EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0600

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA Seimeastar Eorpach 2022 - Pacáiste an Earraigh

COM/2022/600 final

An Bhruiséil,23.5.2022

COM(2022) 600 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

Seimeastar Eorpach 2022 - Pacáiste an Earraigh

{SWD(2022) 628 final} - {SWD(2022) 629 final} - {SWD(2022) 630 final} - {SWD(2022) 631 final} - {SWD(2022) 632 final} - {SWD(2022) 633 final} - {SWD(2022) 634 final} - {SWD(2022) 635 final} - {SWD(2022) 636 final} - {SWD(2022) 637 final} - {SWD(2022) 638 final} - {SWD(2022) 639 final}


1. RÉAMHRÁ

Thacaigh freagairt beartais chinntitheach an Aontais tar éis phaindéim COVID-19 le hathléimneacht an Aontais, mar a léirítear freisin sa timpeallacht gheopholaitiúil agus eacnamaíoch atá ann faoi láthair nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Thug beart chomhordaithe ar leibhéal an Aontas agus ar an leibhéal náisiúnta cosaint do gheilleagair na mBallstát ar thionchar na paindéime agus réitigh sé an bealach chun téarnamh láidir a bhaint amach. I bhfómhar na bliana 2021, bhain geilleagar an Aontais Eorpaigh amach an t‑aschur céanna a bhí aici roimh an bpaindéim agus ba é forbairt fhada láidir an t‑ionchas a bhí ann sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin. Mar sin féin, mar gheall ar an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, cruthaíodh timpeallacht nua, agus dá bhrí sin tá na dúshláin roimh an bhfás ag dul in olcas, dúshláin a bhí ann cheana agus bhíothas ag dréim le maolú orthu roimhe seo. Tá tuilleadh méaduithe ar phraghsanna tráchtearraí, suaití soláthair athnuaite agus neamhchinnteacht mhéadaithe ag cur isteach ar an bhfás agus tugtar rioscaí suntasacha ar an taobh thíos le fios leo. Cruthaíonn sé dúshláin bhreise freisin do gheilleagair an Aontais, dúshláin a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus le spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis. Tá tionchar díreach ar shochaithe na hEorpa ag an mbrú boilscitheach atá ag leathnú lasmuigh de phraghsanna fuinnimh, agus ag an sruth mór daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh. Mar sin féin, tá geilleagar an Aontais ag léiriú a athléimneacht, agus tá coinne leis go leanfaidh sé de bheith ag leathnú in 2022-2023. Tá dlús iarmhair ó dinimicí athoscailte, margadh saothair atá fós ag feabhsú agus freagairt beartais láidir do shuaitheadh na paindéime ag tacú leis an bhfás fós. Maidir le gníomhaíochtaí gearrthéarmacha, cuir i gcás na Tacaíochta sealadaí chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gCás Éigeandála (SURE), an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, REACT-EU nó an creat sealadach maidir le bearta státchabhrach, agus leathadh amach leanúnach NextGenerationEU, maille leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) ina chroílár, is léir go raibh toradh orthu. An tráth céanna, baineann neamhchinnteacht eisceachtúil leis na réamh‑mheastacháin fáis agus tá siad faoi réir rioscaí láidre ar an taobh thíos.

Is é REPowerEU plean an Aontais chun spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú a luaithe is féidir agus i bhfad roimh 2030, trí dhlús a chur leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Bunaithe ar phacáiste an Choimisiúin an 18 Bealtaine 1 , cuireann REPowerEU dlús le bearta atá dírithe ar fhuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe i bhfianaise na ndúshlán atá ag teacht chun cinn. Níor láidre riamh ná seo an cás ar son ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú. Ba cheart é a bheith bunaithe ar aistriú tapa ó na breoslaí iontaise go léir, agus ar ár nathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a neartú. Áirítear i bplean REPowerEU bearta nithiúla chun spleáchas fuinnimh an Aontais ar bhreoslaí uile na Rúise a laghdú agus chun dlús a chur le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip le gníomhaíochtaí nua, ag cur leis an bpacáiste Oiriúnach do 55. Cuireann an plean maoiniú breise ar fáil chun dlús breise a chur le dícharbónú ár ngeilleagair agus chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá fós ann sa bhonneagar san Aontas, agus naisc thábhachtacha trasteorann san áireamh. Áirítear leis freisin bearta chun na tionchair ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh a bhaineann le suaití soláthair fuinnimh a bhaineann le hionradh na Rúise a mhaolú. Bearta chun dlús a chur le nósanna imeachta ceadúnúcháin, úsáidfear iad chun leas as acmhainneacht an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite, in éineacht le bearta chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna glasa.

Leis an Seimeastar Eorpach agus le RRF, cuirtear creata láidre ar fáil chun comhordú éifeachtach beartais a chinntiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair. Leanfaidh na ceithre ghné d’inbhuanaitheacht iomaíoch an Aontais – inbhuanaitheacht chomhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch – de bheith mar threoir do ghníomhaíocht bheartais ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Leis na moltaí tírshonracha a glacadh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, tugtar treoraíocht do na Ballstáit chun freagairt go leordhóthanach do dhúshláin atá fós ann agus do dhúshláin nua agus chun a bpríomhchuspóirí beartais comhchoiteanna a bhaint amach. I mbliana áirítear orthu freisin treoraíocht le haghaidh caibidlí nua tiomnaithe REPowerEU sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna), chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí REPowerEU 2 . Leanfaidh RRF de chláir oibre athchóirithe agus infheistíochta na mBallstát a spreagadh do na blianta atá le teacht agus is é an phríomhuirlis é chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus chun athléimneacht na mBallstát a neartú, mar shampla trí bhearta náisiúnta agus bearta trasteorann a chur chun feidhme faoi REPowerEU. Tacaíonn RRF freisin le tionscadail iltíre agus treisíonn sé comhar idir na Ballstáit. Comhlánaítear an méid sin le cistí an bheartais chomhtháthaithe agus le cláir eile 3 , lena néascaítear príomhthosaíochtaí an Aontais a bhaint amach maidir le hinfheistíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, ionas nach bhfágfar réigiún ná duine ar bith ar lár. Ina theannta sin, le timthriall Sheimeastar Eorpach 2022, déantar tuairisciú atá cothrom le dáta agus comhsheasmhach ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) ó Bhallstát go chéile. Ar leibhéal an Aontais, cé go bhfuil dul chun cinn feicthe le blianta beaga anuas maidir le beagnach na SFInna uile, is gá tuilleadh a dhéanamh, i gcomhthéacs iarmhairt COVID-19 agus na staide geopholaitiúla agus eacnamaíche atá ann faoi láthair 4 .

2. RÉAMHAISNÉIS EACNAMAÍOCH AGUS FOSTAÍOCHTA

Tar éis an tseala laig ag tús 2021, tháinig geilleagar an Aontais isteach in 2022 agus an t‑ionchas an go leathnófaí go fuinniúil é le linn na bliana seo agus na bliana seo chugainn. Tar éis an athbhorrtha láidir ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a thosaigh le linn an earraigh anuraidh agus a lean ar aghaidh go dtí go luath san fhómhar, tháinig moill ar an bhfás san Aontas faoin tionchar a bhí ag na dúshláin a bhí á ngéarú. Mar thoradh ar an athbhorrtha ar an bpaindéim an fómhar seo caite agus ar leathnú tapa an athraithigh nua Omicron, cuireadh brú athnuaite ar chórais chúraim sláinte agus spreagadh athbhunú srianta, cé go raibh siad níos éadroime nó níos spriocdhírithe go ginearálta ná na srianta le linn na ráigeanna roimhe seo. Bhí tionchar ag scrogaill leanúnacha lóistíochta agus soláthair, mar shampla ganntanas leathsheoltóirí, roinnt amhábhar agus tráchtearraí miotail, mar aon le praghsanna ardaithe fuinnimh agus ganntanais lucht saothair i roinnt mhaith tíortha san Aontais, ar tháirgeadh. Thosaigh brú boilscitheach ag laghdú cumhacht ceannaigh teaghlach. Mar sin féin, ós rud é go raibh coinne leis go ndéanfaí coinníollacha soláthair a normalú agus go ndéanfaí an brú boilscitheach a mhaolú, bhí coinne leis go dtiocfadh fás an athuair ar ghníomhaíocht eacnamaíoch. Margadh saothair a bhí ag dul i bhfeabhas go leanúnach, coigilteas ard teaghlaigh, coinníollacha maoiniúcháin a bhí fós fabhrach, agus feidhmiú céimneach RRF, bhí na nithe sin uile réidh le céim fhorleathnaitheach fhadtréimhseach agus láidir a chothú.

Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin tar éis cur isteach ar ionchais eacnamaíocha ar fud an domhain. Tá an tionchar diúltach ar na hionchais eacnamaíocha le brath ar bhealaí éagsúla. Áirítear orthu sin éifeachtaí diúltacha muiníne, trádáil níos ísle, coinníollacha maoiniúcháin níos déine agus, go háirithe, praghsanna níos airde ar thráchtearraí, rudaí atá ina gcúis le suaití athnuaite i slabhraí soláthair agus strus breise ar lóistíocht dhomhanda. Chomh maith leis na hiarmhairtí láithreacha sin, mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tharla díchúpláil ón Rúis, díchúpláil a mhéid a bhaineann le trádáil agus an caidreamh airgeadais san áireamh, ar deacair a scála a thuiscint go hiomlán ag an bpointe seo. Ag an am céanna, d’fhéadfadh na bearta diana imshrianta paindéime a cuireadh i bhfeidhm i gcodanna áirithe den tSín le déanaí cur le scrogaill atá ann cheana, dá leanfaí leo. Leis an timpeallacht gheopholaitiúil nua, is gá gníomhaíochtaí a dhéanamh chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a bhaint amach agus a spleáchas ar fhuinneamh agus ar tháirgí agus teicneolaíochtaí straitéiseacha eile a laghdú.

Cé gur mó an éiginnteacht atá ann mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, is léir ón réamhaisnéis eacnamaíoch go mbeidh leathnú leanúnach eacnamaíoch ann in 2022 agus in 2023 fós, rud a léiríonn athléimneacht gheilleagar an Aontais. Léirítear leis sin an pointe tosaigh compordach a bhí ann roimh thús an chogaidh agus an tacaíocht ríthábhachtach a thugann cur i bhfeidhm iomlán RRF. De réir Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2022 na hEorpa, meastar go dtitfidh an bhfíorfhás OTI san Aontas ó 5.4 % measta in 2021 go 2.7 % in 2022 agus 2.3 % 2023. Tuartar go dtiocfaidh méadú ar an ráta fostaíochta do dhaoine idir 15 agus 74 bliana d’aois, ó 72.5 % in 2021 go 73.5 % in 2022 agus 74.2 % in 2023. Tá coinne leis go mbeidh an boilsciú níos airde agus go leanfaidh sé de bheith ardaithe ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhí sa réamhaisnéis roimhe seo, agus sin á spreagadh ag méaduithe ar phraghsanna tráchtearraí de bharr na cogaíochta agus ag brúnna praghsanna atá á leathnú. Meastar go mbeidh an boilsciú ag 6.8 % in 2022 agus ag 3.2 % in 2023. Tá an t‑ionchas nua fáis i bhfad níos measa ná mar a tuaradh roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, mar gheall ar rioscaí ar an taobh thíos maidir leis an réamhaisnéis eacnamaíoch i gcomhthéacs ionsaí na Rúise, méaduithe ar phraghsanna fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus suaití leanúnacha ar an slabhra soláthair. An tráth céanna, de bharr chineál agus mhéid na suaití nua nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, tá gach réamh‑mheastachán faoi réir éiginnteacht shuntasach.

Cruthaíonn ionchais fáis níos ísle agus brúnna praghsanna níos déine fadhbanna beartais. Le cuid mhaith de dhá bhliain anuas, mar thoradh ar bheartas airgeadaíochta réidh agus tacaíocht fhioscach láidir, cuireadh ar a gcumas do Bhallstáit an Aontais an geilleagar a chobhsú in aghaidh na paindéime. Den chuid is mó, is ar thaobh an tsoláthair den gheilleagar atá na suaití a tharla de dheasca an chogaidh, rud a chuireann bac ar an bhfás aschuir agus, an tráth céanna, a ardaíonn an boilsciú go rátaí nach bhfacthas riamh ó tugadh isteach an t‑airgeadra aonair. Ó thaobh an bheartais fhioscaigh de, úsáidtear é chun tionchar na bpraghsanna fuinnimh atá ag ardú a mhaolú, i gcás teaghlaigh leochaileacha go háirithe, agus aird á tabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ar bhoilsciú, ar an gcomhsheasmhacht leis an aidhm fhadtéarmach an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus iompórtálacha breosla iontaise a aistriú ón Rúis, agus ar an ngá atá le stuamacht chun an inbhuanaitheacht fhioscach a choinneáil ar bun.

3. AN SEIMEASTAR EORPACH, RRF AGUS REPOWEREU A NASCADH – PRÍOMHCHUSPÓIRÍ MHOLTAÍ TÍRSHONRACHA 2022

Is é an RRF an uirlis lárnach chun tosaíochtaí beartais an Aontais a chur i gcrích faoin Seimeastar Eorpach agus, in éineacht le REPowerEU, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua atá ag teacht chun cinn. Tá an tSaoráid, lena córas láidir faireacháin bunaithe ar fheidhmíocht, ag cur tacaíocht thábhachtach airgeadais ar fáil chun príomhathchóirithe agus príomhinfheistíochtaí a chur chun feidhme, lena mbeidh ríog fhioscach agus ríog athchóirithe á maoiniú ag an Aontas i gceist. Cothrom an ama seo anuraidh a tugadh isteach í, agus rinneadh dul chun cinn mór, rud a spreag éifeachtaí iarmharta dearfacha ar fud an Aontais agus a chuir tacaíocht ar fáil don chóineasú an tráth céanna, go háirithe ar fud an limistéir euro. Tá sé ríthábhachtach RRPanna uaillmhianacha a chur chun feidhme chun an taistriú dúbailte a chothú agus chun athléimneacht na mBallstát a mhéadú. I gcomhréir le Rialachán RRF, clúdaíonn na RRPanna náisiúnta na moltaí ábhartha tírshonracha uile nó fothacar suntasach díobh. Dá bhrí sin, leanfaidh an Seimeastar Eorpach agus RRF de bheith idirnasctha go dlúth lena chéile chun comhlántacht a chinntiú sna tosaíochtaí beartais a bheidh le baint amach acu, trí fhorluí a sheachaint agus tríd an ualach riaracháin a íoslaghdú. Tá an comhthéacs geopholaitiúil agus eacnamaíoch athraithe ag ionradh na Rúise ar an Úcráin. Iarradh i nDearbhú Versailles 5 go nglacfaí céimeanna cinntitheacha breise chun ceannasacht Eorpach a fhorbairt, trí spleáchas straitéiseach an Aontais a laghdú, trí shlándáil an tsoláthair a mhéadú go háirithe i réimse na namhábhar criticiúil agus trí dheireadh a chur de réir a chéile lenár spleáchas ar bhreosla iontaise ón Rúis. Beidh ról lárnach ag RRF maidir leis na hacmhainní atá ar fáil ar an leibhéal Eorpach a chur ar fáil agus a stiúradh chun na cuspóirí sin a bhaint amach, mar a leagtar amach faoi REPowerEU freisin.

