Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0064

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (2020/2268(INI))

    IO C 347, 9.9.2022, p. 61–96 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 347, 9.9.2022, p. 50–85 (GA)

    9.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 347/50


    P9_TA(2022)0064

    Trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (2020/2268(INI))

    (2022/C 347/07)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus go háirithe Airteagail 7, 8, 11, 12, 39, 40, 47 agus 52 di,

    ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, go háirithe Airteagail 1 agus 2 de,

    ag féachaint do rún 2131 (XX) an 21 Nollaig 1965 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe dar teideal Declaration on the Inadmissibility of Intervention in the Domestic Affairs of States and the Protection of their Independence and Sovereignty [Dearbhú maidir le Neamh-inghlacthacht Idirghabhála i nGnóthaí Intíre Stát agus le Cosaint a Neamhspleáchais agus a gCeannasachta],

    ag féachaint don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus go háirithe Airteagail 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 16 agus 17 de, agus don Phrótacal a ghabhann leis, agus go háirithe Airteagal 3 de,

    ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2016 maidir le cumarsáid straitéiseach AE chun gníomhú in aghaidh bolscaireacht a dhéanann tríú páirtithe ina choinne (1) agus do mholadh uaithi an 13 Márta 2019 maidir le machnamh a dhéanamh ar an obair leantach a rinne SEGS dhá bhliain tar éis thuarascáil PE maidir le cumarsáid straitéiseach AE chun gníomhú in aghaidh bolscaireacht a dhéanann tríú páirtithe ina choinne (2),

    ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2018 maidir le cibearchosaint (3),

    ag féachaint do na teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Nollaig 2018 dar teideal Action Plan against Disinformation [Plean Gníomhaíochta i gcoinne na Bréagaisnéise] (JOIN(2018)0036) agus an 14 Meitheamh 2019 dar teideal Report on the implementation of the Action Plan Against Disinformation [Tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta i gcoinne na Bréagaisnéise] (JOIN(2019)0012),

    ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre comhpháirteach an 23 Meitheamh 2021 i dtaca leis an gCúigiú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur chun feidhme Chreat Comhpháirteach 2016 maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus do Theachtaireacht Chomhpháirteach 2018 maidir leis an athléimneacht a mhéadú agus inniúlachtaí a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha (SWD(2021)0729),

    ag féachaint don Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (COM(2020)0790),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gComhairle an 3 Nollaig 2020 dar teideal Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú] (COM(2020)0784),

    ag féachaint don Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha,

    ag féachaint don teachtaireacht ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú leis an Téarnamh agus leis an gClaochlú] (4),

    ag féachaint do Chód Cleachtais 2018 maidir le bréagaisnéis agus do Threoir 2021 maidir leis an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis a Neartú (COM(2021)0262), agus do na Moltaí don Chód nua Cleachtais maidir le bréagaisnéis arna n-eisiúint ag Grúpa na Rialtóirí Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc i mí Dheireadh Fómhair 2021,

    ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 09/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal Disinformation affecting the EU: tackled but not tamed [An Bhréagaisnéis a dhéanann difear do AE: lansaithe seachas ceansaithe],

    ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht na n-eintiteas criticiúil (COM(2020)0829) agus don iarscríbhinn atá beartaithe a ghabhann leis an treoir,

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (5) (an Rialachán um Scagadh IDC) agus Treoir mhí an Mhárta 2020 maidir leis an Rialachán maidir le Scagadh IDC (C(2020)1981),

    ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Nollaig 2020 dar teideal The EU’s Cybersecurity Strategy for the Digital Decade [Straitéis Chibearshlándála AE don Deacáid Dhigiteach] (JOIN(2020)0018),

    ag féachaint d’Airteagail an Choimisiúin Dlí Idirnáisiúnta maidir le Freagracht na Stát i leith Gníomhartha Éagóracha ar Leibhéal Idirnáisiúnta,

    ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (COM(2020)0823),

    ag féachaint d’fhoireann uirlisí an Aontais de bhearta maolaithe riosca maidir le cibearshlándáil líonraí 5G, Márta 2021,

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (6),

    ag féachaint do staidéir, seisiúin faisnéise agus grinnanailís arna n-iarraidh ag an gCoiste Speisialta um an Trasnaíocht Eachtrach ar na Próisis Dhaonlathacha Uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear Bréagaisnéis (INGE),

    ag féachaint d’éisteacht Frances Haugen an 8 Samhain 2021 a d’eagraigh a Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, i gcomhar le coistí eile,

    ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid chumais chibearchosanta AE (7),

    ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), agus go háirithe do SDG 16, atá dírithe ar shochaithe síochánta agus cuimsitheacha a chur chun cinn d’fhorbairt inbhuanaithe,

    ag féachaint d’Aitheasc ar Staid an Aontais 2021 agus don litir intinne,

    ag féachaint do thuarascáil Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an 10 Meán Fómhair 2021 dar teideal Our Common Agenda [Ár gComhchlár Oibre],

    ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Meitheamh 2020 dar teideal Tackling COVID-19 disinformation – Getting the facts right [Dul i ngleic le bréagaisnéis maidir le COVID-19 – Léamh ceart ar na fíorais] (JOIN(2020)0008),

    ag féachaint do chinneadh ón gComhairle an 15 Samhain 2021 leasú a dhéanamh ar a córas smachtbhannaí maidir leis an mBealarúis chun na critéir ainmniúcháin a leathnú chun díriú ar dhaoine aonair agus ar eintitis a eagraíonn ionsaithe hibrideacha agus ionstraimiú daoine ag réimeas na Bealarúise, nó a thugann rannchuidiú ina leith,

    ag féachaint do chinneadh uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir le coiste speisialta um an trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach a chur ar bun, lena n-áirítear bréagaisnéis, agus lena sainítear a fhreagrachtaí, a neart uimhriúil agus a théarma oifige (8), arna ghlacadh faoi Riail 207 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste Speisialta um an Trasnaíocht Eachtrach ar na Próisis Dhaonlathacha Uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear Bréagfhaisnéis (A9-0022/2022),

    A.

    de bhrí gur sárú tromchúiseach é trasnaíocht eachtrach ar na luachanna agus na prionsabail uilíocha ar a bhfuil an tAontas fothaithe, amhail dínit an duine, an tsaoirse, an comhionannas, an dlúthpháirtíocht, an meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta;

    B.

    de bhrí gur mí-úsáid ar na saoirsí bunúsacha chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil mar a leagtar síos in Airteagal 11 den Chairt iad trasnaíocht eachtrach, cúbláil faisnéise agus bréagaisnéis, go gcuireann siad na saoirsí sin i mbaol, agus go mbaineann siad an bonn de phróisis dhaonlathacha in AE agus ina Bhallstáit, amhail saorthoghcháin chóra a reáchtáil; de bhrí gurb é cuspóir na trasnaíochta eachtraí fíorais a shaobhadh nó iad a chur in iúl go bréagach, argóintí leataobhacha a bhoilsciú go saorga, míchlú a tharraingt ar fhaisnéis chun dioscúrsa polaitiúil a dhíghrádú agus ar deireadh an bonn a bhaint den mhuinín as an gcóras toghcháin agus dá bhrí sin as an bpróiseas daonlathach féin;

    C.

    de bhrí go bhfuil an Rúis rannpháirteach sa bhréagaisnéis le mailís agus ar mhéid nárbh fhacthas cheana ar fud na n-eagraíochtaí meán traidisiúnta agus ardáin na meán sóisialta araon, chun dallamullóg a chur ar a saoránaigh sa bhaile agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta roimh ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin agus le linn na hionsaitheachta sin, ar chuir an Rúis tús leis an 24 Feabhra 2022, lena gcruthaítear gur féidir faisnéis a armú fiú;

    D.

    de bhrí nach mór go n-urramódh aon chaingean i gcoinne trasnaíocht eachtrach agus cúbláil faisnéise na saoirsí bunúsacha chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) maidir le meastóireacht a dhéanamh ar urraim do chearta bunúsacha, lena n-áirítear Airteagal 11 den Chairt, chun gníomhaíochtaí díréireacha a sheachaint; de bhrí go mbaineann na gníomhaithe a théann i mbun cur isteach eachtrach agus ionramháil ar fhaisnéis mí-úsáid as na saoirsí sin chun a leasa féin agus go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, dlús a chur leis an gcomhrac réamhchúraim i gcoinne cur isteach eachtrach agus ionramháil ar fhaisnéis toisc go mbraitheann an daonlathas ar dhaoine a dhéanann cinntí eolasacha;

    E.

    de bhrí go léiríonn an fhianaise go n-úsáideann gníomhaithe mailíseacha forlámhacha eachtracha stáit agus neamhstáit, amhail an Rúis, an tSín agus gníomhaithe eile, cúbláil faisnéise agus oirbheartaíochtaí trasnaíochta eile chun cur isteach ar phróisis dhaonlathacha in AE; de bhrí go ndéanann na hionsaithe sin, atá mar chuid de straitéis cogaíochta hibridí agus ar sárú ar an dlí idirnáisiúnta iad, dallamullóg a chur ar shaoránaigh agus tionchar a imirt ar a n-iompraíocht vótála, díospóireachtaí conspóideacha a mhéadú, leochaileachtaí sochaithe a dheighilt, a pholarú agus a dhúshaothrú, fuathchaint a chur chun cinn, staid na ngrúpaí leochaileacha a bheith níos measa as ar dóchúla go mbeidís ina n-íospartaigh bréagaisnéise, sláine toghchán agus reifreann daonlathach a shaobhadh, mímhuinín as na rialtais náisiúnta, údaráis phoiblí agus an t-ord daonlathach liobrálach a chothú agus a bhfuil sé mar aidhm acu an daonlathas Eorpach a dhíchobhsú, agus ar bagairt thromchúiseach iad ar an tslándáil agus ar an gceannasacht san Aontas;

    F.

    de bhrí gur patrún iompraíochta í an trasnaíocht eachtrach a chuireann luachanna, nósanna imeachta daonlathacha, próisis pholaitiúla, slándáil stát agus saoránach, agus an cumas déileáil le himthosca eisceachtúla i mbaol, nó a mbíonn drochthionchar aici orthu; de bhrí gur de chineál cúblálach í an trasnaíocht sin, agus go ndéantar í a stiúradh agus a mhaoiniú d’aon ghnó agus ar bhealach comhordaithe; de bhrí go bhféadfaidh na daoine atá freagrach as trasnaíocht den sórt sin, lena n-áirítear a n-ionadaithe laistigh agus lasmuigh dá gcríoch féin, a bheith ina ngníomhaithe stáit nó neamhstáit agus gur minic sa trasnaíocht eachtrach go gcuidíonn cionpháirtithe polaitiúla sna Ballstáit leo a bhaineann buntáistí polaitiúla agus eacnamaíocha as tús áite a thabhairt do straitéisí eachtracha; de bhrí go ndéanann an úsáid a bhaineann gníomhaithe eachtrannacha as ionadaithe baile agus comhar le comhghuaillithe baile an difear idir trasnaíocht eachtrach agus intíre a dhoiléiriú;

    G.

    de bhrí gurb iomaí foirm a bhaineann le hoirbheartaíochtaí na trasnaíochta eachtraí, lena n-áirítear bréagaisnéis agus ceilt faisnéise, cúbláil ardán na meán sóisialta agus na n-algartam lena mbaineann, téarmaí agus coinníollacha, agus córais fógraíochta, cibirionsaithe, oibríochtaí haiceála agus sceite agus chun rochtain a fháil ar fhaisnéis vótálaithe agus chun cur isteach ar dhlisteanacht an phróisis toghcháin, bagairtí ar iriseoirí agus ciapadh iriseoirí, taighdeoirí, polaiteoirí agus comhaltaí d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tabhartais agus iasachtaí ceilte do pháirtithe polaitiúla, feachtais a thugann tús áite d’iarrthóirí ar leith, eagraíochtaí agus soláthraithe meán, bréag- nó seach-sholáthraithe agus seach-eagraíochtaí meán, gabháil éilíte agus comhthoghadh, airgead a fhaightear go neamhdhleathach, bréag-personaes agus bréag-chéannachtaí, brú féinchinsireachta a dhéanamh, saothrú mí-úsáideach insintí stairiúla, reiligiúnacha agus cultúrtha, brú ar institiúidí oideachais agus cultúrtha, seilbhghlacadh ar bhonneagar criticiúil, brú a chur ar náisiúnaigh eachtrannacha atá ina gcónaí san Aontas, ionstraimiú na himirce agus spiaireacht; de bhrí gur minic a dhéantar na hoirbheartaíochtaí sin le chéile chun gur mó tionchar a bheidh acu;

    H.

    de bhrí go bhféadfaidh cúbláil faisnéise agus leathadh na bréagaisnéise freastal ar leasanna eacnamaíocha gníomhaithe stáit agus neamhstáit agus a n-ionadaithe, agus go bhféadfaidh spleáchais eacnamaíocha teacht astu ar féidir iad a shaothrú chun aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach; de bhrí, i ndomhan ina bhfuil iomaíocht idirnáisiúnta neamhchinéiteach, go bhféadfaidh trasnaíocht eachtrach a bheith ina príomhuirlis chun contrapháirteanna spriocdhírithe a dhíchobhsú agus a lagú, nó chun borradh a chur faoin mbuntáiste iomaíoch féin trí bhealaí tionchair, spleáchais sa slabhra soláthair, dúmhál nó comhéigean a bhunú; de bhrí go bhfuil an bhréagaisnéis ina cúis le damáiste eacnamaíoch díreach agus indíreach nach ndearnadh measúnú córasach uirthi;

    I.

    de bhrí gur faisnéis a léirítear ar bhonn infhíoraithe a bheith bréagach í an mhífhaisnéis nach bhfuil sé i gceist léi dochar a dhéanamh, agus gur faisnéis a léirítear ar bhonn infhíoraithe a bheith bréagach nó míthreorach í an bhréagaisnéis a chruthaítear, a thíolactar nó a scaiptear d’aon ghnó d’fhonn dochar a dhéanamh don tsochaí nó a d’fhéadfadh tionchar suaiteach a bheith aici ar an tsochaí trí dhallamullóg a chur ar an bpobal nó ar mhaithe le gnóthachan eacnamaíoch d’aon ghnó;

    J.

    de bhrí gur gá teacht ar chomhaontú laistigh den Aontas maidir le sainmhínithe agus modheolaíochtaí coiteanna agus mionsonraithe chun feabhas a chur ar an tuiscint chomhroinnte ar na bagairtí agus chun caighdeáin iomchuí AE a fhorbairt maidir le sannadh agus freagairt níos fearr; de bhrí go bhfuil neart oibre déanta ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) sa réimse sin; de bhrí nach mór do na sainmhínithe seo neamh-thréscaoilteacht i leith trasnaíocht sheachtrach agus urraim do chearta an duine a ráthú; de bhrí gur den ríthábhacht é an comhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn, i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha, maidir le comhshainiú na trasnaíochta eachtraí chun noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta a bhunú; de bhrí gur cheart do AE a bheith ar thús cadhnaíochta a mhéid a bhaineann le rialacha idirnáisiúnta soiléire a bhunú maidir le sannadh na trasnaíochta eachtraí;

    An gá le straitéis chomhordaithe i gcoinne trasnaíocht eachtrach

    K.

    de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar iarrachtaí trasnaíochta eachtraí ar fud an domhain agus go bhfuil siad ag éirí níos sistéamaí agus níos sofaisticiúla, bunaithe ar úsáid fhorleathan na hintleachta saorga (IS) agus ar chreimeadh inrianaitheachta;

    L.

    de bhrí go bhfuil sé de dhualgas ar AE agus ar a Bhallstáit gach saoránach, bonneagar, agus córas daonlathacha siúd, a chosaint ar iarrachtaí trasnaíochta eachtraí; de bhrí, áfach, go ndealraíonn sé nach bhfuil na hacmhainní iomchuí agus leordhóthanacha ag AE agus a Bhallstáit chun gur fearr is féidir na bagairtí sin a chosc, a bhrath, a shannadh a chomhrac agus smachtbhannaí a fhorchur orthu;

    M.

    de bhrí go bhfuil easpa feasachta go ginearálta i measc lucht ceaptha beartas, agus saoránach i gcoitinne, maidir le fírinne na saincheisteanna sin, rud a d’fhéadfadh cur go neamhdheonach le tuilleadh leochaileachtaí a oscailt; de bhrí nach bhfuil saincheist na bhfeachtas bréagaisnéise ar bharr chlár oibre lucht ceaptha beartas na hEorpa; de bhrí gur rannchuidigh éisteachtaí agus obair Choiste Speisialta INGE le haitheantas an phobail agus le comhthéacsú na saincheisteanna sin agus gur éirigh leo creat a chur ar an díospóireacht Eorpach maidir le trasnaíocht eachtrach; de bhrí gur rannchuidigh iarrachtaí fadtéarmacha bréagaisnéise eachtraí le teacht chun cinn na bréagaisnéise ón tír istigh;

    N.

    de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach faireachán trédhearcach a dhéanamh ar staid na trasnaíochta eachtraí i bhfíor-am ag comhlachtaí institiúideacha agus ag anailísithe agus seiceálaithe fíricí neamhspleácha, comhordú éifeachtach ar a gcuid gníomhaíochtaí agus malartú faisnéise ionas go ndéanfar gníomhaíocht iomchuí ní hamháin chun faisnéis a chur ar fáil faoi ionsaithe mailíseacha leanúnacha ach chun iad a chomhrac freisin; de bhrí nach mór aird den chineál céanna a thabhairt ar an tsochaí a mhapáil, na limistéir is leochailí agus is soghabhálaí i leith na cúblála eachtraí agus na bréagaisnéise a shainaithint, agus dul i ngleic leis na cúiseanna atá leis na leochaileachtaí sin;

    O.

    de bhrí go n-éilíonn an chéad tosaíocht i gcosaint AE, i.e. athléimneacht agus ullmhacht shaoránaigh AE maidir le cur isteach eachtrach agus ionramháil ar fhaisnéis, go mbeidh cur chuige fadtéarmach agus uileshochaí ann, ag tosú leis an oideachas agus le feasacht ar na fadhbanna a ardú ag luathchéim;

    P.

    de bhrí gur gá comhoibriú agus comhordú ar fud na leibhéal riaracháin agus na n-earnálacha riaracháin i measc na mBallstát, ar leibhéal AE agus le tíortha atá ar aon intinn leo, agus leis an tsochaí shibhialta agus leis an earnáil phríobháideach, chun leochaileachtaí a shainaithint, ionsaithe a bhrath agus iad a neodrú; de bhrí go bhfuil géarghá leis an dearcadh ar na bagairtí a shioncrónú leis an tslándáil náisiúnta;

    Forbairt athléimneachta trí fheasacht staide, litearthacht meán agus faisnéise, iolrachas na meán, iriseoireacht neamhspleách agus oideachas

    Q.

    de bhrí gurb iad feasacht staide, córais dhaonlathacha stóinseacha, an smacht reachta láidir, sochaí shibhialta bhríomhar, luathrabhadh agus measúnú ar bhagairtí na chéad chéimeanna chun cur i gcoinne ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis; de bhrí in ainneoin an dul chun cinn ar fad a rinneadh chun feasacht a mhúscailt maidir leis an trasnaíocht eachtrach, nach bhfuil roinnt mhaith daoine, lena n-áirítear lucht ceaptha beartas agus státseirbhísigh atá ag obair sna réimsí a bhféadfaí díriú orthu, fós ar an eolas faoi na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le trasnaíocht eachtrach agus conas dul i ngleic leo;

    R.

    de bhrí go bhfuil meáin nuachta agus iriseoireacht ghairmiúil atá ar ardcháilíocht, a mhaoinítear go hinbhuanaithe agus go trédhearcach, agus atá neamhspleách bunriachtanach do shaoirse agus d’iolrachas na meán agus don smacht reachta, agus dá bhrí sin gur colún den daonlathas iad agus gurb iad an leigheas is fearr ar an mbréagaisnéis iad; de bhrí go mbaineann roinnt gníomhaithe eachtracha leas as an tsaoirse atá ag meáin an iarthair chun bréagaisnéis a leathadh; de bhrí go bhfuil na meáin ghairmiúla agus an iriseoireacht thraidisiúnta, mar fhoinse faisnéise d’ardchaighdeán, ag dul i ngleic le tréimhsí dúshlánacha sa ré dhigiteach; de bhrí go bhfuil oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán san iriseoireacht laistigh agus lasmuigh de AE riachtanach chun anailís luachmhar iriseoireachta agus ardchaighdeáin eagarthóireachta a áirithiú; de bhrí gur riachtanach don Aontas leanúint de bheith ag tacú leis an iriseoireacht sa timpeallacht dhigiteach; de bhrí gur cheart go mbeadh ról tábhachtach ag an gcumarsáid eolaíochtbhunaithe;

    S.

    de bhrí go bhfuil meáin na seirbhíse poiblí atá neamhspleách ó thaobh eagarthóireachta riachtanach agus nach bhfuil a gcomhshamhail le fáil chun seirbhísí faisnéise d’ardcháilíocht agus neamhchlaonta a sholáthar don phobal i gcoitinne agus nach mór iad a chosaint ar ghabháil mhailíseach agus a neartú mar cholún bunúsach sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise;

    T.

    de bhrí go n-úsáideann geallsealbhóirí agus institiúidí éagsúla modheolaíochtaí agus sainmhínithe éagsúla chun anailís a dhéanamh ar thrasnaíocht eachtrach – go léir ar leibhéil éagsúla sothuigtheachta, agus de bhrí gur féidir leis na difríochtaí sin bac a chur ar fhaireachán, anailís agus measúnú inchomparáide ar an leibhéal bagartha, rud a fhágann go bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach níos deacra; de bhrí go bhfuil gá le sainmhíniú agus modheolaíocht AE chun an anailís chomhchoiteann ar bhagairtí a fheabhsú;

    U.

    de bhrí gur gá cur leis an téarmaíocht lena ndírítear ar ábhar, amhail bréagnuacht, nuacht bhréagach agus nuacht mhíthreorach agus bréagaisnéis, le téarmaíocht a dhíríonn ar an iompraíocht, chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an bhfadhb; de bhrí gur cheart an téarmaíocht sin a chomhchuibhiú agus gur cheart cloí léi go cruinn;

    V.

    de bhrí gur uirlisí tábhachtacha iad oiliúint sa litearthacht sna meáin agus sa litearthacht dhigiteach agus ardú feasachta, i gcás na leanaí agus na ndaoine fásta araon, chun saoránaigh a dhéanamh níos athléimní i gcoinne iarrachtaí trasnaíochta sa spás faisnéise, agus chun cúbláil agus polarú a sheachaint; de bhrí, i gcoitinne, go bhfuil sochaithe a bhfuil ardleibhéal litearthachta sna meáin acu níos athléimní ar thrasnaíocht eachtrach; de bhrí go bhféadfadh modhanna oibre iriseoireachta amhail iriseoireacht chuiditheach cuidiú le muinín san iriseoireacht a neartú i measc saoránach;

    W.

    de bhrí gur iomaí foirm a bhaineann le cúbláil faisnéise, amhail bréagaisnéis a scaipeadh agus nuacht atá go hiomlán bréagach, fíricí, insíntí agus léirithe tuairime a shaobhadh, ceilt faisnéise nó tuairimí áirithe, faisnéis nó tuairimí áirithe a thabhairt as an gcomhthéacs, mothúcháin daoine a ionramháil, fuathchaint a chur chun cinn, roinnt tuairimí a chur chun cinn ar aimhleas daoine eile, agus daoine a chiapadh agus a chur faoi chois agus ina dtost; de bhrí ar cheann de na haidhmeanna atá ag cúbláil faisnéise ná cúrsaí a chur ina gcíor thuathail chun go gcaillfidh na saoránaigh iontaoibh as “sean-choimeádaithe” agus “nua- “choimeádaithe na faisnéise; de bhrí gur beag idir saoirse chun tuairimí a nochtadh agus cur chun cinn na fuathchainte agus na bréagaisnéise nár cheart a shárú;

    X.

    de bhrí go ndearna an Asarbaiseáin, an tSín, an Tuirc agus an Rúis, i measc tíortha eile, géarleanúint ar iriseoirí agus ar lucht freasúra san Aontas Eorpach amhail i gcás blagálaí as an Asarbaiseáin agus duine den lucht freasúra Mahammad Mirzali in Nantes agus an t-iriseoir Turcach Erk Acarer i mBeirlín;

    Y.

    de bhrí go bhfuil fianaise nithiúil ann go bhfuiltear ag díriú ar phróisis dhaonlathacha AE agus go gcuireann feachtais bhréagaisnéise isteach ar ana próisis sin, ar feachtais iad a thugann dúshlán d’idéil dhaonlathacha agus do chearta bunúsacha; de bhrí gur cineál bréagaisnéise í an bhréagaisnéis a bhaineann le hábhair lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: inscne, LADTIA+, sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo, agus mionlaigh, lena gcuirtear cearta an duine i mbaol, lena mbaintear an bonn de chearta digiteacha agus polaitiúla, agus de shábháilteacht agus slándáil na ndaoine ar a bhfuil sí dírithe, agus go gcothaíonn sí deighilt agus easaontas i measc na mBallstát; de bhrí, le linn feachtais toghcháin, gur gnách gur dírithe go díréireach ar mhná ar iarrthóirí polaitiúla iad atá na hinsintí gnéis, rud a fhágann go ndíspreagtar mná óna bheith rannpháirteach i bpróisis dhaonlathacha; de bhrí go ndéanann lucht déanta na bhfeachtas bréagaisnéise seo, faoi scáth na luachanna “traidisiúnta” nó “coimeádacha” a chur chun cinn, comhghuaillíochtaí straitéiseacha a bhunú le comhpháirtithe áitiúla chun rochtain a fháil ar fhaisnéis áitiúil agus gur tuairiscíodh go bhfaigheann siad na milliúin euro i gcistiú eachtrach;

    Z.

    de bhrí, le hais na n-institiúidí stáit, iriseoirí, ceannairí tuairimíochta agus na hearnála príobháidí, go bhfuil ról tábhachtach ag gach cuid den tsochaí agus ag gach duine aonair chun leathadh na bréagaisnéise a shainaithint agus stop a chur leis agus chun rabhadh a thabhairt do dhaoine ina dtimpeallacht atá i mbaol; de bhrí go bhfuil an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus iriseoirí tar éis rannchuidiú go mór cheana féin le feasacht an phobail a ardú agus le teacht aniar na sochaí a mhéadú, lena n-áirítear i gcomhar le comhpháirtithe i dtíortha comhpháirtíochta;

    AA.

    de bhrí gur beag cistiú a fhaigheann eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht do ghuthanna mionlaigh agus d’eagraíochtaí chearta an duine ar fud na hEorpa, in ainneoin go bhfuil ról ríthábhachtach acu ó thaobh feasacht a mhúscailt agus cur i gcoinne na bréagaisnéise; de bhrí gur cheart acmhainní leormhaithe a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun gur féidir a gcion féin a dhéanamh maidir le tionchar na trasnaíochta eachtraí a theorannú;

    AB.

    de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh rochtain éasca thráthúil ar fhaisnéis atá bunaithe ar fhíricí ó fhoinsí iontaofa nuair a chuirtear tús leis an mbréagaisnéis a scaipeadh;

    AC.

    de bhrí gur riachtanach ionsaithe agus iarrachtaí na trasnaíochta eachtraí a bhrath go tapa ina ndéantar an réimse faisnéise a chúbláil chun gur féidir dul i ngleic leo; de bhrí go bhfuil anailís faisnéise agus feasacht staide AE ag brath ar thoilteanas na mBallstát faisnéis a chomhroinnt; de bhrí gur mhol Uachtarán an Choimisiúin go ndéanfaí breithniú ar Lárionad Comhpháirteach um Fheasacht Staide a bhunú; de bhrí go bhfuil bearta coisctheacha agus bearta réamhghníomhacha lena n-áirítear réamhbhunú agus éiceachóras faisnéise sláintiúil i bhfad níos éifeachtaí ná iarrachtaí maidir le fíorais a sheiceáil agus iarrachtaí maidir le bréagnú, ar iarrachtaí iad nach bhfuil chomh forleathan céanna leis an mbréagaisnéis bhunaidh; de bhrí nach bhfuil ar chumas an Aontais agus a Bhallstát faoi láthair bearta den sórt sin a dhéanamh; de bhrí go bhféadfadh uirlisí anailíseacha nua atá bunaithe ar an intleacht shaorga, amhail Debunk.eu de chuid na Liotuáine, a bheith ina gcuidiú chun ionsaithe a bhrath, eolas a roinnt agus an pobal a chur ar an eolas;

