EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AB0026

Tuairim ón Mbanc ceannais Eorpach an 9 Lúnasa 2022 maidir le togra le haghaidh treoir maidir le socruithe tarmligin, bainistiú priacail leachtachta, tuairisciú maoirseachta, soláthar seirbhísí taisce agus cumhdaigh agus tionscnamh iasachta ag cistí infheistíochta malartacha (CON/2022/26) 2022/C 379/01

CON/2022/26

IO C 379, 3.10.2022, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 379/1


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 9 Lúnasa 2022

maidir le togra le haghaidh treoir maidir le socruithe tarmligin, bainistiú priacail leachtachta, tuairisciú maoirseachta, soláthar seirbhísí taisce agus cumhdaigh agus tionscnamh iasachta ag cistí infheistíochta malartacha

(CON/2022/26)

(2022/C 379/01)

Réamhrá agus bunús dlí

An 25 Samhain 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach pacáiste gníomhartha dlí chun tacú le hAontas na Margaí Caipitil, lena n-áirítear togra le haghaidh Treorach lena leasaítear Treoir 2011/61/AE agus Treoir 2009/65/CE maidir le socruithe tarmligin, bainistiú priacail leachtachta, tuairisciú maoirseachta, soláthar seirbhísí taisce agus cumhdaigh agus tionscnamh iasachta ag cistí infheistíochta malartacha (1) (dá ngairtear an “Treoir atá beartaithe” anseo feasta).

Tá cinneadh déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) tuairim féintionscnaimh a thabhairt uaidh maidir leis an treoir atá beartaithe. Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ós rud é go bhfuil forálacha sa Treoir atá beartaithe a dhéanann difear do bhunchúram an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme de bhun Airteagal 127(2) den Chonradh, do chúram CEBC rannchuidiú le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais de bhun Airteagal 127(5) den Chonradh, agus do chúraimí BCE a bhaineann le faisnéis staidrimh a bailiú de bhun Airteagal 5 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.

Barúlacha ginearálta

1.   Cuspóirí na Treorach atá beartaithe

1.1.

Is díol sásaimh do BCE príomhaidhm na Treorach atá beartaithe bearnaí rialála áirithe i bhfeidhmiú Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (dá ngairtear “an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha” nó “an Treoir maidir le BCIManna” anseo feasta) a líonadh, chun cur chuige comhsheasmhach maoirseachta a áirithiú maidir leis na rioscaí a bhaineann le Cistí Infheistíochta Malartacha (CIManna) chuig an gcóras airgeadais agus chun cosaint ardleibhéil a thabhairt d’infheisteoirí, agus a gcomhtháthú i margadh airgeadais AE á éascú san am céanna.

1.2.

Ina theannta sin, tacaíonn BCE le haidhm ghinearálta na Treorach atá beartaithe ceanglais na Treorach maidir le BCIM agus Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (dá ngairtear “an Treoir maidir le Gnóthais Chomhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe” nó “Treoir GCUI” anseo feasta) a ailíniú níos fearr maidir le saincheisteanna atá chomh ábhartha céanna don dá threoir, amhail socruithe tarmligin agus seirbhísí coimeádta. Dírítear sa tuairim seo, áfach, ar na leasuithe atá beartaithe ar an Treoir maidir le BCIManna.

1.3.

Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, ba dhíol sásaimh do BCE gur cumhdaíodh sa Treoir atá beartaithe saincheisteanna nach dtugtar aghaidh orthu leis an Treoir maidir le BCIM, amhail uirlisí macrastuamachta a chuirtear i bhfeidhm ex ante a oibríochtú agus a fhorbairt mar mhodh chun priacail don chóras airgeadais a bhaineann le CIManna a laghdú, chomh maith lena áirithiú go gcuirfear sonraí mionsonraithe maidir le CIManna aonair ar fáil do BCE agus do bhainc cheannais ábhartha eile de chuid CEBC.

Barúlacha sonracha

2.   Bainistiú leachtachta agus uirlisí macrastuamachta

2.1.

