AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 8.3.2022
COM(2022) 108 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún
REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe
RÉAMHRÁ
Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, is láidre agus is soiléire ná riamh cás an aistrithe thapa chuig fuinneamh glan. Allmhairíonn an tAontas 90 % dá thomhaltas gáis, agus is í an Rúis a sholáthraíonn níos mó ná 40 % de thomhaltas gáis iomlán an Aontais. Is ón Rúis freisin a thagann 27 % d’allmhairí ola agus 46 % d’allmhairí guail.
An sciar d’allmhairí gáis nádúrtha an Aontais, 2021
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Is gá don Aontas a bheith réidh do chás ar bith. Is féidir leis a bheith neamhspleách ar ghás na Rúise i bhfad roimh dheireadh na deacáide. Dá luaithe agus dá cinntithí a dhéanaimid ár soláthar a éagsúlú, a chuirimid dlús le cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí fuinnimh ghlais, agus a laghdaímid ár n-éileamh ar fhuinneamh, is ea is luaithe is féidir linn gás na Rúise a ionadú. Sa teachtaireacht seo, leagtar amach gníomhaíochtaí nua chun borradh a chur faoi tháirgeadh fuinnimh ghlais, chun soláthairtí a éagsúlú agus chun an t-éileamh a laghdú, ag díriú ar ghás go príomha, breosla a mbíonn tionchar suntasach aige ar an mhargadh leictreachais agus nuair is beagleachtach an mhargaidh domhanda. Is féidir an bhéim a leathnú chun go gcumhdófaí deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar ola agus gual na Rúise, ar breoslaí iad a bhfuil éagsúlacht níos leithne ag an Aontas ó thaobh soláthróirí féideartha de.
Má cuirtear dlús leis an aistriú glas, laghdófar astaíochtaí, laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe agus tabharfar cosaint ar arduithe ar phraghsanna. Is tomhaltóirí teaghlaigh fuinneamhbhochta nó leochaileacha is mó atá thíos leis na praghsanna breoslaí iontaise atá ag ardú, tomhaltóirí a chaitheann sciar mór dá n-ioncam iomlán ar bhillí fuinnimh, rud a chuireann leis na héagothromaíochtaí agus leis an neamh-chomhionannas san Aontas. Tá costais táirgthe níos airde roimh ghnólachtaí, go háirithe tionscail dianfhuinnimh, agus roimh earnáil an agraibhia.
Chun fuinneamh inacmhainne, slán, glan a sholáthar do chuideachtaí agus do theaghlaigh, is gá gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh, gníomhaíocht a thosaíonn láithreach le maolú praghsanna agus stóráil gáis le haghaidh an gheimhridh seo chugainn.
I.aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim
Tá praghsanna an-ard fuinnimh ag cruthú deacrachta don gheilleagar. Roimh an ionradh, mheas an Banc Ceannais Eorpach go laghdóidh suaitheadh praghsanna fuinnimh fás OTI faoi thuairim agus 0.5 pointe céatadáin in 2022. Praghsanna fuinnimh a leanfaidh de bheith ard, is dócha go gcuirfidh siad le bochtaineacht agus go ndéanfaidh siad difear d’iomaíochas gnólachtaí. Tá costais mhonaraíochta níos airde roimh thionscail dianfhuinnimh go háirithe. Ciallaíonn praghsanna arda fuinnimh go mbíonn praghsanna arda ar thráchtearraí eile freisin, go háirithe bia. Chuirfeadh meascán de phraghsanna níos airde ar fhuinneamh, ar iompar agus ar bhia leis an mbrú ar theaghlaigh ar ioncam íseal, agus bheadh méadú ar an mbaol bochtaineachta.
Chuidigh bosca uirlisí an Choimisiún, bosca uirlisí a cuireadh i láthair i mí Dheireadh Fómhair 2021, le tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú. Ba cheart leanúint leis na bearta a fhad is gá.
Chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil atá ann faoi láthair, fiosróidh an Coimisiún na roghanna féideartha ar fad maidir le bearta éigeandála chun srian a chur le héifeacht tógálachta praghsanna gáis ar phraghsanna leictreachais, amhail teorainneacha sealadacha ar phraghsanna. Mar ábhar práinne, rachaidh sé i gcomhairle leis na gníomhaithe uile lena mbaineann agus molfaidh sé roghanna sna seachtainí atá romhainn.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar roghanna chun dearadh an mhargaidh leictreachais a bharrfheabhsú ionas go mbainfear leas iomlán as fuinneamh ísealchostais. Cuirfidh sé san áireamh tuarascáil deiridh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus ionchur eile ar fheidhmiú an mhargaidh leictreachais agus ar bhuntáistí agus míbhuntáistí sásraí malartacha i ndáil le praghsáil leictreachais. Déanfaidh sé obair leantach de réir mar is iomchuí chun leictreachas a choimeád inacmhainne gan cur isteach ar an soláthar ná ar thuilleadh infheistíochta san aistriú glas.