    AD.

    de bhrí go mbíonn borradh faoin mbréagaisnéis i dtimpeallacht insintí laga nó ilroinnte ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, agus trí dhíospóireachtaí polaraithe agus mothúchánacha, le leas a bhaint as pointí laga agus le claontacht i measc na sochaí agus daoine aonair, agus de bhrí go gcuireann bréagaisnéis an díospóireacht phoiblí maidir le toghcháin agus próisis dhaonlathacha eile as riocht agus gur féidir leis a dhéanamh deacair do shaoránaigh roghanna eolasacha a dhéanamh;

    Trasnaíocht eachtrach lena mbaintear úsáid as ardáin ar líne

    AE.

    de bhrí go bhféadfaidh ardáin ar líne a bheith inrochtana agus inacmhainne go héasca dóibh siúd a bhíonn i mbun cúbláil faisnéise agus trasnaíocht eile, amhail fuath agus ciapadh, dochar a dhéanamh do shláinte agus sábháilteacht ár bpobal ar líne, céilí comhraic a chur ina dtost, spiaireacht nó leathadh bréagaisnéise; de bhrí go bhfuil sé cruthaithe go bhfeidhmíonn siad chun tuairimí polaraithe agus míchuibheasacha a spreagadh chun dochar d’fhaisnéis fhíric-bhunaithe; de bhrí go bhfuil a leasanna féin ag ardáin agus go bhféadfadh sé nach bhfuil siad neodrach ó thaobh próiseáil faisnéise de; de bhrí go mbaineann roinnt ardán ar líne an-tairbhe as an gcóras a mhéadaíonn an deighilt, an t-antoisceachas agus an polarú; de bhrí go bhfuil an spás ar líne anois chomh tábhachtach céanna agus atá ár ndaonlathas agus dá bhrí sin go bhfuil gá le rialacha comhfhreagracha;

    AF.

    de bhrí gur chuir ardáin dlús le leathadh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise agus go ndearna siad é a ghéarú ar bhealach dúshlánach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; de bhrí go rialaíonn ardáin ar líne sreabhadh na faisnéise agus na fógraíochta ar líne, de bhrí go ndéanann ardáin algartaim a dhearadh agus a úsáid chun na sreafaí sin a rialú, agus de bhrí nach bhfuil ardáin trédhearcach, nach bhfuil nósanna imeachta iomchuí acu chun céannacht a fhíorú, go n-úsáideann siad téarmaíocht dhoiléir agus nach roinneann ardáin mórán faisnéise nó nach roinneann siad aon fhaisnéis faoi dhearadh, faoi úsáid agus faoi thionchar na n-algartam sin; de bhrí gur chruthaigh comhpháirt andúile algartaim na n-ardán ar líne fadhb shláinte phoiblí thromchúiseach nach mór aghaidh a thabhairt uirthi; de bhrí gur cheart d’ardáin ar líne a bheith freagrach as éifeachtaí díobhálacha a gcuid seirbhísí, ós rud é go raibh roinnt ardán ar an eolas faoi na lochtanna ina n-algartaim – go háirithe an ról atá acu maidir le hábhar scoilteach a leathadh – ach nár thug siad aghaidh orthu chun brabús a uasmhéadú, mar a nocht sceithirí;

    AG.

    de bhrí, mar fhreagairt ar chogadh ionsaitheachta na Rúise i gcoinne na hÚcráine, gur sheol Príomh-Airí na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine agus na Polainne litir chuig Príomhfheidhmeannaigh Mhórchuideachtaí na n-ardán meán sóisialta (Twitter, Alphabet, YouTube agus Meta) an 27 Feabhra 2022, inar iarradh, inter alia, cuntais atá rannpháirteach i gcoireanna cogaidh agus i gcoireanna in aghaidh na daonnachta agus atá i mbun na gcoireanna sin a mhóradh, go ndéanfaí na cuntais sin a chur ar fionraí, go ndéanfaí neartú ar mhodhnú an inneachair i dteangacha na Rúisise agus na hÚcráinise, go gcuirfí deireadh go hiomlán agus láithreach bonn le cumas na gcuntas uile luach airgid a shaothrú, ar cuntais iad atá i mbun bréagaisnéis a scaipeadh ar ordú ó Rialtais na Rúise agus na Bealarúise, agus go gcuirfí cúnamh ar fáil d’úsáideoirí atá ag déanamh a ndíchill faisnéis iontaofa faoin gcogadh san Úcráin a fháil;

    AH.

    de bhrí go bhfuil feachtais trasnaíochta agus cúbláil faisnéise feicthe againn atá dírithe ar na bearta go léir i gcoinne scaipeadh COVID-19, lena n-áirítear vacsaíniú ar fud AE, agus nár éirigh le hardáin ar líne comhordú a dhéanamh ar a n-iarrachtaí iad a shrianadh agus d’fhéadfadh sé gur rannchuidigh siad lena scaipeadh, fiú; de bhrí go bhféadfaidh an bhréagaisnéis sin a bheith ina bagairt ar an mbeatha ina ndéantar daoine a dhíspreagadh ó bheith vacsaínithe nó ina gcuirtear cóireálacha bréagacha chun cinn; de bhrí gur ghéaraigh an phaindéim an choimhlint shistéamach idir an daonlathas agus an t-údarásaíochas, agus gur spreag sé gníomhaithe forlámhacha agus gníomhaithe neamhstáit, amhail an tSín agus an Rúis, chun raon leathan ionstraimí uileghabhálacha agus ceilte a úsáid ina n-iarracht chun a gcomhghleacaithe daonlathacha a dhíchobhsú; de bhrí gur léirigh Páipéir Facebook gur theip ar an ardán dul i ngleic leis an mbréagaisnéis a bhaineann le vacsaíní, lena n-áirítear bréagaisnéis i mBéarla; de bhrí go bhfuil an staid níos measa fós i gcás na bréagaisnéise a bhaineann le vacsaíní i dteangacha nach Béarla iad; de bhrí go mbaineann an tsaincheist seo le gach ardán;

    AI.

    de bhrí go ndíolann go leor díoltóirí atá cláraithe in AE “is maith liomanna”, leantóirí, tráchtanna agus rannta bréagacha le haon ghníomhaí ar mian leo a n-infheictheacht ar líne a mhéadú go saorga; de bhrí nach féidir úsáidí dlisteanacha na seirbhísí sin a shainaithint, cé go n-áirítear ar na húsáidí díobhálacha na nithe seo a leanas: toghcháin agus próisis dhaonlathacha eile a ionramháil, camscéimeanna a chur chun cinn, athbhreithnithe diúltacha ar tháirgí iomaitheoirí a phostáil, calaois a dhéanamh ar fhógróirí agus pobal bréige a chruthú a úsáidtear chun an comhrá a mhúnlú, le haghaidh ionsaithe pearsanta agus le tuairimí áirithe a bhoilsciú go saorga nach dtabharfaí aird ar bith orthu murach sin; de bhrí go bhfuil réimis eachtracha, amhail an Rúis agus an tSín, ag baint úsáid as na huirlisí ar líne sin ar scála ollmhór chun tionchar a imirt ar an díospóireacht phoiblí i dtíortha Eorpacha; de bhrí go bhféadfaidh an bhréagaisnéis daonlathas na hEorpa a dhíchobhsú;

    AJ.

    de bhrí go ndéantar méideanna ollmhóra de shonraí pearsanta an-mhionsonraithe faoi gach úsáideoir a bhailiú agus a stóráil ar ardáin shóisialta, gléasanna digiteacha agus feidhmchláir; de bhrí gur féidir sonraí den sórt sin a úsáid chun claonadh iompraíochta a thuar, chun claonadh cognaíoch a neartú agus chun cinnteoireacht a threorú; de bhrí go ndéantar na sonraí sin a shaothrú chun críocha tráchtála; de bhrí go dtarlaíonn sceitheadh sonraí arís agus arís eile, chun dochair do shlándáil íospartach sceite den sórt sin, agus gur féidir sonraí a dhíol ar an margadh dubh; de bhrí go bhféadfadh na bunachair sonraí sin a bheith thar a bheith luachmhar do ghníomhaithe mailíseacha ar mian leo díriú ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair;

    AK.

    de bhrí, i gcoitinne go mbíonn na hardáin sin deartha chun a áirithiú gur neamh-iomasach am-íditheach a bheidh sé gan sonraí a chomhroinnt seachas iad a chomhroinnt;

    AL.

    de bhrí go ndéantar ardáin ar líne a chomhtháthú sa chuid is mó dár saol agus go bhféadfadh tionchar ollmhór a bheith ag scaipeadh na faisnéise ar ardáin ar ár smaointeoireacht agus ar ár n-iompar, mar shampla nuair a bhaineann sé le roghanna vótála, roghanna eacnamaíocha agus sóisialta, agus rogha na bhfoinsí faisnéise, agus de bhrí sa lá atá inniu ann go bhfuil na roghanna cinntitheacha sin a bhfuil tábhacht phoiblí ag baint leo faoi réir leasanna tráchtála cuideachtaí príobháideacha;

    AM.

    de bhrí go ndéantar sásraí coimeádaíochta algartam agus gnéithe eile de chuid ardán meán sóisialta a mhonarú chun rannpháirtíocht a uasmhéadú; de bhrí go mbíonn na gnéithe sin á dtuairisciú arís agus arís eile as ábhar polaraithe, radacaithe agus idirdhealaitheach a chur chun cinn agus chun úsáideoirí a choinneáil i gciorcail den dearcadh céanna; de bhrí de réir a chéile go n-eascraíonn radacú úsáideoirí ardáin as sin, chomh maith leis na próisis idirphlé chomhchoiteanna a rioctú agus a thruailliú, in áit próisis dhaonlathacha agus daoine aonair a chosaint; de bhrí de thoradh ar ghníomhaíochtaí neamhchomhordaithe na n-ardán, go bhfuil neamhréitigh ina gcuid gníomhaíochtaí agus go bhfuil an bhréagaisnéis á scaipeadh ón ardán go dtí an t-ardán; de bhrí go bhfágann an tsamhail ghnó a bhaineann le hairgead a dhéanamh trí fhaisnéis pholaraithe a scaipeadh agus trí dhearadh algartam go bhfuil ardáin ina dtargaid éasca ag gníomhaithe naimhdeacha eachtracha chun ionramháil a dhéanamh orthu; de bhrí go bhféadfaí ardáin na meán sóisialta a dhearadh ar bhealaí éagsúla chun réimse poiblí níos sláintiúla ar líne a chothú;

    AN.

    de bhrí, le teacht chun cinn teicneolaíochtaí inacmhainne agus éasca le húsáid, go bhfuil sé ag éirí níos éasca ábhair fuaime agus chlosamhairc domhainbhrionnaithe a chruthú, agus gur fadhb atá ag méadú as cuimse é leathadh na n-ábhar sin; de bhrí faoi láthair, áfach, go gcaitear 90 % den taighde ar fhorbairt domhainbhrionnuithe agus nach ndéantar ach 10 % díobh a bhrath;

    AO.

    de bhrí go bhfuil feabhas tagtha ar chórais féinrialála amhail Cód Cleachtais 2018 maidir le bréagaisnéis; de bhrí, áfach, nach bhfuil ag éirí le brath ar dhea-thoil na n-ardán ná níl sé éifeachtach agus nach bhfuil mórán sonraí fiúntacha curtha ar fáil aige sin maidir lena dtionchar foriomlán; de bhrí, ina theannta sin, gur ghlac ardáin bearta aonair éagsúla ó thaobh méid agus éifeachta de, rud a fhágann go bhfuil cúldoirse ann trínar féidir le hábhar leanúint ar aghaidh ag leathadh in áiteanna eile in ainneoin é a bheith bainte anuas; de bhrí go bhfuil gá le sraith shoiléir rialacha agus smachtbhannaí chun go mbeadh éifeacht leordhóthanach ag an gCód Cleachtais ar an timpeallacht ar líne;

    AP.

    de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach go ndéanfaí Cód Cleachtais 2018 a neartú agus in éineacht leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha gur céim mhór chun cinn é chun imeacht ó chur chuige na féinrialála agus go bhfuil sé d’aidhm aige níos mó ráthaíochtaí agus cosanta a thabhairt isteach d’úsáideoirí, trí neamhspleáchas a mhéadú agus éighníomhú a shárú maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil, trí bhearta a thabhairt isteach chun trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr a éileamh ó chuideachtaí, agus trí bhreis oibleagáidí ar ardáin a thabhairt isteach;

    AQ.

    de bhrí nach bhfuil na gníomhaíochtaí reatha i gcoinne feachtais bhréagaisnéise ar ardáin ar líne éifeachtach ná díspreagthach agus go bhféadfaidh ardáin leanúint d’ábhar idirdhealaitheach agus mailíseach a chur chun cinn;

    AR.

    de bhrí gur lú i bhfad an méid acmhainní a thiomnaíonn ardáin do bhainistiú ábhar i mionteangacha, agus fiú, i gcás na mórtheangacha nach Béarla iad, i gcomparáid le hábhar i mBéarla;

    AS.

    de bhrí nach leor, tríd is tríd, nósanna imeachta gearáin agus achomhairc ardán;

    AT.

    de bhrí, le roinnt míonna anuas, go bhfuil roinnt gníomhaithe móra tar éis géilleadh do rialacha cinsireachta, mar shampla le linn na dtoghchán parlaiminteach Rúiseach i mí Mheán Fómhair 2021, nuair a bhain Google agus Apple aipeanna “vótáil chliste” óna siopaí sa Rúis;

    AU.

    de bhrí, mar gheall ar an easpa trédhearcachta maidir leis na roghanna algartamacha a dhéantar ar ardáin, go bhfuil sé dodhéanta éilimh a bhailíochtú ag ardáin maidir lena bhfuil déanta acu agus éifeacht a gcuid gníomhaíochtaí chun cúbláil faisnéise agus trasnaíocht a chomhrac; de bhrí go bhfuil neamhréireachtaí idir éifeacht a gcuid iarrachtaí a luaitear ina bhféinmheasúnuithe bliantúla agus a n-éifeachtacht iarbhír, mar a léirítear sna Páipéir Facebook a foilsíodh le déanaí;

    AV.

    de bhrí, mar gheall ar chineál neamh-thrédhearcach na fógraíochta spriocdhírithe, go mbíonn lear mór fógraíochta ar líne ann trí bhrandaí creidiúnacha, uaireanta ag institiúidí poiblí fiú, ar shuíomhanna gréasáin a spreagann sceimhlitheoireacht, a bhfuil fuathchaint agus bréagaisnéis á n-óstáil acu, agus atá ina bhfoinse maoiniúcháin d’fhás na suíomhanna gréasáin sin, i ngan fhios do na fógróigí agus gan toiliú uatha;

    AW.

    de bhrí go bhfuil an margadh fógraíochta ar líne á rialú ag líon beag cuideachtaí móra teicneolaíochta fógraíochta a roinneann an margadh eatarthu féin, inarb iad Google agus Facebook na gníomhaithe is mó; de bhrí go bhfuil an chomhdhlúthacht ard margaidh seo ar roinnt cuideachtaí bainteach le héagothroime cumhachta shuntasach; de bhrí gur bagairt ar na meáin éagsúlaithe é an úsáid a bhaintear as teicnící clicmheallta agus cumhacht líon beag gníomhaithe chun cinneadh a dhéanamh faoi ábhar atá luach airgid leis agus nach bhfuil, cé nach léir do na halgartaim a úsáideann siad an difríocht idir an bhréagaisnéis agus an gnáthábhar nuachta; de bhrí go bhfuil an margadh fógraíochta spriocdhírithe thar a bheith neamh-thrédhearcach; de bhrí gurb iad na cuideachtaí teicneolaíochta fógraíochta féin a chuireann iallach ar bhrandaí chun bheith freagrach as a bhfaillí monatóireacht a dhéanamh ar an áit a gcuirtear fógraí;

    Bonneagar criticiúil agus earnálacha straitéiseacha

    AX.

    de bhrí go bhfuil gá le comhiarrachtaí comhordaithe ar fud earnálacha, ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, agus ag amanna éagsúla, chun bagairtí ar bhonneagar criticiúil a bhainistiú, go háirithe nuair is cuid de straitéis hibrideach shioncronaithe, mhailíseach iad;

    AY.

    de bhrí go bhfuil treoir nua molta ag an gCoimisiún chun athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a sholáthraíonn seirbhísí bunriachtanacha in AE a fheabhsú, lena n-áirítear liosta beartaithe de chineálacha nua bonneagair chriticiúil; de bhrí go leagfar amach liosta na seirbhísí san iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir;

    AZ.

    de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar dhomhandú roinnt an tsaothair agus na slabhraí táirgthe go bhfuil bearnaí sa déantúsaíocht agus sna scileanna sna príomhearnálacha ar fud an Aontais; de bhrí gurb é an toradh atá air sin go bhfuil AE ag brath go mór ar a lán táirgí riachtanacha agus sócmhainní príomhúla, ina bhfuil leochaileachtaí ionsuite, a thagann as an gcoigríoch; de bhrí gur cheart athléimneacht an tslabhra soláthair a bheith i measc na dtosaíochtaí atá ag cinnteoirí AE;

    BA.

    de bhrí go bhfuil infheistíochtaí díreacha coigríche (IDCanna) – infheistíochtaí ó thríú tíortha agus ó chuideachtaí eachtracha – in earnálacha straitéiseacha in AE, agus i limistéir chomharsanachta feisin, amhail na Balcáin Thiar, go háirithe an tSín a bheith ag fáil struchtúir chriticiúla, ina gcúis imní atá ag dul i méid le blianta beaga anuas, agus an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann leis an nasc idir an trádáil agus an tslándáil á cur san áireamh; de bhrí go bhfuil baol ag baint leis na hinfheistíochtaí sin go gcruthófar spleáchais eacnamaíocha agus go gcaillfear eolas i bpríomhearnálacha táirgthe agus tionsclaíocha;

    BB.

    de bhrí gur gá bonneagar straitéiseach Eorpach a rialú le neamhspleáchas straitéiseach oscailte AE; de bhrí gur chuir an Coimisiún agus na Ballstáit in iúl go bhfuil imní orthu faoi shlándáil agus rialú na dteicneolaíochtaí agus an bhonneagair san Eoraip;

    Trasnaíocht eachtrach le linn próisis toghcháin

    BC.

    de bhrí go mbaineann gníomhaithe mailíseacha atá ag iarraidh cur isteach ar phróisis toghcháin leas as oscailteacht agus iolrachas ár sochaithe mar leochaileacht straitéiseach i leith ionsaí a dhéanamh ar phróisis dhaonlathacha agus ar athléimneacht AE agus a chuid Ballstát; de bhrí, i gcomhthéacs na bpróiseas toghcháin, go bhfuil trasnaíocht eachtrach ag éirí níos contúirtí de réir mar a théann na saoránaigh i mbun gnímh arís agus mar gur mó an bhaint atá acu leis an ngnáth-rannpháirtíocht pholaitiúil;

    BD.

    de bhrí gur bagairt thar a bheith contúirteach ar an daonlathas é cineál sainiúil na trasnaíochta eachtraí ar phróisis toghcháin, agus úsáid teicneolaíochtaí nua i ndáil leis sin, chomh maith leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu; de bhrí go dtéann trasnaíocht eachtrach ar phróisis toghcháin i bhfad níos faide ná “cogaíocht faisnéise” na meán sóisialta, ina dtugtar tús áite d’ iarrthóirí sonracha chun bunachair sonraí a haiceáil agus a aimsiú agus faisnéis na vótálaithe cláraithe a rochtain agus cur isteach díreach ar ghnáthfheidhmiú, ar iomaíochas agus ar dhlisteanacht an phróisis toghcháin; de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag trasnaíocht eachtrach amhras, éiginnteacht agus mímhuinín a chothú, agus ní hamháin toradh na dtoghchán a athrú ach an próiseas toghchánach ina iomláine a dhlisteanú;

    Cistiú ceilte ar ghníomhaíochtaí polaitiúla ag gníomhaithe agus deontóirí eachtracha

    BE.

    de bhrí go léiríonn corpas láidir fianaise go bhfuil gníomhaithe eachtracha ag cur isteach go gníomhach ar fheidhmiú daonlathach AE agus a Bhallstát, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin agus reifrinn, trí oibríochtaí cistithe ceilte;

    BF.

    de bhrí, mar shampla, go bhfuil breis agus USD 300 milliún seolta ag an Rúis, an tSín agus ag réimis fhorlámhacha eile chuig 33 thír chun cur isteach ar phróisis dhaonlathacha, agus go raibh gníomhaithe eile rannpháirteach amhail an Iaráin agus Veiniséala, agus ón Meánoirthear agus ó na Stáit Aontaithe i bhfad amach ar an eite dheis, i gcistiú ceilte; de bhrí gur léir go bhfuil an treocht sin ag dul in olcas; de bhrí go mbaineann leath de na cásanna seo le gníomhaíochtaí na Rúise san Eoraip; de bhrí gur foinse maoiniúcháin pholaitiúil ó thríú tíortha forlámhacha iad an t-éilliú agus sciúradh airgid aindleathach;

    BG.

    de bhrí go bhfuil uirlisí na meán a chruthaigh deontóirí eachtracha ar bhealach neamh-thrédhearcach tar éis éirí an-éifeachtach ó thaobh líon mór leanteoirí a chruinniú agus rannpháirtíocht a ghiniúint;

    BH.

    de bhrí go maoiníonn na hoibríochtaí sin páirtithe antoisceacha, pobalacha, frith-Eorpacha agus go maoiníonn siad páirtithe agus daoine aonair nó gluaiseachtaí áirithe eile atá ag iarraidh ilroinnt shochaíoch a dhoimhniú agus an bonn a bhaint ó dhlisteanacht na n-údarás poiblí Eorpach agus náisiúnta de bhrí gur chuidigh sé sin le cumhacht na bpáirtithe agus na ngluaiseachtaí sin a mhéadú;

    BI.

    de bhrí go bhféachann an Rúis le teagmháil a dhéanamh le páirtithe, le figiúirí agus le gluaiseachtaí chun gníomhaithe laistigh d’institiúidí AE a úsáid chun seasaimh na Rúise a dhlisteanú agus rialtais ionadacha a spreagadh, chun brústocaireacht a dhéanamh i leith faoiseamh ó smachtbhannaí agus chun iarmhairtí an leithlisithe idirnáisiúnta a mhaolú; de bhrí go bhfuil comhaontuithe comhair sínithe ag páirtithe amhail Freiheitliche Partei Österreichs, ag Rassemblement Náisiúnta na Fraince, agus ag Lega Nord na hIodáile, le páirtí Uachtarán Vladimir Putin, United Russia, agus go bhfuil líomhaintí sna meáin anois go bhfuil siad toilteanach glacadh le cistiú polaitiúil ón Rúis; de bhrí go dtuairiscítear i gcás páirtithe Eorpacha eile amhail Alternative für Deutschland (AfD) na Gearmáine, Fidesz agus Jobbik na hUngáire, agus an Páirtí Brexit sa Ríocht Aontaithe freisin go raibh dlúth-theagmháil acu leis an Kremlin, agus gur oibrigh AfD agus Jobbik freisin mar “bhreathnóirí toghcháin” i dtoghcháin faoi rialú Kremlin, mar shampla in Donetsk agus Lugansk in oirthear na hÚcráine, chun faireachán a dhéanamh ar thoghcháin atá urraithe ag an Rúis agus chun iad a dhlisteanú; de bhrí gur gá imscrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar thorthaí maidir leis an dlúth-theagmháil rialta a bhíonn ag oifigigh na Rúise agus ionadaithe ó ghrúpa de scarthaigh na Catalóine sa Spáinn, agus idir na hoifigigh Rúiseacha agus an deontóir príobháideach is mó le feachtas Brexit – Vote Leave – agus go bhfuil siad mar chuid de straitéis níos leithne na Rúise gach uile dheis a úsáid chun dioscúrsa a ionramháil chun an díchobhsú a chur chun cinn;

    BJ.

    de bhrí go bhfuil moltaí forleathana déanta cheana ag Grúpa na Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) Chomhairle na hEorpa agus ag Coimisiún na Veinéise chun an scóip a laghdú maidir le cur isteach a d’fhéadfadh gníomhaithe eachtracha a dhéanamh trí mhaoiniú polaitiúil;

    BK.

    de bhrí nach bhfuil dlíthe toghcháin, go háirithe forálacha maidir le maoiniú gníomhaíochtaí polaitiúla, comhordaithe go leordhóthanach ar leibhéal AE, agus go gcumasaíonn siad, dá bhrí sin, modhanna teimhneacha maoinithe ag gníomhaithe eachtracha; de bhrí go bhfuil an sainmhíniú dlíthiúil ar shíntiúis pholaitiúla róchúng, lena gcumasaítear ranníocaíochtaí comhchineáil eachtracha san Aontas Eorpach;

    BL.

    de bhrí, i roinnt Ballstát, nach bhfuil fógraíocht pholaitiúil ar líne faoi réir na rialacha maidir le fógraíocht pholaitiúil as líne; de bhrí go bhfuil easpa mhór trédhearcachta san fhógraíocht pholaitiúil ar líne, rud a fhágann nach bhféadfaidh rialtóirí teorainneacha caiteachais a fhorfheidhmiú agus foinsí neamhdhleathacha cistiúcháin a chosc, rud a d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith aige ar shláine ár gcóras toghcháin;

    BM.

    de bhrí go gcruthaíonn easpa trédhearcachta timpeallacht an éillithe, lena ngabhann cistiú agus infheistíochtaí coigríche go minic;

    BN.

    de bhrí go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (9) d’fhonn leibhéal níos mó trédhearcachta a bhaint amach i dtéarmaí mhaoiniú na ngníomhaíochtaí polaitiúla;

    BO.

    de bhrí gur tháinig méadú ar ról na bhfondúireachtaí polaitiúla le blianta beaga anuas, agus go raibh ról dearfach acu i bhformhór na gcásanna sa pholaitíocht agus i neartú an daonlathais, ach i gcásanna áirithe gur bealach níos guagaí iad le haghaidh cineálacha mailíseacha airgeadais agus cur isteach indíreach;

    BP.

    de bhrí go n-úsáidtear teicneolaíochtaí nua-aimseartha agus sócmhainní digiteacha, amhail criptea-airgeadra, chun idirbhearta airgeadais neamhdhleathacha a cheilt ar ghníomhaithe polaitiúla agus ar pháirtithe polaitiúla;

    Cibearshlándáil agus athléimneacht i gcoinne cibearionsaithe

    BQ.

    de bhrí go bhfuil méadú tagtha le blianta beaga anuas ar mhinicíocht na gcibirionsaithe agus na dteagmhas cibearchumasaithe atá á stiúradh ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit naimhdeacha; de bhrí go ndearnadh roinnt cibirionsaithe, amhail na feachtais dhomhanda fioscaireachta spriocdhírithe trí ríomhphost lena ndírítear ar struchtúir straitéiseacha stórála vacsaíní agus na cibirionsaithe i gcoinne na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA), an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, Pharlaimint na hIorua agus cibirionsaithe eile nach iad, a rianú siar go grúpaí haiceálaithe le tacaíocht stáit, atá cleamhnaithe, den chuid is mó, le Rialtais na Rúise agus na Síne;

    BR.

    de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta do chur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta atá ann cheana sa chibearspás, go háirithe Cairt na Náisiún Aontaithe; de bhrí go bhfuil gníomhaithe eachtracha urchóideacha ag baint leas as easpa creat láidir idirnáisiúnta dlíthiúil sa chibear-réimse;

    BS.

