EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0515

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Cáilíocht an bhreosla peitril agus díosail a úsáidtear don iompar ar bóthar san Aontas Eorpach (Bliain tuairiscithe 2020)

COM/2022/515 final

An Bhruiséil,26.10.2022

COM(2022) 515 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Cáilíocht an bhreosla peitril agus díosail a úsáidtear don iompar ar bóthar san Aontas Eorpach


(Bliain tuairiscithe 2020)




TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Cáilíocht an bhreosla peitril agus díosail a úsáidtear don iompar ar bóthar san Aontas Eorpach 
(Bliain tuairiscithe 2020)

1.    Réamhrá

De bhun Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE 1 a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (dá ngairtear feasta ‘An Treoir maidir le Cáilíocht Breoslaí (TCB)’) agus Airteagal 5 de Threoir (AE) 2015/652 ón gComhairle lena leagtar síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE 2 , ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil bhliantúil a thabhairt maidir leis an déine gás ceaptha teasa (GCT) a bhaineann leis na breoslaí a sholáthraítear ina gcríocha. Bhí feidhm leis an oibleagáid tuairiscithe sin den chéad uair do bhliain tuairiscithe 2017, tar éis chur i bhfeidhm agus thrasuí Threoir (AE) 2015/652 ón gComhairle. Sa tuarascáil bhliantúil seo tá na sonraí a tuairiscíodh don bhliain 2020.

Thairis sin, de bhun Airteagal 8(3) de Threoir 98/70/CE ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a thabhairt maidir le sonraí náisiúnta cáilíochta breoslaí don bhliain féilire roimhe sin.

Sa tuarascáil bhliantúil seo tugtar achoimre ar an bhfaisnéis a sholáthair na Ballstáit i ndáil leis na ceanglais tuairiscithe thuasluaite. Tá sí bunaithe ar na sonraí a chuir na Ballstáit faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain 2020.

2.    Toirteanna agus saolré déine gás ceaptha teasa de chuid breoslaí agus cineálacha fuinnimh

In Airteagal 7a den Treoir maidir le Cáilíocht Breoslaí, i gcomhar le Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, leagtar amach ceanglais tuairiscithe maidir leis na nithe seo a leanas:

·toirt iomlán gach cineáil breosla nó fuinnimh a sholáthraítear i gcomhair iompar ar bóthar agus innealra soghluaiste neamh-bhóthair (lena náirítear soithí uiscebhealaí intíre nuair nach mbíonn siad ar muir), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus árthaí áineasa nuair nach mbíonn siad ar muir;

·saolré astaíochtaí GCT in aghaidh an aonaid fuinnimh, lena náirítear meánluachanna sealadacha na nastaíochtaí measta i dtaca le hathrú indíreach ar an talamhúsáid (ILUC) ó bhithbhreoslaí 3 ;

·an bunábhar agus an chonair táirgeachta bithbhreoslaí a úsáidtear le haghaidh gach bithbhreosla a sholáthraítear i gcríocha a na mBallstát.

Leis an Treoir maidir le Cáilíocht Breoslaí cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit chun a cheangal ar sholáthróirí breoslaí laghdú 6 % ar a laghad a chur faoin 31 Nollaig 2020 ar shaolré déine GCT na mbreoslaí iompair, i.e., saolré astaíochtaí GCT in aghaidh an aonaid fuinnimh ó bhreosla agus fuinneamh a sholáthraítear i gcomparáid leis an gcaighdeán bunlíne don bhreosla do 2010, is é sin 94.1 gCO2eq/MJ. Ní chuirtear san áireamh astaíochtaí GCT ILUC le linn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh sprioc íosta laghdaithe 6 %. Déantar foráil leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (AE) 2018/2001 4 maidir le roinnt beart chun dul i ngleic le ILUC lena náirítear uasteorainn a chur le bithbhreoslaí bia-bhunaithe agus beatha-bhunaithe, trí bhíthin a ghnímh tarmligthe 5 lena leagtar amach critéir mhionsonraithe maidir le cinneadh a dhéanamh i dtaobh bunábhar lena mbaineann ardriosca ILUC, agus atá le céimniú amach de réir a chéile faoi 2030, agus na critéir maidir le cinneadh a dhéanamh i dtaobh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena mbaineann riosca íseal ILUC.