1.1.Praghsanna miondíola a mhaolú agus tacú le cuideachtaí atá neamhchosanta go mór
Deimhníonn an Coimisiún gur féidir sásraí rialála praghsanna agus sásraí aistrithe a úsáid chun cuidiú le custaiméirí agus lenár ngeilleagar a chosaint. Le creat dlíthiúil an mhargaidh leictreachais, agus go háirithe le hAirteagal (5) den Treoir maidir le Leictreachas, ligtear do na Ballstáit, sna himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, praghsanna miondíola a shocrú le haghaidh teaghlach agus micrifhiontar.
In Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, tugann an Coimisiún treoraíocht mhionsonraithe chun cuidiú leis na Ballstáit scéimeanna a cheapadh le haghaidh praghsanna rialáilte. Féadfaidh dreasachtaí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas a bheith ag gabháil leis sin, chun billí fuinnimh a laghdú.
Le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, tugtar roghanna do na Ballstáit faoiseamh gearrthéarmach a thabhairt do chuideachtaí agus feirmeoirí a bhfuil tionchar ag na praghsanna arda fuinnimh orthu, agus an bealach a bhfuil siad gan chosaint ar luaineacht praghsanna fuinnimh a laghdú sa mheántéarma go dtí an fadtéarma. Mar shampla, is féidir leis na Ballstáit faoiseamh sealadach a thairiscint do chuideachtaí a bhfuil riachtanais leachtachta acu mar gheall ar na praghsanna arda fuinnimh atá ann faoi láthair, gan beann ar a méid, bunaithe ar na treoirlínte maidir le teacht i gcabhair agus athstruchtúrú. Déileálfaidh an Coimisiún leis na cásanna sin ar bhonn tosaíochta agus tabharfar aird ar leith ar fhóntais agus idirghabhálaithe gáis a bhfuil costais mhéadaithe soláthair ag bagairt orthu de thoradh cur isteach ar chonarthaí.
Leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair de chuid Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, cuirtear ar a gcumas do na Ballstát tacaíocht shonrach a thabhairt do na hearnálacha sin is mó atá i mbaol sceitheadh carbóin de bharr costais astaíochta indíreacha. In earnáil na talmhaíochta, leis na rialacha maidir le Státchabhair, ceadaítear cabhair infheistíochta i bhfuinneamh inbhuanaithe. San athbhreithniú ar na rialacha atá fós ar siúl, leis an togra ón gCoimisiún a cuireadh faoi chomhairliúchán poiblí, cuirtear leis na roghanna chun tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí.
Tá an Coimisiún réidh le solúbthacht iomlán a bhosca uirlisí Státchabhrach a úsáid chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit tacú le cuideachtaí agus earnálacha a bhfuil na forbairtí geopholaitiúla atá ag tarlú faoi láthair ag cur isteach go mór orthu. Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit an suaitheadh tromchúiseach ar an ngeilleagar de dheasca ionsaí armtha na Rúise ar an Úcráin a leigheas, beidh an Coimisiún ag dul i gcomhairle leis na Ballstáit go gairid maidir le riachtanais agus raon feidhme Creata Géarchéime Shealadaigh nua a sheasfaidh as féin. Mar shampla, d’fhéadfadh Creat den chineál sin tacaíocht leachtachta a cheadú le haghaidh gach gnóthais a gcuirfidh an ghéarchéim isteach air go díreach nó go hindíreach, chomh maith le cabhair le haghaidh gnóthas, go háirithe tomhaltóirí dianfhuinnimh, chun cuid den mhéadú ar a gcostais fuinnimh de dheasca an tsuaite praghsanna ó tharla ionradh na Rúise a chúiteamh. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit freisin maidir le leasuithe spriocdhírithe ar threoirlínte maidir le Státchabhair CTA, go háirithe chun cur leis an liosta d’earnálacha incháilithe, agus á áirithiú an tráth céanna go bhfuil siad faoi réir dreasachtaí treisithe chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus/nó chun a dtáirgeadh a dhícharbónú agus chun go gcuirtear srian le saobhadh ar an iomaíocht idir na Ballstáit.
Chun bearta éigeandála den chineál sin a mhaoiniú, féadfaidh na Ballstáit bearta sealadacha cánach ar bhrabúis amhantair a mheas. De réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, le bearta fioscacha den sórt sin ar chíosanna arda, d’fhéadfadh suas le EUR 200 billiún a chur ar fáil in 2022 chun billí fuinnimh níos airde a chúiteamh i bpáirt. Le bearta den sórt sin, níor cheart iad a bheith cúlghabhálach ach ba cheart iad a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ba cheart táirgeoirí leictreachais a bheith ceadaithe leo a gcostais a chumhdach agus cosaint a thabhairt ar chomharthaí fadtéarmacha faoin margadh agus faoi phraghas carbóin. In Iarscríbhinn 2, leagtar amach na coinníollacha is ceart do na hionstraimí sin a chomhlíonadh. Is féidir leis an Ballstáit ioncaim CTA atá níos airde ná mar a bhí coinne leo a úsáid freisin. Ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 28 Feabhra 2022 tuairim agus EUR 30 billiún a bhí sna hioncaim a gineadh ó lamháltais CTA AE a chur ar ceant.
