AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.10.2021
COM(2021) 665 final
2021/0343(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta grúpaí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modheolaíocht le haghaidh suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe chun an t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil nó CRR) i gcomhar le Treoir 2013/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil nó CRD) bunaítear an creat rialála stuamachta d’institiúidí creidmheasa a oibríonn laistigh den Aontas. Glacadh an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil tar éis ghéarchéim airgeadais 2008-2009 chun cur le hathléimneacht na n‑institiúidí a oibríonn in earnáil airgeadais an Aontais, rialachán agus treoir a bhí bunaithe den chuid is mó ar chaighdeáin dhomhanda a comhaontaíodh le comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais, go háirithe Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB).
Leasaíodh an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil ina dhiaidh sin chun dul i ngleic le laigí a bhí sa chreat rialála fós agus chun go gcuirfí chun feidhme roinnt eilimintí den athchóiriú ar sheirbhísí airgeadais domhanda nár cuireadh chun feidhme go fóill agus a bhí ríthábhachtach chun athléimneacht na n‑institiúidí a áirithiú. Tugadh athbhreithniú mór isteach leis an ‘bPacáiste Beart um Laghdaithe Priacal Breise’, pacáiste a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 20 Bealtaine 2019 agus a foilsíodh san Iris Oifigiúil an 7 Meitheamh 2019. Cuimsíodh sa phacáiste sin athruithe inter alia ar Chreat an Aontais um Réiteach Banc trí Threoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa, lena leasaítear Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc nó BRRD), Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Sásra Aonair Réitigh nó SRMR) agus Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Leis an athchóiriú sin cuireadh chun feidhme san Aontas an caighdeán idirnáisiúnta maidir le Cumas Iomláin Ionsúcháin Caillteanais (TLAC) i dtaca le hinstitiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna), caighdeán a ghlac an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA) i mí na Samhna 2015 agus cuireadh feabhas ar chur i bhfeidhm an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) do gach institiúid atá bunaithe san Aontas.
De réir an chaighdeáin TLAC, ní mór do G-SIInna méid leordhóthanach de dhliteanais ardionsúcháin caillteanas (ar féidir tarrtháil inmheánach a dhéanamh orthu) chun a áirithiú go n‑ionsófar na caillteanais agus go ndéanfar athchaipitliú go mín tapa i gcás réitigh. Leis an gcaighdeán TLAC a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, is é sin trí leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, cuireadh san áireamh an t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí agus a leagtar amach sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. Thairis sin, tá dlúthnasc idir an dá thacar rialacha, go háirithe trí chrostagairtí sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, agus sa Sásra Aonair Réitigh, don Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Mar shampla, bíonn an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus an Sásra Aonair Réitigh ag brath go ginearálta ar thomhas risíochta iomlán agus ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal, arna ríomh faoin Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil, le haghaidh ICDI a ríomh agus a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart an dá cheanglas a thuiscint mar eilimintí comhlántacha de chreat comhchoiteann. Leis an gcreat athbhreithnithe sin, ba cheart a áirithiú ar bhealach níos fearr go n‑áiritheofaí ionsúchán caillteanais agus athchaipitliú na n‑institiúidí trí mheáin phríobháideacha nuair a bheidh deacrachtaí airgeadais ag na hinstitiúidí sin agus nuair a chuirfear i réiteach iad ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin tá TLAC agus ICDI ríthábhachtach chun géarchéimeanna bainc a bhainistiú go héifeachtach agus chun an tionchar diúltach a bhíonn acu ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an airgeadas poiblí a laghdú. Tháinig TLAC agus na rialacha athbhreithnithe maidir le ICDI i bhfeidhm san Aontas an 27 Meitheamh 2019 agus an 28 Nollaig 2020 faoi seach.
I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, aithnítear i ndlí an Aontais straitéis réitigh an Phointe Iontrála Aonair (SPE) agus straitéis réitigh na nIlphointí Iontrála (MPE). Faoin straitéis réitigh SPE, ní dhéantar ach eintiteas amháin, an máthairghnóthas de ghnáth, a réiteach (‘eintiteas réitigh’), ach ní bhíonn grúpeintitis eile, fochuideachtaí oibriúcháin de ghnáth, faoi réir gníomhaíocht réitigh. Ina ionad sin, aistrítear caillteanais na bhfochuideachtaí sin chuig an eintiteas réitigh agus aistrítear anuas an caipiteal chuig an bhfochuideachta. Áirithítear leis sin gur féidir leis na fochuideachtaí leanúint dá bhfeidhmiú rianúil fiú tar éis dóibh an pointe neamh-inmharthanachta a bhaint amach. Déanann gach eintiteas réitigh ‘grúpa réitigh’ i dteannta na bhfochuideachtaí a bhaineann leis féin, fochuideachtaí nach eintitis réitigh iad féin. Faoin straitéis réitigh Ilphointí Iontrála, féadfar níos mó ná eintiteas amháin den ghrúpa baincéireachta a réiteach. Dá réir sin, féadfaidh níos mó ná aon eintiteas réitigh amháin agus, dá bhrí sin, níos mó ná grúpa réitigh amháin, a bheith ann laistigh den ghrúpa baincéireachta. Is é bunphrionsabal chur chuige réitigh na nIlphointí Iontrála go bhféadfar grúpa réitigh ar leith a réiteach ar bhealach indéanta inchreidte gan an bonn a bhaint d’inréititheacht eintiteas réitigh eile agus grúpaí réitigh eile in aon ghrúpa baincéireachta comhdhlúite amháin.
