This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022AE5926
Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on the labelling of organic pet food’ (COM/(2022) 659 final — 2022/0390(COD))
Tuairim Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh” (COM(2022) 659 final – 2022/0390 (COD))
Tuairim Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh” (COM(2022) 659 final – 2022/0390 (COD))
EESC 2022/05926
IO C 140, 21.4.2023, p. 55–57
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 140/55 |
Tuairim Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh”
(COM(2022) 659 final – 2022/0390 (COD))
(2023/C 140/09)
Rapóirtéir: |
Arnaud SCHWARTZ |
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 8.12.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa rannóg |
10.1.2023 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
24.1.2023 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
575 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
187/0/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra le haghaidh Rialachán maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh agus tá súil aige leis go nglacfar an togra sin gan mhoill le go bhféadfar a áirithiú go mbeidh sé ag teacht leis na ceanglais a bhí i bhfeidhm sular tháinig éifeacht leis an Rialachán nua maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (1). |
1.2. |
Tá CESE den tuairim gur féidir le hearnáil an bhia peataí cabhrú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus go bhfágfaidh na bearta nua atá sa togra maidir leis an lipéadú go bhféadfar an tionscal sin a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí tháirgí a dhíol le tomhaltóirí a thugann aird ar thionscnamh orgánach na dtáirgí a cheannaíonn siad agus, ag an am céanna, luach breise a chur leis na seachtháirgí orgánacha. Fágfaidh sin go mbeidh an earnáil in ann cabhrú, cé gur go measartha é, leis an sprioc 25 % de thalamh talmhaíochta an Aontais a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030 a bhaint amach, rud atá leagtha síos sa Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”, sa Straitéis Bhithéagsúlachta agus sa phlean gníomhaíochta um tháirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas Eorpach. |
1.3. |
Molann CESE don Choimisiún agus do na hinstitiúidí Eorpacha eolas a chur ar fáil faoin rialachán nua sin agus faoi na cuspóirí atá leis d’fhonn cur leis an éileamh ar tháirgí orgánacha agus leis an muinín a bhíonn ag an tomhaltóir astu. |
1.4. |
Ós rud é go bhfuil bia peataí ceaptha le díol le tomhaltóirí, molann CESE ról a thabhairt do thionscal na mbia peataí agus dul i gcomhairle leis in aon obair reachtach a bhaineann le hinbhuanaitheacht táirgí bia, amhail lipéadú táirgí bia inbhuanaithe, feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus pacáistiú inbhuanaithe (2). |
2. Cúlra
2.1. |
Le teacht i bhfeidhm an Rialacháin nua maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (3) an 1 Eanáir 2022, tugadh isteach diancheanglais maidir le bia an duine, bia ainmhithe (beatha) agus bia peataí a lipéadú mar bhia orgánach. Roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, d’fhéadtaí bia peataí, go háirithe bia le haghaidh cat agus madraí, a lipéadú, de réir rialacha náisiúnta nó caighdeáin phríobháideacha, mar bhia orgánach fiú sa chás nach comhábhair orgánacha gach comhábhar talmhaíochta ann. Ní cheadaítear an cineál sin lipéadaithe a thuilleadh ón 1 Eanáir 2022. |
2.2. |
Dá thoradh sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach, an 28 Samhain 2022, togra le haghaidh Rialachán maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh (4), d’fhonn rialacha sonracha a leagan síos maidir le bia peataí a lipéadú. Is é is aidhm don togra sin cead a thabhairt lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a chur ar bhia peataí, go háirithe bia le haghaidh cat agus madraí, má chomhlíonann an bia sin dianchritéir arna sainiú ag an reachtóir Eorpach. |
2.3. |
Na rialacha atá beartaithe sa togra sin maidir le bia peataí a lipéadú mar bhia orgánach, tá siad ar aon dul leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir le bia an duine a lipéadú: chun bia a lipéadú mar bhia orgánach agus lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith air, ní mór 95 % de na comhábhair thalmhaíochta ar a laghad, i dtéarmaí meáchain, a bheith orgánach (i gcás ina mbeidh níos lú ná 95 % de na comhábhair thalmhaíochta orgánach, ní fhéadfar an tagairt do chomhábhair orgánacha a úsáid i liosta na gcomhábhar i ndáil le comhábhair orgánacha ach amháin le tásc maidir le céatadán iomlán na gcomhábhar orgánach i gcomparáid le méid iomlán na gcomhábhar talmhaíochta). |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Tá sé á athdhearbhú ag CESE go dtacaíonn sé leis an bplean gníomhaíochta um tháirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas Eorpach (5) agus go dtuigeann sé an ról atá ag an bhfeirmeoireacht orgánach maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, go háirithe na bearta chun cur leis an éileamh ar tháirgí orgánacha agus leis an muinín a bhíonn ag an tomhaltóir astu. |