Ina Theachtaireacht maidir le treoraíocht fhioscach le haghaidh 2023, mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil ‘clásal éalaithe ginearálta’ an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), dá ngairtear, i bhfeidhm go fóill in 2022, clásal lena gceadaítear do na Ballstáit bearta eisceachtúla a dhéanamh sna himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair.
1.2.Ullmhú don gheimhreadh seo chugainn trí stóras gáis leordhóthanach a áirithiú
Tá soláthairtí gáis leordhóthanach ann go dtí deireadh an gheimhridh seo, fiú i gcás suaitheadh iomlán ar sholáthairtí ón Rúis.
Chun bheith ullmhaithe go maith don gheimhreadh seo chugainn, ba cheart tosú anois ar stóras gáis ar fud an Aontais a líonadh. Le linn an tséasúir téimh, laghdaíonn an stóráil an gá le méid breise gáis a allmhairiú. Rannchuidíonn an stóráil le suaití soláthair a mhaolú. Is ó stóráil gáis a thagann 25-30 % den ghás a ídítear le linn an gheimhridh. An-íseal atá na leibhéil stórála gáis ag láithreáin faoi úinéireacht eintiteas de chuid tríú tíortha (i.e. Gazprom). An tráth céanna, ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha bearta a chomhordú chun toilleadh laistigh den líonra a thabhairt cothrom le dáta agus a bharrfheabhsú ar eagla go dtiocfaidh laghdú ar na sreabha agus ar an mbrú ón Oirthear, nó ar eagla nach mbeidh sreabha nó brú ón Oirthear.
Déanfaidh an Coimisiún togra reachtach faoi mhí Aibreáin ar mhaithe le leibhéal leordhóthanach stórála a áirithiú. Leis an togra sin, ceanglófar go líonfaí bonneagair stórála atá ann cheana ar chríoch an Aontais go 90 % ar a laghad dá dtoilleadh faoin 1 Deireadh Fómhair gach bliain. Chun go mbeidh an stóráil níos tarraingtí do rannpháirtithe an mhargaidh, molfaidh an Coimisiún leibhéal an lacáiste a mhéadú go 100 % mar dhreasacht chun stóras a athlíonadh.
Le beartas stórála gáis de chuid an Aontais áiritheofar an chothroime agus beifear in ann úsáid chliste a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana, rud a chuirfidh srian leis an ngá le bonneagar nua toisc nach bhfuil saoráidí stórála faoi thalamh ar a gcríoch ag gach Ballstát. Leagfar amach sa togra reachtach sásra chun leithdháileadh cothrom na gcostas a bhaineann le slándáil an tsoláthair a áirithiú. Go deimhin, na buntáistí a bhaineann le hardleibhéal stórála ráthaithe a bheith ann, i dtéarmaí luacha na cosanta ar rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair agus éifeachtaí maolaithe praghsanna sa gheimhreadh, ní teoranta don tír ina bhfuil an stóras lonnaithe atá siad. Tá idirnascairí fíor-riachtanach chun sreabhadh fuinnimh gan bhriseadh a áirithiú laistigh den Aontas Eorpach ar fad. Más gá bonneagar nua a thógáil, ba cheart é a bheith comhoiriúnach do hidrigin.
I bhfianaise na timpeallachta geopholaitiúla reatha, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go sainaithneofar sa togra reachtach sin gur bonneagar criticiúil é stóras gáis agus go dtabharfar isteach leis forálacha chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí úinéireachta i gcás bonneagar gáis. Beidh ar na Ballstáit a cheangal ar an údarás rialála nó ar údarás inniúil eile arna ainmniú ag an Ballstát a dheimhniú nach gcuireann úinéireacht ag duine nó ag daoine ó thríú tír slándáil an tsoláthair i mbaol. Is gá an measúnú sin a dhéanamh i gcás gach oibreora stórais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Sa ghearrthéarma agus ag feitheamh leis an bpróiseas reachtach, ba cheart do na Ballstáit gníomhú amhail agus dá mbeadh an reachtaíocht i bhfeidhm cheana féin agus ba cheart dóibh bearta a dhéanamh chun athlíonadh stóras a áirithiú in am don gheimhreadh seo chugainn. Thairis sin, is gá dóibh comhshocruithe dlúthpháirtíochta a thabhairt i gcrích, mar a fhoráiltear sa Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis atá ann cheana. I bhfianaise an chomhthéacs reatha, ba cheart déanamh amhlaidh gan mhoill.
