Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0723

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le tarmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/30/AE

    COM/2022/723 final

    An Bhruiséil,8.12.2022

    COM(2022) 723 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir le tarmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/30/AE


    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir le tarmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/30/AE

    1.RÉAMHRÁ

    Glacadh Rialachán (AE) 2017/1369 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena naisghairtear Treoir 2010/30/AE an 4 Iúil 2017 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2017. Aisghairtear leis Treoir 2010/30/AE maidir lena chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis caighdeánach táirge an méid fuinnimh agus an méid acmhainní eile a ídíonn táirgí a bhaineann le fuinneamh.

    Trí lipéadú fuinnimh ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh, cuirtear ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna feasacha a dhéanamh dar bunús táscairí soiléire maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus faisnéis bhreise thábhachtach eile maidir le táirgí. Cuireann an lipéadú fuinnimh go mór le coigilteas fuinnimh agus le billí fuinnimh a laghdú, agus san am céanna cuireann sé nuálaíocht agus infheistíochtaí chun cinn maidir le forbairt agus margaíocht táirgí atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de. Trí na cheanglais ghaolmhara a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, beidh lipéadú fuinnimh an Aontais chun tairbhe do mhonaróirí, don earnáil tionsclaíochta agus do gheilleagar an Aontais trí chéile. In éineacht leis na híoscheanglais éicidhearthóireachta, meastar go bhfuil sábháil caiteachais breis agus EUR 250 billiún bainte amach le haghaidh thomhaltóirí fuinnimh an Aontais in 2022 féin mar thoradh ar na rialacha sin 2 .

    De réir Airteagal 11 (fomhíreanna 4 agus 5) de Rialachán (AE) 2017/1369, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun lipéid a athscálú agus chun ceanglais mhionsonraithe a bhunú i dtaca le lipéid fuinnimh le haghaidh grúpaí táirgí sonracha faoi Airteagal 16 den Rialachán sin. Foráiltear in Airteagal 17 go dtabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go ceann tréimhse tosaigh 6 bliana ón 1 Lúnasa 2017, agus foráiltear ann freisin na coinníollacha maidir le fadú na tréimhse sin.

    2.BUNÚS DLÍ

    Tá an tuarascáil seo ina ceangal faoi Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2017/1369. De bhun na forála sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go ceann thréimhse 6 bliana ón 1 Lúnasa 2017 agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú i leith tharmligean na cumhachta 9 mí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse 6 bliana. Is é is aidhm don tuarascáil seo an ceanglas sin a chomhlíonadh.

    Leagtar síos le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2017/1369 freisin go ndéanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, ach amháin i gcás ina gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse, agus luaitear in Airteagal 17(3) go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith.

    3.AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

    3.1. Comhairliúchán sula nglacfar iad

    De mheon na hoscailteachta agus na trédhearcachta, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara ábhartha le linn do na gníomhartha tarmligthe faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 a bheith á n‑ullmhú. Rinneadh é sin trí chruinnithe tiomnaithe saineolaithe ar bhonn rialta agus trí chomhairliúcháin i scríbhinn. Iarradh ar na Ballstáit uile saineolaithe a ainmniú chun páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin. Tugadh cuireadh do Pharlaimint na hEorpa páirt a ghlacadh iontu freisin. Rinneadh na doiciméid a bhí ábhartha maidir leis na comhairliúcháin sin a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, mar a fhoráiltear sa Chomhthuiscint maidir le gníomhartha tarmligthe. Cuireadh na barúlacha a cuireadh i láthair sna comhairliúcháin sin san áireamh agus leaganacha críochnaitheacha na ngníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú. Thairis sin, chuir an Coimisiún na Ballstáit agus ionadaithe ón earnáil tionsclaíochta ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir leis na dréachtghníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán.

    3.2. Gníomhartha tarmligthe arna nglacadh

    Le linn na tréimhse tuairiscithe, d’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe trí na gníomhartha tarmligthe seo a leanas a ghlacadh. Léirítear sa tábla thíos na gníomhartha ina bhfuil na bearta sonracha arna nglacadh faoi na cumhachtuithe ábhartha i Rialachán (AE) 2017/1369.