3.2. |
Sa chomhthéacs sin, tuigeann CESE gur gá an togra seo le haghaidh rialacháin a ghlacadh a luaithe is féidir le go bhféadfar lógó an Aontais maidir le táirgeadh orgánach a úsáid le haghaidh bia peataí nach comhábhair orgánacha 100 % (ach ar a laghad 95 % de réir meáchain) de na comhábhair ann, rud a fhreagraíonn don chás mar atá sé i ndáiríre i gcás roinnt mhaith táirgí. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí foráil amach anseo go gcuirfí gníomh reachtaíochta den chineál sin chun feidhme i gcomhthráth le teacht i bhfeidhm an téacs bunaidh le go bhféadfaí lúba ar lár sa dlí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí/ceannaitheoirí araon a sheachaint. |
3.3. |
Tacaíonn CESE leis na rialacha atá beartaithe maidir le bia peataí orgánaigh a lipéadú, sin i bhfianaise an ardleibhéil táirgí orgánacha a theastódh (95 % de réir meáchain) agus na gcosúlachtaí leis na rialacha a bhaineann le bia orgánach don duine, rud a chuireann le húsáid aonfhoirmeach lógó an Aontais agus leis an éascaíocht do na tomhaltóirí an t-eolas a thuiscint toisc an dá chineál táirge sin a bheith dírithe orthu. |
3.4. |
Tá CESE á thabhairt le fios, in ainneoin líon íseal na dtáirgí orgánacha in earnáil an bhia peataí, go bhfuil an earnáil sin ag fás go tapa (3,1 % d’fhás bliantúil agus peata amháin ar a laghad ag 46 % de theaghlaigh na hEorpa (6)). Is é tuairim na hearnála féin go bhfuil méadú ag teacht ar an oiread sin táirgí ardcháilíochta, táirgí orgánacha san áireamh, a bhíonn á gceannach toisc claonadh a bheith ann i measc úinéirí peataí caitheamh le peataí ar nós mar a chaitear leis an duine (“daonnú”) agus bia a thaitneodh leo féin á lorg acu dá bpeataí (7). Is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, na bearta nua sin maidir le lipéadú ar féidir leo an margadh do bhia peataí orgánaigh a spreagadh, trí tháirgí a dhíol le tomhaltóirí a thugann aird ar thionscnamh orgánach na dtáirgí a cheannaíonn siad agus, ag an am céanna, luach breise a chur leis na seachtháirgí orgánacha. |
3.5. |
Tá CESE den tuairim, dá bhrí sin, go bhfágfaidh na bearta nua sin maidir le lipéadú go mbeidh an earnáil in ann cabhrú, cé gur go measartha é, leis an sprioc 25 % de thalamh talmhaíochta an Aontais a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030 a bhaint amach, rud atá leagtha síos sa Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”, sa Straitéis Bhithéagsúlachta agus sa phlean gníomhaíochta um tháirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas Eorpach, ar trí rud iad a tháinig as an gComhaontú Glas don Eoraip. |
3.6. |
Is díol sásaimh do CESE gur cuireadh i bhfeidhm na bearta maidir leis na sonraí is gá a thabhairt faoi thionscnamh an bhia, is iad sin na hamhábhair a úsáidtear i gcomhdhéanamh bia peataí agus na tásca a leanas: “Talmhaíocht AE”, “Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid AE í”, “Talmhaíocht AE/Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid AE í”, nó “Talmhaíocht + ainm tíre” nó “Talmhaíocht + ainm tíre agus réigiúin”. |
3.7. |
Molann CESE don Choimisiún agus do na hinstitiúidí Eorpacha eolas a chur ar fáil faoin rialachán nua sin agus faoi na cuspóirí atá leis d’fhonn cur leis an éileamh ar tháirgí orgánacha agus leis an muinín a bhíonn ag an tomhaltóir astu. |
3.8. |
Tá CESE den tuairim go gcabhróidh na bearta sin maidir le lipéadú chun tús a chur le hidirphlé le táirgeoirí bia peataí, agus an t-idirphlé sin a fhorbairt fiú, lena áirithiú go gcloífear san earnáil le prionsabail na gcóras bia inbhuanaithe agus go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an gcaoi a gcabhraíonn na táirgeoirí le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. |
An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Rialachán (AE) Uimh. 2018/848 an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha s lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1)
(2) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa- Creat maidir le lipéadú inbhuanaitheachta bia le go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna bia inbhuanaithe a dhéanamh (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 97).
(3) Rialachán (AE) 2018/848 an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch 1)
(4) Togra le haghaidh Rialachán maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh (COM/2022/659 final).
(5) Tuairim NAT/818 ó CESE Plean gníomhaíochta maidir leis an táirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas IO C 517, 22.12.2021, lch. 114.
(6) Foinse: FEDIAF (Cónaidhm Eorpach Thionscal an Bhia Peataí) – https://europeanpetfood.org/about/statistics/.
(7) Foinse: FEDIAF (Cónaidhm Eorpach Thionscal an Bhia Peataí) – https://europeanpetfood.org/about/statistics/.