Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021SC0612

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh

    SWD/2021/612 final

    An Bhruiséil,14.7.2021

    SWD(2021) 612 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    a ghabhann leis an doiciméad

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh

    {COM(2021) 555 final} - {SEC(2021) 555 final} - {SWD(2021) 553 final} - {SWD(2021) 611 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair maidir leis an Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill

    A. An gá atá le beart

    Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

    Leagtar amach sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill na spriocanna náisiúnta maidir le laghdú a chur ar gháis cheaptha teasa le haghaidh na n‑earnálacha nach gcumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais amhail foirgnimh, iompar de bhóthar, talmhaíocht agus dramhaíl. Toisc go bhfuiltear chun céim in airde a ghlacadh, áfach, chuig sprioc nua fhoriomlán ar fud gheilleagar an Aontais Eorpaigh de ghlanlaghduithe 55 % ar a laghad ar gháis cheaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990, ní leor na spriocanna reatha atá socraithe don Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill chun rannchuidiú go leordhóthanach le sprioc mhéadaithe fhoriomlán an Aontais. An dara rud, mar gheall ar an síneadh a d’fhéadfaí a chur leis an gCóras Trádála Astaíochtaí agus mar gheall ar an athrú a d’fhéadfadh teacht ar raon feidhme an Rialacháin um Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht is gá raon feidhme an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill féin a bhreithniú mar chuid de chomhdhéanamh foriomlán an bheartais aeráide. An tríú rud, tá an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill bunaithe ar chothroime, dlúthpháirtíocht agus costéifeachtúlacht ina leagan amach, agus ní mór na gnéithe sin a choimeád san athbhreithniú.

    Cad é ba cheart a bhaint amach?

    Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo rannchuidiú chun glanlaghduithe 55 % ar a laghad a bhaint amach in astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) faoi 2030 i gcomparáid le 1990, d’fhonn aeráidneodracht a bhaint amach (i.e. astaíochtaí gás ceaptha teasa glan‑nialasacha) faoi 2050 agus é sin a dhéanamh de réir a chéile agus ar bhealach cothrom. Tá trí chuspóir shonracha ann don athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill: ar an gcéad dul síos, raon feidhme agus uaillmhian chomhchoiteann an Rialacháin a shainiú go comhleanúnach laistigh den phacáiste Oiriúnach do 55 agus go háirithe Córas Trádála Astaíochtaí féideartha nua sínte a bhreithniú ina gcumhdófaí earnálacha amhail foirgnimh agus iompar de bhóthar. Ar an dara dul síos, a áirithiú go gcomhroinntear iarrachtaí breise ar bhealach comhsheasmhach, cothrom agus cóir idir na Ballstáit. An tríú rud, réitigh chostéifeachtúla a chur chun cinn chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí in earnálacha comhroinnte díchill agus sprioc‑choigeartuithe agus solúbthachtaí in úsáid.

    Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

    Fadhb thrasteorann is ea an t‑athrú aeráide i gcás ina bhforlíonann agus ina dtreisíonn gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais gníomhaíocht náisiúnta agus áitiúil go héifeachtach. Bítear in ann le gníomhaíocht chomhordaithe uaillmhian ard a chruthú ar fud an Aontais agus prionsabal na coimhdeachta agus cumais dhifriúla chun dul i mbun gníomhaíochta i measc na mBallstát á n‑aithint an tráth céanna, ó tharla go dtugtar aghaidh go príomha sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill ar Bhallstáit, agus costéifeachtúlacht mhéadaithe á ceadú trí sholúbthachtaí iomchuí laistigh de Bhallstáit agus eatarthu agus le reachtaíocht earnála eile (Córas Trádála Astaíochtaí, an Rialachán um Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht).