Chun an t-athlíonadh a dhreasú, féadfaidh na Ballstáit cabhair a thabhairt do sholáthróirí faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE, mar shampla i bhfoirm ráthaíochtaí (‘conradh difríochta dhá threo’).
Maidir leis an gCoimisiún, féadfaidh sé oibríochtaí um athlíonadh a chomhordú, mar shampla trí sholáthar comhpháirteach, orduithe a bhailiú agus soláthairtí a mheaitseáil. Ardán comhpháirteach Eorpach le haghaidh conarthú soláthair gáis bunaithe ar chaibidlíocht dhéthaobhach le mórtháirgeoirí gáis, chabhródh sé le héagsúlú agus le bainistiú cliste riosca, rud lena n-áiritheofaí slándáil soláthairtí ar coinníollacha fabhracha le haghaidh na gceannaitheoirí uile ar fud an Aontais.
Tá an Coimisiún i mbun a imscrúdaithe ar an margadh gáis freisin mar fhreagairt ar ábhair imní maidir le saobhadh ar iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith á dhéanamh cuideachtaí atá gníomhach i margaí gáis na hEorpa agus, go háirithe, ag an soláthróir gáis de chuid na Rúise, Gazprom. Bíonn iompraíocht ghnó neamhghnách ag an gcuideachta sin, agus is é 16 % an meánleibhéal stórála atá ag stóras san Aontas a oibríonn Gazprom, cé gurb é 44 % an meánleibhéal stórála ag stóras nach n-oibríonn Gazprom. Tá an Coimisiún ag déanamh imscrúdú faoi láthair ar gach líomhain maidir le hiompar tráchtála frithiomaíoch a d’fhéadfadh a bheith á dhéanamh ag Gazprom agus tá sé ag bailiú faisnéis bhreise ó ghníomhaithe margaidh.
Leanann an Coimisiún de bheith ag obair le comharsana agus comhpháirtithe sna Balcáin Thiar, agus sa Chomhphobal Fuinnimh, ar comharsana agus comhpháirtithe iad a bhfuil na spleáchais chéanna ar bhreoslaí iontaise agus an neamhchosaint chéanna ar arduithe ar phraghsanna acu agus atá ag an Aontas, agus atá tiomanta freisin do na spriocanna aeráide fadtéarmacha céanna. I gcás na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia, tá an tAontas réidh le tacaíocht a thabhairt dóibh chun fuinneamh iontaofa inbhuanaithe a áirithiú de réir mar is gá. Léiriú soiléir ar an lántiomántas sin is ea an iarracht leanúnach atá ar siúl chun foráil a dhéanamh maidir le sioncrónú éigeandála eangacha leictreachais na hÚcráine agus na Moldóive le heangach mhór-roinn na hEorpa.
II.REPowerEU: deireadh a chur lenár spleáchas ar BHREOSLAÍ Iontaise na Rúise
Is féidir deireadh a chur de réir a chéile lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis i bhfad roimh 2030. Chun déanamh amhlaidh, molann an Coimisiún plean REPowerEU, plean a mhéadóidh athléimneacht an chórais fuinnimh ar fud an Aontais ar bhonn dhá cholún:
·Soláthairtí gáis a éagsúlú, trí allmhairí GNL agus allmhairí píblíne níos airde ó sholáthróirí nach soláthróirí Rúiseacha iad, sin agus leibhéil níos airde bithmheatáin agus hidrigine.
·Ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú níos tapa ar leibhéal tithe, foirgneamh agus earnáil na tionsclaíochta, agus ar leibhéal an chórais fuinnimh trí bhorradh a chur faoi ghnóthachain éifeachtúlachta fuinnimh, an sciar den fhuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus aghaidh a thabhairt ar scrogaill sa bhonneagar.
Dá gcuirfí ár dtograí sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55 (FF55)’ chun feidhme ina n-iomláine, thiocfadh laghdú 30 % ar ár dtomhaltas gáis , méid comhionann le 100 bcm, faoi 2030. In éineacht le héagsúlú breise gáis agus níos mó gáis in-athnuaite, d’fhéadfadh coigilteas fuinnimh tús-ualaithe agus leictriú ar a laghad méid comhionann leis na hallmhairí 155 bcm gáis ón Rúis a sholáthar go comhpháirteach.
Níos ábhartha ná riamh atá bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ba cheart é a chur i bhfeidhm i ngach earnáil agus i ngach beartas, agus ba cheart bearta freagartha don éileamh a bheith ann lena gcomhlánú ar thaobh an tsoláthair.
I bhfianaise na n-imthosca, d’fhéadfadh sé go mbeadh na comhreachtóirí ag iarraidh féachaint le spriocanna níos airde nó níos luaithe maidir le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur leis na tograí ‘Oiriúnach do 55’.