Foráiltear leis an gcreat athbhreithnithe um réiteach banc gur cheart ICDI maidir le heintitis réitigh a shocrú ar leibhéal comhdhlúite grúpa réitigh (‘ICDI seachtrach’). Ina theannta sin, beartaítear leis an gcreat sin an chaoi ar cheart an cumas ionsúcháin caillteanais agus an cumas athchaipitlithe a leithdháileadh laistigh de ghrúpaí réitigh (‘ICDI inmheánach’).
De réir na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, mar riail, ní mór don eintiteas réitigh ionstraimí airgeadais atá incháilithe i dtaca ICDI inmheánach a choinneáil, i.e. an máthairghnóthas de ghnáth. Is é réasúnaíocht na rialach sin a áirithiú gurb é máthaireintiteas na fochuideachta a chuireann cumas ionsúcháin caillteanais fochuideachta agus cumas athchaipitlithe fochuideachta ar fáil, i.e. gurb é an t‑eintiteas réitigh a chuireann ar fáil é. Féadfaidh an máthaireintiteas ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a shealbhú go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna (féach an léaráid thíos). Bhí bonn cirt leis an bhféidearthacht ionstraimí a shuibscríobh freisin go hindíreach ag an máthaireintiteas trí eintitis idirmheánacha toisc nár cheart go n‑athródh an oibleagáid i dtaca le ICDI inmheánach a chomhlíonadh bealaí cistiúcháin na ngrúpaí baincéireachta atá ann cheana i gcás ina mbeadh an cistiú chun ionstraimí den sórt sin a fháil bunaithe ar shlabhraí na húinéireachta agus ina ndáilfí an cistiú sin ar na fochuideachtaí ar fud an ghrúpa trí eintitis idirmheánacha agus ní go díreach ag máthairghnóthas deiridh (eintitis réitigh).
Léaráid: Ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a shuibscríobh (go díreach nó go hindíreach)
Chun an cur chuige maidir le hionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a shuibscríobh go hindíreach laistigh de ghrúpaí réitigh a chur i ngníomh, dá ngairtear ‘cur chuige slabhra maidir le suibscríobh indíreach’ freisin, agus chun a áirithiú go mbeidh sé fónta ó thaobh stuamachta de, thug na comhreachtóirí sainordú don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt agus don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh ar an mbonn sin chun modheolaíocht a shonrú le haghaidh eisiúint indíreach ionstraimí den sórt sin. De réir shainordú na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, ba cheart leis an modheolaíocht sin an méid seo a leanas a dhéanamh:
·aistriú cuí caillteanas ó fhochuideachtaí chuig a máthaireintiteas deiridh (eintiteas réitigh) agus aistriú cuí caipitil ón máthaireintiteas sin chuig na fochuideachtaí a cheadú;
·a áirithiú nach ndéantar cumas ionsúcháin caillteanais na fochuideachta a áireamh chun críocha chomhlíonadh an mháthaireintitis idirmheánaigh le ICDI inmheánach; agus
·a áirithiú gur coibhéiseach an toradh a bheidh air agus an toradh ar shuibscríobh díreach ionstraimí incháilithe arna déanamh ag máthaireintiteas deiridh (eintiteas réitigh), ar ionstraimí incháilithe iad arna n‑eisiúint ag fochuideachtaí.
Ó thús 2020, tá an tÚdarás Baincéireachta Eorpach ag obair ar an dréachtchaighdeán teicniúil rialála sin ar bhonn córas asbhainte, i gcomhréir leis an sainordú a leagtar amach sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus leis na moltaí sna caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha. Maidir leis an gcóras asbhainte a d’fhorbair an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, beartaítear leis nach mór ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach, ionstraimí arna n‑eisiúint ag fochuideachtaí don eintiteas réitigh trí mháthaireintiteas inmheánach, a asbhaint go hiomlán ó chumas an mháthaireintitis i dtaca le ICDI inmheánach. Measadh an cur chuige asbhainte sin a bheith ar an gceann is mó a bhí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa sainordú sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus chuidigh sé le feidhmiú an chreata um ICDI inmheánach.