Sa bhliain 2020, sholáthair na 27 mBallstát uile, an Ríocht Aontaithe, an Iorua agus an Íoslainn sonraí maidir le laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa san fhormáid iomchuí. Mar sin féin, sholáthair an Ríocht Aontaithe sonraí gan sonraí Thuaisceart Éireann 6 a dheighilt den iomlán, agus dá bhrí sin níorbh fhéidir sonraí le haghaidh Thuaisceart Éireann chur ar áireamh i bhfigiúirí comhiomlánaithe na tuarascála. Ó tharla nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe do 2020 maidir leis an Ríocht Aontaithe ina hiomláine, ní áirítear sonraí don Ríocht Aontaithe ina hiomláine sa tuarascáil ach an oiread. Ós a choinne sin, áirítear sa tuarascáil seo roinnt sonraí le haghaidh Thuaisceart Éireann a soláthraíodh lasmuigh den fhormáid tuairiscithe ina ndéantar sonraí a chur isteach. Tagraíonn na comparáidí idir na figiúirí comhiomlánaithe do AE-27 le haghaidh na mblianta tagartha uile.

2.1    Astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an fad go dtí sprioc 2020

De réir na sonraí a soláthraíodh, 89 gCO2eq/MJ ab ea meándéine GCT na mbreoslaí agus an fhuinnimh a soláthraíodh sna 27 mBallstát a thuairiscigh in 2020 , rud a thugann ann do choigilteas 51 Mt de choibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2eq) le linn na bliana 2020. Tá an figiúr sin 5.5 % níos ísle ná bunlíne 2010, is é sin 94.1 gCO2eq/MJ (suas ó laghdú 4.3 % a bhain amach 27 mBallstát an Aontais in 2019), rud a chiallaíonn go bhfuil gá le laghdú breise 0.5 % i ndéine GCT na mbreoslaí iontaise, na mbithbhreoslaí agus an fhuinnimh uile a sholáthraítear má táthar chun sprioc 6 % a bhaint amach. 

Sna sonraí a tuairiscíodh do 2020 léirítear go bhfuil éagsúlachtaí móra sna céimeanna dul chun cinn a bhain soláthróirí breosla an Aontais amach ar fud Ballstáit an Aontais. Bhain ocht gcinn de Bhallstáit (an Bheilg, an Chipir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ungáir, Lucsamburg, Málta agus an tSualainn) amach a gcuspóir ó thaobh laghdú 6 % a chur ar dhéine GCT na mbreoslaí iompair faoi 2020, i gcomparáid le 2010 (féach Fíor 1). Is feabhas tábhachtach é sin i gcás roinnt mhaith Ballstát i gcomparáid le bliain tuairiscithe 2019 tráth nach ndearna ach dhá Bhallstát, an tSualainn agus an Fhionlainn, sprioc 6 % a bhaint amach. An Chipir agus an Eastóin a rinne an dul chun cinn is mó agus iad ag gnóthú mhéaduithe 4.7 agus 4.5 pointe céatadáin idir 2019 agus 2020, le hais bhunlíne 2010, agus an Bheilg, an Danmhairg agus an Ungáir ina dhiaidh sin a bhain amach méaduithe ó 3.3 go 3.1 pointe céatadáin. Ar bhonn na réamhshonraí arna soláthar ag an Ríocht Aontaithe 7 bhain Tuaisceart Éireann laghdú 6.2 % amach i ndéine GCT an bhreosla a soláthraíodh i dTuaisceart Éireann in 2020.

