Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0719

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena n-údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh, Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht

    COM/2021/719 final

    An Bhruiséil,25.11.2021

    COM(2021) 719 final

    2021/0383(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    lena n‑údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh, Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.ÁBHAR AN TOGRA

    Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena núdaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí (‘an Prótacal’) a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh, Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist). 1 Is éard is aidhm don Phrótacal rialacha comhchoiteanna a chur ar fáil ar an leibhéal idirnáisiúnta chun feabhas a chur ar chomhar i ndáil leis an gcibearchoireacht agus ar bhailiú fianaise i bhfoirm leictreonach le haghaidh imscrúduithe nó imeachtaí coiriúla.

    Comhlánaíonn an togra seo togra ar leith ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh (‘an Chomhairle’) lena n‑údaraítear do na Ballstáit an Prótacal a shíniú chun leas an Aontais Eorpaigh.

    Is dúshlán suntasach fós í an chibearchoireacht dár sochaí. D’ainneoin iarrachtaí na núdarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na núdarás breithiúnach, tá méadú ag teacht ar chibear-ionsaithe, lena náirítear ionsaithe ar bhogearraí éirice, agus tá siad ag éirí níos casta. 2 Ós rud é nach bhfuil teorainneacha ag an idirlín, is ar bhonn trasteorann a bhíonn imscrúduithe cibearchoireachta beagnach i gcónaí, rud a fhágann go mbíonn gá le dlúthchomhar idir na húdaráis i dtíortha éagsúla.

    Tá fianaise leictreonach ag éirí níos tábhachtaí le haghaidh imscrúduithe coiriúla. Measann an Coimisiún go dteastaíonn rochtain ar fhianaise leictreonach ó na húdaráis forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha in 85 % d’imscrúduithe coiriúla sa lá atá inniu ann, lena náirítear imscrúduithe cibearchoireachta. 3 Is minice anois gur i bhfoirm leictreonach a choinníonn soláthraithe seirbhíse i ndlínsí eachtracha fianaise i leith aon chiona choiriúla, agus ionas go mbeidh freagairt éifeachtach ón gceartas coiriúil ann, teastaíonn bearta iomchuí chun an fhianaise sin a fháil ar mhaithe leis an smacht reachta a chaomhnú.

    Déantar iarrachtaí ar fud an domhain, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh 4 agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena náirítear tríd an bPrótacal, chun feabhas a chur ar an rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach i leith imscrúduithe coiriúla. Tá sé tábhachtach rialacha comhoiriúnacha a áirithiú ar an leibhéal idirnáisiúnta chun coinbhleachtaí dlí a sheachaint nuair a dhéantar rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach a lorg.

    2.COMHTHÉACS AN TOGRA

    2.1.Cúlra

    Tá sé d’aidhm ag Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist, CETS Uimh. 185) (‘an Coinbhinsiún’) an comhrac i gcoinne cionta coiriúla a éascú agus leas á bhaint as líonraí ríomhaireachta. Maidir leis an gcoinbhinsiún; (1) tá forálacha ann lena gcomhchuibhítear gnéithe den dlí substainteach coiriúil náisiúnta i leith cionta agus forálacha gaolmhara i réimse na cibearchoireachta, (2) déantar foráil ann maidir le cumhachtaí nós imeachta i ndáil le dlí coiriúil náisiúnta a bhfuil gá leo chun cionta den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh mar aon le cionta eile a dhéantar trí chóras ríomhaireachta nó cionta ar i bhfoirm leictreonach atá an fhianaise ina leith, agus (3) tá sé d’aidhm aige córas tapa éifeachtach um chomhar idirnáisiúnta a chur ar bun.

    Tá an Coinbhinsiún ar oscailt do Bhallstáit Chomhairle na hEorpa, agus do thíortha nach Ballstáit iad, ar chuireadh a fháil. Faoi láthair, tá 66 thír ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún, lena náirítear 26 Bhallstát den Aontas Eorpach. 5 Níl sé beartaithe sa Choinbhinsiún go bhféadfaidh an tAontas Eorpach aontú don Choinbhinsiún. Aithnítear an tAontas Eorpach, áfach, mar Eagraíocht Bhreathnóireachta ar Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY). 6  

    D’ainneoin iarrachtaí chun coinbhinsiún nua maidir le cibearchoireacht a chaibidliú ar leibhéal na Náisiún Aontaithe 7 , is é Coinbhinsiún Bhúdaipeist an príomhchoinbhinsiún iltaobhach fós i dtaca leis an gcomhrac i gcoinne na cibearchoireachta. Tacaíonn an tAontas go leanúnach leis an gCoinbhinsiún 8 , lena náirítear trí chláir um fhothú acmhainneachta a mhaoiniú. 9  

    Tar éis moltaí ón nGrúpa um Néalfhianaise 10 , ghlac Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht roinnt moltaí chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán, is é sin gur minice anois ná riamh go mbíonn fianaise leictreonach a bhaineann leis an gcibearchoireacht agus le cionta eile á gcoinneáil ag soláthraithe seirbhíse i ndlínsí eachtracha, fad agus a mbíonn cumhachtaí fhorfheidhmiú an dlí teoranta ag teorainneacha críochacha, agus mar chuid de ghlacadh na moltaí sin, caibidlíodh an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht i ndáil le comhar idirnáisiúnta feabhsaithe. I mí an Mheithimh 2017, d’fhormheas Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht na téarmaí tagartha maidir leis an Dara Prótacal Breise a ullmhú le linn na tréimhse ó mhí Mheán Fómhair 2017 go mí na Nollag 2019. 11 I bhfianaise an ghá atá le níos mó ama chun an plé a thabhairt i gcrích, mar aon leis na bacainní a bhain le paindéim COVID-19 in 2020 agus in 2021, chuir Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht síneadh leis na téarmaí tagartha faoi dhó, go dtí mí na Nollag 2020, agus go dtí mí na Bealtaine 2021 ina dhiaidh sin.

    Tar éis na hiarrata ón gComhairle Eorpach ina cuid conclúidí an 18 Deireadh Fómhair 2018 12 , an 5 Feabhra 2019 ghlac an Coimisiún Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena núdaraítear don Choimisiún a bheith rannpháirteach, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa chaibidlíocht faoin dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht. 13 Ghlac an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tuairim maidir leis an Moladh an 2 Aibreán 2019. 14 Le cinneadh an 6 Meitheamh 2019, d'údaraigh Comhairle an Aontais Eorpaigh don Choimisiún a bheith rannpháirteach, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa chaibidlíocht faoin Dara Prótacal Breise. 15  

    Mar a cuireadh in iúl i Straitéis 2020 an Aontais um an Aontas Slándála 16 , i Straitéis Chibearshlándála 2020 an Aontais le haghaidh na Deacáide Digití 17 agus i Straitéis 2021 an Aontais um an gCoireacht Eagraithe 18 , tá an Coimisiún tiomanta an chaibidlíocht faoin bPrótacal a thabhairt i gcrích go pras agus go rathúil. D’aithin Parlaimint na hEorpa freisin, ina Rún ó 2021 maidir le Straitéis Chibearshlándála an Aontais le haghaidh na Deacáide Digití 19 , gur gá an obair ar an bPrótacal a thabhairt i gcrích.

    Ghlac an Coimisiún páirt, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa chaibidlíocht faoin bPrótacal i gcomhréir leis an gCinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go leanúnach le coiste speisialta na Comhairle um an gcaibidlíocht maidir le seasamh an Aontais.

    I gcomhréir leis an gCreatChomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach 20 , choinnigh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir leis an gcaibidlíocht trí bhíthin tuarascálacha i scríbhinn agus cuir i láthair ó bhéal.

    Ag cruinniú iomlánach Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht an 28 Bealtaine 2021, d’fhormheas Coiste an Choinbhinsiúin um Chibearchoireacht an Dréachtphrótacal ar a leibhéal féin agus chuir sé an dréacht ar aghaidh lena ghlacadh ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa. 21 An 17 Samhain 2021, ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an Prótacal.

    2.2.An Dara Prótacal Breise

    Is éard is aidhm don Phrótacal feabhas a chur ar chomhar maidir leis an gcibearchoireacht agus le bailiú fianaise i bhfoirm leictreonach i leith cion coiriúil chun críche imscrúduithe coiriúla sonracha nó imeachtaí coiriúla sonracha. Aithnítear sa Phrótacal an gá atá leis an gcomhar idir Stáit agus an comhar leis an earnáil phríobháideach a mhéadú agus a dhéanamh níos éifeachtúla, mar aon leis an ngá le soiléireacht agus cinnteacht dhlíthiúil le haghaidh soláthraithe seirbhíse agus eintitis eile maidir leis na himthosca ina bhféadfaidh siad freagairt ar iarrataí ó údaráis ceartais choiriúil ar chríoch Páirtithe eile go ndéanfaí fianaise leictreonach a nochtadh.

    Aithnítear sa Phrótacal freisin go mbíonn coinníollacha éifeachtacha agus coimircí láidre i dtaca le cosaint na gceart bunúsach ag teastáil le haghaidh comhar éifeachtach trasteorann chun críocha an cheartais choiriúil, lena n‑áirítear comhar idir údaráis na hearnála poiblí agus eintitis san earnáil phríobháideach. Chun na críche sin, leanann an Prótacal cur chuige atá bunaithe ar chearta agus déantar foráil ann maidir le coinníollacha agus coimircí i gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, lena n‑áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Ós rud é gur minic a bhaineann fianaise leictreonach le sonraí pearsanta, tá coimircí láidre sa Phrótacal freisin chun príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint.

    Na forálacha dá dtagraítear sna fomhíreanna seo a leanas, tá tábhacht ar leith ag baint leo i gcás an Phrótacail. Tá tuarascáil mhíniúcháin mhionsonraithe ag gabháil leis an bPrótacal. Cé nach ionstraim í an tuarascáil mhíniúcháin lena dtugtar léirmhíniú údarásach ar an bPrótacal, tá sé beartaithe ‘treoir agus cúnamh a thabhairt do Pháirtithe’ agus an Prótacal á chur i bhfeidhm. 22  

    2.2.1.Forálacha coiteanna

    Déantar foráil i gCaibidil I den Phrótacal maidir le forálacha coiteanna. In Airteagal 2, cinntear raon feidhme an Phrótacail, i gcomhréir le raon feidhme an Choinbhinsiúin: tá feidhm aige maidir le himscrúduithe coiriúla sonracha, sin nó imeachtaí i dtaca le cionta coiriúla a bhaineann le córais agus sonraí ríomhaireachta, agus maidir le bailiú fianaise i bhfoirm leictreonach i leith cion coiriúil.

    In Airteagal 3, tugtar sainmhínithe ar ‘údaráis lárnacha’, ‘údaráis inniúla’, ‘staideanna éigeandála’, ‘sonraí pearsanta’ agus ‘Páirtí aistritheach’. Tá feidhm ag na sainmhínithe sin maidir leis an bPrótacal, mar aon le sainmhínithe a áirítear sa Choinbhinsiún.

    In Airteagal 4 cinntear na teangacha inar cheart do Pháirtithe orduithe, iarrataí nó fógraí a chur isteach faoin bPrótacal.

    2.2.2.Bearta comhair

    Déantar foráil i gCaibidil II den Phrótacal maidir le bearta chun comhar a fheabhsú. Ar an gcéad dul síos, in Airteagal 5, mír 1, cinntear go n‑oibreoidh na Páirtithe i gcomhar ar bhonn an Phrótacail a mhéid is féidir. In Airteagal 5, míreanna 2 go 5, cinntear cur i bhfeidhm bhearta an Phrótacail maidir le conarthaí nó socruithe i ndáil le cúnamh frithpháirteach atá ann cheana. In Airteagal 5, mír 7, leagtar amach nach gcuirfidh na bearta i gCaibidil II srian ar chomhar idir Páirtithe, ná ar chomhar le soláthraithe seirbhíse ná le heintitis, trí chomhaontuithe, socruithe nó cleachtais eile is infheidhme, nó trí fhorálacha eile is infheidhme de dhlí náisiúnta.

    In Airteagal 6. déantar foráil maidir le bonn le haghaidh an chomhair dhírigh idir na húdaráis inniúla i bPáirtí amháin agus eintitis a sholáthraíonn seirbhísí clárúcháin ainmneacha fearainn i bPáirtí eile, chun sonraí clárúcháin ainmneacha fearainn a nochtadh.

    In Airteagal 7 tugtar bonn le haghaidh an chomhair dhírigh idir na húdaráis inniúla i bPáirtí amháin agus soláthraithe seirbhíse i bPáirtí eile chun sonraí rannpháirtithe a nochtadh.

    In Airteagal 8 tugtar bonn le haghaidh comhar feabhsaithe idir údaráis chun sonraí ríomhaireachta a nochtadh.

    In Airteagal 9 tugtar bonn le haghaidh comhar idir údaráis chun sonraí ríomhaireachta a nochtadh i staideanna éigeandála.

    In Airteagal 10 tugtar bonn le haghaidh chúnamh dlíthiúil frithpháirteach i staideanna éigeandála.

    In Airteagal 11 tugtar bonn le haghaidh comhar trí fhíschomhdháil.

    In Airteagal 12 tugtar bonn le haghaidh imscrúduithe comhpháirteacha agus le haghaidh foirne comhpháirteacha um imscrúdú.

    2.2.3.Coimircí

    Leanann an Prótacal cur chuige atá bunaithe ar chearta lena ngabhann coinníollacha agus coimircí sonracha, coinníollacha agus coimircí a bhfuil cuid acu ionchorpraithe sna bearta comhair sonracha agus i gCaibidil III den Phrótacal. Le hAirteagal 13 den Phrótacal, ceanglaítear ar Pháirtithe a áirithiú go bhfuil cumhachtaí agus nósanna imeachta faoi réir leibhéal cosanta iomchuí do chearta bunúsacha, cosaint a áirithíonn go gcuirfear prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 15 den Choinbhinsiún.

    Déantar foráil in Airteagal 14 den Phrótacal maidir le sonraí pearsanta a chosaint, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Phrótacal i gcomhréir leis an bPrótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil (CETS 223) (Coinbhinsiún 108+) agus le dlí an Aontais.

    Ar an mbonn sin, in Airteagal 14, míreanna 2 go 15, leagtar amach prionsabail bhunúsacha maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear teorannú de réir cuspóra, bunús dlí, cáilíocht sonraí agus rialacha is infheidhme maidir le próiseáil catagóirí speisialta sonraí, oibleagáidí is infheidhme maidir le rialaitheoirí, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le tréimhsí coinneála, taifid a choimeád, an tslándáil agus aistrithe ar aghaidh, cearta aonair in‑fhorfheidhmithe, lena n‑áirítear cearta maidir le fógra a thabhairt, rochtain, ceartú agus cinnteoireacht uathoibrithe, maoirseacht neamhspleách éifeachtach ag údarás amháin nó níos mó agus sásamh riaracháin agus sásamh breithiúnach. Cumhdaíonn na coimircí gach cineál comhair a leagtar amach sa Phrótacal, maille le hoiriúnuithe i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sonracha an chomhair dhírigh (e.g. i gcomhthéacs fógra a thabhairt maidir le sárú). Is féidir feidhmiú ceart aonair áirithe a mhoilliú, a theorannú nó a dhiúltú i gcás inar gá agus is comhréireach chun cuspóirí tábhachtacha leasa phoiblí a shaothrú, go háirithe chun cosc a chur ar riosca d’imscrúduithe forfheidhmithe dlí atá ar siúl, rud atá i gcomhréir le dlí an Aontais freisin.

    Ba cheart Airteagal 14 den Phrótacal a léamh i gcomhar le hAirteagal 23 den Phrótacal freisin. Le hAirteagal 23, neartaítear éifeachtacht na gcoimircí sa Phrótacal trína fhoráil go ndéanfaidh Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht measúnú ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm na mbeart arna nglacadh sa reachtaíocht náisiúnta chun feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Phrótacail. Aithnítear go sainráite in Airteagal 23, mír 3, go háirithe, go ndéanfar measúnú ar chur chun feidhme Airteagal 14 ag na Páirtithe nuair a léireoidh deich bPáirtí sa Choinbhinsiún a dtoiliú maidir le bheith faoi cheangal ag an bPrótacal.

    Mar choimirce bhreise, de bhun Airteagal 14, mír 15, i gcás ina bhfuil fianaise shubstaintiúil ag Páirtí go bhfuil Páirtí eile ag déanamh sárú córasach nó sárú ábhartha ar na coimircí a leagtar amach sa Phrótacal, féadfaidh sé aistriú sonraí pearsanta chuig an bPáirtí sin a chur ar fionraí tar éis comhairliúcháin (rud nach gá i gcás práinne). Aon sonraí pearsanta a aistríodh roimh an bhfionraí, caithfear leo fós i gcomhréir leis an bPrótacal.

    Ar deireadh, ós rud é go bhfuil an Prótacal iltaobhach, in Airteagal 14, mír 1, pointí b agus c den Phrótacal, ceadaítear do Pháirtithe teacht ar chomhaontú ina gcaidrimh dhéthaobhacha faoi choinníollacha áirithe maidir le bealaí eile chun cosaint sonraí pearsanta a aistrítear faoin bPrótacal a áirithiú. Cé go bhfuil feidhm ag coimircí Airteagal 14, mír 2 go 15, mar réamhshocrú maidir le Páirtithe a fhaigheann sonraí pearsanta, ar bhonn Airteagal 14, mír 1, pointe b, Páirtithe atá faoi cheangal frithpháirteach ag comhaontú idirnáisiúnta lena mbunaítear creat cuimsitheach chun sonraí pearsanta a chosaint i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme i reachtaíocht na bPáirtithe lena mbaineann, féadfaidh na Páirtithe sin brath ar an gcreat sin freisin. Baineann sé sin, mar shampla, le Coinbhinsiún 108+ (i gcás na bPáirtithe sin a cheadaíonn aistrithe sonraí chuig Páirtithe eile faoin gcoinbhinsiún sin) nó faoi Scáth‑Chomhaontú AE-SAM (laistigh dá raon feidhme, i.e. maidir le sonraí pearsanta a aistriú idir údaráis agus, in éineacht le socrú sonrach i ndáil le haistriú idir SAM agus AE, maidir le comhar díreach idir údaráis agus soláthraithe seirbhíse). Ina theannta sin, ar bhonn Airteagal 14, mír 1, pointe c, féadfaidh na Páirtithe a chinneadh go frithpháirteach freisin go ndéanfar sonraí pearsanta a aistriú ar bhonn comhaontuithe nó socruithe eile idir na Páirtithe lena mbaineann. I gcás na mBallstát den Aontas, ní fhéadfar brath ar chomhaontú nó socrú malartach den sórt sin i gcás aistrithe sonraí faoin bPrótacal ach amháin má chomhlíonann na haistrithe sin ceanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, eadhon Caibidil V de Threoir (AE) 2016/680 (an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí) agus (maidir le comhar díreach idir údaráis agus soláthraithe seirbhíse faoi Airteagail 6 agus 7 den Phrótacal) Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).