    de bhrí gur mhéadaigh na Ballstáit an comhar atá ar bun acu i réimse na cibearchosanta faoi chuimsiú an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO), lena n-áirítear trí Fhoirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas a bhunú; de bhrí gur áiríodh leis an gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP) faisnéis, cumarsáid shlán agus cibearchosaint ina chláir oibre; de bhrí go bhfuil teorainn leis an acmhainn atá ann faoi láthair aghaidh a thabhairt ar chibearbhagairtí mar gheall ar an nganntanas acmhainní daonna agus airgeadais, mar shampla i gcás struchtúir chriticiúla, amhail ospidéil; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas EUR 1.6 billiún a infheistiú, faoin gclár don Eoraip Dhigiteach (10), i gcumas freagartha agus in úsáid uirlisí cibearshlándála do riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair, chomh maith le comhar poiblí-príobháideach a fhorbairt;

    BT.

    de bhrí gur fadhb atá ag dul i méid iad na bearnaí i gcumas agus straitéisí AE agus ilroinnt cumas agus straitéisí AE sa chibear-réimse, mar a thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le fios (11); de bhrí gur léirigh bosca uirlisí cibearthaidhleoireachta an Aontais, a bunaíodh i mí na Bealtaine 2019, an breisluach a bhaineann le freagairt chomhpháirteach taidhleoireachta AE ar chibearghníomhaíochtaí mailíseacha; de bhrí gur chinn an Chomhairle den chéad uair an 30 Iúil 2020 bearta sriantacha a fhorchur ar dhaoine aonair, ar eintitis agus ar chomhlachtaí atá freagrach as cibirionsaithe éagsúla nó a bhfuil lámh acu iontu;

    BU.

    de bhrí gur bhain gníomhaithe stáit eachtracha úsáid as cláir faireachais aindleathacha agus mhórscála, amhail Pegasus, chun díriú ar iriseoirí, ar ghníomhaithe ar son chearta an duine, lucht léinn agus oifigigh rialtais agus ar pholaiteoirí, lena n-áirítear cinn stáit Eorpacha; de bhrí gur bhain na Ballstáit úsáid as earraí spiaireachta freisin;

    Ballstáit, institiúidí, gníomhaireachtaí, toscaireachtaí agus misin an Aontais a chosaint

    BV.

    de bhrí gur níos minice a bhíonn gníomhaithe eachtracha mailíseacha ar mian leo deighilt a dhéanamh in AE ag díriú ar nádúr díláraithe agus ilnáisiúnta institiúidí an Aontais, lena n-áirítear a misin agus n-oibríochtaí, agus gur níos minice a bhíonn leas á bhaint acu as sin; de bhrí nach leor an cultúr slándála in institiúidí AE ar an iomlán in ainneoin gur targaidí soiléire iad; de bhrí go bhfuil dúshláin shonracha roimh an bParlaimint mar institiúid AE a thoghtar go daonlathach; de bhrí gur léirigh roinnt cásanna gur cosúil go bhfuil institiúidí AE leochaileach i leith insíothlú coigríche; de bhrí gur cheart sábháilteacht fhoireann AE a áirithiú;

    BW.

    de bhrí gur gá nósanna imeachta maidir le bainistiú géarchéime atá láidir agus comhleanúnach a chur ar bun mar ábhar tosaíochta; de bhrí gur cheart oiliúint bhreise a thairiscint chun ullmhacht na foirne a fheabhsú;

    BX.

    de bhrí gur díríodh cibirionsaithe ar roinnt institiúidí AE le déanaí, a leagann béim ar an ngá atá le comhar láidir idirinstitiúideach maidir le faisnéis a bhrath, faireachán a dhéanamh uirthi agus faisnéis a roinnt le linn cibirionsaithe agus/nó d’fhonn iad a chosc, lena n-áirítear le linn mhisin agus oibríochtaí chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais (CBSC); de bhrí gur cheart do AE agus a Bhallstáit freachnaimh chomhpháirteacha rialta a eagrú chun lagaí a shainaithint agus na bearta is gá a dhéanamh;

    Trasnaíocht trí ghníomhaithe domhanda trí ghabháil éilíte, diaspóraí náisiúnta, ollscoileanna agus imeachtaí cultúrtha

    BY.

    de bhrí go ndéanann cuideachtaí náisiúnta nó príobháideacha forlámhacha stát-rialaithe, roinnt polaiteoirí, lena n-áirítear iarpholaiteoirí agus iar-státseirbhísigh ardleibhéil a fhostú nó a chomhthoghadh, mar mhalairt ar a gcuid eolais, chun aimhleasa an Aontais agus a Bhallstát;

    BZ.

    de bhrí go bhfuil roinnt tíortha an-ghníomhach i réimse na gabhála éilíte agus an chomhthofa, go háirithe an Rúis agus an tSín, agus an Araib Shádach agus tíortha eile de chuid na Murascaille freisin, léirithe sna cásanna seo: chuaigh iar-Sheansailéir na Gearmáine Gerhard Schröder agus iar-Phríomh-Aire na Fionlainne, Paavo Lipponen, le Gazprom chun dlús a chur leis an bpróiseas iarratais do Nord Stream 1 agus 2; ceapadh iar-Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, Karin Kneissl, mar chomhalta boird de Rosneft; ceapadh iar-Phríomh-Aire na Fraince, François Fillon, mar chomhalta boird de Zaroubejneft; tá iar-Phríomh-Aire na Fraince, Jean-Pierre Raffarin, gníomhach i leasanna na Síne a chur chun cinn sa Fhrainc; tá obair déanta ag Iar-Choimisinéir na Seice, Štefan Füle, do CEFC China Energy; tá iar-Phríomh-Aire na Fionlainne Esko Aho, anois, ar bhord Sberbank Kremlin, tá iar-Aire na Fraince don Chaidreamh leis an bParlaimint, Jean-Marie Le Guen, anois ina chomhalta de Bhord Stiúrthóirí Huawei France, ceapadh iar-Phríomh-Aire na Beilge, Yves Leterme, ina chomhchathaoirleach ar chiste infheistíochta ToJoy, agus tá neart polaiteoirí agus oifigigh ardleibhéil i ndiaidh róil chomhchosúla a ghabháil chucu féin;

    CA.

    de bhrí gur féidir straitéisí don bhrústocaireacht eacnamaíoch a chomhcheangal le spriocanna trasnaíochta eachtraí; de bhrí, de réir thuarascáil ECFE maidir le brústocaireacht sa 21ú haois (12), nach bhfuil rialacha i bhfeidhm ach sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus i gCeanada lena gcumhdaítear tionchar eachtrach; de bhrí go bhfuil easpa thromchúiseach rialacha ceangailteacha dlí agus forfheidmiú chlár brústocaireachta AE ann, rud a fhágann go bhfuil sé beagnach dodhéanta brústocaireacht a rianú lasmuigh de AE; de bhrí nach bhfuil aon bhealach ann faoi láthair chun faireachán a dhéanamh ar iarrachtaí brústocaireachta i mBallstáit a imríonn tionchar ar reachtaíocht agus ar bheartas eachtrach tríd an gComhairle Eorpach; de bhrí go ndírítear go príomha le rialacha maidir le brústocaireacht in AE ar theagmháil duine le duine agus nach gcuirtear san áireamh leo éiceachóras iomlán na gcineálacha éagsúla brústocaireachta atá sa Bhruiséil; de bhrí go bhfuil infheistíocht mhór déanta ag tíortha amhail an tSín agus an Rúis, agus ag Catar, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Tuirc freisin, in iarrachtaí brústocaireachta sa Bhruiséil;

    CB.

    de bhrí gur gné thábhachtach de straitéisí trasnaíochta eachtraí é iarracht a dhéanamh grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear mionlach náisiúnta agus an diaspóra náisiúnta atá ina gcónaí ar ithir AE a ionstraimiú;

    CC.

    de bhrí go bhfuil gníomhaithe éagsúla stáit, amhail rialtais na Rúise, rialtais na Síne, agus, ar leibhéal níos ísle, rialtais na Tuirce, ag féachaint lena dtionchar a mhéadú trí institiúidí cultúrtha, oideachais (e.g. trí dheontais agus scoláireachtaí) agus institiúidí reiligiúnacha a bhunú agus a úsáid ar fud na mBallstát, mar iarracht straitéiseach chun daonlathas na hEorpa a dhíchobhsú agus chun smacht ar Oirthear na hEorpa agus Lár na hEorpa a leathnú; de bhrí gur bhain an Rúis úsáid as staid achrannach líomnaithe a mionlach náisiúnta san am a chuaigh thart mar leithscéal chun dul i mbun idirghabháil dhíreach i dtríú tíortha;

    CD.

    de bhrí go bhfuil fianaise ann go bhfuil trasnaíocht na Rúise agus ionramháil faisnéise ar líne in go leor daonlathais liobrálacha ar fud an domhain, lena n-áirítear reifreann Brexit sa Ríocht Aontaithe, toghcháin uachtaránachta na Fraince agus SAM, ach gan bheith teoranta dóibh, agus tacaíocht phraiticiúil do pháirtithe antoisceacha, pobalacha, frith-Eorpacha agus do pháirtithe agus daoine aonair áirithe eile ar fud na hEorpa, lena n-áirítear an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Ostair, ach gan bheith teoranta dóibh siúd amháin; de bhrí go bhfuil gá le níos mó tacaíochta don taighde agus don oideachas chun go dtuigfear an tionchar beacht a bheadh ag trasnaíocht eachtrach ar imeachtaí sonracha, amhail Brexit agus toghadh an Uachtaráin Trump in 2016;

    CE.

    de bhrí go bhfuil líonraí Sputnik agus RT de chuid na Rúise atá faoi rialú an stáit agus atá bunaithe san Iarthar, i dteannta le meáin an Iarthair, faoi lánúinéireacht nó faoi pháirtúinéireacht ag eintitis dhlíthiúla agus eintitis aonair de chuid na Rúise agus na Síne go gníomhach i ngníomhaíochtaí bréagaisnéise in aghaidh daonlathais liobrálacha; de bhrí go bhfuil an Rúis ag dul i muinín an athbhreithnithe stairiúil, ag iarraidh stair na gcoireanna Sóivéadacha a athscríobh agus an cumha Sóivéadach a chur chun cinn i measc an phobail ar furasta dul i bhfeidhm air i Lár na hEorpa agus in Oirthear na hEorpa; de bhrí go bhfuil sé deacair do chraoltóirí náisiúnta i Lár na hEorpa agus in Oirthear na hEorpa dul san iomaíocht le hábhar teilifíse Rúisise atá cistithe ag Rialtas na Rúise; de bhrí go bhfuil an baol ann go mbeidh comhar neamhchothrom ann idir meáin na Síne agus meáin eachtracha, ag cur san áireamh gurb iad meáin na Síne guth Pháirtí Cumannach na Síne sa bhaile agus i gcéin;

    CF.

    de bhrí gur osclaíodh níos mó ná 500 ionad Confucius ar fud an domhain, lena n-áirítear thart ar 200 ionad san Eoraip, agus go n-úsáideann an tSín Institiúidí Confucius agus Seomraí Ranga Confucius mar uirlis trasnaíochta laistigh de AE; de bhrí go bhfuil diansrian ar shaoirse acadúil in Institiúidí Confucius; de bhrí go an cistiú ollmhór eachtrach, go háirithe ón tSín nó ó Chatar, á dhíriú go mór mór ar ollscoileanna agus cláir oideachais, amhail campas Ollscoil Fudan i mBúdaipeist;

    CG.

    de bhrí nach bhfuil an bosca uirlisí is gá ag AE faoi láthair chun dul i ngleic le gabháil éilíte agus chun cur i gcoinne bhunú na mbealaí tionchair, lena n-áirítear laistigh d’institiúidí AE; de bhrí go bhfuil cumais feasachta staide agus ionstraimí frithfhaisnéise fós gann ar leibhéal AE, agus go bhfuil siad ag brath go mór ar thoilteanas na ngníomhaithe náisiúnta faisnéis a chomhroinnt;

    Díspreagadh, sannadh agus frithbhearta comhchoiteanna, lena n-áirítear smachtbhannaí

    CH.

    de bhrí nach bhfuil ag an Aontas agus a Bhallstáit faoi láthair córas smachtbhannaí sonrach a bhaineann le trasnaíocht eachtrach agus le feachtais bhréagaisnéise arna n-eagrú ag gníomhaithe stáit eachtracha, rud a chiallaíonn gur féidir leis na gníomhaithe sin glacadh leis go cinnte nach n-eascróidh aon iarmhairtí as a bhfeachtais díchobhsúcháin i gcoinne AE;

    CI.

    de bhrí gurb iad na chéad chéimeanna chun cosaint éifeachtach a thabhairt in aghaidh na ngníomhaíochtaí sin ná a áirithiú go ndéanfar bréagaisnéis agus ionsaithe bolscaireachta a shannadh go soiléir, lena n-áirítear ainmniú dhéantóirí na coire, na n-urraitheoirí ina leith agus na spriocanna a bhfuiltear ag iarraidh a bhaint amach, chomh maith le héifeachtaí na n-ionsaithe sin ar an bpobal spriocdhírithe a thomhas;

    CJ.

    de bhrí gur cheart do AE a uirlisí díspreagtha a neartú, chomh maith lena uirlisí chun ionsaithe den chineál sin a shannadh agus a rangú mar ionsaithe atá ina sárú ar an dlí idirnáisiúnta nó mar ionsaithe nach bhfuil ina sárú ar an dlí idirnáisiúnta, d’fhonn córas smachtbhannaí éifeachtach a bhunú ionas go mbeidh ar ghníomhaithe eachtracha mailíseacha costais a gcinntí a íoc agus glacadh leis na hiarmhairtí; de bhrí go bhféadfadh sé nach leor díriú ar dhaoine aonair amháin; de bhrí go bhféadfaí uirlisí eile, amhail bearta trádála, a úsáid chun próisis dhaonlathacha Eorpacha a chosaint ar ionsaithe hibrideacha státurraithe; de bhrí nach mór bearta díspreagtha a chur i bhfeidhm go trédhearcach agus leis na ráthaíochtaí uile is cuí; de bhrí go ndéantar ionsaithe hibrideacha a chalabrú ionas go dtitfidh siad d’aon ghnó faoi bhun thairseach Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagal 5 de Chonradh an Atlantaigh Thuaidh;

    Comhar domhanda agus an t-iltaobhachas

    CK.

    de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí mailíseacha ó ghníomhaithe stáit agus neamhstáit eachtracha ag déanamh difear do go leor tíortha comhpháirtíochta daonlathacha éagsúla ar fud an domhain; de bhrí go mbraitheann comhghuaillithe daonlathacha ar a gcumas teacht le chéile chun freagairt chomhchoiteann a thabhairt;

    CL.

    de bhrí go bhfuil tíortha aontachais AE sna Balcáin Thiar buailte go dona ag ionsaithe i bhfoirm trasnaíocht eachtrach agus feachtais bhréagaisnéise a eascraíonn ón Rúis, ón tSín agus ón Tuirc, amhail feachtais trasnaíochta de chuid na Rúise le linn phróiseas daingniúcháin Chomhaontú Prespa sa Mhacadóin Thuaidh; de bhrí go ndearna an tSín agus an Rúis paindéim COVID-19 a úsáid chun tairbhe dóibh féin sna Balcáin Thiar chun na tíortha sin a dhíchobhsú agus chun an tAontas Eorpach a chur ar gcúl; de bhrí go bhfuiltear ag dréim go nglacfaidh tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha páirt i dtionscnaimh AE chun dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach;

    CM.

    de bhrí go bhfuil easpa comhthuisceana agus sainmhínithe coiteanna ann i measc comhpháirtithe agus comhghuaillithe atá ar aon intinn leo maidir le cineál na mbagairtí atá i gceist; de bhrí go bhfuil Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ag iarraidh go mbeadh cód iompair domhanda ann chun sláine na faisnéise poiblí a chur chun cinn; de bhrí gur ardán tábhachtach í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa do phléití a bhaineann leis an ábhar;

    CN.

    de bhrí go bhfuil gá le comhar agus tacaíocht dhomhanda, iltaobhach agus i measc comhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus iad ag déileáil le trasnaíocht mailíseach eachtrach; de bhrí go bhfuil ardscileanna agus ardstraitéisí forbartha ag daonlathais eile, amhail an Astráil agus an Téaváin; de bhrí go bhfuil an Téaváin chun tosaigh sa chomhrac i gcoinne na cúblála faisnéise, ón tSín den chuid is mó; de bhrí go bhfuil rath chóras na Téaváine bunaithe ar an gcomhar idir gach brainse den rialtas, ach freisin ar chomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha neamhspleácha a bhfuil speisialtóireacht acu ó thaobh fíricí a sheiceáil agus litearthacht sna meáin agus le hardáin na meán sóisialta, amhail Facebook, agus bunaithe ar litearthacht sna meáin a chur chun cinn do gach glúin, an bhréagaisnéis a bhréagnú, agus scaipeadh teachtaireachtaí cúblála a shrianadh; de bhrí go ndeachaigh Coiste Speisialta INGE ar mhisean oifigiúil trí lá go dtí an Téaváin chun an bhréagaisnéis agus an idirghabháil toghcháin eachtrach a phlé;

    An gá atá le straitéis chomhordaithe AE i gcoinne trasnaíocht eachtrach

    1.

    á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-iarrachtaí chun trasnaíocht eachtrach agus cúbláil faisnéise a dhéanamh agus go bhfuil siad ag éirí níos sofaisticiúla, arb iad an Rúis agus an tSín is mó a théann ina mbun, ar iarrachtaí iad atá dírithe ar gach cuid d’fheidhmiú daonlathach an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát;

    2.

    á chur in iúl gur geal léi an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin an 27 Feabhra 2022 maidir le toirmeasc uile-Aontais ar eagraíochtaí bolscaireachta na Rúise amhail Sputnik TV, RT (ar a dtugtaí Russia Today) agus ar orgáin bhréagaisnéise eile na Rúise arb é an t-aon aidhm atá leo tuairim phoiblí AE agus cinnteoirí AE a lagú agus a dheighilt; á iarraidh go ndéanfar tuilleadh beart ina leith sin;

    3.

    á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh do na comhreachtóirí agus do na Ballstáit tacú le straitéis ilsrathach chomhordaithe trasearnála, mar aon le hacmhainní leormhaithe airgeadais, lena ndíreofar ar bheartais fadbhreathnaitheachta agus beartais athléimneachta iomchuí agus uirlisí díspreagtha a chur ar fáil don Aontas agus do na Ballstáit, lena gcuirfear ar a gcumas dul i ngleic le gach bagairt agus ionsaí hibrideach a dhéanann gníomhaithe stáit agus neamhstáit eachracha; á mheas gur cheart an straitéis sin a bhunú ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    téarmaíocht chomhchoiteann agus sainmhínithe coiteanna, modheolaíocht aonair, meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair ex post ar an reachtaíocht a glacadh go dtí seo, córas faisnéise comhroinnte, agus an tuiscint go bhfuil, faireachán, lena n-áirítear réamhrabhaidh, agus feasacht staide ar na saincheisteanna idir chamáin;

    (b)

    beartais nithiúla lena gcumasaítear forbairt athléimneachta i measc shaoránaigh an Aontais i gcomhréir le luachanna daonlathacha, lena n-áirítear trí thacaíocht don tsochaí shibhialta;

    (c)

    cur isteach iomchuí agus cumais chosanta;

    (d)

    freagairtí taidhleoireachta agus díspreagtha, lena n-áirítear bosca uirlisí de chuid an Aontais chun cur i gcoinne na trasnaíochta eachtraí agus chun tionchar a imirt ar oibríochtaí, lena n-áirítear oibríochtaí hibrideacha, trí bhearta leordhóthanacha, e.g. déantóirí na coire a shannadh agus a ainmniú, smachtbhannaí agus frithbhearta, agus comhpháirtíochtaí domhanda chun cleachtais a mhalartú agus noirm idirnáisiúnta maidir le hiompar freagrach stáit a chur chun cinn;

    4.

    á chur i bhfios go láidir nach mór gach beart chun trasnaíocht eachtrach a chosc, a bhrath, a shannadh, a chomhrac agus chun smachtbhannaí a fhorchur, a cheapadh ar bhealach lena n-urramaítear agus lena gcuirtear chun cinn cearta bunúsacha, lena n-áirítear cumas shaoránaigh an Aontais cumarsáid a dhéanamh ar bhealach slán, anaithnid agus gan chinsireacht, gan cur isteach míchuí ó aon ghníomhaithe eachtracha;

    5.

    á mheas gur cheart go mbeadh an straitéis sin bunaithe ar chur chuige rioscabhunaithe, uile-shochaí agus uile-rialtais, lena gcumhdófaí na réimsí seo a leanas go háirithe:

    (a)

    athléimneacht AE a fhorbairt trí fheasacht staide, litearthacht meán agus faisnéise, iolrachas na meán, an iriseoireacht neamhspleách agus an t-oideachas,

    (b)

    trasnaíocht eachtrach lena mbaintear úsáid as ardáin ar líne;

    (c)

    bonneagair chriticiúla agus earnálacha straitéiseacha;

    (d)

    trasnaíocht eachtrach le linn próisis toghcháin;

    (e)

    cistiú ceilte ar ghníomhaíochtaí polaitiúla ag gníomhaithe agus deontóirí eachtracha;

    (f)

    cibearshlándáil agus athléimneacht i gcoinne cibearionsaithe;

    (g)

    cosaint a thabhairt do Bhallstáit, d’institiúidí, do ghníomhaireachtaí, do thoscaireachtaí agus do mhisin an Aontais;

    (h)

    trasnaíocht trí ghníomhaithe domhanda trí ghabháil éilíte, diaspóraí náisiúnta, ollscoileanna agus imeachtaí cultúrtha;

    (i)

    díspreagadh, sannadh agus frithbhearta comhchoiteanna, lena n-áirítear smachtbhannaí;

    (j)

    comhar domhanda agus an t-iltaobhachas;

    6.

    á iarraidh, go háirithe, ar an Aontas agus a Ballstáit borradh a chur faoi na hacmhainní agus faoi na modhanna a leithdháiltear ar na comhlachtaí agus ar na heagraíochtaí ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain – amhail meithleacha machnaimh agus seiceálaithe fíricí – a bhfuil sé de chúram orthu faireachán a dhéanamh ar dhéine na mbagairtí agus feasacht a mhúscailt ina leith, lena n-áirítear bréagaisnéis; ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an Aontas i gciall straitéiseach níos leithne; á iarraidh go neartófar cumas fadbhreathnaitheach agus idir-inoibritheacht an Aontais agus a Bhallstát chun ullmhacht stóinseach a áirithiú chun ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a thuar, a chosc agus a mhaolú, chun cosaint a leasanna straitéiseacha agus a mbonneagar a neartú, agus chun páirt a ghlacadh i gcomhar iltaobhach agus i gcomhordú iltaobhach chun teacht ar chomhthuiscint ar an tsaincheist sna fóraim ábhartha idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha ábhair a bhaineann le trasnaíocht eachtrach a phlé ar bhonn rialta;

    7.

    á chur in iúl gur cúis imní di an easpa feasachta, lena n-áirítear i measc an phobail agus na n-oifigeach rialtais i gcoitinne, maidir le déine na mbagairtí atá ann faoi láthair ó réimis fhorlámhacha eachtracha agus ó ghníomhaithe mailíseacha eile atá dírithe ar gach leibhéal agus ar gach earnáil de shochaí na hEorpa, arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint ó chearta bunúsacha agus ó dhlisteanacht na n-údarás poiblí, agus an ilroinnt pholaitiúil agus shóisialta a dhoimhniú agus, i gcásanna áirithe, dochar atá bagrach don bheatha a dhéanamh do shaoránaigh AE, fiú;

    8.

    á chur in iúl gur ábhar imní di an easpa norm agus easpa bearta iomchuí agus leordhóthanacha chun gníomhaíochtaí trasnaíochta eachtraí a shannadh agus chun freagairt orthu, rud a fhágann go bhfuil ríomh tarraingteach ann do ghníomhaithe mailíseacha ar chostas íseal, riosca íseal agus luach saothair ard, ós rud é go bhfuil na rioscaí a bhaineann lena ngníomhaíochtaí faoi láthair an-íseal;

    9.

    ag tathant ar an gCoimisiún i gcás inarb ábhartha, peirspictíocht maidir le trasnaíocht eachtrach agus cúbláil eachtrach faisnéise a áireamh sa mheasúnú tionchair ex ante a dhéantar sula dtíolactar tograí nua, d’fhonn gur féidir príomhshruthú a dhéanamh ar chur i gcoinne trasnaíocht eachtrach agus cúbláil faisnéise laistigh de cheapadh beartais AE; ag tathant ar SEGS agus ar an gCoimisiún athbhreithnithe rialta athléimneachta a dhéanamh agus chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairt na mbagairtí agus ar a dtionchar ar an reachtaíocht agus ar na beartais reatha;

    10.

    á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na hinstitúidí náisiúnta a bunaíodh le déanaí, amhail Comhordaitheoir Náisiúnta na hAstráile um an Trasnaíocht Eachtrach; Coiste Slándála na Fionlainne a chabhraíonn leis an rialtas agus leis na haireachtaí; Gníomhaireacht na Sualainne um Theagmhais Shibhialta, ar gníomhaireacht nua um chosaint shíceolaíoch í; agus Ionad Náisiúnta na Sualainne um an tSín (NKK); gníomhaireacht nua na Fraince Viginum, Ionad Cibearshlándála Náisiúnta na Liotuáine, agus tascfhórsa idirghníomhaireachta um chomhordú bréagaisnéise na Téaváine féachaint cad a fhéadfaimid a fhoghlaim ó na dea-chleachtais sin agus a mhéid a d’fhéadfaí smaoineamh comhchosúil a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le comhroinnt faisnéise agus dea-chleachtas i measc na mBallstát i ndáil leis sin; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá cur chuige réamhghníomhach agus ionstraimí réamhghníomhacha, lena n-áirítear cumarsáid straitéiseach mar phríomhghníomhaíocht chun beartais an Aontais agus beartais na mBallstát a chur chun feidhme trína gcuid focal nó a gcuid gníomhaíochtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún oiliúint leordhóthanach eolaíochta sonraí a chur ar fáil agus comhlacht faireacháin aonair a chruthú laistigh den Choimisiún maidir le cúbláil faisnéise;

    11.

    á chur in iúl gur cúis imní di an iliomad bearnaí agus easnamh sa reachtaíocht agus sna beartais atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta atá ceaptha chun trasnaíocht eachtrach a bhrath, a chosc agus a chomhrac;

    12.

    á thabhairt dá haire go bhfuil cistiú á thabhairt ag an Aontas do roinnt tionscadal agus clár fadtéarmach atá dírithe ar an mbréagaisnéis a chomhrac ar leibhéal na teicneolaíochta, an dlí, na síceolaíochta agus na faisnéise; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtionscadal agus na gclár sin agus ar a n-infheidhmeacht;

    13.

    á iarraidh ar an gCoimisiún tascfhórsa de chuid an Choimisiúin a bhunú faoi stiúir Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin um Luachanna agus um Thrédhearcacht, a bheidh tiomanta do ghrinnscrúdú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus ar na beartais atá ann cheana chun bearnaí a shainaithint a bhféadfadh gníomhaithe mailíseacha leas a bhaint astu, agus ag tathant ar an gCoimisiún na bearnaí sin a dhúnadh go pras; á chur i bhfáth gur cheart don struchtúr sin comhoibriú le hinstitiúidí eile an Aontais agus leis na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus malartú dea-chleachtas a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS machnamh a dhéanamh ar Lárionad Eorpach um Bagairtí Trasnaíochta agus um Shláine Faisnéise a bhunú atá neamhspleách agus a bhfuil dea-acmhainní ar fáil di, ar cheart dó oibríochtaí ionramhála ar fhaisnéis agus bagairtí trasnaíochta ar an Aontas ina iomláine a shainaithint, a anailísiú agus a dhoiciméadú, feasacht staide a mhéadú, mol eolais speisialaithe a fhorbairt trína bheith ina ardán le haghaidh comhordú leis an tsochaí shibhialta, le hearnáil an ghnó, le hinstitiúidí AE agus le hinstitúidí náisiúnta, agus le feasacht an phobail a mhúscailt, inter alia trí thuarascálacha rialta maidir le bagairtí sistéamacha; á chur i bhfáth dá ndéanfaí Lárionad Eorpach um Bagairtí Trasnaíochta agus um Shláine Faisnéise a bhunú atá neamhspleách agus a bhfuil dea-acmhainní ar fáil di, gur cheart go soiléireofaí agus go bhfeabhsófaí ról roinn StratCom SEGS agus a tascfhórsaí mar chomhlacht straitéiseach sheirbhís taidhleoireachta an Aontais agus gur cheart forluí a sheachtaint idir gníomhaíochtaí; á chur i bhfáth gur cheart sainordú StratCom SEGS a dhíriú ar bheartais sheachtracha a fhorbairt go straitéiseach chun cur i gcoinne bagairtí comhpháirteacha atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn agus chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht le comhpháirtithe idirnáisiúnta sa réimse sin; á chur in iúl go bhféadfadh StratCom SEGS é sin a shaothrú i ndlúthchomhar le Lárionad nua Eorpach um Bagairtí Trasnaíochta agus um Shláine Faisnéise agus le tascfhórsa nua de chuid an Choimisiúin;

    14.