Mar a fógraíodh i Suirbhé Bliantúil Fáis Inbhuanaithe 2022, i mbliana tugtar tuarascálacha tíre agus moltaí tírshonracha (CSRanna) isteach an athuair i bPacáiste an Earraigh. Tugann na tuarascálacha tíre léargas ar na dúshláin atá ann cheana agus ar na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn maidir leis na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch, chomh maith le hathléimneacht na mBallstát aonair chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, mar atá léirithe freisin ar an cláir athléimneachta atá forbartha ag an gCoimisiún 6 . Sna tuarascálacha tíre, breathnaítear ar chur chun feidhme moltaí tírshonracha a rinneadh roimhe seo agus ar chur chun feidhme na mbeart a áirítear sna RRPanna, bearta a stiúrfaidh cuid mhór cláir oibre na mBallstát um athchóiriú agus um infheistíocht go dtí 2026 7 . Sainaithnítear sna tuarascálacha na príomhdhúshláin atá ann fós nó na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn, nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach leis na gealltanais a tugadh sna RRPanna, arb iad sin bonn na CSRanna i mbliana. Leis an ‘anailís ar bhearnaí’ sin agus leis na moltaí gaolmhara, cuirtear san áireamh go háirithe an gá atá ann ár spleáchais fuinnimh a laghdú i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin, i gcomhréir le tosaíochtaí REPowerEU, agus aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí socheacnamaíocha lena mbaineann.

I bhfianaise nádúr cuimsitheach na RRPanna, tugtar aghaidh le moltaí nua spriocdhírithe tírshonracha ar líon teoranta dúshláin bhreise athchóirithe agus infheistíochta 8 . Ba cheart do na Ballstáit díriú go príomha ar chur chun feidhme tráthúil na RRPanna. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún don Chomhairle na rudaí seo a leanas a dhíriú ar na Ballstáit uile le RRP formheasta: moladh maidir leis an mbeartas fioscach, agus athchóirithe struchtúracha fioscacha san áireamh i gcás inarb ábhartha; moladh maidir le cur chun feidhme an RRP agus chláir an bheartais chomhtháthaithe; moladh maidir le beartas fuinnimh i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU; i gcás inarb ábhartha, moladh breise maidir le dúshláin struchtúracha atá ann fós agus/nó dúshláin struchtúracha nua atá ag teacht chun cinn, bunaithe ar an anailís ar bhearnaí. Is mó raon feidhme na moltaí do na Ballstáit nach bhfuil RRPanna formheasta acu.

Is uirlis chumhachtach é RRF chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Le RRF, cuirtear creat faireacháin agus tuairiscithe atá ann cheana ar fáil faoina bhféadfadh na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach, i sineirgíocht iomlán le cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá ann cheana agus atá tugtha cothrom le dáta 9 agus leis an Seimeastar Eorpach. Moltar go mór do na Ballstáit infheistíochtaí agus athchóirithe breise a chur chun cinn agus na bearta atá ann cheana a threisiú chun slándáil fuinnimh an Aontais a chothú agus chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú. Chuige sin, iarrtar ar na Ballstáit caibidil thiomnaithe REPowerEU a mholadh ina RRPanna, i gcomhréir leis an Treoraíocht ábhartha a eisíodh an 18 Bealtaine 10 . Sa chomhthéacs sin, beidh moltaí tírshonracha nua-eisithe 2022 i réimse an fhuinnimh ábhartha go háirithe do na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sna caibidlí REPowerEU. Agus measúnú á dhéanamh ar an gcaibidil bhreise agus ar aon mhodhnú spriocdhírithe eile chun aghaidh a thabhairt ar na CSRanna nua, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis anailíseach ar fad faoin mBallstát atá ar fáil i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus cuirfidh sé san áireamh freisin na bearta atá san áireamh cheana sna RRPanna chomh maith le cláir an bheartais chomhtháthaithe do 2021-2027.

4. DUL NÍOS FAIDE NÁ NA RRPanna – FORBHREATHNÚ AR DHÚSHLÁIN CHOMHCHOITEANNA SHAINAITHEANTA

Cé gur cheart do na Ballstáit dul ar aghaidh le cur chun feidhme a RRPanna, tá roinnt dúshlán fós ann agus dúshláin nua tagtha chun cinn, mar shampla mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin, dúshláin a bhfuil tionchar acu ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. Dá bhrí sin, tá dúshláin choiteanna agus dúshláin tírshonracha roimh na Ballstáit, ar dúshláin iad a bhfuil gá le gníomhaíocht beartais ina leith, mar a léirítear sna moltaí tírshonracha.

4.1 Fuinnimh agus inbhuanaitheacht comhshaoil

Má chuirtear dlús leis an dícharbónú, laghdófar ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus, an tráth céanna, cabhróidh sé lenár spriocanna aeráide do 2030 a bhaint amach, mar a leagtar síos sa Dlí Aeráide Eorpach 11 . Leis an ionradh ar an Úcráin, nochtadh spleáchas an Aontais ar iompórtálacha breosla iontaise. Treisíonn sé an cás comhshaoil, eacnamaíoch agus slándála chun fuinneamh inathnuaite a mhéadú agus tomhaltas fuinnimh a laghdú. Agus foinsí inathnuaite ag freastal ar sciar 22 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh, bunaithe ar na sonraí is déanaí, sháraigh an tAontas sprioc 2020 faoi 2 phointe céatadáin, ach tá tuilleadh iarrachta ag teastáil anois. Ina phacáiste Oiriúnach do 55 i mí Iúil 2021, mhol an Coimisiún sprioc 2030 maidir le foinsí inathnuaite fuinnimh a mhéadú ó 32 % ar a laghad go dtí 40 % ar a laghad de mheascán fuinnimh foriomlán an Aontais, agus an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú chun laghdú 9 % a bhaint amach ar thomhaltas fuinnimh faoi 2030 i gcomparáid le réamhmheastacháin bhonnlíne. I bhfianaise a phráinní atá sé spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú, mar chuid dá Phlean REPowerEU, thíolaic an Coimisiún leasuithe reachtacha chun sprioc 2030 maidir le fuinneamh inathnuaite a mhéadú go 45 % ar a laghad agus sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a ardú go dtí -13 % ar a laghad.

Is gá leas a bhaint as leibhéil níos airde infheistíochta poiblí agus príobháidí chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun sciar na bhfoinsí inathnuaite a mhéadú. Is dócha go mbeidh meastacháin roimhe seo de EUR 520 billiún in aghaidh na bliana 12 maidir le riachtanais infheistíochta bhreise don aistriú glas ag an gceann íochtair de na riachtanas iarbhír, mar thoradh ar an ngá atá ann an taistriú fuinnimh a thúsualú i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ba cheart infheistíocht phoiblí agus phríobháideach i bhfuinneamh a dhíriú ar thomhaltas fuinnimh a laghdú i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh 13 , ar thacú le teaghlaigh fhuinneamhbhochta, ar thomhaltóirí a chumhachtú páirt ghníomhach a ghlacadh san aistriú fuinnimh, ar sciar an fhuinnimh inathnuaite a mhéadú agus ar an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus dícharbónú na tionsclaíochta a chur chun cinn, agus mar ábhar tosaíochta ba cheart deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha ar fhuinneamh iontaise. Beidh infheistíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht ríthábhachtach chun dlús a chur leis an aistriú glas. Beidh gá le hinfheistíocht i mbonneagar fuinnimh, agus infheistíocht i gcomhthéacs trasteorann san áireamh, chun foinsí an tsoláthair fuinnimh a éagsúlú, ag díriú ar fhuinneamh glan, agus chun slándáil fuinnimh a chinntiú. Go háirithe, cuideoidh forbairt idirnascairí trasteorann le slándáil an tsoláthair a mhéadú toisc go dtugann siad rochtain do na Ballstáit ar fhoinsí fuinnimh breise agus níos éagsúlaithe agus go méadaíonn siad solúbthacht agus athléimneacht a margaí fuinnimh. Ní mór do na Ballstáit gach foinse mhaoiniúcháin phoiblí agus phríobháidigh atá ar fáil a úsáid chun na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú, mar shampla trí sciar níos airde d’ioncam ETS a leithdháileadh. Is féidir le hinfheistíochtaí nua bonneagair agus líonraí a bhaineann le gás ról a imirt chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú agus chun slándáil an tsoláthair a mhéadú. Moltar go mbeidís slán i bhfad na haimsire i gcás inar féidir, chun a ninbhuanaitheacht fhadtéarmach a éascú trí athrú cuspóra a chur i bhfeidhm orthu amach anseo le freastal ar bhreoslaí inbhuanaithe.

Cuireann nósanna imeachta riaracháin fadálacha bac ar chur i bhfeidhm tionscadal fuinnimh in‑athnuaite. Tá sé curtha in iúl arís agus arís eile ag na páirtithe leasmhara go bhfuil nósanna imeachta riaracháin i roinnt Ballstát ina bpríomhscrogall maidir le tionscadail fuinnimh in‑athnuaite agus an bonneagar lena mbaineann a chur chun feidhme, agus bíonn tionchar aige sin ar chinnteacht infheisteoirí, ar phleanáil tionscadail agus ar rátaí foriomlána formheasa tionscadal. Ba cheart iarrachtaí a dhíriú go háirithe ar thrasuí iomlán na Treorach maidir le Fuinneamh In‑Athnuaite agus ar chur i bhfeidhm dian an Mholta maidir le dlús a chur le nósanna imeachta ceadúnúcháin a glacadh an 18 Bealtaine. Ba cheart do na Ballstáit ‘sprioclimistéir athnuaiteán’ a shainaithint gan mhoill, mar a leagtar amach sa leasú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑Athnuaite, agus dul i ngleic leis na bacainní atá fós ann ar úsáid fuinnimh in‑athnuaite agus bonneagar gaolmhar. Ba cheart tionscadail nua maidir le fuinneamh in‑athnuaite agus maidir le bonneagar fuinnimh a thairbhiú de nósanna imeachta simplithe pleanála agus ceadúnúcháin. I ndáil leis sin, ó bhí mí an Mhárta 2022 ann tá an Coimisiún ag obair le húdaráis na mBallstát faoi chuimsiú an Tascfhórsa um Fhorghníomhú an Mhargaidh Aonair chun dul i ngleic le bacainní a bhaineann le ceadúnúchán. Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit díriú ar aghaidh a thabhairt ar na scrogaill a bhaineann le ganntanais saothair agus deiseanna breise uas‑scilithe agus athscilithe a chur ar fáil, agus iad a chur ar fáil d’údaráis ábhartha cheadúnúcháin ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil freisin, mar chuid dá n‑iarrachtaí níos leithne chun a chinntiú go mbeidh fáil ar na scileanna is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, cuspóirí an Rabharta Athchóiriúcháin san áireamh.

Leis na hábhair imní maidir le hinfhaighteacht amhábhar, leagtar béim ar an ngá agus ar an bpráinn atá ann ár naistriú i dtreo geilleagar ciorclach a chur chun cinn. In éineacht le hathmhachnamh straitéiseach ar fhoinsiú amhábhar, go háirithe na dúile tearc-chré is gá le haghaidh na naistrithe dúbailte, agus smaoineamh ar eastóscadh agus próiseáil inbhuanaithe amhábhar san Aontas san áireamh, feabhsófar infhaighteacht amhábhar agus rannchuideofar leis an éileamh ar fhuinneamh a laghdú trí réitigh chiorclacha agus nuálacha a mhéadú 14 . Baineann tairbhí comhshaoil, aeráide agus eacnamaíocha le bearta don gheilleagar ciorclach, don éifeachtúlacht acmhainní agus do bhainistiú dramhaíola. Ba cheart do na Ballstáit sin nach mbaineann a mbeartas reatha sna réimsí sin barr a gcumais amach go fóill tosaíocht a thabhairt dóibh siúd. Chuige sin, ní mór creataí rialála níos láidre a chur ar bun chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, agus dreasachtaí ann le haghaidh cleachtais nuálacha.

4.2 Táirgiúlacht

Tá sé ríthábhachtach i gcónaí go gcinnteofar Margadh Aonair a fheidhmeoidh go maith chun fás táirgiúlachta, rathúnas eacnamaíoch agus cóineasú a bhaint amach. Chuir éifeacht chomhcheangailte ghéarchéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin le suaití sa slabhra soláthair agus beidh ar ghnólachtaí a slabhraí soláthair a éagsúlú chun rioscaí a bhaineann le praghsanna, cáilíocht agus soláthairtí amhábhar a bhainistiú. Is féidir le bearta leanúnacha imshrianta agus le ganntanas fada saothair cur isteach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch freisin agus bac a chur ar fheidhmiú na slabhraí soláthair criticiúla ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis. Ós rud é gurb é Margadh Aonair dea-fheidhmiúil príomhfhoinse fáis táirgiúlachta, cruthaithe post agus athléimneachta an Aontais, aon saobhadh laistigh den Mhargadh Aonair agus aon bhac air a chuireann srian ar shaorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil, ní mór dul i ngleic leis. Chuige sin, tá gá le hiarracht leanúnach ó na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar scrogaill chun infheistíochtaí a chothú, infheistíochtaí i mbonneagar iompair san áireamh, agus chun cobhsaíocht slabhraí soláthair a chothú trí na héiceachórais ar fad. Tá gá le gníomhaíochtaí chun an tionchar atá ag an ardú ar phraghas an fhuinnimh agus ag na rioscaí a thagann chun cinn i leith suaití sa slabhra soláthair, lóistíochta agus infheistíochtaí mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin ar ghnólachtaí inmharthana de chuid an Aontais a mhaolú. Trí leas a bhaint as éagsúlacht réigiúin an Aontais Eorpaigh agus trí chabhrú leis na réigiúin uile leas a bhaint as a n‑acmhainneacht iomlán, cuirfear le Margadh Aonair níos comhtháite, níos láidre agus níos athléimní. Le Margadh Aonair níos comhtháite, cuirfear feabhas ar chumas chuideachtaí de chuid an Aontais caipiteal a thiomsú ar fud an Aontais, rud a spreagfaidh infheistíochtaí fadtéarmacha chun tacú leis an nuálaíocht agus chun na haistrithe glasa agus digiteacha a mhaoiniú. Tá tuilleadh dul chun cinn maidir le hAontas na Margaí Caipitil agus an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích tábhachtach freisin i ndáil leis sin.