I dtéarmaí an fhaid atá fágtha go dtí an sprioc, bhí an tSlóvaic, an Ísiltír agus an Ostair, 5.8 %, 5.4 % agus 5.1 % faoi seach, anghar cheana do sprioc 6 % a bhaint amach, fad is go ndearna an Rómáin, an Pholainn, an Iodáil, an Fhrainc, an Bhulgáir agus an Ghréig laghduithe a bhaint amach sa réimse idir 4 % agus 5 %. Ar deireadh, i seacht gcinn de Bhallstáit (An tSlóivéin, an Spáinn, an Phortaingéil, an Liotuáin, Éire, an Laitvia agus an Chróit) is ísle ná 4 % i gcónaí an laghdú i ndéine GCT. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil i dTuarascáil Theicniúil EEA Uimh. 2022/2 maidir le Greenhouse gas intensities of transport fuels in the EU in 2020 [Déiní gás ceaptha teasa na mbreoslaí iompair san Aontas in 2020] 8 .

 



Fíor 1: Na laghduithe i ndéine GCT na mbreoslaí arna mbaint amach ag soláthróirí breoslaí sna Ballstáit sna tréimhsí 2010-2019 agus 2010-2020 (Foinse: EEA)

Thairis sin, in 2020, rinne 11 Bhallstát (an Ostair, an Chipir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, an Ungáir an Iodáil, Lucsamburg, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic) laghduithe astaíochtaí réamhtheachtacha (UER) 9 a thuairisciú lenar rannchuidíodh idir 0.3 agus 2.3 pointe céatadáin leis laghdú astaíochtaí GCT a baineadh amach sna Ballstáit sin. Mar thoradh air sin, 2 625 kt Co2eq2eq ab ea an UER iomlán a tuairiscíodh in 2020 rud a thug ann do laghdú breise 0.3 pointe céatadáin i ndéine GCT na mbreoslaí ó 5.2 % go 5.5 % (féach Tábla 5 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil). Ní mór don soláthróir cainníochtú agus tuairisciú a dhéanamh ar an UER a éilítear i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle. Is féidir faisnéis níos mionsonraithe a fháil i nóta treoraíochta 10 maidir le cuir chuige i leith chainníochtú, fhaireachán agus thuairisciú UER.

Agus astaíochtaí ILUC á gcur san áireamh 11 , bhí meándéine GCT na mbreoslaí a soláthraíodh in 2020 san Aontas ar leibhéal 3.3 % níos ísle ná mar a bhí in 2010. Freagraíonn an leibhéal sin do choigilteas30 Mt CO2eq le linn na bliana 2020. De réir Airteagal 7d de Threoir 98/70/CE lena leagtar síos áireamh na nastaíochtaí saolré gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí, ní chuirtear san áireamh astaíochtaí ILUC chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh sprioc íosta laghdaithe 6 %.

Beidh gá le tuilleadh gníomhaíochta chun an breosla a úsáidtear in earnáil an iompair a dhícharbónú agus chun rannchuidiú leis an uaillmhian aeráide mhéadaithe, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa phacáiste reachtach dar teideal ‘Oiriúnach do 55’ ina dhiaidh sin arna mholadh ag an gCoimisiún an 14 Iúil 2021 agus sna próisis chomhchinnteoireachta leanúnacha. Leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite 12 méadaítear an uaillmhian fhoriomlán go substaintiúil maidir le laghdú 13 % a chur ar dhéine astaíochtaí GCT na mbreoslaí iompair uile faoi 2030 i gcomparáid le bunlíne 2010, fad is gur mhol an Coimisiún sprioc laghdaithe 6 % TCB a aisghairm chun rialáil dhúbailte a sheachaint agus chun an reachtaíocht a chuíchóiriú. Leis na Rialacháin ReFuelEU Aviation agus FuelEU Maritime atá beartaithe táthar ag féachaint le borradh a chur faoi tháirgeadh agus glacadh na mbreoslaí inbhuanaithe malartacha in earnálacha na heitlíochta agus na mara.

2.2    Soláthar breoslaí

Sa roinn seo tugtar achoimre ar na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit maidir leis na breoslaí iontaise, bithbhreoslaí agus breoslaí de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch uile a thagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le Cáilíocht Breoslaí le haghaidh iompar ar bóthar agus innealra soghluaiste neamhbhóthair.