Is díol sásaimh do BCE go ginearálta aidhm na Treorach atá beartaithe oibleagáidí bhainisteoirí CIManna (BCIManna) a chomhchuibhiú maidir le bainistiú priacail leachtachta, go háirithe tabhairt isteach na gcineálacha uirlisí bainistithe leachtachta atá le bheith ar fáil do BCIManna de CIManna neamhiata chun priacail leachtachta do na cistí sin a bhainistiú, amhail ardleibhéil fuascailtí ag infheisteoirí laistigh de thréimhse ghearr ama agus fuascailtí atá comhchruinnithe i ndeighleog cistí ar leith. Mar sin féin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an treoir atá beartaithe teorainn a chur leis an neamhréir leachtachta idir sócmhainní agus dliteanais CIManna, trí bhíthin bearta a dhíríonn go sonrach ar shócmhainní nó ar dhliteanais.

2.2.

Is beag forálacha atá sa Treoir atá beartaithe maidir le huirlisí bainistithe (4) leachtachta. I ndáil leis sin, leis an Treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar BCIManna de CIManna atá neamhiata ionstraim bainistithe leachtachta iomchuí amháin ar a laghad a roghnú ón liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir atá beartaithe le haghaidh úsáid fhéideartha ar mhaithe le hinfheisteoirí an CIM (5). Ina theannta sin, ceadaítear leis an Treoir atá beartaithe, in imthosca eisceachtúla, athcheannach nó fuascailt aonad CIM a chur ar fionraí go sealadach i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin ag féachaint do leasanna infheisteoirí CIM (6). Cé go sonraítear sa Treoir atá beartaithe, dá bhrí sin, sraith chomhchoiteann d’uirlisí bainistíochta leachtachta roghnacha a fhéadfaidh BCIManna de CIManna neamhiata a úsáid, neartófaí cumas na CIManna sin rioscaí leachtachta a sheasamh dá gceanglófaí ar BCIManna, ar a laghad, roinnt de na huirlisí liostaithe a roghnú agus ní hamháin ceann amháin de na huirlisí sin.

2.3.

Leis an Treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar an gCoimisiún tús a chur le hathbhreithniú ar fheidhmiú na rialacha a leagtar síos sa Treoir maidir le BCIManna laistigh de 60 mí ó theacht i bhfeidhm na Treorach atá beartaithe (7). Tacaíonn BCE leis an athbhreithniú atá beartaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann sé le hoiriúnacht na gceanglas is infheidhme maidir le BCIManna a bhainistíonn cistí iasachta, i bhfianaise na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais san earnáil sin a bhfuil fás leanúnach ag teacht uirthi. Mar sin féin, ba cheart an t-athbhreithniú atá beartaithe a leathnú chun dhá ghné bhreise a chumhdach. Ar an gcéad dul síos, ba cheart go gcumhdófaí san athbhreithniú forbairtí maidir le huirlisí macrastuamachta a úsáid chun rioscaí leachtachta a bhainistiú, go háirithe uirlisí bainistithe leachtachta ex ante a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an neamhréir leachtachta. Is féidir uirlisí macrastuamachta áirithe (8) a chur in oiriúint do rioscaí sonracha cobhsaíochta airgeadais a d’fhéadfadh teacht chun cinn san earnáil CIM agus is féidir iad a chur chun feidhme sula dtarlóidh ócáid struis. Ar an dara dul síos, ba cheart a chumhdach san athbhreithniú an chaoi a shocraíonn BCIManna de CIManna giaráilte neamhiata teorainneacha giarála agus conas mar a úsáideann údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta i ndáil leis na teorainneacha giarála sin, de bhun na Treorach maidir le BCIManna (9). Agus measúnú á dhéanamh ar ghnéithe de bhainistiú CIM sna Ballstáit, ba cheart don Choimisiún forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a mheas freisin.

3.   Tuairisciú

3.1.

