go luath i 2023. Tiocfaidh an Treoir CER in ionad Threoir 2008/114/CE an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a aithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú.
Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh.
Féach Airteagal 47, Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 1315/2013, COM(2021) 812 final.
Trí CF SEDSS III, tá staidéar taighde á dhéanamh ag GEC, i gcomhar le DG JRC agus DG ENER, chun tionchar an athraithe aeráide ar bhonneagair chriticiúla fuinnimh a bhaineann le cosaint (CEI) a fhiosrú agus chun a n‑athléimneacht i gcoinne bagairtí hibrideacha a mhéadú. Sa chomhthéacs sin, reáchtálfar cleachtadh boird in 2023 chun leochaileachtaí a shainaithint agus chun sineirgí a chur chun cinn leis an earnáil shibhialtach chun athléimneacht na cosanta a fheabhsú
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean gníomhaíochta maidir le Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun easpórtálacha talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú, COM(2022) 217 final