Ní mór athchóirithe uaillmhianacha atá dírithe ar fheabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, ar acmhainní riaracháin agus ar athléimneacht institiúideach a bheith ag gabháil le hinfheistíochtaí breise. Chun athchóirithe struchtúracha lena gcothaítear táirgiúlacht agus infheistíochtaí mórscála a chur chun feidhme, tá gá le cur chuige cuimsitheach beartais, cur chuige a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar inniúlachtaí riaracháin agus ar chreatchoinníollacha leordhóthanacha ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta. Tá an dúshlán fós roimh roinnt Ballstát feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, lena n‑áirítear gairmeacha rialáilte, riarachán poiblí éifeachtúil, soláthar poiblí, rochtain ar mhaoiniú, agus an t‑ualach riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Ina theannta sin, tá iarrachtaí leanúnacha chun an Smacht Reachta a neartú, go háirithe córais cheartais atá neamhspleách, ar ardcháilíocht agus éifeachtúil agus creataí frith‑éillithe dea-fheidhmiúil, fíor-riachtanach d’fhóntacht athléimneacht institiúideach na mBallstát agus do dhea-thimpeallacht ghnó.

Is uirlis ríthábhachtach go fóill é Taighde agus Nuálaíocht (R&I) chun borradh a chur faoi iomaíochas na mBallstát, agus tá ról lárnach aige maidir leis an dá aistriú agus maidir le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais. Sa chomhthéacs reatha, tá ionstraimí taighde agus nuálaíochta atá éifeachtach agus dea-chomhordaithe, mar aon le hiarrachtaí breise chun an bhearna idir an nuálaíocht agus an margadh a dhúnadh, ríthábhachtach chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú i dtíortha agus i réigiúin uile an Aontais. Cé gur cheart go rannchuideodh an tsraith shubstaintiúil leasuithe agus infheistíochtaí R&I atá san áireamh sna RRPanna go mór le córais R&I na mBallstát a neartú, beidh ar roinnt tíortha bearta breise a dhéanamh chun a dtimpeallacht nuálaíochta a neartú agus chun dul i ngleic leis na dúshláin atá os a gcomhair i réimse R&I. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin feabhas a chur ar an naisc idir an eolaíocht agus an gnó, aistrithe eolais a éascú, barr feabhais a tháirgeadh, nuálaíocht ghnó a chothú, mar shampla trí thacaíocht a thabhairt do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair shóisialta, bonn réigiúnach a n‑éiceachóras náisiúnta poiblí agus príobháideach R&I a leathnú agus tallann a mhealladh. Agus an méid sin á dhéanamh, is ríthábhachtach iad leithdháileadh oiriúnach airgeadais, mar aon le cuspóirí taighde agus nuálaíochta agus spriocanna cistiúcháin atá curtha in iúl go soiléir.

Spreagann infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha, i ndaoine agus i scileanna na ndaoine sin ár n‑aistriú digiteach. De réir an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI), tá an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le líonraí 5G a chur i bhfeidhm agus maidir leis an earnáil seirbhíse phoiblí agus an earnáil seirbhíse phríobháideach a dhigiteáil éagsúil ó Bhallstát go chéile. Mar sin féin, tá an dul chun cinn sa réimse digiteach idirnasctha go dlúth le tosca cumasaithe eile amhail R&I, airgeadas, an margadh saothair agus athchóirithe oideachais agus oiliúna, chomh maith leis an ngá atá le comharthaí soiléire infheistíochta chun comhtháthú réiteach digiteach sna hearnálacha ábhartha a éascú (e.g. fuinneamh, soghluaisteacht, sláinte). Infheistíochtaí i mbonneagar agus i dteicneolaíochtaí digiteacha, is cumasóirí luachmhara iad le haghaidh aistriú glas agus digiteach ár ngeilleagar agus ár sochaithe agus ní mór iad a chomhlánú trí infheistíocht a dhéanamh san oideachas digiteach, i ndaoine agus ina gcuid scileanna, cuir i gcás tacaíocht le huas‑sciliú agus le hathsciliú, agus béim láidir á leagan ar aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le himirce daoine oilte, leis an deighilt idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe agus leis an dídhaonrú i réigiúin áirithe. Rannchuideoidh sé sin freisin le gnóthachain táirgiúlachta ag gnólachtaí Eorpacha a spreagadh agus spreagfar do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna, dul i dtreo digiteáil níos mó a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí agus rannchuidiú leis an téarnamh eacnamaíoch i gcoitinne.

4.3 Cothroime

Is é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta an creat treorach foriomlán chun cothroime a áirithiú san Aontas; tá a cur chun feidhme iomlán ríthábhachtach chun cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos a bhaint amach. Áirítear ar na RRPanna raon leathan athchóirithe agus infheistíochtaí a rannchuideoidh le rannpháirtíocht níos leithne i margadh an tsaothair, le gnóthachain táirgiúlachta trí oideachas, bearta athoiliúna agus uasscilithe, chomh maith le cuimsiú sóisialta agus athléimneacht. In éineacht le cistí an bheartais chomhtháthaithe agus leis an Sásra um Aistriú Cóir, tá an RRF ag tacú le téarnamh cóir agus cuimsitheach san Aontas i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. I bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin chun an Colún a chur chun feidhme tuilleadh, moladh príomhspriocanna nua an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta faoi 2030 15 , mar aon le Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe, ar cuireadh fáilte rompu ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto 2021. Tá na Ballstáit i mbun spriocanna náisiúnta a leagan síos i gcomhréir le huaillmhian phríomhspriocanna an Aontais. Rinneadh cur chun feidhme an Cholúin, agus an faireachán a dhéantar air tríd an Scórchlár Sóisialta, a chomhtháthú i dtimthriall an tSeimeastair Eorpaigh agus léirítear é sna hanailísí atá mar bhonn agus mar thaca ag na moltaí tírshonracha ábhartha.

Tá tionchar míchothrom ag paindéim COVID-19 ar ghrúpaí daonra agus ar réigiúin éagsúla agus léiríodh leochaileachtaí agus neamhionannais bhunúsacha leo. A bhuí le freagairt phras ar bheartas, bhí neamhionannais fhoriomlána ioncaim agus baol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta seasmhach den chuid is mó idir 2019 agus 2020 i bhformhór na mBallstát. Mar sin féin, tá éifeachtaí meántéarmacha na paindéime fós neamhchinnte ar an mbochtaineacht agus ar an neamhionannas. Tá géarchéim COVID-19 tar éis le roinnt réigiún, earnálacha agus grúpaí daonra a raibh dálaí fostaíochta agus sóisialta níos measa ag bagairt orthu cheana féin a bhualadh go díréireach, go háirithe: an t‑aos óg, oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe sealadacha, daoine faoi mhíchumas, daoine ó chúlra imirceach agus na Romaigh. Leathnaigh sé freisin éagothromaíochtaí oideachais agus bearnaí scileanna agus léiríodh a thábhachtaí atá sé rochtain ar oideachas ar ardchaighdeán a áirithiú ar gach leibhéal, chomh maith le cumhdach leordhóthanach ag líontáin sábhála sóisialta agus scéimeanna oibre gearr-ama, lena n‑áirítear na cinn a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus SURE, lenar cabhraíodh le fostaíocht a chaomhnú. Tá rochtain ar shochair shóisialta, leordhóthanacht agus éifeachtacht na sochar sóisialta éagsúil i measc na mBallstát, rud a léiríonn neamhéifeachtúlachtaí sna córais chosanta sóisialta. Tá údar le méadú a dhéanamh ar infhaighteacht tithíochta inacmhainne agus sóisialta i roinnt Ballstát. Leag an paindéim béim freisin ar a thábhachtaí atá sé córais cúraim sláinte a bheith ann a bheidh éifeachtach, athléimneach agus inbhuanaithe. Tá an dúshlán fós roimh roinnt Ballstát athléimneacht, cáilíocht agus inrochtaineacht a gcóras cúraim sláinte agus a gcóras cúraim fhadtéarmaigh a fheabhsú, lena n‑áirítear an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sa lucht saothair sláinte, agus a n‑inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach á háirithiú ag an am céanna.

Is iad na teaghlaigh is boichte a bualadh leis an tardú a tháinig ar phraghas an fhuinnimh agus an bhia le déanaí. Rinneadh na méaduithe ar phraghsanna breosla iontaise, leictreachais agus tráchtearraí, a bhí le feiceáil cheana féin sa dara leath de 2021, a ghéarú tuilleadh le hionradh ar an Úcráin. Luíonn siad go trom ar na teaghlaigh is leochailí, nach mór dóibh sciar níos airde dá nioncam indiúscartha a chaitheamh ar earraí bunúsacha, amhail fuinneamh agus bia. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Praghsanna Fuinnimh 16 , tá ‘bosca uirlisí’ ar féidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar láithreach atá ag méaduithe ar phraghsanna fuinnimh, agus chun athléimneacht i gcoinne suaití amach anseo a neartú tuilleadh. Áirítear ar bhearta náisiúnta gearrthéarmacha tacaíocht ioncaim éigeandála do theaghlaigh, tacaíocht Stáit do chuideachtaí, agus laghduithe cánach. Comhlánaíodh an ‘bosca uirlisí’ i dTeachtaireacht REPowerEU le treoir bhreise maidir le hidirghabhálacha i socrú praghsanna. Tá cur chun feidhme RRPanna, plean REPowerEU, cláir chomhtháthaithe, chomh maith le beartais a ghabhann leo ina gcuirtear iarmhairtí dáileacháin agus sóisialta san áireamh, níos riachtanaí fós faoi láthair chun aistriú glas cothrom a áirithiú do gach saoránach agus gach críoch 17 . Ba cheart beartais tacaíochta a bheith sealadach agus dírithe ar na daoine is leochailí le go mbeidh siad in ann a bheith ar an mbealach is éifeachtaí, agus dreasachtaí a choimeád chun tomhaltas breoslaí iontaise a laghdú agus tionchar buiséadach na mbreoslaí sin a laghdú ag an am céanna.

Agus na margaí saothair ag téarnamh, feicimid athruithe fostaíochta de bharr claochluithe digiteacha, glasa, geopholaitiúla agus déimeagrafacha, as a n‑eascraíonn ganntanas lucht saothair. I gcás go leor fostóirí, is dócha go mbeidh athruithe móra ar oibríochtaí agus ar shamhlacha gnó mar thoradh ar an gclaochlú digiteach, glas agus geopholaitiúil forluiteach. Tá ganntanas lucht saothair le feiceáil i roinnt mhaith Ballstát, go háirithe in earnálacha amhail an fhoirgníocht, an cúram sláinte agus teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. Is dúshlán mór i gcónaí é an lucht saothair a chur ag obair leis na scileanna cearta, ní hamháin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair ach chun infheistíocht ó ghnólachtaí a scaoileadh freisin agus chun an t‑aistriú glas agus digiteach a chumasú. Cuirtear i dtábhacht tuilleadh ról bhearta beartais ghníomhaigh éifeachtacha maidir leis an margadh saothair agus seirbhísí poiblí fostaíochta, oideachas ábhartha agus oiliúint ábhartha an mhargaidh shaothair, agus múinteoirí agus oiliúnóirí cáilithe i margaí saothair agus sochaí a bhfuil níos mó dlútheolais ag baint leo, mar a chuirtear i dtábhacht Moladh maidir le Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht (EASE). I gcomhthéacs ganntanais saothair agus bearnaí leanúnacha fostaíochta, is deis mhór fós é rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a mhéadú, lena n‑áirítear trí rochtain ar oideachas agus ar chúram na luath‑óige a fheabhsú, agus ar ghrúpaí faoi ghannionadaíocht, amhail daoine faoi mhíchumas, imircigh, agus na Romaigh, agus is deis mhór é sin ar mhaithe le fás agus comhionannas cuimsitheach agus inbhuanaithe.

Mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá na milliúin duine ag teitheadh óna dtír féin chun na sábháilteachta. Tá tacaíocht ag teastáil ó na daoine sin, mná agus leanaí den chuid is mó, trí chórais shóisialta, oideachais agus sláinte na mBallstát 18 . I ndiaidh dream mór de dhaoine easáitithe ón Úcráin, bhí rabharta dlúthpháirtíochta ar fud na hEorpa ann nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. An 4 Márta 2022, spreagadh an Treoir um Chosaint Shealadach den chéad uair, lena dtugtar an ceart chun fanacht go dleathach san Aontas do dhaoine easáitithe ón Úcráin, chomh maith le rochtain ar oideachas agus cúram na luathóige, ar oideachas agus oiliúint, ar mhargadh an tsaothair, ar chúram sláinte, ar thithíocht agus ar leas sóisialta 19 . Tá sé ríthábhachtach nach gcuirfear beatha daoine easáitithe ar shos le linn an chogaidh ionas gur féidir leo leanúint dá noideachas agus a bheith in ann oibriú agus scileanna nua a fháil. Chuige sin, ní mór do na Ballstáit cúnamh a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin, ach ní mór dóibh freisin na húdaráis riaracháin náisiúnta a fheistiú ina niarrachtaí chun tacú le daoine easáitithe rochtain a fháil ar chúram sláinte, cúram leanaí, tithíocht, cosaint shóisialta, dul i mbun oideachais agus oiliúna, agus poist a fháil. Chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do na Ballstáit sin atá ag teitheadh ón Úcráin a óstáil, thug an Coimisiún faoi roinnt tionscnamh ó mhí an Mhárta 2022 20 ar aghaidh agus leanfaidh sé de chúnamh a chur ar fáil mar chuid d’iarracht chomhordaithe an Aontais.