10 585 peitigiúl (PJ) ab ea an figiúr le haghaidh soláthar iomlán breoslaí a thuairiscigh na 27 mBallstát in 2020, ar laghdú 10.8 % é i gcomparáid le 2019, den chuid is mó mar thoradh ar iarmhairtí éigeandáil COVID-19. Ba threise go mór fada i gcónaí méid na mbreoslaí iontaise (93.2 %) sa soláthar breoslaí, le méid na mbithbhreoslaí (6.8 %) ina dhiaidh sin agus, ar deireadh, sciar an‑bheag leictreachais (0.02 %) (féach Roinn 2.4). In 2020 níor tuairiscíodh breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch ar bith.

In 2020, ba threise i gcónaí an díosal (56.1 %; 5 934 PJ) sa soláthar breoslaí iontaise, agus ina dhiaidh sin bhí peitreal (22.2 %; 2 354 PJ) agus gás-ola (12.6 %; 1 337 PJ). Sa soláthar bhí comhsciar 2.2 % (236 PJ) de ghás peitriliam leachtaithe agus gás nádúrtha (féach Fíor 2).

Fíor 2: Sciartha soláthair fuinnimh breoslaí in aghaidh an chineáil breosla in 2020 (Foinse: EEA)

2.3    Ídiú bithbhreoslaí

Tháinig méadú de bheagán ar an ídiú iomlán bithbhreoslaí ó 693 PJ go 723 PJ idir 2019 agus 2020 sna 27 mBallstát. Is treise i gcónaí méid an bhithdhíosail (eistear meitile aigéid shailligh, FAME) óna dtagann 62.0 % den mhéid iomlán bithbhreoslaí a ídítear(449 PJ), le hola glasraí hidreachóireáilte (HVO) (20.2 %; 146 PJ), agus bitheatánól (13.4 %; 97 PJ) ina dhiaidh sin. Bhí méid 1.6 % (11 PJ) d’éitear búitileach treasach bith-eitileach (bith-ETBE) agus 1.4 % (10 PJ) bithgháis sa mhéid iomlán bithbreoslaí a ídíodh. Sciar an‑bheag a bhí i méid na mbithbhreoslaí eile (féach Fíor 3). Dá bhrí sin, déantar níos mó ná 80 % de na bithbhreoslaí uile a chumasc le breosla díosail. Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe i dtaobh na mbithbhreoslaí agus na gconairí uile i dTuarascáil Theicniúil EEA Uimh. 2022/02.

Fíor 3: Sciartha soláthair fuinnimh bithbhreoslaí in aghaidh an chineáil breosla in 2020 (Foinse: EEA)

2.4    Ídiú leictreachais

Is ar bhonn deonach a thuairiscíonn soláthróirí breoslaí ídiú leictreachais agus rinne 15 Bhallstát (i gcomparáid le 11 in 2019) sonraí a thuairisciú maidir leis an leictreachas a ídíonn feithiclí agus gluaisrothair leictreacha (féach Tábla 1). Mhéadaigh an chainníocht iomlán leictreachais tuairiscithe arna hídiú ag feithiclí leictreacha go dtí 6 218 196 GJ (gan éifeachtúlacht gléasra cumhachta san áireamh) ó 3 714 644 GJ in 2019, is é sin méadú 67 %. D’fhéadfadh an méid leictreachais iarbhír a ídíonn feithiclí leictreacha sna Ballstáit éagsúla a bheith níos mó ó tharla nach bhfuil sé éigeantach ídiú leictreachais a thuairisciú faoi Airteagal 7a agus nach ndéanann roinnt mhaith Ballstát é a thuairisciú go fóill, d’ainneoin go rannchuideodh tuairisciú den sórt le sprioc 6 % a bhaint amach.