    Gníomh Tarmligthe

    Cumhachtuithe i Rialachán 2017/1369

    1.Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/543 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2018 lena gceartaítear an leagan Spáinnise de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh téitheoirí uisce, umar stórála uisce the agus pacáistí téitheora uisce agus grianfheiste

    Airteagal 16

    2.Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha agus lena naisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún

    Airteagal 11(5) agus Airteagal 16

    3.Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí agus lena naisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún

    Airteagal 16

    4.Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais agus lena naisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún

    Airteagal 11(5) agus Airteagal 16(1)

    5.Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d’fhearais chuisniúcháin agus lena naisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún

    Airteagal 11(5) agus Airteagal 16(1)

    6.Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mhiasniteoirí tí agus lena naisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún

    Airteagal 11(5) agus Airteagal 16

    7.Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d’fhearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu

    Airteagail 11 agus 16

    8.Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/987 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1254/2014 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh aonaid aerála d’áiteanna cónaithe

    Airteagal 16

    9.Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1059 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2020 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 1059/2010, (AE) Uimh. 1060/2010, (AE) Uimh. 1061/2010, (AE) Uimh. 1062/2010, (AE) Uimh. 626/2011, (AE) Uimh. 392/2012 agus (AE) Uimh. 874/2012 maidir le lipéadú táirgí áirithe a bhaineann le fuinneamh

    Airteagal 16

    10.Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/340 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2013, (AE) 2019/2014, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016, (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2018 maidir leis na ceanglais i ndáil le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha, meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin, miasniteoirí tí, agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu

    Airteagal 11(5) agus Airteagal 16

    3.3. Agóid i gcoinne gníomhartha tarmligthe

    De réir Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2017/1369, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe laistigh de thréimhse 2 mhí ó dháta an fhógra, tréimhse ar féidir síneadh 3 mhí eile a chur léi. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gníomh tarmligthe laistigh den tréimhse sin, ní thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Ní dhearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne aon cheann de na gníomhartha tarmligthe thuasluaite.

    3.4. An gá le síneadh a chur leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

    I bPlean Oibre 2022–2024 maidir le hÉicidhearthóireacht agus Lipéadú Fuinnimh, a glacadh an 30 Márta 2022 3 , i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/1369, leagtar amach na tosaíochtaí don obair sna blianta amach romhainn maidir le lipéadú fuinnimh táirgí a bhaineann le fuinneamh, lena náirítear roinnt athbhreithnithe ar ghníomhartha tarmligthe atá ann cheana agus liosta táscach de ghrúpaí táirgí nua a bhaineann le fuinneamh atá le hiniúchadh. An chonclúid a dhéantar ann go rannchuidíonn an lipéadú fuinnimh – rannchuidiú atá ag méadú – go mór leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis na cuspóirí ‘Oiriúnach do 55’ agus le tomhaltóirí a chaithfidh déileáil le praghsanna arda fuinnimh agus a mbeadh a mbillí i bhfad níos airde murach é.

    Ní bheidh formhór mór na ngníomhartha tarmligthe a fógraíodh sa Phlean Oibre réidh lena nglacadh faoi dheireadh na tréimhse 6 bliana reatha an 1 Lúnasa 2023. Thairis sin, fiú tar éis na tréimhse a chumhdaítear leis an bPlean Oibre, beidh gá fós leis an gcumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh nó a leasú d’fhonn an tsolúbthacht riachtanach a cheadú maidir leis na rialacha a chur chun feidhme agus iad a chur in oiriúint d’fhorbairtí an mhargaidh agus na teicneolaíochta. Ina theannta sin, leis an gcumhachtú cuirfear ar a chumas don Choimisiún gníomhú i réimsí eile nach bhfuil sé tar éis gníomhú iontu go fóill, ach a bhféadfadh gur ghá aghaidh a thabhairt orthu amach anseo.

    3.CONCLÚID

    Measann an Coimisiún gur fheidhmigh sé a chumhachtaí tarmligthe laistigh den chúram arna thabhairt dó le Rialachán (AE) 2017/1369.

    I bhfianaise an róil thábhachtaigh is féidir a bheith ag an lipéadú fuinnimh chun cabhrú le tomhaltóirí a dtomhaltas fuinnimh a laghdú, chomh maith leis an gceanglas atá i ngníomhartha um lipéadú fuinnimh faoi láthair maidir le hathbhreithnithe rialta, agus an liosta táirgí a bhaineann le fuinneamh i bPlean Oibre 2022–2024 maidir leis an Éicidhearthóireacht agus le Lipéadú Fuinnimh, táirgí a bhféadfadh gur ghá lipéadú fuinnimh a dhéanamh ina leith, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil gá soiléir le síneadh intuigthe leis an tarmligean cumhachta dá bhforáiltear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2017/1369 go ceann thréimhse 6 bliana.

    Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

    (1)

         Glacadh Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena naisghairtear Treoir 2010/30/AE, IO L 198, 28.7.2017, lgh. 1–23.

    (2)

     DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE A ghabhann leis an doiciméad TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN Plean Oibre 2022–2024 maidir leis an Éicidhearthóireacht agus le Lipéadú Fuinnimh   EUR-Lex - 52022SC0101 - EN - EUR-Lex (europa.eu)  

    (3)

         Teachtaireacht ó Phlean Oibre 2022–2024 maidir le hÉicidhearthóireacht agus Lipéadú Fuinnimh 2022/C 182/01 C/2022/2026, IO C 182, 4.5.2022, lgh. 1–12; EUR-Lex - 52022XC0504(01) - EN - EUR-Lex (europa.eu) .

    Top