Beidh athchóirithe agus infheistíochtaí leanúnacha na mBallstát ríthábhachtach chun tacú le poist ardcháilíochta a chruthú, le scileanna a fhorbairt agus le haistriú réidh i margadh an tsaothair, mar a léiríodh sa togra ón gCoimisiún maidir le Treoirlínte Fostaíochta. Dírítear sna Treoirlínte ar conas institiúidí mhargadh an tsaothair a nuachóiriú, ar an oideachas agus ar an oiliúint chomh maith le córais cosanta sóisialta agus sláinte, d’fhonn iad a dhéanamh níos cuimsithí agus níos cothroime. Ina theannta sin, comhtháthaíonn siad treoir shonrach a bhfuil d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar scileanna agus ar ghanntanais lucht saothair a mhéadú, agus aistrithe atá glas agus digiteach ar bhonn sóisialta a bhaint amach. In 2022, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na Treoirlínte Fostaíochta a ailíniú chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an timpeallacht iar-COVID, ar na tionscnaimh bheartais is déanaí agus ar na gnéithe ábhartha beartais a bhaineann le hionsaí na Rúise ar an Úcráin.

4.4 Cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch

Thug gníomhaíocht beartais chomhordaithe cosaint don tionchar a bhí ag an bpaindéim ar gheilleagair an Aontais agus réitíodh an bealach chun téarnamh láidir a bhaint amach in 2021. Leis an gclásal ginearálta éalaithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, mar aon leis an gcreat sealadach státchabhrach, bhíothas in ann tacaíocht bhuiséadach mhórscála a thabhairt i ngach Ballstát. Ag an am céanna, chuir an tAontas a bhuiséad i ngníomh, go háirithe le SURE, chun tionchar na géarchéime ar oibrithe agus ar chuideachtaí a mhaolú. Le leathadh amach NextGenerationEU, lena náirítear an RRF, tugtar spreagadh láidir don téarnamh. Meastar gur neodrach ar an iomlán in 2020 agus forleathnaitheach 1 % de OTI faoi dheireadh 2021 staid fhioscach san Aontas ar an iomlán - lena náirítear caiteachas poiblí arna mhaoiniú ón RRF agus cistí eile an Aontais 21 .

Le bearta beartais lánroghnacha, lena n‑áirítear infheistíocht níos airde, cuirtear le staid fhioscach mhéadaitheach in 2022 don Aontas ina iomláine. Meastar an seasamh forleathnaitheach seo in 2022 a bheith thart ar 1¾ % de OTI. Le himeacht ama, tháinig athrú ar chomhdhéanamh na mbeart lánroghnach i bhfianaise na ndúshlán atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear go háirithe beartais chun an tionchar atá ag praghsanna níos airde fuinnimh ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh a mhaolú, agus bearta chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ag teitheadh ó ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Meastar faoi láthair gurb ionann na bearta lánroghnacha fioscacha a glacadh ó fhómhar 2021 chun tionchar praghsanna arda fuinnimh a laghdú agus 0.6 % d’OTI an Aontais in 2022. Áirítear orthu sin laghduithe sealadacha ar chánacha indíreacha ar tháirgí fuinnimh, fóirdheontais ar tháirgeadh fuinnimh, fóirdheontais do thomhaltóirí fuinnimh, aistrithe sóisialta (a bhfuil baint dhíreach acu le tomhaltas fuinnimh) chuig teaghlaigh leochaileacha agus praghsanna rialáilte ar an leibhéal miondíola. Cé gur bearta sealadacha iad formhór na mbeart sin, thiocfadh ardú dá réir ar na costais ghaolmhara dá réir, dá gcuirfí síneadh ama leo nó dá leathnófaí a raon feidhme in éagmais bearta fritháirimh. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtéann tionchar an mhéadaithe ar airgeadas poiblí i bpraghsanna fuinnimh thar na bearta lánroghnacha a glacadh. Tá súil go dtiocfaidh moilliú ar bhailiú cánach agus rannchuidithe sóisialta mar thoradh ar an luasmhoilliú i ngníomhaíocht eacnamaíoch atá mar thoradh ar an tsuaite praghsanna fuinnimh. Mar aon le caiteachas poiblí níos airde a d’fhéadfadh teacht as coigeartuithe ar bhoilsciú pá, sochar sóisialta agus eisíocaíochtaí eile, bíonn tionchar aige sin ar easnamh agus ar fhiachas an rialtais. Chun costais bhuiséadacha a shrianadh, a dtionchar eacnamaíoch agus sóisialta a uasmhéadú, agus dreasachtaí don aistriú glas a choimeád, ba cheart na bearta beartais a bhfuil d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh a bheith sealadach agus dírithe ar theaghlaigh leochaileacha, a bhfuil an bille fuinnimh ina chuid shuntasach dá gciseán tomhaltais, chomh maith le tionscail atá neamhchosanta go sonrach. Ba cheart dreasachtaí a bheith ag gabháil leis na bearta sin freisin chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus tomhaltas fuinnimh iontaise a laghdú.

Ba cheart go mbeadh an beartas fioscach stuama in 2023, agus go mbeadh sé réidh chun aghaidh a thabhairt ar an staid eacnamaíoch atá ag teacht chun cinn. Mar gheall ar chineál sonrach an tsuaite mhaicreacnamaíoch a raibh ionradh na Rúise ar an Úcráin á himirt aici, mar aon leis na himpleachtaí fadtéarmacha a bhaineann leis sin do riachtanais slándála fuinnimh an Aontais, tá gá le dearadh cúramach ar an mbeartas fioscach in 2023. Bunaithe ar réamhaisnéis earrach 2022, rud a fhágann go bhfanfaidh fás OTI i gcríoch dhearfach thar an tréimhse réamhaisnéise, cé go bhfuil éiginnteacht mhór ann agus rioscaí ar an taobh thíos, ní cosúil gur spreagadh fioscach a bheadh bunaithe ar bhonn leathan don gheilleagar in 2023. Leis an mbeartas fioscach, ba cheart infheistíocht níos airde a chomhcheangal le rialú an fháis sa chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta, agus ag an am céanna ligean do chobhsaitheoirí uathoibríocha oibriú agus bearta sealadacha agus spriocdhírithe a chur ar fáil chun tionchar na géarchéime fuinnimh a mhaolú agus chun cúnamh daonnúil a chur ar fáil do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá cur chun feidhme iomlán agus tráthúil na RRPanna ríthábhachtach chun leibhéil níos airde infheistíochta a bhaint amach. Ina theannta sin, ba cheart pleananna fioscacha na mBallstát don bhliain seo chugainn a dhaingniú le conairí coigeartaithe meántéarmacha stuama ina léirítear na dúshláin a bhaineann le hinbhuanaitheacht fhioscach a bhaineann le leibhéil arda cóimheas fiachais‑OTI a bhfuil méadú breise tagtha orthu de bharr na paindéime. Chun rioscaí ón athrú aeráide a laghdú, spreagtar na Ballstáit chun na himpleachtaí a bhaineann leis sin a mheas go córasach i bpleanáil bhuiséadach, in éineacht le beartais agus uirlisí a chabhraíonn le tionchair a bhaineann leis an aeráid a chosc, a laghdú agus a ullmhú ar bhealach cothrom. Ba cheart leanúint de chleachtais bhuiséadaithe ghlais sna Ballstáit agus iad a spreagadh chun a áirithiú go mbeidh an caiteachas poiblí agus na hioncaim comhleanúnach le spriocanna comhshaoil.

Ba cheart leanúint de dhifreáil iomchuí a dhéanamh ar bheartais fhioscacha ar fud na mBallstát (féach Bosca 1 freisin). Ba cheart do na Ballstáit ardfhiacha beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn a chur le fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun fhás an aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma, agus tacaíocht shealadach agus spriocdhírithe leanúnach á cur san áireamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí (faoi réir rialacha maidir le Státchabhair) is mó atá i mbaol ó mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin. Ba cheart do na Ballstáit ag a bhfuil fiachas íseal/meánfhiachas a áirithiú go bhfuil fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach ó thaobh beartais, agus tacaíocht leanúnach shealadach agus spriocdhírithe á cur san áireamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí (faoi réir rialacha maidir le Státchabhair) is mó atá i mbaol ó mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin. Ba cheart do na Ballstáit uile an infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha agus le haghaidh na slándála fuinnimh, lena n‑áirítear trí leas a bhaint as RRF, as cistí eile de chuid an Aontais agus as REPowerEU.

Mar gheall ar éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí láidre ar an taobh thíos den ionchas eacnamaíoch i gcomhthéacs an chogaidh san Eoraip, is gá mar gheall ar ghéarú ar phraghsanna fuinnimh agus ar shuaití sa slabhra soláthair go gcuirfear síneadh le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis le linn 2023. An 3 Márta 2021, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart díghníomhachtú chlásal ginearálta éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a bheith coinníollach ar staid gheilleagar an Aontais agus an limistéir euro, ag aithint dó go mbeidh am ag teastáil don gheilleagar filleadh ar na gnáthchoinníollacha agus gur cheart an cinneadh maidir leis an gclásal ginearálta éalaithe a dhíghníomhachtú nó a chur i bhfeidhm go leanúnach a dhéanamh mar mheasúnú foriomlán ar staid an gheilleagair agus leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche san Aontas nó sa limistéar euro i gcomparáid le leibhéil réamhghéarchéime mar chritéar cainníochtúil lárnach 22 . I gcomhthéacs an chogaidh san Eoraip, géarú ar phraghsanna fuinnimh agus suaití sa slabhra soláthair, níl staid an Aontais ná geilleagar an limistéir euro tar éis filleadh ar ghnáthchoinníollacha. Thairis sin, leis an gcinneadh maidir le leanúint den chlásal éalaithe ginearálta a chur i bhfeidhm nó a dhíghníomhachtú, ba cheart a mheas freisin gur gá an beartas fioscach a bheith in ann freagairt go hiomchuí d’iarmhairtí eacnamaíocha ionsaithe míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena náirítear ó shuaitheadh ar an soláthar fuinnimh. Cuirfidh gníomhachtú an chlásail ghinearálta éalaithe in 2023 deis ar fáil do bheartas fioscach náisiúnta freagairt go pras nuair is gá, agus ag an am céanna aistriú rianúil a áirithiú ón tacaíocht leathan don gheilleagar le linn na paindéime i dtreo béim mhéadaitheach ar bhearta sealadacha spriocdhírithe agus críonnacht fhioscach atá riachtanach chun inbhuanaitheacht mheántéarmach a áirithiú. Ní chuireann an clásal ginearálta éalaithe an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis ar fionraí. Ceadaítear leis imeacht sealadach ó na gnáthcheanglais bhuiséadacha ar choinníoll nach gcuirfear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol leis sin sa mheántéarma. I bhfómhar na bliana 2022, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar a ábhartha atá sé a mholadh go nosclófaí nósanna imeachta maidir le heasnamh iomarcach bunaithe ar na sonraí maidir le sonraí olltoraidh don bhliain 2021. In earrach na bliana 2023, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a ábhartha atá sé a mholadh go nosclófaí nósanna imeachta maidir le heasnamh iomarcach bunaithe ar na sonraí maidir le sonraí olltoraidh do 2022, agus aird á tabhairt go háirithe ar chomhlíonadh na moltaí fioscacha tírshonracha faoi leith agus a dhíreoidh an Chomhairle ar na Ballstáit. Bunaithe ar an méid thuas, agus i bhfianaise na nimpleachtaí a bhaineann le héiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí láidre ar an taobh thíos maidir leis an ionchas eacnamaíoch don Aontas Eorpach agus don limistéar euro ina iomláine, measann an Coimisiún nach bhfuil an tAontas slán fós ó tréimhse géarchor chun donais eacnamaíoch. Ar an mbonn sin, comhlíontar na coinníollacha chun an clásal ginearálta éalaithe a choimeád in 2023 agus chun é a dhíghníomhachtú ó 2024 ar aghaidh. Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle an chonclúid sin a fhormhuiniú chun soiléireacht a chur ar fáil do na Ballstáit. Soláthróidh an Coimisiún treoshuímh maidir le hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat rialachais eacnamaíoch tar éis bhriseadh an tsamhraidh agus tamall maith in am do 2023.

Tá sé tábhachtach i gcónaí do roinnt mhaith Ballstát leanúint d’inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a áirithiú. Is léiriú iad dúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach, den chuid is mó, ar mheath suntasach na riochtaí struchtúracha buiséadacha, a chuir le leochaileachtaí fiachais réamh‑ghéarchéime atá ann cheana i roinnt tíortha. Ní mór don dúshlán a bhaineann le méadú ar chaiteachas ar phinsin, ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach mar gheall ar aosú an daonra a bheith fite fuaite le leordhóthanacht pinsean agus sochar sóisialta eile a áirithiú. Chun córais pinsean a chur ar bun ar bhonn inbhuanaithe ó thaobh cúrsaí fioscacha agus sóisialta de, beidh gá le tuilleadh athchóirithe chun gairmréimeanna a fhadú agus chun margaí saothair a dhéanamh níos cuimsithí. Chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fhioscach an chúraim sláinte agus an chúraim fhadtéarmaigh, ní mór feabhas a chur ar a n‑éifeachtúlacht, agus leordhóthanacht agus inrochtaineacht na seirbhísí sin á n‑áirithiú ag an am céanna.