Bhí an mhodheolaíocht a d’fhorbair an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi réir comhairliúchán poiblí. Léiríodh san aiseolas comhairliúcháin tacaíocht ghinearálta do dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála, ach léiríodh roinnt neamhréireachtaí sna ceanglais maidir leis an tarmligean, ceanglais a leagtar síos sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, leis na rialacha stuamachta atá ann cheana a leagtar síos sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Dá bhrí sin, i litir chuig an gCoimisiún Eorpach dar dáta an 25 Eanáir 2021, léirigh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach nach bhféadfaí, leis na hidirghníomhaíochtaí idir an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, an láimhseáil stuamachta is gá a cur i bhfeidhm chun an sainordú a chomhlíonadh mar a bhí beartaithe ar dtús. Níos cruinne fós, thug tÚdarás Baincéireachta Eorpach dá aire nár ceadaíodh leis an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil d’ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a asbhaint agus, ina dhiaidh sin, don ualú priacail iomchuí náid faoin gcéad a chur i bhfeidhm sna cásanna uile a bhaineann leis an sainordú faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. Sainaithníodh saincheisteanna comhchosúla i réimse cheanglas an chóimheasa luamhánaithe sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Ní amháin go gcruthófaí sa chás sin neamhréireacht idir an creat stuamachta agus réitigh ach bheadh sé ag teacht salach ar an gceanglas i sainordú na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc toradh a ghiniúint a bheadh coibhéiseach leis an toradh a bheadh ar shuibscríobh díreach, dar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach. Thángthas ar an gconclúid nach bhféadfaí ceanglais na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc a chomhlíonadh gan forálacha breise a bheith ann, agus nárbh fhéidir déanamh amhlaidh leis na chaighdeáin theicniúla rialála amháin ach go raibh gá brath ar théacs Leibhéal 1 chun é a shonrú.
Cé is moite den ghá atá ann suibscríobh indíreach ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a chur i ngníomh, sainaithníodh roinnt saincheisteanna eile a bhaineann le réiteach ó tháinig an creat athbhreithnithe um TLAC/ICDI i bhfeidhm in 2019. Baineann na saincheisteanna sin den chuid is mó le láimhseáil rialála grúpaí G-SII a bhfuil straitéis réitigh Ilphointí Iontrála acu, lena n‑áirítear na grúpaí Ilphointí Iontrála sin a bhfuil fochuideachtaí acu i dtríú tíortha. Mar shampla, ní shonraítear sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil faoi láthair an gcumhdaíonn na coigeartuithe éagsúla ar TLAC i dtaca le G-SIInna a bhfuil straitéis réitigh Ilphointe Iontrála acu fochuideachtaí G-SII atá lonnaithe i dtríú tír. Ina theannta sin, maidir leis an bhfoirmle chun barrachas TLAC/ICDI fochuideachta a ríomh i gcomhthéacs an chórais ghinearálta asbhainte is infheidhme maidir le G-SIInna a bhfuil straitéis réitigh Ilphointe Iontrála acu, ní bhraitheann an fhoirmle ach ar cheanglas TLAC/ICDI na fochuideachta bunaithe ar phriacal, ach níor cuireadh san áireamh freisin TLAC/ICDI nach bhfuil bunaithe ar phriacal. Ar na saincheisteanna eile atá ann, tá roinnt contrárthachtaí i dtéacs Leibhéal 1, go háirithe maidir leis an idirghníomhú idir forálacha an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil agus na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir ceanglais SPE agus na ceanglais Ilphointí Iontrála. Ar deireadh, tugadh faoi deara roinnt saincheisteanna maidir leis na critéir le haghaidh ionstraimí a bheith incháilithe chun an ceanglas maidir le TLAC inmheánach a chomhlíonadh, rud atá ábhartha agus aghaidh á tabhairt ar mhainneachtain fochuideachtaí san Aontas d’institiúidí domhanda nach institiúidí de chuid an Aontais iad a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna).
Is gá roinnt athruithe spriocdhírithe a dhéanamh ar ghnéithe sonracha den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a bhaineann le réiteach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna thuasluaite. Go sonrach, is gá an láimhseáil rialála a dhéantar ar ghrúpaí G-SII a bhfuil straitéis réitigh Ilphointí Iontrála acu, lena n‑áirítear na grúpaí Ilphointí Iontrála sin a bhfuil fochuideachtaí acu i dtríú tíortha, a ailíniú níos fearr leis an láimhseáil a leagtar amach i gcaighdeán TLAC. Chuideodh sé sin lena áirithiú, i gcás réitigh, go bhféadfaidh gach eintiteas réitigh agus gach grúpa ar leis na G-SIInna sin iad leanúint d’fheidhmeanna criticiúla a dhéanamh gan an priacal tógálachta a bheith ann. Ní athródh na leasuithe atá beartaithe struchtúr foriomlán an chreata ach d’áiritheofaí cur i bhfeidhm cuí TLAC agus ICDI leo.
Ar an gcéad dul síos, is gá láimhseáil stuamachta ar leith a ionchorprú go díreach sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, láimhseáil a bhaineann le suibscríobh indíreach ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach (cur chuige slabhra maidir le suibscríobh indíreach). Leis na modhnuithe atá beartaithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, thabharfaí aghaidh ar na neamhréireachtaí sainaitheanta idir an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, neamhréireachtaí a leagtar amach sa litir ón Údarás Baincéireachta Eorpach chuig an gCoimisiún Eorpach dar dáta an 25 Eanáir 2021. Níos cruinne fós, maidir leis an gcóras asbhainte a d’fhorbair an tÚdarás Baincéireachta Eorpach i gcomhthéacs an dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, dhéanfaí é a ionchorprú go díreach sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. D’áiritheofaí leis sin feidhmiú cuí shuibscríobh indíreach ICDI inmheánaigh laistigh de ghrúpaí réitigh ag a bhfuil roinnt sraitheanna úinéireachta, i gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil ar thángthas air le linn na caibidlíochta maidir le Treoir (AE) 2019/879. Ina theannta sin, d’áiritheofaí leis na hathbhreithnithe go leanfaí an láimhseáil a dhéantar ar shealúchais d’ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach de bheith i gcomhréir leis an gcreat réitigh mar aon leis an gcreat stuamachta, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí an mhodheolaíocht asbhainte a d’fhorbair an tÚdarás Baincéireachta Eorpach a chur i ngníomh agus, an tráth céanna, castacht mhíchuí maidir le láimhseáil na risíochtaí sin a sheachaint.