    2.2.4.Forálacha críochnaitheacha

    Déantar foráil i gCaibidil IV den Phrótacal maidir le forálacha críochnaitheacha. I measc nithe eile, in Airteagal 15, mír 1, pointe a, áirithítear go bhféadfaidh Páirtithe a gcaidrimh maidir leis na hábhair a leagtar amach sa Phrótacal a bhunú ar shlí eile, i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 39 den Choinbhinsiún. In Airteagal 15, mír 1, pointe b, áirithítear go bhféadfaidh na Ballstáit den Aontas ar Páirtithe iad sa Phrótacal leanúint de dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm ina gcaidrimh fhrithpháirteacha. In Airteagal 15, mír 2, cinntear freisin go bhfuil feidhm ag Airteagal 39, mír 3, den Choinbhinsiún maidir leis an bPrótacal.

    Léirítear in Airteagal 16, mír 3, go dtiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm nuair a léireoidh cúig Pháirtí sa Choinbhinsiún a dtoiliú maidir le bheith faoi cheangal ag an bPrótacal.

    In Airteagal 19, mír 1, foráiltear go bhféadfaidh Páirtithe leas a bhaint as forchoimeádais maidir le hAirteagal 7, mír 9, pointí a agus b, Airteagal 8, mír 13, agus Airteagal 17. In Airteagal 19, mír 2, foráiltear go bhféadfaidh Páirtithe dearbhuithe a dhéanamh maidir le hAirteagal 7, mír 2, pointe b, agus mír 8; Airteagal 8, mír 11; Airteagal 9, mír 1, pointe b, agus mír 5; Airteagal 10, mír 9; Airteagal 12, mír 3; agus Airteagal 18, mír 2. In Airteagal 19, mír 3, cinntear go ndéanfaidh Páirtí dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí a shainaithnítear in Airteagal 7, mír 5, pointí a agus e; Airteagal 8, mír 4, agus mír 10, pointí a agus b; Airteagal 14, mír 7, pointe c agus mír 10, pointe b, agus Airteagal 17, mír 2.

    In Airteagal 23, mír 1, tugtar bonn le haghaidh comhairliúcháin i measc Páirtithe, lena n‑áirítear trí Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht, i gcomhréir le hAirteagal 46 den Choinbhinsiún. In Airteagal 23, mír 2, tugtar bonn le haghaidh measúnú a dhéanamh ar úsáid agus ar chur chun feidhme fhorálacha an Phrótacail freisin. In Airteagal 23, mír 3, áirithítear go dtosóidh an measúnú ar úsáid agus ar chur chun feidhme Airteagal 14 i dtaca le cosaint sonraí nuair a léireoidh deich bPáirtí go dtoilíonn a dtoiliú maidir le bheith faoi cheangal ag an bPrótacal.

    2.3.Dlí agus beartas an Aontais sa réimse

    Den chuid is mó, cumhdaítear an réimse atá faoi rialú an Phrótacail le rialacha comhchoiteanna atá bunaithe ar Airteagal 82(1) agus ar Airteagal 16 CFAE. I gcreat dlíthiúil reatha an Aontais Eorpaigh, áirítear ionstraimí maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla go háirithe, amhail Treoir 2014/41/AE maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla, an Coinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit den Aontas Eorpach agus Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú. Tá roinnt comhaontuithe déthaobhacha tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach go seachtrach idir an tAontas agus tríú tíortha, amhail na Comhaontuithe maidir le Cúnamh Dlí Frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá,  idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin agus idir an tAontas Eorpach agus an Iorua agus an Íoslainn. Áirítear freisin i gcreat dlíthiúil reatha an Aontais Eorpaigh Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’). Na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe, ba cheart dóibh a áirithiú gur féidir le OIPE, i bhfeidhmiú a hinniúlachtaí di mar a fhoráiltear don mhéid sin in Airteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939, comhar a lorg faoin bPrótacal ar an gcaoi chéanna le hionchúisitheoirí náisiúnta na mBallstát sin. Baineann na hionstraimí agus na comhaontuithe sin le hAirteagail 8, 9, 10, 11 agus 12 den Phrótacal go háirithe.

    Thairis sin, ghlac an tAontas roinnt treoracha lena dtreisítear cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe. 23 Baineann na hionstraimí sin le hAirteagail 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12 agus 13 den Phrótacal go háirithe. Baineann sraith coimircí ar leith le cosaint sonraí pearsanta, ar ceart bunúsach é a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ní fhéadfar sonraí pearsanta a phróiseáil ach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) agus Treoir (AE) 2016/680 (an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí). An ceart bunúsach atá ag gach duine go nurramófar a shaol príobháideach agus a shaol teaghlaigh, a chónaí agus a chumarsáidí, áirítear leis an gceart sin an ghné riachtanach go nurramófar príobháideacht chumarsáidí an duine. Ní féidir sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil ach amháin i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE (an Treoir maidir leis an Ríomhphríobháideachas). Baineann na hionstraimí sin le hAirteagail 14 den Phrótacal go háirithe.

    In Airteagal 14 , míreanna 2 go 15 den Phrótacal, déantar foráil maidir le coimircí iomchuí i ndáil le cosaint sonraí de réir bhrí rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, go háirithe Airteagal 46 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus Airteagal 37 den Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, agus cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais 24 agus chun éifeachtacht na gcoimircí a leagtar amach in Airteagal 14 den Phrótacal a ráthú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar fógra do dhaoine aonair ar aistríodh a gcuid sonraí, agus go ndéanfar sin faoi réir srianta áirithe, e.g. ionas nach gcuirfear imscrúduithe leanúnacha i mbaol. In Airteagal 14, mír 11, pointe c den Phrótacal, tugtar bonn do na Ballstáit an ceanglas sin a chomhlíonadh.

    Ó tharla go bhfuil Airteagal 14, mír 1 den Phrótacal comhoiriúnach le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, ceanglaítear freisin go ndéanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a mheas maidir le bealaí malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun a áirithiú go dtabharfar cosaint iomchuí do shonraí pearsanta a aistrítear faoin bPrótacal. Maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta eile lena mbunaítear creat cuimsitheach chun sonraí pearsanta a chosaint i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme i reachtaíocht na bPáirtithe lena mbaineann, faoi Airteagal 14, mír 1, pointe b, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh nach mór an ScáthChomhaontú AE-SAM a chomhlánú le coimircí breise ar mhaithe le comhar díreach – coimircí a chuirfear ar fáil i socrú sonrach i ndáil le haistriú idir SAM agus an tAontas nó a Bhallstáit – coimircí ina gcuirfear san áireamh na ceanglais uathúla a bhaineann le fianaise leictreonach a bheith á haistriú go díreach ag soláthraithe seirbhíse seachas idir údaráis. 25  

    Ina theannta sin, faoi Airteagal 14, mír 1, pointe b den Phrótacal, ba cheart do na Ballstáit a mheas, i gcás na mBallstát den Aontas ar Páirtithe iad i gCoinbhinsiún 108+, nach dtugann an Coinbhinsiún sin leis féin bonn iomchuí d’aistrithe sonraí trasteorann chuig Páirtithe eile sa Choinbhinsiún sin faoin bPrótacal. I ndáil leis an méid sin, ba cheart dóibh an abairt dheireanach d’Airteagal 14, mír 1 de Choinbhinsiún 108+ a bhreithniú 26 .

    Ar deireadh, maidir le comhaontuithe nó socruithe eile faoi Airteagal 14, mír 1, pointe c, ba cheart do na Ballstáit a mheas nach bhféadfaidh siad brath ar na comhaontuithe ná na socruithe eile sin ach amháin má tá cinneadh leordhóthanachta glactha ag an gCoimisiún Eorpach de bhun Airteagal 45 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 nó Airteagal 36 den Treoir maidir le Forghníomhú an Dlí (AE) 2016/680 i gcás an tríú tír lena mbaineann, cinneadh lena gcumhdaítear na haistrithe sonraí, nó má dhéantar coimircí iomchuí i ndáil le cosaint sonraí a áirithiú leis an gcomhaontú nó an socrú eile sin de bhun Airteagal 46 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí nó Airteagal 37, mír 1, pointe a den Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí.

    Ní mór dlí an Aontais a chur san áireamh, ní hamháin mar atá sé sa réimse lena mbaineann faoi láthair, ach an fhorbairt a thiocfaidh air amach anseo freisin, a mhéid is féidir a thuar tráth na hanailíse. Tá ábharthacht dhíreach ag baint leis an réimse a chumhdaítear leis an bPrótacal maidir le forbairtí intuartha ar dhlí an Aontais amach anseo. I ndáil leis an méid sin, ba cheart na tograí ón gCoimisiún maidir le rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach ó mhí Aibreáin 2018 a mheabhrú. 27 Baineann na hionstraimí sin le hAirteagail 6 agus 7 den Phrótacal go háirithe.  

    D’áirithigh an Coimisiún, agus páirt á glacadh aige sa chaibidlíocht thar ceann an Aontais, go bhfuil an Prótacal ag teacht go hiomlán le dlí an Aontais agus le hoibleagáidí na mBallstát faoina chuimsiú sin. D’áirithigh an Coimisiún go háirithe go gcuireann forálacha an Phrótacail ar a gcumas do na Ballstáit cearta bunúsacha, saoirsí agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a urramú mar a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena náirítear comhréireacht, cearta nós imeachta, toimhde na neamhchiontachta agus cearta cosanta daoine atá faoi réir imeachtaí coiriúla, mar aon le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta agus sonraí cumarsáide leictreonaí nuair a dhéantar sonraí den sórt sin a phróiseáil, lena náirítear aistrithe chuig údaráis forfheidhmithe dlí i dtíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, agus aon oibleagáid ina leith sin atá ar údaráis forfheidhmithe dlí agus ar údaráis bhreithiúnacha. Chuir an Coimisiún san áireamh freisin tuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí 28 agus tuairim an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. 29  

    Thairis sin, d’áirithigh an Coimisiún gur comhoiriúnach iad na forálacha sa Phrótacal agus sna tograí ón gCoimisiún maidir le ríomhfhianaise, lena n‑áirítear de réir mar a d’fhorbair an dréachtreachtaíocht sa phlé leis na comhreachtóirí, agus nach n‑eascraíonn coinbhleachtaí dlí as an bPrótacal. D’áirithigh an Coimisiún go háirithe go n‑áirítear sa Phrótacal coimircí iomchuí i ndáil le cosaint sonraí agus príobháideachas, coimircí lena gcuirtear ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse AE a gcuid oibleagáidí faoi dhlíthe an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh, a mhéid a sholáthraíonn an Prótacal foras dlíthiúil le haghaidh aistrithe sonraí mar fhreagairt ar orduithe nó iarrataí arna n‑eisiúint ag údarás ó Pháirtí neamh‑AE sa Phrótacal lena gceanglaítear ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí AE sonraí pearsanta nó sonraí cumarsáide leictreonaí a nochtadh.

    2.4.Forchoimeádais, dearbhú, fógra agus teachtaireachtaí, agus breithnithe eile

    Tugann an Prótacal bonn do na Páirtithe leas a bhaint as forchoimeádais áirithe, agus chun dearbhuithe, fógra nó teachtaireachtaí a dhéanamh i ndáil le hairteagail áirithe. Ba cheart do na Ballstáit cur chuige aonfhoirmeach a ghlacadh maidir le forchoimeádais, dearbhuithe, fógraí agus teachtaireachtaí áirithe mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. Chun comhoiriúnacht chur chun feidhme an Phrótacail le dlí an Aontais a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit den Aontas an seasamh a leagtar amach thíos a ghlacadh maidir leis na forchoimeádais agus na dearbhuithe sin. I gcás ina dtugann an Prótacal le haghaidh forchoimeádais, dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí eile, údaraítear leis an togra seo do na Ballstáit a bhforchoimeádais, a ndearbhuithe, a bhfógraí nó a dteachtaireachtaí féin a bhreithniú agus a dhéanamh.

    Chun a áirithiú go mbeidh forálacha an Phrótacail comhoiriúnach le dlí agus beartais ábhartha an Aontais, níor cheart do na Ballstáit leas a bhaint as na forchoimeádais de bhun Airteagal 7, mír 9, pointí a 30 agus b 31 . Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit an dearbhú a dhéanamh de bhun Airteagal 7, mír 2, pointe b 32 , agus an fógra a dhéanamh de bhun Airteagal 7, mír 5, pointe a 33 . Tá tábhacht ag baint le heaspa na bhforchoimeádas sin, agus le tíolacadh an dearbhaithe agus an fhógra, chun a áirithiú go mbeidh an Prótacal comhoiriúnach le tograí reachtacha an Choimisiúin maidir le ríomhfhianaise, lena náirítear de réir mar a fhorbraíonn an dréachtreachtaíocht sa phlé leis na comhreachtóirí.

    Ina theannta sin, d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit den Aontas an Prótacal a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ina gcomhar le Páirtithe nach Ballstáit den Aontas iad, moltar do na Ballstáit gan leas a bhaint as an bhforchoimeádas de bhun Airteagal 8, mír 13 iad féin 34 , toisc go mbeadh éifeacht chómhalartach ag forchoimeádas den sórt sin freisin 35 . Ba cheart do na Ballstáit an dearbhú a dhéanamh de bhun Airteagal 8, mír 4, chun a áirithiú go bhféadfar feidhm a thabhairt d’orduithe i gcás ina mbeidh gá le faisnéis tacaíochta bhreise, e.g. faoi imthosca an cháis atá idir lámha chun comhréireacht agus riachtanas a mheasúnú. 36  

    Moltar do na Ballstáit freisin staonadh ón dearbhú a dhéanamh faoi Airteagal 9, mír 1, pointe b 37 , chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Phrótacail a áirithiú.

    Ba cheart do na Ballstáit na teachtaireachtaí a dhéanamh de bhun Airteagal 7, mír 5, pointe e 38 , Airteagal 8, mír 10, pointí a agus b 39 , Airteagal 14, mír 7, pointe c, agus mír 10, pointe b, chun cur i bhfeidhm éifeachtach foriomlán an Phrótacail a áirithiú. 40  

    Ar deireadh, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh de bhun Airteagal 14, mír 11, pointe c, chun a áirithiú go gcuirfear an Páirtí fála ar an eolas tráth an aistrithe faoin oibleagáid faoi dhlí an Aontais fógra a thabhairt don duine aonair lena mbaineann na sonraí 41 , agus sonraí teagmhála iomchuí ionas gur féidir leis an bPáirtí fála an túdarás inniúil sa Bhallstát den Aontas a chur ar an eolas nuair nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag srianta rúndachta agus nuair a fhéadfar fógra a thabhairt.

    2.5.An foras atá leis an togra

    Tiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm nuair a léireoidh cúig Pháirtí a dtoiliú maidir le bheith faoi cheangal ag an bPrótacal de réir fhorálacha Airteagal 16, míreanna 1 agus 2. Beartaítear go mbeidh searmanas sínithe an Phrótacail ar siúl i mí an Mhárta 2022.

    Ba cheart do na Ballstáit den Aontas na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go dtiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm agus go ndaingneofar é go pras, rud atá tábhachtach i bhfianaise roinnt tosca.

    Ar an gcéad dul síos, cinnteoidh an Prótacal gur fearr a bheidh na húdaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha in ann teacht ar an bhfianaise leictreonach is gá i leith imscrúduithe coiriúla. Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar thábhacht na fianaise leictreonaí i leith imscrúduithe coiriúla, tá géarghá leis ionstraimí cearta a bheith ag na húdaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha chun rochtain a fháil ar fhianaise leictreonach ar bhealach éifeachtach chun a áirithiú gur féidir leo coireacht ar líne a chomhrac go héifeachtach.

    Ar an dara dul síos, na bearta sin chun rochtain a fháil ar fhianaise leictreonach, áiritheofar leis an bPrótacal go n‑úsáidfear iad ar bhealach a chuirfidh ar a gcumas do na Ballstáit cearta bunúsacha a urramú, lena n‑áirítear cearta nós imeachta coiriúla, an ceart chun príobháideachais agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. In éagmais rialacha soiléire ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’fhéadfadh dúshláin a bheith ag baint leis na cleachtais atá ann cheana i bhfianaise deimhneacht dhlíthiúil, trédhearcachta, cuntasachta agus urraim do chearta bunúsacha, mar aon le ráthaíochtaí nós imeachta na ndaoine atá faoi dhrochamhras in imscrúduithe coiriúla.

    Ar an tríú dul síos, leis an bPrótacal, réiteofar agus coiscfear coinbhleachtaí dlí a dhéanann difear d’údaráis agus do sholáthraithe seirbhíse na hearnála príobháidí araon agus d’eintitis eile, trí rialacha comhoiriúnacha a sholáthar ar an leibhéal idirnáisiúnta le haghaidh rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach.

    Ar an gceathrú dul síos, léireoidh an Prótacal tábhacht leanúnach an Choinbhinsiúin mar an príomhchreat iltaobhach sa chomhrac i gcoinne na cibearchoireachta. Beidh sé sin ríthábhachtach sa phróiseas i ndiaidh Rún 74/247 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ó mhí na Nollag 2019 maidir le ‘Cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil’, Rún lenar bunaíodh coiste saineolaithe idir-rialtasach ad hoc neamhiata chun coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta a fhorbairt maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil.

    3.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    ·Bunús dlí

    Is bunaithe ar Airteagal 82(1) CFAE atá inniúlacht an Aontais reachtú maidir le hábhair a bhaineann le comhar a éascú idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus forfheidhmiú cinntí. Is bunaithe ar Airteagal 16 CFAE atá inniúlacht an Aontais maidir le hábhair a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

    I gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE tá an inniúlacht eisiach ag an Aontas chun comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích sa mhéid is go bhféadfadh tabhairt i gcrích den sórt sin difear a dhéanamh do chomhrialacha AE nó a raon feidhme a athrú. Tagann forálacha an Phrótacail faoi réimse atá cumhdaithe den chuid is mó ag rialacha comhchoiteanna mar a leagtar amach i roinn 2.3 thuas.

    Dá bhrí sin, tagann an Prótacal faoi inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit an Prótacal a dhaingniú, chun leas an Aontais, ar bhonn Airteagal 16, Airteagal 82(1) agus Airteagal 218(6) CFAE.

    ·Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Neamhbhainteach.

    ·Comhréireacht

    Cuspóirí an Aontais maidir leis an togra seo a leagtar amach i roinn 2.5 thuas, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin trí chomhaontú idirnáisiúnta ceangailteach a dhéanamh lena bhforáiltear maidir leis na bearta comhair is gá agus cosaint iomchuí ar chearta bunúsacha á háirithiú an tráth céanna. Baintear an cuspóir sin amach leis an bPrótacal. Tá forálacha an phrótacail teoranta don mhéid is gá chun na príomhchuspóirí atá leis a bhaint amach. Ní rogha mhalartach í an ghníomhaíocht aontaobhach toisc nach dtabharfaí bonn leordhóthanach léi le haghaidh an chomhair le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad ná ní fhéadfaí an chosaint is gá ar chearta bunúsacha a áirithiú léi. Ina theannta sin, tá sé níos éifeachtaí cloí le comhaontú iltaobhach ar nós an Phrótacail, Prótacal a raibh an tAontas in ann dul i mbun caibidlíochta ina leith, ná dul i mbun caibidlíochta le tíortha aonair nach Ballstáit den Aontas iad ar an leibhéal déthaobhach. Má ghlactar leis go ndaingneoidh gach ceann de na 66 pháirtí sa Choinbhinsiún an Prótacal, chomh maith leis na Páirtithe nua a bheidh ann amach anseo, beidh an Prótacal ina chomhchreat dlíthiúil le haghaidh chomhar na mBallstát den Aontas lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta is tábhachtaí sa chomhrac i gcoinne na coireachta.