Is é is aidhm don Treoir atá beartaithe deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe dhúblacha atá ann faoi reachtaíocht an Aontais agus faoin reachtaíocht náisiúnta, lena n-áirítear, go háirithe, rialacháin áirithe staidrimh arna nglacadh ag BCE (10), chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun ualaí riaracháin ar BCIManna a laghdú (11). Chuige sin, tugtar sainordú sa Treoir atá beartaithe don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le forbairt bailiúcháin sonraí maoireseachta chomhtháite ina ndíreofaí, inter alia, ar conas réimsí dúblála agus neamhréireachtaí a laghdú idir na creataí tuairiscithe san earnáil bainistíochta sócmhainní agus in earnálacha eile den tionscal airgeadais. Agus an tuarascáil sin á hullmhú, moltar go n-oibreodh ÚEUM i ndlúthchomhar le, inter alia, BCE (12).

3.2.

Tá BCE réidh chun comhoibriú le hÚEUM agus an tuarascáil seo á hullmhú chun bailiúchán sonraí maoirseachta chomhtháite a fhorbairt d’fhonn comhsheasmhacht le ceanglais tuairiscithe eile le haghaidh cistí infheistíochta a áirithiú. Cuireann BCE i bhfios go láidir, áfach, nár cheart do chomhtháthú an bhonneagair bhunúsaigh tuairiscithe cur isteach ar inniúlacht BCE nó dochar a dhéanamh di ar shlí eile chun rialacháin staidrimh a ghlacadh chun a chríocha féin ná chun leanúint de shraith iomlán na gceanglas ábhartha maidir le tuairisciú staidrimh a áireamh i rialacháin ábhartha BCE, amhail iad siúd maidir le staidreamh a bhailiú i ndáil le sealúchais urrús agus le sócmhainní agus dliteanais cistí infheistíochta (13).

4.   Rochtain CEBC ar shonraí mionsonraithe maidir le hearnáil CIM

4.1.

Tugann BCE dá aire go gceanglaítear le hAirteagal 25(2) den Treoir maidir le BCIManna ar údaráis inniúla (14) Bhallstát baile BCIM a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis uile a bhailítear faoi Airteagal 24 den Treoir maidir le BCIManna maidir le gach BCIM a ndéanann siad maoirseacht uirthi agus an fhaisnéis a bailítear faoi Airteagal 7 den Treoir maidir le BCIM (dá ngairtear “sonraí CIM aonair” anseo feasta) a chur ar fáil d’údaráis inniúla Ballstát ábhartha eile, agus d’ÚEUM agus do BERS, trí bhíthin na nósanna imeachta atá leagtha amach in Airteagal 50 den Treoir maidir le BCIManna maidir le comhar maoirseachta. Mar sin féin, ní dhéanann an Treoir atá beartaithe athrú suntasach ar na cineálacha sonraí CIM aonair a cheanglaíonn údaráis inniúla ar na BCIManna a ndéanann siad maoirseacht orthu faoi Airteagal 24 den Treoir maidir le BCIM, ná ar na húdaráis eile nach mór d’údaráis inniúla na sonraí sin a chur ar fáil dóibh (15).

4.2.

Leis an Treoir atá beartaithe, ba cheart go gcuirfí de cheangal ar ÚEUM, a fhaigheann sonraí aonair CIM ó na húdaráis inniúla faoi láthair, na sonraí sin a chur ar fáil freisin do BCE agus do bhainc cheannais ábhartha eile CEBC, chun a chur ar a gcumas a gcúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd faoin gConradh, maidir le beartas airgeadaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme agus maidir le rannchuidiú le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

4.3.