    á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit an tsochaí shibhialta a chumhachtú ról gníomhach a bheith acu chun cur i gcoinne trasnaíocht eachtrach; á iarraidh ar gach leibhéal agus ar gach earnáil den tsochaí Eorpach córais a chur ar bun chun eagraíochtaí agus saoránaigh a dhéanamh níos athléimní i gcoinne trasnaíocht eachtrach, chun bheith in ann ionsaithe a bhrath in am agus chun ionsaithe a chomhrac ar an mbealach is éifeachtúla is féidir, lena n-áirítear trí oideachas agus múscailt feasachta, laistigh de chreat AE maidir le cearta bunúsacha agus ar bhealach trédhearcach agus daonlathach; á chur i bhfios fios, sa chomhthéacs seo, na dea-chleachtais agus cur chuige uile-shochaí atá á saothrú ag an Téaváin; á iarraidh ar chinnteoirí uirlisí agus cistí tiomnaithe iomchuí a chur ar fáil don tsochaí shibhialta chun staidéar a dhéanamh ar thionchar eachtrach, chun é a nochtadh agus a chomhrac;

    Athléimneacht AE a fhorbairt trí fheasacht staide, litearthacht sna meáin agus an t-oideachas

    15.

    á chur i bhfáth go bhfuil córais fhónta, láidre agus idirnasctha de dhíth ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit chun teagmhais de chuid gníomhaithe stáit eachtracha agus gníomhaithe neamhstáit atá ag iarraidh trasnaíocht a dhéanamh ar phróisis dhaonlathacha a bhrath, a anailísiú, a rianú agus a mhapáil chun feasacht staide a fhorbairt mar aon le tuiscint shoiléir ar an gcineál iompraíochta nach mór don Aontas agus dá Bhallstáit a dhíspreagadh agus aghaidh a thabhairt air; á iarraidh go ndéanfaí taighde socheolaíoch agus pobalbhreitheanna rialta chun faireachán a dhéanamh ar athléimneacht agus ar litearthacht sna meáin, chomh maith le tuiscint a fháil ar thacaíocht agus dearcadh an phobail i leith na n-insintí bréagaisnéise is coitianta;

    16.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna nach bhfanfaidh na léargais ón anailís sin laistigh de shainghrúpaí um thrasnaíocht eachtrach, ach go roinnfear go hoscailte iad, a mhéid is féidir, leis an bpobal i gcoitinne, go háirithe le daoine a bhfuil feidhmeanna íogaire á gcur i gcrích acu, ionas go mbeidh gach duine ar an eolas faoi phatrúin na bagartha agus go bhféadfaidh siad na rioscaí a sheachaint;

    17.

    á chur i bhfios go láidir gur gá modheolaíocht choiteann a fhorbairt chun feasacht staide, luathrabhadh agus measúnú ar an mbagairt a fhorbairt, fianaise a bhailiú go córasach, agus chun cúbláil na timpeallachta faisnéise a bhrath go tráthúil, chomh maith le caighdeáin a fhorbairt maidir leis an sannadh teicniúil, mar shampla maidir le barántúlacht ábhair, chun freagairt éifeachtach a áirithiú;

    18.

    á chur i bhfáth gur gá go bhforbróidh AE, i gcomhar leis na Ballstáit agus ag oibriú go hiltaobhach sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha, sainmhíniú coincheapúil ar na bagairtí a bhaineann le trasnaíocht atá os comhair AE; á chur i bhfios go láidir gur gá go léireofaí leis an sainmhíniú sin na bearta, na teicnící, na nósanna imeachta agus na huirlisí lena ndéantar cur síos ar phatrúin iompraíochta na ngníomhaithe bagartha stáit agus neamhstáit a fheicimid sa lá atá inniu ann; ag tathant ar an gCoimisiún ról a thabhairt do FRA AE chun a áirithiú nach mbeidh aon choincheapa ná laofacht idirdhealaitheach nó éagothroma ann a bheidh leabaithe in aon sainmhínithe coincheapúla;

    19.

    á chur i bhfios go láidir gur gnéithe bunriachtanacha de chaidreamh seachtrach AE agus de chosaint luachanna daonlathacha AE iad taidhleoireacht phoiblí agus cumarsáid straitéiseach; á iarraidh ar institiúidí an Aontais tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an obair thábhachtach, agus dlús a chur léi, atá á déanamh ag roinn StratCom SEGS, in éineacht lena tascfhórsaí, Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) agus an Chill Chomhtháthaithe in aghaidh Bagairtí Hibrideacha, Stiúrthóireacht Faisnéise Fhoireann Mhíleata AE, an Córas Mear-Rabhaidh, an comhar atá i bhfeidhm ar an leibhéal riaracháin idir SEGS, an Coimisiún agus an Pharlaimint, an líonra faoi stiúir an Choimisiúin i gcoinne na bréagaisnéise, tascfhórsa riaracháin na Parlaiminte i gcoinne na bréagaisnéise, agus an comhar leanúnach le ECAT, G7, an tsochaí shibhialta agus an tsochaí phríobháideach i dtaca le comhoibriú faisnéise, anailís, comhroinnt dea-chleachtais agus múscailt feasachta i ndáil le cúbláil eachtrach faisnéise agus trasnaíocht eachtrach; á chur in iúl gur díol sásaimh di Tuarascáil Speisialta Uimh. 09/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal Disinformation affecting the EU: tackled but not tamed“[Bréagaisnéis lena ndéantar difear don Aontas: tugadh fúithi ach ní bhfuarthas smacht uirthi fós]”; á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún amlíne mhionsonraithe a fhoilsiú maidir le moltaí CIE a chur chun feidhme;

    20.

    á chur i bhfios go láidir gur gá iarrachtaí faireacháin buana a neartú agus iad á dtreisiú i bhfad roimh thoghcháin, reifrinn nó próisis pholaitiúla thábhachtacha eile ar fud na hEorpa;

    21.

    á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na hacmhainní sin trí fhaisnéis ábhartha a roinnt le EU INTCEN agus trína rannpháirtíocht sa Chóras Mear-Rabhaidh a fheabhsú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá anailís agus comhar faisnéise laistigh de AE agus le ECAT a neartú níos mó, agus comhar den sórt sin a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cuntasaí ó thaobh an daonlathais de, lena n-áirítear trí fhaisnéis a roinnt leis an bParlaimint;

    22.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di an smaoineamh a bhí ag Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen maidir le Lárionad Comhpháirteach um Fheasacht Staide a bhunú chun fadbhreathnaitheacht straitéiseach agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte AE a fheabhsú, agus go bhfuil sí ag dréim le soiléiriú breise maidir lena chur ar bun agus lena mhisean; á chur i bhfios go láidir go mbeadh comhar gníomhach le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, SEGS, na Comhairle, na Parlaiminte agus na n-údarás náisiúnta de dhíth sa lárionad sin; á athdhearbhú, áfach, a thábhachtaí atá sé dúbailt oibre agus forluí le struchtúir AE atá ann cheana a sheachaint;

    23.

    á mheabhrú gur gá sainordú neartaithe agus sainithe go soiléir agus na hacmhainní is gá le haghaidh na Roinn um an gCumarsáid Straitéiseach, um Thascfhórsaí agus um Anailís Faisnéise a thabhairt do SEGS chun faireachán a dhéanamh ar chúbláil faisnéise agus ar thrasnaíocht, agus aghaidh a thabhairt ar orthu, a théann níos faide ná na foinsí eachtracha a chumhdaítear faoi láthair leis na trí thascfhórsa agus chun díriú ar chlúdach geografach níos leithne trí chur chuige riosca-bhunaithe a chur i bhfeidhm; á iarraidh go práinneach go ndéanfadh SEGS cumais leormhaithe a imscaradh chun aghaidh a thabhairt ar chúbláil faisnéise agus ar thrasnaíocht a thagann ón tSín, go háirithe trí fhoireann thiomnaithe Chianoirthir a chur ar bun; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá borradh suntasach a chur faoin saineolas agus faoin gcumas teanga maidir leis an tSín agus le réigiúin eile a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, in SEGS, sna Ballstáit agus in institiúidí AE i gcoitinne, agus úsáid a bhaint as faisnéis foinse oscailte atá tearcúsáidte faoi láthair;

    24.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá meáin a scaiptear go forleathan atá iomaíoch agus iolraíoch, iriseoirí neamhspleácha, seiceálaithe fíricí agus taighdeoirí, agus meáin láidre seirbhísí poiblí do dhíospóireacht dhaonlathach bhríomhar agus saor; á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnaimh chun eagraíochtaí neamhspleácha iriseoirí, seiceálaithe fíricí agus taighdeoirí ar fud na hEorpa, agus go háirithe sna réigiúin is mó atá i mbaol, amhail Faireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha agus an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais, a thabhairt le chéile agus a oiliúint agus tacú leo ar shlí eile; á chur in iúl gur oth léi go mór nach gcumhdaítear na stáit Bhaltacha le Faireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha; á chur in iúl gur díol sásaimh di freisin tionscnaimh lena ndírítear ar tháscairí iontaofachta iriseoireachta agus seiceála fíricí a bhunú atá éasca le haithint, amhail táscairí a thionscain Tuairisceoirí gan Teorainneacha; á iarraidh ar an gCoimisiún cur i gcoinne úinéireacht mhórmheán atá monaplach;

    25.

    á mholadh an taighde fíor-riachtanach agus an mórán tionscnamh litearthachta meán agus digití agus ardaithe feasachta atá cruthaitheach agus rathúil arna ndéanamh ag daoine aonair, scoileanna, ollscoileanna, eagraíochtaí meán, institiúidí poiblí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

    26.

    á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit foinsí maoiniúcháin poiblí AE a chur i leataobh do sheiceálaithe neamhspleácha fíricí, do thaighdeoirí, do mheáin agus iriseoirí imscrúdaitheacha ar ardchaighdeán, agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a dhéanann taighde agus imscrúdú ar chúbláil faisnéise agus ar thrasnaíocht, lena ndéanfaí litearthacht meán, dhigiteach agus faisnéise, agus modhanna eile a chur chun cinn chun saoránaigh a chumhachtú, agus taighde a dhéanamh ar conas éifeachtacht na hoiliúna sa litearthacht meán, dhigiteach agus faisnéise a thomhas go fóinteach, mar aon le múscailt feasachta, le bréagnú agus le cumarsáid straitéiseach;

    27.

    á iarraidh go ndéanfaí bearta chun meáin ghairmiúla agus iolraíocha a neartú, lena n-áiritheofaí go bhfaigheadh foilsitheoirí ioncam cóir as úsáid a gcuid ábhar ar an idirlíon; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearta á ndéanamh ag roinnt tíortha ar fud na cruinne lena áirithiú go mbeidh acmhainní leormhaithe airgeadais ag na meáin; ag athdhearbhú a hiarrata go gcruthófar buanchiste meán nuachta AE agus á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, an Tionscnamh “News”, lena n-áirítear na féidearthachtaí nua maoiniúcháin d’earnáil na meán agus don litearthacht meán agus faisnéise i gclár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh sruthanna maoinithe spleáchais a chruthú nó tionchar a bheith acu ar neamhspleáchas na meán; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá trédhearcacht an mhaoinithe le haghaidh na meán; á chreidiúint gur gá, chun iolrachas na meán a chosaint, faisnéis a nochtadh go poiblí maidir le cé hiad ar leo na soláthraithe meán nó a rialaíonn iad, a thugann síntiúis dóibh nó a sholáthraíonn ábhar dóibh agus maidir le cé a íocann as ábhar iriseoireachta;

    28.

    á chur i bhfios go láidir gur gá anailís, tuarascálacha ar theagmhais agus measúnaithe faisnéis-bhunaithe ar bhagairtí poiblí maidir le cúbláil faisnéise agus trasnaíocht a chomhdhlúthú agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal; ag moladh, dá bhrí sin, go gcruthófaí bunachar sonraí uile-AE maidir le teagmhais de thrasnaíocht eachtrach arna dtuairisciú ag údaráis AE agus údaráis na mBallstát; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí faisnéis maidir leis na teagmhais sin a roinnt, i gcás inarb iomchuí, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis an bpobal, i dteangacha uile AE;

    29.

    á iarraidh ar na Ballstáit go léir litearthacht meán agus dhigiteach, chomh maith le hoideachas maidir leis an daonlathas, cearta bunúsacha, stair le déanaí, gnóthaí domhanda, smaointeoireacht chriticiúil agus rannpháirtíocht an phobail, a áireamh ina gcuraclaim, ón oideachas sna luathbhlianta go dtí an t-oideachas aosach, lena n-áirítear oiliúint do mhúinteoirí agus do thaighdeoirí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a mhéadú d’oideachas stairiúil agus do thaighde maidir leis an tionchar a bhí ag trasnaíocht eachtrach agus ollsmachtachas san am atá caite ar an tsochaí go ginearálta, agus d’imeachtaí daonlathacha ar mhórscála ar bhonn níos sonraí;

    30.

    á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit, ar gach leibhéal riaracháin, earnálacha atá i mbaol iarrachtaí trasnaíochta a shainaithint agus oiliúint agus cleachtaí rialta a sholáthar do bhaill foirne atá ag obair sna hearnálacha sin maidir le hiarrachtaí trasnaíochta a bhrath agus a sheachaint, agus á chur i bhfios go láidir go mbainfeadh iarrachtaí den sórt sin tairbhe as formáid chaighdeánaithe arna bunú ag AE; á mholadh go ndéanfaí modúil oiliúna cuimsithí a thairiscint freisin d’fhostaithe uile sa tseirbhís phoiblí; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, an oiliúint a thairgeann lucht riaracháin na Parlaiminte do na Feisirí agus don fhoireann; á mholadh go ndéanfaí an oiliúint sin a fhorbairt tuilleadh;

    31.

    á chur i bhfios go láidir gur gá feasacht a mhúscailt maidir le trasnaíocht eachtrach i sraitheanna uile na sochaí; á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscnaimh a rinne SEGS, an Coimisiún agus riarachán na Parlaiminte, amhail imeachtaí oiliúna agus múscailte feasachta d’iriseoirí, do mhúinteoirí, do thionchairí, do mhic léinn, do sheanóirí agus do chuairteoirí, as líne agus ar líne araon, sa Bhruiséil agus ar fud na mBallstát, agus á mholadh go ndéanfaí iad a fhorbairt tuilleadh;

    32.

    á iarraidh ar na Ballstáit, ar riarachán AE agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le hoiliúint agus múscailt feasachta i dtaca le litearthacht meán agus faisnéise, mar a iarrtar i dTreoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (13); á iarraidh ar an gCoimisiún na malartuithe sin a eagrú i gcomhar leis an Sainghrúpa um Litearthacht sna Meáin; á chur i bhfios go láidir gur gá do na Ballstáit an treoir athbhreithnithe a chur chun feidhme go pras agus i gceart;

    33.

    ag tathant ar institiúidí AE Cód Eitice a tharraingt suas chun treoir a thabhairt d’údaráis phoiblí agus d’ionadaithe polaitiúla maidir le hardáin agus líonraí meán sóisialta a úsáid; á mheas gur gá úsáid fhreagrach na n-ardán agus na líonraí sin a spreagadh chun cúbláil agus mífhaisnéis a thionscnaítear sa réimse poiblí a chomhrac;

    34.

    á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit cláir shaincheaptha múscailte feasachta agus litearthachta meán agus faisnéise a chur chun feidhme, lena n-áirítear do dhiaspóraí agus do mhionlaigh, agus á iarraidh ar an gCoimisiún córas a chur ar bun chun ábhar a roinnt go héasca i dteangacha mionlaigh, chun costais aistriúcháin a laghdú agus chun freastal ar a oiread daoine agus is féidir; á iarraidh ar réigiúin agus ar bhardais ról ceannasach a ghlacadh, ós rud é go bhfuil sé tábhachtach teagmháil a dhéanamh le ceantair thuaithe agus thar grúpaí déimeagrafacha;

    35.

    á chur i bhfios go láidir gur freagairt bunriachtanach ar iarrachtaí trasnaíochta eachtraí í na spriocghrúpaí príomha ar a bhfuil siad dírithe a chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le gníomhaíocht spriocdhírithe, trí bhíthin creat dlíthiúil comhchuibhithe AE, i gcoinne leathadh na bréagaisnéise agus na fuathchainte maidir le saincheisteanna a bhaineann le hinscne, daoine LADTIA+, mionlaigh agus dídeanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun bac a chur ar mhaoiniú daoine aonair agus grúpaí a scaipeann cúbláil faisnéise go gníomhach nó a ghlacann páirt ghníomhach inti, a bhíonn spriocdhírithe go minic ar na grúpaí agus ar na hábhair thuasluaite, chun an tsochaí a dheighilt; á iarraidh go mbeadh feachtais dhearfacha chumarsáide ann maidir leis na saincheisteanna sin agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hoiliúint atá íogair ó thaobh inscne de;

    36.

    ag aithint gur minic a úsáidtear ionsaithe agus feachtais bréagaisnéise inscní mar chuid de straitéis pholaitiúil níos leithne chun an bonn a bhaint de rannpháirtíocht chomhionann i bpróisis dhaonlathacha, go háirithe do mhná agus do dhaoine LADTIA+; á chur i bhfáth go spreagtar le bréagaisnéis faoi dhaoine LADTIA+ fuath, ar líne agus as líne araon, agus go gcuirtear beatha daoine i mbaol; á iarraidh go ndéanfaí taighde ar an mbréagaisnéis ar líne le lionsa trasnach agus go ndéanfaí formhaoirseacht ar na hathruithe atá á ndéanamh ag ardáin chun freagairt d’fheachtais bréagaisnéise inscní ar líne; á iarraidh go dtabharfaí aird níos mó ar bhréagaisnéis inscnebhunaithe trí chórais mhear-rabhaidh a chruthú trínar féidir feachtais bréagaisnéise inscní a thuairisciú agus a shainaithint;

    37.

    á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis uileghabhálach litearthachta meán agus faisnéise a chur chun cinn ina dtabharfar aird ar leith ar chúbláil faisnéise a chomhrac;

    38.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di bunú an tsainghrúpa maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus maidir leis an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn trí oideachas agus oiliúint, lena ndíreofar ar an smaointeoireacht chriticiúil, ar oiliúint múinteoirí, ar iarrachtaí réamhbhréagnaithe, bréagnaithe agus seiceála fíricí, agus ar rannpháirtíocht mac léinn, i measc cúraimí eile; á iarraidh ar an gCoimisiún torthaí obair an tsainghrúpa sin a chomhroinnt agus a chonclúidí a chur chun feidhme;

    39.

    á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an chumarsáid straitéiseach chun na hinsintí is coitianta i gcoinne an daonlathais a comhrac; á iarraidh go bhfeabhsófaí cumarsáid straitéiseach AE chun a raon a mhéadú i leith saoránach agus thar lear araon; á chur i bhfáth gur gá do na heagraíochtaí daonlathacha go léir an daonlathas a chosaint agus seasamh leis an smacht reachta agus go bhfuil freagracht choiteann orthu teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh, agus úsáid á baint as na teangacha agus as na hardáin is fearr leo;

    40.

    á iarraidh ar na Ballstáit feachtais cumarsáide poiblí éifeachtacha a áirithiú maidir le paindéim COVID-19 chun faisnéis chruinn agus thráthúil a scaipeadh chun gníomhú i gcoinne na mífhaisnéise, go háirithe i ndáil le vacsaíní;

    41.

    á chur in iúl gur cúis imní di scaipeadh bolscaireachta stáit eachtraigh, a thagann as Moscó agus Béising den chuid is mó, chomh maith le Ankara, a aistrítear go teangacha áitiúla, mar shampla in ábhar atá urraithe ag RT, Sputnik, Anadolu, CCTV, Global Times, Xinhua, TRT World nó Páirtí Cumannach na Síne atá faoi bhréagriocht iriseoireachta, agus a dháiltear in éineacht le nuachtáin; ag áitiú nach féidir na cainéil sin a mheas mar fhíormheáin agus nár cheart, dá bhrí sin, na cearta céanna agus an chosaint chéanna a bheith acu agus atá ag na meáin dhaonlathacha; á chur in iúl gur cúis imní di chomh maith céanna an chaoi a bhfuil na hinsintí sin tar éis scaipeadh i measc fíortháirgí iriseoireachta; á chur i bhfios go láidir gur gá feasacht a mhúscailt faoi fheachtais bhréagaisnéise na Rúise agus na Síne, arb é is aidhm dóibh cur in aghaidh luachanna daonlathacha agus AE a dheighilt, ós iad sin príomhfhoinse na bréagaisnéise san Eoraip; á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le staidéar maidir le caighdeáin íosta le haghaidh na meán mar bhonn ar a bhféadfaí ceadúnais a chúlghairm i gcás sáruithe; á iarraidh ar an gCoimisiún torthaí an staidéir a chomhtháthú i reachtaíocht atá le teacht, amhail Gníomh um Shaoirse na Meán a d’fhéadfadh a bheith ann; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh gníomhaithe trasnaíochta eachtraí iad féin a chur i láthair go bréagach mar iriseoirí; ag creidiúint gur cheart go mbeadh sé indéanta i gcásanna sin smachtbhannaí a chur ar an duine nó ar an eagraíocht sin, mar shampla trí ainmniú agus náiriú, dúliostú ó imeachtaí preasa nó creidiúnú meán a chúlghairm;

    42.

    á chur in iúl gur cúis mhór imní di ionsaithe, ciapadh, foréigean agus bagairtí i gcoinne iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus daoine eile a nochtann trasnaíocht eachtrach, a d’fhéadfadh an bonn a bhaint dá neamhspleáchas freisin; á iarradh ar an gCoimisiún tograí nithiúla agus uaillmhianacha a thíolacadh go pras maidir le sábháilteacht na ndaoine sin uile, lena n-áirítear ionstraim fhrithstraitéiseach i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPP) agus tacaíocht eacnamaíoch, dhlíthiúil agus taidhleoireachta, mar a fógraíodh faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú (14); á iarraidh ar na Ballstáit iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin a chosaint go héifeachtach trí bhíthin uirlisí reachtacha agus neamhreachtacha;

    43.

    á chur i bhfáth gur gá cinnteoirí áitiúla agus réigiúnacha atá freagrach as cinntí straitéiseacha sna réimsí sin a thagann faoina n-inniúlacht, amhail bonneagar, cibearshlándáil, cultúr agus oideachas, a bheith rannpháirteach; á chur i bhfios go láidir gur féidir le polaiteoirí agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha forbairtí ar cúis imní iad a shainaithint go minic ag céim luath agus á chur i bhfáth go mbíonn gá le heolas áitiúil go minic chun frithbhearta leormhaithe a shainaithint agus a chur chun feidhme;

    44.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bealaí cumarsáide a bhunú agus ardáin a chur ar bun ina bhféadfaidh cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine aonair, lena n-áirítear baill diaspóraí, tuairisc a thabhairt ar chásanna ina ndéantar cúbláil faisnéise nó trasnaíocht orthu; á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt dóibh siúd ar íospartaigh ionsaithe iad agus dóibh siúd atá ar an eolas faoi ionsaithe den sórt sin nó atá á gcur faoi bhrú;

    Trasnaíocht eachtrach lena mbaintear úsáid as ardáin ar líne

    45.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis, agus na tograí le haghaidh na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, na hIonstraime um Margaí Digiteacha agus bearta eile atá nasctha leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach mar uirlisí a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach chun dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach; á mholadh go gcuirfear san áireamh i léamh críochnaitheach na dtéacsanna sin na gnéithe a leagtar amach sa chuid eile den roinn seo;

    46.

    á chur i bhfáth nár cheart go mbainfí míbhrí as an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh mar shaoirse chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar líne atá neamhdhleathach as líne, amhail ciapadh, fuathchaint, idirdhealú ciníoch, sceimhlitheoireacht, foréigean, spiaireacht agus bagairtí; á chur i bhfios go láidir nach mór d’ardáin ní hamháin cloí le dlí na dtíortha ina bhfeidhmíonn siad, ach a dtéarmaí agus a gcoinníollacha a chomhlíonadh freisin, go háirithe maidir le hábhar díobhálach ar líne; á iarraidh ar na hardáin iarrachtaí a neartú chun cosc a chur le hábhar neamhdhleathach a bheith ag teacht aníos arís, ar ábhar é atá comhionann le hábhar a sainaithníodh mar ábhar neamhdhleathach agus a baineadh anuas;

    47.

    á chur i bhfios go láidir gur gá, thar aon ní eile, leanúint de staidéar a dhéanamh ar an méadú atá tagtha ar an mbréagaisnéis agus ar thrasnaíocht eachtrach ar líne agus go bhfuil gá le reachtaíocht uile-AE chun trédhearcacht, faireachán agus cuntasacht mhéadaithe go suntasach agus fhóinteach a áirithiú maidir leis na hoibríochtaí arna ndéanamh ardáin ar líne agus maidir le rochtain ar shonraí do chuardaitheoirí dlisteanacha rochtana, go háirithe nuair atáthar ag plé le halgartaim agus fógraíocht ar líne; á iarraidh ar chuideachtaí meán sóisialta leabharlanna fógraí a choinneáil;

    48.

    á iarraidh go ndéanfaí rialáil agus gníomhaíochtaí chun oibleagáid a chur ar ardáin, go háirithe iad siúd a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo don tsochaí, a gcion féin a dhéanamh chun cúbláil faisnéise agus trasnaíocht a laghdú, mar shampla trí úsáid a bhaint as lipéid lena léireofaí na fíorúdair atá taobh thiar de chuntais, teorainn a chur le raon na gcuntas a úsáidtear go rialta chun bréagaisnéis a scaipeadh nó a sháraíonn téarmaí agus coinníollacha an ardáin go rialta, cuntais neamhbharántúla a úsáidtear le haghaidh feachtais trasnaíochta chomhordaithe a fhionraí agus, más gá agus bunaithe ar reachtaíocht shoiléir, a scriosadh nó luach airgid a bhaint de shuíomhanna scaipthe bréagaisnéise, bearta maolaithe a dhéanamh le haghaidh rioscaí trasnaíochta a bhaineann le héifeachtaí a gcuid algartam, a gcuid samhlacha fógraíochta, a gcuid córas moltóra agus a gcuid teicneolaíochtaí intleachta saorga, agus aird a tharraingt ar ábhar bréagaisnéise i bpostálacha agus i nótaí tráchta araon; á mheabhrú gur gá na bearta sin a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus cuntasach;

    49.

    á iarraidh ar an gCoimisiún nóta treorach ó Chomhairle na hEorpa maidir le dea-chleachtais i dtreo creataí éifeachtacha dlíthiúla agus nóis imeachta le haghaidh sásraí féinrialála agus comhrialála maidir le modhnú ábhair, a glacadh i mí an Mheithimh 2021, a chur san áireamh go hiomlán;

    50.