    ·An rogha ionstraime

    Neamhbhainteach.

    4.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    ·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach.

    ·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    D’eagraigh Comhairle na hEorpa sé bhabhta de chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an gcaibidlíocht faoin bPrótacal, i mí Iúil agus i mí na Samhna 2018, i mí Feabhra agus i mí na Samhna 2019, i mí na Nollag 2020 agus i mí na Bealtaine 2021. 42 Bhreithnigh na páirtithe an tionchur a fuarthas mar chuid de na comhairliúcháin sin.

    Ina theannta sin, rinne an Coimisiún, ina ról mar idirbheartaí thar ceann an Aontais, tuairimí a mhalartú leis na húdaráis cosanta sonraí, agus d’eagraigh sé cruinnithe comhairliúcháin spriocdhírithe le linn 2019 agus 2021 le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le soláthraithe seirbhísí agus le comhlachais trádála. Chuir an Coimisiún san áireamh an t‑ionchur a fuarthas ó na malartuithe sin.

    ·Bailiú agus úsáid saineolais

    Le linn phróiseas na caibidlíochta, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go leanúnach le coiste speisialta na Comhairle um an gcaibidlíocht i gcomhréir leis an gCinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 6 Meitheamh 2019 lena n‑údaraítear don Choimisiún a bheith rannpháirteach sa chaibidlíocht thar ceann an Aontais, rud a thug deis do shaineolaithe ó na Ballstáit cur leis an bpróiseas le haghaidh seasamh an Aontais a fhoirmliú. Lean roinnt saineolaithe ó na Ballstáit de bheith rannpháirteach sa chaibidlíocht freisin, in éineacht le rannpháirtíocht an Choimisiúin thar ceann an Aontais. Bhí comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara ann freisin (féach thuas).

    ·Measúnú tionchair

    Rinneadh measúnú tionchair in 2017-2018 le bheith ag gabháil leis na tograí ón gCoimisiún maidir le ríomhfhianaise. 43 Sa chomhthéacs sin, bhí an chaibidlíocht maidir leis an Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht ina chuid den rogha thosaíochta. Thairis sin, cuirtear na tionchair ábhartha i láthair sa mheabhrán míniúcháin reatha.

    ·Oiriúnacht rialála agus simpliú

    D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag an bPrótacal ar chatagóirí áirithe soláthraithe seirbhíse, lena náirítear Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna), toisc go bhféadfaidís a bheith faoi réir iarrataí agus orduithe le haghaidh fianaise leictreonach faoin bPrótacal. Faoi láthair, áfach, is minic a bheidh na soláthraithe sin faoi réir iarrataí den sórt sin trí bhealaí eile atá ann cheana, iarrataí a tharchuirtear trí údaráis éagsúla uaireanta, lena náirítear ar bhonn an Choinbhinsiúin 44 , conarthaí eile maidir le Cúnamh Dlí Frithpháirteach, nó creataí eile lena náirítear beartais il-pháirtithe leasmhara um rialachas idirlín. 45 Chomh maith leis sin, soláthraithe seirbhíse, lena náirítear FBManna, bainfidh siad tairbhe as creat dlíthiúil soiléir ar an leibhéal idirnáisiúnta agus as cur chuige coiteann ag gach Páirtí sa Phrótacal.

    ·Cearta bunúsacha

    Is dócha go ndéanfaidh na hionstraimí comhair faoin bPrótacal difear do chearta bunúsacha i gcás ina bhféadfar sonraí duine a fháil i gcomhthéacs imeachta choiriúil, lena n‑áirítear i measc rudaí eile an ceart chun triail chóir a fháil, an ceart chun príobháideachais agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Leanann an Prótacal cur chuige atá bunaithe ar chearta agus déantar foráil ann maidir le coinníollacha agus coimircí i gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, lena n‑áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Go háirithe, déantar foráil sa Phrótacal maidir le coimircí sonracha i ndáil le cosaint sonraí. I gcás inar gá, tugann an Prótacal bonn do Pháirtithe forchoimeádais, dearbhuithe agus fógraí áirithe a dhéanamh freisin, agus áirítear ann forais chun comhar a dhiúltú mar fhreagairt ar iarraidh i gcásanna sonracha. Áirithítear leis sin go mbeidh an Prótacal ag teacht le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    5.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais. Féadfaidh costais aonuaire a bheith ag na Ballstáit chun an Prótacal a chur chun feidhme agus d’fhéadfadh costais ní b’airde a bheith ar údaráis na mBallstát mar gheall ar an ardú a mheastar a bheidh ann i líon na gcásanna.

    6.EILIMINTÍ EILE

    ·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Níl aon phlean cur chun feidhme ann ós rud é go gceanglófar ar na Ballstáit an Prótacal a chur chun feidhme tar éis a shínithe agus a dhaingnithe.

    Maidir le faireachán, glacfaidh an Coimisiún páirt i gcruinnithe Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht, Coiste a n‑aithnítear an tAontas Eorpach mar Eagraíocht Bhreathnóireachta ann.

    2021/0383 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    lena n‑údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh, Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16, Airteagal 82(1) agus Airteagal 218(6) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)An 9 Meitheamh 2019, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún a bheith rannpháirteach, thar ceann an Aontais, sa chaibidlíocht faoin Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist).

    (2)An 17 Samhain 2021, ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa téacs an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí (‘an Prótacal’), Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht, agus tá sé beartaithe é a oscailt lena shíniú i mí an Mhárta 2022.

    (3)Tagann forálacha an Phrótacail faoi réimse a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha comhchoiteanna de réir bhrí Airteagal 3(2) CFAE, lena náirítear ionstraimí lena néascaítear comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, lena náirithítear íoschaighdeáin maidir le cearta nós imeachta, mar aon le coimircí i ndáil le cosaint sonraí agus le príobháideachas.

    (4)Chuir an Coimisiún tograí reachtacha isteach freisin le haghaidh Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla (COM(2018)225 final), agus le haghaidh Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, lenar tugadh isteach (COM(2018)226 final), Orduithe Táirgthe agus Caomhnaithe Eorpacha ceangailteacha atá le díriú go díreach ar ionadaí de chuid soláthraí seirbhíse i mBallstát eile.

    (5)Lena rannpháirtíocht sa chaibidlíocht, thar ceann an Aontais, d’áirithigh an Coimisiún comhoiriúnacht an Dara Prótacal Breise le rialacha comhchoiteanna ábhartha an Aontais Eorpaigh.

    (6)Tá roinnt forchoimeádas, dearbhuithe, fógraí agus teachtaireachtaí ábhartha chun comhoiriúnacht an Phrótacail le dlí agus beartais an Aontais a áirithiú, mar aon le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Phrótacail i measc na mBallstát den Aontas maidir lena gcaidrimh le Páirtithe neamhAE, agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Phrótacail.

    (7)Ós rud é go ndéantar foráil sa Phrótacal maidir le nósanna imeachta meara lena gcuirtear feabhas ar rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach agus maidir le leibhéal ard coimircí, déanfar na rudaí seo a leanas de thairbhe a theacht i bhfeidhm: cuirfear leis an gcomhrac i gcoinne na cibearchoireachta agus cineálacha eile coireachta ar an leibhéal domhanda trí chomhar a éascú idir na Páirtithe sa Phrótacal ar Ballstáit den Aontas iad agus na Páirtithe nach Ballstáit den Aontas iad, áiritheofar ardleibhéal cosanta do dhaoine aonair, agus tabharfar aghaidh ar choinbhleachtaí dlí.

    (8)Ós rud é go ndéantar foráil sa Phrótacal maidir le coimircí iomchuí i gcomhréir leis na ceanglais i ndáil le haistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi Threoir (AE) 2016/680, áiritheofar an méid seo a leanas lena theacht i bhfeidhm: rannchuideofar le cur chun cinn chaighdeáin an Aontais maidir le cosaint sonraí ar an leibhéal domhanda, éascófar sreabha sonraí idir na Páirtithe sa Phrótacal ar Ballstáit den Aontas iad agus na Páirtithe nach Ballstáit den Aontas iad, agus áiritheofar go gcomhlíonfaidh na Ballstáit den Aontas a gcuid oibleagáidí faoi rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

    (9)Lena chois sin, leis an teacht i bhfeidhm pras, deimhneofar tábhacht Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa (Coinbhinsiún Bhúdaipeist) mar an príomhchreat iltaobhach sa chomhrac i gcoinne na cibearchoireachta é.

    (10)Ní féidir leis an Aontas Eorpach a bheith ina Pháirtí sa Phrótacal, ós rud é go bhfuil an Prótacal agus Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht ar oscailt do stáit agus do stáit amháin.

    (11)Dá bhrí sin, ba cheart a údarú do na Ballstáit an Prótacal a dhaingniú, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais Eorpaigh.

    (12)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim an … 

    (13)[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

    [NÓ]

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, thug Éire fógra [trína litir an ... ,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.]

    (14)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh (‘an Prótacal’), Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht.

    Airteagal 2

    Nuair a bheidh an Prótacal á dhaingniú ag na Ballstáit, déanfaidh siad na forchoimeádais, na dearbhuithe, na fógraí nó na teachtaireachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 5

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Tá téacs an Phrótacail curtha mar iarscríbhinn leis an togra seo.
    (2)    Measúnú an Aontais Eorpaigh ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe 2021 (EU SOCTA 2021).
    (3)    SWD(2018) 118 final.
    (4)    COM(2018)225 agus 226 final.
    (5)    Ach amháin Éire, a bhfuil an Coinbhinsiún sínithe aici ach nár dhaingnigh é, ach a bhfuil gealltanas tugtha aici mar sin féin go naontódh sí dó.
    (6)    Rialacha Nós Imeachta Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY (2013)25 rev), le fáil ag www.coe.int/cybercrime.
    (7)    Rún 74/247 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe mí na Nollag 2019 maidir le ‘Cur i bhfeidhm úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil’.
    (8)    JOIN(2020) 81 final.
    (9)    Féach, mar shampla, an Ghníomhaíocht Dhomhanda Leathnaithe maidir le Cibearchoireacht (GLACY)+, le fáil ag https://www.coe.int/en/web/cybercrime/glacyplus.
    (10)    An tuarascáil chríochnaitheach ón nGrúpa um Néalfhianaise, Grúpa de chuid Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht, ‘Rochtain an cheartais choiriúil ar fhianaise leictreonach sa néal: Moltaí lena mbreithniú ag T-CY’ an 16 Meán Fómhair 2016.
    (11)    https://rm.coe.int/tcy-termsof-reference-protocol/1680a03690
    (12)    https://www.consilium.europa.eu/en/press/pressreleases/2018/10/18/20181018-europeancouncil-conslusions/
    (13)    COM(2019) 71 final.
    (14)    Tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le rannpháirtíocht sa chaibidlíocht le haghaidh an Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht an 2 Aibreán 2019, Tuairim 3/2019.
    (15)    Cinneadh ón gComhairle, tagairt 9116/19.
    (16)    COM(2020) 605 final.
    (17)    JOIN(2020) 81 final.
    (18)    COM(2021) 170 final.
    (19)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Chibearshlándála an Aontais le haghaidh na Deacáide Digití.
    (20)    Tagairt L 304/47.
    (21)    https://rm.coe.int/0900001680a2aa42
    (22)    Féach mír 2 den tuarascáil mhíniúcháin a ghabhann leis an bPrótacal.
    (23)    Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla, IO L 280, 26.10.2010, lch. 1; Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla, IO L 142, 1.6.2012, lch. 1; Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair maidir leis an gceart chun dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse, IO L 294, 6.11.2013, lch. 1; Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, IO L 297, 4.11.2016, lch. 1; Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí ar daoine iad atá faoi drochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, IO L 132, 21.5.2016, lch. 1; Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla, IO L 65, 11.3.2016, lch. 1; Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla.
    (24)    Féach an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra), Tuairim 1/15, ECLI:EU:C:2017:592, mír 220. Féach freisin an méid a chuir an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí leis an gcomhairliúchán maidir leis an dara prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Búdaipeist), an 13 Samhain 2019, lch. 6 (‘Ní mór do na húdaráis inniúla náisiúnta ar deonaíodh rochtain ar na sonraí dóibh fógra a thabhairt do na daoine lena mbaineann, faoi na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme, a luaithe nach mbeidh baol ann a thuilleadh go ndéanfaidh an fógra sin dochar do na himscrúduithe atá idir lámha ag na húdaráis sin. ... Is gá fógra a thabhairt chun a chumasú do na daoine lena mbaineann, inter alia, a gceart chun leigheas dlí a fháil agus a gcearta cosanta sonraí i ndáil le próiseáil a sonraí a fheidhmiú).
    (25)    Sin é an fáth a bhfuil roinnt coimircí breise i ndáil le cosaint sonraí sa Chinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach ar mhaithe le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla (9114/19) sna treoracha caibidlíochta a ghabhann leis. Go háirithe, sonraítear sna treoracha caibidlíochta ‘gur cheart don chomhaontú an ScáthChomhaontú a chomhlánú le coimircí breise a gcuirtear san áireamh leo leibhéal íogaireachta na gcatagóirí sonraí lena mbaineann agus na ceanglais uathúla a bhaineann le fianaise leictreonach a bheith á haistriú go díreach ag soláthraithe seirbhíse seachas idir údaráis, agus aistrithe ó údaráis inniúla go díreach chuig soláthraithe seirbhíse.’
    (26)    Féach freisin an Tuarascáil Mhíniúcháin a ghabhann leis an bPrótacal lena leasaítear an Coinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch, an 10 Deireadh Fómhair 2018, pointí 106-107.
    (27)    COM(2018)225 agus 226 final.
    (28)    Tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le rannpháirtíocht sa chaibidlíocht le haghaidh an Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht an 2 Aibreán 2019, Tuairim 3/2019.
    (29)    Lena náirítear ‘An méid a chuir an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí leis an gcomhairliúchán maidir leis an dara prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist) an 13 Samhain 2019’; ‘Ráiteas 02/201 i dtaca le dréachtfhorálacha nua den dara prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist) mar a glacadh é an 2 Feabhra 2021’; ‘An méid a chuir an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí leis an 6ú babhta de chomhairliúcháin maidir leis an Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist) an 4 Bealtaine 2021’.
    (30)    Lena gceadaítear do Pháirtithe an ceart a fhorchoimeád gan Airteagal 7 a chur i bhfeidhm (nochtadh sonraí rannpháirtithe).
    (31)    Lena gceadaítear do Pháirtithe an ceart a fhorchoimeád gan Airteagal 7 (nochtadh sonraí rannpháirtithe) a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha áirithe uimhreacha rochtana dá mbeadh sé sin ar neamhréir le bunphrionsabail a gcórais dlí náisiúnta.
    (32)    Lena gceadaítear do Pháirtithe a dhearbhú nach mór don ordú faoi Airteagal 7, mír 1 (nochtadh sonraí rannpháirtithe) a bheith eisithe ag ionchúisitheoir nó ag údarás breithiúnach eile, sin nó faoi mhaoirseacht ionchúisitheora nó údaráis bhreithiúnaigh eile, nó seachas sin, nach mór dó a bheith eisithe faoi mhaoirseacht neamhspleách.
    (33)    Lena gceadaítear do Pháirtithe fógra a thabhairt d’ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa, nuair a eisítear ordú faoi Airteagal 7, mír 1 (nochtadh sonraí rannpháirtithe) chuig soláthraí seirbhíse ar chríoch Páirtithe, go néilíonn an Páirtí fógra comhuaineach faoin ordú, faoin bhfaisnéis fhorlíontach agus faoi achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an imscrúdú nó leis an imeacht, i ngach cás nó in imthosca sainaitheanta.
    (34)    Lena gceadaítear do Pháirtithe an ceart a fhorchoimeád gan Airteagal 8 (lena dtugtar feidhm d’orduithe ó Pháirtí eile) a chur i bhfeidhm maidir le sonraí tráchta.
    (35)    Féach mír 147 den tuarascáil mhíniúcháin a ghabhann leis an bPrótacal lena gcinntear ‘nach gceadaítear do Pháirtí a fhorchoimeádann an ceart gan an tairteagal seo a chur i bhfeidhm orduithe maidir le sonraí tráchta a chur faoi bhráid Páirtithe eile faoi [Airteagal 8,] mír 1’.
    (36)    Lena gceadaítear do Pháirtithe a dhearbhú go bhfuil gá le faisnéis tacaíochta bhreise chun feidhm a thabhairt d’orduithe faoi Airteagal 8, mír 1 (feidhm a thabhairt d’orduithe ó Pháirtí eile).
    (37)    Lena gceadaítear do Pháirtithe a dhearbhú nach ndéanfaidh siad iarrataí faoi Airteagal 9, mír 1, pointe a, (nochtadh brostaithe sonraí ríomhaireachta i gcás éigeandála) a fhorghníomhú, ar iarrataí iad nach niarrann ach sonraí rannpháirtithe a nochtadh.
    (38)    Lena gceadaítear do na Páirtithe sonraí teagmhála an údaráis arna nainmniú acu a chur in iúl chun fógraí a fháil faoi Airteagal 7, mír 5, pointe a, agus na gníomhaíochtaí a dhéanamh a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 7, mír 5, pointí b, c agus d (nochtadh sonraí rannpháirtithe).
    (39)    Lena gceadaítear do Pháirtithe sonraí teagmhála na núdarás a chur in iúl, údaráis a ainmníodh chun orduithe a chur isteach agus a fháil faoi Airteagal 8 (feidhm a thabhairt d’orduithe ó Pháirtí eile). I gcomhréir le ceanglais faoi Rialachán (AE) 2017/1939, na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bhunú, déanfaidh siad OIPE a chur san áireamh sa chumarsáid.
    (40)    Lena gceadaítear do Pháirtithe an túdarás nó na húdaráis a chur in iúl ar cheart fógra a thabhairt dóibh i gcás teagmhais slándála, nó ar cheart dul i dteagmháil leo chun réamhúdarú a lorg i gcás aistrithe ar aghaidh chuig Stát eile nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta eile.
    (41)    Féach fonóta 24 thuas.
    (42)    https://www.coe.int/en/web/cybercrime/protocol-consultations
    (43)    SWD(2018) 118 final.
    (44)    Féach mar shampla Nóta Treorach 10 ó Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht an 1 Márta 2017 maidir le horduithe táirgthe le haghaidh faisnéis rannpháirtithe (Airteagal 18 de Choinbhinsiún Bhúdaipeist).
    (45)    Féach mar shampla an Rún ó Bhord an Chomhair Idirlín um Ainmneacha agus Uimhreacha Sannta (ICANN) an 15 Bealtaine 2019 i ndáil leis na Moltaí maidir le Sonraíocht Shealadach le haghaidh sonraí clárúcháin na bhFearann Barrleibhéil cineálach (gTLD), atá le fáil ag www.icann.org.
    Top

    An Bhruiséil,25.11.2021

    COM(2021) 719 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

    lena n‑údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh, Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht


    IARSCRÍBHINN […]

    Chun leasa an Aontais, agus an Prótacal á dhaingniú ag na Ballstáit, déanfaidh siad na forchoimeádais, na dearbhuithe, na fógraí nó na teachtaireachtaí seo a leanas, mar aon le breithnithe eile.

    1.Forchoimeádais

    Leis an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí (‘an Prótacal’), Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (‘Coinbhinsiún Bhúdaipeist’), ceadaítear do Pháirtí a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 19, mír 1, go mbaineann sé feidhm as forchoimeádas dá bhforáiltear i ndáil le roinnt airteagal den Phrótacal.