Ar an gcéad dul síos, maidir le bunchúram CEBC beartas airgeadaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme mar aon le príomhchuspóir CEBC cobhsaíocht praghsanna a áirithiú, ba cheart a thabhairt faoi deara go nglacann CIManna seasaimh i margadh na n-urrús, go háirithe i dtáirgí ioncaim sheasta (16). Mar chuid dá straitéisí infheistíochta, is minic a dhéantar a seasaimh a ghiaráil, lena (17)n-áirítear trí dhíorthaigh a úsáid. D’fhéadfadh straitéisí den sórt sin gluaiseachtaí i margaí na mbannaí ceannasacha (18)a mhéadú, rud a dhéanfadh difear do tharchur an bheartais airgeadaíochta chuig an ngeilleagar ós rud é go ngníomhaíonn torthaí bannaí ceannasacha mar ráta tagartha do choinníollacha maoinithe gnólachtaí agus teaghlach. Tá idirghníomhaíochtaí den sórt sin le beartas airgeadaíochta ábhartha go háirithe tráth reatha “normalúcháin” an bheartais airgeadaíochta ar dhá chúis. Is é an chéad cheann an acmhainneacht thuasluaite maidir le straitéisí infheistíochta CIM chun gluaiseachtaí i dtorthaí bannaí ceannasacha a mhéadú, rud a chruthóidh géarú gan údar ar choinníollacha maoinithe na hearnála príobháidí. Is é an dara ceann ná gur féidir le CIManna dul i mbun straitéisí infheistíochta a bhaineann le bannaí ceannasacha áirithe sa limistéar euro a cheannach agus, ag an am céanna, bannaí ceannasacha eile sa limistéar euro a dhíol, rud a d’fhéadfadh cur le torthaí éagsúla bannaí ceannasacha an limistéir euro. Tugadh faoi deara ábharthacht na n-éifeachtaí méadaithe sin i margaí bannaí ceannasacha le linn (19) phaindéim COVID-19 agus féadfar a bheith ag súil leis go dtiocfaidh méadú orthu de réir mar a leanann earnáil CIM de bheith ag fás (20). Cuireann CIManna níos mó ná riamh le maoiniú an fhíorgheilleagair toisc gur infheisteoirí suntasacha iad in urrúis arna n-eisiúint ag corparáidí. I ndáil leis sin, tugadh faoi deara in Athbhreithniú Straitéise BCE (21) go bhfuil athrú tagtha ar tharchur an bheartais airgeadaíochta mar gheall ar struchtúir airgeadais atá ag teacht chun cinn, amhail an t-ardú ar idirghabháil airgeadais tríd an earnáil neamhbhainc.

4.4.

Ar an dara dul síos, chuirfeadh rochtain ar shonraí aonair CIM ar chumas bainc cheannais CEBC a gcúram a chomhlíonadh go héifeachtach maidir le rannchuidiú le cobhsaíocht an chórais airgeadais. Nochtadh na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bhaineann le CIManna le linn an tsuaite margaidh a bhí ann i mí an Mhárta 2020, nuair a bhí géarstrus leachtachta ar go leor CIManna mar gheall ar eis-sreafaí suntasacha agus deacrachtaí maidir le sócmhainní a dhíol i margaí nach raibh mórán trádála tánaisteacha iontu nó nach raibh aon trádáil thánaisteach iontu. D’fhreagair CIManna ar an mbrú seo ar leachtacht le díolacháin mhórscála sócmhainní agus taisceadh airgid, agus chuir líon suntasach díobh fuascailtí ar fionraí fiú. Chuir an t-iompar sin ag CIManna leis an mbrú ar luachálacha sócmhainní agus ar leachtacht mhargaidh, rud a chuidigh le coinníollacha maoinithe san fhíorgheilleagar a ghéarú agus ar deireadh níor mhaolaigh sé ach amháin nuair a rinne na bainc cheannais gníomhaíocht urghnách beartais (22). Le himeachtaí Mhárta 2020, leagtar béim ar an gcaoi a bhfuil príomhchuspóir CEBC maidir le cobhsaíocht praghsanna agus a chúram rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais fite fuaite ina chéile, agus ceann amháin acu ina réamhchoinníoll chun an ceann eile a fheidhmiú. Mar a tugadh ar aird in Athbhreithniú Straitéise BCE, i bhfianaise na rioscaí do chobhsaíocht praghsanna a eascraíonn as géarchéimeanna airgeadais, tá cás coincheapúil soiléir ann do BCE chun breithnithe cobhsaíochta airgeadais a chur san áireamh ina phléití maidir leis an mbeartas airgeadaíochta (23).