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

    Baineann príomh‑roghanna an mheasúnaithe tionchair seo leis na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill:

    oRogha 1: Raon feidhme earnála reatha an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill a choimeád agus astaíochtaí trádála a leathnú san am céanna, lena ngabhfaidh dhá athraitheach: 1.1. méadú láidir ar uaillmhian an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill agus 1.2. méadú teoranta ar uaillmhian an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill 

    oRogha 2: Gan ach na hearnálacha nach gcumhdaítear le trádáil astaíochtaí a choinneáil ar bun sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, go háirithe raon feidhme laghdaithe gan foirgnimh agus iompar le dhá athraitheach: 2.1. spriocanna a mhéadú chuig réamh‑mheastacháin chostéifeachtúla de na hearnálacha atá fágtha sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill; 2.2. spriocanna reatha den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a choinneáil ar bun

    oRogha 3: Deireadh a chur de réir a chéile leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus é a ionadú le hionstraimí beartais eile.

    In éineacht leis na roghanna maidir le raon feidhme, déantar scrúdú sa mheasúnú freisin ar cibé atá na solúbthachtaí atá cheana féin laistigh den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill leordhóthanach chun an méadú ar an uaillmhian aeráide a sheachadadh ar bhealach costéifeachtach.

    Mar gheall ar an ról láidir atá ag prionsabal na coimhdeachta i gcuid mhaith de bheartais an Aontais atá i bhfeidhm sna hearnálacha a chumhdaítear, feictear uaillmhian mhéadaithe leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i gcomhréir leis an uaillmhian aeráide foriomlán agus raon feidhme an Rialacháin atá ann faoi láthair á choimeád ag an am céanna mar an rogha thosaíochta, rud a áiritheoidh go mbeidh Ballstáit cuntasach agus go mbeidh na dreasachtaí cearta acu chun beartais náisiúnta agus beartais de chuid an Aontais araon a chur chun feidhme ar bhealach uaillmhianach, agus go dtabharfar an tsolúbthacht do na Ballstáit ag an am céanna chun a n‑imthosca náisiúnta a chur san áireamh.

    Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

    I dtéarmaí uaillmhéine d’aontaigh tromlach mór na ngeallsealbhóirí a thug freagra ar an gcomhairliúchán poiblí gur cheart do na Ballstáit dlús a chur faoi iarrachtaí agus spriocanna níos uaillmhianaí a lorg. A mhéid a bhaineann le raon feidhme, b’fhearr le 60 % de na freagróirí gur cheart d’earnálacha a bheidh cumhdaithe ag Córas Trádála Astaíochtaí sínte sa todhchaí fanacht faoi chuimsiú an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill freisin, agus bhí 26 % ina choinne sin. Má thugtar Córas Trádála Astaíochtaí sínte isteach, chuir go leor freagróirí i dtábhacht an gá atá le tréimhse tástála roimh chinneadh a dhéanamh faoi cibé ar cheart raon feidhme an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill a athrú nó nár cheart. An 1 Meitheamh 2021, thionóil an Leas‑Uachtarán Feidhmeach Timmermans agus an Coimisinéir Schmit éisteacht le comhpháirtithe sóisialta chun an ghné eacnamaíoch agus shóisialta den phacáiste Oiriúnach do 55 a phlé. Thacaigh na comhpháirtithe sóisialta leis an sprioc i gcomhair laghdú 55 % agus chuir siad a dtuairimí in iúl maidir le tograí éagsúla an phacáiste.

    C. Tionchar na rogha tosaíochta

    Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?

    Déantar foráil leis an rogha thosaíochta maidir le creat beartais lena n‑áiritheofar leibhéal ard sláine comhshaoil, cothroime agus dlúthpháirtíochta i ndáileadh na n‑iarrachtaí agus déantar foráil ann maidir le solúbthachtaí leordhóthanacha chun na cuspóirí a bhaint amach ar bhealach costéifeachtúil.

    Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

    Déantar measúnú ar chostais fhoriomlána na rogha tosaíochta mar chuid den anailís eacnamaíoch fhoriomlán ar an gcéim suas i dtreo laghduithe astaíochtaí 55 % ar a laghad. I réamh‑mheastacháin ar fud an gheilleagair ina gcomhcheanglaítear na bearta rialála araon agus ina dtugtar Córas Trádála Astaíochtaí sínte isteach feictear costais an chórais fuinnimh ag méadú as seo go ceann 10 mbliana ó 0.3 % go 0.6 % de OTI (an ceann deiridh nuair a bheidh tionchar na praghsála carbóin á áireamh) i gcomparáid leis an gcás tagartha. Ar na costais sin beidh costais infheistíochta bhreise ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh de, chomh maith le coigiltis breosla. Tá na tionchair mhaicreacnamaíocha teoranta agus is féidir leo a bheith dearfach, ag brath ar conas a dhéantar, mar shampla, lánioncaim ó phraghsáil carbóin a athchúrsáil ar ais sa gheilleagar.

    Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

    Tugtar aghaidh sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill go príomha ar Bhallstáit mar ghníomhairí institiúideacha agus dá bhrí sin déanann sé an difear is mó dá riaracháin náisiúnta go díreach. Maidir le gnóthaí go ginearálta agus FBManna go háirithe níl aon oibleagáid tuairiscithe dhíreach do FBManna nó d’fhiontair eile faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus ní athródh na roghanna beartais an stádas sin. Mar sin féin, tá cuid mhaith FBManna, mar shampla in iompar, i bhfuinneamh agus sa talmhaíocht, i measc na n‑earnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Táthar ag súil tríd is tríd go bhfeicfidh gach earnáil sa gheilleagar uaillmhian mhéadaithe maidir le gás ceaptha teasa a rannchuideoidh le nuachóiriú an gheilleagair, ach go bhfeicfear roinnt earnálacha ag dul ar gcúl freisin, mar shampla iad sin a bhaineann le heastóscadh agus dáileadh breoslaí iontaise.

    An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

    Beidh na tionchair phraiticiúla do na Ballstáit i ngeall ar chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart náisiúnta in earnálacha ina gcuimsítear an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill ag brath ar na bearta a roghnófar i ngach tír shonrach agus a thíolacfar ina bPleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (NECPanna) a bheidh tugtha cothrom le dáta agus ar a mbeidh measúnú déanta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide.

    An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

    Déanfaidh údaráis náisiúnta bearta breise chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar thoradh ar an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill in earnálacha amhail foirgnimh, iompar de bhóthar, tionscail bheaga agus sa talmhaíocht. Beidh an claochlú bainteach go minic le riachtanais infheistíochta mhéadaithe, rud as a dtiocfaidh éifeachtúlacht mhéadaithe agus/nó costais oibriúcháin laghdaithe. Bainfidh na tionchair dá bhrí sin le dúshláin infheistíochta agus conas dul i ngleic leo sin, mar shampla i dteaghlaigh ísealioncaim. Tugtar aghaidh air sin laistigh den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill trí spriocanna a leagan síos ar bhealach difreáilte, bunaithe den chuid is mó ar OTI per capita seachas ar chur chuige nach bhfuil bunaithe ach amháin ar chostéifeachtúlacht chun spriocanna a shainiú, rud a mbeadh tionchair níos mó aige go bunúsach ar Bhallstáit ísealioncaim.

    Comhréireacht? 

    Beidh tuilleadh gníomhaíochta de dhíth, ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát araon, chun uaillmhian mhéadaithe a bhaint amach i laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is uirlis é an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill chun gníomhaíocht ó Bhallstáit den Aontas Eorpach a dhreasú ar bhealach solúbtha agus iomchuí, agus déanann sé é sin ar bhealach atá chomhleanúnach le reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Gníomhaíocht chomhréireach í an ghníomhaíocht atá beartaithe chun na cuspóirí aeráide dá bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta a bhaint amach.

    D. Iarobair

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    Táthar ag súil go mbeidh an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i bhfeidhm go dtí 2030 ar a laghad. Tá measúnú á dhéanamh ar dhul chun cinn mar chuid den chóras bliantúil faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa. Meastar go ndéanfar athbhreithniú tráthrialta sa reachtaíocht. Beidh sé ailínithe leis an athbhreithniú ar reachtaíocht aeráide eile amhail mar shampla an Treoir AE maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, an Rialachán um Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht agus an Rialachán lena leagtar síos caighdeáin CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna.

    Top