GNÉ DE REPOWEREU
|
FÓCAS
|
UAILLMHIAN FF55 FAOI 2030
|
BEART REPOWEREU
|
IONADAITHE FAOI DHEIREADH 2022
(coibhéis BCM)
meastachán
|
DE BHREIS AR FF55 FAOI 2030 (coibhéis BCM)
meastachán
|
GÁS A ÉAGSÚLÚ
|
GÁS NÁDÚRTHA NACH GÁS RU É
|
-
|
GNL a éagsúlú
|
50*
|
50
|
|
|
-
|
Allmhairí píblíne a éagsúlú
|
10
|
10
|
|
TUILLEADH GÁIS IN-ATHNUAITE
|
17 bcm de tháirgeadh bithmheatáin, lena sábhálfar 17 bcm
|
Táirgeadh bithmheatáin a ardú go 35 bcm faoi 2030
|
3.5
|
18
|
|
|
5.6 milliún tona hidrigine in-athnuaite, lena sábhálfar 9-18.5 bcm
|
Táirgeadh hidrigine a ardú go 20 mt faoi 2030
|
-
|
25-50
|
AN EORAIP A LEICTRIÚ
|
TITHE
|
Bearta éifeachtúlachta fuinnimh, lena sábhálfar 38 bcm
|
Fuinneamh a choigilt ar fud an Aontais, e.g. tríd an teirmeastat le haghaidh córais téimh foirgneamh a ísliú faoi 1 °C, lena sábhálfar 10 bcm
|
14
|
10
|
|
|
San áireamh sna figiúirí foriomlána maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh thíos
|
Griandhíonta a thús-ualú – suas le 15 TWh laistigh de bhliain
|
2.5
|
tús-ualaithe
|
|
|
30 milliún teaschaidéal a nuashuiteáil faoi 2030, lena sábhálfar 35 bcm in 2030
|
Cur i bhfeidhm teaschaidéal a thús-ualú tríd an úsáid a dhúbailt go 10 milliún aonad carnach sna 5 bliana atá romhainn
|
1.5
|
tús-ualaithe
|
|
EARNÁIL NA CUMHACHTA
|
480 GW de thoilleadh gaoithe agus 420 GW de thoilleadh gréine a chur chun úsáide, lena sábhálfar 170 bcm (agus lena dtáirgfear 5.6 Mt de hidrigin Glas)
|
Cumhacht gaoithe agus gréine a thús-ualú, an meánráta úsáide a mhéadú faoi thuairim agus 20 %, lena sábhálfar 3 bcm gáis, agus toilleadh breise 80 GW faoi 2030 chun freastal ar tháirgeadh níos airde hidrigine in-athnuaite.
|
20
|
Áirítear coigilteas gáis ó uaillmhian níos airde faoi hidrigin glas, déantar an chuid eile
tús-ualaithe
|
EARNÁIL NA TIONSCLAÍOCHTA A ATHRÚ Ó BHONN
|
TIONSCAIL DIANFHUINNIMH
|
An leictriú a thús-ualú agus glacadh hidrigine in-athnuaite a spreagadh
|
An Ciste don Nuálaíocht a thús-ualú agus an raon feidhme a leathnú chun conarthaí difríochta carbóin a chumhdach
|
Áirítear an coigilteas gáis faoi na spriocanna maidir le hidrigin in-athnuaite agus breoslaí in-athnuaite
|
*is meastacháin iad na figiúirí ar fad
Tá an Coimisiún réidh chun plean REPowerEU a mholadh bunaithe ar shainaithint na n-ardán agus na n-athchóirithe is oiriúnaí, i gcomhar leis na Ballstáit, ar na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus Eorpacha. Cuirfidh an plean sin le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus leis na leaganacha is déanaí díobh, le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna), le cláir oibríochtúla um beartas comhtháthaithe agus le haon phlean ábhartha eile agus le haon riachtanas maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide. Ba cheart tús áite a thabhairt do thionscadail a chomhlánaíonn an margadh inmheánach fuinnimh agus do thionscadail ag a bhfuil gné láidir trasteorann, mar shampla an nasc criticiúil idir an Phortaingéil, an Spáinn agus an Fhrainc, agus an nasc criticiúil idir an Bhulgáir agus an Ghréig. Tionscadail den sórt sin, cuirfidh siad feabhas ar idirnascadh líonraí gáis agus leictreachais na hEorpa agus bonneagar eile agus déanfaidh siad ár n-eangacha cumhachta a shioncronú ina n-iomláine, amhail idir na Stáit Bhaltacha agus Líonra Mhór-roinn na hEorpa. Ba cheart anailís réigiúnach a bheith mar bonn le pleananna na mBallstát. Chuirfeadh an Coimisiún tacaíocht ar fáil mar a cuireadh le haghaidh RRP agus chuirfí cúnamh teicniúil ar fáil tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Déanfar measúnú ar riachtanais mhaoiniúchán bunaithe ar mhapáil chuimsitheach ar riachtanais na mBallstát agus ar riachtanais infheistíochta trasteorann freisin. Chun na riachtanais sin a chomhlíonadh, ba cheart gach acmhainn agus uirlis atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a shlógadh, agus cistiú poiblí á cheapadh chun infheistíocht phríobháideach a charnadh isteach.