4.5.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil rochtain ag CEBC cheana féin ar thacair sonraí éagsúla maidir le heintitis neamhbhainc a bhailíonn údaráis inniúla agus stórtha trádála faoi rialacháin an Aontais (24), ag aithint ar an gcaoi sin gur gá do CEBC rochtain a fháil ar na tacair sonraí sin chun críocha a shainorduithe um beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht airgeadais a chomhlíonadh. Dar le BCE, tá réitigh reachtacha den sórt sin — trína mbíonn rochtain ag údaráis éagsúla ar na tacair sonraí chéanna — éifeachtúil le haghaidh comhroinnt sonraí idir údaráis ábhartha toisc go seachnaítear leo ceanglais tuairiscithe dhúblacha, go n-íslítear leo na costais a bhaineann le sonraí a bhailiú agus go n-éascaítear leo seiceálacha cáilíochta sonraí. Cothaítear leo comhar idir na húdaráis freisin, rud a éascaíonn comhlíonadh a sainorduithe faoi seach. Thairis sin, taifeadann na tacar sonraí a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) (an “Rialachán maidir le hidirbhearta maoinithe urrús” nó “an Rialachán maidir le hIMUanna” anseo feasta) agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) (an “Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach” nó “an Rialachán maidir le BME” anseo feasta) díorthaigh aonair agus idirbhearta airgeadais urraithe; is idirbhearta iad seo a dhéantar i margaí ina bhfuil CIManna ina ngníomhaithe tábhachtacha. D’fhonn tuiscint a fháil ar na saintréithe riosca a bhaineann le CIManna aonair (e.g. giaráil, neamhréir leachtachta, idirnascthacht agus bonn infheisteoirí) agus a mhéid a spreagann na saintréithe sin (agus a n-ilchineálacht) gníomhaíocht CIManna sna margaí thuasluaite, ní mór do gach údarás ábhartha a bheith in ann faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais a chomhcheangal le cláir chomhardaithe gníomhaithe margaidh tábhachtacha. Tá tionchar méadaitheach ag láithreacht mhéadaitheach agus gníomhaíocht mhéadaitheach CIManna sna margaí sin ar an sásra tarchurtha beartais airgeadaíochta agus ar rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, agus ní mór do CEBC measúnú a dhéanamh orthu araon d’fhonn a phríomhchuspóir cobhsaíochta praghsanna a chomhlíonadh go héifeachtach agus an cúram atá air rannchuidiú leis an gcobhsaíocht airgeadais.

4.6.

Gan a rochtain féin ar shonraí maidir le CIManna aonair, braitheann BCE faoi láthair ar fhoinsí tráchtála, a sholáthraíonn sonraí atá costasach, neamhiomlán agus neamh-thrédhearcach. I gcodarsnacht le cineál éigeantach an tuairiscithe sonraí faoi chreat rialála, is féidir le CIManna a chinneadh iad féin cibé acu a thuairisceofar nó nach dtuairisceofar faisnéis lena cur san áireamh i dtacair sonraí tráchtála, agus ar an gcaoi sin léargas neamhiomlán a d’fhéadfadh a bheith saofa ar an margadh a thabhairt don CEBC. Is é an toradh atá air sin ná cinntí maidir le beartas airgeadaíochta agus measúnuithe cobhsaíochta airgeadais nach bhfuil chomh feasach céanna. Thairis sin, is deacair seiceálacha cáilíochta sonraí a dhéanamh ar thacair sonraí tráchtála. D’fhéadfadh BCE, i bprionsabal, a rialacháin ábhartha féin maidir le tuairisciú staidrimh a leasú (27) chun na sonraí céanna, nó sonraí an-chosúil, leis na sonraí a bhailítear faoin Treoir maidir le BCIManna a bhailiú. Mar sin féin, bheadh sé sin contrártha d’aidhm na treorach atá beartaithe deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe dhúblacha faoi reachtaíocht an Aontais agus faoin reachtaíocht náisiúnta (28). Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go gceanglaítear ar BCE prionsabail áirithe a leanúint, lena n-áirítear an t-ualach ar ghníomhairí tuairiscithe a íoslaghdú, agus a chúram maidir le bailiú staidrimh faoi Airteagal 5.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh á chomhlíonadh aige (29). I dteannta na gcostas ar ghníomhairí tuairiscithe, bheadh costais shuntasacha ar bhainc cheannais CEBC agus ar BCE mar thoradh ar cheanglais tuairiscithe dhúblacha maidir le cineálacha áirithe sonraí nach n-áirítear sna ceanglais tuairiscithe staidrimh reatha. Ar an taobh eile, bheadh na costais iarbhír do BCE maidir le rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear sa Treoir maidir le BCIManna i bhfad níos ísle, ós rud é go bhfuil na sonraí ar fáil cheana féin i mbunachair sonraí agus i gcórais BCE mar thoradh ar thacaíocht staidrimh BCE agus ar thacaíocht eile ó BERS, (30)cé nach bhfuil foireann BCE agus bainc cheannais CEBC in ann rochtain a fháil ar na sonraí sin (31).