    á iarraidh go ndéanfaí an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (15) a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, ar rialachán é lena gcuirtear teorainn le líon na sonraí ar féidir le hardáin a stóráil faoi úsáideoirí agus an fad is féidir na sonraí sin a úsáid, go háirithe d’ardáin agus d’fheidhmchláir a úsáideann sonraí an-phríobháideacha agus/nó íogaire, amhail feidhmchláir curtha teachtaireachtaí, sláinte, airgeadais agus gheandála agus pléghrúpaí beaga; á iarraidh ar ardáin gheatóra staonadh ó shonraí pearsanta a chomhcheangal le sonraí pearsanta ó sheirbhísí eile a thairgeann an geatóir nó le sonraí pearsanta ó sheirbhísí tríú páirtí, chun go mbeidh sé chomh héasca céanna easaontú agus aontú maidir le sonraí a stóráil agus a chomhroinnt agus chun lamháil d’úsáideoirí rogha a dhéanamh i dtaobh ar mian leo fógraíocht phearsantaithe eile ar líne a bheith spriocdhírithe orthu; á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí uile chun toirmeasc a chur ar theicnící micri-spriocdhírithe le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, go háirithe ach gan a bheith teoranta dóibh siúd atá bunaithe ar shonraí pearsanta íogaire, amhail bunadh eitneach, creidimh reiligiúnacha nó gnéaschlaonadh, agus á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar thoirmeasc ar mhicri-spriocdhíriú a leathnú chuig fógraíocht shaincheist-bhunaithe;

    51.

    á iarraidh go gceanglófaí le rialacha ceangailteacha AE go gcomhoibreodh ardáin leis na húdaráis inniúla chun tástáil a dhéanamh go rialta ar a gcórais agus an riosca go ndéanfaí cúbláil faisnéise, trasnaíocht agus leochaileachtaí a bhaineann le húsáid a bhaint as a gcuid seirbhísí a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú, lena n-áirítear an chaoi a gcuireann dearadh agus bainistiú a gcuid seirbhísí leis an riosca sin; á iarraidh go mbeadh rialacha ceangailteacha AE ann chun oibleagáid a chur ar ardáin córais a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear a gcuid seirbhísí, amhail faireachán fíor-ama ar na postálacha is mó atá ag treochtáil agus is coitianta i bhforléargas de réir tíre, chun cúbláil faisnéise agus trasnaíocht a bhrath agus chun aird na n-údarás freagrach a tharraingt ar thrasnaíocht amhrasta, agus chun na costais a mhéadú do ghníomhaithe a fhágann gur féidir neamhaird a thabhairt ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a éascaítear trína gcórais;

    52.

    á iarraidh ar ardáin ar líne acmhainní leormhaithe a ghealladh chun trasnaíocht dhíobhálach eachtrach a chosc, chomh maith le dálaí oibre níos fearr, cúram síceolaíoch agus íocaíocht chóir do mhodhnóirí ábhair a áirithiú; á iarraidh ar ardáin mhóra meán sóisialta tuarascálacha mionsonraithe agus de réir tíre a sholáthar maidir leis na hacmhainní atá tiomnaithe do sheiceáil fíricí intíre, do ghníomhaíochtaí taighde, do mhodhnú ábhair, lena n-áirítear cumais dhaonna agus IS i dteangacha aonair, agus do chomhar leis an tsochaí shibhialta áitiúil; á chur i bhfios go láidir gur gá do na hardáin sin dlús a chur lena n-iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis i margaí beaga nach bhfuil chomh brabúsach céanna ó thaobh na tráchtála de in AE;

    53.

    á iarraidh ar ardáin meán sóisialta urraim iomlán a thabhairt do chomhionannas shaoránaigh uile AE, beag beann ar an teanga a úsáidtear, i ndearadh a seirbhísí, a n-uirlisí agus a sásraí faireacháin, agus i mbearta le haghaidh níos mó trédhearcachta agus timpeallacht níos sábháilte ar líne; á chur i bhfáth go dtagraíonn sé sin ní hamháin do na teangacha oifigiúla náisiúnta agus réigiúnacha uile, ach freisin do theangacha na ndiaspóraí suntasacha laistigh de AE; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh na seirbhísí sin inrochtana freisin do dhaoine a bhfuil lagú éisteachta orthu;

    54.

    á iarraidh go ndéanfaí lipéadú soiléir agus inléite ar dhomhainbhrionnuithe, d’úsáideoirí ardáin agus i leith meiteashonraí ábhair araon, chun a n-inrianaitheacht a fheabhsú do thaighdeoirí agus do sheiceálaithe fíricí; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur díol sásaimh di na tionscnaimh atá dírithe ar bharántúlacht agus inrianaitheacht ábhair a fheabhsú, amhail comharthaí uisce agus caighdeáin bharántúlachta a fhorbairt, agus caighdeáin dhomhanda a thabhairt isteach;

    55.

    á iarraidh go ndéanfaí rialáil ar sheirbhísí lena dtairgtear uirlisí agus seirbhísí cúblála meán sóisialta, amhail borradh a chur faoi raon na gcuntas nó an ábhair a úsáideann rannpháirtíocht shaorga nó próifílí neamhbharántúla; á chur i bhfios go láidir gur gá go mbeadh an rialachán seo bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar chleachtais reatha agus ar na rioscaí gaolmhara agus gur cheart dó cosc a chur ar ghníomhaithe mailíseacha na seirbhísí sin a úsáid le haghaidh trasnaíocht polaitiúil;

    56.

    á chur i bhfáth go bhfuil gá le trédhearcacht i dtaca leis an bhfíordhuine nádúrtha nó dlítheanach atá taobh thiar d’ábhar agus de chuntais ar líne dóibh siúd ar mian leo fógraíocht a dhéanamh; á iarraidh ar ardáin sásraí a thabhairt isteach chun, go háirithe, cuntais neamhbharántúla atá nasctha le hoibríochtaí tionchair chomhordaithe a bhrath agus a fhionraí; á chur i bhfios go láidir nár cheart go gcuirfeadh na cleachtais sin isteach ar an ábaltacht a bheith anaithnid ar líne, rud atá ríthábhachtach maidir le hiriseoirí, gníomhaithe, pobail imeallaithe agus daoine i staideanna leochaileacha a chosaint (e.g. sceithirí, easaontaigh agus freasúraí polaitiúla réimeas uathlathach), agus gur cheart go lamháilfí leo spás do chuntais aoracha agus greannmhara;

    57.

    á chur i bhfios go láidir, maidir le freagracht níos mó a bheith ann i dtaca le hábhar a bhaint, nár cheart é a bheith mar thoradh léi ábhar dleathach a bhaint go treallach; ag moladh a bheith aireach i dtaobh na gcuntas fíordhaoine a chur a fhionraí go hiomlán nó scagairí uathoibríocha a ollúsáid; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndéanann ardáin cinntí treallacha chun na cuntais d’oifigigh thofa a chur faoi chois; á chur i bhfáth nár cheart na cuntais sin a chur ar ceal ach amháin ar bhonn reachtaíocht shoiléir atá bunaithe ar luachanna daonlathacha, a aistrítear go beartas gnó agus a fhorfheidhmítear trí fhormhaoirseacht dhaonlathach neamhspleách, agus nach mór próiseas iomlán trédhearcach a bheith ann lena gcumhdaítear an ceart chun achomharc a dhéanamh;

    58.

    á iarraidh go gceanglófaí le rialacha ceangailteacha AE ar ardáin bealaí cumarsáide a mbeadh fáil éasca orthu agus a bheadh éifeachtach a chruthú do dhaoine nó d’eagraíochtaí ar mian leo ábhar neamhdhleathach, sárú téarmaí agus coinníollacha, bréagaisnéis, nó trasnaíocht eachtrach nó cúbláil a thuairisciú, lena lamhálfaí, i gcás inarb iomchuí, do na daoine cúisithe freagairt sula ndéanfaí aon ghníomhaíocht shriantach, agus go mbunófaí nósanna imeachta tarchuir agus achomhairc a bheadh neamhchlaonta, trédhearcach, tapa agus inrochtana d’íospartaigh ábhair a phostáiltear ar líne, dóibh siúd a thuairiscíonn ábhar, agus do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí a ndéanann an cinneadh chun cuntais a lipéadú, chun infheictheacht orthu a shrianadh, chun rochtain orthu a dhíchumasú nó chun iad a fhionraí nó chun rochtain ar ioncam fógraíochta a shrianadh difear dóibh; á mholadh go n-ainmneoidh ardáin meán sóisialta pointe teagmhála sonrach do gach Ballstát agus go gcruthóidh siad foirne tascfhórsa do gach toghchán tábhachtach i ngach Ballstát;

    59.

    á iarraidh go mbeadh rialacha reachtacha ann chun trédhearcacht a áirithiú maidir le húsáideoirí agus an pobal i gcoitinne, amhail oibleagáid a chur ar ardáin chun cartlanna d’fhógraí ar líne a chur ar bun a bheadh poiblí agus inchuardaithe go héasca, lena n-áirítear cé orthu a bhfuil siad spriocdhírithe agus cé a d’íoc astu, agus maidir le hábhar modhnaithe agus scriosta, bearta féinrialála a bhunú agus rochtain chuimsitheach agus fhóinteach a thabhairt ar fhaisnéis faoi dhearadh, úsáid agus tionchar algartam do na húdaráis inniúla náisiúnta, taighdeoirí grinnfhiosraithe atá cleamhnaithe le hinstitiúidí acadúla, na meáin, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar leas an phobail; ag creidiúint gur cheart méadracht na leabharlann sin a chomhchuibhiú chun lamháil d’anailís trasardáin agus chun an t-ualach riaracháin ar ardáin a laghdú;

    60.

    á iarraidh go gcuirfí deireadh le múnlaí gnó a bhraitheann ar dhaoine a spreagadh chun fanacht ar ardáin ar feadh tréimhse níos faide trí ábhar spreagúil a shíor-nochtadh; á iarraidh ar chinnteoirí reachtacha agus ar ardáin a áirithiú, trí úsáid a bhaint as modhnóirí daonna agus iniúchóir tríú páirtí, nach gcuireann algartaim ábhar neamhdhleathach, antoisceach, idirdhealaitheach nó radacaithe chun cinn, ach go gcuirtear iolracht dearcthaí ar fáil d’úsáideoirí leo agus go dtugtar tosaíocht d’fhíricí agus d’ábhar eolaíochtbhunaithe agus go gcuirtear chun cinn iad, go háirithe maidir le saincheisteanna sóisialta tábhachtacha amhail an tsláinte phoiblí agus an t-athrú aeráide; á mheas gur bagairt shistéamach dár sochaí iad córais rangaithe rannpháirtíocht-bhunaithe agus andúile; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist atá ann faoi láthair maidir le dreasachtaí praghais, ina mbíonn praghsanna i bhfad níos ísle go minic ar an méid céanna amharc ag fógraí atá spriocdhírithe go mór agus a bhfuil ábhar deighilteach iontu ná mar a bhíonn ag fógraí atá spriocdhírithe ar bhonn níos lú agus a bhfuil ábhar comhtháiteach go sóisialta iontu;

    61.

    á iarraidh go ndéanfaí algartaim a mhodhnú chun deireadh a chur le borradh a chur faoi ábhar a thagann ó chuntais agus ó chainéil neamhbharántúla lena spreagtar go saorga leathadh cúblála díobhálaí eachtraí faisnéise; á iarraidh go ndéanfaí algartaim a mhodhnú ionas nach gcuireann siad ábhar deighilteach agus ábhar a spreagann fearg chun cinn; á chur i bhfáth gur gá do AE bearta a chur i bhfeidhm chun ceangal dlíthiúil a chur ar chuideachtaí meán sóisialta cosc a chur ar mhéadú na bréagaisnéise tráth a bhraitear í a mhéid is féidir, agus nach mór iarmhairtí a bheith ann d’ardáin mura gcomhlíonfaidh siad an ceanglas bréagaisnéis a bhaint anuas;

    62.

    á chur i bhfáth go bhfuil gá le céim thástála níos fearr agus le hathbhreithniú córasach ar iarmhairtí na n-algartam, lena n-áirítear an chaoi a múnlaíonn siad dioscúrsa poiblí agus an tionchar a bhíonn acu ar thorthaí polaitiúla agus ar an gcaoi a dtugtar tosaíocht d’ábhar; á chur i bhfios go láidir gur cheart go scrúdódh an t-athbhreithniú sin freisin an féidir le hardáin na ráthaíochtaí a tugadh ina dtéarmaí agus a gcoinníollacha faoi seach a chomhlíonadh agus an bhfuil coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm acu chun cosc a chur ar iompraíochtaí neamhbharantúla comhordaithe ar mhórscála chun an t-ábhar atá le feiceáil ar a n-ardáin a chúbláil;

    63.

    á chur in iúl gur cúis imní di go dtéann EUR 65 mhilliún ar an meán in ioncam fógraíochta gach bliain go tuairim is 1 400 suíomh gréasáin bréagaisnéise atá spriocdhírithe ar shaoránaigh AE (16); á chur i bhfios go láidir go gcríochnaíonn fógraí ar líne, fiú fógraí ó institiúidí poiblí uaireanta, suas ar shuíomhanna gréasáin mailíseacha ar a gcuirtear an fhuathchaint agus an bhréagaisnéis chun cinn, gan toiliú na bhfógróirí lena mbaineann ná i ngan fhios dóibh fiú, agus mar gheall air sin atá ina bhfoinse maoiniúcháin do na suíomhanna sin; ag tabhairt dá haire go n-íocann cúig chuideachta, lena n-áirítear Google Ads, 97 % den ioncam fógraíochta sin agus go bhfuil siad freagrach as suíomhanna gréasáin na bhfoilsitheoirí atá liostaithe ina bhfardal a roghnú, agus mar sin tá an chumhacht acu a chinneadh cén t-ábhar a bhfuil agus nach bhfuil luach airgid air; á mheas go bhfuil sé do-ghlactha gur bosca dubh iomlán don phobal iad na halgartaim a dháileann na cistí fógraíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as uirlisí an bheartais iomaíochta agus an dlí in aghaidh trustaí chun margadh feidhmiúil a áirithiú agus an mhonaplacht sin a bhriseadh; á iarraidh ar na gníomhaithe sin cosc a chur ar shuíomhanna gréasáin bréagaisnéise a bheith á maoiniú ag a gcuid seirbhísí fógraíochta; ag tréaslú le heagraíochtaí atá tiomanta d’fheasacht a mhúscailt maidir leis an tsaincheist sin; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sé de cheart ag fógróirí fios agus cumas cinnidh a bheith acu maidir le suíomh a bhfógraí agus maidir leis an mbróicéir a ndearnadh próiseáil ar a gcuid sonraí; á iarraidh go mbunófaí próiseas idirghabhála lena bhféadfaí fógróirí a aisíoc má chuirtear fógraí ar shuíomhanna gréasáin a chuireann bréagaisnéis chun cinn;

    64.

    á chur i bhfios go láidir go mbeidh gá le sásra éifeachtach forléargais, measúnaithe agus smachtbhannaí tar éis an Chóid Cleachtais nuashonraithe maidir le Bréagaisnéis, na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, na hIonstraime um Margaí Digiteacha agus bearta eile atá nasctha leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach a ghlacadh, chun meastóireacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ar bhonn rialta agus chun lúba ar lár a shainaithint agus a leigheas gan mhoill agus chun smachtbhannaí a ghearradh maidir le mífheidhmiú na ngealltanas agus maidir le mainneachtain na ngealltanas a chur i bhfeidhm; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh comhordaitheoirí seirbhísí digiteacha láidre agus acmhainneacha i ngach Ballstát, chomh maith le hacmhainní leordhóthanacha chun brainse forfheidhmiúcháin an Choimisiúin a chur ar a chumas na cúraimí a shanntar dó faoin Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha a fhorghníomhú; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh ardáin ar líne faoi réir iniúchtaí neamhspleácha arna ndeimhniú ag an gCoimisiún; ag tabhairt dá haire, chun a neamhspleáchas a áirithiú, nach féidir le hardáin aonair iniúchóirí a chistiú;

    65.

    á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí eochairtháscairí oibiachtúla feidhmíochta (KPInna) a shainiú, trí bhíthin comhrialála, chun infhíoraitheacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na hardáin, chomh maith lena n-éifeachtaí, a áirithiú; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí sna KPInna sin méadrachtaí tírshonracha, amhail an lucht féachana a spriocdhírítear an bhréagaisnéis air, rannpháirtíocht (ráta cliceála tríd, etc.), cistiú gníomhaíochtaí seiceála fíricí agus taighde intíre, agus leitheadúlacht agus neart chaidrimh na sochaí sibhialta intíre;

    66.

    á chur in iúl gur cúis mhór imní di an easpa trédhearcachta san athbhreithniú ar an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis, ós rud é gurb iad an earnáil phríobháideach agus an Coimisiún a phléigh é den chuid is mó; á chur in iúl gurb oth léi nach ndeachthas i gcomhairle mar ba cheart le Parlaimint na hEorpa, go háirithe le Coiste Speisialta INGE, agus le roinnt páirtithe leasmhara thábhachtacha eile agus an t-athbhreithniú ar an gCód Cleachtais á dhréachtú;

    67.

    á chur in iúl gur saoth léi cineál féinrialála leantach an Chóid Cleachtais, ós rud é nach leor an fhéinrialáil maidir leis an bpobal a chosaint ar thrasnaíocht agus ar iarrachtaí cúblála; á chur in iúl gur cúis imní di go bhféadfadh sé nach mbeadh an Cód Cleachtais nuashonraithe maidir le Bréagaisnéis in ann freagra a thabhairt ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo; á chur in iúl gur ábhar imní di go mbraitheann an treoraíocht maidir le neartú an Chóid Cleachtais go láidir ar thogra ón gCoimisiún i ndáil le hIonstraim um Seirbhísí Digiteacha; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht ghasta chun a áirithiú go n-ionchorprófar sa Chód Cleachtais gealltanais cheangailteacha d’ardáin chun a áirithiú go mbeidh AE ullamh roimh na chéad toghcháin áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha eile;

    68.

    á iarraidh ar AE idirphlé laistigh den phobal teicneolaíochta agus malartú faisnéise maidir le hiompraíocht agus straitéisí ardán sóisialta a chosaint agus a spreagadh; á mheas gurb é pobal teicneolaíochta oscailte amháin a fhéadfaidh tuairim an phobail a neartú i gcoinne ionsaithe, cúblála agus trasnaíochta; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú ar an bhféidearthacht Lárionad poiblí príobháideach um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISAC) a chur ar bun le haghaidh na bréagaisnéise, ina ndéanfadh na baill faisnéis bhagartha maidir le hábhar bréagaisnéise agus lena ngníomhairí seachadta a rianú, a lipéadú agus a chomhroinnt de réir aicmiú bagartha; ag creidiúint go bhféadfadh an lárionad sin Córas Mear-Rabhaidh AE agus Sásra G7 a chur ar an eolas agus freisin go rachadh sé chun tairbhe do ghníomhaithe níos lú a bhfuil níos lú acmhainní acu; á iarraidh freisin go mbeadh caighdeán uile-tionscail maidir le bréagaisnéis ann le haghaidh seirbhísí fógraíochta agus seirbhísí saothraithe airgid chun saothrú airgid a bhaint d’ábhar díobhálach, ar cheart do chórais íocaíochta ar líne agus d’ardáin r-thráchtála é a úsáid freisin, agus ar cheart tríú páirtí iniúchadh a dhéanamh air;

    69.

    á chur i bhfáth gur gá go mbeidh an cód in ann feidhmiú mar uirlis éifeachtach go dtí go dtiocfaidh an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) i bhfeidhm; ag creidiúint gur cheart an cód roinnt de na hoibleagáidí DSA a thús-ualú agus oibleagáid a chur ar shínitheoirí roinnt forálacha DSA a chur chun feidhme maidir le rochtain ar shonraí do thaighdeoirí agus do rialtóirí, agus maidir le trédhearcacht fógraíochta, lena n-áirítear trédhearcacht algartamach agus trédhearcacht córas moltóra; ag tathant ar shínitheoirí go ndéanfadh iniúchóir neamhspleách a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí sin a iniúchadh agus á iarraidh go bhfoilseofaí na tuarascálacha iniúchóireachta sin;

    70.

    á chur in iúl gur saoth léi an easpa trédhearcachta sa phróiseas faireacháin i dtaobh an gcomhlíontar an cód, mar aon le huainiú an athbhreithnithe ar an gcód, a chuirfear i gcrích sula dtabharfar Coiste Speisialta INGE chun críche; ag tabhairt dá haire gur cheart, ar a laghad ar bith, cláir oibre na gcruinnithe, nótaí deiridh agus liostaí tinrimh a chur ar fáil go poiblí; ag tathant ar shínitheoirí fianaise a thabhairt sa Pharlaimint faoina ngealltanais maidir leis an gcód agus an bealach a bhfuil na gealltanais sin curtha chun feidhme acu agus a gcuirfidh siad chun feidhme iad;

    71.

    ag creidiúint go bhféadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag rialálaithe neamhspleácha meán, amhail Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc, maidir le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an gcód;

    72.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra chun tascfhórsa a bhunú a leagtar amach sa treoir ón gCoimisiún maidir leis an gcód a neartú; ag áitiú go n-iarrfaidh an Coimisiún ar ionadaithe na Parlaiminte, na rialálaithe náisiúnta agus geallsealbhóirí eile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus an pobal taighde, a bheith mar chuid den tascfhórsa sin;

    Bonneagar criticiúil agus earnálacha straitéiseacha

    73.

    á mheas, i bhfianaise a chineál idirnasctha agus trasteorann, go bhfuil an bonneagar criticiúil ag éirí níos leochailí maidir le trasnaíocht sheachtrach agus á chreidiúint gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat atá i bhfeidhm faoi láthair; á chur in iúl gur díol sásaimh di, dá bhrí sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir nua chun feabhas a chur ar athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha san Aontas Eorpach;

    74.

    á mholadh go gcoinneoidh na Ballstáit an saincheart chun eintitis chriticiúla a shainaithint, ach go bhfuil gá le comhordú ar leibhéal AE chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    an nasc agus na bealaí cumarsáide a úsáideann gníomhaithe iomadúla a neartú, lena n-áirítear le haghaidh shlándáil fhoriomlán mhisin agus oibríochtaí AE;

    (b)

    tacú leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit tríd an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht éagsúil na ngeallsealbhóirí, agus go háirithe rannpháirtíocht éifeachtach fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ceardchumann;

    (c)

    malartú dea-chleachtas a chur chun cinn ní hamháin i measc na mBallstát ach ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil freisin, lena n-áirítear leis na Balcáin Thiar, agus i measc úinéirí agus oibreoirí bonneagair chriticiúil, lena n-áirítear trí chumarsáid idirghníomhaireachta, chun na forbairtí ar cúis imní iad a shainaithint ag céim luath agus frithbhearta leormhaithe a fhorbairt;

    (d)

    straitéis choiteann a chur chun feidhme chun freagairt do chibear-ionsaithe ar bhonneagar criticiúil;

    75.

    á mholadh go bhféadfaí liosta na mbonneagar criticiúil a leathnú chun go n-áireofaí bonneagar toghcháin digiteach agus córais oideachais i bhfianaise a ríthábhachtaí atá siad i dtaca le feidhmiú agus cobhsaíocht AE agus a Bhallstát a ráthú go fadtéarmach, agus gur cheart solúbthacht a cheadú agus cinneadh á dhéanamh maidir le cur le liosta na n-earnálacha straitéiseacha nua a bheidh le cosaint;

    76.

    á iarraidh go mbeadh cur chuige uileghabhálach ag AE chun dul i ngleic le saincheisteanna na mbagairtí hibrideacha ar phróisis toghcháin agus chun feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhar i measc na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú criticiúil a dhéanamh ar spleáchas ar ardáin agus ar an mbonneagar sonraí i gcomhthéacs toghchán; á chreidiúint go bhfuil easpa formhaoirseacht dhaonlathach á dhéanamh ar an earnáil phríobháideach; á iarraidh go ndéanfaí formhaoirseacht níos daonlathaí ar ardáin, lena n-áirítear rochtain iomchuí ar shonraí agus ar algartaim d’údaráis inniúla;

    77.

    á mholadh gur cheart go léireofaí na forbairtí is déanaí sna hoibleagáidí a eascraíonn as an treoir atá beartaithe, lena n-áirítear measúnuithe ar bhagairtí, rioscaí agus leochaileachtaí uile-AE agus de-réir tíre, agus go ndéanfadh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde na measúnuithe sin i gcomhar le INTCEN SEGS; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hacmhainní leordhóthanacha do na hinstitiúidí sin ionas gur féidir leo an anailís úrscothach is déanaí a sholáthar, le formhaoirseacht láidir dhaonlathach, rud nár cheart bac a chur ar mheastóireacht roimh ré ag FRA chun urraim do chearta bunúsacha a áirithiú;

    78.

    á chreidiúint gur gá do AE agus a Bhallstáit roghanna maoiniúcháin a sholáthar do thíortha is iarrthóirí sna Balcáin Thiar ar bhallraíocht AE agus do thíortha eile is iarrthóirí ionchasacha, inar bhain tríú tíortha úsáid as IDCanna mar uirlis gheopholaitiúil chun giaráil na dtíortha sin a mhéadú, chun cosc a chur ar chodanna móra de bhonneagar criticiúil AE agus na tíortha is iarrthóirí teacht i seilbh tíortha agus cuideachtaí lasmuigh de AE, amhail i gcás chalafort Phiréas sa Ghréig agus atá ag tarlú faoi láthair le hinfheistíochtaí Síneacha i gcáblaí faoin muir i Muir Bhailt, sa Mheánmhuir agus san Aigéan Artach; á chur in iúl gur díol sásaimh di, dá bhrí sin, an Rialachán maidir le Scagadh IDC mar uirlis thábhachtach chun gníomhaíochtaí na mBallstát maidir le hinfheistíochtaí eachtracha a chomhordú, agus á iarraidh go mbeadh creat rialála níos láidre ann, agus go ndéanfaí an creat a fhorfheidhmiú ar bhealach níos láidre, chun a áirithiú go gcuirfear bac ar IDCanna a bhfuil tionchar díobhálach acu ar shlándáil AE, mar a shonraítear sa rialachán, agus go n-aistreofar níos mó inniúlachtaí i dtaobh scagadh IDCanna chuig institiúidí AE; á iarraidh go gcuirfí deireadh le prionsabal an tairgeora is ísle i gcinntí infheistíochta rialtais; á iarraidh ar na Ballstáit uile nach bhfuil sásraí scagtha infheistíochta acu bearta den sórt sin a bhunú; á chreidiúint gur cheart an creat a bheith nasctha níos fearr le hanailísí neamhspleácha, ag institiúidí náisiúnta agus AE nó ag geallsealbhóirí ábhartha eile, amhail meithleacha machnaimh, chun sreafaí IDC a mhapáil agus measúnú a dhéanamh orthu; á mheas go bhféadfadh sé gurb iomchuí freisin earnálacha straitéiseacha eile a áireamh sa chreat, amhail 5G agus teicneolaíochtaí eile faisnéise agus cumarsáide (TFCanna), chun teorainn a chur le spleáchas AE agus a Bhallstát ar sholáthraithe ardriosca; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an cur chuige sin infheidhme go comhionann maidir le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha;

    79.

    á chreidiúint go bhfuil níos mó dúshlán roimh AE mar thoradh ar an easpa infheistíochtaí a rinne sé san am atá caite, rud a chuir lena spleáchas ar sholáthraithe eachtracha teicneolaíochta; ag moladh go ndaingneofaí slabhraí táirgthe agus soláthair bonneagair chriticiúil agus ábhair chriticiúil laistigh de AE; á chreidiúint go bhfuil dul chun cinn AE i dtreo neamhspleáchas oscailte straitéiseach agus ceannasacht digiteach tábhachtach agus gurb é an cur chuige ceart é; á chur i bhfáth go bhfuiltear ag dréim leis go n-úsáidfidh AE uirlisí nua chun a sheasamh geopholaitiúil a neartú, lena n-áirítear ionstraim fhrithchomhéigin; á mheas gur céim thábhachtach chun an spleáchas ar thríú tíortha amhail an tSín agus na Stáit Aontaithe a theorannú í an Ionstraim Eorpach um Shliseanna a d’fhógair an Coimisiún, chun a áirithiú go ndéanfar codanna atá ríthábhachtach do tháirgeadh sliseanna a mhonarú laistigh de AE; á chreidiúint nach mór infheistíocht i dtáirgeadh sliseanna a dhéanamh ar bhealach comhordaithe ar fud an bhloic agus ar bhonn anailíse ar thaobh an éilimh, chun ruathar faoi fhóirdheontais phoiblí náisiúnta agus ilroinnt an mhargaidh aonair a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, Ciste Eorpach tiomnaithe Leathsheoltóirí a chur ar bun, a d’fhéadfadh tacú le lucht saothair oilte a bhfuil géarghá leis a chruthú agus costais níos airde bunaíochta na saoráidí monaraíochta agus deartha in AE a chúiteamh; á mheas go bhfuil an Téaváin ina comhpháirtí tábhachtach maidir le borradh a chur faoi tháirgeadh leathsheoltóirí laistigh de AE;

    80.