Ar an dara dul síos, is gá soiléiriú a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil a mhéid a bhaineann leis an gcomparáid idir suim cheanglais TLAC iarbhír na ngrúpaí réitigh uile laistigh de ghrúpa G-SII ag a bhfuil straitéis réitigh Ilphointí Iontrála agus le ceanglas teoiriciúil SPE an ghrúpa G-SII sin. Tá gá leis na hathruithe atá beartaithe chun soiléiriú a dhéanamh ar a mhéid is féidir le húdaráis réitigh aghaidh a thabhairt ar na neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir ceanglais SPE agus ceanglais MPE. Bhainfí é sin amach trí láimhseáil an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a ailíniú leis an láimhseáil a bheartaítear faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus faoi chaighdeán TLAC.
Ar an tríú dul síos, is gá an fhoirmle chun barrachas TLAC/ICDI fochuideachta a ríomh a leasú i gcomhthéacs an chórais ghinearálta asbhainte is infheidhme maidir le G-SIInna ag a bhfuil straitéis réitigh MPE chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh san fhoirmle sin ceanglais TLAC/ICDI bunaithe ar phriacal mar aon le ceanglais TLAC/ICD nach bhfuil bunaithe ar phriacal, i gcomhréir leis an gcaighdeán TLAC. D’fhágfadh sé sin go seachnófaí rómheastachán ar bharrachas TLAC/ICDI fochuideachta ar leith.
Ar an gceathrú dul síos, maidir le roinnt forálacha sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, forálacha is infheidhme i dtaca le G-SIIanna a bhfuil straitéis réitigh MPE acu, ba cheart na forálacha sin a shoiléiriú ionas gur féidir fochuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhreithniú. Dhéanfaí leis sin an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a ailíniú leis an bprionsabal comhfhreagrach TLAC a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, prionsabal is infheidhme maidir le fochuideachtaí atá bunaithe i ndlínsí uile an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais.
Ar an gcúigiú dul síos, tá gá le roinnt soiléirithe spriocdhírithe i gcomhthéacs an cheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás institiúidí is fochuideachtaí ábhartha de chuid G-SIInna neamh-AE iad (‘TLAC inmheánach’) chun a áirithiú go bhféadfadh ionstraimí fiachais arna n‑eisiúint ag na hinstitiúidí sin na critéir incháilitheachta uile a chomhlíonadh maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe. Is é is cúis leis an athrú sin go bhfuil na critéir incháilitheachta le haghaidh ionstraimí dliteanas incháilithe bunaithe ar an toimhde go n‑eisíonn eintiteas réitigh na hionstraimí sin, seachas fochuideachtaí atá faoi réir ceanglais maidir le TLAC inmheánach. Thabharfaí aghaidh ar an mbearna sin trína shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na coinníollacha incháilitheachta céanna is infheidhme maidir le heintitis réitigh freisin maidir le heintitis neamhréitigh, mutatis mutandis. Chuirfeadh sé sin ar chumas na n‑institiúidí sin, dá réir sin, a gceanglas maidir le TLAC inmheánach a chomhlíonadh inter alia le dliteanais incháilithe, mar a bhí beartaithe ag na comhreachtóirí i dtosach.
Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag na leasuithe sin atá beartaithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil i dtaca le hinréiteacht institiúide a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil na forálacha comhfhreagracha infheidhme cheana féin san Aontas, ní mór na modhnuithe a bheartaítear a dhéanamh go tráthúil. Is mó fós an gá atá le glacadh tapa ós rud é go bhfuil soiléireacht de dhíth ar ghrúpaí baincéireachta maidir le sásra an chuir chuige slabhra maidir le suibscríobh indíreach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun a gcumas i dtaca le ICDI inmheánach a réamhshuíomh i bhfianaise an spriocdháta ghinearálta maidir le comhlíonadh ICDI a shocraítear go dtí an 1 Eanáir 2024, agus gur gá spriocanna idirmheánacha ceangailteacha a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2022.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tugtar isteach leis an togra seo leasuithe ar reachtaíocht atá ann cheana. Tá na leasuithe sin go hiomlán comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann cheana i réimse na gceanglas stuamachta agus réitigh le haghaidh institiúidí. Is é is aidhm do chreat an Aontais um réitigh a áirithiú go ndéanfar ionsúchán caillteanas agus athchaipitliú na mbanc trí mheáin phríobháideacha a luaithe a thiocfaidh meath ar a staid airgeadais agus nuair a chuirfear i réiteach iad ina dhiaidh sin. Ach shuibscríobh indíreach ICDI inmheánaigh a éascú laistigh de ghrúpaí réitigh, láimhseáil rialála na ngrúpaí baincéireachta a ailíniú níos fearr le straitéis réitigh MPE le caighdeán TLAC, agus roinnt de na critéir incháilitheachta a shonrú a thuilleadh maidir le bheith incháilithe chun ceanglas maidir le TLAC inmheánach a chomhlíonadh, cuirfidh an togra feabhas ar chur i bhfeidhm rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le hinréiteacht grúpaí baincéireachta a áirithiú. Tá an toradh sin comhsheasmhach le cuspóirí foriomlána chreat an Aontais um réiteach na mbasc a bhaint amach agus cuideoidh sé leis an méid sin a bhaint amach, is é sin cobhsaíocht airgeadais a chosaint agus tacaíocht na gcáiníocóirí i réiteach banc a laghdú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an Rialachán atá beartaithe ríthábhachtach le haghaidh chur i bhfeidhm iomchuí an athbhreithnithe níos leithne ar reachtaíocht airgeadais an Aontais a moladh in 2016 agus a glacadh in 2019 (Pacáiste Beart um Laghdaithe Priacal Breise), arb é is aidhm dó priacail san earnáil airgeadais a laghdú agus maoiniú inbhuanaithe na gníomhaíochta eacnamaíche a chur chun cinn san am céanna. Dá bhrí sin, tá an togra go hiomlán comhsheasmhach le bunchuspóirí an Aontais Eorpaigh, mar atá cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn, méid na tacaíochta ó cháiníocóirí a laghdú i gcás ina réitítear banc agus cur le maoiniú inbhuanaithe an gheilleagair.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an bunús dlí céanna atá leis na gníomhartha reachtacha atá á leasú.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is é is aidhm do chuspóirí an Rialacháin atá beartaithe reachtaíocht an Aontais atá ann cheana (An Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) a fhorlíonadh agus a leasú agus is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais seachas trí thionscnaimh náisiúnta éagsúla. Tá srian ar chumas na mBallstát bearta náisiúnta a ghlacadh, os rud é go rialaíonn na cúrsaí sin cheana leis an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, agus go mbeadh athruithe ar an leibhéal náisiúnta ag teacht salach ar dhlí de chuid an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair.
De thoradh na leasuithe sin atá molta dhéanfaí cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gceanglas stuamachta agus cóineasú na gcleachtas maoirseachta a chur chun cinn a thuilleadh, agus dhéanfaí cothrom iomaíochta do sheirbhísí baincéireachta a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí seo a bhaint amach, go leordhóthanach, ar a gconlán féin. Dá n‑éireodh an tAontas as na gnéithe sin a rialáil, thiocfadh an margadh inmheánach do sheirbhísí baincéireachta faoi réir sraitheanna éagsúla rialacha, rud arb é ilroinnt an toradh a bheadh air agus a bhainfeadh an bonn den leabhar rialacha aonair a cruthaíodh le déanaí sa réimse sin.
•Comhréireacht
Tá an ghníomhaíocht sin ar leibhéal an Aontais riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin cur i bhfeidhm rialacha an Aontais atá ann cheana a fheabhsú a mhéid a bhaineann le hinréiteacht grúpaí baincéireachta a áirithiú. Ní théann na leasuithe atá beartaithe thar aghaidh a thabhairt ar fhorálacha roghnaithe i gcreat stuamachta an Aontais d’institiúidí a dhíríonn go heisiach ar bhearta arb é is aidhm dóibh feidhmiú rianúil na gceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a áirithiú. Thairis sin, tá na leasuithe atá beartaithe teoranta do na saincheisteanna sin nach féidir aghaidh a thabhairt orthu taobh istigh den chorrlach lánroghnach dá bhforáiltear leis na rialacha atá ann faoi láthair.
•An rogha ionstraime
Moltar na bearta a chur i bhfeidhm tríd an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a leasú le Rialachán. Leis na bearta atá beartaithe, leasaítear na rialacha atá ann cheana maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas i dtaca le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Dá bhrí sin, is ionstraim iomchuí don togra é rialachán.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Níl measúnú tionchair ar leithligh ag gabháil leis an togra seo, ós rud é nach n‑athraíonn an togra seo gnéithe bunúsacha den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil ach gurb é is príomhaidhm dó soiléiriú a dhéanamh ar an ngaol dlíthiúil idir dhá ionstraim dhlí an Aontais atá ann cheana, eadhon an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, trí láimhseáil thiomnaithe le haghaidh suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a ionchorprú go díreach sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. D’áiritheofaí leis an soiléiriú sin go leanfadh an dá chreat fíor-idirnasctha de bheith ailínithe den chuid is mó. Chuirfeadh sé sin ar chumas institiúidí leanúint de shraith amháin de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal agus de thomhas iomlán na risíochta a ríomh, a thuairisciú agus a nochtadh chun críoch an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil mar aon leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, agus sheachnófar méadú míchuí castachta dá bhrí sin.