    Staonfaidh na Ballstáit ón gceart a fhorchoimeád gan Airteagal 7 (nochtadh sonraí rannpháirtithe) a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 7, mír 9, pointe a.

    Staonfaidh na Ballstáit ón gceart a fhorchoimeád gan Airteagal 7 (nochtadh sonraí rannpháirtithe) a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha áirithe uimhreacha rochtana de bhun Airteagal 7, mír 9, pointe b.

    Moltar do na Ballstáit staonadh ón gceart a fhorchoimeád gan Airteagal 8 a chur i bhfeidhm (feidhm a thabhairt d’orduithe ó Pháirtí eile) i ndáil le sonraí tráchta de bhun Airteagal 8, mír 13.

    I gcás ina dtugtar Airteagal 19, mír 1 bonn le haghaidh forchoimeádais eile, údaraítear do na Ballstáit a gcuid forchoimeádas féin a bhreithniú agus a dhéanamh.

    2.Dearbhuithe

    Leis an bPrótacal, ceadaítear freisin do Pháirtí dearbhú a dhéanamh i ndáil le roinnt airteagal den Phrótacal, de réir Airteagal 19, mír 2.

    Déanfaidh na Ballstáit an dearbhú de bhun Airteagal 7, mír 2, pointe b, agus é á léiriú nach mór d’orduithe arna n‑eisiúint chuig soláthraithe seirbhíse ar a gcríoch a bheith eisithe ag ionchúisitheoir nó ag údarás breithiúnach eile, sin nó faoi mhaoirseacht ionchúisitheora nó údaráis bhreithiúnaigh eile, nó seachas sin, ní mór dó a bheith eisithe faoi mhaoirseacht neamhspleách. Dá réir sin, déanfaidh na Ballstáit an dearbhú seo a leanas tráth a dhéanfar an ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa a thaisceadh:

    ‘An t‑ordú faoi Airteagal 7, mír 1, ní mór dó a bheith eisithe ag ionchúisitheoir nó ag údarás breithiúnach eile, sin nó faoi mhaoirseacht ionchúisitheora nó údaráis bhreithiúnaigh eile, nó seachas sin, ní mór dó a bheith eisithe faoi mhaoirseacht neamhspleách.’

    Moltar do Pháirtithe staonadh óna dhearbhú, faoi Airteagal 9, mír 1, pointe b, nach ndéanfaidh siad iarrataí faoi Airteagal 9, mír 1, pointe a (nochtadh brostaithe sonraí ríomhaireachta i gcás éigeandála) a fhorghníomhú, ar iarrataí iad nach n‑iarrann ach sonraí rannpháirtithe a nochtadh.

    I gcás ina dtugtar Airteagal 19, mír 2 bonn le haghaidh dearbhuithe eile, údaraítear do na Ballstáit a gcuid dearbhuithe féin a bhreithniú agus a dhéanamh.

    3.Dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí

    Leis an bPrótacal, ceanglaítear ar Pháirtí dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí a dhéanamh i ndáil le roinnt airteagal den Phrótacal, i comhréir le Airteagal 19, mír 3.

    Nuair a eiseofar ordú faoi Airteagal 7, mír 1 do sholáthraí seirbhíse ar chríoch na mBallstát, tabharfaidh siad fógra go bhfuil fógra comhuaineach faoin ordú ag teastáil, maille le faisnéis fhorlíontach agus achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an imscrúdú nó leis an imeacht, de bhun Airteagal 7, mír 5, pointe a. Dá réir sin, tráth an tsínithe nó tráth a bheidh a n‑ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa á taisceadh acu, déanfaidh na Ballstáit an fógra seo a leanas a thabhairt d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa:

    ‘Nuair a eisítear ordú faoi Airteagal 7, mír 1 chuig soláthraí seirbhíse ar chríoch [Ballstáit], tá na rudaí seo a leanas ag teastáil uainn i ngach cás: fógra comhuaineach faoin ordú, an fhaisnéis fhorlíontach agus achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an imscrúdú nó leis an imeacht’.

    De bhun Airteagal 7, mír 5, pointe e, ainmneoidh na Ballstáit údarás aonair chun fógra a fháil faoi Airteagal 7, mír 5, pointe a, agus chun na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu i mír 5, pointí b, c agus d a dhéanamh, agus cuirfidh na Ballstáit faisnéis teagmhála an údaráis sin in iúl.

    Dearbhóidh na Ballstáit, faoi Airteagal 8, mír 4, go bhfuil faisnéis tacaíochta bhreise ag teastáil chun feidhm a thabhairt d’orduithe faoi Airteagal 8, mír 1. Dá réir sin, déanfaidh na Ballstáit an dearbhú seo a leanas tráth an tsínithe nó tráth a bheidh a n‑ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa á taisceadh acu:

    ‘Tá faisnéis tacaíochta bhreise ag teastáil chun feidhm a thabhairt d’orduithe faoi Airteagal 8, mír 1. Braithfidh an fhaisnéis tacaíochta bhreise a bheidh ag teastáil ar chúinsí an ordaithe agus ar an imscrúdú nó an imeacht gaolmhar’.

    Na húdaráis arna n‑ainmniú faoi Airteagal 8, mír 10, pointe a le hordú a chur isteach faoi Airteagal 8, agus na húdaráis arna n‑ainmniú faoi Airteagal 8, mír 10, pointe b le hordú a fháil faoi Airteagal 8, déanfaidh na Ballstáit faisnéis teagmhála na n‑údarás sin a chur in iúl agus a choinneáil cothrom le dáta. Na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’), áireofar OIPE, i bhfeidhmiú a hinniúlachtaí mar a fhoráiltear don mhéid sin in Airteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939, i measc na n‑údarás a chuirtear in iúl faoi Airteagal 8, mír 10, pointí a agus b.

    Cuirfidh na Ballstáit in iúl cé hé an t‑údarás nó cé hiad na húdaráis a bhfuil fógra le tabhairt dóibh i ndáil le teagmhas slándála faoi Airteagal 14, mír 7, pointe c.

    Cuirfidh na Ballstáit in iúl cé hé an t‑údarás nó cé hiad na húdaráis atá le húdarú a thabhairt chun críoch Airteagal 14, mír 10, pointe b, i ndáil le sonraí a fhaightear faoin bPrótacal a aistriú ar aghaidh chuig Stát eile nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta eile.

    I gcás ina dtugtar Airteagal 19, mír 3 bonn le haghaidh dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí eile, údaraítear do na Ballstáit a gcuid dearbhuithe, fógraí agus teachtaireachtaí féin a bhreithniú agus a dhéanamh.

    4.Breithnithe eile

    Na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chur chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’), áiritheoidh siad gur féidir le OIPE, i bhfeidhmiú a hinniúlachtaí di mar a fhoráiltear don mhéid sin in Airteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939, comhar a lorg faoin bPrótacal ar an gcaoi chéanna le hionchúisitheoirí náisiúnta na mBallstát sin.

    Agus sonraí á n‑aistriú chun críocha an Phrótacail, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear in iúl don Pháirtí fála go gceanglaítear lena gcreat dlíthiúil náisiúnta go dtabharfar fógra pearsanta don duine aonair a dhéantar a chuid sonraí a sholáthar, de bhun Airteagal 14, mír 11, pointe c den Phrótacal.

    Maidir le haistrithe idirnáisiúnta ar bhonn Scáth‑Chomhaontú AE-SAM, cuirfidh na Ballstáit in iúl d’údaráis inniúla na Stát Aontaithe, chun críocha Airteagal 14, mír 1, pointe b den Phrótacal, go bhfuil feidhm ag an gComhaontú maidir le haistrithe cómhalartacha sonraí pearsanta faoin bPrótacal idir údaráis inniúla. Mar sin féin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gur cheart an Comhaontú a chomhlánú le coimircí breise lena gcuirtear san áireamh na ceanglais uathúla a bhaineann le fianaise leictreonach a bheith á haistriú go díreach ag soláthraithe seirbhíse seachas idir údaráis mar a fhoráiltear dó sin faoin bPrótacal. Dá réir sin, cuirfidh na Ballstáit an teachtaireacht seo a leanas chuig údaráis inniúla na Stát Aontaithe tráth an tsínithe nó tráth a bheidh a n‑ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa á taisceadh acu:

    ‘Chun críocha Airteagal 14, mír 1, pointe b den Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht, measaimid go bhfuil feidhm ag an Scáth‑Chomhaontú AE-SAM maidir le haistrithe cómhalartacha sonraí pearsanta idir údaráis inniúla faoin bPrótacal. I gcás aistrithe idir soláthraithe seirbhíse ar ár gcríoch agus údaráis sna Stáit Aontaithe faoin bPrótacal, níl feidhm ag an gComhaontú ach amháin in éineacht le socrú sonrach breise i ndáil le haistriú lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais uathúla a bhaineann le fianaise leictreonach a bheith á haistriú go díreach ag soláthraithe seirbhíse seachas idir údaráis’.

    Chun críoch Airteagal 14, mír 1, pointe c den Phrótacal, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad ag brath ar chomhaontuithe ná socruithe eile ach amháin má tá cinneadh leordhóthanachta glactha ag an gCoimisiún Eorpach de bhun Airteagal 45 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 nó Airteagal 36 den Treoir maidir le Forghníomhú an Dlí (AE) 2016/680 i gcás an tríú tír lena mbaineann, cinneadh lena gcumhdaítear na haistrithe sonraí, nó má dhéantar coimircí iomchuí i ndáil le cosaint sonraí a áirithiú leis an gcomhaontú nó an socrú eile sin de bhun Airteagal 46 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí nó Airteagal 37, mír 1, pointe a den Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí.

    Top

    An Bhruiséil,25.11.2021

    COM(2021) 719 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

    lena n‑údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh, Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht


    IARSCRÍBHINN […]

    An Dara Prótacal ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht, Prótacal i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí

    Brollach

    Tá comhaltaí Chomhairle na hEorpa agus na Stáit eile is Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht, (Uimh. ETS 185, dá ngairtear ‘an Coinbhinsiún’ anseo feasta), arna oscailt le haghaidh a shínithe i mBúdaipeist an 23 Samhain 2001, ar sínitheoirí iad leis seo,

    Á mheabhrú dóibh raon feidhme agus tionchar an Choinbhinsiúin i ngach réigiún den domhan;

    Á mheabhrú dóibh go gcomhlíontar an Coinbhinsiún cheana féin leis an bPrótacal Breise a bhaineann le coiriúlú na ngníomhaíochtaí de chineál ciníoch agus seineafóibeach a dhéantar trí chórais ríomhaireachta (Uimh. ETS 189), prótacal arna oscailt le haghaidh a shínithe in Strasbourg an 28 Eanáir 2003 (dá ngairtear ‘an Chéad Phrótacal’ anseo feasta’), idir na Páirtithe sa Phrótacal sin;

    Á chur san áireamh na conarthaí de chuid Chomhairle na hEorpa atá i bhfeidhm cheana maidir le comhar in ábhair choiriúla mar aon le comhaontuithe agus comhshocruithe maidir le comhar in ábhair choiriúla idir na Páirtithe sa Choinbhinsiún;

    Ag féachaint freisin don Coinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (ETS Uimh. 108) arna leasú ag a Phrótacal leasaitheach (CETS Uimh. 223), prótacal arna oscailt le haghaidh a shínithe in Strasbourg an 10 Deireadh Fómhair 2018, agus a bhféadfar iarraidh ar aon Stát aontú leis;

    Ag aithint dóibh an méadú atá ag teacht ar úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear seirbhísí idirlín, agus an méadú atá ag teacht ar an gcibearchoireacht, rud atá ina bhagairt ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, agus rud a fhéachann neart Stát air mar bhagairt ar chearta an duine freisin;

    Ag aithint dóibh freisin an méadú atá ag teacht ar an líon daoine atá ina n‑íospartaigh i ngeall ar an gcibearchoireacht agus an tábhacht a bhaineann le ceartas a fháil do na híospartaigh sin;

    Á mheabhrú dóibh go bhfuil an fhreagracht ar rialtais an tsochaí agus daoine aonair a chosaint ar choireacht, ní hamháin an choireacht as líne ach an choireacht ar líne freisin, lena n‑áirítear trí imscrúdaithe coiriúla agus ionchúisimh éifeachtúla;

    Agus iad eolach go mbíonn fianaise i leith cionta cóiriúla á stóráil níos minice i bhfoirm leictreonach ar chórais ríomhaireachta i ndlínsí coimhthíocha, iomadúla nó anaithnide, agus ós deimhin leo go bhfuil gá le bearta breise chun fianaise den sórt sin a fháil go dleachtach ionas gur féidir freagairt ceartais chóiriúil éifeachtach a thabhairt agus seasamh leis an smacht reachta;

    Ag aithint dóibh an gá atá le comhar níos mó agus níos éifeachtúla idir Stáit agus an earnáil phríobháideach, agus an gá atá ann sa chomhthéacs seo le soiléireacht nó cinnteacht dhlíthiúil le haghaidh soláthraithe seirbhíse agus eintitis eile maidir leis na himthosca inar bhféadfaidh siad freagairt ar iarrataí díreacha ó údaráis ceartais choiriúil ar chríoch Páirtithe eile maidir le sonraí leictreonacha a nochtadh;

    D’fhonn comhar a fheabhsú maidir leis an gcibearchoireacht agus le bailiú na fianaise i bhfoirm leictreonach i leith aon chion cóiriúil chun críche imscrúdaithe nó imeachta coiriúla sonracha, rud a dhéanfar trí bhíthin uirlisí breise a bhaineann le cúnamh frithpháirteach níos éifeachtúla agus foirmeacha eile comhair idir údaráis inniúla; comhar i gcásanna éigeandála; agus comhar díreach idir na húdaráis inniúla agus soláthraithe seirbhíse agus eintitis eile a bhfuil faisnéis ábhartha ina seilbh nó faoina smacht;

    Ós deimhin leo, go dtéann sé chun tairbhe don chomhar trasteorann éifeachtach chun críocha an cheartais choiriúil, lena n‑áirítear idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, más rud é gurb ann do dhálaí agus do choimircí éifeachtacha le haghaidh chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha a chosaint;

    Ag aithint dóibh gur minic a bhíonn sonraí pearsanta i gceist nuair a bhailítear fianaise leictreonach le haghaidh imscrúduithe coiriúla, agus ag aithint dóibh go bhfuil sé ina cheangal ar roinnt de na Páirtithe an príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint chun a gcuid oibleagáidí bunreachtúla agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh; agus

    Á mheabhrú dóibh gur gá a áirithiú go mbeidh bearta éifeachtacha um cheartas coiriúil maidir leis an gcibearchoireacht faoi réir coinníollacha agus coimircí lena bhforáiltear maidir le cosaint leordhóthanach le haghaidh chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, lena n‑áirítear na cearta is toradh ar oibleagáidí a ghlac na Stáit orthu féin faoi na hionstraimí idirnáisiúnta um chearta an duine amhail Coinbhinsiún 1950 de chuid Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (Uimh. ETS 5), Cúnant Idirnáisiúnta 1966 de chuid na Náisiún Aontaithe ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Cairt 1981 na hAfraice um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal, Coinbhinsiún Meiriceánach 1969 maidir le Cearta an Duine agus conarthaí idirnáisiúnta eile maidir le cearta an duine;

    Tar éis an mhéid seo a chomhaontú:

    Caibidil I – Forálacha coiteanna

    Airteagal 1    - Cuspóir

    Is é is cuspóir don Phrótacal seo an méid seo a leanas a fhorlíonadh:

    a.    an Coinbhinsiún idir na Páirtithe sa Phrótacal seo; agus

    b.    an Chéad Phrótacal idir na Páirtithe sa Phrótacal seo, ar Páirtithe iad sa Chéad Phrótacal freisin.

    Airteagal 2    - Raon feidhme

    1.    Ach amháin má shonraítear a mhalairt anseo, na bearta a shonraítear sa Phrótacal seo, is mar a seo a leanas a chuirfear i bhfeidhm iad:

    a.    idir na Páirtithe sa Choinbhinsiún ar Páirtithe iad sa Phrótacal seo, maidir le himscrúduithe coiriúla sonracha, sin nó imeachtaí i dtaca le cionta coiriúla a bhaineann le córais agus sonraí ríomhaireachta, agus maidir le bailiú fianaise i bhfoirm leictreonach i leith cion coiriúil; agus

    b.    idir na Páirtithe sa Chéad Phrótacal ar Páirtithe iad sa Phrótacal seo, maidir le himscrúduithe coiriúla sonracha, sin nó imeachtaí i dtaca le cionta coiriúla arna mbunú de bhun an Chéad Phrótacail.

    2.    Glacfaidh gach Páirtí na bearta reachtacha nó na bearta eile a d’fhéadfadh gá a bheith leo chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Phrótacal seo a chomhlíonadh.

    Airteagal 3    - Sainmhínithe

    1.    Na sainmhínithe a thugtar in Airteagail 1 agus 18, mír 3 den Choinbhinsiún, is sainmhínithe iad a bhfuil feidhm acu maidir leis an bPrótacal seo.

    2.    Chun críocha an Phrótacail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    a.    ciallaíonn ‘údarás lárnach’ an túdarás nó na húdaráis arna nainmniú faoi chonradh cúnaimh fhrithpháirtigh nó faoi chomhshocrú ar bhonn reachtaíocht aonfhoirmeach nó reachtaíocht chómhalartach atá i bhfeidhm idir na Páirtithe lena mbaineann, nó, in éagmais an mhéid sin, an túdarás nó na húdaráis arna nainmniú ag Páirtí faoi Airteagal 27, mír 2.a, den Choinbhinsiún;

    b.    ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás breithiúnach, údarás riaracháin nó údarás eile um fhorfheidhmiú an dlí a dtugtar de chumhacht dó faoin dlí náisiúnta na bearta faoin bPrótacal seo a ordú, a údarú nó a fhorghníomhú, d’fhonn fianaise a bhailiú nó a thabhairt ar aird i ndáil le himscrúduithe nó le himeachtaí coiriúla sonracha;

    c.    ciallaíonn ‘éigeandáil’ staid inarb ann do ghar-riosca suntasach do bheatha nó do shábháilteacht aon duine nádúrtha;

    d.    ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ faisnéise a bhaineann le duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta;

    e.    ciallaíonn ‘Páirtí aistritheach’ an Páirtí a tharchuireann na sonraí mar fhreagairt ar iarraidh nó mar chuid d’fhoireann chomhpháirteach imscrúdúcháin, sin nó chun críocha Chaibidil II, mír 2, Páirtí a bhfuil soláthraí seirbhíse tarchurtha nó eintiteas a chuireann seirbhísí clárúcháin um ainmneacha fearainn ar fáil suite ar a chríoch.

    Airteagal 4    - Teanga

    1.    Iarrata, orduithe agus an fhaisnéis a ghabhann leo a chuirtear faoi bhráid Páirtí, beidh siad i dteanga atá inghlactha ag an bPáirtí iarrtha nó an Páirtí a dtugadh fógra dó faoi Airteagal 7, mír 5, sin nó beidh aistriúchán i dteanga den sórt sin ag gabháil leo.