Ba cheart go leanfaí leis na hiarrachtaí comhbheartaithe chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach agus i gcoinne na himghabhála cánach 23 . Mar aon leis an ualach cánach a bhogadh ón lucht saothar agus tacú leis an dá aistriú, is beartais iad sin lena gcuirtear cosc ar shaobhadh iomaíochta, lena gcaitear go cothrom le cáiníocóirí, lena gcosnaítear an tairgeadas poiblí agus lena náirithítear fás inbhuanaithe agus lena gcruthaítear poist. Éilíonn éifeachtaí iarmharta straitéisí pleanála ionsaithí cánach na gcáiníocóirí i measc na mBallstát go ndéanfar gníomhaíocht chomhordaithe maidir le beartais náisiúnta chun reachtaíocht an Aontais a chomhlánú. Bíonn uaireanta oibre de réir ioncam íseal agus an dara duine sa teaghlach atá ag tuilleamh freagrúil d'athruithe ar phá iarchánach. Ar an taobh eile, níl an saobhadh céanna ag baint le cánacha áirithe eile, go háirithe cánacha athfhillteacha maoine agus cánacha tomhaltais, agus cheadóidís aistriú cánach ón lucht saothar, agus an tionchar dáileacháin á chur san áireamh. Ina theannta sin, laghdaíonn cánacha comhshaoil seachtrachtaí diúltacha amhail truailliú, rud a chabhraíonn le spriocanna comhshaoil an Aontais a bhaint amach.

Bosca 1: Nuashonrú ar fhaireachas faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

Mar chuid de phacáiste Sheimeastar Eorpach earrach 2022, ghlac an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE le haghaidh 18 mBallstát. Is iad sin an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Eastóin, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn. I gcás na mBallstát sin uile seachas an Fhionlainn, déantar measúnú sa tuarascáil ar a mhéid a chomhlíonann siad an critéar easnaimh. I gcás na Liotuáine, na hEastóine agus na Polainne, ullmhaíodh an tuarascáil mar gheall ar easnamh pleanáilte in 2022 a bhí os cionn an 3 % de OTI faoi luach tagartha an Chonartha, agus bhí easnamh rialtais ginearálta ag na Ballstáit eile in 2021 ar mó é ná 3 % den OTI. Ina theannta sin, i gcás na Beilge, na Fraince, na hIodáile, na hUngáire, na Slóvaice agus na Fionlainne, déantar measúnú sa tuarascáil ar chomhlíonadh an chritéir fiachais in 2021 bunaithe ar shonraí olltoraidh.

Ní mholann an Coimisiún tús a chur le nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach in earrach 2022. Tá tionchar ollmhór maicreacnamaíoch fioscach i gcónaí ag paindéim COVID‑19, rud a chruthaíonn, in éineacht leis an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, éiginnteacht as cuimse, lena n‑áirítear i ndáil le conair mhionsonraithe a dhearadh don bheartas fioscach. Ar na forais sin, measann an Coimisiún nár cheart cinneadh a dhéanamh maidir le Ballstáit a chur faoi nós imeachta um easnamh iomarcach. A mhéid a bhaineann le Ballstáit a bhfuil cóimheas fiachais os cionn 60 % de OTI acu, measann an Coimisiún, ina mheasúnú ar na tosca ábhartha uile, go dtabharfaí le tuiscint le comhlíonadh an tagarmhairc laghdaithe fiachais go mbeadh iarracht fhioscach éilitheach tús‑ualaithe ann a chuirfeadh an fás i mbaol. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choimisiúin nach gá an tagarmharc maidir le laghdú an fhiachais a chomhlíonadh faoi na dálaí eacnamaíocha eisceachtúla atá ann faoi láthair.

Is í an Rómáin an t‑aon Bhallstát amháin faoi nós imeachta um easnamh iomarcach, bunaithe ar na forbairtí roimh an bpaindéim. An 3 Aibreán 2020, chinn an Chomhairle gurbh ann d’easnamh iomarcach sa Rómáin bunaithe ar an easnamh iomarcach a bhí beartaithe in 2019. Sa mholadh is déanaí uaithi an 18 Meitheamh 2021, d’iarr an Chomhairle ar an Rómáin deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2024 ar a dhéanaí. Tá easnamh ginearálta rialtais na Rómáine in 2021 agus an iarracht fhioscach in 2021 i gcomhréir leis na hiarrachtaí a mhol an Chomhairle. Dá bhrí sin, tá an nós imeachta coinnithe ar stad.

Déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar staid bhuiséadach na mBallstát i bhfómhar na bliana 2022. Leanfar den fhaireachán ar fhorbairtí fiachais agus easnaimh ar bhonn Réamhaisnéis Eacnamaíoch an fhómhair 2022 agus ar bhonn Dhréachtphleananna Buiséadacha 2023 atá le cur isteach ag Ballstáit an limistéir euro faoin 15 Deireadh Fómhair 2022. I bhfómhar na bliana 2022, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar a ábhartha atá sé a mholadh go n‑osclófaí nósanna imeachta maidir le heasnamh iomarcach.

Leis an téarnamh le linn 2021, tá míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ag teacht aníos arís ar an iomlán. Leis an bhfás eacnamaíoch, mar aon le gníomhaíocht beartais iomchuí uaillmhianach, táthar ag súil go laghdófar leochaileachtaí maicreacnamaíocha a thuilleadh. Go háirithe, má chuirtear RRPanna agus plean REPowerEU chun feidhme go gasta, cuirfear feabhas ar an bhfás a d’fhéadfadh a bheith ann, cuirfear le hathléimneacht gheilleagair an Aontais, agus ar an gcaoi sin cuideofar le haghaidh a thabhairt ar na laigí sna blianta amach romhainn. I gcomhthéacs an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha, shainaithin an Coimisiún leochaileachtaí maicreacnamaíocha a bhaineann le míchothromaíochtaí agus le míchothromaíochtaí iomarcacha in 10 as na 12 Bhallstát ar ina leith a rinneadh grinn‑athbhreithniú. I mBosca 2 déantar achoimre ar na torthaí maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sna Ballstáit; Tugann Foscríbhinn 4 tuilleadh sonraí fúthu.

Bosca 2: Míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sna Ballstáit

Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i gcás na 12 Bhallstát a roghnaíodh le haghaidh athbhreithnithe doimhne i dTuarascáil 2022 maidir leis an Sásra Foláirimh. Sainaithníodh na Ballstáit sin uile le míchothromaíochtaí nó le míchothromaíochtaí iomarcacha sa timthriall bliantúil deireanach faireachais faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha.

Is suntasach an measúnú ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha mar thoradh ar théarnamh láidir eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 i gcomhthéacs na neamchinnteachta atá ag dul i méid i bhfianaise na bpraghsanna fuinnimh agus tráchtearraí atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise iarmhairtí eile ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Tá leibhéil fiachais phríobháidigh agus phoiblí ag laghdú de réir mar a thagann an geilleagar ar ais ón ngéarchéim. Mar sin féin, in a lán cásanna, tá siad fós os cionn a leibhéil réamh‑COVID-19, rud a léiríonn géire an chraptha eacnamaíoch in 2020, agus na bearta a glacadh chun tacú leis an ngeilleagar. Tá athchothromú seachtrach neamhiomlán i gcónaí: tá feabhas tagtha ar chuntais reatha na dtíortha móra glanfhiachtóirí a bhfuil earnálacha suntasacha turasóireachta trasteorann acu, ach tá siad fós faoi bhun a leibhéal réamh‑COVID-19, agus tá barrachais mhóra ann sna cuntais reatha i roinnt Ballstát in ainneoin laghdú sealadach le linn na paindéime. Tá praghsanna tithe ag fás ar a luas is tapúla le deich mbliana anuas. D’éirigh go maith le hearnáil na baincéireachta agus géarchéim na paindéime ann, cé go bhféadfadh rioscaí áirithe teacht chun cinn de réir mar atá deireadh tagtha le moratóirí ar aisíocaíochtaí fiachais agus go dtarraingítear siar bearta sealadacha tacaíochta.

Ar an iomlán, tá leochaileachtaí ag dul ar gcúl agus ag titim faoi bhun na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim i mBallstáit éagsúla, rud a thugann údar le hathbhreithniú ar aicmiú na míchothromaíochtaí in dhá chás. Tacaíonn an clár oibre beartais atá mar chuid de na RRPanna, chomh maith le gníomhaíocht beartais a rinneadh san am a chuaigh thart, le tuilleadh coigeartaithe agus bunghnéithe níos láidre do na geilleagair lena mbaineann, rud a chuireann ionchais ar fáil do chúngú leanúnach leochaileachtaí. Tacóidh an fás eacnamaíoch le tuilleadh coigeartaithe ach d’fhéadfadh dinimicí dúshlánacha a bheith i ndán do thíortha ina bhfuil acmhainneacht fáis íseal. Tá an brú boilscithe ag ardú agus d’fhéadfadh dálaí maoinithe níos doichte agus luaineacht an ráta malairte dul i bhfeidhm ar sheirbhísiú fiachais. Is riosca ar leith é sin i gcás ina gcoinnítear fiachas príobháideach nó poiblí in airgeadraí eachtracha, agus i gcás ina bhfuil riachtanais shuntasacha ann maidir le hathmhaoiniú.

- Níl míchothromaíochtaí in Éirinn ná sa Chróit a thuilleadh. In Éirinn agus sa Chróit araon, tá laghdú suntasach tagtha ar chóimheasa fiachais thar na blianta agus tá dinimicí anuas ann i gcónaí. Sa Chróit, tá laghdú suntasach tagtha ar chóimheasa fiachais thar na blianta agus tá dinimicí anuas ann i gcónaí.

- Tá míchothromaíochtaí iomarcacha fós ann sa Ghréig, san Iodáil agus sa Chipir.

- Tá míchothromaíochtaí fós ann don Ghearmáin, don Spáinn, don Fhrainc, don Ísiltír, don Phortaingéil, don Rómáin agus don tSualainn.

Tugtar mionsonraí i bhFoscríbhinn 4 faoi na gnéithe tírshonracha faoi leith do na 12 Bhallstát lena mbaineann.

5. IARRACHT CHOMHPHÁIRTEACH IDIR INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH, NA BALLSTÁIT AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA

Leanfar den idirphlé cuiditheach leis na Ballstáit agus den idirphlé idirinstitiúideach neartaithe ar an leibhéal Eorpach le linn phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Leis an dianphlé beartais maidir leis na RRPanna, d’éirigh leis an gCoimisiún agus na Ballstáit an comhar eatarthu a neartú agus a dhoimhniú sa chaoi go raibh seilbh leathanroinnte ar na pleananna, agus leanfar leis an gcomhar sin le linn chéim a gcurtha chun feidhme. Athsheoladh na dtuarascálacha tíre agus na moltaí tírshonracha, is deis bhreise é chun an t‑idirphlé idirinstitiúideach agus déthaobhach a leathnú agus chun comhthuiscint ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn agus ar na tosaíochtaí beartais a fhorbairt. Déantar malartú leanúnach ar fhorbairtí sóisialta agus eacnamaíocha san Aontas Eorpach a áirithiú leis an Idirphlé Maicreacnamaíoch leathbhliantúil ar an leibhéal polaitiúil agus teicniúil idir an Chomhairle, an Coimisiún agus ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha. Leanfaidh an Coimisiún freisin dá dhlúth‑idirphlé le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhfhorbairtí sóisialta agus eacnamaíocha, agus leanfaidh sé de bheith i dteagmháil le Parlaimint na hEorpa roimh gach céim lárnach den timthriall comhordaithe bliantúil.

Tá cur chun feidhme rathúil an tSeimeastair Eorpaigh agus RRF bunaithe ar rannpháirtíocht chórasach na gcomhpháirtithe sóisialta agus na bpáirtithe leasmhara eile eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Is tábhachtach rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara, a bhuí le cruinnithe tráthrialta tiomnaithe, le linn gach céime den Seimeastair Eorpaigh agus de phróiseas cur chun feidhme RRF. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit uile dul i mbun teagmháil ghníomhach leis na comhpháirtithe sóisialta, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus na páirtithe leasmhara eile ina dtír, go háirithe le hionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, sin trí plé rialta agus leas á bhaint as an gcaoi ar cuireadh prionsabal na comhpháirtíochta i bhfeidhm agus an beartas comhtháthaithe á chlársceidealú agus á chur chun feidhme. Sa chaoi sin is fusa dúshláin a shainaithint go comhpháirteach, feabhas a chur ar réitigh bheartais, agus seilbh leathanroinnte a chinntiú ar chlár oibre an bheartais eacnamaíoch agus shóisialta, lena n‑áirítear cur chun feidhme na moltaí tír-shonracha. Bainfidh an Coimisiún úsáid as na fóraim atá ann cheana faoin Seimeastar Eorpach chun na comhpháirtithe sóisialta a chur ar an eolas faoi chur chun feidhme RRF agus chun go mbeidh siad rannpháirteach ann freisin. Le linn na bliana, glacfaidh an Coimisiún Teachtaireacht agus togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

6. Conclúid

Beidh sé ríthábhachtach dul i ngleic le dúshláin leanúnacha agus le dúshláin nua atá ag teacht chun cinn d’fhonn athléimneacht gheilleagair na hEorpa agus a sochaithe a áirithiú chomh maith leis an bhfás cuimsitheach inbhuanaithe. Le hathsheoladh na dtuarascálacha tíre agus na moltaí tír-shonracha, dírítear timthriall nua Sheimeastar Eorpach 2022 ar théarnamh cuimsitheach inbhuanaithe ar an mbonn gurb iad cur chun feidhme RRPanna uaillmhianacha agus na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch is compás dúinn le haghaidh na gníomhaíochta beartais, agus an méid sin ar fad i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Ag an am céanna, is léiriú searbh é ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus a thionchar siúd ar gheilleagair na mBallstát, ar dhúshláin straitéiseacha na hEorpa. Is láidre ná riamh an cás ar son aistriú fuinnimh mear ó na breoslaí iontaise. Tá gá le céimeanna cinntitheacha breise chun an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a chothú, chun slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú agus chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú i bhfad roimh 2030.

Chomh maith le leanúint de na RRPanna a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit beart a dhéanamh chun moltaí tír-shonracha 2022 a chur chun feidhme, ar moltaí iad a bhaineann leis na dúshláin atá fós ann agus na dúshláin atá ag teacht chun cinn, agus plean REPowerEU á chur san áireamh acu. Sainaithnítear i dtuarascálacha sruthlínithe tíre na bliana seo na dúshláin sin nach dtugtar aghaidh orthu sna RRPanna , nó nach dtugtar aghaidh orthu ach i bpáirt, de réir na gceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch, lena n‑áirítear na riachtanais bhreise athchóirithe agus infheistíochta trína bhféadfar tacú le plean REPowerEU a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, is é an measúnú ar na dúshláin atá fós gan réiteach agus orthu siúd atá ag teacht chun cinn is tacaíocht don togra ón gCoimisiún maidir le moltaí tír-shonracha 2022. A luaithe a ghlacfaidh an Chomhairle iad, beidh ról lárnach ag na moltaí sin le haghaidh na gcaibidlí tiomanta nua REPowerEU i RRPanna na mBallstát, i gcomhréir leis an Treoraíocht ábhartha, agus tugtar treoir iontu maidir le bearta breise a bhfuil gá leo i gcomhthéacs phlean REPowerEU.

Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle Eorpach na tograí ón gCoimisiún maidir le moltaí tír-shonracha 2022 a fhormhuiniú agus iarrann sé ar an gComhairle iad a ghlacadh. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit, freisin, na moltaí a chur chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil, i ndlúth‑idirphlé lena gcomhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara eile ar gach leibhéal.

FOSCRÍBHINN 1 – FORBHREATHNÚ AR NA RÉIMSÍ TÉAMACHA A CHUMHDAÍTEAR SNA MOLTAÍ TÍR-SHONRACHA

FOSCRÍBHINN 2 – DUL CHUN CINN MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME NA MOLTAÍ TÍR-SHONRACHA

I dtimthriall Sheimeastar Eorpach 2022 déantar breithniú ar an ghníomhaíocht bheartais a rinne na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin struchtúracha a sainaithníodh sna moltaí tír-shonracha a glacadh ó 2019 i leith. Tar éis bhunú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) mar uirlis lárnach chun tosaíochtaí beartais an Aontais agus na mBallstát a chur i gcrích, cuirtear san áireamh, i measúnú 2022 ar na moltaí tír-shonracha, an ghníomhaíocht bheartais a rinne na Ballstáit go dtí seo ( 24 ), chomh maith leis na gealltanais a tugadh sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna), ag brath ar mhéid an chur chun feidhme. Dá bhrí sin, tá an measúnú bunaithe ar na céimeanna tosaigh de chur chun feidhme na RRPanna ar a bhfuiltear faoi láthair, seachas ar an leibhéal dul chun cinn a d’fhéadfaí a bhaint amach agus na pleananna curtha chun feidhme ina niomláine ( 25 ). I gcomhréir le raon feidhme RRF, dírítear i measúnú moltaí tírshonracha 2022 ar na moltaí tírshonracha le haghaidh na tréimhse 2019-2020 (measúnú ilbhliantúil). Áirítear sa mheasúnú freisin measúnú ar mholtaí tírshonracha 2021 nach mbaineann ach leis an mbeartas fioscach (measúnú bliantúil).

Fíor 1: Leibhéal reatha de chur chun feidhme mholtaí tírshonracha 2019-2020

Fíor 2: Cur chun feidhme mholtaí tírshonracha 2019-2021: an measúnú bliantúil gach bliain i ndiaidh a chéile i gcomparáid leis an gcur chun feidhme go dtí seo

Nóta: Sa mheasúnú ilbhliantúil scrúdaítear cur chun feidhme mholtaí tírshonracha 2019-2020 ó chéadghlacadh na moltaí go dtí gur foilsíodh an Teachtaireacht sin. Ní bhaineann moltaí tír-shonracha 2021 ach leis an mbeartas fioscach amháin.

I gcomhthéacs ilbhliantúil, rinneadh dul chun cinn áirithe ar a laghad ar chur chun feidhme 63 % de mholtaí tírshonracha 2019-2020 (féach Fíor 1).I gcomparáid leis an measúnú a rinneadh anuraidh, rinneadh dul chun cinn suntasach breise maidir le mholtaí tírshonracha 2019 atá de chineál struchtúrach agus le moltaí tírshonracha 2020 atá dírithe níos mó ar an ngéarchéim. Mar sin féin, tá difríochtaí suntasacha idir méid cur chun feidhme na n‑athchóirithe sna réimsí beartais éagsúla. Go háirithe, is i dtaca leis an rochtain ar an maoiniú agus le seirbhísí airgeadais is mó atá dul chun cinn déanta ag na Ballstáit le blianta beaga anuas, agus ina dhiaidh sin i dtaca le gníomhaíochtaí frithsciúrtha airgid agus leis an timpeallacht ghnó. Ar an taobh eile, rinneadh dul chun cinn an‑mhall maidir le córais phinsin, leis an margadh aonair, leis an iomaíocht agus an státchabhair, agus leis an tithíocht.

Tá dul chun cinn mór déanta maidir leis na moltaí a glacadh in 2021 a chur chun feidhme. Tá ar a laghad ‘dul chun cinn áirithe’ déanta ag na Ballstáit maidir le 80 % nach mór de na moltaí a díríodh orthu i mí Iúil 2021, nach raibh iontu ach saincheisteanna maidir le beartais fhioscacha (Fíor 2).

Beidh torthaí mheasúnú 2022 ar na moltaí tírshonracha, mar aon le torthaí na mblianta roimhe sin, ar fáil i mí an Mheithimh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.



FOSCRÍBHINN 3 – DUL CHUN CINN AR FUD AN AONTAIS MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME NA SPRIOCANNA FORBARTHA INBHUANAITHE (SDGanna)

Nóta: Léiríonn an figiúr thuas an luas ag a bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aontas ionsar gach ceann de na 17 sprioc le linn na tréimhse cúig bliana is déanaí de réir na dtáscairí a roghnaíodh. Tá an modh chun treochtaí na dtáscairí a mheasúnú agus chun iad a chomhiomlánú ar leibhéal na sprice, mar aon le hanailísí níos mionsonraithe, ar fáil ar shuíomh gréasáin Eurostat: Forbhreathnú – Táscairí forbartha inbhuanaithe – Eurostat (europa.eu) .

Mar a tharla i mblianta roimhe seo, is maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil phearsanta a chothú laistigh dá chríoch agus feabhas a chur ar an rochtain ar an gceartas agus ar an muinín in institiúidí (SDG 16) is mó atá dul chun cinn déanta ag an Aontas le linn na tréimhse a breathnaíodh (le cúig bliana anuas agus suas go dtí 2021). Rinneadh feabhsuithe suntasacha freisin maidir leis an bhfás eacnamaíoch agus margadh an tsaothair (SDG 8), a d’athléim in 2021 tar éis thosú phaindéim COVID-19, agus maidir leis an nuálaíocht agus an bonneagar (SDG 9). Ba shuntasach an dul chun cinn a rinneadh ionsar an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta a laghdú (SDG 1) freisin ach baineann cuid na sonraí atá ar fáil leis an tréimhse suas go 2019 amháin, agus dá bhrí sin ní léirítear tionchair phaindéim COVID-19 go hiomlán. Rinneadh dul chun cinn freisin maidir leis an bhfuinneamh glan inacmhainne (SFI 7) ach d’imir an laghdú suntasach ar thomhaltas an fhuinnimh in 2020 tionchar mór ar an bhforbairt sin, de bharr srianta a cuireadh ar an saol poiblí mar gheall ar COVID-19 agus an laghdú ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a bhí mar thoradh orthu. Níl na forbairtí fuinnimh is déanaí a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin curtha san áireamh sna staitisticí fós ach oiread.

Tá dul chun cinn maith bainte amach ag an Aontas freisin i dtreo na spriocanna maidir leis an tsláinte mhaith agus an dea-bhail (SFI 3), an saol faoi uisce (SDG 14) agus an comhionannas inscne (SDG 5). Ba lú an dul chun cinn ionsar chathracha inbhuanaithe (SDG 11), éagothroime laghdaithe (SDG 10), tomhaltas agus táirgeadh freagrach (SDG 12), oideachas ardcháilíochta (SDG 4), gníomhú ar son na haeráide (SDG 13) agus díothú an ocrais agus talmhaíocht inbhuanaithe (SDG 2). Maidir leis an uisce glan agus an tsláintíocht (SDG 6) agus comhpháirtíochtaí domhanda le haghaidh na spriocanna agus an rialachais (SDG 17), le linn na mblianta deireanacha a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, tá an tAontas Eorpach ar chonair neodrach, rud a léiríonn meascán d’fhorbairtí inbhuanaithe agus neamhinbhuanaithe atá beagnach comhionann le chéile. Os a choinne sin, bhí tirim beag siar maidir leis an saol ar thalamh (SFI 15), rud a léiríonn go bhfuil na héiceachórais agus an bhithéagsúlacht fós faoi bhrú ó ghníomhaíochtaí daonna.

AGUISÍN 4 – TORTHAÍ NA nGRINN-ATHBHREITHNITHE AR MHÍCHOTHROMAÍOCHTAÍ MAICREACNAMAÍOCHA I dTÍORTHA AN AONTAIS

Sainaithníodh míchothromaíochtaí nó míchothromaíochtaí iomarcacha i 10 as na 12 Bhallstát a ndearnadh grinn‑athbhreithniú orthu. San anailís ar an ngrinn‑athbhreithniú, breathnaítear ar thromchúis na míchothromaíochtaí, ar na hathruithe a tháinig orthu le déanaí nó a bhfuil coinne leo, agus ar na freagairtí beartais orthu. Cuirtear iarmhairtí ábhartha agus impleachtaí sistéamacha trasteorann na míchothromaíochtaí san áireamh freisin.

Tar éis méaduithe géara in 2020, tá na cóimheasa fiachais príobháideacha agus rialtais á laghdú de réir a chéile arís i bhformhór na gcásanna. Den chuid is mó, is in 2020 amháin a tharla na méaduithe ar fhéichiúnas na hearnála príobháidí agus na rialtas, arb iad an titim ghéar ar OTI agus na bearta riachtanacha chun titim phaindéim COVID-19 a mhaolú ba chúis leo. Tá na leibhéil féichiúnais ag maolú anois agus an geilleagar ag athléim. Mar sin féin, laghduithe teoranta a bhí ann go dtí seo ó thaobh méide de agus tá na fiacha go mór os cionn a leibhéil roimh ghéarchéim COVID-19 i gcásanna áirithe. Go háirithe, is beag na laghduithe ar chóimheasa fiachais na rialtas agus léiríonn siad an tacaíocht thábhachtach atá á thabhairt fós don gheilleagar in 2021 trí bheartais fhioscacha. Tá forbairtí sna fiachais phríobháideacha níos éagsúla ó Bhallstát go chéile, agus roinnt laghduithe suntasacha ann.

Amach anseo, tacóidh fás eacnamaíoch le spreagadh ó chur chun feidhme pras na bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta le tuilleadh díghiarála ach tá rioscaí ann. Tá éiginnteacht mhór ag baint leis an ionchas eacnamaíoch, go háirithe mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá an brú boilscithe ag ardú agus d’fhéadfadh coinníollacha maoinithe níos déine agus luaineacht an ráta malairte dul i bhfeidhm ar sheirbhísiú fiachais ag corparáidí, teaghlaigh agus rialtais. Is riosca ar leith é sin i gcásanna ina bhfuil fiachas ainmnithe in airgeadraí eachtracha, ina bhfuil na rátaí úis athraitheach, agus ina bhfuil na riachtanais mhaoinithe níos airde. Ag an am céanna, éascaíonn boilsciú ard na cóimheasa fiachas‑OTI trí éifeachtaí ainmneoirí. D‘fhéadfadh luasú pá a bheith mar thoradh ar athruithe struchtúracha agus ar ghanntanais saothair, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis imní ó thaobh an iomaíochais de. Má chuirtear na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta agus plean REPowerEU chun feidhme go mear, cuirfear feabhas ar an bhfás a d’fhéadfadh a bheith ann agus cuirfear le hathléimneacht gheilleagair an Aontais. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do thíortha ina bhfuil an acmhainneacht fáis íseal nó féadfar cabhrú le dul i ngleic lena leochaileachtaí sna blianta atá romhainn, lena n‑áirítear leochaileachtaí a bhaineann le féichiúnas ard.

Tá na seasaimh sheachtracha ag feabhsú arís. Tá feabhas tagtha ar chuntais reatha na dtíortha móra glanfhiachtóirí a bhfuil earnálacha suntasacha turasóireachta trasteorann acu, ach tá siad fós faoi bhun an leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim. Ba cheart go dtacófaí le neartú breise de bharr an téarnamh a bhfuil coinne leis sa taisteal idirnáisiúnta, ach tá riosca suaití ann mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá barrachais mhóra fós sna cuntais reatha i roinnt Ballstát, gan ach athruithe imeallacha, i ngeall ar bharrachas an choigiltis thar an infheistíocht, ach meastar go laghdóidh ardú na bpraghsanna ar na hallmhairí fuinnimh cuntais reatha beagnach gach Ballstáit. In 2021, tháinig feabhas ar an gcuid is mó de na staideanna glaninfheistíochta diúltacha idirnáisiúnta, le tacaíocht ó fhás OTI agus ó chuntais reatha fheabhsaithe, agus táthar ag súil go dtiocfaidh tuilleadh feabhais orthu i mbliana agus an bhliain seo chugainn. Tacóidh cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) leis an seasamh seachtrach i roinnt cásanna sna blianta atá le teacht.

Tá praghsanna na dtithe ag dul i méid go láidir, nó tá an t‑éileamh buacach agus an soláthar faoi shrianta. Cuireadh dlús breise le praghsanna réadacha na dtithe sa chuid is mó de na Ballstáit in 2021, agus i gcásanna áirithe chonacthas an fás is tapúla le deich mbliana anuas. Is féidir a bheith ag súil leis go leanfaidh na srianta soláthair a bhí ann cheana féin roimh an bpaindéim ar aghaidh sna blianta amach romhainn. Is féidir gur tharla tús‑ualú áirithe ar chinntí ceannaigh toisc go raibh coinne le míonna beaga anuas le coinníollacha maoinithe níos déine, rud a chuirfeadh leis an méadú ar na praghsanna. I gcásanna inar tháinig ardú ar phraghsanna i dteannta féichiúnas teaghlach ard – agus fós ag ardú – is féidir go mbíonn teaghlaigh agus iasachtóirí níos leochailí i gcás ceartúcháin anuas ar phraghsanna na dtithe.