Tábla 1: Tábla 1: Leictreachas arna ídiú ag feithiclí agus gluaisrothair leictreacha in 2020 mar rannchuidiú a thuairiscíonn soláthróirí breoslaí mar rannchuidiú lena sprioc laghdaithe GCT (Foinse: EEA)

An Ballstát

Cainníocht fuinnimh

Déine GCT

 

gan éifeachtúlacht gléasra cumhachta (GJ) san áireamh

lena náirítear éifeachtúlacht gléasra cumhachta 13 (GJ)

arna thuairisciú ag Ballstát (g CO2e/MJ)

arna thuairisciú ag Ballstát (g CO2e/kWh)

An Ostair

69 971

27 988

21.8

78

An Bhulgáir

129 600

51 840

522.0

1 879

An tSeicia

1 085

434

177.0

637

An Eastóin

62 091

24 836

114.5

412

An Fhrainc

1 526 400

610 560

16.6

60

An Ghearmáin

2 394 000

957 600

153.0

551

An Ungáir

17 387

6 955

56.3

203

Éire

176 276

70 511

110.1

396

An Iodáil

234 015

93 606

110.3

397

An Ísiltír

766 091

306 437

141.0

508

An Phortaingéil

37 350

14 940

65.7

237

An Rómáin

645 225

258 090

-

-

An tSlóvaic

155 950

62 380

46.4

167

An tSlóivéin

2 447

979

97.5

351

An tSualainn

308

123

13.0

47

Iomlán

6 218 196

2 487 279

3.    Forléargas ar shonraí cáilíochta breoslaí 2020 san Aontas

De réir Airteagal 8 den Treoir maidir le Cáilíocht Breoslaí Treoir, rinne na 27 mBallstát uile, an Iorua, agus an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, tuarascálacha a chur isteach maidir le sonraí náisiúnta cáilíochta breoslaí don bhliain 2020.

Sa roinn seo soláthraítear na sonraí i dtaobh díolacháin pheitril agus díosail, agus maidir leis na bith-chomhpháirteanna a áirítear iontu, le haghaidh iompar ar bóthar a thuairiscigh na 27 mBallstát ón Aontas. Ní áirítear sa roinn seo breoslaí iontaise eile, bithbhreoslaí agus breoslaí de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch eile, chomh maith le breoslaí a úsáidtear le haghaidh innealra soghluaiste neamhbhóthair.

3.1    Peitreal agus díosal

D’fhan an sciar díosail ar leibhéal cobhsaí idir 2017 agus 2020, chun luach 73.2 % de na díolacháin iomlána a bhaint amach in 2020. Níos túisce bhí laghdú de bheagán tar éis teacht ar an sciar sin, ó 71.2 % in 2014 go dtí 73.3 % in 2017. Is toradh oidhreachta é sin ar an bpróiseas ar an dtugtar díosalú fhlít feithiclí na hEorpa a tharla leis na deicheanna de bhlianta anuas agus ar tháinig deireadh tobann leis nuair a tháinig scannal na n‑astaíochtaí díosail chun solais. Tháinig laghdú 12 % ar an méid iomlán díosail a díoladh in 2020 nuair a chuirtear é i gcomparáid le 2019 mar iarmhairt ó éigeandáil COVID-19. Tháinig laghdú céatadánach beagnach mar an gcéanna (12.4 %) ar dhíolacháin pheitril in 2020 (féach Tábla 2).



Tábla 2: Díolacháin díosail agus pheitril i gcás AE-27 (ina milliúin lítear agus na sciartha díbh faoi seach) sna blianta 2017 – 2020

 

2017

2018

2019

2020

Díolacháin breosla díosail

235 388 (73.3 %)

241 653 (73.3 %)

246 865 (73.0 %)

217 395 (73.2 %)

Díolacháin breosla peitril

85 911 (26.7 %)

87 994 (26.7 %)

90 917 (27.0 %)

79 659 (26.8 %)

Iomlán (díosal agus peitreal)

321 299

329 629

337 782

297 054

Is treise an t‑ídiú breosla díosail i mBallstáit uile an Aontais, seachas sa Chipir ina n‑úsáidtear cion 50 % peitril. I measc na dtíortha eile ina n‑ídítear leibhéal sách ard peitril tá an Ghréig, an Ísiltír agus an Fhionlainn ag a bhfuil sciartha comhfhreagracha 45 %, 42 % agus 38 % faoi seach, agus ag an bhfoirceann eile tá an Bhulgáir, an Laitvia agus an Liotuáin a bhfuil sciartha comhfhreagracha 18 %, 16 % agus 13 % faoi seach acu.