    2.    Orduithe faoi Airteagal 7, agus iarrata faoi Airteagal 6, agus aon fhaisnéis a ghabhann leo, is mar seo a leanas a bheidh siad:

    a.    iad curtha isteach i dteanga de chuid an Pháirtí eile, ina nglacann an soláthraí seirbhíse nó an teintiteas le próiseas náisiúnta inchomparáide;

    b.    iad curtha isteach i dteanga eile atá inghlactha ag an soláthraí seirbhíse nó ag an eintiteas; nó

    c.    iad curtha isteach in éineacht le haistriúchán i gceann amháin de na teangacha faoi mhíreanna 2.a nó 2.b.

    Caibidil II - Bearta maidir le comhar feabhsaithe

    Roinn 1- Na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le Caibidil II

    Airteagal 5    - Na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le Caibidil II

    1.    Beidh na páirtithe ag comhoibriú le chéile i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo a mhéid is féidir.

    2.    Cuimsíonn Roinn 2 den chaibidil seo Airteagail 6 agus 7. Déantar foráil inti maidir le nósanna imeachta lena gcuirtear feabhas ar chomhar díreach le soláthraithe agus eintitis ar chríoch Páirtí eile. Tá feidhm ag Roinn 2, bíodh conradh cúnaimh fhrithpháirtigh ann idir na páirtithe lena mbaineann nó ná bíodh, sin nó bíodh comhshocrú ar bhonn reachtaíocht aonfhoirmeach nó reachtaíocht chómhalartach ann eatarthu nó ná bíodh.

    3.    Cuimsíonn Roinn 3 den chaibidil seo Airteagail 8 agus 9. Déantar foráil inti maidir le nósanna imeachta chun feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta idir na húdaráis a mhéid a bhaineann le sonraí ríomhaireachta stóráilte a nochtadh. Tá feidhm ag Roinn 3 bíodh conradh cúnaimh fhrithpháirtigh ann idir na Páirtithe iarratach agus na Páirtithe iarrtha nó ná bíodh, sin nó bíodh socrú ar bhonn reachtaíocht aonfhoirmeach nó reachtaíocht chómhalartach ann eatarthu nó ná bíodh.

    4.    Cuimsíonn Roinn 4 den chaibidil seo Airteagal 10. Foráiltear inti maidir le nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh frithpháirteach i gcás éigeandála. Tá feidhm ag Roinn 4 bíodh conradh cúnaimh fhrithpháirtigh ann idir na Páirtithe iarratacha agus na Páirtithe iarrtha nó ná bíodh, sin nó bíodh comhshocrú ar bhonn reachtaíocht aonfhoirmeach nó reachtaíocht chómhalartach ann eatarthu nó ná bíodh.

    5.    Cuimsíonn Roinn 5 den chaibidil seo Airteagail 11 agus 12. Tá feidhm ag Roinn 5 bíodh conradh cúnaimh fhrithpháirtigh ann idir na Páirtithe iarratacha agus na Páirtithe iarrtha nó ná bíodh, sin nó bíodh comhshocrú ar bhonn reachtaíocht aonfhoirmeach nó reachtaíocht chómhalartach ann eatarthu nó ná bíodh. Ní bheidh feidhm ag forálacha Roinn 5 i gcás inarb ann do chonradh nó do chomhshocrú den sórt sin, seachas mar a fhoráiltear in Airteagal 12, mír 7. Mar sin féin, na Páirtithe lena mbaineann, féadfaidh siad a chinneadh go frithpháirteach forálacha mhír 5 a chur i bhfeidhm ina nionad sin, mura rud é a bhfuil toirmeasc air faoin gconradh nó faoin gcomhshocrú.

    6.    I gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo, i gcás ina gceadaítear don Pháirtí iarrtha an coinníoll a leagan síos gurb ann do choiriúlacht dhúbailte sula rachfar i mbun comhair, measfar an coinníoll sin a bheith comhlíonta, beag beann ar an ionann nó nach ionann catagóir an chiona nó téarmaíocht a ainmnithe de réir dhlíthe an Pháirtí iarrtha agus an Pháirtí a rinne an iarraidh, más rud é gur cion coiriúil é an tiompar is cúis leis an gcion ar ina leith a iarrtar cúnamh faoi dhlíthe an Pháirtí iarrtha.

    7.    Na forálacha sa chaibidil seo, ní chuireann siad srian le comhar idir na Páirtithe féin, nó idir na Páirtithe agus soláthraithe seirbhíse nó eintitis eile faoi chomhaontuithe, comhshocruithe, cleachtais eile is infheidhme, nó faoin dlí náisiúnta.

    Roinn 2 - Nósanna imeachta lena gcuirtear feabhas ar chomhar díreach le soláthraithe agus eintitis ar chríoch Páirtithe eile

    Airteagal 6    - Iarraidh ar fhaisnéis maidir le clárú ainmneacha fearainn

    1.    Glacfaidh gach Páirtí cibé reachtaíocht agus bearta eile a d’fhéadfadh gá a bheith leo chun an chumhacht a thabhairt dá núdaráis inniúla, chun críoch imscrúduithe nó imeachta coiriúla sonracha, iarraidh a chur faoi bhráid eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí clárúcháin um ainmneacha fearainn ar chríoch Páirtí eile, iarraidh ar fhaisnéis atá i seilbh an eintitis nó faoina smacht, ar faisnéis í lenar féidir cláraí an ainm fearainn a shainaithint nó teagmháil a dhéanamh leis.

    2.    Glacfaidh gach Páirtí cibé reachtaíocht agus bearta eile a d’fhéadfadh gá a bheith leo chun cead a thabhairt d’eintiteas ar a chríoch an fhaisnéis sin a nochtadh mar fhreagairt ar iarraidh faoi mhír 1, rud a bheidh faoi réir coinníollacha réasúnta dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta.

    3.    An iarraidh faoi mhír 1, cuimseoidh sí an méid seo a leanas:

    a.    an dáta ar eisíodh an iarraidh, agus céannacht agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil a d’eisigh an iarraidh;

    b.    an tainm fearainn faoina bhfuil an fhaisnéis á lorg, agus liosta mionsonraithe na faisnéise atá á lorg, lena náirítear na heilimintí sonracha seo a leanas;

    c.    ráiteas ina sonraítear gur eisíodh an iarraidh de bhun an Phrótacail seo, go bhfuil gá leis an bhfaisnéis toisc í a bheith ábhartha maidir le himscrúdú nó imeacht coiriúil sonrach, agus nach núsáidfear an fhaisnéis ach amháin le haghaidh an imscrúdaithe nó an imeachta choiriúil shonraigh sin; agus

    d.    an creat ama a bhfuil an fhaisnéis le tabhairt laistigh de agus an modh ina bhfuil sí le tabhairt, agus aon treoir speisialta eile maidir le nósanna imeachta.

    4.    Más inghlactha ag an eintiteas, is i bhfoirm leictreonach a fhéadfaidh Páirtí iarraidh a chur isteach faoi mhír 1. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le leibhéil iomchuí slándála agus fíordheimhnithe.

    5.    Má dhiúltaíonn eintiteas a shonraítear i mhír 1 comhoibriú, an Páirtí iarratach, féadfaidh sé a iarraidh ar an eintiteas sin míniú a thabhairt ar an bhfáth nach bhfuil sé chun an fhaisnéis atá á lorg a nochtadh. An Páirtí iarratach, féadfaidh sé comhairliúchán a lorg leis an bPáirtí ar ar a chríoch atá an teintiteas suite, d’fhonn na bearta atá ar fáil chun an fhaisnéis a fháil a chinneadh.

    6.    Déanfaidh gach Páirtí, tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, nó aon tráth eile, an túdarás arna ainmniú chun críoch an chomhairliúcháin faoi mhír 5 a chur in iúl d’ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa.

    7.    Bunóidh ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa clár na núdarás arna nainmniú ag na Páirtithe faoi mhír 6 agus coimeádfaidh sé cothrom le dáta é. Déanfaidh gach Páirtí a áirithiú gur cruinn i gcónaí iad na mionsonraí a sholáthair sé le haghaidh an chláir.

    Airteagal 7    - Faisnéis rannpháirtí a nochtadh

    1.    Glacfaidh gach Páirtí cibé reachtaíocht agus bearta eile a d’fhéadfadh gá a bheith leo chun an chumhacht a thabhairt dá núdaráis inniúla ordú a eisiúint go díreach chuig soláthraí seirbhíse ar chríoch Páirtí eile chun nochtadh na faisnéise sonraithe stóráilte a bhaineann le rannpháirtí a fháil, faisnéis atá i seilbh an tsoláthraithe seirbhíse sin nó faoina smacht, i gcás ina mbeidh gá leis an fhaisnéis rannpháirtí sin le haghaidh imscrúduithe nó imeachtaí coiriúla sonracha de chuid an Pháirtí a d’eisigh an tordú.

    2.    a. Glacfaidh gach Páirtí cibé reachtaíocht agus bearta eile a d’fhéadfadh gá a bheith leo chun gur féidir le soláthraí seirbhíse ar a chríoch féin faisnéis rannpháirtí a nochtadh mar fhreagairt ar ordú faoi mhír 1.

    b.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó trátha a chuirfear ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa i bhfeidhm, féadfaidh Páirtí - i ndáil le horduithe arna neisiúint chuig soláthraithe seirbhíse ar a chríoch - an dearbhú seo a leanas a dhéanamh: ‘An tordú faoi Airteagal 7, mír 1, ní mór dó a bheith eisithe ag ionchúisitheoir nó ag údarás breithiúnach eile, sin nó faoi mhaoirseacht ionchúisitheora nó údaráis bhreithiúnaigh eile, nó seachas sin, ní mór dó a bheith eisithe faoi mhaoirseacht neamhspleách’.

    3.    An tordú faoi mhír 1, sonrófar ann an méid seo a leanas:

    a.    an túdarás a d’eisigh é agus an dáta a eisíodh é;

    b.    ráiteas ina sonraítear gur eisíodh an tordú de bhun an Phrótacail seo;

    c.    ainm agus seoladh an tsoláthraí seirbhíse nó na soláthraithe seirbhíse a ndéanfar seirbheáil orthu;

    d.    an cion nó na cionta is ábhar don imscrúdú coiriúil nó don imeacht coiriúil;

    e.    an túdarás a bhfuil an fhaisnéis rannpháirtí shonrach á lorg aige, murab ionann é agus an túdarás a d’eisigh an tordú; agus

    f.    tuairisc mhionsonraithe ar an bhfaisnéis rannpháirtí atá á lorg.

    4.    An tordú faoi mhír 1, beidh an fhaisnéis fhorlíontach seo a leanas ag gabháil leis:

    a.    an foras dlíthiúil náisiúnta ar a dtugtar de chumhacht don údarás an tordú a eisiúint;

    b.    tagairt do na forálacha dlíthiúla agus do na pionóis is infheidhme maidir leis an gcion atá á imscrúdú nó á ionchúiseamh;

    c.    sonraí teagmhála an údaráis a dtabharfaidh an soláthraí seirbhíse an fhaisnéis rannpháirtí dó, ar údarás é a bhféadfaidh an soláthraí seirbhíse tuilleadh faisnéise a iarraidh air, nó ar údarás é a dtabharfaidh an soláthraí seirbhíse freagra dó seachas sin;

    d.    an creat ama ar laistigh de a thabharfar an fhaisnéis rannpháirtí agus an modh ar a dtabharfar í;

    e.    más é gur iarradh na sonraí a chaomhnú cheana féin lena náirítear dáta an chaomhnaithe agus aon uimhir thagartha is infheidhme;

    f.    aon treoir nós imeachta speisialta;

    g.    más infheidhme, ráiteas ina sonraítear gur tugadh an fógra comhuaineach de bhun mhír 5; agus

    h.    aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith ina cuidiú le nochtadh na faisnéise rannpháirtí a fháil.

    5.    a.Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, nó aon tráth eile, féadfaidh Páirtí a chur in iúl d’ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa, gur nuair a eisítear ordú faoi mhír 1 chuig soláthraí seirbhíse ar a chríoch, éilíonn an Páirtí, i ngach cás nó in imthosca sainaitheanta, fógra comhuaineach faoin ordú, an fhaisnéise fhorlíontach agus achoimre ar na bhfíorais a bhaineann leis an imscrúdú nó leis an imeacht.

    b.    Cibé a éilíonn nó nach néilíonn an Páirtí fógra faoi mhír 5.a., féadfaidh sé ceangal a chur ar an soláthraí seirbhíse dul i gcomhairle le húdaráis an Pháirtí in imthosca sainaitheanta roimh an nochtadh.

    c.    Na húdaráis a dtugtar fógra dóibh faoi mhír 5.a nó a dtéitear i gcomhairle leo faoi mhír 5.b, féadfaidh siad, gan moill mhíchuí, a ordú don soláthraí seirbhíse gan an fhaisnéis rannpháirtí a nochtadh sna cásanna seo a leanas:

    i.    más rud é go bhféadfadh an nochtadh dochar a dhéanamh d’imscrúduithe nó d’imeachtaí coiriúla ar chríoch an Pháirtí sin; nó

    ii.    bheadh feidhm ag coinníollacha nó foras diúltaithe faoi Airteagal 25, mír 4, agus faoi Airteagal 27, mír 4 den Choinbhinsiún dá mba rud é go niarrfaí an fhaisnéis rannpháirtí trí chúnamh frithpháirteach.

    d.    Na húdaráis a dtugtar fógra dóibh faoi mhír 5.a nó a dtéitear i gcomhairle leo faoi mhír 5.b:

    i.    féadfaidh siad faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás dá dtagraítear i mír 4.c chun críoch mhír 5.c a chur i bhfeidhm agus ní dhéanfaidh siad an fhaisnéis sin a nochtadh don soláthraí seirbhíse gan toiliú an údaráis sin; agus

    ii.    cuirfidh siad an túdarás dá dtagraítear i mír 4.c ar an eolas go pras más rud é go bhfuil treoir tugtha don soláthraí seirbhíse gan an fhaisnéis rannpháirtí a nochtadh agus tabharfaidh siad na cúiseanna leis sin.

    e.    Déanfaidh an Páirtí údarás amháin a ainmniú chun an fógra a fháil faoi mhír 5.a agus chun na gníomhaíochtaí a shonraítear i míreanna 5.b, 5.c agus 5.d. a chur i bhfeidhm. Tráth a thabharfar an fógra d’ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa de bhun mhír 5.a ar dtús, cuirfidh an Páirtí sonraí teagmhála an údaráis sin in iúl don ArdRúnaí.

    f.    Bunóidh ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa clár de na húdaráis arna nainmniú ag na Páirtithe de bhun mhír 5.e, clár ina sonraítear cibé an éilíonn nó nach néilíonn siad fógra de bhun mhír 5.a. agus na coinníollacha faoina néilíonn siad é, agus coimeádfaidh sé cothrom le dáta é. Déanfaidh gach Páirtí a áirithiú gur cruinn iad i gcónaí na mionsonraí a sholáthraíonn sé le haghaidh an chláir.

    6.    Más inghlactha ag an soláthraí seirbhíse, is i bhfoirm leictreonach a bhféadfaidh an Páirtí ordú a chur isteach faoi mhír 1 agus faisnéis fhorlíontach faoi mhír 4. Féadfaidh an Páirtí fógra agus faisnéis bhreise faoi mhír 5 a sholáthar i bhfoirm leictreonach. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le leibhéil iomchuí slándála agus fíordheimhnithe.

    7.    Má chuireann soláthraí seirbhíse in iúl don údarás i mír 4.c nach nochtfaidh sé an fhaisnéis rannpháirtí atá á lorg, nó mura nochtann sé an fhaisnéis rannpháirtí mar fhreagairt ar an ordú faoi mhír 1 laistigh de tríocha lá ó fhaigheann sé an tordú nó laistigh den chreat ama a leagtar síos i mír 4.d, cibé tréimhse ama is faide, féadfaidh údaráis inniúla an Pháirtí eisiúna iarracht a dhéanamh ansin an tordú a fhorfheidhmiú trí Airteagal 8 amháin nó trí chineálacha eile cúnaimh fhrithpháirtigh. Féadfaidh na Páirtithe a iarraidh ar an soláthraí seirbhíse míniú a thabhairt ar an bhfáth ar dhiúltaigh sé an fhaisnéis atá á lorg leis an ordú a nochtadh.

    8.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh Páirtí a dhearbhú go niarrfaidh an Páirtí eisiúna ar an soláthraí seirbhíse an fhaisnéis rannpháirtí a nochtadh sula niarrann an Páirtí sin faoi Airteagal 8 í, ach amháin má thugann an Páirtí eisiúna míniú réasúnta ar an bhfáth nach ndearna sé amhlaidh.

    9.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh Páirtí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    a.    an ceart a fhorchoimeád gan an tairteagal seo a chur i bhfeidhm; nó

    b.    más rud é go mbeadh nochtadh uimhreacha rochtana de chineálacha éagsúla faoin airteagal ar neamhréir le prionsabail bhunúsacha a chórais dhlíthiúil náisiúnta, an ceart a fhorchoimeád gan an tairteagal sin a chur i fheidhm maidir leis na huimhreacha sin.

    Roinn 3 - Nósanna imeachta lena gcuirtear feabhas ar chomhar idirnáisiúnta idir údaráis maidir le nochtadh na faisnéise ríomhaireachta stóráilte

    Airteagal 8    - Éifeacht a thabhairt d’orduithe ó Pháirtí eile maidir le nochtadh brostaithe na faisnéise rannpháirtí agus na sonraí tráchta

    1.    Glacfaidh gach Páirtí cibé reachtaíocht agus bearta eile a d’fhéadfadh gá a bheith leo chun an chumhacht a thabhairt dá údaráis inniúla ordú a eisiúint atá le cur isteach mar chuid d’iarraidh ar Pháirtí eile, ordú arb é is cuspóir dó iallach a chur ar sholáthraí seirbhíse ar chríoch an Pháirtí eile an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt ar aird

    a.    faisnéis rannpháirtí, agus

    b.    sonraí tráchta

    ar faisnéis í atá i seilbh an tsoláthraithe seirbhíse sin nó faoina smacht, agus a bhfuil gá léi le haghaidh imscrúduithe nó imeachtaí coiriúla sonracha de chuid an Pháirtí.

    2.    Glacfaidh gach Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile a d’fhéadfadh gá a bheith leo chun éifeacht a thabhairt d’ordú faoi mhír 1 arna eisiúint ag an bPáirtí a rinne an iarraidh.