2.1. Soláthairtí gáis a éagsúlú
2.1.1. Allmhairí GNL agus píopa
Mar gheall ar sholáthar GNL nach bhfacthas riamh roimhe don Aontas in Eanáir 2022, áirithíodh slándáil an tsoláthair gáis don gheimhreadh seo. D’fhéadfadh an tAontas 50 bcm sa bhreis de GNL a allmhairiú ar bhonn bliantúil (e.g. ó Chatar, ó SAM, ón Éigipt, ón Afraic Thiar). D’fhéadfaí 10 bcm eile a bhaint amach i gcoigilteas bliantúil ar allmhairí gáis ón Rúis dá ndéanfaí na foinsí píopa a éagsúlú (e.g. an Asarbaiseáin, an Ailgéir, an Iorua).
Mar ábhar práinne, déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil gá le bearta agus infheistíochtaí i mbonneagar agus idirnaisc gháis atá ullmhaithe don hidrigin chun scrogaill maidir le húsáid iomlán thoilleadh GNL an Aontais a shárú.
Agus an soláthar á éagsúlú aige, cothaíonn an tAontas a chuid comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta. Leanfaidh an Coimisiún de phlé a dhéanamh ar fhorbairtí meántéarmacha margaidh laistigh de G7 agus le mórcheannaitheoirí gáis domhanda (an tSeapáin, an Chóiré Theas, an tSín, an India).
2.1.2. Táirgeadh bithmheatáin an Aontais a mhéadú
Dá ndéanfaí an chuspóir de chuid ‘Oiriúnach do 55’ maidir le bithmheatáin a dhúbailt, tháirgfí 35 bhilliún méadar ciúbach (bcm) in aghaidh na bliana faoi 2030. Chun déanamh amhlaidh, ba cheart do phleananna straitéiseacha CBT na Ballstáit cistiú a dhíriú ar bhithmheatáin a tháirgtear ó fhoinsí inbhuanaithe bithmhaise, lena n-áirítear dramhaíl agus fuíoll talmhaíochta.
2.1.3. Luasaire Hidrigine
Faoi 2030 féadfaidh 15 mhilliún tona (mt) breise hidrigine in-athnuaite, de bhreis ar an 5,6 mt a bhfuil coinne leis faoi phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, teacht in ionad 25-50 bcm gáis allmhairithe ón Rúis in aghaidh na bliana. San áireamh leis sin bheadh 10 mt sa bhreis de hidrigin allmhairithe ó fhoinsí éagsúla agus 5 mt sa bhreis de hidrigin a tháirgtear san Eoraip, méid a théann thar spriocanna straitéis hidrigine an Aontais agus a uasmhéadaíonn an táirgeadh intíre hidrigine. Foirmeacha eile hidrigine in-athnuaite, go háirithe hidrigin núicléach-bhunaithe, tá ról acu i gás nádúrtha a athsholáthar.
Déanfaidh an Coimisiún tuilleadh forbartha ar an gcreat rialála chun margadh Eorpach a chur chun cinn le haghaidh hidrigine agus chun tacú le forbairt bonneagair chomhtháite gáis agus hidrigine, saoráidí stórála hidrigine agus bonneagair calafoirt. Ba cheart bonneagar nua trasteorann a bheith comhoiriúnach do hidrigin. Mar ábhar tosaíochta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhógraí maidir le Státchabhair le haghaidh tionscadail hidrigine. Geallann sé go gcuirfidh sé an measúnú ar na chéad Tionscadail Thábhachtacha ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne a bhaineann le hidrigin i gcrích laistigh de 6 mhí ón tráth a chuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha fógra iomlán isteach. Ba cheart é a bheith mar chomhchuspóir go mbeifear in ann an measúnú a chur i gcrích faoin samhradh.
Anuas air sin, tacóidh an Coimisiún le treoirthionscadail maidir le táirgeadh agus iompar hidrigine in-athnuaite i gcomharsanacht an Aontais, agus cuirfidh sé tús leis an tacaíocht sin le Comhpháirtíocht um Hidrigin Ghlas sa Mheánmhuir. Oibreoidh sé le comhpháirtithe freisin chun Comhpháirtíochtaí um Hidrigin Glas a thabhairt i gcrích agus oibreoidh sé le hearnáil na tionsclaíochta chun Saoráid Hidrigine Eorpach Dhomhanda a bhunú, saoráid lena gcuirfear feabhas ar rochtain na mBallstát ar hidrigin inacmhainne in-athnuaite.