Ní raibh aon athruithe suntasacha i ndáileadh na ndíolachán peitril i dtéarmaí uimhreacha ochtáin taighde (RON) ghrád an pheitril idir 2019 agus 2020. Bhain tromlach na ndíolachán peitril in 2020 le breoslaí ina raibh grád peitril RON 95, agus is sciar é sin a mhéadaigh de bheagán i gcomparáid le 2019. Tháinig laghdú ar sciar na ndíolachán 95 ≤ RON < 98, fad is gur tháinig méadú ar na díolacháin RON ≥ 98 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (féach Tábla 3).

Tábla 3: Sciar na ndíolachán peitril in AE-27 de réir uimhreacha RON

2017

2018

2019

2020

RON 95

84.3 %

80.0 %

77.8 %

79.3 %

95 ≤ RON < 98

8.5 %

14.9 %

16.7 %

14.3 %

RON ≥ 98

6.9 %

4.9 %

5.4 %

6.4 %

RON = 91

0.2 %

0.2 %

0.1 %

0.01 %

3.2    Cion bith-chomhpháirteanna

In 2020, margaítear nach mór an peitreal agus an díosal uile a díoladh san Aontas mar ábhar ina bhfuil bith-chomhpháirteanna. Den pheitreal uile a díoladh, bhí bith-chomhpháirteanna i gcion 99.8 % de 14 de réir an mhiondealaithe seo a leanas: Bhí cion 5 % eatánóil de réir toirte (E5) in méid 65.7 % de, is é sin 7.6 pointe céatadáin níos lú ná 2019, fad is go raibh suas le cion 10 % eatánóil (E10) i méid 33.3 % de, rud a léiríonn méadú 7.6 pointe céatadáin i gcomparáid le 2019; Bhí cion 10 % eatánóil (E+ 15 ) i méid 1.0 % den pheitreal.

Den bhreosla díosail uile a díoladh, bhí bith-chomhpháirteanna i sciar 99.7 % de, fad is go raibh suas le cion 7 % FAME (B7) i méid 86.2 % de, bhí níos mó (B+) 16 i méid 13.8 % de, rud a léiríonn méadú mór ó 0.8 % in 2019 (féach Tábla 4).

Tábla 4: Úsáid bith-chomhpháirteanna i mbreoslaí peitril agus díosail a díoladh in AE-27 sna blianta 2017-2020

Cineál breosla

2017

2018

2019

2020

Peitreal

E0

14.5 %

4.9 %

0.7 %

0.0 % 17

E5

66.7 %

81.5 %

73.3 %

65.7 %

E10

18.6 %

13.4 %

25.7 %

33.3 %

E+

0.1 %

0.2 %

0.4 %

1.0 %

Díosal

B0

0.0 %

0.0 %

0.0 %

0.0 % 18

B7

81.8 %

99.2 %

99.1 %

86.2 %

B+

16.2 %

0.8 %

0.8 %

13.8 %

3.3    Teorainneacha cáilíochta agus breoslaí soladacha a chomhlíonadh

Ar an iomlán san Aontas, feictear go ndéantar ard-chomhlíonadh ar na teorainneacha cáilíochta breoslaí. Maidir leis an mórchuid mhór de na príomh-pharaiméadair bhreosla sna samplaí a glacadh in 2020, tuairiscíodh gur thit siad laistigh de na teorainneacha lamháltais.

D’fhíoraigh agus thuairiscigh an Liotuáin, an tSlóivéin agus an tSualainn comhlíontacht iomlán i gcás an pheitril agus an díosail ar aon. D’fhíoraigh agus thuairiscigh 8 gcinn de Bhallstáit comhlíontacht iomlán i gcás an pheitril (an Bhulgáir, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSualainn), agus seacht gcinn déag i gcás an díosail (an Ostair, an Chróit, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSualainn).