    3.    An tordú faoi bhun mhír 1, an fhaisnéis tacaíochta agus aon treoir speisialta maidir le nósanna imeachta is ea a bheidh san iarraidh a chuirfidh an Páirtí iarratach faoi bhráid an Pháirtí iarrtha.

    a.    Sonrófar an méid seo a leanas san ordú:

    i.    an túdarás a d’eisigh an tordú agus an dáta a eisíodh é;

    ii.    ráiteas ina sonraítear go gcuirtear an tordú isteach faoi bhun an Phrótacail seo;

    iii.    ainm agus seoladh an tsoláthraí seirbhíse nó na soláthraithe seirbhíse a ndéanfar seirbheáil orthu;

    iv.    an cion nó na cionta is ábhar don imscrúdú coiriúil nó don imeacht coiriúil;

    v.    an túdarás a bhfuil an fhaisnéis nó na sonraí á lorg aige, murab ionann é agus an túdarás a d’eisigh an tordú; agus

    vi.    tuairisc mhionsonraithe ar an bhfaisnéis shonrach nó ar na sonraí sonracha atá á lorg.

    b.    An fhianaise thacaíochta a thugtar d’fhonn cuidiú leis an bPáirtí iarrtha éifeacht a thabhairt don ordú agus nach ndéanfar í a nochtadh don soláthraí seirbhíse gan toiliú an Pháirtí iarrataigh, sonrófar inti an méid seo a leanas:

    i.    an foras dlíthiúil náisiúnta ar a dtugtar de chumhacht don údarás an tordú a eisiúint;

    ii.    na forálacha dlíthiúla agus na pionóis is infheidhme maidir leis an gcion atá á imscrúdú nó á ionchúiseamh;

    iii.    an fáth a gcreideann an Páirtí iarratach go bhfuil an sonraí i seilbh an tsoláthraithe seirbhíse nó faoina smacht;

    iv.    achoimre ar na bhfíorais a bhaineann leis an imscrúdú nó leis an imeacht;

    v.    an bhaint atá ag an fhaisnéis nó ag na sonraí leis an imscrúdú nó leis an imeacht;

    vi.    sonraí teagmhála de chuid údaráis nó de chuid údarás a fhéadfaidh faisnéis bhreise a thabhairt;

    vii.    ar iarradh an fhaisnéis nó na sonraí a chaomhnú cheana féin, lena náirítear dáta an chaomhnaithe agus aon uimhir thagartha is infheidhme; agus

    viii.    más é go ndearnadh iarracht an fhaisnéis nó na sonraí a fháil ar aon mhodh eile, agus más ea, cén modh a úsáideadh.

    c.    Féadfaidh an Páirtí iarratach a iarraidh ar an bPáirtí iarrtha treoracha nós imeachta speisialta a chomhlíonadh.

    4.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, nó aon tráth eile, féadfaidh Páirtí a dhearbhú go bhfuil faisnéis tacaíochta bhreise ag teastáil chun éifeacht a thabhairt d’orduithe faoi mhír 1.

    5.    Glacfaidh an Páirtí iarrtha le hiarrataí i bhfoirm leictreonach. Féadfaidh sé leibhéil iomchuí slándála agus fíordheimhnithe a éileamh sula nglacann sé leis an iarraidh.

    6.    a. An Páirtí iarrtha, ón dáta a fhaigheann sé an fhaisnéis uile a shonraítear i míreanna 3 agus 4, déanfaidh sé iarrachtaí réasúnta seirbheáil a dhéanamh ar an soláthraí seirbhíse laistigh de chúig lá agus daichead, nó níos luaithe, agus ordóidh sé go dtabharfar an fhaisnéis nó na sonraí atá á niarraidh dó tráth nach déanaí ná:

    i.    fiche lá i gcás faisnéis rannpháirtí; agus

    ii.    cúig lá agus daichead i gcás sonraí tráchta.

    b. Déanfaidh an Páirtí iarrtha foráil maidir le tarchur na faisnéise nó na sonraí a cuireadh ar fáil chuig an bPáirtí iarratach gan moill mhíchuí.

    7.    Más rud é nach féidir leis an bPáirtí iarrtha na treoracha faoi mhír 3.c a chomhlíonadh de réir mar a iarradh air, cuirfidh sé an Páirtí iarratach ar an eolas faoi sin go pras, agus i gcás inarb infheidhme, sonróidh sé aon choinníoll faoina bhféadfadh sé iad a chomhlíonadh, agus cinnfidh an Páirtí iarratach ina dhiaidh sin an ceart an iarraidh a fhorghníomhú mar sin féin.

    8.    Féadfaidh an Páirtí iarrtha diúltú d’iarraidh a fhorghníomhú ar an bhforás a leagtar síos in Airteagal 25, mír 4 nó in Airteagal 27, mír 4 den Choinbhinsiún, nó féadfaidh sé coinníollacha a fhorchur a mheasann sé a bheith riachtanach chun gur féidir an iarraidh a fhorghníomhú. Féadfaidh an Páirtí iarrtha forghníomhú na niarrataí a chur siar ar na cúiseanna a leagtar síos faoi Airteagal 27, mír 5, den Choinbhinsiún. Tabharfaidh an Páirtí iarrtha fógra don Pháirtí iarratach a luaithe is féidir faoin diúltú, faoi na coinníollacha nó faoin gcur siar. Tabharfaidh an Páirtí iarrtha fógra don Pháirtí iarratach faoi imthosca eile ar dócha go gcuirfidh siad moill shuntasach ar fhorghníomhú na hiarrata. Beidh feidhm ag Airteagal 28, mír 2.b den Choinbhinsiún maidir leis an airteagal seo.

    9.    a. Más rud é nach féidir leis an bPáirtí iarratach coinníoll a d’fhorchuir an Páirtí iarrtha faoi mhír 8 a chomhlíonadh, cuirfidh sé an Páirtí iarrtha ar an eolas go pras faoi sin. Cinnfidh an Páirtí iarrtha ina dhiaidh sin ar cheart an fhaisnéis nó an tábhar a sholáthar mar sin féin.

    b. Má ghlacann an Páirtí iarratach leis an gcoinníoll, beidh sé ina cheangal air. An Páirtí iarrtha a sholáthraíonn an fhaisnéis nó an t‑ábhar faoi réir coinníoll den sórt sin, féadfaidh sé a éileamh ar an bPáirtí iarratach míniú a thabhairt ar an gcaoi a úsáidfear an fhaisnéis nó an t‑ábhar sin i ndáil leis an gcoinníoll sin.

    10.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, nó aon tráth eile, déanfaidh gach Páirtí sonraí teagmhála na núdarás arna nainmniú a chur in iúl d’ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa agus na sonraí sin a choimeád cothrom le dáta, arb iad na húdarás arna nainmniú le haghaidh an mhéid seo a leanas:

    a.    ordú a chur isteach faoin Airteagal seo; agus

    b.    ordú a fháil faoin Airteagal seo.

    11.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh Páirtí a dhearbhú go gceanglaíonn sé i gcás iarrataí ó Pháirtithe eile faoin airteagal seo, gurb é údarás lárnach an Pháirtí iarrataigh a chuirfidh na hiarrataí sin faoina bhráid, nó gurb é údarás eile arna chinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe lena mbaineann a dhéanfaidh amhlaidh.

    12.    Bunóidh ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa clár de na húdaráis arna nainmniú ag na Páirtithe faoi mhír 10 agus coimeádfaidh sé cothrom le dáta é. Déanfaidh gach Páirtí a áirithiú gur cruinn i gcónaí iad na mionsonraí a sholáthair sé le haghaidh an chláir.

    13.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh Páirtí an cearta a fhorchoimeád gan an tairteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le sonraí tráchta.

    Airteagal 9     - Nochtadh brostaithe na sonraí ríomhaireachta stóráilte i gcás éigeandála

    1.    a. Glacfaidh gach Páirtí cibé bearta reachtacha nó bearta eile a d’fhéadfadh gá a bheith leo ionas gur féidir lena phointe teagmhála le haghaidh an Líonra 24/7 dá dtagraítear in Airteagal 35 den Choinbhinsiún (‘pointe teagmhála’), iarraidh a tharchur, i gcás éigeandála, chuig pointe teagmhála ar chríoch Páirtí eile, nó iarraidh a fháil uaidh, iarraidh ar chúnamh láithreach maidir le nochtadh brostaithe sonraí ríomhaireachta stóráilte atá i seilbh soláthraí seirbhíse nó faoina smacht, soláthraí seirbhíse atá suite ar chríoch an Pháirtí sin, gan iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a dhéanamh.

    b. Tráth a shíneofar an Prótacal seo nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh Páirtí a dhearbhú nach ndéanfaidh sé iarrataí faoi mhír 1.a a fhorghníomhú nuair nach bhfuil ach nochtadh faisnéise rannpháirtí á lorg.

    2.    Glacfaidh gach Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile a d’fhéadfadh gá a bheith leo chun gur féidir an méid seo a leanas a dhéanamh, de bhun mhír 1:

    a.    chun gur féidir lena húdaráis sonraí a lorg ó sholáthraí seirbhíse ar a chríoch de bhun iarraidh faoi mhír 1;

    b.    chun gur féidir le soláthraí seirbhíse ar a chríoch na sonraí atá á niarraidh a nochtadh dá údaráis mar fhreagairt ar iarraidh faoi mhír 2.a; agus

    c.    chun gur féidir lena údaráis na sonraí atá á niarraidh a sholáthar don Pháirtí iarratach.

    3.    An iarraidh faoi mhír 1, sonrófar ann an méid seo a leanas:

    a.    an túdarás inniúil a bhfuil na sonraí á lorg aige agus an dáta a eisíodh an iarraidh;

    b.    ráiteas ina sonraítear gur eisíodh iarraidh de bhun an Phrótacail seo;

    c.    ainm agus seoladh an tsoláthraí seirbhíse nó na soláthraithe seirbhíse a bhfuil na sonraí atá á lorg ina seilbh nó faoina smacht;

    d.    an cion nó na cionta is ábhar don imscrúdú nó imeacht coiriúil agus tagairt dá fhorálacha dlíthiúil agus do na pionóis is infheidhme;

    e.    fíorais leordhóthanacha lena léiriú gurb ann d’éigeandáil agus an chaoi a mbaineann na sonraí atá á lorg leis;

    f.    tuairisc mhionsonraithe ar na sonraí atá á lorg;

    g.    aon treoir nós imeachta speisialta; agus

    h.    aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith ina cuidiú le nochtadh na sonraí atá á niarraidh a fháil.

    4.    Glacfaidh an Páirtí iarrtha le hiarraidh i bhfoirm leictreonach. Féadfaidh Páirtí glacadh le hiarraidh arna tarchur de bhéal freisin agus féadfaidh sé deimhniú i bhfoirm leictreonach a éileamh. Féadfaidh sé leibhéil iomchuí slándála agus fíordheimhnithe a éileamh sula nglacann sé leis an iarraidh.

    5.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh Páirtí a dhearbhú go néilíonn sé ar na Páirtithe iarratacha, tar éis chur i gcrích na hiarrata, an iarraidh agus aon fhaisnéis fhorlíontach arna tarchur chun tacú léi a chur faoina bhráid i bhformáid agus trí bhealach a shonraíonn an Páirtí iarrtha, a bhféadfadh cúnamh frithpháirteach a bheith i gceist leis.

    6.    Cuirfidh an Páirtí iarrtha an Páirtí iarratach ar an eolas faoin gcinneadh a rinne sé maidir leis an iarraidh faoi mhír 1 ar bhonn brostaithe tapa, agus i gcás inarb infheidhme, sonróidh sé aon choinníoll faoina soláthródh sé na sonraí nó aon chineál eile comhair a d’fhéadfadh a bheith ar fáil.

    7.    a. Más rud é nach féidir le Páirtí iarratach coinníoll a d’fhorchuir an Páirtí iarrtha faoi mhír 6 a chomhlíonadh, cuirfidh sé an Páirtí iarrtha ar an eolas go pras faoi sin. Cinnfidh an Páirtí iarrtha ina dhiaidh sin ar cheart an fhaisnéis nó an tábhar a sholáthar mar sin féin. b. Má ghlacann an Páirtí iarratach leis an gcoinníoll, beidh sé ina cheangal air.

    b. An Páirtí iarrtha a sholáthraíonn an fhaisnéis nó an t‑ábhar faoi réir coinníoll den sórt sin, féadfaidh sé a éileamh ar an bPáirtí iarratach míniú a thabhairt ar an gcaoi a úsáidfear an fhaisnéis nó an t‑ábhar sin i ndáil leis an gcoinníoll sin.

    Roinn 4 - Nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh frithpháirteach i gcás éigeandála

    Airteagal 10    - Cúnamh frithpháirteach i gcás éigeandála

    1.    Féadfaidh gach Páirtí cúnamh frithpháirteach ar bhonn brostaithe tapa a lorg i gcás ina measann sé gurb ann d’éigeandáil. Is éard a chuimseoidh iarraidh faoin airteagal seo, sa bhreis ar na hábhair eile is gá, tuairisc ar na fíorais a léiríonn gurb ann d’éigeandáil agus an chaoi a mbaineann an cúnamh atá á lorg léi.

    2.    Glacfaidh Páirtí iarrtha le hiarraidh den sórt sin i bhfoirm leictreonach. Féadfaidh sé leibhéil iomchuí slándála agus fíordheimhnithe a éileamh sula nglacann sé leis an iarraidh.

    3.    Féadfaidh an Páirtí iarrtha faisnéis fhorlíontach a lorg ar bhonn brostaithe tapa chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarraidh. Cuirfidh an Páirtí iarratach an fhaisnéis fhorlíontach sin ar fáil ar bhonn brostaithe tapa.

    4.    Nuair a bheidh sé sásta gurb ann don éigeandáil agus gur comhlíonadh na ceanglais eile maidir le cúnamh frithpháirteach, freagróidh an Páirtí an iarraidh ar bhonn brostaithe tapa.

    5.    An túdarás lárnach nó na húdaráis eile atá freagrach as iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a fhreagairt, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh duine ó na húdaráis sin ar fáil gach uair den lá, gach lá den tseachtain chun iarraidh faoin airteagal seo a fhreagairt.

    6.    An túdarás lárnach nó na húdaráis eile ar chríoch an Pháirtí iarrataigh agus an Pháirtí iarrtha a bhfuil cúnamh frithpháirteach faoina gcúram, féadfaidh siad a chinneadh go frithpháirteach, go ndéanfar na torthaí is toradh ar fhorghníomhú na hiarrata faoin airteagal seo, sin nó réamhchóip de na torthaí sin, a chur ar fáil don Pháirtí iarratach trí bhealach seachas an bealadh a úsáideadh le haghaidh na hiarrata.

    7.    I gcás nach bhfuil conradh nó comhshocrú um chúnamh frithpháirteach ar bhonn reachtaíocht aonfhoirmeach nó reachtaíocht chómhalartach i bhfeidhm idir an Páirtí iarratach agus an Páirtí iarrtha, beidh feidhm ag Airteagal 27, míreanna 2.b agus mír 3 go 8, agus Airteagal 28, míreanna 2 go 4, den Choinbhinsiún maidir leis an airteagal seo.

    8.    I gcás inarb ann do chonradh nó do chomhshocrú den sórt sin, déanfar an tairteagal seo a fhorlíonadh le forálacha an chonartha nó an chomhshocraithe sin ach amháin má chinneann na Páirtithe lena mbaineann go frithpháirteach aon cheann de na forálacha nó na forálacha uile den Choinbhinsiún dá dtagraítear i mír 7 den airteagal seo a chur i bhfeidhm ina ionad sin.

    9.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh gach Páirtí a dhearbhú go seolfar iarrataí go díreach chuig a núdaráis bhreithiúnacha freisin, sin nó chuig bealaí Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (INTRPOL) nó chuig a phointe teagmhála 24/7 arna bhunú faoi Airteagal 35 den Choinbhinsiún. In aon chás den sórt sin, seolfar cóip go comhuaineach chuig údarás lárnach an Pháirtí iarrtha trí údarás lárnach an Pháirtí iarrataigh. I gcás ina seolfar iarraidh go díreach chuig údarás breithiúnach de chuid an Pháirtí iarrtha agus nach bhfuil sé d’inniúlacht ag an údarás sin plé leis an iarraidh, cuirfidh sé an iarraidh ar aghaidh chuig an údarás inniúil náisiúnta agus cuirfidh sé in iúl go díreach don Pháirtí iarratach go ndearna sé amhlaidh.

    Roinn 5 - Nósanna imeachta a bhaineann le comhar idirnáisiúnta in éagmais na gcomhaontuithe idirnáisiúnta is infheidhme

    Airteagal 11    - Físchomhdháil

    1.    Féadfaidh Páirtí iarratach a iarraidh, agus féadfaidh an Páirtí iarrtha a cheadú go dtógfar fianaise agus ráitis ó fhinné nó ó shaineolaí trí fhíschomhdháil. Rachaidh an Páirtí iarratach agus an Páirtí iarrtha i gcomhairle le chéile chun réiteach aon faidhbe a d’fhéadfadh a bheith ann a éascú maidir le forghníomhú na hiarrata, lena náirítear an méid seo a leanas de réir mar is infheidhme: cén Páirtí a bheidh i gceannas; na húdaráis agus na daoine a bheidh i láthair; an é Páirtí amháin nó an dá Pháirtí a dhéanfaidh an finné nó an saineolaí a chur faoi mhionn, sin nó rabhaidh nó treoracha áirithe a thabhairt dó; an bealach a gceisteofar an finné nó an saineolaí; an bealach ina ndéanfar cearta an fhinné nó an tsaineolaí a áirithiú mar is cuí; an chaoi a gcaithfear le héilimh ar phribhléid nó ar dhíolúine; an chaoi a gcaithfear le hagóidí in aghaidh ceisteanna nó freagraí; agus an é Páirtí amháin nó an dá Pháirtí a chuirfidh seirbhísí aistriúcháin, ateangaireachta agus trasscríofa ar fáil.

    2.    a. Déanfaidh údaráis lárnacha an Pháirtí iarrtha agus an Pháirtí iarrataigh teagmháil le chéile go díreach chun críoch an airteagail seo. Féadfaidh Páirtí iarrtha glacadh le hiarraidh i bhfoirm leictreonach. Féadfaidh sé leibhéil iomchuí slándála agus fíordheimhnithe a éileamh sula nglacann sé leis an iarraidh.

    b. Cuirfidh an Páirtí iarrtha an Páirtí iarratach ar an eolas faoi na cúiseanna nár fhorghníomhaigh sé an iarraidh nó na cúiseanna ar chuir sé moill ar an bhforghníomhú. Tá feidhm ag Airteagal 27, mír 8 den Choinbhinsiún maidir leis an airteagal seo. Gan dochar d’aon choinníoll eile a fhéadfaidh Páirtí iarrtha a fhorchur i gcomhréir leis an airteagal seo, tá feidhm ag Airteagal 28, míreanna 2 go 4 den Choinbhinsiún maidir leis an airteagal seo.

    3.    An Páirtí iarrtha a thugann cúnamh faoin airteagal seo, déanfaidh sé iarracht láithreacht an duine a bhfuil a fhianaise nó a ráiteas á lorg a fháil. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Páirtí iarrtha, a mhéid is féidir faoina dhlí féin, na bearta is gá a ghlacadh chun iallach a chur ar fhinne nó ar shaineolaí teacht i láthair ar chríoch an Pháirtí iarrtha ag am agus láthair socraithe.

    4.    Na nósanna imeachta a bhaineann le reáchtáil na físchomhdhála arna sonrú ag an bPáirtí iarratach, cloífear leo ach amháin i gcás ina mbeidh siad ar neamhréir le dlí náisiúnta an Pháirtí iarrtha. I gcás neamhréireachta, nó a mhéid nach bhfuil an nós imeachta sonraithe ag an Páirtí iarrtha, cuirfidh an Páirtí iarrtha an nós imeachta faoina dhlí náisiúnta i bhfeidhm, ach amháin má chinneann an Páirtí iarratach agus an Páirtí iarrtha a mhalairt go frithpháirteach.