Tháinig earnáil na baincéireachta slán as géarchéim na paindéime agus tá méadú ag teacht ar a neart agus í ag baint leasa as athchóirithe a rinneadh roimhe. Lean na Ballstáit a bhfuil iasachtaí neamhthuillmheacha arda oidhreachta acu á laghdú, go suntasach i roinnt cásanna. Mar sin féin, d’fhéadfadh méadú teacht fós ar na hiasachtaí neamhthuillmheacha de réir mar a léirítear tionchar iomlán dheireadh na moratóra ar aisíocaíochtaí fiachais agus aistarraingt na mbeart sealadach tacaíochta a bhain le paindéim COVID-19. Ar deireadh, má théann an t‑ionchas eacnamaíoch in olcas, is féidir saincheisteanna a bheith ann do chláir chomhardaithe na mbanc, ach ba cheart go gcuideodh rátaí úis níos airde le corrlaigh bhrabúis na mbanc. Sna Ballstáit sin a bhfuil nasc láidir idir na bainc agus an rialtas, d’fhéadfadh sé go mbeadh méadú ar chostais mhaoinithe an stáit ina riosca do na bainc freisin.

Tábla 1: Torthaí na nGrinn‑Athbhreithnithe de réir Ballstáit

An toradh a bhí ar na grinn‑athbhreithnithe in 2021

An toradh a bhí ar na grinn‑athbhreithnithe in 2022

Gan míchothromaíochtaí

Míchothromaíochtaí

DE, ES, FR, HR, IE, NL, PT, RO, SE

HR, IE

DE, ES, FR, NL, PT, RO, SE

Míchothromaíochtaí iomarcacha

CY, EL, IT

CY, EL, IT

 

Ballstáit nach bhfuil míchothromaíochtaí acu a thuilleadh

Meastar nach bhfuil aon mhíchothromaíocht ag an gCróit, a sainaithníodh míchothromaíochtaí aici in 2021. Rinneadh dul chun cinn tábhachtach maidir leis an bhféichiúnas príobháideach agus na glandliteanais seachtracha a laghdú. Tá fiachas ginearálta an rialtais ard i gcónaí ach tá sé tar éis filleadh ar an gconair anuas ba chúis le feabhsuithe suntasacha roimh an bpaindéim. Tá earnáil na baincéireachta cobhsaí agus leachtach i gcónaí, agus tá cóimheas na niasachtaí neamhthuillmheacha ag laghdú. Tá méadú tagtha ar fhás ionchasach an aschuir, ar bhunús gníomhaíochta láidir beartais, agus féadfar aghaidh a thabhairt ar na laigí atá fós ann trí neartú breise bunaithe ar chur chun feidhme láidir an RRP 26 . De réir na réamhaisnéisí is déanaí, meastar go leanfaidh an féichiúnas príobháideach agus rialtais araon de bheith ag titim, agus go neartófar an seasamh seachtrach, de thairbhe cistí RRF freisin.

Fuarthas nach raibh aon mhíchothromaíochtaí ag Éirinn, tír a sainaithníodh míchothromaíochtaí inti in 2021. Rinneadh dul chun cinn tábhachtach ar laghdú an fhéichiúnais rialtais agus príobháideach agus na nglandliteanas seachtrach, roimh an bpaindéim agus ina diaidh araon. Más lú an laghdú ar na cóimheasa fiachais nuair a dhéantar an t‑aschur náisiúnta a choigeartú i leith éifeachtaí oibríochtaí na bhfiontar ilnáisiúnta atá cláraithe in Éirinn, is mór fós é. Meastar go leanfaidh an féichiúnas príobháideach agus rialtais araon de bheith ag titim, agus an seasamh seachtrach ag neartú a thuilleadh. Lean bainc na hÉireann de bheith ag laghdú a gcóimheas iasachtaí neamhthuillmheacha. An fás mór ar phraghsanna na dtithe, is dúshlán fós é ó thaobh inacmhainneacht na tithíochta de, ach samhlaíonn sé go bhfuil na rioscaí don chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch faoi smacht go dtí seo. Cé go bhféadfadh tionchar díreach an RRP a bheith teoranta mar gheall ar a mhéid measartha beag, tá sé d’acmhainn aige cuidiú le bunghnéithe an gheilleagair a neartú tuilleadh.

Ballstáit a bhfuil míchothromaíochtaí acu

Tá míchothromaíochtaí ag an bhFrainc. Baineann na leochaileachtaí le fiachas ard rialtais agus le hiomaíochas lag, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, i gcomhthéacs fás íseal na táirgiúlachta. Tháinig méadú mór ar fhiachas an rialtais, fiachas a bhí ard cheana, mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, ach leis an téarnamh eacnamaíoch, tháinig cóimheas fiachais an rialtais le OTI síos beagán in 2021 agus tuartar go leanfaidh sé de bheith ag titim i mbliana agus a bhliain seo chugainn, cé go mbeidh sé fós i bhfad os cionn a leibhéil roimh an bpaindéim. Tá an féichiúnas príobháideach ag dul i méid le blianta beaga anuas agus tá sé níos mó ná leibhéil stuamachta, cé go maolaítear na rioscaí a bhaineann le hardú an fhéichiúnais chorparáidigh beagán trí mhaoláin leachtachta a bheith á neartú ag an am céanna. D’fhan na dinimicí táirgiúlachta bunúsacha cobhsaí le himeacht ama. Tháinig laghdú mór ar sciartha an mhargaidh onnmhairí, a cobhsaíodh den chuid is mó le blianta roimhe sin, le linn na paindéime, agus na príomhearnálacha onnmhairiúcháin ag fulaingt go mór, ach tuartar go mbeidh téarnamh suntasach ann in 2022 agus in 2023. Beidh athchóirithe a rinneadh le déanaí agus atá beartaithe, lena n‑áirítear cur chun feidhme láidir leanúnach RRP, le leas an iomaíochais costais agus na táirgiúlachta.

Tá míchothromaíochtaí ag an nGearmáin. Baineann na leochaileachtaí le barrachas leanúnach mór sa chuntas reatha, rud a léiríonn infheistíocht lag i gcomparáid le coigilteas, agus tá ábharthacht trasteorann ag baint léi. Níor tháinig laghdú ar an mbarrachas sa chuntas reatha ach go mall go dtí 2020, agus tháinig méadú air in 2021. Tá sé fós i bhfad níos mó ná na leibhéil a mbeifí ag súil leo i bhfianaise bhunghnéithe na tíre, rud a léiríonn srian ar an tomhaltas agus infheistíocht atá íseal go leanúnach. Tá an infheistíocht chorparáideach fós faoin leibhéal roimh an bpaindéim agus tá coigiltis ghlana leanúnacha á ndéanamh ag corparáidí. Tá méadú tagtha de réir a chéile ar an infheistíocht chónaithe ó leibhéal íseal ach tá soláthar na tithíochta fós faoi bhun an éilimh. Cuireann bacainní atá ann faoi láthair, lena n‑áirítear bacainní riaracháin, srian ar an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach. Is dócha go bhfanfaidh barrachas an chuntais reatha ard fiú má mheastar go laghdóidh sé beagán in 2022 i ngeall ar phraghsanna tráchtearraí níos airde. Tá gealladh faoi fhógraí a rinneadh le déanaí chun an infheistíocht a chur chun cinn agus tá an RRP dírithe ar aghaidh a thabhairt ar scrogaill infheistíochta. Mar sin féin, tá acmhainní agus iarrachtaí breise chun dul i ngleic le scrogaill infheistíochta, chomh maith le cur chun feidhme críochnúil, ríthábhachtach chun an infheistíocht a chur chun cinn a thuilleadh.

Tá míchothromaíochtaí ag an Ísiltír. Baineann na leochaileachtaí le fiachas ard príobháideach agus le barrachas mór sa chuntas reatha, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo. Ó thaobh na n‑earnálacha de, is iad coigiltis arda agus infheistíocht intíre íseal na gcorparáidí neamhairgeadais na príomhchúiseanna struchtúracha leis an mbarrachas ard leanúnach sa chuntas reatha, atá i bhfad níos mó ná na leibhéil a mbeifí ag súil leo ag féachaint do bhunghnéithe na tíre agus a bhfuil méadú breise tagtha air in 2021. Baineann cuid den bharrachas seachtrach agus an dinimic a ghabhann leis le déanaí le hoibríochtaí roinnt corparáidí móra ilnáisiúnta. Amach anseo, is dócha go mbeidh an barrachas ard fós ann de réir nó tá na príomhchúiseanna fós i bhfeidhm. Tá an fiachas san earnáil phríobháideach ard i gcónaí mar gheall ar ardfhiachas teaghlaigh agus ar ardfhiachas corparáideach arb é fiachas trasteorann inghrúpa na gcuideachtaí ilnáisiúnta is cúis le cuid de. Mar gheall ar fhiachas ard teaghlaigh tá na teaghlaigh níos leochailí do thurraingí, ós rud é gur chuir an t‑ardú mór ar phraghas na dtithe le hardú an fhiachais agus gur cosúil go bhfuil praghsanna na dtithe róluacháilte. Meastar go bhfanfaidh an fiachas teaghlaigh ard i bhfianaise an fháis leanúnaigh ar phraghsanna na dtithe agus saobhadh i margadh na tithíochta a fhágann go mbíonn úinéireacht bhaile arna maoiniú ó fhiacha níos fabhraí, in éineacht le heasnamh sa soláthar tithíochta. Tá bearta beartais teoranta déanta ach is gá tuilleadh a dhéanamh.

Tá míchothromaíochtaí ag an bPortaingéil. Baineann na leochaileachtaí le fiachas ard príobháideach, rialtais agus seachtrach i gcomhthéacs fáis táirgiúlachta ísil. Tá laghdú mór tagtha ar na hiasachtaí neamhthuillmheacha ó na leibhéil arda ar a raibh. Tar éis aisiompú sealadach in 2020 mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, thosaigh na leochaileachtaí sin ag dul i laghad arís in 2021. D’iompaigh comhardú an chuntais reatha diúltach in 2020 agus 2021, go príomha mar gheall ar shuaitheadh na paindéime ar earnáil na turasóireachta, agus tháinig feabhas suntasach ar staid na glaninfheistíochta idirnáisiúnta in 2021, fiú thar a leibhéal roimh an bpaindéim. D’fhill cóimheasa fiachais/OTI na hearnála príobháidí agus an rialtais ar an treocht anuas in 2021 ach tá siad fós os cionn na leibhéal roimh an bpaindéim agus cóimheas na hearnála príobháidí fós os cionn na leibhéal stuamachta. Meastar go leanfaidh na fiacha seachtracha, príobháideacha, rialtais de bheith ag laghdú de thairbhe an fháis eacnamaíoch. Beidh na cistí RRF chun tairbh dhíreach an tseasaimh sheachtraigh freisin. Tá dul chun cinn déanta ó thaobh beartais de chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus féadfar iad a chúngú a thuilleadh tríd an RRP a chur chun feidhme go rathúil, ach tá dúshláin bheartais ann i gcónaí.

Tá míchothromaíochtaí ag an Rómáin. Baineann na leochaileachtaí le cuntais sheachtracha, atá nasctha le heasnaimh mhóra fhioscacha, agus le saincheisteanna iomaíochais atá ag teacht chun cinn an athuair. Chuaigh an t‑easnamh ard sa chuntas reatha chun donais fós in 2021 agus níl sé tuartha go dtiocfaidh feabhas air i mbliana ná ina dhiaidh sin. Bhí easnaimh mhóra fhioscacha ann roimh géarchéim COVID-19 agus ba iad is cúis leis an easnamh sa chuntas reatha a chruthaíonn rioscaí d’inbhuanaitheacht an fhiachais sheachtraigh. Tháinig méadú ar chostais iasachtaíochta flaithiúnais ó thús 2021. D’fhéadfadh an luasghéarú a bhfuiltear ag súil leis maidir le pá breis bhrú a chur ar an iomaíochas costais. D’fhéadfadh dímheas ainmniúil caillteanais iomaíochais a mhaolú ach chuirfeadh sé le brúnna boilscithe agus le hualach na bhfiachas a sheirbhísiú in airgeadraí eachtracha, rud atá tábhachtach don rialtas agus don earnáil phríobháideach. Meastar go bhfanfaidh an ghlanstaid dhiúltach infheistíochta idirnáisiúnta faoi bhun a leibhéal roimh an bpaindéim. Meastar go mbeidh cistí suntasacha RRF le leas an tseasaimh sheachtraigh ach diomaite de sin d’fhéadfadh an maoiniú seachtrach a bheith níos deacra i ngeall ar dhálaí airgeadais domhanda atá níos déine. Féadfar aghaidh a thabhairt ar laigí áirithe le tionscnaimh bheartais a rinneadh le déanaí, lena n‑áirítear RRP na Rómáine a chur chun feidhme go rathúil, agus is gá tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an bhfás féideartha.

Tá míchothromaíochtaí ag an Spáinn. Baineann na leochaileachtaí le fiachas ard seachtrach, rialtais agus príobháideach, i gcomhthéacs dífhostaíochta airde, agus tá ábharthacht trasteorann ag baint leo. In 2021, thosaigh cóimheasa fiachais/OTI arís ar a dtreochtaí meatha a breathnaíodh roimh an bpaindéim agus táthar ag tuar go dtitfidh siad níos faide i mbliana agus an bhliain seo chugainn. Tá barrachas beag sa chuntas reatha agus tá an seasamh glan infheistíochta idirnáisiúnta tar éis an staid is fearr a bhaint amach ó lár na 2000idí. Mar sin féin, tá an fiachas príobháideach fós níos airde ná mar a bhí roimh géarchéim COVID-19, os cionn na leibhéal stuamachta, agus tá cóimheas ard fiachais‑OTI an rialtais i bhfad os cionn a leibhéil roimh an bpaindéim go fóill. Lean na hiasachtaí neamhthuillmheacha de bheith ag laghdú, ach tá rioscaí ann go háirithe sna hearnálacha dianfhuinnimh agus sna hearnálacha sin a buaileadh go dona roimhe sin mar gheall ar ghéarchéim COVID-19. Thosaigh an dífhostaíocht ag laghdú arís in 2021, ach tá deighilt an mhargaidh saothair agus an dífhostaíocht i measc na n‑óg fós ard, cé go gcuideoidh na hathchóirithe a rinneadh roimhe seo agus le déanaí ar mhargadh an tsaothair agus cur chun feidhme leanúnach RRP aghaidh a thabhairt ar na laigí atá fós ag an Spáinn.