I gcás ina molann BCE go leasófar an rialachán atá beartaithe, leagtar amach tograí sonracha dréachtaithe maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leith a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil ar fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 9 Lúnasa 2022.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/61/AE agus Treoir 2009/65/CE maidir le socruithe tarmligin, bainistiú priacail leachtachta, tuairisciú maoirseachta, soláthar seirbhísí taisce agus cumhdaigh agus tionscnamh iasachta ag cistí infheistíochta malartacha, COM(2021) 721 final.

(2)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(3)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302 17.11.2009, lch. 32).

(4)  Féach Airteagal 1, pointe (6), den Treoir atá beartaithe lena gcuirtear isteach mír 2a go mír 2h in Airteagal 16 den Treoir maidir le BCIManna agus Iarscríbhinn II den Treoir atá beartaithe a chuirtear in ionad Iarscríbhinn V den Treoir maidir le BCIManna. Féach freisin Airteagal 2, pointe (4), den Treoir atá beartaithe maidir leis an leasú coibhéiseach ar Threoir 2009/65/CE.

(5)  Airteagal 1, pointe (6), den Treoir atá beartaithe (lena gcuirtear isteach mír 2b in Airteagal 16 den Treoir BCIManna).

(6)  Airteagal 1, pointe (6), den Treoir atá beartaithe (lena gcuirtear isteach mír 2c in Airteagal 16 den Treoir maidir le BCIM).

(7)  Airteagal 1, pointe (21), den Treoir atá beartaithe (lena gcuirtear isteach Airteagal 69b sa Treoir maidir le BCIManna).

(8)  D’áireofaí orthu sin uirlisí amhail forchur maoirseachta teorainneacha giarála (Airteagal 25 den Treoir maidir le BCIManna, ina bhfuil cumhacht údaráis inniúil náisiúnta teorainneacha giarála a fhorchur ar an CIM), fuascailtí ar mhaithe le leas an phobail a chur ar fionraí (Airteagal 46(2), ina bhfuil cumhacht údaráis inniúil náisiúnta fuascailtí chun leas an phobail a chur ar fionraí), nó d’fhéadfadh srianta eile amhail maoláin chaipitil agus cóimheasa iasachta i gcoinne luacha a bheith ann.

(9)  Féach Airteagal 25(3) den Treoir maidir le BCIManna, a bhaineann, i measc cumhachtaí eile, le cumhacht údarás inniúil Bhallstát baile an BCIM teorainneacha a fhorchur ar an leibhéal giarála atá an BCIM i dteideal a úsáid agus CIM á bhainistiú aige.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1011/2012 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Deireadh Fómhair 2012 maidir le staidreamh i ndáil le sealúchais urrús (BCE/2012/24) (IO L 305, 1.11.2012, lch. 6) agus Rialachán (AE) Uimh. 1073/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Deireadh Fómhair 2013 maidir le staidreamh i ndáil le sócmhainní agus dliteanais cistí infheistíochta (BCE/2013/38) (IO L 297, 7.11.2013, lch. 73).

(11)  Aithris 16 den Treoir atá beartaithe.

(12)  Aithris 16 agus Airteagal 1, pointe (21), den Treoir atá beartaithe (lena gcuirtear isteach Airteagal 69b sa Treoir maidir le BCIManna. Féach freisin Airteagal 2, pointe (5), den Treoir atá beartaithe (lena gcuirtear isteach Airteagal 20b i dTreoir GCUI).

(13)  Féach fonóta 10 thuas.

(14)  In Airteagal 4(1)(f) den Treoir maidir le BCIManna, sainmhínítear údaráis inniúla mar na húdaráis a dtugtar an chumhacht dóibh le dlí nó le rialachán maoirseacht a dhéanamh ar BCIManna.