Thairis sin, maidir leis na mbearta atá á leasú leis an togra seo, tá siad faoi réir anailísí cheana féin sna measúnuithe tionchair a rinneadh le haghaidh Rialachán (AE) 2019/876 agus Treoir (AE) 2019/879. Cuimsítear leis sin an gá a d’fhéadfadh a bheith ann ionstraimí breise atá incháilithe i dtaca le ICDI a eisiúint chun ICDI inmheánach a chomhlíonadh, mar a thug na comhreachtóirí isteach é tríd an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc athbhreithnithe. Tá an togra bunaithe go ginearálta ar obair ullmhúcháin a rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, go háirithe i ndáil le forbairt na gcaighdeán teicniúil rialála maidir le suibscríobh indíreach ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach laistigh de ghrúpaí réitigh. Is é is príomhaidhm don togra aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí neamhbheartaithe a bhaineann le creat TLAC/ICDI atá ann cheana agus a eascraíonn as na rialacha atá ann faoi láthair sa Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil .
Is teoranta an tionchar a bheadh ag na leasuithe atá beartaithe ar an ualach riaracháin ar institiúidí agus ar na costais a bheadh orthu a n‑oibríochtaí inmheánacha a oiriúnú, agus meastar ndéanfar formhór na gcostas a fhritháireamh trína cheadú go bhfeidhmeodh mar is ceart an cur chuige maidir le suibscríobh indíreach ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach laistigh de ghrúpaí réitigh agus, agus i dtaca leis na hinstitiúidí lena mbaineann, de thoradh na mbuntáistí a thiocfadh as aitheantas níos fearr a thabhairt do fhochuideachtaí tríú tír agus trí incháilitheacht na n‑ionstraimí a eisítear i gcomhthéacs an cheanglais maidir le TLAC inmheánach a shonrú tuilleadh.
•Cearta bunúsacha
Tá an tAontas tiomanta d’ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach agus tá raon leathan coinbhinsiún maidir le cearta an duine sínithe aige. Sa chomhthéacs seo, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta seo, a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá mar dhlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
4.
IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl impleachtaí ag baint leis an togra seo do bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
(1)Láimhseáil thiomnaithe maidir le hionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a shuibscríobh go hindíreach
Chun an comhaontú polaitiúil arna dhéanamh le linn na caibidlíochta maidir le Treoir (AE) 2019/879 a chur chun feidhme, beartaítear an córas asbhainte, a d’fhorbair an tÚdarás Baincéireachta Eorpach i gcomhthéacs an dréachtchaighdeáin theicniúil rialála faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, a thabhairt díreach isteach sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Dá bhrí sin leis an Rialachán atá beartaithe, tugtar isteach, in Airteagal 72e(5) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, ceanglas a chuirfeadh ar mháthaireintitis idirmheánacha feadh shlabhra na húinéireachta méid a sealúchas d’ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach, lena n‑áirítear cistí dílse arna n‑eisiúint ag a bhfochuideachtaí a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna, a asbhaint dá gcumas ICDI inmheánach féin.
Tá gá le córas asbhainte a thabhairt isteach. Ó thaobh réitigh de, áirithíonn an córas aistriú leormhaith caillteanas aníos agus aistriú leormhaith caipitil anuas idir eintitis réitigh agus a bhfochuideachtaí deiridh, seachnaíonn sé comhaireamh dúbailte an chumais ionsúcháin caillteanais atá ag an bhfochuideachta sa chaoi go mbeidh an máthaireintiteas idirmheánach in ann ICDI inmheánach a chomhlíonadh, agus déanann sé soláthar le haghaidh toradh atá coibhéiseach leis an toradh ar shuibscríbhinn dhíreach iomlán ón eintiteas réitigh d’ionstraimí arna n‑eisiúint ag a bhfochuideachtaí deiridh. Ina theannta sin, tá gá leis an gcóras asbhainte ó thaobh na stuamachta de, mar gan córas den sórt sin, ní léireofaí go hiomchuí agus go stuama le cóimheasa sócmhainneachta aonair na máthaireintiteas idirmheánach an cumas ionsúcháin caillteanais iarbhír atá acu, mar d’áireofaí leis na cóimheasa sin freisin cumas ionsúcháin caillteanais a bhfochuideachtaí. D’fhéadfadh sin cur isteach ar fheidhmiú ceart na straitéise réitigh roghnaithe, mar go bhféadfadh an máthaireintiteas idirmheánach, ní hamháin a chumas ionsúcháin caillteanais féin a ídiú go hiomlán, ach cumas ionsúcháin caillteanais a fhochuideachta freisin, roimh an bpointe ag a mbeidh deireadh le hinmharthanacht an mháthaireintitis idirmheánaigh nó na fochuideachta. Áirithíonn an cur chuige asbhainte nach dtuairiscíonn máthaireintitis idirmheánacha a bhfuil ar fáil de chistí dílse acu ach amháin a mhéid a bhaineann na cistí sin leis na priacail atá nasctha lena gclár comhardaithe féin. Ina theannta sin, chabhródh an cur chuige le srianta maidir le huasmhéideanna indáilte a chur i bhfeidhm go tráthúil i gcomhréir le hAirteagail 141 agus 141b den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil, Airteagal 16a den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, agus maidir le cinneadh a dhéanamh nach inmharthanach a thuilleadh é an máthaireintiteas idirmheánach.
Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras asbhainte maidir leis na máthaireintitis idirmheánacha uile ar institiúidí nó eintitis iad dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (d), den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus a bhfuil de cheangal orthu ICDI inmheánach a chomhlíonadh mar a chinnfidh an t‑údarás réitigh, bíodh na máthaireintitis sin ina gcuid de ghrúpaí G-SII nó ná bíodh. Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí d’ítimí dliteanas incháilithe a thuiscint freisin mar ítimí dliteanas incháilithe lena n‑áirítear na dliteanais atá incháilithe chun ICDI inmheánach a chomhlíonadh de bhun Airteagal 45f(2), pointe (a), den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.
Tá an córas asbhainte teoranta go docht do mháthaireintitis idirmheánacha i gcomhthéacs na suibscríbhinní indíreacha ionstraimí i dtaca le ICDI inmheánach. Dá bhrí sin, ní gá Airteagal 49(2) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a leasú ach amháin maidir le risíochtaí atá faoi réir na láimhseála nua a leagtar amach in Airteagal 72e(5) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Thairis sin, lena áirithiú go mbeidh an córas asbhainte nua comhréireach i gcónaí, beidh ar chumas institiúidí an teaglaim ionstraimí a roghnú (cistí dílse versus dliteanais incháilithe) lena gcisteoidh an máthaireintiteas idirmheánach éadáil ionstraimí ICDI inmheánaigh a fhochuideachtaí. Chun an méid sin a bhaint amach, cuirfear na hasbhaintí i bhfeidhm ar dtús maidir le stoc dliteanas incháilithe an mháthaireintitis idirmheánaigh. I gcás inarbh airde an méid atá le hasbhaint ná stoc dliteanas incháilithe an mháthaireintitis idirmheánaigh, agus sa chás sin amháin, ba ghá na hasbhaintí atá fágtha a chur i bhfeidhm maidir lena stoc cistí dílse chun críocha na stuamachta, agus ítimí Leibhéal 2 ag an tús (Airteagal 66, pointe (e) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil). Go praiticiúil, ciallaíonn sin go bhféadfadh an máthaireintiteas idirmheánach aon asbhaintí maidir le cistí dílse a sheachaint go hiomlán fad is go n‑eisíonn sé dliteanais incháilithe leordhóthanacha i dtaca le ICDI don eintiteas réitigh.
I roinnt cásanna eisceachtúla, eadhon i gcás nach gcuirtear ICDI inmheánach agus TLAC inmheánach i bhfeidhm ar bhonn aonair ach ar bhonn comhdhlúite, d’fhéadfadh córas asbhainte a bheith iomarcach mar go bhféadfadh pionós dúbailte a bheith ann dá bharr faoin gcur chuige asbhainte atá beartaithe, agus é bunaithe ar shealúchais iomlána. Go deimhin, sna cásanna sin, ba cheart don mháthaireintiteas idirmheánach caillteanais a fhochuideachtaí a ionsú agus dá bhrí sin cumas leormhaith ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe a bheith aige chun a riachtanais féin a chumhdach, chomh maith le riachtanais a fhochuideachtaí san imlíne chomhdhlúthaithe. Dá bhrí sin beidh na cásanna sin díolmhaithe ón gcóras asbhainte.
Le suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach, ba cheart a áirithiú, nuair a shroichfidh fochuideachta an pointe neamh-inmharthanachta, go gcuirfear na caillteanais ar aghaidh chuig an eintiteas réitigh, agus go ndéanfaidh an t‑eintiteas réitigh an fhochuideachta lena mbaineann a athchaipitliú. Dá bhrí sin, ní hé an máthaireintiteas atá in ainm na caillteanais sin a ionsú, mar níl sa mháthaireintiteas ach modh chun na caillteanais sin a chur ar aghaidh chuig an eintiteas réitigh. Dá bharr sin, agus lena áirithiú go bhfuil toradh na suibscríbhinne indírí coibhéiseach leis an toradh ar shuibscríbhinn dhíreach iomlán mar a bhí beartaithe ag na comhreachtóirí faoi Airteagal 45f(6) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, cuimsítear leis an gcóras asbhainte cur i bhfeidhm ualú priacal 0 % i gcás risíochtaí atá faoi réir an chórais sin, chomh maith le heisiamh comhfhreagrach na risíochtaí sin ó ríomh thomhas risíochta iomláine an chóimheasa luamhánaithe. Léirítear an méid sin in Airteagal 113(1), Airteagal 151(1) agus Airteagal 429a(1) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil.
An cur chuige a dtugtar tuairisc air thuas, fágann sé gur féidir ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a shuibscríobh go hindíreach i gcomhréir leis na coinníollacha arna gcomhaontú ag na comhreachtóirí le linn na caibidlíochta maidir le Treoir (AE) 2019/879 agus arna léiriú sa sainordú a tugadh don Údarás Baincéireachta Eorpach. Thairis sin, is cur chuige simplí é sin, go háirithe agus é á chur i gcomparáid le cás ina gcuirfí na hasbhaintí riachtanacha i bhfeidhm sa chreat réitigh amháin. Má chloíonn institiúidí le hailíniú na láimhseála a leagtar amach sa dá chreat, an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, atá idirnasctha go dlúth, is féidir le hinstitiúidí leanúint de shraith amháin de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal agus de thomhas iomlán risíochta a ríomh, a thuairisciú agus a nochtadh chun críche an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil agus na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc araon, agus ar an gcaoi sin, seachnóidh siad méadú míchuí ar chastacht.
