AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.10.2021
COM(2021) 668 final
2021/0348(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (‘Coinbhinsiún Barcelona’) faoi Chinneadh a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach (‘an Prótacal Eischósta’)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 22ú cruinniú de chuid na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, i dtaca le glacadh cinnidh atá beartaithe lena leasófar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach (‘an Prótacal Eischósta’).
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Prótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach
Is é atá i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna seacht bPrótacal a ghabhann leis, a glacadh mar chuid de Phlean Gníomhaíochta na Meánmhara, an príomh-chomhaontú comhshaoil iltaobhach réigiúnach atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh na Meánmhara.
Tá an Prótacal Eischósta ar cheann de na seacht bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona. Tugtar aghaidh leis sin ar gach gné de ghníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta sa Mheánmhuir agus áirítear leis sin bearta chun truailliú ó gach céim de ghníomhaíochtaí eischósta a laghdú agus chun freagairt do theagmhais truaillithe amach ón gcósta, lena n‑áirítear gnéithe a bhaineann le dliteanas agus cúiteamh.
Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Phrótacal Eischósta.
2.2.Cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis
Le cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, tugtar airí agus oifigigh shinsearacha le chéile a dhéanann ionadaíocht ar gach Páirtí Conarthach i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis.
De réir Airteagal 31 den Phrótacal Eischósta, beidh feidhm maidir leis an bPrótacal seo ag forálacha Choinbhinsiún Barcelona a bhaineann le haon Phrótacal.
De réir Airteagal 25 de Choinbhinsiún Barcelona, feidhmeoidh an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) a cheart vótála agus beidh líon vótaí aige atá cothrom le líon a chuid Ballstát atá ina bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún seo agus i gceann amháin, ar a laghad, de na prótacail a ghabhann leis. Ní fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála nuair a fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála féin, ná ní fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála nuair a fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála féin.
De réir Airteagal 22 de Choinbhinsiún Barcelona, glacfar leasuithe le tromlach trí cheathrú de vótaí na bPáirtithe Conarthacha sa phrótacal sin.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an 22ú Cruinniú de chuid na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis
Le linn a 22ú cruinniú an 7‑10 Nollaig 2021, na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sa Phrótacal Eischósta a ghabhann leis lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe uile na ngníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta sa Mheánmhuir agus lena n‑áirítear bearta chun truailliú ó gach céim de ghníomhaíochtaí amach ón gcósta a laghdú agus chun freagairt do theagmhais truaillithe amach ón gcósta (‘an gníomh atá beartaithe’).
Tá sé d’aidhm ag na leasuithe molta Iarscríbhinní I, II, III, IV agus VII A a ghabhann leis an bPrótacal Eischósta a mhodhnú, chun iad a ailíniú leis na forbairtí suntasacha rialála, eolaíocha agus teicniúla a bhaineann le gníomhaíochtaí eischósta, forbairtí a baineadh amach ar an leibhéal réigiúnach agus domhanda, lena n‑áirítear forbairtí ábhartha faoi chóras Phlean Gníomhaíochta na Meánmhara-Coinbhinsiún Barcelona.
Beidh na leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal Eischósta ina gceangal ar an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29 de Choinbhinsiún Barcelona.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Aithníodh arís agus arís eile an gá atá le bithéagsúlacht mhuirí agus éiceachórais mhuirí sa Mheánmhuir a chosaint, lena n‑áirítear sna limistéir mhuirí lasmuigh de dhlínse náisiúnta.
Leis na leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal Eischósta, nuashonrófar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal Eischósta chun go mbeidh siad ag teacht leis na forbairtí suntasacha rialála, eolaíocha agus teicniúla a bhaineann le gníomhaíochtaí eischósta, forbairtí a baineadh amach ar an leibhéal réigiúnach agus domhanda, lena n‑áirítear forbairtí ábhartha faoi chóras Phlean Gníomhaíochta na Meánmhara-Coinbhinsiún Barcelona, agus cuirfear béim ar leith ar na forbairtí ábhartha sin a bhaineann le cur chun feidhme an chur chuige éiceachórais agus a bhaineann le tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe.
I bhfianaise an 22ú cruinniú de chuid na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, is gá seasamh a bheith ag an Aontas faoin ngníomh atá beartaithe toisc go leasófar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal Eischósta leis sin. Beidh na leasuithe sin ina gceangal ar an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29 de Choinbhinsiún Barcelona. Ós rud é go nuashonrófar ceanglais a bhaineann le cosaint na Meánmhara, go modhnófar gealltanais agus uaillmhianta idirnáisiúnta an Aontais agus go bhfeabhsófar cosaint an chomhshaoil leis na leasuithe ar na hIarscríbhinní, moltar go dtacóidh an tAontas le glacadh an ghnímh atá beartaithe.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is é atá i gCruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, comhlacht arna chur ar bun le comhaontú, eadhon Coinbhinsiún Barcelona.
Leis an ngníomh atá beartaithe, leasófar na hiarscríbhinní a ghabhann le ceann amháin de na prótacail a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona, eadhon an Prótacal LBS agus, dá bhrí sin, is é atá i nglacadh an ghnímh sin gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach Choinbhinsiún Barcelona agus na bPrótacal a ghabhann leis.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí leis an nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
2021/0348 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (‘Coinbhinsiún Barcelona’) faoi Chinneadh a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach (‘an Prótacal Eischósta’)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú (‘Coinbhinsiún Barcelona’) i dtaca le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach (‘an Prótacal Eischósta’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh 2013/5/AE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 29 Márta 2013.
(2)De bhun Airteagal 18 de Choinbhinsiún Barcelona, féadfaidh Cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis leasuithe a ghlacadh ar na prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
(3)Le linn a 22ú cruinniú an 7‑10 Nollaig 2021, maidir leis na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, tá siad chun Cinneadh a ghlacadh lena leasófar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach (‘an Prótacal Eischósta’).
(4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, is gá é sin a bhunú toisc go nglacfar leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal Eischósta leis an gCinneadh, leasuithe a bheidh ina gceangal ar an Aontas.
(5)Ós rud é go nuashonrófar ceanglais a bhaineann le cosaint na Meánmhara, go ndéanfar difear do ghealltanais agus d’uaillmhianta idirnáisiúnta an Aontais agus go bhfeabhsófar cosaint an chomhshaoil leis na leasuithe ar na hIarscríbhinní atá beartaithe, moltar go dtacóidh an tAontas le glacadh an Chinnidh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ag an 22ú cruinniú de chuid na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú le glacadh an Chinnidh lena leasófar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach (‘an Prótacal Eischósta’).
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,