    5.    Gan dochar d’aon dlínse faoi dhlí náisiúnta an Pháirtí iarrataigh, i gcás ina dhéanfaidh an finné nó an saineolaí an méid seo a leanas le linn na físchomhdhála:

    a.    ráiteas bréagach a dhéanamh d’aon ghnó, i gcás inar chuir an Páirtí iarrtha d’oibleagáid ar an duine sin, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Pháirtí iarrtha, fianaise a thabhairt go fírinneach;

    b.    diúltú d’fhianaise a thabhairt, i gcás inar chuir an Páirtí iarrtha d’oibleagáid ar an duine sin, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Pháirtí iarrtha, fianaise a thabhairt; nó

    c.    míiompar eile a dhéanamh le linn na nimeachta sin, ar iompar é a bhfuil toirmeasc air de réir dhlí náisiúnta an Pháirtí iarrtha;

    beidh an duine sin imsmachtaithe sa Pháirtí iarrtha sa bhealach céanna agus dá mba rud é go ndearnadh an gníomh sin i rith a imeachtaí náisiúnta.

    6.    a. Mura gcinntear a mhalairt go frithpháirteach idir an Páirtí iarrtha agus an Páirtí iarratach, seasfaidh an Páirtí iarrtha na costais uile a bhaineann le forghníomhú iarrata faoin airteagal seo, ach amháin na costais seo a leanas:

    i.    costais a bhaineann le finné saineolach;

    ii.    costais aistriúcháin, ateangaireachta agus trasscríofa; agus

    iii.    costais urghnácha.

    b. Más rud e go mbeadh costais urghnácha i gceist le forghníomhú iarrata, rachaidh an Páirtí iarratach agus an Páirtí iarrtha i gcomhairle le chéile chun na coinníollacha faoina bhféadfar an iarraidh a fhorghníomhú a chinneadh.

    7.    I gcás ina gcomhaontóidh an Páirtí iarratach agus an Páirtí iarrtha an méid seo a leanas go frithpháirteach:

    a.    féadfar forálacha an Airteagail seo a chur i bhfeidhm chun closchomhdhálacha a reáchtáil;

    b.    féadfar teicneolaíocht físchomhdhála a úsáid le haghaidh cuspóirí nó le haghaidh éisteachtaí seachas na cinn a shonraítear i mír 1, lena náirítear daoine nó nithe a shainaithint.

    8.    I gcás ina roghnóidh an Páirtí iarrtha éisteacht a cheadú do dhuine faoi amhras nó duine cúisithe, féadfaidh sé coinníollacha agus coimircí ar leith a éileamh i ndáil le fianaise nó ráiteas a thógáil ó dhuine den sórt sin, nó i ndáil le fógraí a thabhairt do dhuine den sórt sin nó bearta nós imeachta a chur i bhfeidhm maidir leis.

    Airteagal 12    - Foirne imscrúdúcháin comhpháirteacha agus imscrúdaithe comhpháirteacha

    1.    Trí chomhaontú frithpháirteach, féadfaidh údaráis inniúla de chuid dhá Pháirtí nó níos mó foireann imscrúdúcháin chomhpháirteach a bhunú agus a oibriú ar a gcríoch chun imscrúduithe nó imeachtaí coiriúla a éascú i gcás ina measfar go bhfuil áisiúlacht ar leith ag baint le comhordú feabhsaithe. Is iad na Páirtithe lena mbaineann a chinnfidh na húdaráis inniúla.

    2.    Na nósanna imeachta agus na coinníollacha lena rialaítear foirne imscrúdúcháin comhpháirteacha, amhail a gcuspóirí sonracha; comhdhéanamh; feidhmeanna; fad agus aon tréimhse sínithe; ionad; eagrúchán; téarmaí maidir le faisnéis nó fianaise a bhailiú, a tharchur agus a úsáid; téarmaí rúndachta; téarmaí maidir le rannpháirtíocht na núdarás rannpháirteacha de chuid Páirtí áirithe i ngníomhaíochtaí imscrúdaitheacha atá ar siúl ar chríoch Páirtí eile, is rudaí iad a chomhaontófar idir na húdaráis inniúla sin.

    3.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh Páirtí a dhearbhú nach mór dá údarás lárnach a bheith ina shínitheoir leis an gcomhaontú lena mbunaítear an fhoireann, sin nó nach mór dó aontú leis sin ar bhealach eile.

    4.    Na húdaráis inniúla sin atá rannpháirteach, déanfaidh siad teagmháil díreach le chéile, seachas sin, féadfaidh na Páirtithe a chinneadh go frithpháirteach bealaí teagmhála iomchuí eile i gcás ina bhfuil gá le comhordú níos lárnaí i ngeall ar imthosca eisceachtúla.

    5.    I gcás ina bhfuil gá le bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh ar chríoch ceann amháin de na Páirtithe lena mbaineann, féadfaidh na húdaráis rannpháirteacha ón bPáirtí sin iarraidh ar a núdaráis féin na bearta sin a dhéanamh gan iallach a bheith ar na Páirtithe eile iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a chur isteach. Cuirfidh údaráis an Pháirtí sin na bearta sin i gcrích ar a chríoch faoi na coinníollacha is infheidhme faoin dlí náisiúnta maidir le himscrúdú náisiúnta.

    6.    Úsáid na faisnéise nó na fianaise a chuireann na húdaráis rannpháirteacha de chuid Páirtí amháin ar fáil d’údaráis rannpháirteacha de chuid na Páirtithe eile, féadfar an úsáid sin a dhiúltú nó a shrianadh ar an mbealach a leagtar amach sa chomhaontú a shonraítear i míreanna 1 agus 2. Mura leagtar amach na téarmaí maidir le húsáid a dhiúltú nó a shrianadh, is mar seo a leanas a fhéadfaidh na Páirtithe an fhaisnéis nó an fhianaise sin:

    a.    le haghaidh na gcuspóirí ar ina leith a rinneadh an comhaontú;

    b.    chun cionta seachas na cionta a ndearnadh an comhaontú ina leith a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, rud a bheidh faoi réir toiliú a fháil roimh ré ó na húdaráis a sholáthraíonn an fhaisnéis nó an fhianaise. Mar sin féin, ní bheidh ga le toiliú i gcás ina gceanglófar de réir phrionsabail dhlíthiúla bhunúsacha an Pháirtí a úsáideann an fhaisnéis nó an fhianaise go nochtfar an fhaisnéis nó an fhianaise chun cearta duine cúisithe in imeachtaí coiriúla a chosaint. Sa chás sin, tabharfaidh na húdaráis sin fógra gan moill mhíchuí do na húdaráis a sholáthair an fhaisnéis nó an fhianaise; nó

    c.    chun éigeandáil a chosc. Sa chás sin, na húdaráis rannpháirteacha a fuair an fhaisnéis nó an fhianaise, tabharfaidh siad fógra gan moill mhíchuí do na húdaráis a sholáthair an fhaisnéis nó an fhianaise, ach amháin má chinntear a mhalairt go frithpháirteach.

    7.    In éagmais comhaontú mar a shonraítear i míreanna 1 agus 2, féadfar tabhairt faoi imscrúduithe comhpháirteach faoi théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach ar bhonn cás ar chás. Tá feidhm ag an mír seo, bíodh conradh cúnaimh fhrithpháirtigh ann idir na páirtithe lena mbaineann nó ná bíodh, sin nó bíodh comhshocrú ar bhonn reachtaíocht aonfhoirmeach nó reachtaíocht chómhalartach ann eatarthu nó ná bíodh.

    Caibidil III - Coinníollacha agus coimircí

    Airteagal 13    - Coinníollacha agus coimircí

    I gcomhréir le hAirteagal 15 den Choinbhinsiún, déanfaidh gach Páirtí a áirithiú go bhfuil bunú, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na gcumhachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Phrótacal seo faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá bhforáiltear faoina dhlí náisiúnta, rud a fhorálfaidh maidir le cosaint leordhóthanach chearta agus shaoirsí an duine.

    Airteagal 14    - Sonraí pearsanta a chosaint

    1. Raon feidhme

    a.    Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt i míreanna 1.b agus c, déanfaidh gach Páirtí na sonraí pearsanta a fhaigheann sé faoin bPrótacal seo a phróiseáil i gcomhréir le míreanna 2 go 15 den airteagal seo.

    b.    Más rud é, tráth a fhaightear na sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo, go bhfuil an Páirtí aistritheach agus an Páirtí fála araon faoi cheangal go frithpháirteach ag comhaontú idirnáisiúnta lena mbunaítear creat cuimsitheach idir na Páirtithe sin chun sonraí pearsanta a chosaint, rud atá infheidhme maidir le haistriú sonraí pearsanta chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus a fhorálann go gcomhlíonann próiseáil na sonraí pearsanta faoin gcomhaontú sin ceanglais na reachtaíochta um chosaint sonraí de chuid na bPáirtithe lena mbaineann, beidh feidhm ag téarmaí an chomhaontaithe sin, i gcás na mbeart a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe sin, maidir le sonraí pearsanta a fhaightear faoin bPrótacal seo in ionad mhíreanna 2 go 15, ach amháin má chomhlíontar a mhalairt idir na Páirtithe lena mbaineann.

    c.    Mura bhfuil an Páirtí aistritheach agus an Páirtí fála faoi cheangal go frithpháirteach faoi chomhaontú a shonraítear i mír 1.b, féadfaidh siad a chinneadh go frithpháirteach go bhféadfar aistriú na sonraí faoin bPrótacal seo a dhéanamh ar bhonn comhaontuithe nó comhshocruithe eile idir na Páirtithe lena mbaineann in ionad mhíreanna 2 go 15.

    d.    Measfaidh gach Páirtí go gcomhlíonann próiseáil na sonraí pearsanta de bhun mhíreanna 1.a agus 1.b ceanglais a chreata dhlíthiúil um chosaint sonraí maidir le haistriú idirnáisiúnta sonraí pearsanta, agus ní éileofar aon údarú breise le haghaidh aistriú faoin gcreat dlíthiúil sin. Ní féidir le Páirtí diúltú do shonraí a aistriú chuig Páirtí eile faoin bPrótacal seo ná an taistriú a chosc ar chúiseanna cosanta sonraí faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 15 nuair a bheidh feidhm ag mír 1.a; sin nó faoi théarmaí comhaontaithe nó comhshocraithe dá dtagraítear i míreanna 1.b nó c, nuair a bheidh feidhm ag ceann amháin de na míreanna sin.

    e.    Ní chuirfidh aon rud san airteagal seo cosc ar Pháirtí coimircí níos láidre a chur i bhfeidhm maidir lena núdaráis féin na sonraí pearsanta a fhaightear faoin bPrótacal seo a phróiseáil.

    2.    Cuspóir agus úsáid

    a.    Na páirtí a fuair na sonraí pearsanta, déanfaidh sé iad a phróiseáil le haghaidh na gcuspóirí a shonraítear in Airteagal 2. Ní dhéanfaidh sé próiseáil bhreise ar na sonraí pearsanta le haghaidh cuspóir neamhréireach, agus ní dhéanfaidh sé próiseáil bhreise ar na sonraí nuair nach gceadaítear é sin faoina cheart dlíthiúil náisiúnta. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar do chumas an Pháirtí aistrithigh coinníollacha breise de bhun an Phrótacail seo a fhorchur i gcás sonrach, ach mar sin féin, ní chuimseoidh na coinníollacha sin coinníollacha ginearálta maidir le cosaint sonraí.

    b.    Áiritheoidh an Páirtí fála faoina chreat dlíthiúil náisiúnta gur ábhartha iad sonraí atá á lorg agus á bpróiseáil le haghaidh chuspóirí na próiseála sin agus nach bhfuil siad iomarcach ina leith sin.

    3.    Cáilíocht agus sláine

    Glacfaidh gach Páirtí bearta réasúnta lena áirithiú go stórálfar na sonraí pearsanta de réir an chruinnis agus na sláine is gá agus is iomchuí, agus iad a choimeád cothrom le dáta a mhéid is gá agus is iomchuí, le haghaidh phróiseáil dhlíthiúil na sonraí pearsanta, ag féachaint do na cuspóirí ar ina leith a bhfuil siad á bpróiseáil.

    4.    Sonraí íogaire

    Má dhéanann Páirtí sonraí pearsanta a phróiseáil ar sonraí iad a léiríonn tionscnamh cine nó tionscnamh eithneach, tuairimí polaitiúla nó creidimh eile, nó ballraíocht i gceardchumann; sonraí géiniteacha; sonraí bithmhéadracha a mheastar a bheith íogair i bhfianaise na rioscaí atá i gceist; nó sonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte nó leis an saol gnéis; ní dhéanfar an phróiseáil sin ach amháin faoi na coimircí iomchuí chun cosaint a thabhairt ar thionchar dochrach gan údar ó úsáid na sonraí sin, agus go háirithe ar idirdhealú neamhdhleathach.

    5.    Tréimhsí coinneála

    Coinneoidh gach Páirtí na sonraí pearsanta ar feadh na tréimhse is gá agus is iomchuí de réir na gcuspóirí a bhaineann leis na sonraí a phróiseáil de bhun mhír 2, agus ar feadh na tréimhse sin amháin. Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déanfaidh sé foráil ina cheart dlíthiúil náisiúnta maidir le tréimhsí coinneála sonracha nó athbhreithniú tréimhsiúil ar an ngá leis na sonraí a choinneáil a thuilleadh.

    6.    Cinntí uathoibrithe

    Cinntí a bhfuil drochéifeacht shuntasach leo maidir le leasanna ábhartha an duine a mbaineann na sonraí pearsanta leis, ní féidir na cinntí sin a dhéanamh ar bhonn phróiseáil uathoibrithe na sonraí pearsanta amháin, ach amháin má údaraítear sin faoin dlí náisiúnta agus faoi choimircí iomchuí a fhorálann maidir leis an bhféidearthacht idirghabháil dhaonna a fháil.

    7.    Slándáil sonraí agus teagmhais slándála

    a.    Déanfaidh gach Páirtí a áirithiú go bhfuil na bearta iomchuí teicneolaíochta, fisiceacha agus eagraíochtúla i bhfeidhm aige chun sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe ar chaillteanas nó ar rochtain, nochtadh, athrú nó scriosadh de thaisme nó neamhúdaraithe (‘teagmhas slándála’).

    b.    A luaithe a aimsítear teagmhas slándála ina bhfuil riosca suntasach díobhála fisiceacha nó neamhfhisiceacha do dhaoine nó don Pháirtí eile, déanfaidh an Páirtí fála measúnacht go pras ar dhóchúlacht agus ar scála na díobhála agus glacfaidh sé bearta iomchuí go pras chun an díobháil sin a mhaolú. Cuimseoidh na bearta sin fógra a thabhairt don údarás aistritheach nó, chun críocha Chaibidil II, Roinn 2, do na húdarás nó na húdaráis arna nainmniú de bhun mhír 7.c. Mar sin féin, féadfar srianta iomchuí le tarchur breise an fhógra a bheith san áireamh san fhógra; féadfar é a mhoilliú nó a fhágáil ar lár i gcás ina bhféadfadh fógra den sórt sin an tslándáil náisiúnta a chur i mbaol, nó féadfar é mhoilliú i gcás ina bhféadfadh sé bearta um chosaint shábháilteacht an phobail a chur i mbaol. Cuimseoidh an ghníomhaíocht sin freisin fógra a thabhairt don duine lena mbaineann, ach amháin más rud é go bhfuil bearta iomchuí glactha ag an bPáirtí ionas nach ann do riosca suntasach a thuilleadh. Féadfar an fógra don duine a mhoilliú nó a fhágáil ar lár faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 12.a.i. Féadfaidh an Páirtí a fuair an fógra comhairliúchán agus faisnéis bhreise a iarraidh maidir leis an teagmhas agus an fhreagairt air.

    c.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, cuirfidh gach Páirtí ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa ar an eolas faoin údarás nó faoi na húdaráis a bhfuil fógra le tabhairt dóibh de bhun mhír 7.b chun críocha Chaibidil II, Roinn 2: féadfar athrú a dhéanamh ar an fhianaise a sholáthair siad ina dhiaidh sin.

    8.    Taifid a choimeád

    Coimeádfaidh gach Páirtí taifid nó beidh bealaí iomchuí eile acu lena léiriú an chaoi a ndéantar sonraí pearsanta de chuid duine aonair a rochtain, a úsáid agus a nochtadh i gcás sonrach.

    9.    Comhroinnt ar aghaidh laistigh de Pháirtí

    a.    Nuair a sholáthraíonn údarás de chuid Páirtí sonraí pearsanta a fuair sé faoin bPrótacal chuig údarás eile de chuid an Pháirtí sin i dtús báire, déanfaidh an túdarás eile sin na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir leis an airteagal seo, faoi réir mhír 9.b.

    b.    D’ainneoin mhír 9.a, féadfar Páirtí a bhfuil forchoimeádas déanta aige faoin Airteagal 17 sonraí pearsanta arna bhfáil aige a sholáthar dá comhstáit nó d’eintitis chríochacha chomhchosúla ar choinníoll go bhfuil bearta i bhfeidhm ag an bPáirtí sin lena áirithiú go mbeidh na húdaráis a fhaigheann na sonraí fós á gcosaint go héifeachtach trí fhoráil a dhéanamh maidir le leibhéal cosanta le haghaidh na sonraí atá inchomparáide leis an leibhéal slándála dá bhforáiltear leis an airteagal seo.

    c.    I gcás ina dtugtar le fios nach bhfuil an mhír seo á cur chun feidhme mar is cuí, féadfaidh an Páirtí aistritheach comhairliúchán agus faisnéis ábhartha a iarraidh maidir leis méid a thugtar le fios.

    10.    Aistriú ar aghaidh chuig Stát eile nó chuid eagraíocht idirnáisiúnta

    a.    Ní fhéadfaidh an Páirtí fála na sonraí pearsanta a aistriú chuig Stát eile nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin má fhaigheann sé údarú roimh ré ón údarás aistritheach nó, chun críocha Chaibidil II, Roinn 2, ón údarás nó ó na húdarás arna nainmniú de bhun mhír 10.b.

    b.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, cuirfidh gach Páirtí ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa ar an eolas faoin údarás nó faoi na húdaráis a thabharfaidh an túdarú chun críocha Chaibidil II, Roinn 2; an fhaisnéis a soláthraíodh, féadfar athrú a dhéanamh uirthi ina dhiaidh sin.

    11.    Trédhearcacht agus fógra

    a.    Tabharfaidh gach Páirtí fógra trí fhógraí ginearálta a fhoilsiú, sin nó trí fhógra pearsanta a thabhairt don duine ar bailíodh a shonraí pearsanta, ar fógra é maidir leis an méid seo a leanas:

    i.    an bunús dlí don phróiseáil agus cuspóir na próiseála;

    ii.    aon tréimhse choinneála nó athbhreithniúcháin de bhun mhír 5, de réir mar is infheidhme;

    iii.    na faighteoirí nó na catagóirí d’fhaighteoirí a nochtar na sonraí sin dóibh; agus

    iv.    an rochtain, an ceartú agus an sásamh atá ar fáil.

    b.    Féadfaidh Páirtí aon cheanglas maidir le fógra pearsanta a chur faoi réir srianta réasúnta faoina chreat dlíthiúil náisiúnta de bhun na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 12.a.i.

    c.    I gcás ina gceanglaítear de réir chreat dlíthiúil náisiúnta an Pháirtí aistrithigh fógra pearsanta a thabhairt don duine ar soláthraíodh a chuid sonraí do Pháirtí eile, glacfaidh an Páirtí aistritheach bearta ionas go mbeidh an Páirtí eile ar an eolas tráth an aistrithe faoin gceanglas sin agus faoin bhfaisnéis teagmhála iomchuí. Ní thabharfar an fógra pearsanta más rud é gur iarr an Páirtí eile soláthar na sonraí a choimeád faoi rún, i gcás ina mbeidh feidhm ag na coinníollacha le haghaidh srianta, mar a leagtar amach i mír 12.a.i. A luaithe nach mbeidh feidhm ag na srianta sin a thuilleadh agus go bhféadfar an fógra pearsanta a thabhairt, glacfaidh an Páirtí eile bearta ionas go mbeidh an Páirtí aistritheach ar an eolas. Murar cuireadh ar an eolas go fóill é, tá an Páirtí aistritheach i dteideal iarrataí a chur faoi bhráid an Pháirtí fála, agus inseoidh sé don Pháirtí aistritheach ar cheart an srian a choimeád i bhfeidhm.