2.2. Ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú níos tapa
2.2.1. Fuinneamh gréine, fuinneamh gaoithe agus teaschaidéil a chur i bhfeidhm
In ‘Oiriúnach do 55’, tá coinne leis go ndéanfar toilleadh fótavoltach agus toilleadh gaoithe an Aontais a mhéadú faoi dhó faoi 2025, agus faoi thrí faoi 2030, lena sábhálfar 170 bcm i dtomhaltas gáis in aghaidh na bliana faoi 2030.
Trí dhlús a chur le cur i bhfeidhm córais fhótavoltacha gréine ar dhíonta faoi shuas le 15 TWh i mbliana, d’fhéadfadh an tAontas 2,5 bcm gáis a shábháil. I mí an Mheithimh, cuirfidh an Coimisiún i láthair teachtaireacht maidir le fuinneamh gréine d’fhonn cuidiú le poitéinseal an fhuinnimh gréine mar mhórfhoinse fuinnimh in-athnuaite san Aontas a fhuascailt. Ar bhonn anailís ar staid na himeartha i gcás fuinneamh gréine ar fud an Aontais, molfar sa straitéis gréine Tionscnamh Eorpach um Dhíonta Gréine, tionscnamh lena sainaithneofar bacainní, lena molfar bearta chun dlús a chur leis an gcur i bhfeidhm agus lena n-áiritheofar gur féidir leis an bpobal leas iomlán a bhaint as buntáistí an fhuinnimh gréine ó dhíonta.
Cuideoidh an Coimisiún leis an slabhra luacha a fhorbairt a thuilleadh le haghaidh fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe agus le haghaidh teaschaidéal, rud a chuirfidh le hiomaíochas an Aontais agus a rachaidh i ngleic le spleáchais straitéiseacha freisin. Más gá chun infheistíocht phríobháideach leordhóthanach a charnadh isteach, áireofar ar na bearta maoiniú an Aontais a dhíriú ar theicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile, sin nó InvestEU nó tacaíocht na mBallstát a shlógadh. Thabharfaí aird ar leith ar dhlús a chur le hinfheistíochtaí in athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair ú, gníomhaíochtaí atá fíor-riachtanach chun tacú leis an gclaochlú.
Ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus d’earnáil na tionsclaíochta leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar sholáthar amhábhar criticiúil agus amhábhar eile, comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chur chun cinn chun soláthairtí a áirithiú agus breathnú ar ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh, amhail stoc-charnadh straitéiseach, más gá.
Dá méadódh sé faoi dhó líon na dteaschaidéal a bhfuil sé beartaithe aige a chur chun úsáide in aghaidh na bliana sa chéad leath den tréimhse seo, bheadh 10 milliún teaschaidéal suiteáilte ag an Aontas sna 5 bliana atá romhainn. Leis sin, sábhálfaí 12 bcm in aghaidh gach 10 milliún teaschaidéal arna suiteáil ag teaghlaigh. Chun dlús a chur le teaschaidéil a chur ar fáil ar an margadh, beidh gá leis an slabhra soláthair iomlán a mhéadú go pras agus beidh gá le bearta a bheith ag gabháil leis chun borradh a chur faoi athchóiriú foirgneamh agus faoi nuachóiriú córas téimh ceantair.
Lasmuigh de thionscadail tí agus foirgníochta, laghdófaí ár spleáchas ar ghás freisin a bhuí le soláthairtí fuinnimh bunaithe ar an ngaoth, ar an ngrian agus ar fhoinsí eile ar astaíochtaí ísle a úsáidtear le haghaidh giniúint cumhachta.
2.2.2. Earnáil na tionsclaíochta a dhícharbónú
D’fhéadfadh an plean REPowerEU dlús a chur le réitigh nuálacha hidrigin-bhunaithe agus leictreachas in-athnuaite cost-iomaíoch a chur chun úsáide in earnálacha na tionsclaíochta. Thabharfadh an Coimisiún chun tosaigh cur chun feidhme an Chiste don Nuálaíocht chun tacú leis an athrú go leictriú agus hidrigin, lena n-áirítear trí scéim uile-Aontais le haghaidh conarthaí difríochta carbóin, agus chun acmhainneachtaí monaraíochta an Aontais a fheabhsú maidir le trealamh nuálach saor ó charbón agus trealamh nuálach íseal-charbóin, amhail leictrealóirí, an chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí gréine/gaoithe agus teicneolaíochtaí eile.
2.2.3. Ceadúnúcháin níos tapa a chumasú
Is réamhchoinníoll le dlús a chur le tionscadail maidir le fuinneamh in-athnuaite é an ceadúnú a shimpliú agus a ghiorrú. Sainaithnítear nósanna imeachta fada riaracháin ar cheann de na príomhbhacainní roimh infheistíochtaí i mbreoslaí in-athnuaite agus sa bhonneagar gaolmhar. Ba cheart aghaidh a thabhairt orthu tríd an Treoir maidir le Fuinneamh In‑Athnuaite atá i bhfeidhm faoi láthair a thrasuí ina iomláine agus go pras, agus na hathchóirithe agus na bearta comhfhreagracha i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát, agus na forálacha a bhaineann le ceadúnú bonneagair sa chreat athchóirithe TEN-E, a chur chun feidhme.