Thuairiscigh na Ballstáit líon iomlán 235 chás neamh-chomhlíontachta i gcás an pheitril agus 90 ceann i gcás an díosail, rud a chomhfhreagraíonn do sciartha 1 % agus 0.4 % faoi seach de líon iomlán na samplaí a glacadh in 2020, agus is titim 33 % é sin i gcomparáid leis an mbliain 2019. I gcás an pheitril, is iad na comh-pharaiméadair is coitianta a thit lasmuigh den na sonraíochtaí sáruithe ar an ngalbhrú samhraidh (cúig Bhallstát déag), uimhir ochtáin taighde (RON, 6 cinn de Bhallstáit), uimhir ochtáin mótair (MON, 5 cinn de Bhallstáit), cion aramatach (anailís hidreacarbóin, 5 cinn de Bhallstáit) agus cion sulfair (Ballstát amháin, an Fhrainc). I gcás an díosail, is iad na comh-pharaiméadair is coitianta a thit lasmuigh den na sonraíochtaí cion sulfair agus cion FAME (i 6 cinn de Bhallstáit don dá pharaiméadar).

Rinne na Ballstáit uile cur síos ar ghníomhaíochtaí a rinneadh nuair a sainaithníodh samplaí neamh-chomhlíontachta. Ar áireamh sna gníomhaíochtaí sin bhí na údaráis inniúla a chur ar an eolas, imscrúduithe a thionscnamh, pionóis agus fíneálacha a fhorchur, agus athshampláil. I líon beag cásanna ní dhearnadh aon ghníomhaíocht i gcás ina bhfuarthas amach go raibh na paraiméadair neamh-chomhlíontachta an‑ghar do na teorainneacha lamháltais.

Dá bhrí sin níor ghá don Choimisiún aon imscrúdú a sheoladh sa réimse seo. Maidir leis an gcóras faireacháin cáilíochta breoslaí atá i bhfeidhm, is féidir teacht ar an gconclúid go n‑áirithítear leis go ndíoltar breoslaí ardcháilíochta san Aontas i gcomhréir le ceanglais na Treorach maidir le Cáilíocht Breoslaí.



Iarscríbhinn

Tábla 5: Rannchuidiú na Laghduithe Astaíochtaí Réamhtheachtacha le sprioc 6 % ó thaobh déine astaíochta GCT a bhaint amach in 2020, gan ILUC san áireamh (Foinse: EEA)

Ballstát

Laghdú déine GCT gan UERanna san áireamh

Rannchuidiú UERanna

Laghdú déine GCT, lena n‑áirítear UERanna

Déine GCT, UERanna san áireamh
(g CO2eq/MJ)

Déine GCT, gan UERanna san áireamh
(g CO2eq/MJ)

An Chipir

3.7 %

2.3 %

6.0 %

88.4

90.6

An Danmhairg

3.7 %

2.3 %

6.0 %

88.5

90.6

An Ostair

3.2 %

1.9 %

5.1 %

89.3

91.1

An Ungáir

4.2 %

1.8 %

6.1 %

88.4

90.1

An Eastóin

4.9 %

1.4 %

6.3 %

88.2

89.5

An tSlóvaic

4.5 %

1.3 %

5.8 %

88.6

89.9

An Rómáin

4.0 %

0.8 %

4.8 %

89.6

90.3

An tSeicia

5.4 %

0.7 %

6.1 %

88.4

89.0

An Pholainn

4.4 %

0.4 %

4.7 %

89.6

90.0

Lucsamburg

5.7 %

0.4 %

6.0 %

88.4

88.8

An Iodáil

4.5 %

0.3 %

4.7 %

89.6

89.9

An Bheilg

6.3 %

0.0 %

6.3 %

88.1

88.1

An Bhulgáir

4.0 %

0.0 %

4.0 %

90.3

90.3

An Chróit

2.2 %

0.0 %

2.2 %

92.0

92.0

An Fhionlainn

7.2 %

0.0 %

7.2 %

87.4

87.4

An Fhrainc

4.4 %

0.0 %

4.4 %

90.0

90.0

An Ghearmáin

6.1 %

0.0 %

6.1 %

88.3

88.3

An Ghréig

4.0 %

0.0 %

4.0 %

90.3

90.3

Éire

3.2 %

0.0 %

3.2 %

91.1

91.1

An Laitvia

2.9 %

0.0 %

2.9 %

91.3

91.3

An Liotuáin

3.3 %

0.0 %

3.3 %

91.0

91.0

Málta

6.2 %

0.0 %

6.2 %

88.2

88.2

An Ísiltír

5.4 %

0.0 %

5.4 %

89.0

89.0

An Phortaingéil

3.4 %

0.0 %

3.4 %

90.9

90.9

An tSlóivéin

3.8 %

0.0 %

3.8 %

90.5

90.5

An Spáinn

3.7 %

0.0 %

3.7 %

90.6

90.6

An tSualainn

19.1 %

0.0 %

19.1 %

76.1

76.1

AE-27

5.2 %

0.3 %

5.5 %

89.0

89.2

(1)

Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle, IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

(2)

 Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 lena leagtar síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail, IO L 107, 25.4.2015, lgh. 26.

(3)

Treoir (AE) 2015/1513 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leasaítear Treoir 98/70/CE a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 2009/28/CE maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, IO L 239, 15.9.2015, lch. 8).

(4)

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, IO L 328, 21.12.2018, lgh. 82–209

(5)

 C(2019) 2055 final: https://ec.europa.eu/energy/sites/ener/files/documents/2_en_act_part1_v3.pdf

(6)

 Tar éis dheireadh na hidirthréimhse, níl feidhm a thuilleadh ag Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, lena leagtar amach oibleagáidí tuairiscithe ábhartha, maidir leis an Ríocht Aontaithe ina hiomláine. Mar sin féin, de bhun Airteagal 5(4) arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn 2, pointe 47 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:12020W/TXT ), leanann Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle d’fheidhm a bheith aici maidir leis an Ríocht Aontaithe, agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann.

(7)

Faoi láthair tá bailchríoch á cur ag an Ríocht Aontaithe ar an tuarascáil a chuirfear isteach le haghaidh Thuaisceart Éireann faoi Airteagal 7a de TCB agus i gcomhréir le hAirteagal 5 de Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle.

(8)

  https://www.eionet.europa.eu/etcs/etc-cm/products/etc-cm-report-2022-02  

(9)

Ciallaíonn ‘astaíochtaí réamhtheachtacha’ na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile a chruthaítear sula dtéann an t-amhábhar isteach sa scaglann nó monarcha phróiseála ina dtáirgtear an breosla.

(10)

https://ec.europa.eu/clima/system/files/2016-11/guidance_note_on_uer_en.pdf

(11)

Le haghaidh an áirimh sin, cuireadh san áireamh na hastaíochtaí sealadacha measta i dtaca le hathrú indíreach ar an talamhúsáid ó bhithbhreoslaí mar a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir maidir le Cáilíocht Breoslaí.

(12)

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021PC0557

(13)

I gcomhréir le hIarscríbhinn I, Cuid 1 de Threoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, ríomhtar an sprioc laghdaithe GCT ar bhonn cainníochtaí leictreachais ag úsáid an fhachtóra coigeartaithe i gcomhair teicneolaíocht feithiclí leictreacha (FE), rud a fhreagraíonn don éifeachtúlacht gléasra cumhachta a chur san áireamh.

(14)

Sa mhéid sin áirítear bith-eatánól arna chumasc go díreach le peitreal nó arna thiontú ina ETBE agus ansin arna chumasc le peitreal.

(15)

Breosla peitril ina bhfuil > cion 10 % (% v/v) eatánóil is ea E+

(16)

Breosla díosail ina bhfuil > cion 7 % (% v/v) bithdhíosail is ea B+

(17)

Níor thuairiscigh ach Málta agus an tSlóvaic gur díoladh 186 mhilliún lítear peitril nach raibh ábhar cion bithbhreosla iontu, rud a chomhfhreagraíonn do sciar 0.2 % de dhíolacháin iomlána an pheitril in 2020 (mar thoradh ar a ísle is atá an sciar sin, ní áirítear é i Tábla 4).

(18)

Níor thuairiscigh ach an Laitvia gur díoladh 638 milliún lítear díosail nach raibh ábhar cion bithbhreosla iontu, rud a chomhfhreagraíonn do sciar 0.3 % de dhíolacháin iomlána an díosail in 2020 (mar thoradh ar a ísle is atá an sciar sin, ní áirítear é i Tábla 4).

Top