    12.    Rochtain agus ceartú

    a.    Déanfaidh gach Páirtí a áirithiú maidir le haon duine a fuarthas a shonraí pearsanta faoin bPrótacal seo, go bhfuil sé i dteideal an mhéid seo a leanas a lorg agus fháil, i gcomhréir leis na próisis arna leagan síos ina chreat dlíthiúil náisiúnta agus gan moill mhíchuí:

    i.    cóip i scríbhinn nó cóip leictreonach den doiciméadacht a choimeádtar maidir leis an duine sin ina bhfuil sonraí pearsanta an duine sin agus faisnéis atá ar fáil a léiríonn an bunús dlí don phróiseáil agus cuspóirí na próiseála, tréimhsí coinneála agus faighteoirí nó catagóirí d’fhaighteoirí na sonraí (‘rochtain’), mar aon le haon fhaisnéis maidir le roghanna atá ar fáil le haghaidh sásaimh; ar choinníoll go bhféadfadh an rochtain i gcás ar leith a bheith faoi réir cur i bhfeidhm srianta comhréireachta a cheadaítear faoina chreat dlíthiúil náisiúnta, ar srianta iad a bhfuil gá leo tráth an bhreithnithe chun cearta agus saoirsí daoine eile nó cuspóirí tábhachtacha maidir le leas an phobail a chosaint, agus a thugann aird chuí ar leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann;

    ii. ceartú nuair nach cruinn iad sonraí pearsanta an duine nó nuair nár próiseáladh mar ba cheart iad; cuimseoidh ceartú - de réir mar is iomchuí agus réasúnta i bhfianaise an fhorais le ceartú agus chomhthéacs sonrach na próiseála - ceartú, forlíonadh, léirscriosadh, anaithnidiú, srianadh ar phróiseáil, nó blocáil.

    b.    Má dhiúltaítear do rochtain nó do cheartú, nó má chuirtear srian orthu, tabharfaidh an Páirtí freagra i scríbhinn don duine, freagra a fhéadfar a chur ar fáil go leictreonach, gan moill mhíchuí, ina gcuirtear an diúltú nó an srianadh in iúl don duine sin. Léireodh sé an foras leis an diúltú nó an srianadh sin agus tabharfaidh sé faisnéis faoi na roghanna atá ar fáil chun sásamh a fháil. Aon chostas a thabhaítear chun rochtain a fháil, ba cheart é a theorannú do mhéid atá réasúnta nach bhfuil iomarcach.

    13.    Leigheasanna breithiúnacha agus neamhbhreithiúnacha

    Beidh leigheasanna éifeachtacha breithiúnacha agus neamhbhreithiúnacha i bhfeidhm ag gach Páirtí chun sásamh a thabhairt maidir le sáruithe ar an airteagal seo.

    14.    Maoirseacht

    Beidh údarás poiblí amháin nó níos mó i bhfeidhm ag gach Páirtí a fheidhmeoidh, ina n‑aonar nó go carnach, feidhmeanna agus cumhachtaí formhaoirseachta neamhspleácha éifeachtacha, i ndáil leis na bearta a leagtar amach san airteagal seo. Feidhmeanna agus cumhachta na n‑údarás sin, ag feidhmiú dóibh ina n‑aonar nó go carnach, cuimseoidh siad cumhachtaí imscrúdúcháin, an chumhacht gníomhú de bhun gearán, agus an cumas gníomh ceartaitheach a dhéanamh.

    15.    Comhairliúchán agus fionraíocht

    Féadfaidh Páirtí aistriú sonraí pearsanta chuig Páirtí eile a chur ar fionraí má tá fianaise shubstainteach aige go bhfuil an Páirtí eile ag sárú théarmaí an airteagail go córasach nó go hábhartha, nó má bhíonn garbhaol sáraithe ábhartha ann. Ní dhéanfaidh sé aistrithe a chur ar fionraí gan fhógra réasúnta a thabhairt agus ní go dtí go ndeachaigh na Páirtithe lena mbaineann i gcomhairliúchán le chéile ar feadh tréimhse réasúnta gan teacht ar réiteach. Mar sin féin, féadfaidh Páirtí aistrithe a chur ar fionraí go sealadach i gcás sárú córasach nó ábhartha atá ina ghar-riosca suntasach do shaol nó do shábháilteacht duine nádúrtha, nó a d’fhéadfadh dochar suntasach a dhéanamh do dhuine nádúrtha ó thaobh clú nó airgeadais de, agus sa chás sin tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile agus rachaidh sé i gcomhairliúchán leis láithreach ina dhiaidh sin. Mura mbeidh réiteach mar thoradh ar an gcomhairliúchán, féadfaidh an Páirtí eile aistrithe a chur ar fionraí go cómhalartach, má bhíonn fianaise shubstainteach aige go raibh an fionraí a rinne an Páirtí fionraíochta i gcoinne théarmaí na míre seo. Cuirfidh an Páirtí fionraíochta deireadh leis an bhfionraí a luaithe a leigheasfar an sárú a bhí ina údar leis an bhfionraí; cuirfear deireadh le haon fionraí cómhalartach an tráth sin. Aon sonraí pearsanta a aistríodh roimh an bhfionraí, caithfear leo fós i gcomhréir leis an bPrótacal seo.

    Caibidil IV – Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 15    - Éifeacht an Phrótacail seo

    1.    a. Beidh feidhm ag Airteagal 39, mír 2. den Choinbhinsiún maidir leis an bPrótacal seo.

    b.    I ndáil leis na Páirtithe atá ina mBallstáit den Aontas Eorpach, féadfaidh na Páirtithe sin, ina gcaidreamh frithpháirteach, dlí an Aontais Eorpaigh a rialaíonn na hábhair a bpléitear leo sa Phrótacal seo a chur i bhfeidhm.

    c.    Ní dhéanann mír 1.b difear do chur i bhfeidhm iomlán an Phrótacail seo idir Páirtithe atá ina mBallstáit den Aontas Eorpach agus Páirtithe eile.

    2.    Beidh feidhm ag Airteagal 39, mír 3 den Choinbhinsiún maidir leis an bPrótacal seo.

    Airteagal 16    - Síniú agus teacht i bhfeidhm

    1.    Beidh an Prótacal seo ar oscailt le haghaidh a shínithe ag na Páirtithe sa Choinbhinsiún ar féidir leo a léiriú go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal ag ceachtar díobh seo a leanas:

    a.    síniú gan forchoimeádas maidir le daingniú, glacadh nó formheas; nó

    b.    síniú faoi réir daingniú, glactha nó formheasa, agus é a dhaingniú, a ghlacadh nó a fhormheas ina dhiaidh sin.

    2.    Déanfar ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasa a thaisceadh le hArdRúnaí Chomhairle na hEorpa.

    3.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis dul in éag tréimhse trí mhí i ndiaidh an dáta a léirigh cúig Pháirtí sa Choinbhinsiún go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal seo, i gcomhréir le forálacha mhíreanna 1 agus 2 den airteagal seo.

    4.    I ndáil le haon Pháirtí sa Choinbhinsiún a léireoidh ina dhiaidh sin go dtoilíonn sé a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal seo, tiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis dul in éag tréimhse trí mhí in ndiaidh an dáta a léirigh an Páirtí go dtoilíonn sé a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal seo, i gcomhréir le forálacha mhíreanna 1 agus 2 den airteagal seo.

    Airteagal 17    - Clásal cónaidhme

    1.    Féadfaidh Stát cónaidhme an ceart a fhorchoimeád oibleagáidí faoin bPrótacal seo a ghlacadh air féin, i gcomhréir lena phrionsabail bhunúsacha lena rialaítear an caidreamh idir an rialtas láir agus na comhstáit den chónaidhm nó eintitis chríochacha eile den sórt sin, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:

    a.    beidh feidhm ag an bPrótacal maidir le rialtas láir an Stáit cónaidhme;

    b.    ní dhéanfaidh an forchoimeádas sin difear do na hoibleagáidí i dtaca le foráil a dhéanamh maidir leis an gcomhar atá á lorg ag Páirtithe eile i gcomhréir le forálacha Chaibidil II; agus

    c.    beidh feidhm ag forálacha Airteagal 13 maidir leis na comhstáit de chuid an Stáit cónaidhme nó maidir le heintitis chríochacha eile den sórt sin.

    2.    Féadfaidh Páirtí eile cosc a chur ar údaráis, soláthraithe nó eintitis ar a chríoch comhoibriú mar fhreagairt ar iarraidh nó ar ordú arna chur isteach go díreach ó chomhstát nó ó eintiteas críochach eile den sórt sin de chuid an Stáit cónaidhme a rinne forchoimeádas faoi mhír 1, ach amháin má thugann an Stát cónaidhme sin fógra d’ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa go bhfuil oibleagáidí an Phrótacail sin is infheidhme maidir leis an Stát cónaidhme á gcur i bhfeidhm ag comhstát den chónaidhm nó ag an eintiteas críochach eile den sórt sin. Bunóidh ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa clár de na fógraí den sórt sin agus coimeádfaidh sé cothrom le dáta é.

    3.    Ní chuirfidh Páirtí eile cosc ar údaráis, soláthraithe nó eintitis ar a chríoch comhoibriú le comhstát nó le heintiteas críochacha eile den sórt sin ar fhoras forchoimeádais faoi mhír 1, más rud é gur cuireadh ordú nó iarraidh isteach tríd an rialtas láir nó más rud é go nglactar páirt i gcomhaontú um fhoireann imscrúdúcháin chomhpháirteach faoi Airteagal 12 le rannpháirtíocht an rialtais láir. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an rialtas láir foráil maidir le comhlíonadh oibleagáidí an Phrótacail is infheidhme, ar choinníoll gur i ndáil le cosaint na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil do na comhstáit nó d’eintitis chríochacha den sórt sin, ní bheidh feidhm ach amháin ag téarmaí Airteagal 14, mír 9, nó i gcás inarb infheidhme, téarmaí comhaontaithe nó comhshocraithe a shonraítear in Airteagal 14, mír 1.b nó 1.c.

    4.    Maidir le forálacha an Phrótacail seo a dtagann a gcur i bhfeidhm faoi dhlínse comhstáit nó eintiteas críochach den chineál sin nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu de réir chóras bunreachtúil na cónaidhme bearta reachtacha a ghlacadh, cuirfidh an rialtas láir údaráis inniúla na gcomhstát sin ar an eolas faoi na forálacha thuasluaite agus tabharfaidh sé a thuairim fhabhrach lena spreagadh chun gníomh iomchuí a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt leo.

    Airteagal 18    - Cur i bhfeidhm críochach

    1.    Beidh feidhm ag an bPrótacal seo leis an gcríoch nó leis na críocha a shonraítear i ndearbhú a dhéanann Páirtí faoi Airteagal 38, míreanna 1 nó 2 den Choinbhinsiún a mhéid nár tarraingíodh siar an dearbhú sin faoi Airteagal 38, mír 3.

    2.    Tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh Páirtí a dhearbhú nach mbeidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir le ceann amháin nó níos mó de na críocha a shonraítear i ndearbhú an Pháirtí faoi Airteagal 38, míreanna 1 agus/nó 2 den Choinbhinsiún.

    3.    Féadfar dearbhú faoi mhír 2 den airteagal seo a tharraingt siar i ndáil le haon chríoch a shonraítear sa dearbhú sin trí fhógra atá dírithe ar ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa. Beidh éifeacht leis an tarraingt siar an chéad lá den mhí tar éis dul in éag tréimhse trí mhí i ndiaidh an dáta a fhaigheann an tArdRúnaí an fógra sin.

    Airteagal 19    - Forchoimeádais agus dearbhuithe

    1.    Trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe ar ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa, tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh aon Pháirtí sa Choinbhinsiún a dhearbhú go mbaineann sé leas as an bhforchoimeádas nó na forchoimeádais dá bhforáiltear in Airteagail 7, míreanna 9.a agus 9.b, Airteagal 8, mír 13 agus Airteagal 17 den Phrótacal seo. Ní fhéadfar aon fhorchoimeádas eile a dhéanamh.

    2.    Trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe ar ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa, tráth a shíneofar an Prótacal seo, nó tráth a dhéanfar ionstraim a dhaingniúcháin, a ghlactha nó a fhormheasa a thaisceadh, féadfaidh aon Pháirtí sa Choinbhinsiún na dearbhuithe a shainaithnítear in Airteagal 7, míreanna 2.b agus 8; Airteagal 8, mír 11; Airteagal 9, míreanna 1.b agus 5; Airteagal 10, mír 9; Airteagal 12, mír 3; agus Airteagal 18, mír 2 den Phrótacal seo a dhéanamh.

    3.    Trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe ar ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa, déanfaidh aon Pháirtí sa Choinbhinsiún aon dearbhú, fógra nó teachtaireacht a shainaithnítear in Airteagal 7, míreanna 5.a agus e; Airteagal 8, míreanna 4 agus 10.a agus b; Airteagal 14, míreanna 7.c agus 10.b; agus Airteagal 17, mír 2, den Phrótacal seo de réir na dtéarmaí a shonraítear iontu.

    Airteagal 20    - Stádas agus tarraingt siar forchoimeádas

    1.    Aon Pháirtí a rinne forchoimeádas i gcomhréir le hAirteagal 19, mír 1, déanfaidh sé an forchoimeádas sin a tharraingt siar ina iomláine, nó cuid de a tharraingt siar, a luaithe is féidir de réir na nimthosca. Beidh éifeacht leis an tarraingt siar sin an dáta a fhaightear fógra atá dírithe ar ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa. Má shonraítear i bhfógra go mbeidh éifeacht le tarraingt siar forchoimeádais ar dháta a shonraítear ann, agus má tá an dáta sin níos déanaí ná an dáta a fhaigheann an tArdRúnaí an fógra, beidh éifeacht leis an tarraingt siar ar an dáta níos déanaí.

    2.    Na Páirtithe a rinne forchoimeádas amháin nó níos mó i gcomhréir le hAirteagal 19, mír 1, féadfaidh ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa fiafraí de na Páirtí sin go tréimhsiúil faoin dóchúlacht go dtarraingeofar siar na forchoimeádais sin.

    Airteagal 21    - Leasuithe

    1.    Féadfaidh aon Pháirtí sa Phrótacal seo leasuithe ar an bPrótacal a mholadh agus cuirfidh ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa iad in iúl do chomhaltaí Chomhairle na hEorpa agus do na Páirtithe agus do na sínitheoirí sa Choinbhinsiún mar aon le haon Stát ar iarradh air aontú don Choimisiún.

    2.    Aon leasú a mholann Páirtí, cuirfear in iúl é don Choiste Eorpach um Fhadhbanna Coireachta (CDPC) agus cuirfidh an Coiste sin a thuairim maidir leis an leasú molta sin faoi bhráid Choiste na nAirí.

    3.    Breithneoidh Coiste na nAirí an leasú molta agus an tuairim a thug CDPC uaidh agus tar éis comhairliúcháin leis na Páirtithe sa Choinbhinsiún, féadfaidh sé an leasú a ghlacadh.

    4.    Téacs aon leasaithe a ghlacann Coiste na nAirí i gcomhréir le mír 3, déanfar é a chur ar aghaidh chuig na Páirtithe sa Phrótacal seo le haghaidh a ghlactha.

    5.    Aon leasú a ghlactar i gcomhréir le mír 3, tiocfaidh sé i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis do na Páirtithe uile sa Phrótacal seo a chur in iúl don ArdRúnaí gur ghlac siad leis.

    Airteagal 22    - Réiteach díospóidí

    Beidh feidhm ag Airteagal 45 den Choinbhinsiún maidir leis an bPrótacal seo.

    Airteagal 23    - Comhairliúcháin leis an bPáirtithe agus measúnú ar chur chun feidhme

    1.    Beidh feidhm ag Airteagal 46 den Choinbhinsiún maidir leis an bPrótacal seo.

    2.    Déanfaidh na Páirtithe measúnú tréimhsiúil ar úsáid agus ar chur chun feidhme éifeachtach fhorálacha an Phrótacail seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 2 de Rialacha Nós Imeachta an Choiste de chuid an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht arna leasú an 16 Deireadh Fómhair 2020. Déanfaidh na Páirtithe athbhreithniú i dtús báire ar fhorálacha an airteagail sin a mhéid a bhfuil feidhm acu maidir leis an bPrótacal seo agus féadfaidh siad iad a mhodhnú de chomhthoil, cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.

    3.    Cuirfear tús leis an athbhreithniú ar Airteagal 14 a luaithe a léireoidh deich bPáirtí sa Choinbhinsiún go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal seo.

    Airteagal 24    - Séanadh

    1.    Féadfaidh aon Pháirtí, tráth ar bith, an Prótacal seo a shéanadh trí bhíthin fógra a bheidh dírithe ar ArdRúnaí Chomhairle na hEorpa.

    2.    Beidh éifeacht leis an séanadh sin an chéad lá den mhí tar éis dul in éag tréimhse trí mhí i ndiaidh an dáta a fhaigheann an tArdRúnaí an fógra sin.

    3.    Is ionann séanadh an Choinbhinsiúin ag Páirtí sa Phrótacal seo agus séanadh an Phrótacail seo.

    4.    Aon fhaisnéis nó fianaise a aistríodh roimh dháta éifeachtach an tséanta, caithfear léi fós i gcomhréir leis an bPrótacal.

    Airteagal 25    - Fógra a thabhairt

    Tabharfaidh Ard‑Rúnaí Chomhairle na hEorpa fógra do chomhaltaí Chomhairle na hEorpa, do na Páirtithe agus na sínitheoirí sa Choinbhinsiún agus d’aon Stát ar iarradh air aontú don Choinbhinsiún faoin méid seo a leanas:

    a.    aon síniú;

    b.    taisceadh aon ionstraime daingniúcháin, glactha nó formheasa;

    c.    aon dáta a thagann an Prótacal seo i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 16, míreanna 3 agus 4;

    d.    aon dearbhú nó aon fhorchoimeádas a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19 nó aon tarraingt siar forchoimeádas a rinneadh i gcomhréir 20;

    e.    aon ghníomh, fógra nó teachtaireacht eile a bhaineann leis an bPrótacal seo.

    Dá fhianú sin chuir na daoine thíos‑sínithe, ar iad a bheith údaraithe go cuí chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

    Arna dhéanamh in [ÁIT] an [DÁTA], i mBéarla agus i bhFraincis, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a thaiscfear i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Tarchuirfidh Ard‑Rúnaí Chomhairle na hEorpa cóipeanna deimhnithe chuig gach comhalta de Chomhairle na hEorpa, chuig na Páirtithe agus na Sínitheoirí sa Choinbhinsiún agus chuig aon Stát ar iarraidh air aontú don Choinbhinsiún.

    Top