Tá míchothromaíochtaí ag an tSualainn. Baineann na leochaileachtaí le praghsanna arda tithe atá ag dul in airde agus le féichiúnas ard teaghlaigh. In 2021, bhog praghsanna tithe níos faide ó na luachanna bunúsacha agus lean dálaí airgeadais tacúla ag cur leis an éileamh ar thithíocht. Le fiachas ard teaghlaigh, tá an tSualainn i mbaol suaite díobhálacha agus ceartúcháin mhí‑ordúil ar phraghsanna na tithíochta, rud a bhféadfadh impleachtaí díobhálacha a bheith aige don fhíorgheilleagar agus don earnáil baincéireachta. Tá an fiachas príobháideach tar éis ardú a thuilleadh, agus tá sciar mór de sin comhchruinnithe san eastát réadach, idir fhiachas tráchtála agus fhiachas morgáiste teaghlaigh, agus tá an chuid is mó den fhiachas morgáiste teaghlaigh ar rátaí úis athraitheacha. Níor tugadh aghaidh go leordhóthanach sna bearta beartais ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas tithíochta agus le ró‑luachálacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar phraghsanna tithe. Tá dreasachtaí cánach fós ann do thithíocht a mhaoinítear le fiachas, mar aon le ganntanas soláthair agus easnaimh aitheanta i bhfeidhmiú an mhargaidh chíosa. Téann na bearta sa RRP i ngleic leis na leochaileachtaí ar bhealach nach bhfuil sásúil ach go páirteach.

Ballstáit a bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha acu

Tá míchothromaíochtaí iomarcacha ag an gCipir. Baineann na leochaileachtaí le fiachas ard rialtais agus príobháideach, le heasnaimh mhóra sa chuntas reatha agus le stoc iasachtaí neamhthuillmheacha atá fós ard. Tháinig laghdú ar na cóimheas fiachais‑OTI príobháideach agus rialtais arís a bhuí le hathléim láidir eacnamaíoch in 2021. Tháinig laghdú suntasach ar iasachtaí neamhthuillmheacha na hearnála baincéireachta a bhuí le díol mór na n‑iasachtaí sin le cuideachtaí fála creidmheasa ach tá siad ard i gcónaí. Tá an t‑easnamh sa chuntas reatha mór in ainneoin gur tháinig feabhas air in 2021, agus ina theannta sin meastar go leathnóidh sé in 2022 agus go gcúngófar go mall é ina dhiaidh sin, rud a fhágann nach n‑áiritheofar glanstaid infheistíochta idirnáisiúnta stuama sa mheántéarma. Meastar go dtiocfaidh tuilleadh feabhais ar na cóimheasa fiachais‑OTI rialtais agus príobháideach, i bpáirt de bhua an fháis eacnamaíoch. Mar sin féin, tá neamhchinnteacht mhéadaithe ann d’ionchas eacnamaíoch 2022 a bhaineann le tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin i bhfianaise a shuntasaí atá nochtadh thrádáil na seirbhísí. Má chuirtear chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach é, d’fhéadfadh an RRP cur le laghdú suntasach na leochaileachtaí, ach tá údar le tuilleadh gníomhaíochta beartais.

Tá míchothromaíochtaí iomarcacha ag an nGréig. Baineann na leochaileachtaí le fiachas ard rialtais, le hathchothromú seachtrach neamhiomlán agus le hiasachtaí neamhthuillmheacha arda i gcomhthéacs acmhainneachta ísle fáis agus dífhostaíochta ard. D’fhill cóimheas fiachais‑OTI an rialtais ar a bheith ag laghdú, agus meastar go leanfar den laghdú sin a bhuí le feabhas ar na torthaí buiséadacha agus ar an bhfás eacnamaíoch. Léiríonn an t‑easnamh sa chuntas reatha fós an téarnamh neamhiomlán ón titim ghéar sa turasóireacht eachtrach in 2020 agus meastar go bhfanfaidh sé diúltach go soiléir i mbliana agus ina dhiaidh sin. Tá an seasamh glan infheistíochta idirnáisiúnta fós diúltach den chuid is mó freisin, rud a léiríonn an fiachas rialtais atá i seilbh creidiúnaithe earnála oifigiúla den chuid is mó. D’fhéadfadh feabhas teacht air, áfach, mar sciar OTI a bhuí le fás eacnamaíoch agus le hinsreafaí chistí suntasacha RRF. D’ainneoin dul chun cinn suntasach, tá sciar na n‑iasachtaí neamhthuillmheacha fós ard agus cuireann sé bac ar chumas na mbanc creidmheas a thabhairt do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Rinneadh bearta ábhartha chun coigeartú eacnamaíoch agus leachtú leochaileachtaí a éascú. Is deis mhór é cur chun feidhme rathúil RRP chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí agus feabhas a chur ar an bhfás a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tá míchothromaíochtaí iomarcacha ag an Iodáil. Baineann na leochaileachtaí le fiachas ard rialtais agus le fás lag ar an táirgiúlacht, i gcomhthéacs laigí i margadh an tsaothair agus roinnt laigí sna margaí airgeadais, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo. Is príomhthoisc é fás seasmhach íseal na táirgiúlachta i dtaca le fás lag fadtréimhseach OTI na hIodáile, rud a chuir bac ar fhiachas an rialtais a dhíghiaráil, a tháinig salach ar dheiseanna fostaíochta, agus a raibh tionchar aige ar chláir chomhardaithe na mbanc. Thosaigh laghdú ar chóimheas fiachais‑OTI an rialtais in 2021 agus táthar ag tuar go dtiocfaidh laghdú breise air ach tá riosca fós ann i dtaobh na hinbhuanaitheachta fioscaí, na hearnála airgeadais agus an fháis eacnamaíoch. D’ainneoin feabhsuithe i margadh an tsaothair, tá rátaí rannpháirtíochta ísle ann i gcónaí. Táthar tar éis feabhsuithe suntasacha a bhaint amach maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú, cé gur treisíodh an nasc idir na bainc agus an stát le linn na géarchéime COVID-19 agus is dúshlán fós é. Ina theannta sin, d’fhéadfadh dúshláin a bheith roimh earnáil na baincéireachta agus tionchar dheireadh na mbeart tacaíochta sealadacha a rinneadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim phaindéimeach ag teacht chun cinn go hiomlán. Tá an RRP ag dul i ngleic le leochaileachtaí, trí iomaíochas agus táirgiúlacht a spreagadh i measc nithe eile. Mar sin féin, is dócha go mbeidh am de dhíth sula bhfeicfear éifeacht na hinfheistíochta agus na n‑athchóirithe le leas an fháis, agus beidh an éifeacht sin ag brath go mór ar chur chun feidhme gasta fónta.

(1) COM(2022) 230
(2)  COM(2022) 231 
(3)  Amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Sásra um Aistriú Cóir, Fís Eorpach agus Ciste an Aontais Eorpaigh maidir le Trádáil Astaíochtaí: Cistí Nuálaíochta agus Nuachóiriúcháin Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
(4) Féach Aguisín 3 maidir leis an dul chun cinn ar fud an Aontais maidir le cur chun feidhme na SFInna agus Tuarascáil Faireacháin 2022 Eurostat maidir le SFInna: https://ec.europa.eu/eurostat/product?code=KS-09-22-019 .
(5)  https://www.consilium.europa.eu/media/54773/20220311-versaillesdeclarationen.pdf
(6)  Is é is aidhm do na cláir athléimneachta, cláir atá forbartha ag an gCoimisiún, measúnú iomlánaíoch a chur ar fáil ar athléimneacht an Aontais agus na Ballstát. Leis na cláir sin, déantar measúnú ar athléimneacht mar an cumas dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cuspóirí beartais le linn dúshlán. Féach: https://ec.europa.eu/info/strategy/strategic-planning/strategic-foresight/2020-strategic-foresightreport/resilience-dashboards_en
(7)  Féach Aguisín 2 maidir leis an dul chun cinn ar fud an Aontais i gcur chun feidhme na moltaí tírshonracha. 
(8)  Féach Aguisín 1 maidir leis an bhforbhreathnú ar réimsí téamacha a chlúdaítear i dtograí na bliana seo maidir le moltaí tírshonracha.
(9)  Déanfaidh na Ballstáit pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta in 2023 i gcomhréir le REPowerEU, leis na moltaí ábhartha tírshonracha agus leis na modhnuithe a dhéanfar ar RRPanna i ndeireadh na dála.
(10)  C(2022) 3300
(11)  Rialachán (AE) 2021/1119.
(12)  Bosca 2 in ‘The EU economy after COVID-19: implications for economic governance’, [Geilleagar an Aontais i ndiaidh phaindéim COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch], an Coimisiún Eorpach, COM(2021) 662 final. 
(13)  Tá bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ar cheann de na príomhcholúin, ní hamháin chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach ach chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón gcoigríoch a laghdú agus slándáil an tsoláthair agus úsáid fuinnimh inathnuaite a mhéadú. Ba cheart é a chur i bhfeidhm trí lánaird a thabhairt ar bhearta costéifeachtúla éifeachtúlachta fuinnimh agus beartas fuinnimh á mhúnlú agus cinntí infheistíochta ábhartha á ndéanamh.
(14)  I réimse na namhábhar criticiúil, tá iarrachtaí ábhartha ar siúl faoi láthair agus déanfar iad a mhéadú, mar a fógraíodh i bplean REPowerEU (COM(2022)230).
(15)  Faoi 2030: ráta fostaíochta de 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois; ar a laghad 60 % de na daoine fásta uile ag glacadh páirt san fhoghlaim gach bliain; ar a laghad 15 mhilliún níos lú duine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta.
(16) COM(2021) 660 final.
(17) Féach: Togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_21_6795
(18) Taifeadtar formhór na nimirceach a thagann isteach sa Pholainn, agus ina dhiaidh sin Ballstáit eile de chuid an Aontais atá comharsanach leis an Úcráin, ach táthar ag súil le hathlonnú i dtreo tíortha eile de chuid an Aontais. Féach: Teachtaireacht maidir le ‘Fáilte roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin’ an 23 Márta 2022.
(19) Féach: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1). 
(20)  An 8 Márta, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Gníomhaíochta Comhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE), lenar féidir an maoiniú atá ar fáil a athleithdháileadh go tapa ó Bheartas Comhtháthaithe 2014-20 (CSE, CFRE) agus ón gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD). Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint freisin as imchlúdach 2022 an Chúnaimh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine sin atá ar a dteitheadh ón Úcráin. Mhol an Coimisiún méadú EUR 3.4 billiún a chur ar an réamhmhaoiniú iomlán ó REACT-EU chuig na Ballstáit agus fáilte á cur aige roimh dhaoine a easáitíodh as an Úcráin. Leis na cistí sin, comhlánófar cistí téamacha atá ann cheana amhail an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí. Ón 13 Aibreán ar aghaidh, thug an Coimisiún nós imeachta simplithe maoinithe isteach faoi bheartas comhtháthaithe 2014-2020 chun freastal ar riachtanais bhunúsacha daoine ar tugadh cosaint shealadach dóibh mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin.
(21)      Gan bearta éigeandála sealadacha COVID-19 a áireamh.
(22) COM(2021) 105 final
(23)  I mí na Nollag 2021, thíolaic an Coimisiún tionscnamh lárnach chun stop a chur le húsáid eintiteas caoch chun críocha cánach. Tá sé d’aidhm ag an togra (‘UNSHELL’) a áirithiú nach bhfuil eintitis san Aontas Eorpach nach bhfuil aon ghníomhaíocht eacnamaíoch acu nó nach bhfuil a laghad gníomhaíochta eacnamaíche in ann tairbhe a bhaint as buntáistí cánach ar bith. I mí na Nollag 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treorach chun íosleibhéal domhanda cánachais (Colún 2) a chur chun feidhme san Aontas Eorpach. Leagtar amach rialacha sa togra chun íosleibhéal cánachais a áirithiú d’fhiontair ilnáisiúnta mhóra agus do ghrúpaí intíre ar mhórscála, rud a chuirfidh le cánachas cothrom agus le timpeallacht fhónta ghnó araon. A luaithe a ghlacfaidh an Chomhairle an Treoir, beidh sé mar aidhm aici íosráta úsáide a leagan síos maidir le hiomaíocht iomarcach cánach idir dlínsí.
(24)  Lena náirítear gníomhaíocht beartais a thuairiscítear sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú agus sa tuairisciú RRF (tuairisciú leathbhliantúil ar an dul chun cinn maidir le garspriocanna agus spriocanna a chur chun feidhme agus atá mar thoradh ar an measúnú ar an iarraidh ar íocaíocht), cé is moite de na Ballstáit nár chuir plean téarnaimh agus athléimneachta isteach fós faoi scoithdháta na Teachtaireachta seo nó nach bhfuil a bplean formheasta (an Ungáir, an Pholainn, an Ísiltír).
(25)  Iarradh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na moltaí tírshonracha ábhartha uile nó ar fhothacar mór acu ina RRPanna. I gcás na RRPanna a glacadh faoi scoithdháta na Teachtaireachta seo, is iad na moltaí tírshonracha ábhartha na moltaí a ghlac an Chomhairle in 2019 agus in 2020. Cuirtear san áireamh sa mheasúnú seo ar na moltaí tírshonracha méid chur chun feidhme na mbeart a áirítear sna RRPanna agus na mbeart sin a bhí déanta lasmuigh de na RRPanna tráth an mheasúnaithe. Maidir leis na bearta dá bhforáiltear in iarscríbhinní na gCinntí Cur Chun Feidhme a ghlac an Chomhairle maidir le formheas an mheasúnaithe ar RRPanna ach nár glacadh nó ná cuireadh chun feidhme fós cé go meastar iad a bheith fógartha go hinchreidte, i gcomhréir le modheolaíocht an mheasúnaithe ar mholtaí tírshonracha, is ceart ‘dul chun cinn teoranta’ a luadh leo. Ach a gcuirfear na bearta sin chun feidhme, féadfar ;dul chun cinn áirithe/suntasach’ nó ‘cur chun feidhme iomlán’ a a luadh leo, ag brath ar a ábhartha agus atá siad.
(26)    Déanfaidh an Coimisiún agus BCE measúnú ar ghealltanais na Cróite i gcomhthéacs rannpháirtíocht ERM II ina réimsí inniúlachta faoi seach in am trátha.
Top