AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.10.2022
COM(2022) 567 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le húdaruithe in 2021 de bhun an Rialacháin maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach
1.Réamhrá
Is é is cuspóir don Rialachán (AE) 2019/125 (‘an Rialachán’) maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach cosc a chur, i dtíortha taobh amuigh den Aontas, ar phionós an bháis, ar thaobh amháin, agus ar íde nó ar phionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar an taobh eile. Déantar idirdhealú leis idir:
-earraí atá mí‑úsáideach ó nádúr agus nár cheart a thrádáil ar chor ar bith (Iarscríbhinn II); agus
-earraí a bhféadfadh úsáid dhlisteanach a bheith leo, amhail trealamh forfheidhmithe dlí (Iarscríbhinn III) agus earraí le haghaidh úsáid theiripeach (Iarscríbhinn IV).
Tá trádáil in earraí a liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV faoi réir srianta áirithe.
Luaitear in Airteagal 26(3) den Rialachán nach mór do na Ballstáit tuarascáil bhliantúil phoiblí ar ghníomhaíocht a chur le chéile. Ní mór faisnéis maidir le líon na n‑iarratas arna bhfáil, na hearraí agus na tíortha lena mbaineann, agus na cinntí arna ndéanamh i dtaobh na n‑iarratas a bheith istigh sa tuarascáil. Luaitear in Airteagal 26(4) nach mór don Choimisiún tuarascáil a chur le chéile arb éard a bheidh inti na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíocht arna bhfoilsiú ag na Ballstáit. Ní mór dó an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí.
Cuirtear faisnéis ar fáil i dtuarascáil seo an Choimisiúin maidir le gníomhaíochtaí údaraithe na mBallstát i dtaca le honnmhairí earraí in 2021 a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh phionós an bháis.
Tá tuarascáil curtha le chéile ag gach Ballstát ar líon na n‑údaruithe onnmhairiúcháin arna ndeonú agus arna ndiúltú faoi Airteagail 11(1) agus 16(1) den Rialachán agus ar na hearraí agus na tíortha is ceann scríbe atá i gceist. I gcásanna áirithe, thuairiscigh údaráis inniúla na mBallstát ar líon nó ar chainníochtaí na n‑earraí arna n‑údarú lena n‑onnmhairiú agus ar chatagóir na n‑úsáideoirí deiridh ar soláthraíodh na hearraí dóibh.
Údaruithe faoi Rialachán (AE) 2019/125
Éilítear le hAirteagail 11(1) agus 16(1) den Rialachán go dtabharfaí údarú i leith onnmhairí earra a liostaítear in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinn IV faoi seach.
Liostaítear in Iarscríbhinn III earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaigh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Tagann na hearraí in Iarscríbhinn III faoi na ceannteidil seo a leanas: earraí atá ceaptha chun daoine a shrianadh; airm agus gléasanna atá ceaptha le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta; agus airm agus trealamh lena scaiptear substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta agus substaintí gaolmhara áirithe.
Liostaítear ceimiceáin áirithe in Iarscríbhinn IV a d’fhéadfaí a úsáid in instealltaí marfacha.
Seachas sa chás go n‑úsáidtear an tÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas (GEA) a leagtar amach in Iarscríbhinn V le haghaidh onnmhairí earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, tá an t‑údarú chun earraí a onnmhairiú le fáil ó údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I leis an Rialachán.
Is iondúil gur féidir onnmhairiú chuig cinn scríbe a liostaítear sa GEA ón Aontas a dhéanamh gan údarú aonair nó údarú foriomlán arna dheonú ag Ballstát a fháil. An cur chuige a bhí i bhfeidhm go dtí seo ná tír neamh‑AE a áireamh in Iarscríbhinn V sa chás go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta ábhartha daingnithe ag an tír sin agus gealltanas tugtha aici go gcuirfidh sí deireadh le pionós an bháis i gcás gach coire. Maidir le tíortha nach comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad, ní mór an Dara Prótacal Roghnach don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR) a bheith daingnithe gan forchoimeád ag an tír lena mbaineann.
Mar sin féin, má tá amhras réasúnach ann maidir le cumas an onnmhaireora téarmaí an údaraithe nó reachtaíocht i dtaobh onnmhairí a chomhlíonadh, féadfaidh an t‑údarás inniúil toirmeasc a chur ar an onnmhaireoir an GEA ón Aontas a úsáid.