I gcás pleanáil, tógáil agus oibriú monarchana chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite, a nasc leis an eangach agus an eangach ghaolmhar féin, iarann an Coimisiún ar na Ballstáit a áirithiú go meastar go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo agus gur chun leas na sábháilteachta poiblí atá siad agus go bhfuil siad incháilithe le haghaidh an nós imeachta is fabhraí atá ar fáil dá nósanna imeachta pleanála agus ceadúnúcháin.
Ba cheart do na Ballstáit limistéir oiriúnacha talún agus farraige a mhapáil agus a mheasúnú go tapa agus a áirithiú go bhfuil siad ar fáil le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite, ar limistéir iad atá i gcomhréir lena bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, leis na rannchuidithe leis an sprioc athbhreithnithe 2030 maidir le fuinneamh in-athnuaite agus le gnéithe eile amhail infhaighteacht acmhainní, bonneagar eangaí agus spriocanna Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais. Sa togra le haghaidh Dhlí an Aontais um Athbhunú an Dúlra, dlí atá le teacht, molfaidh an Coimisiún gur cheart do na Ballstáit, agus a bpleananna náisiúnta á n-ullmhú acu chun spriocanna um athbhunú a bhaint amach, limistéir theoranta arna sainaithint go soiléir a chur san áireamh mar limistéir atá an-oiriúnach (limistéir ‘is fearr’), agus san am céanna limistéir a bhfuil luach acu ó thaobh an chomhshaoil de a seachaint a mhéid is féidir. Féadfaidh na Ballstáit an t-athbhreithniú ar a bpleananna faoin Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí a úsáid chun tacú le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chur i bhfeidhm.
I mBealtaine, foilseoidh an Coimisiún moladh maidir le ceadúnú tapa le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus oibreoidh sé chun tacú le húsáid na solúbthachtaí ar fad atá ceadaithe cheana ag reachtaíocht an Aontais agus leis na bacainní atá ann go fóill a bhaint, cibé cén bunús atá leo.
Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil maidir le cathain agus conas atá gá le boscaí gainimh rialála chun gur féidir tástáil a dhéanamh ar theicneolaíochtaí, táirgí nó seirbhísí nuálacha arb é is aidhm dóibh dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun úsáide fuinnimh in-athnuaite agus an comhshaol a chosaint an tráth céanna. Díreoidh an treoraíocht ar theorainneacha na mboscaí gainimh rialála a shocrú, amhail an creat ama, an chríoch agus maoirseacht leanúnach rialála a shainiú chun rioscaí a sheachaint.
In 2022, tiocfaidh an Coimisiún agus Grúpa BEI ar chomhaontú maidir leis na sásraí maoiniúcháin ab oiriúnaí chun forbairt comhaontuithe ceannacháin cumhachta (PPAnna) san Eoraip a chur chun cinn, rud is féidir a dhéanamh cheana féin faoi InvestEU. Áireofar leis sin rochtain níos fearr ar PPAnna le haghaidh ceannaitheoirí nua, amhail FBManna, a éascú.
Conclúid
Mar gheall ar fhorbairtí i margaí fuinnimh le míonna beaga anuas, agus go háirithe mar gheall ar an athrú suntasach ar ár staid slándála le roinnt seachtainí, is gá dlús an-tapa a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa a mhéadú ar an gcaoi sin.
Tá údar le bearta láithreacha chun an tionchar atá ag praghsanna arda ar theaghlaigh, ar fheirmeoirí, ar ghnólachtaí agus ar earnáil na tionsclaíochta a mhaolú.
Trí dheireadh a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise, cuirfear dlús leis an athrú ar an meascán fuinnimh sna Ballstáit, rud ba cheart a bheith léirithe i bhfeidhmiú an mhargaidh leictreachais.
Is rud é an beartas Eorpach maidir le stóráil gáis a chuirfidh feabhas ar an ullmhacht le haghaidh an chéad séasúr geimhridh eile agus na séasúr ina dhiaidh sin. Is í comhghníomhaíocht chomhordaithe an fhreagairt theagmhasach is fearr ar na dúshláin atá romhainn.
Tá an Coimisiún réidh le plean REPowerEU a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit, faoin samhradh, chun tacú le soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh. Chuirfeadh sin dlús le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ón Rúis agus le spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus chuirfeadh sé an chosaint ab fhearr ar fáil ar shuaitheadh praghsanna sa mheántéarma trí dhlús a chur le haistriú glas an Aontais, agus béim ar leith ar riachtanais trasteorann agus ar riachtanais réigiúnacha. Tá an gá le slándáil níos fearr an tsoláthair ag tabhairt spreagadh nua do chuspóirí an Chomhaontaithe Glas don Eoraip.