(15)  Féach go háirithe Airteagal 24(2) den Treoir maidir le BCIManna. Le hAirteagal 1(10) den Treoir atá beartaithe (lena leasaítear Airteagal 24 den Treoir maidir le BCIManna), ceanglaítear ar BCIManna tuairisciú go rialta d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile maidir leis na margaí agus na huirlisí ina mbíonn BCIM ag trádáil thar ceann an CIM atá á bhainistiú aige. Leis an Airteagal sin, tugtar sainordú d’ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála (CTRanna) a dhréachtú ina sonrófar na mionsonraí atá le tuairisciú. Is é Airteagal 2(5)(1) den Treoir atá beartaithe (Airteagal 20ú nua den Treoir GCUI a thabhairt isteach) an fhoráil choibhéiseach i leith GCUI.

(16)  Cistí infheistíochta malartacha de chuid AE — tuarascáil staidrimh 2022, ar fáil ar shuíomh gréasáin ÚEUM ag www.esma.europa.eu.

(17)  In Airteagal 4(1)(v) den Treoir maidir le BCIManna, sainmhínítear “giaráil” mar aon mhodh lena méadaíonn BCIM neamhchosaint CIM a bhíonn á bhainistiú aige, cibé acu trí airgead tirim nó urrúis a fháil ar iasacht, nó trí ghiaráil atá leabaithe i suíomhanna díorthach nó ar aon bhealach eile.

(18)  Féach, mar shampla, “Athbhreithniú ollmhór ar shuaitheadh margaidh mhí an Mhárta” de chuid an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais, Samhain 2020 agus an litríocht a luaitear ann https://www.fsb.org/wp-content/uploads/P171120-2.pdf (leathanach 30 et seq.).

(19)  Féach airteagal de chuid an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais dá dtagraítear i bhfonóta 18.

(20)  Mar shampla, mar a thomhaistear lena sócmhainní iomlána atá á bainistiú — féach tuarascáil ÚEUM dá dtagraítear i bhfonóta 16. Féach freisin leathanaigh 4 go 5 de Shraith Páipéir Ócáideach BCE, idirghabháil airgeadais neamhbhainc sa limistéar euro: impleactaí do tharchur beartais airgeadaíochta agus príomhleochaileachtaí , ar fáil ar shuíomh Gréasáin BCE ar www.ecb.europa.eu.

(21)  Féach Athbhreithniú Straitéise BCE 2022, atá ar fáil ag:

https://www.ecb.europa.eu/home/search/review/html/ecb.strategyreview_monpol_strategy_overview.ga.html

(22)  Féach, mar shampla, Roinn 5.2 den Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais, BCE, Bealtaine 2021, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu.

(23)  Féach Athbhreithniú Straitéise BCE 2022; féach freisin Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais BCE, Bealtaine 2021, bosca dar teideal ‘Ról na cobhsaióchta airgeadais i straitéis nua BCE maidir lena bheartas airgeadaíochta.

(24)  Féach Airteagal 81(3)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201 27.7.2012, lch. 1); agus Airteagal 12(2)(f) de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsaide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (L 337, 23 Nollaig 2015, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(27)  Is iad seo go príomha Rialachán (AE) Uimh. 1011/2012 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Deireadh Fómhair 2012 maidir le staidreamh i ndáil le sealúchais urrús (BCE/2012/24) (IO L 305, 1.11.2012, lch. 6), agus Rialachán (AE) Uimh. 1073/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Deireadh Fómhair 2013 maidir le staidreamh i ndáil le sócmhainní agus dliteanais cistí infheistíochta (BCE/2013/38) (IO L 297, 7.11.2013, lch. 73).

(28)  Tá BCE ag féachaint ar an gcaoi a bhféadfadh rialacháin BCE freastal níos iomláine ar riachtanais sonraí BCE sa réimse sin gan ualach breise tuairiscithe a bheith ar BCIManna.

(29)  Airtegal 3ú de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8).

(30)  Féach Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331 15.12.2010, lch. 1).

(31)  I.e. níl na sonraí ar fáil do BCE chun aon chríche eile seachas chun críche cúnga tacaíochta staidrimh BERS.


Top