Luaitear in Airteagal 20(2) den Rialachán go bhféadfadh údarú aonair (údarú i leith onnmhairí chuig úsáideoir deiridh amháin nó chuig coinsíní i dtír neamh‑AE) nó údarú foriomlán (údarú i leith onnmhairí chuig úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó nó chuig dáileoirí i dtír shonraithe neamh‑AE amháin nó níos mó) a bheith i gceist le húdarú onnmhairiúcháin arna dheonú ag Ballstát.
Cuirtear toirmeasc le hAirteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán ar onnmhairiú, allmhairiú agus idirthuras faoi seach maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II. Féadfaidh údaráis inniúla maolú ar an toirmeasc a dheonú sa chás go léirítear go mbainfear úsáid eisiach as na hearraí lena mbaineann lena gcur ar taispeáint phoiblí in iarsmalann (i dtír neamh‑AE nó, de réir Airteagal 4, i mBallstát) i bhfianaise na tábhachta staire a bhaineann leo, agus sa chás sin amháin.
|
2.Údaruithe arna ndeonú agus arna ndiúltú
In 2021, ba é 275 an líon iomlán údaruithe a tuairiscíodh, agus thuairiscigh naoi mBallstát gur dheonaigh siad údaruithe. Chuir na Ballstáit eile in iúl don Choimisiún nach bhfuair siad iarratais ar bith ar údarú de bhun an Rialacháin.
Ó tharla nach bhfuil gné chainníochtúil i gceist leis na sainmhínithe ar ‘údarú aonair’ agus ar ‘údarú foriomlán’ in Airteagal 2 den Rialachán, ní thugann tásc ar líon na n‑údaruithe líon nó cainníocht na n‑earraí a bhaineann leis na húdaruithe seo le tuiscint. Ní hiondúil go ndéantar idirdhealú idir údaruithe aonair agus údaruithe foriomlána in aon fhaisnéis a chuireann Ballstáit ar fáil don Choimisiún ach oiread.
Thuairiscigh Ballstáit gur dhiúltaigh siad dhá iarratas ar údarú onnmhairiúcháin in 2021. Bhain na cásanna séanta a tuairiscíodh le hidirbhearta áirithe a bhí beartaithe le custaiméirí sa tSile agus sa tSín. Bhain an t‑onnmhaire beartaithe chuig an tSile le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, cód 3.1, agus bhain an t‑onnmhaire beartaithe chuig an tSín le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, cód 3.6.
Cuirtear toirmeasc le hAirteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán ar onnmhairiú, allmhairiú agus idirthuras faoi seach maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II. Leis an Rialachán, ceadaítear d’údaráis inniúla náisiúnta maolú ar an toirmeasc a dheonú sa chás go léirítear go mbainfear úsáid eisiach as na hearraí lena mbaineann lena gcur ar taispeáint phoiblí in iarsmalann (i dtír neamh‑AE nó, de réir Airteagal 4, i mBallstát) i bhfianaise na tábhachta staire a bhaineann leo, agus sa chás sin amháin. Thuairiscigh na húdaráis inniúla nár dheonaigh siad maoluithe den sórt sin in 2021.
Cuirtear faisnéis ar fáil in Iarscríbhinn 1 leis an tuarascáil seo ar líon na n‑údaruithe onnmhairiúcháin a dheonaigh na húdaráis inniúla náisiúnta in 2021, de réir catagóir earraí (Iarscríbhinní III agus IV leis an Rialachán). Níl onnmhairí faoin GEA ón Aontas (Iarscríbhinn V) san áireamh san fhaisnéis ar líon na n‑údaruithe a deonaíodh.
Cuirtear faisnéis ar fáil in Iarscríbhinn 2 ar líon na n‑údaruithe agus na ndiúltuithe onnmhairiúcháin tuairiscithe de réir catagóir earraí (Iarscríbhinní III agus IV leis na Rialachán).
Cuirtear faisnéis ar fáil in Iarscríbhinn 3 ar líon na n‑iarratas a údaraíodh agus a diúltaíodh le linn na tréimhse 2017-2021.
Cuirtear faisnéis ar fáil in Iarscríbhinn 4 ar líon na n‑údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe a d’eisigh na Ballstáit.
Cuirtear faisnéis ar fáil in Iarscríbhinn 5 ar na príomhchinn scríbe tuairiscithe do na honnmhairí údaraithe.
Déantar achoimre in Iarscríbhinn 6 ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún ar úsáid deiridh thuairiscithe na n‑onnmhairí údaraithe in 2021.
Cuirtear forléargas ar fáil in Iarscríbhinní 7 agus 8 ar na hearraí a údaraíodh lena n‑onnmhairiú, ar na cinn scríbe a bhain leo agus ar an úsáid deiridh tuairiscithe a bhain leo.