    á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar líonraí Eorpacha de bhonneagar sonraí agus de sholáthraithe seirbhísí le caighdeáin slándála Eorpacha, amhail GAIA-X, ar céim thábhachtach í maidir le roghanna inmharthana eile ar sholáthraithe seirbhísí atá ann cheana a fhothú agus i dtreo geilleagar digiteach a bheidh oscailte, trédhearcach agus slán; á chur i bhfios go láidir gur gá FBManna a neartú agus cairtéaladh an mhargaidh néalríomhaireachta a sheachaint; á mheabhrú gur bonneagair chriticiúla iad ionaid sonraí; á chur in iúl gur cúis imní di an tionchar atá ag tríú tíortha agus a gcuideachtaí ar fhorbairt GAIA-X;

    81.

    á chur i bhfios go láidir go mbaineann sláine, infhaighteacht agus rúndacht na líonraí poiblí cumarsáide leictreonaí, amhail cnámh droma idirlín agus cáblaí cumarsáide fomhuirí, le leas slándála ríthábhachtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sabaitéireacht agus spiaireacht a chosc sna líonraí cumarsáide sin agus úsáid caighdeán ródaithe idir-inoibritheach agus slán a chur chun cinn chun sláine agus stóinseacht líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú, agus freisin trí bhíthin na straitéise le déanaí maidir le Tairseach Dhomhanda;

    82.

    á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí a mholadh chun soláthar slán, inbhuanaithe agus cothrom a thógáil do na hamhábhair a úsáidtear chun comhpháirteanna agus teicneolaíochtaí criticiúla a tháirgeadh, lena n-áirítear cadhnraí agus trealamh, 5G agus teicneolaíochtaí iartheachtacha, agus táirgí ceimiceacha agus cógaisíochta, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá trádáil dhomhanda, comhar idirnáisiúnta agus lánurraim á tabhairt do chearta na n-oibrithe agus don chomhshaol nádúrtha, agus caighdeáin idirnáisiúnta shóisialta agus inbhuanaitheachta a fhorfheidhmiú maidir le húsáid acmhainní; á mheabhrú gur gá an cistiú is gá a dheonú don taighde agus don fhorbairt chun teacht ar ionadaigh iomchuí i gcás suaitheadh sa slabhra soláthair;

    Trasnaíocht eachtrach le linn próisis toghcháin

    83.

    á iarraidh go ndéanfaí cosaint an phróisis toghcháin iomláin a bhunú mar phríomh-shaincheist slándála AE agus náisiúnta, ós rud é go bhfuil toghcháin shaora agus chóra i gcroílár an phróisis dhaonlathaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún creat freagartha níos fearr a fhorbairt chun cur i gcoinne trasnaíocht eachtrach sna próisis toghcháin, ar cheart a áireamh iontu, i measc bearta eile, bealaí díreacha cumarsáide leis na saoránaigh;

    84.

    á thabhairt chun suntais gur gá athléimneacht shochaíoch a chothú i gcoinne na bréagaisnéise le linn próisis toghcháin, lena n-áirítear sna hearnálacha príobháideacha agus acadúla, agus cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh inar cheart dul i ngleic leis an trasnaíocht sin ar bhonn leanúnach, ó chláir oideachais scoile go hionracas teicniúil agus iontaofacht na vótála, agus trí bhearta struchtúracha chun dul i ngleic lena cineál hibrideach; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí plean chun a ullmhú do na toghcháin Eorpacha in 2024, ar plean é ar cheart straitéis, oiliúint agus múscailt feasachta do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus dá bhfoireann a bheith i gceist leis, chomh maith le bearta feabhsaithe slándála chun trasnaíocht eachtrach a chosc;

    85.

    á chreidiúint gur fadhb mhéadaitheach do shláine toghcháin iad an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis trí na meáin shóisialta á mheas gur cheart d’ardáin meán sóisialta cur chun feidhme agus feidhmiú cuí na mbeartas a áirithiú chun sláine na dtoghchán a chosaint; á chur in iúl gur cúis mhór imní di na torthaí a fuarthas le déanaí go bhfuil gnólachtaí príobháideacha fostaithe ag gníomhaithe mailíseacha chun cur isteach ar thoghcháin, insintí bréagacha a scaipeadh agus comhchealga mearscaipthe a bhrú chun cinn, ar na meáin shóisialta den chuid is mó; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú cuimsitheach ar an mbealach ina bhféadfaí cur i gcoinne an fheiniméain“bréagaisnéis ar íocaíocht”, ós rud é go bhfuil sé ag éirí níos sofaisticiúil agus níos coitianta i ngach páirt den domhan;

    86.

    á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá misin bhreathnóireachta toghcháin chun faisnéis ábhartha a sholáthar agus moltaí sonracha a eisiúint chun an córas toghcháin a dhéanamh níos athléimní agus chun cabhrú le cur i gcoinne trasnaíocht eachtrach i bpróisis toghcháin; á iarraidh go ndéanfaí na próisis toghcháin a fheabhsú agus a neartú, agus á mheas go bhfuil misin bhreathnóireachta toghcháin ina bpríomhionstraim sa chomhrac i gcoinne úsáid mhéadaitheach próiseas toghcháin éagórach agus rigeáilte ag réimis neamhliobrálacha atá ag iarraidh a léiriú go bhfuil siad daonlathach; á chur i bhfáth, maidir leis sin, gur gá athmheasúnú agus nuashonrú a dhéanamh ar na huirlisí agus ar na modhanna a úsáidtear sa bhreathnóireacht idirnáisiúnta toghcháin chun aghaidh a thabhairt ar threochtaí agus bagairtí nua, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne breathnóirí bréagacha toghcháin, malartú dea-chleachtas le comhpháirtithe den dearcadh céanna, agus comhoibriú níos dlúithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus Comhairle na hEorpa, agus na gníomhaithe ábhartha uile faoi chuimsiú an Dearbhaithe Prionsabail le haghaidh Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán agus an Cód Iompair do Bhreathnóirí Idirnáisiúnta Toghcháin; á chur i bhfáth go mbaintear an bonn d’inchreidteacht agus do chlú Pharlaimint na hEorpa le rannpháirtíocht na bhFeisirí i misin bhreathnóireachta toghcháin neamhúdaraithe; á chur in iúl gur díol sásaimh di forfheidhmiú iomlán nós imeachta an Ghrúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghcháin, agus á mholadh an forfheidhmiú sin, do “chásanna breathnóireachta aonair neamhoifigiúla toghcháin ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa” (a glacadh an 13 Nollaig 2018) lena gceadaítear na Feisirí Eorpacha a eisiamh ó thoscaireachtaí breathnóireachta toghcháin oifigiúla na Parlaiminte do thréimhse an tsainordaithe;

    Cistiú ceilte ar ghníomhaíochtaí polaitiúla ag deontóirí eachtracha

    87.

    á chur i bhfáth, cé go bhfuil gá fós le tuiscint níos fearr ar na héifeachtaí a bhíonn ag maoiniú ceilte gníomhaíochtaí polaitiúla ar chlaontaí frithdhaonlathacha san Eoraip, mar shampla, gur sárú tromchúiseach ar shláine fheidhmiú daonlathach AE agus a Bhallstát mar sin féin é cistiú eachtrach gníomhaíochtaí polaitiúla trí oibríochtaí ceilte, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin, agus dá bhrí sin, go sáraíonn sé prionsabal na dtoghchán saor agus cothrom; á chur i bhfáth gur cheart, dá bhrí sin, é a dhéanamh neamhdhleathach sna Ballstáit uile páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht cheilte a mhaoiníonn gníomhaithe eachtracha a bhfuil sé d’aidhm aici tionchar a imirt ar phróiseas na polaitíochta Eorpaí nó náisiúnta; á thabhairt dá haire i ndáil leis sin go bhfuil dlíthe curtha chun feidhme ag tíortha amhail an Astráil lena gcuirtear cosc ar thrasnaíocht eachtrach sa pholaitíocht;

    88.

    ag cáineadh go bhfuil naisc ag páirtithe antoisceacha, pobalacha, frith-Eorpacha agus ag páirtithe agus daoine aonair áirithe eile le hiarrachtaí cur isteach ar phróisis dhaonlathacha AE, agus go bhfuil siad comhpháirteach go follasach sna hiarrachtaí sin, agus gur cúis imní di go n-úsáidtear na páirtithe sin mar ghuth ghníomhaithe na trasnaíochta eachtraí chun a rialtais forlámhacha a dhlisteanú; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú iomlán ar an gcaidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch idir na páirtithe sin agus daoine aonair agus an Rúis; a mheas go bhfuil na caidrimh sin thar a bheith neamh-iomchuí agus ag cáineadh comhpháirteachais ar féidir leis, agus cuspóirí polaitiúla á saothrú, AE agus a Bhallstáit a nochtadh d’ionsaithe ó chumhachtaí eachtracha;

    89.

    á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur go háirithe leis na lúba ar lár seo a leanas agus rialacháin náisiúnta á gcomhchuibhiú tuilleadh acu, agus toirmeasc ar shíntiúis eachtracha a chur chun feidhme:

    (a)

    ranníocaíochtaí comhchineáil ó ghníomhaithe eachtracha le páirtithe polaitiúla, fondúireachtaí, daoine a bhfuil oifig phoiblí acu nó oifigigh thofa, lena n-áirítear iasachtaí airgeadais ó aon duine dlítheanach nó fisiciúil atá lonnaithe lasmuigh de AE agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) (seachas vótálaithe Eorpacha), síntiúis anaithnide os cionn tairseach áirithe, agus an easpa teorainneacha caiteachais d’fheachtais pholaitiúla a lamhálann do thionchar trí shíntiúis mhóra; ní mór é a bheith d’oibleagáid ar dhaoine aonair polaitiúla, ar ghníomhaithe polaitiúla nó ar pháirtithe polaitiúla ar tairgeadh dóibh agus/nó a ghlac le ranníocaíocht airgeadais nó chomhchineáil ó ghníomhaí eachtrach í a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus ba cheart an fhaisnéis sin a thuairisciú, dá réir sin, ar leibhéal AE chun lamháil d’fhaireachán uile-AE;

    (b)

    deontóirí bréagreachta a bhfuil saoránacht intíre acu (17): ní foláir trédhearcacht maidir le deontóirí fisiciúla agus dleathacha a fhorfheidhmiú trí ráitis in-chomhfhoirmeachta lena bhfianaítear stádas an deontóra, agus trí chumhachtaí forfheidhmiúcháin neartaithe a thabhairt do choimisiúin toghcháin; ba cheart síntiúis ó laistigh de AE a sháraíonn tairseach íosta áirithe a chlárú i gclár oifigiúil agus poiblí agus a bheith nasctha le duine nádúrtha, agus ba cheart uasteorainn a shocrú le haghaidh síntiúis ó dhaoine príobháideacha agus dlítheanacha (agus fóirdheontais) do pháirtithe polaitiúla;

    (c)

    cuideachtaí caocha agus fochuideachtaí intíre máthairghnóthas eachtrach (18): ba cheart toirmeasc a chur ar chuideachtaí caocha agus ceanglais níos láidre a chur ar bun chun nochtadh a dhéanamh ar thionscnamh an chistithe trí mháthairghnóthais; ní mór cistiú agus síntiúis do pháirtithe polaitiúla a théann thar thairseach áirithe a chlárú i gclár poiblí agus lárnach le hainm agus seoladh oifigiúil ar féidir a nascadh le duine atá ann, agus ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a bhailiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag údaráis sna Ballstáit imscrúdú a dhéanamh ar thionscnamh an chistithe chun faisnéis ó fhochuideachtaí intíre a fhíorú agus chun aghaidh a thabhairt ar an easpa sonraí leordhóthanacha i gcláir náisiúnta, go háirithe i gcásanna ina n-úsáidtear líonra cuideachtaí caocha;

    (d)

    eagraíochtaí neamhbhrabúis agus tríú páirtithe (19), arna gcomhordú ag gníomhaithe eachtracha agus arna gcruthú d’fhonn tionchar a imirt ar phróisis toghcháin: ba cheart rialacha agus trédhearcacht níos aonfhoirmí a chur san áireamh ar fud AE d’eagraíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu gníomhaíochtaí polaitiúla a mhaoiniú agus iad ag iarraidh tionchar díreach a imirt ar phróisis toghcháin amhail toghcháin agus feachtais reifrinn; níor cheart go gcuirfeadh na rialacha sin cosc ar eagraíochtaí neamhbhrabúis agus ar thríú páirtithe cistiú a fháil d’fheachtais maidir le saincheisteanna; ní mór feidhm a bheith ag rialacha lena n-áirithítear trédhearcacht an chistithe nó na síntiús maidir le fondúireachtaí polaitiúla freisin;

    (e)

    fógraí polaitiúla ar líne nach bhfuil faoi réir na rialacha maidir le fógraíocht teilifíse, raidió agus priontála agus nach gnách go ndéantar iad a rialáil ar leibhéal AE: is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar fhógraí arna gceannach ag gníomhaithe ó lasmuigh AE agus LEE agus trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le ceannach fógraí polaitiúla ar líne ag gníomhaithe ó laistigh de AE; á chur i bhfios go láidir gur gá i bhfad níos mó trédhearcachta agus cuntasachta daonlathaí a áirithiú maidir le halgartaim a úsáid; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur fógraíodh togra reachtach nua ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht ábhair pholaitiúil urraithe, mar a moladh faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, lenar cheart go mbeadh sé d’aidhm aige meascán de 27 gcorpas reachtaíochta náisiúnta éagsúla a chosc i ndáil le fógraíocht pholaitiúil ar líne agus lena ráthófar go mbeidh páirtithe AE in ann feachtas a dhéanamh ar líne roimh na toghcháin Eorpacha agus ag an am céanna riosca na trasnaíochta eachtraí a theorannú agus féachaint ar na rialacha atá glactha go deonach ag páirtithe polaitiúla laistigh de Bhallstáit aonair agus ag mórardáin meán sóisialta a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir le gach duine in AE; á iarraidh ar na Ballstáit a rialacha náisiúnta maidir le fógraíocht pholaitiúil a nuashonrú, ar rialacha iad nár choinnigh suas leis an éabhlóid sheasta i dtreo an mheáin dhigitigh mar phríomhmhodh na cumarsáide polaitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh an bealach chun fógraíocht pholaitiúil shaincheist-bhunaithe a shainiú go daonlathach chun deireadh a chur le staid ina gcinneann ardáin phríobháideacha bhrabúis cad atá i gceist le saincheist-bhunaithe;

    (f)

    ba cheart faireachán ar chaiteachas toghcháin trí iniúchóirí neamhspleácha a chur chun feidhme agus faisnéis maidir le caiteachas agus síntiúis a chur ar fáil d’iniúchóirí neamhspleácha go tráthúil, agus rioscaí amhail coinbhleachtaí leasa agus brústocaireacht i ndáil le hairgeadas polaitiúil a mhaolú; agus nochtadh réamhghníomhach á bhunú, ba cheart sainordú soiléir a bheith ag institiúidí atá freagrach as rialacháin airgeadais, agus an cumas, na hacmhainní agus an chumhacht dhlíthiúil chun imscrúduithe a dhéanamh agus cásanna a tharchur le haghaidh ionchúisimh;

    90.

    á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, anailís ar chistiú ceilte in AE a dhéanamh agus tograí nithiúla a thíolacadh arb é is aidhm dóibh na lúba ar lár uile a dhúnadh lenar féidir páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla nó oifigigh thofa a mhaoiniú ó fhoinsí tríú tíortha go teimhneach, agus comhchaighdeáin AE a mholadh a mbeadh feidhm acu maidir le dlíthe toghcháin náisiúnta sna Ballstáit uile; ag creidiúint gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na Ballstáit ceanglais shoiléire trédhearcachta a thabhairt isteach maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla chomh maith le toirmeasc ar shíntiúis do pháirtithe polaitiúla agus do ghníomhaithe polaitiúla aonair ó lasmuigh de AE agus de LEE, cé is moite de vótálaithe Eorpacha atá ina gcónaí lasmuigh de AE agus de LEE, agus straitéis shoiléir a bhunú don chóras smachtbhannaí; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit údarás AE a bhunú le haghaidh rialuithe airgeadais chun cleachtais airgeadais aindleathacha a chomhrac agus trasnaíocht ón Rúis agus ó réimis fhorlámhacha eile a chomhrac; á chur i bhfios gur gá síntiúis nó cistiú a thoirmeasc lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá an-deacair a rianú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún níos mó acmhainní agus sainorduithe níos láidre a leithdháileadh ar ghníomhaireachtaí formhaoirseachta d’fhonn cáilíocht sonraí níos fearr a bhaint amach;

    91.

    á ghealladh lena áirithiú go mbeidh na heagraíochtaí neamhbhrabúis, na meithleacha machnaimh, na hinstitiúidí agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha ar fad a dtugtar ionchur dóibh le linn na hoibre parlaimintí i bhforbairt bheartas AE nó aon ról comhairleach sa phróiseas reachtóireachta go hiomlán trédhearcach, neamhspleách agus saor ó choinbhleachtaí leasa maidir lena maoiniú agus lena n-úinéireacht;

    92.

    á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú leanúnach ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha; ag tacú leis na hiarrachtaí uile chun leibhéal níos mó trédhearcachta a bhaint amach i maoiniú ghníomhaíochtaí na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe roimh thoghcháin Eorpacha 2024, lena n-áirítear toirmeasc ar shíntiúis uile ó lasmuigh de AE agus ó fhoinsí anaithnide, cé is moite den diaspóra ó Bhallstáit AE, agus maidir le síntiúis ó lasmuigh de AE nach féidir a dhoiciméadú trí chonarthaí, trí chomhaontuithe seirbhíse ná trí tháillí a bhaineann le cleamhnacht le páirtithe polaitiúla Eorpacha, agus ag an am céanna táillí ballraíochta ó bhallpháirtithe náisiúnta lasmuigh de AE agus de LEE a lamháil do pháirtithe polaitiúla Eorpacha; ag tathant ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta gealltanas a thabhairt i leith trasnaíocht eachtrach a chomhrac agus leathadh na bréagaisnéise a chomhrac trí chairt a shíniú ina mbeadh gealltanais shonracha i ndáil leis sin;

    93.

    á cur i bhfáth go neartófaí díolúine chóras polaitiúil na mBallstát agus an Aontais ina iomláine ó thionchar eachtrach airgeadais dá gcuirfí roinnt mhaith de na moltaí ó GRECO Chomhairle na hEorpa agus ó Choimisiún na Veinéise chun feidhme;

    Cibearshlándáil agus athléimneacht i gcoinne cibearionsaithe

    94.

    ag tathant ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit infheistíochtaí i gcibearacmhainneachtaí straitéiseacha agus cumais AE a mhéadú go gasta chun trasnaíocht eachtrach a bhrath, a nochtadh agus chun dul i ngleic léi, amhail IS, cumarsáid shlán, agus bonneagar sonraí agus néalríomhaireachta, chun cibearshlándáil AE a fheabhsú, agus urraim do chearta bunúsacha á áirithiú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh infheistíochta a dhéanamh chun eolas digiteach agus saineolas teicniúil AE a mhéadú chun tuiscint níos fearr a fháil ar na córais dhigiteacha a úsáidtear ar fud AE; á iarraidh ar an gCoimisiún breis acmhainní daonna, ábhair agus airgeadais a leithdháileadh ar chumais anailíse cibearbhagairtí, eadhon INTCEN SEGS, agus ar chibearshlándáil institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE, eadhon ENISA agus an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí AE (CERT-EU), agus ar chibearshlándáil na mBallstát; á chur in iúl gur oth léi an easpa comhair agus comhchuibhithe i dtaca le cúrsaí cibearshlándála i measc na mBallstát;

    95.

    á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún maidir le straitéis nua chibearshlándála agus treoir nua maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála comhchoiteann ar fud an Aontais Eorpaigh, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (20) (NIS2); á mholadh go dtabharfaí aghaidh le toradh deiridh na hoibre leanúnaí ar an togra ar na lochtanna a ghabhann le Treoir NIS 2016, go háirithe trí cheanglais slándála a neartú, a raon feidhme a leathnú, creat a chruthú le haghaidh comhar Eorpach agus comhroinnt faisnéise, cumais chibearshlándála na mBallstát a neartú, comhar poiblí príobháideach a fhorbairt, ceanglais forfheidhmiúcháin níos déine a thabhairt isteach agus freagracht a dhéanamh den chibearshlándáil ag an leibhéal is airde bainistíochta in eintitis Eorpacha atá ríthábhachtach dár sochaí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ardleibhéal cibearshlándála comhchoiteann a bhaint amach ar fud na mBallstát uile chun teorainn a chur le pointí laga i gcibearshlándáil chomhpháirteach AE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá ríthábhachtach le hathléimneacht na gcóras faisnéise a áirithiú agus á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, an Líonra um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (CyCLONe); ag moladh bearta cothaithe muiníne ESCE don chibearspás a chur chun cinn tuilleadh;

    96.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún in NIS2 measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar shlabhraí soláthair ríthábhachtacha, ar an gcaoi chéanna lena bhosca uirlisí 5G AE, chun go gcuirfear san áireamh ar bhealach níos fearr na rioscaí a bhaineann, mar shampla, le húsáid bogearraí agus crua-earraí a tháirgeann cuideachtaí faoi rialú stát eachtrach; á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin dhomhanda 6G agus rialacha domhanda iomaíochta a fhorbairt, i gcomhréir le luachanna daonlathacha; á iarraidh ar an gCoimisiún malartuithe idir institiúidí AE agus údaráis náisiúnta a chur chun cinn maidir leis na dúshláin, na dea-chleachtais agus na réitigh a bhaineann le bearta an bhosca uirlisí; á chreidiúint gur cheart do AE tuilleadh infheistíochta a dhéanamh ina acmhainneachtaí i réimse na dteicneolaíochtaí 5G agus i réimse na dteicneolaíochtaí iar-5G ar mhaithe spleáchais ar sholáthraithe eachtracha a laghdú;

    97.

    á chur i bhfáth nach bhfuil aon teorainneacha ag an gcibearchoireacht agus ag tathant ar AE dlús a chur lena iarrachtaí idirnáisiúnta chun dul i ngleic léi go héifeachtach; á chur in iúl gur cheart don AE a bheith ar thús cadhnaíochta i bhforbairt Chonradh Idirnáisiúnta maidir leis an gCibearshlándáil ina leagfaí síos noirm idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil chun an chibearchoireacht a chomhrac;

    98.

    á áitiú gur gá do AE, ECAT agus do na comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leo dlús a chur leis an gcúnamh cibearshlándála a thugann siad don Úcráin; á chur in iúl gur geal léi imscaradh tosaigh shaineolaithe na Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas arna cistiú ag PESCO agus á iarraidh go mbainfear leas iomlán as córas cibearsmachtbhannaí AE i gcoinne daoine aonair, eintiteas agus comhlachtaí atá freagrach nó a bhfuil baint acu leis na cibirionsaithe éagsúla atá spriocdhírithe ar an Úcráin;

    99.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di an fógra maidir le hIonstraim um Chibear-Athléimneacht a chruthú lena gcomhlánófaí Beartas Cibearchosanta Eorpach, toisc go bhfuil an cibear-réimse agus an chosaint idirnasctha; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh infheistíochtaí in acmhainneachtaí agus comhordú cibearchosanta na hEorpa; á mholadh go ndéanfaí forbairt cibearchumais ár gcomhpháirtithe a chothú trí mhisin oiliúna AE nó trí mhisin shibhialtacha cibearshlándála; á chur i bhfios go láidir gur gá oiliúint a bhaineann leis an gcibear-réimse a chomhchuibhiú agus a chaighdeánú agus á iarraidh go gcuirfí maoiniú struchtúrach AE ar fáil sa réimse sin;

    100.

    ag cáineadh úsáid aindleathach agus ar scála ollmhór bhogearraí faireachais Pegasus de NSO Group ag eintitis stáit amhail Maracó, an Araib Shádach, an Ungáir, an Pholainn, Bairéin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Asarbaiseáin, i gcoinne iriseoirí, chosantóirí chearta an duine agus polaiteoirí; á mheabhrú nach bhfuil Pegasus ach ar cheann amháin de na samplaí iomadúla de chláir a bhaineann eintitis stáit mí-úsáid astu chun críoch ollfhaireachais aindhleathaigh i gcoinne saoránaigh neamhchiontacha; ag cáineadh freisin oibríochtaí spiaireachta stáit eile atá spriocdhírithe ar pholaiteoirí Eorpacha; ag tathant ar an gCoimisiún liosta de bhogearraí faireachais aindleathaigh a tharraingt suas agus an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit an liosta sin a úsáid chun lándícheall cuí maidir le cearta an duine agus grinnfhiosrúchán cuí ar onnmhairithe Eorpacha teicneolaíochta faireachais agus cúnaimh theicniúil mar aon le hallmhairithe chuig na Ballstáit a bhfuil riosca soiléir ag baint leo don smacht reachta a áirithiú; á iarraidh, ina theannta sin, go mbunófaí Saotharlann Saoránach AE, cosúil leis an gceann a bunaíodh i gCeanada, a bheadh comhdhéanta d’iriseoirí, de shaineolaithe ar chearta an duine agus de shaineolaithe ar ais-innealtóireacht mhailíseach, a d’oibreodh chun úsáid neamhdhleathach bogearraí chun críoch faireachais aindleathaigh a fhionnadh agus a nochtadh;

    101.

    á iarraidh ar AE creat rialála láidir a ghlacadh sa réimse sin, laistigh de AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, cinneadh Bhiúró Tionscail agus Slándála Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe NSO Group Technologies a dhúliostú, agus ar an gcaoi sin toirmeasc a chur ar an gcuideachta teicneolaíochtaí Mheiriceá a fháil;

    102.

    á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil AE ag comhoibriú ar chúrsaí breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí le tríú tíortha a raibh baint acu le NSO Group agus a raibh earraí spiaireachta Pegasus á n-úsáid acu chun spiaireacht a dhéanamh ar shaoránaigh AE; á iarraidh go mbeadh cosaintí breise agus grinnscrúdú daonlathach feabhsaithe ann maidir le comhar den sórt sin;

    103.

    á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar infheistíochtaí AE in NSO Group Technologies agus bearta spriocdhírithe a ghlacadh i gcoinne stáit eachtracha a úsáideann bogearraí chun spiaireacht a dhéanamh ar shaoránaigh AE nó ar dhaoine a bhaineann leas as stádas dídeanaí i dtíortha AE;

    104.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur féidir iriseoirí agus gníomhaithe daonlathais a choinneáil faoi fhaireachas neamhdhleathach, fiú in AE, agus ciapadh á dhéanamh orthu ag na réimis fhorlámhacha a ndearna siad iarracht éalú uathu, agus á mheas gurb ionann an méid sin agus sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an Aontais agus ar chearta bunúsacha an duine aonair, mar a fhoráiltear sa Chairt, sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) agus sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla; á chur in iúl gur oth léi an easpa tacaíocht dhlíthiúil a chuirtear ar fáil d’íospartaigh na mbogearraí spiaire sin;

    105.

