EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0052

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun RIALACHÁN (AE) 2017/821 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca

COM/2022/52 final

An Bhruiséil,17.2.2022

COM(2022) 52 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun RIALACHÁN (AE) 2017/821 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca


I.    Réamhrá

In 2017, ghlac an tAontas Eorpach Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca 1 (dá ngairtear ‘Rialachán AE’ anseo feasta). Tháinig Rialachán AE i bhfeidhm an 8 Meitheamh 2017 agus tá feidhm ag a phríomhcheanglais maidir le hallmhaireoirí de chuid an Aontais ón 1 Eanáir 2021.

Sa Rialachán seo bunaítear córas an Aontais um dhícheall cuí sa slabhra soláthair (‘córas an Aontais’) chun srian a chur leis na deiseanna a bhíonn ag grúpaí armtha agus ag fórsaí slándála stán, tantalam agus tungstan, mar aon lena gcuid mianta, agus ór, a thrádáil. Tá sé deartha chun deimhneacht a sholáthar i dtaca le cleachtais soláthair atá ag allmhaireoirí de chuid an Aontais, agus ag bruithneoirí agus athleádóirí a fhoinsíonn acmhainní i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir ardriosca. In Airteagal 19(2) de Rialachán AE, tugtar cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil leis an méid seo a leanas: (1) na tairseacha méide le haghaidh allmhairí mianraí agus miotal a bhunú agus a leasú, agus (2) an mhodheolaíocht agus na critéir a bhunú chun scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair a aithint.

Le Rialachán AE, leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair i gcomhréir le Treoir ECFE um Dhícheall Cuí 2 lena náirítear Iarscríbhinn II a ghabhann léi. Tá feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le hallmhaireoirí mianraí agus miotal de chuid an Aontais mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán AE. Chun dea-fheidhmiú chóras an Aontais a áirithiú, déantar an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn I a leasú trí thairseacha méide le haghaidh mianraí agus miotail a bhunú agus a leasú.

Thairis sin, sonraítear i Rialachán AE go bhféadfaidh úinéirí scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun go n‑aithneofar a gcuid scéimeanna mar scéimeanna atá coibhéiseach le ceanglais Rialachán AE. Ba cheart na scéimeanna sin a ailíniú leis na moltaí sonracha atá i dTreoir ECFE um Dhícheall Cuí. Chun measúnú ar scéimeanna díchill chuí a d’fhéadfaí a aithint faoi Rialachán AE a éascú, déantar an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an modheolaíocht agus na critéir a bhunú don mheasúnú sin maidir le haitheantas.

II.    Bunús Dlí

I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa maidir leis an tarmligean cumhachta.

III.    An Tarmligean a fheidhmiú

Le Rialachán AE, trína Airteagal 19(2), tugtar cumhachtaí don Choimisiún na forálacha seo a leanas den Rialachán seo a chur chun feidhme:

-a mhéid a bhaineann le leasú Iarscríbhinn I, trí na tairseacha méide a bhunú le haghaidh mianta tantalaim nó niaibiam agus tiúcháin díobh, mianta óir agus tiúcháin díobh, ocsaídí agus hiodrocsaídí stáin, tantaláití agus cairbídí tantalaim, más indéanta, faoin 1 Aibreán 2020 ach tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2020 (Airteagal 1(4) de Rialachán AE);

-a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh gach trí bliana tar éis an 1 Eanáir 2021 ar na tairseacha atá ann cheana agus a liostaítear in Iarscríbhinn I (Airteagal 1(5) de Rialachán AE);

-a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht agus na critéir a leagan amach le gur féidir leis an gCoimisiún a mheas an ndéantar éascaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh le scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair agus le gur féidir leis an gCoimisiún scéimeanna a aithint (Airteagal 8(2) de Rialachán AE).

Ghlac an Coimisiún dhá (2) ghníomh tharmligthe atá bunaithe ar Rialachán AE mar seo a leanas:

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/429 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus na critéir chun scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair a bhaineann le stán, tantalam, tungstan agus ór a mheasúnú agus a aithint. 3

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1588 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na tairseacha méide a bhunú le haghaidh mianta tantalaim nó niaibiam, agus tiúcháin díobh, le haghaidh mianta óir agus tiúchain díobh, le haghaidh ocsaídí stáin agus hiodrocsaídí agus le haghaidh tantaláití agus cairbídí tantalaim 4 .

Níor glacadh gníomhartha tarmligthe go dtí seo chun na tairseacha atá ann cheana agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán AE a leasú, mar go dtugtar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh gach trí bliana tar éis an 1 Eanáir 2021, de bhun Airteagal 1(5) de Rialachán AE.

IV.    Conclúidí

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire i gcomhthéacs na gcumhachtaí a fheidhmíonn an Coimisiún mar is cuí agus arna dtarmligean le Rialachán AE.

(1)

IO L 130, 19.5.2017, lch. 1.

(2)

  http://www.oecd.org/daf/inv/mne/mining.htm  

(3)

IO L 75, 19.3.2019, lch. 59.

(4)

IO L 360, 30.10.2020, lch. 1.

Top