    á chur i bhfios an géarghá atá le treisiú a dhéanamh ar an gcreat reachtach ionas go dtabharfar chun cuntais iad siúd a dhéanann bogearraí den sórt sin a dháileadh, a úsáid agus a mhí-úsáid chun críoch aindleathach agus neamhúdaraithe; ag tagairt, go háirithe, do na smachtbhannaí a forchuireadh an 21 Meitheamh 2021 ar Alexander Shatrov, POF ar chuideachta Bhealarúiseach a tháirgeann bogearra aghaidh-aitheanta a mbaineann réimeas forlámhach úsáid as, mar shampla chun agóideoirí freasúra pholaitiúil a shainaithint; á iarraidh ar an gCoimisiún cosc a chur ar aon úsáid nó ar aon chistiú in AE do theicneolaíochtaí faireachais neamhdhleathaigh; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit dul i mbun idirphlé le rialtais tríú tíortha chun deireadh a chur le cleachtais agus le reachtaíocht cibearshlándála agus frithsceimhlitheoireachta atá diansmachtúil, faoi ghrinnscrúdú daonlathach feabhsaithe; á iarraidh go ndéanfadh údaráis inniúla AE imscrúdú ar úsáid neamhdhleathach earraí spiaireachta in AE agus ar onnmhairiú bogearraí den sórt sin ó AE, agus ar iarmhairtí do na Ballstáit agus do na tíortha comhlachaithe, lena n-áirítear iad siúd atá rannpháirteach i gcláir AE, a cheannaigh agus a d’úsáid earraí spiaireachta den sórt sin agus a ndearnadh iad a onnmhairiú chun spriocdhíriú ar iriseoirí, cosantóirí chearta an duine, dlíodóirí agus polaiteoirí go neamhdhleathach;

    106.

    á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú uaillmhianach ar an Treoir maidir le r-phríobháideachas (21) chun neartú a dhéanamh ar rúndacht na dteachtaireachtaí agus na sonraí pearsanta agus úsáid á baint as gléasanna leictreonacha, gan laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta dá bhforáiltear leis an rialachán, agus gan dochar do fhreagracht na mBallstát slándáil náisiúnta a choimirciú; á thabhairt chun suntais gur cheart é a bheith d’oibleagáid ar údaráis phoiblí leochaileachtaí a aimsíonn siad i ngléasanna TF a nochtadh; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a ngníomhaíochtaí a chomhordú tuilleadh ar bhonn Threoir an Aontais maidir le hIonsaithe ar Chórais Faisnéise (22) chun a áirithiú go saineofar rochtain neamhdhleathach ar chórais faisnéise agus idircheapadh neamhdhleathach mar chionta coiriúla agus go mbeidh smachtbhannaí iomchuí ag gabháil leo; á mheabhrú nach foláir gach sárú rúndachta chun críoch slándála náisiúnta a dhéanamh go dleathach agus chun críoch follasach agus dlisteanach i sochaí dhaonlathach, ar bhonn riachtanais dhochta agus chomhréireachta, mar a cheanglaítear le ECHR agus le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

    Ballstáit, institiúidí, gníomhaireachtaí, toscaireachtaí agus misin AE a chosaint

    107.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil gach cineál bagartha hibrideaí agus gach cineál ionsaithe ó ghníomhaithe stáit eachtracha ag díriú ar institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí, toscaireachtaí, líonraí misin agus oibreoirí, foirgnimh agus baill foirne AE agus, dá bhrí sin, gur cheart iad a chosaint i gceart, agus aird ar leith á tabhairt ar shocmhainní, áitribh agus gníomhaíochtaí SEGS thar lear agus ar shábháilteacht bhaill foirne AE a sheoltar chuig tíortha neamhdhaonlathacha ina bhfuil réimis dhiansmachtúla; á iarraidh go dtabharfaidh misin CBSC freagairt níos struchtúrtha ar na bagairtí sin, agus go soláthrófar tacaíocht níos nithiúla do na misin sin trí chumarsáid straitéiseach; ag aithint an tsíormhéadaithe atá ar na hionsaithe státurraithe i gcoinne institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí AE, lena n-áirítear ionsaithe i gcoinne EMA, agus institiúidí agus údaráis phoiblí na mBallstát;

    108.

    á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú críochnúil agus tréimhsiúil ar sheirbhísí, líonraí, trealamh agus crua-earraí uile de chuid institiúidí, comhlachtaí, ghníomhaireachtaí, toscaireachtaí, misin agus oibríochtaí AE chun cur lena n-athléimneacht in aghaidh bagairtí cibearshlándála agus cláir agus feistí a d’fheadfadh a bheith contúirteach a chur as an áireamh, amhail na cláir agus na feistí arna bhforbairt ag Saotharlann Kaspersky, ag tathant ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit treoir cheart agus uirlisí slána a áirithiú do bhaill foirne; ag cur béim ar an ngá atá le feasacht a mhúscailt i dtaobh úsáid a bhaint as seirbhísí agus líonraí slána laistigh d’institiúidí agus d’údaráis riaracháin, lena n-áiritear le linn misin; á thabhairt dá haire go mbaineann iontaoibh agus buntáistí slándála le córais oibriúcháin líonraí atá bunaithe ar fhoinse oscailte, arna n-úsáid go forleathan ag gníomhaireachtaí gaolmhara míleata agus rialtais;

    109.

    á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé dlúth-chomhordú éifeachtúil agus tráthúil a bheith ann idir institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla AE a bhfuil speisialtóireacht acu sa chibearshlándáil, amhail CERT-EU, i gcomhar lena cumais oibríochtúla lánfhorbartha, mar aon le ENISA agus an Cibearaonad Comhpháirteach atá beartaithe lena n-áiritheofar freagairt chomhordaithe ar bhagairtí cibearshlándála mórscála in AE; á chur in iúl gur geal léi an comhar struchtúrtha leanúnach idir CERT-EU agus ENISA; á chur in iúl gur geal léi freisin bunú mheitheal chibearfhaisnéise AE laistigh de EU INTCEN d’fhonn comhordú faisnéise straitéisí a thabhairt chun cinn; á chur in iúl gur mór aici na tionscnaimh a ghlac Ard-Rúnaithe institiúidí AE le déanaí chun rialacha comhchoiteanna faisnéise agus cibearshlándála a fhorbairt;

    110.

    ag dréim leis an dá thogra le haghaidh rialachán ón gCoimisiún lena ndéanfar creat normatach a chur ar bun don tslándáil faisnéise agus don chibearshlándáil in institiúidí, i gcomhlachtaí agus i ngníomhaireachtaí uile AE, agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart fothú acmhainneachta agus athléimneachta a áireamh sna rialacháin sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistí agus acmhainní breise a leithdháileadh ar chibearshlándáil institiúidí AE chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le timpeallacht bhagartha atá ag athrú de shíor;

    111.

    ag dréim leis an Tuarascáil Speisialta ar Iniúchóireacht Chibearshlándála ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, atá beartaithe go luath in 2022;

    112.

    á iarraidh go ndéanfar imscrúdú críochnúil ar chásanna insíothlaithe eachtraigh atá á dtuairisciú i measc bhaill foirne institiúidí AE; á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú agus b’fhéidir athscrúdú ar nósanna imeachta um acmhainní daonna, lena n-áirítear scagadh réamhearcaíochta, chun lúba ar lár a dhúnadh lena gcumasaítear insíothlú eachtrach; á iarraidh ar chomhlachtaí rialaithe na Parlaiminte feabhas a chur ar nósanna imeachta um imréiteach slándála do bhaill foirne agus na rialacha agus na seiceálacha i dtaca le rochtain a fháil ar a háitribh a dhéanamh níos déine chun cosc a chur ar rochtain ar chruinnithe agus faisnéis rúnda a bheith ag daoine aonair a bhfuil dlúthnasc acu le leasanna eachtracha; á iarraidh ar údaráis na Beilge athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar an gcreat intíre frithspiaireachta chun ciontóirí a bhrath, a ionchúiseamh agus smachtbhannaí a fhorchur orthu ar bhealach éifeachtach; á iarraidh go ndéanfar gníomhaíochtaí den chineál céanna sna Ballstáit eile chun institiúidí agus gníomhaireachtaí AE a chosaint ar a gcríoch féin;

    113.

    á iarraidh go ndéanfaidh institiúidí uile AE feasacht a ardú i measc a mball foirne trí oiliúint chuí agus trí threoir chuí chun rioscaí cibearshlándála agus rioscaí nach mbaineann leis an gcibearshlándáil a chosc, a mhaolú agus aghaidh a thabhairt orthu; á iarraidh go mbeidh oiliúint slándála agus TFC éigeantach agus rialta ann do na baill foirne (lena n-áirítear oiliúnaithe) agus na Feisirí uile; á iarraidh go ndéanfar mapáil agus measúnuithe riosca rialta agus tiomnaithe ar thionchar eachtrach laistigh de na hinstitiúidí;

    114.

    á chur i bhfáth go bhfuil gá le nósanna imeachta cuí maidir le bainistiú géarchéime a bheith ann do chásanna cúblála faisnéise, lena n-áirítear córais rabhaidh idir leibhéil agus earnálacha riaracháin, chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis fhrithpháirteach ar fáil agus go gcuirfear cosc ar chúbláil faisnéise a bheith á scaipeadh; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an Córas Mear-Rabhaidh (RAS) agus an nós imeachta mear-rabhaidh a cuireadh ar bun roimh thoghcháin Eorpacha 2019 agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm i riaracháin an Choimisiúin agus Pharlaimint na hEorpa chun rabhadh a thabhairt faoi chásanna a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na hinstitiúidí nó do phróisis dhaonlathacha AE; á iarraidh ar riarachán AE a chuid faireacháin a neartú, inter alia trí uirlis lárstórais agus rianaithe teagmhais a bhunú, agus bosca uirlisí comhroinnte a fhorbairt a ghníomhachtófar i gcás foláireamh RAS;

    115.

    á iarraidh go mbeidh rialacha trédhearcachta éigeantacha ann maidir leis na turais arna dtairiscint ag tíortha eachtracha agus eintitis d’fheidhmeannaigh institiúidí AE, lena n-áirítear Feisirí, cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe agus comhairleoirí grúpaí, chomh maith le feidhmeannaigh náisiúnta, lena n-áirítear ainm na ngníomhairí íocaíochta, costas na dturas agus na cuspóirí sonraithe, ach gan a bheith teoranta do na nithe sin; á mheabhrú nach féidir a mheas gur toscaireachtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte iad na turas eagraithe sin agus á iarraidh go bhforchuirfear smachtbhannaí diana mura n-urramófar é sin; á chur i bhfáth go bhféadfadh grúpaí cairdis neamhfhoirmiúla an bonn a bhaint d’obair chomhlachtaí oifigiúla na Parlaiminte, dá clú agus de chomhleanúnachas a cuid gníomhaíochtaí; ag tathant ar chomhlachtaí rialaithe na Parlaiminte cur le trédhearcacht agus cuntasacht na ngrúpaí sin, na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a fhorfheidhmiú agus na bearta is gá a dhéanamh nuair a bhaineann tríú tíortha mí-úsáid as na grúpaí cairdis sin; á iarraidh ar na Caestóirí clár inrochtana agus cothrom le dáta de na grúpaí cairdis agus de dhearbhuithe a fhorbairt agus a choinneáil;

    Trasnaíocht arna déanamh ag gníomhaithe domhanda trí ghabháil éilíte, diaspóraí náisiúnta, ollscoileanna agus imeachtaí cultúrtha

    116.

    ag cáineadh na gcineálacha uile gabhála éilíte agus na teicníce lena ndéantar státseirbhísigh ardleibhéil agus iarpholaiteoirí AE a chomhthoghadh, ar teicníc í a mbaineann cuideachtaí eachtracha a bhfuil naisc acu le rialtais atá rannpháirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí trasnaíochta i gcoinne AE úsáid aisti, agus á chur in iúl gur oth léi an easpa uirlisí agus forfheidhmithe is gá chun na cleachtais sin a chosc; á mheas gur cheart go mbeadh iarmhairtí dlíthiúla ann agus go bhforchuirfí smachtbhannaí diana má nochtaítear faisnéis rúnda a fuarthas le linn sainorduithe poiblí nó le linn feidhmeanna státseirbhíseacha a dhéanamh, chun aimhleasa leasanna straitéiseacha AE agus a Bhallstát, lena n-áirítear foirceannadh láithreach agus/nó dícháiliú ó eacraíocht a dhéanfaidh na hinstitiúidí amach anseo; á mheas gur cheart dearbhuithe ioncaim agus maoine na ndaoine aonair sin a chur ar fáil go poiblí;

    117.

    á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí i gcoinne gabháil éilíte a spreagadh agus a chomhordú, amhail forfheidhmiú coitianta na dtréimhsí marana do Choimisinéirí AE agus státseirbhísigh ardchéime AE a chur chun feidhme agus iad a chomhlánú le dualgas tuairiscithe tar éis na tréimhse sin, chun deireadh a chur le cleachtas na “ndoirse imrothlacha” agus rialacha struchtúrtha a bhunú chun dul i ngleic le gabháil éilíte ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar cibé an bhfuil na ceanglais atá ann cheana maidir le tréimhsí marana fós oiriúnach dá bhfeidhm; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’iarpholaiteoirí agus iarstátseirbhísigh AE cásanna a thuairisciú ina dtéann stát eachtrach ag comhlacht tiomnaithe um fhaireachán i dteagmháil leo agus gur cheart dóibh cosaint sceithirí a fháil; á iarraidh ar na Ballstáit go léir tréimhsí marana a chur i bhfeidhm agus a chomhchuibhiú dá gceannaireacht pholaitiúil agus a áirithiú go mbeidh na bearta agus na córais i bhfeidhm acu lena gceanglaítear ar fheidhmeannaigh phoiblí a ngníomhaíochtaí seachtracha, a bhfostaíocht, a n-infheistíochtaí, a sócmhainní nó bronntanais nó táirbhí substaintiúla a dhearbhú, a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh orthu;

    118.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di straitéisí comhtháite brústocaireachta ina gcomhcheanglaítear leasanna tionsclaíocha agus spriocanna polaitiúla eachtracha, go háirithe nuair atá siad i bhfabhar leasanna stáit fhorlámhaigh; á iarraidh, dá bhrí sin, ar institiúidí AE athchóiriú a dhéanamh ar an gClár Trédhearcachta, lena n-áirítear trí rialacha trédhearcachta níos déine a thabhairt isteach, cistiú eachtrach a mhapáil i gcás brústocaireacht a bhaineann le AE, agus iontráil a áirithiú lena lamhálfar do mhaoiniú ó rialtais eachtracha a shainaithint; á iarraidh go mbeidh comhar éifeachtach ann maidir leis an ábhar sin i measc institiúidí uile AE; á mheas gur dea-chleachtas gurb ea Scéim Trédhearcachta na hAstráile maidir le Tionchar Eachtrach le leanúint;

    119.

    á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar scéim um chlárú tionchair eachtraigh a chur ar bun agus ar chlár faoi bhainistiú rialtais de ghníomhaíochtaí dearbhaithe a rinneadh ar son stát eachtrach nó thar a cheann a chruthú, agus dea-chleachtas daonlathais eile atá ar aon intinn á leanúint acu;

    120.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag stáit eachtracha fhorlámhacha na diaspóraí a bhfuil cónaí orthu in AE a rialú; á chur i bhfios go bhfuil ról ríthábhachtach ag Fronta Aontaithe na Síne, ar roinn í a thuairiscíonn go díreach do Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne agus a bhfuil sé de chúram uirthi straitéis trasnaíochta seachtraí na Síne a chomhordú trí dhianrialú a dhéanamh ar dhaoine aonair de chuid na Síne agus ar chuideachtaí Síneacha thar lear; á chur i bhfios go bhfuil taithí ag an Astráil agus ag an Nua-Shéalainn i ndéileáil leis an bhFronta Aontaithe;

    121.

    ag cáineadh go láidir iarrachtaí na Creimile mionlaigh i mBallstáit AE a ionstraimiú trí bheartais chomhthírigh, mar a thugtar orthu, a chur chun feidhme, go háirithe sna Stáit Bhaltacha agus i dtíortha Chomharsanacht an Oirthir, mar chuid de straitéis gheopholaitiúil réimeas Putin, straitéis a bhfuil sé mar aidhm léi sochaithe in AE a roinnt, in éineacht le cur chun feidhme choincheap “an domhain Rúisigh”, atá dírithe ar údar cuí a thabhairt do ghníomhaíochtaí forleathnaitheacha an réimis; á thabhairt dá haire go bhfuil go leor “fondúireachtaí príobháideacha”, “fiontair phríobháideacha,”“eagraíochtaí meán” agus “ENRanna” de chuid na Rúise faoi úinéireacht stáit nó go bhfuil naisc fholaithe acu le stát na Rúise; á chur i bhfáth go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach, nuair atáthar ag dul i mbun idirphlé le sochaí shibhialta na Rúise, idirdhealú a dhéanamh idir na heagraíochtaí a sheacnaíonn tionchar rialtais na Rúise agus na heagraíochtaí a bhfuil naisc acu leis an gCreimil; á mheabhrú go bhfuil fianaise ann freisin gurb ann do thrasnaíocht agus cúbláil ón Rúis i roinnt mhaith córas daonlathach liobrálach eile an Iarthair, chomh maith le tacaíocht ghníomhach d’fhorsaí antoisceacha agus radacacha chun díchobhsú an Aontais a chur chun cinn; á thabhairt dá haire go mbaineann an Chreimil úsaid leathan as cultúr, lena n-áirítear ceol coiteann, ábhar closamhairc agus litearthacht, mar chuid dá heiceachóras bréagaisnéise; á chur in iúl gur saoth léi iarrachtaí na Rúise gan stair na gcoireanna Soivéadacha a aithint go hiomlán agus, ina ionad sin, insint nua faoin Rúis a thabhairt isteach;

    122.

    á thabhairt dá haire gur cúis imní di iarrachtaí Rialtas na Tuirce tionchar a imirt ar dhaoine ar de dhúchas na Tuirce iad, d’fhonn leas a bhaint as an diaspóra do sheasaimh Ankara agus chun sochaithe na hEorpa a roinnt, go hairithe tríd an Uachtaránacht do na Tuirc Thar Lear agus do Chomhphobail Ghaolmhara (YTB); ag cáineadh iarrachtaí oscailte na Tuirce a diaspóra san Eoraip a úsaid chun treo toghchán a athrú;

    123.

    ag cáineadh iarrachtaí na Rúise leas a bhaint as teannas eitneach sna Balcáin Thiar chun coinbhleachtaí a ghéarú agus comhphobail a roinnt, a bhféadfadh díchobhsú an réigiúin ina iomláine a bheith mar thoradh air; á chur in iúl gur cúis bhuartha di iarrachtaí an Ardeaglais Cheartchreidmhigh i dtíortha amhail an tSeirbia, Montainéagró agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, go háirithe ina réigiún Srpska, an Rúis a chur chun cinn mar chosantóir luachanna teaghlaigh traidisiúnta agus an caidreamh idir an stáit agus an eaglais a neartú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an Ungáir agus an tSeirbia ag cuidiú leis an tSín agus leis an Rúis lena gcuspóirí geopholaitiúla; ag moladh go dtionólfaí plé le heagraíocht shibhialta na mBalcán Thiar agus leis an earnáil phríobháideach chun iarrachtaí frith-bhréagaisnéise sa réigiún a chomhordú, agus béim ar leith á leagan ar thaighde agus ar anailís agus ar chuimsiú saineolais réigiúnaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an mbonneagar atá ag teastáil chun freagairtí fianaise-bhunaithe a sholáthar ar bhagairtí bréagaisnéise gearrthéarmacha agus fadtéarmacha sna Balcáin Thiar; á iarraidh ar SEGS seasamh níos réamhghníomhaí a ghlacadh, trí dhíriú ar chur le hinchreidteacht AE sa réigiún, seachas é a chosaint, agus trí fhaireachán StratCom a leathnú chun díriú ar bhagairtí bréagaisnéise trasteorann a thagann as tíortha na mBalcán Thiar agus as a gcomharsana;

    124.

    á chur i bhfáth gur gá do AE agus dá Bhallstáit feabhas a chur ar an tacaíocht do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, go háirithe trí chomhar maidir le cur le hathleimneacht stáit agus shochaíoch in aghaidh bhréagaisnéis agus bholscaireacht stáit na Rúise, chun lagú agus ilroinnt straitéiseach a sochaithe agus a n-institiúidí a chomhrac;

    125.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di cur i bhfeidhm seach-chríochach beart comhéigneach a eascraíonn as Dlí Slándála Náisiúnta nua Hong Cong agus as Dlí na Síne maidir le Smachtbhannaí Eachtracha a Chomhrac, mar aon leis na comhaontuithe eiseachadta a thairbhíonn an tSín díobh in éineacht le tíortha eile, ar comhaontuithe iad lena gcuirtear ar chumas na Síne gníomhaíochtaí díspreagtha ar mhórscála a chur chun feidhme i gcoinne náisiúnaigh chriticiúla neamh-Shíneacha, mar shampla, i gcás a bhí ann le déanaí, gníomhaíocht i gcoinne beirt pharlaiminteoirí de chuid na Danmhairge, agus na frith-smachtbhannaí de chuid na Síne i gcoinne cúigear Feisire, Fochoiste um Chearta an Duine i bParlaimint na hEorpa, triúr Feisire ó Bhallstáit AE, Coiste Polaitiúil agus Slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh, beirt scoláire Eorpach agus dhá mheitheal mhachnaimh sa Ghearmáin agus sa Danmhairg faoi seach; á iarraidh ar na Ballstáit uile diúltú d’eiseachadadh agus cur ina choinne, agus, i gcás inarb iomchuí, cosaint iomchuí a thairiscint do na daoine aonair i dtrácht chun sáruithe féideartha ar chearta an duine a sheachaint;

    126.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di líon na n-ollscoileanna, na scoileanna agus na n-ionad cultúrtha Eorpach atá rannpháirteach i gcomhpháirtíochtaí le heintitis Shíneacha, lena n-áirítear Institiúidí Confucius, lena gcumasaítear eolas eolaíochta a ghoid agus smacht dian a bheith acu ar gach topaic a bhaineann leis an tSín i réimse an taighde agus an teagaisc, lena ndéantar sárú, dá bhrí sin, ar chosaint bhunreachtúil na saoirse acadúla agus an neamhspleáchais acadúil, agus ar na roghanna maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha a bhaineann leis an tSín; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh na gníomhaíochtaí sin a bheith ina gcúis le caillteanas eolais maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an tSín, rud a bhainfeadh inniúlachtaí riachtanacha de AE; á chur in iúl gur cúis imní di, mar shampla, gur urraigh Oifig Eolais na Comhairle Stáit de chuid Rialtas na Síne Leabharlann na Síne i gColáiste na hEorpa in 2014 (23); á chur in iúl gur cúis mhór imní di iarrachtaí na Síne brú a chur, mar shampla an chinsireacht a rinne sí ar an taispeántas i músaem Nantes faoi Genghis Kahn a bhí beartaithe ar dtús le haghaidh 2020 (24); á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a éascú chun dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach ar na hearnálacha cultúrtha agus ar earnáil an oideachais;

    127.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di cásanna ina ndéantar an maoiniú do thaighde arna dhéanamh san Eoraip a cheilt, lena n-áirítear iarrachtaí na Síne talann a thapú trí Phlean an Mhíle Bua agus Scoláireachtaí na hInstitiúide Confucius, agus tionscadail eolaíocha mhíleata agus shibhialta a chumasc trí straitéis shibhialta-mhíleata chomhtháite na Síne; ag cur béim ar iarrachtaí institiúidí ardoideachais na Síne meabhráin tuisceana a shíniú le hinstitiúidí comhpháirtíochta san Eoraip, ar meabhráin iad ina bhfuil clásáil lena ndéantar bolscaireacht na Síne a bhuanú nó lena spreagtar tacaíocht do dhearcthaí nó tionscnaimh pholaitiúla Pháirtí Cumannach na Síne, amhail an Tionsncamh Criosanna agus Bóithre, agus lena ndéantar, dá bhrí sin, seasaimh oifigiúla arna nglacadh ag rialtais na dtíortha faoi seach a sheachaint nó an bonn a bhaint díobh; á iarraidh ar na hinstitiúidí cultúrtha, acadúla agus neamhrialtasacha feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le tionchar na Síne agus á iarraidh orthu aon mhalartuithe agus aon rannpháirtíocht le Rialtas na Síne agus le heagraíochtaí gaolmhara a phoibliú;

    128.

    ag cáineadh an chinnidh a rinne Rialtas na hUngáire brainse d’Ollscoil Fudan a oscailt agus, ag an am céanna, Ollscoil Lár na hEorpa i mBúdaipeist a dhúnadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil méadú ag teacht ar spleáchas airgeadais ollscoileanna na hEorpa ar an tSín agus ar stáit eachtracha eile, i bhfianaise an riosca a bhaineann le sonraí íogaire, teicneolaíochtaí agus torthaí taighde a bheith á sreabhadh isteach chuig stáit eachtracha agus na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an spleáchas sin ar an tsaoirse acadúil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an tsaoirse acadúil chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus chun tionchar a imirt ar oibríochtaí; á mholadh do na hinstitiúidí sin measúnuithe mionsonraithe leochaileachta a dhéanamh roimh dhul i mbun comhpháirtíochtaí nua le comhpáirtithe eachtracha; á chur i bhfáth gur cheart oiliúint a chur ar bhaill foirne acadúla chun maoiniú nó tionchar ceilte a thuairisciú trí bheolíne ar leith agus gur cheart dóibh siúd atá ag soláthar eolais cosaint sceithirí a fháil i gcónaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go dtiocfaidh an maoiniú do thaighde a bhfuil tábhacht geopholaitiúil ag baint leis ag ollscoileanna Eorpacha as foinsí Eorpacha; á iarraidh ar an gComhairle reachtaíocht a mholadh maidir le trédhearcacht an mhaoinithe eachtraigh d’ollscoileanna, chomh maith le ENRanna agus meithleacha machnaimh a mhéadú, amhail trí dhearbhuithe tabhartais éigeantacha, dícheall chuí dá sreafaí maoinithe agus nochtadh maoinithe, ranníocaíochtaí chomhchineáil agus fóirdheontas ó pháirtithe eachtracha; á iarraidh ar údaráis na mBallstát rialacha éifeachtacha a ghlacadh maidir le maoiniú eachtrach d’institiúidí ardoideachais, lena n-áirítear uasteorainneacha diana agus ceanglais tuairiscithe;

    129.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil rioscaí comhchosúla don tslándáil agus goid maoine intleachtúla ann san earnáil phríobháideach, earnáil ina bhféadfadh sé go mbeadh rochtain ag fostaithe ar eochairtheicneolaíochtaí agus ar rúin trádála; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit institiúidí acadúla aguis an earnáil phríobháideach araon a spreagadh cláir chuimsitheacha slándála agus comhlíontachta a chur ar bun, lena n-áirítear athbhreithnithe sonracha slándála i dtaca le conarthaí nua; á thabhairt dá haire go bhféadfadh sé go mbeadh gá le teorainneacha níos airde ar an rochtain ar chórais agus ar ghréasáin, chomh maith le himréiteach slándála, i gcás ollúna nó fostaithe áirithe atá ag obair ar thaighde criticiúil agus ar tháirgí criticiúla;

    130.

    á thabhairt dá haire, leis an Treoir athbhreithnithe maidir leis an gCárta Gorm (25), a fhágann go bhfuil sé níos éasca d’imircigh oilte neamh-AE teacht chuig AE, go gcumasaítear do chuideachtaí Síneacha agus Rúiseacha atá bunaithe san Eoraip, mar shampla, imircigh oilte a thabhairt leo óna dtíortha faoi seach; á thabhairt le fios, mar thoradh ar an méid sin, go bhféadfadh sé a bheith níos deacra do na Ballstáit rialú a fheidhmiú ar insreabhadh na saoránach sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le rioscaí a bhaineann le trasnaíocht eachtrach;

    131.

    á thabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar an líon Institiúidí Confucius atá bunaithe ar fud an domhain, agus go háirithe san Eoraip; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Lárionad um Oideachas agus Comhar Teanga, ar a dtugtaí Ceanncheathrú Institiúid Confucius roimhe seo nó Hanban (Oifig na Comhairle Idirnáisiúnta um an an tSínis), atá freagrach as clár Insitiúid Confucius ar fud an domhain, mar chuid de chóras bolscaireachta stát conarthach na Síne; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tacú le cúrsaí neamhspleácha Sínise gan rannpháirtíocht stát na Síne nó eagraíochtaí cleamhnaithe; á chreidiúint go bhféadfadh Lárionad Náisiúnta na Síne sa tSualainn a bunaíodh le déanaí fónamh mar shampla tábhachtach chun a thaispeáint conas inniúlacht neamhspleách na Síne san Eoraip a mhéadú;

    132.

    á mheas, ina theannta sin, go bhfónann Institiúidí Confucius mar ardán brústocaireachta do leasanna eacnamaíocha na Síne agus do sheirbhís faisnéise na Síne agus d’earcú gníomhairí agus spiairí; á mheabhrú gur chinn a lán ollscoileanna deireadh a chur lena gcomhar le hInstitiúidí Confucius i ngeall ar na rioscaí spiaireachta agus trasnaíochta ón tSín, amhail a rinne ollscoil Düsseldorf in 2016, ollscoil na Bruiséile (VUB agus ULB) in 2019 agus ollscoil Hamburg in 2020 agus na hollscoileanna uile sa tSualainn; á iarraidh go ndéanfaidh níos mó ollscoilleanna machnamh ar an gcomhordú a dhéanann siad faoi láthair chun a áirithiú nach n-imreoidh sé tionchar ar a saoirse acadúil; á iarraidh ar na Ballstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh ar mhúinteoireacht, ar thaighde agus ar ghníomhaíochtaí eile laistigh d’Institiúidí Confucius agus, i gcás ina dtugann fianaise shoiléir bunús le spiaireacht nó le trasnaíocht líomhnaithe, gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanamh chun ceannasacht eacnamaíoch agus pholaitiúil na hEorpa a choimirciú, lena n-áirítear trí mhaoiniú a shéanadh nó ceadúnais na n-institiúidí comhlacaithe a chúlgairm;

    133.

    ag tabhairt dá haire gur féidir trasnaíocht eachtrach a shaothrú freisin trí thionchar in institiúidí reiligiúnacha agus trí ionstraimiú institiúidí reiligiúnacha, amhail tionchar na Rúise san Eaglais Cheartchreidmheach, go háirithe sa tSeirbia, Montainéagró, Boisnia agus an Heirseagavéin, go háirithe ina eintiteas Republika Srpska, Seoirsia agus, agus, go pointe áirithe, san Úcráin, lena n-áirítear trí dheighilt a chothú idir pobail áitiúla, trí insint chlaontach ar an stair a fhorbairt agus trí chlár oibre frith-AE a chur chun cinn, chomh maith le tionchar Rialtas na Tuirce trí mhoscanna sa Fhrainc agus sa Ghearmáin agus tionchar na hAraibe Sádaí trí mhoscanna Salafi ar fud na hEorpa lena ndéantar Ioslam radacach a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhordú níos fearr a áirithiú maidir le hinstitiúidí reiligiúnacha a chosaint ar thrasnaíocht eachtrach agus trédhearcacht a shrianadh agus cuir leis; á iarraidh ar na Ballstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí in institiúidí reiliúnacha agus, i gcás inarb iomchuí agus a bhfuil fianaise ann, gníomhaíocht a dhéanamh, lena n-áirítear trí mhaoiniú a shéanadh nó ceadúnais na n-institiúidí comhlacaithe a chúlghairm;

    134.

    á iarraidh ar EEAS staidéar a dhéanamh maidir le leitheadúlacht agus tionchar gníomhaithe stáit i meithleacha machnaimh, ollscoilleanna, eagraíochtaí reiligiúnacha agus institiúidi meán na hEorpa; á iarraidh ar institiúidí uile AE agus ar na Ballstáit comhoibriú le geallsealbhóirí agus saineolaithe agus dul i mbun idirphlé córasach leo chun trasnaíocht eactrach a mhapáil agus faireachán a dhéanamh air ar bhealach cruinn sna réimsí cultúrtha, acadúla agus reiligiúnacha; á iarraidh go mbeidh comhroinnt inneachair níos mó ann i measc craoltóirí náisiúnta san Eoraip, lena n-áirítear craoltóirí i dtíortha comharsanacha;

    135.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtuairiscítear gur ann do thrasanaíocht eachtrach i gcórais bhreithiúnacha Eorpacha; ag tarraingt aird ar leith ar fhorghníomhú breithiúnas Rúiseach ag cúirteanna Eorpacha i gcoinne an luchta freasúra sa Chreimil; á iarraidh ar na Balltsáit feasacht a ardú i measc na foirne breithiúnaí agus oibriú leis an tsochaí shibhialta chun nach mbainfidh rialtais eachtracha mí-úsáid as comhar breithiúnach idirnáisiúnta agus binsí agus cúirteanna Eorpacha; á iarraidh ar SEGS staidéar a choimisiniú faoi leitheadúlacht agus tionchar na trasnaíochta eachtraí ar imeachtaí cúirte na hEorpa; á thabhairt dá haire, ar bhonn an stadéir sin, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le hathruithe a mholadh maidir le trédhearcaht agus ceanglais maoinithe d’imeachtaí cúirte;

    Díspreagadh, sannadh agus frithbhearta comhchoiteanna, lena n-áirítear smachtbhannaí

    136.

    á mheas go ndearna na córais smachtbhannaí a chuir AE ar bun le déanaí, amhail na bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas agus a Bhallstáit (26) agus Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (27) (Gníomh Magnitsky AE), arna ghlacadh an 17 Bealtaine 2019 agus an 7 Nollaig 2020 faoi seach, breisluach a léiriú i dtaca le huirlisí díspreagtha luachmhara a chur ar fáil do AE; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh maidir le córas smachtbhannaí téamacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha tromchúiseacha éillithe; á mheabhrú gur baineadh úsáid as na córais smachtbhannaí cibirionsaithe agus chearta an duine faoi dhó, in 2020 agus in 2021 faoi seach; ag tathant go ndéanfaí córas buan den chóras cibearsmachtbhannaí agus á iarraidh ar na Ballstáit an fhianaise agus an fhaisnéis ar fad arna mbailiú a roinnt chun cur le bunú liostaí cibearsmachtbhannaí;

    137.

    á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit bearta breise a dhéanamh i gcoinne trasnaíocht eachtrach, lena n-áirítear feachtais bhréagaisnéise ar mhórscála, bagairtí hibrideacha agus cogaíocht hibrideach, agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoráil faisnéise á n-urramú, lena n-áirítear trí chóras smachtbhannaí a chur ar bun; á chreidiúint gur cheart creat tras-earnálach agus neamhshiméadrach um smachtbhannaí a áireamh leis sin, chomh maith le smachtbhannaí taidhleoireachta, toirmeasc taistil, reo sócmhainní agus scamhadh cheadanna cónaithe AE i gcás daoine aonair eachtracha agus a mbaill teaghlaigh atá bainteach le hiarrachtaí trasnaíochta eachtraí, lenar cheart díriú ar an mbealach is beaichte agus is féidir ar na cinnteoirí agus ar na comhlachtaí atá freagrach as bearta ionsaitheacha, agus timpeallacht ina ndéantar cor in aghaidh an chaim á seachaint ag an am céanna, faoi Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (bearta sriantacha) agus gur cheart an creat sin a chomhtháthú go daingean laistigh de chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais agus colúin CBSC; á iarraidh ar na Ballstáit trasnaíocht eachtrach, trasnaíocht intíre agus bréagaisnéis a bheith ina phointe socraithe ar chlár oibre na Comhairle Gnóthaí Eachtracha; á iarraidh ar AE sainmhíniú a thabhairt ar céard is gníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta ann agus íostairseacha a ghlacadh chun frithbhearta a spreagadh mar thoradh ar an sainmhíniú nua sin, ar cheart measúnú tionchair a bheith ag gabháil leis chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar; á thabhairt dá haire gur cheart don Chomhairle a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir le smachtbhannaí a bhaineann le trasnaíocht eachtrach trí vótáil tromlaigh, seachas trí aontoilíocht; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do thíortha atá ag gabháil do thrasnaíocht eachtrach agus do chúbláil faisnéise a bhfuil sé mar aidhm leo díchobhsú a dhéanamh ar an staid laistigh de AE, íoc as costas a gcinntí agus na hiarmhairtí eacnamaíocha agus/nó na hiarmhairtí ar a gcáil agus/nó na hiarmhairtí taidhleoireachta a iompar; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais don Bheartas Eachtrach agus Slándála tograí nithiúla a thíolacadh ina leith sin;

    138.

    á áitiú, cé go bhfuil sé d’aidhm leis próisis dhaonlathacha, cearta agus saoirsí an duine mar a shainmhínítear sna Conarthaí a chaomhnú, nach foláir do chóras smachtbhannaí aird ar leith a thabhairt ar na tionchair ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha a bheidh ag aon smachtbhannaí a fhorchuirfear, ar mhaithe le hurraim don Chairt a dhearbhú, agus nach mór dó a bheith trédhearcach maidir leis na forais is bun leis an gcinneadh chun smachtbhannaí a fhorchur; á chur i bhfáth nach mór níos mó soiléireachta a bheith ann ar leibhéal AE maidir le raon feidhme agus tionchar na smachtbhannaí i gcoinne daoine comhlachaithe, amhail náisiúnaigh nó cuideachtaí AE;

    139.

    á mheas, cé go bhfuil cineál na n-ionsaithe hibrideacha sin éagsúil, go bhféadfadh an chontúirt a bhaineann leo do luachanna, leasanna bunúsacha, slándáil, neamhspleáchas agus sláine an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, agus do chomhdhlúthú an daonlathais agus don tacaíocht don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine, do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, agus do shaoirsí bunúsacha a bheith suntasach ó thaobh scála na n-ionsaithe, a gcineáil nó a n-éifeacht charnach de; á chur in iúl gur geal léi go mbeartaítear leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach go ndéanfaidh an Coimisiún agus SEGS bosca uirlisí maidir le trasnaíocht eachtrach agus oibríochtaí tionchair a fhorbairt le chéile, lena n-áirítear oibríochtaí hibrideacha agus sannadh soiléir ionsaithe mailíseacha ag tríú páirtithe agus tríú tíortha i gcoinne AE;

    140.

    á chur i bhfios go bhfuil forás ag teacht ar an tuiscint ar bhonn idirnáisiúnta go bhfuil gníomhaíochtaí trasnaíochta eachtraí ag déanamh difear tromchúiseach do phróisis dhaonlathacha agus ag imirt tionchar ar fheidhmiú na gceart agus na ndualgas; ag cur béim, ina leith sin, ar na leasuithe a glacadh in 2018 ar Ionstraim um Reachtaíocht Slándála Náisiúnta na hAstráile (Spiaireacht agus Trasnaíocht Eachtrach), a bhfuil sé mar aidhm leo coiriúlú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ceilte agus cealgacha ag gníomhaithe eachtracha a bhfuil sé ar intinn acu trasnaíocht a dhéanamh ar phróisis pholaitiúla nó rialtais, ar chearta nó ar dhualgais, nó tacú le gníomhaíochtaí faisnéise rialtais eachtraigh, trí chionta nua a chruthú amhail “trasnaíocht eachtrach d’aon ghnó”;

    141.

    á chur in iúl gurb eol di de bhun Airteagal 21(3) CAE nach foláir don Aontas comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí agus idir na réimsí sin agus beartais eile, mar a shainítear sna Conarthaí; á chur i bhfios, ina leith sin, gur tugadh aghaidh freisin ar an trasnaíocht eachtrach sin, amhail an bhagairt ó throdaithe eachtracha sceimhlitheoireachta agus ó ghrúpaí a imríonn tionchar ar dhaoine aonair a fhanann in AE, le Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (28);

    142.

    á chur i bhfios go láidir, chun treisiú a dhéanamh ar an tionchar atá acu, gur cheart smachtbhannaí a fhorchur i dteannta a chéile bunaithe ar chomhordú le comhpháirtithe atá ar aon intinn ina dtaobh, i gcás inar féidir, lena bhféadfadh eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith i gceist agus gur cheart iad a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhaontú idirnáisiúnta, agus cineálacha eile freagairtí ar na hionsaithe á gcur san áireamh; á thabhairt dá haire gur cheart do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha na smachtbhannaí sin a ghlacadh freisin chun ailíniú le CBES AE; á thabhairt dá haire go bhfuil obair thábhachtach á déanamh ag ECAT i réimse na mbagairtí hibrideacha agus ag meabhrú, i ndáil leis sin, an ráitis ó chruinniú mullaigh ECAT an 14 Meitheamh 2021, inar athdhearbhaíodh gur de réir an cháis a dhéanfadh Comhairle an Atlantaigh Thuaidh cinneadh i dtaobh cén uair a bheadh cibirionsaí ina shiocair le hAirteagal 5 de Chonradh ECAT a agairt agus go bhféadfaí a mheas, i gcúinsí áirithe, gurb ionann an tionchar a bheadh ag cibirghníomhaíochtaí mailíseacha suntasacha agus ionsaí armtha (29); á chur i bhfáth gur cheart do AE agus do ECAT cur chuige níos réamhbhreathnaithí agus straitéiseach a ghlacadh i leith bagairtí hibrideacha atá dírithe ar chúiseanna agus cuspóiri na gcéilithe comhraic, agus gur cheart dóibh a shoiléiriú cé na cásanna gur fearr a bheidh AE in ann dul i ngleic le bagairt, chomh maith le buntáistí comparáiseacha a gcumas; á mheabhrú nach bhfuil roinnt Ballstáit AE ina mbaill de ECAT, ach mar sin féin go gcomhoibríonn siad le ECAT, mar shampla trína chlár um Chomhpháirtíocht na Síochána (PfP) agus tríd an Tionscnamh Idir-inoibritheachta Comhpháirtíochta (PII), agus d a bhrí sin á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh aon chomhar idir AE agus ECAT gan dochar do bheartas slándála agus cosanta na mBallstát de chuid AE nach baill de ECAT iad, lena n-áirítear tíortha a bhfuil beartais neodrachta i bhfeidhm acu cheana féin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cúnamh frithpháirteach agus dlúthpháirtíocht i gcomhréir le hAirteagal 42(7) CAE agus Airteagal 222 CFAE agus á iarraidh ar AE cásanna a tharraingt suas maidir le gníomhachtú na n-airteagal sin i gcás cibear-ionsaí hipitéiseach; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit an tsaincheist a nascadh le gnéithe eile a gcaidrimh leis na stáit atá freagrach as an trasnaíocht agus na feachtais bhréagaisnéise, go háirithe an Rúis agus an tSín;

    Comhar domhanda agus an t-iltaobhachas

    143.

    á aithint go bhfuil ar roinnt mhaith tíortha daonlathacha ar fud an domhain dul i ngleic le hoibríochtaí díchobhsaithe den chineál céanna a bhíonn á ndéanamh ag gníomhaithe eachtracha stáit agus neamhstáit;

    144.

    á thabhairt chun suntais an gá atá le comhar domhanda iltaobhach a bheith ann idir tíortha atá ar aon intinn le chéile i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha maidir leis na saincheisteanna ríthábhachtacha sin, i bhfoirm comhpháirtíochta a bheidh bunaithe ar chomhthuiscint agus ar shainmhínithe comhroinnte, d’fhonn noirm agus prionsabail idirnáisiúnta a chur ar bun; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá dlúthchomhar leis na Stáit Aontaithe agus le stáit eile atá ar aon intinn le chéile chun eagraíochtaí iltaobhacha a nuachóiriú; á chur in iúl gur geal léi an Cruinniú Mullaigh um an Daonlathas i ndáil leis sin agus go bhfuil sí ag dréim leis go leanfaidh tograí agus bearta nithiúla as chun dul i ngleic leis na bagairtí is mó atá roimh chórais daonlathacha sa lá atá inniu ann trí ghníomhaíocht chomhchoiteann;

    145.

    á mheas, ar bhonn feasacht staide chomhchoiteann, gur cheart do chomhpháirtithe atá ar aon intinn le chéile dea-chleachtais a mhalartú agus freagairtí comhchoiteanna a shainaithint ar dhúshláin dhomhanda, ar dúshláin chomhroinnte intíre iad freisin, lena n-áirítear smachtbhannaí comhchoiteanna, cosaint chearta an duine agus caighdeáin dhaonlathacha; á iarraidh ar AE an díospóireacht a stiúradh maidir le himpleachtaí dlíthiúla na trasnaíochta eachtraí, sainmhínithe coiteanna idirnáisiúnta agus rialacha sannta a chur chun cinn agus creat idirnáisiúnta a fhorbairt i leith freagairtí ar thrasnaíocht i dtoghcháin chun Cód Cleachtais Domhanda a bhunú le haghaidh Próisis Dhaonlathacha atá Saor agus Athléimneach;

    146.

    á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit machnamh a dhéanamh ar na formáidí idirnáisiúnta cearta chun lamháil don chomhpháirtíocht agus don chomhar sin idir comhpháirtithe atá ar aon intinn le chéile; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tús a chur le próiseas ar leibhéal na Naisiún Aontaithe chun coinbhinsiún domhada a ghlacadh lena ndéantar an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint agus lena mbunaítear sainmhíniú coiteann ar an trasnaíocht eachtrach; á iarraidh ar AE sraith straitéisí um chosaint an daonlathais a mholadh, a áireofar sa choinbhinsiún, ina bhfuil gníomhaíochtaí agus smachtbhannaí comhpháirteacha chun dul i ngleic leis an trasnaíocht eachtrach;

    147.

    á chur i iúl gur geal léi ráiteas ó ECAT an 14 Meitheamh 2021, ina n-aithnítear an dúshlán méadaitheach a bhaineann le cibearbhagairtí, bagairtí hibrideacha agus bagairtí neamhshiméadracha eile, lena n-áirítear feachtais bhréagaisnéise, agus tríd an úsáid mhailíseach atá á baint as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus atá níos sofaisticiúla agus níos suaiteaí ná riamh; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le comhar AE-ECAT i réimse na cibearchosanta; á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Liotuáin an Ionad Réigiúnach um Chibearchosaint a bhfuil na Stáit Aontaithe agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir rannpháirteach ann; ag tacú le comhar níos dlúithe le tíortha comhpháirtíochta i réimse na cibearchosanta, ó thaobh faisnéis a roinnt agus obair oibríochtúil; á chur in iúl gur geal léi na pléití idir na Stáit Aontaithe agus AE maidir le rialuithe iltaobhacha onnmhairiúcháin ar earraí cibearfhaireachais i gcomhthéacs na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta;

    148.

    á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a cuireadh i gcrích cheana, go háirithe ar an leibhéal riaracháin, chun eolas a chomhroinnt faoi staid na n-ionsaithe hibrideacha, lena n-áirítear oibríochtaí bréagaisnéise, i bhfíor-am, amhail an Córas Mear-Rabhaidh SEGS-bhunaithe a osclaíodh i bpáirt do thríú tíortha atá ar aon intinn, an Sásra Mearfhreagartha G7-bhunaithe, agus Rannán Comhpháirteach Faisnéise agus Slándála ECAT;

    149.

    á chur i bhfios go láidir gur cheart an comhar domhanda a bheith bunaithe ar luachanna comhroinnte a léirítear i gcomhthionscadail, ina mbeadh eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail OSCE agus UNESCO, agus lena gcuirfí ar bun fothú acmhainneachta daonlathach agus síocháin agus slándáil inbhuanaithe i dtíortha a bhfuil bagairtí trasnaíochta eachtraí den chineál céanna os a gcomhair; á iarraidh ar AE Ciste Daonlathach Eorpach na Meán a chur ar bun chun tacú le hiriseoireacht neamhspleách i dtíorta is iarrthóirí ionchasacha agus i dtíortha comharsanachta na hEorpa; ag cur béim ar na riachtanais phraiticiúla, amhail trealamh teicniúil oibre a fháil, a chuireann iriseoirí neamhspleácha ó thíortha comharsanacha in iúl go rialta;

    150.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá ann aghaidh a thabhairt ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis faoin aeráid; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí ag COP26 chun sainmíniú uilíoch ar mhífhaisnéis agus bréagaisnéis faoin aeráid a ghlacadh agus achoimre a thabhairt ar ghníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an tsaincheist; á iarraidh go gcuirfear le samhlacha amhail an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide chun cód iompair doamhanda a chruthú maidir le mífhaisnéis, próiseas a bheadh mar bhonn do Chomhaontú Pháras maidir le MíFháisnéis;

    151.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dearcadh soiléir a sholáthar do thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tacú le tíortha comhpháirtíochta agus tíortha comharsanacha, amhail na tíortha sna Balcáin Thiar agus i gComharsanacht an Oirthir agus i gComharsanacht an Deiscirt de chuid AE, ós rud é go bhfuil tíortha amhail an Rúis, an Tuirc agus an tSín ag déanamh iarracht na tíortha sin a úsáid mar shaotharlann cúblála fáisnéise agus cogaíochta hibridí, arb é is aidhm di an bonn a bhaint de AE; á chreidiúint gur comhpháirtí tábhachtach é SAM maidir le dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach, feachtais bhréagaisnéise agus bagairtí hibrideacha sna réigiúin sin; á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe an ról atá ag an tSeirbia agus ag an Ungáir maidir le bréagaisnéis a scaipeadh go forleathan ar na tíortha timpeall orthu; á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE tacú leis na tíortha sin agus teagmháil a dhéanamh leo, mar a fhoráiltear i Rialachán NDICI (30); á mheas go bhféadfaí a ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar go leor bealaí, amhail bealach lena ndéantar breisluach AE agus an tionchar dearfach atá aige ar an réigiún a chur chun cinn, bealach lena maoinítear tionscadail arb é is aidhm dóibh saoirse na meán a áirithiú, an tsochaí shibhialta agus an smacht reachta a neartú agus bealach lena gcuirtear feabhas ar chomhoibriú maidir le litearthacht sna meáin, litearthacht dhigiteach agus litearthacht faisnéise, agus ceannasacht na dtíortha sin á hurramú ag an am céanna; á iarraidh go gcuirfear le hacmhainneacht SEGS i ndáil leis sin;

    152.

    á spreagadh don Aontas agus dá Bhallstáit an comhar leis an Téaváin a threisiú maidir le oibríochtaí trasnaíochta agus feachtais bhréagaisnéise ó thríú tíortha díobhálacha a chomhrac, lena n-áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt, cur chuige comhpháirteach maidir le saoirse agus iriseoireacht na meán a chothú, comhar maidir le cibearshlándáil agus cibearbhagairtí a dhoimhniú, feasacht na saoránach a mhúscailt agus litearthacht dhigiteach fhoriomlán a fheabhsú i measc an phobail chun athléimneacht ár gcóras daonlathach a neartú; ag tacú le comhar treisithe idir na gníomhaireachtaí rialtais ábhartha Eorpacha agus Téavánacha, ENRanna agus meithleacha machnaimh san earnáil;

    153.

    á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa insint AE a chur chun cinn go gníomhach, ról ceannasach a bheith aici i gcur chun cinn an mhalartaithe faisnéise agus plé a dhéanamh ar dhea-chleachtais le parlaimintí comhpháirtíochta ar fud an domhain, agus úsáid á baint as a líonra ollmhór de thoscaireachtaí idirpharlaiminteacha, mar aon leis na tionscnaimh daonlathais agus na gníomhaíochtaí tacaíochta arna gcomhordú ag a Grúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh dlúthchomhar le parlaiminteoirí ó thríú tíortha trí thionscadail shaincheaptha lena dtacaítear le peirspictíocht Eorpach do thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha;

    154.

    á iarraidh ar SEGS ról thoscaireachtaí AE agus ról mhisin CBSC de chuid AE i dtríú tíortha a neartú chun treisiú a dhéanamh ar a gcumas feachtais bhréagaisnéise arna arna n-eagrú ag gníomhaithe stáit eachtracha a bhrath agus a bhréagnú, agus maoiniú a thabhairt do thionscadail oideachais lena neartaítear luachanna daolathacha agus cearta bunúsacha; á mholadh go láidir go gcruthófaí Mol um Chumarsáid Straitéiseach, arna thionscnamh ag SEGS, chun comhar struchtúrtha a bhunú maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus le trasnaíocht eachtrach, ba cheart a lonnú in Taipei; á iarraidh, thairis sin, go rannchuideoidh toscaireachtaí AE le comhrac AE i gcoinne na bréagaisnéise trí chinntí ábhartha AE, amhail rúin phráinne na Parlaiminte, a aistriú go teanga a dtíre atá ar postú;

    155.

    á iarraidh go dtabharfar aghaidh ar an tsaincheist maidir le trasnaíocht mhailíseach eachtrach laistigh de Choiste Straitéiseach nua AE atá beartaithe;

    156.

    á iarraidh go gcruthófar socrú institiúideach buan i bParlaimint na hEorpa atá tiomanta d’obair leantach a dhéanamh ar na moltaí sin, chun aghaidh a thabhairt ar thrasnaíocht eachtrach agus bréagaisnéis in AE ar bhealach córasach, rud atá taobh amuigh de shainordú reatha Choiste Speisialta INGE; á iarraidh go gcuirfear feabhas ar mhalartú institiúidithe idir an Coimisiún, SEGS agus an Pharlaimint tríd an gcomhlacht sin;

    o

    o o

    157.

    á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

    (1)  IO C 224, 27.6.2018, lch. 58.

    (2)  IO C 23, 21.1.2021, lch. 152.

    (3)  IO C 28, 27.1.2020, lch. 57.

    (4)  Téacsanna a glacadh, P9_TA(2021)0428.

    (5)  IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1.

    (6)  IO L 151, 7.6.2019, lch. 15.

    (7)  Téacsanna a glacadh, P9_TA(2021)0412.

    (8)  IO C 362, 8.9.2021, lch. 186.

    (9)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.

    (10)  https://www.consilium.europa.eu/ga/policies/cybersecurity/

    (11)  https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/BRP_CYBERSECURITY/BRP_CYBERSECURITY_EN.pdf

    (12)  An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, Lobbying in the 21st Century: Transparency, Integrity and Access, [Brústocaireacht sa 21ú hAois: Trédhearcacht, Sláine agus Rochtain], 2021, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, le fáil: https://doi.org/10.1787/c6d8eff8-en

    (13)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos leis an dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

    (14)  IO L 331, 20.9.2021, lch. 8.

    (15)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (16)  https://www.europarl.europa.eu/cmsdata/232164/revised_Agenda%20item%207_Clare%20Melford_GDI_Deck_EU-Ad-funded_Disinfo.pdf

    (17)  Duine a dhéanann airgead le duine eile a dheonú do pháirtí polaitiúil nó d’iarrthóir agus úsáid á baint aige nó aici as a ainm nó hainm féin.

    (18)  Cumhdaítear dhá réaltacht éagsúla leis an lúb ar lár sin: na cuideachtaí caocha, nach ndéanann gníomhaíochtaí gnó iarbhír a shaothrú agus nach bhfuil iontu ach feithiclí chun idirghníomhaíochtaí airgeadais a chur faoi cheilt; agus fochuideachtaí intíre na máthairghnóthas eachtrach a mbaintear úsáid astu chun airgead a chur i dtreo na polaitíochta.

    (19)  Ní cheanglaítear ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha ná ar thríú páirtithe céannacht a ndeontóirí a nochtadh, ach ceadaítear dóibh páirtithe polaitiúla agus iarrthóirí i roinnt Ballstát AE a mhaoiniú.

    (20)  Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála comhchoiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 COM(2020)0823).

    (21)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí(IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

    (22)  Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle(IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).

    (23)  https://www.coleurope.eu/events/official-inauguration-china-library

    (24)  https://www.chateaunantes.fr/expositions/fils-du-ciel-et-des-steppes/

    (25)  Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lch. 1).

    (26)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ%3AL%3A2019%3A129I%3ATOC

    (27)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:L:2020:410I:TOC

    (28)  IO L 88, 31.3.2017, lch. 6.

    (29)  https://www.nato.int/cps/en/natohq/news_185000.htm

    (30)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).


    Top