Ós rud é go n‑ionchorpraítear díreach sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil an láimhseáil thiomnaithe arna forbairt ag an Údarás Baincéireachta Eorpach i gcomhthéacs an dréachtchaighdeáin theicniúil rialála faoi shainordú na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, níl gá leis an gcaighdeán teicniúil rialála a thuilleadh. Dá bhrí sin, scriostar Airteagal 45f(6) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.
(2)Comparáid idir an ceanglas SPE teoiriciúil agus suim na gceanglas MPE iarbhír
Foráiltear in Airteagal 12a den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil nach mór do ghrúpaí G-SII a bhfuil straitéis réitigh MPE acu a gceanglas TLAC dá dtagraítear in Airteagal 92a(1), pointe (a) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a ríomh faoin toimhde theoiriciúil go réiteofaí an grúpa faoi straitéis réitigh SPE (ceanglas SPE teoiriciúil). Tá an ceanglas SPE teoiriciúil sin le cur i gcomparáid ag na húdaráis réitigh ansin le suim na gceanglas iarbhír TLAC a bhaineann le gach eintiteas réitigh den ghrúpa sin faoi straitéis réitigh MPE (ceanglais MPE). Tá forálacha an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil ar neamhréir, áfach, maidir le hiarmhairtí na comparáide sin.
Lena chur níos beaichte, i gcás inarb ísle an ceanglas SPE teoiriciúil ná suim na gceanglas MPE iarbhír, leagtar amach in Airteagal 92a(3) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil faoi láthair go bhféadfaidh na húdaráis réitigh gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 45d(4) agus Airteagal 45h(2) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. Os a choinne sin, leagtar amach i bhfomhír dheireanach Airteagal 12a den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil go ngníomhóidh na húdaráis sin sa chás sin. Ar an gcaoi chéanna, i gcás inarb airde an ceanglas SPE teoiriciúil ná suim na gceanglas MPE iarbhír, leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 12a den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil go bhféadfaidh na húdaráis réitigh gníomhú, rud a thagann salach, is cosúil, ar fhomhír dheireanach Airteagal 45h(2) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. Beartaítear san fhomhír dheireanach sin nach bhféadfaidh suim na gceanglas MPE iarbhír a bheith níos ísle choíche ná na ceanglais SPE theoiriciúla, rud atá ina shoiléiriú mar sin gurb éigeantach do na húdaráis réitigh gníomhú sa chás sin, agus nach rogha dóibh é.
I bhfianaise an mhéid thuas, tá sé beartaithe Airteagal 12a den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a leasú chun a shoiléiriú, bunaithe ar an ríomh arna leagan amach san Airteagal sin, gur cheart do na húdaráis réitigh gníomhú i gcónaí i gcomhréir le hAirteagal 45d(4) agus Airteagal 45h(2) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. Is féidir Airteagal 92a(3) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a scriosadh ansin. Bainfidh sin na neamhréireanna den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, déanfaidh sé forálacha an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil a ailíniú leis na forálacha a leagtar amach sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus leis an gcaighdeán TLAC, agus áiritheoidh sé go gcuirfear san áireamh i gcónaí aon cheanglas ICDI breise arna chinneadh ag an údarás réitigh de bhun Airteagal 45d(1), pointe (b) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.
(3)Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe: ceanglais nach bhfuil bunaithe ar phriacal maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
Soláthraítear in Airteagal 72e den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil córas asbhainte is infheidhme go díreach maidir le G-SIInna a bhfuil straitéis réitigh MPE acu. Tá an méid sin i gcomhréir leis an gcaighdeán TLAC, arb aidhm dó a áirithiú, i gcás grúpaí G-SII a bhfuil níos mó ná eintiteas réitigh amháin acu, go ndéanfar cumas ionsúcháin caillteanais gach eintitis réitigh a ríomh gan aon risíocht ar eintitis réitigh eile sa ghrúpa céanna a bheith san áireamh, a chomhfhreagraíonn le hionstraimí TLAC. Is é an réasúnaíocht is bonn leis an bhforáil sin ná an priacal tógálachta laistigh de ghrúpa G-SII a laghdú agus a áirithiú go bhfuil cumas ionsúcháin caillteanais leormhaith ar fáil d’eintitis réitigh i gcás ina dtarlaíonn cliseadh, cumas nach móide a laghdófar mar gheall ar chaillteanais arna n‑eascairt as sealúchais inghrúpa d’ionstraimí TLAC. In éagmais na n‑asbhaintí sin, dá gclisfeadh ar eintiteas réitigh amháin sa ghrúpa G-SII, bheadh caillteanais dá bharr in eintitis réitigh eile den ghrúpa sin, agus laghdú dá réir ar chumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe na n‑eintiteas réitigh sin.
Déantar foráil sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil freisin, in Airteagal 72e(4), i dtaca le heisceacht ar an gcóras asbhainte ginearálta sin. Leis an eisceacht sin sonraítear gur féidir asbhaint cistí dílse agus ítimí dliteanas incháilithe, arna n‑eisiúint ag fochuideachta agus arna sealbhú ag a máthaireintitis, a laghdú ag leibhéal an mháthaireintitis más ag leibhéal na fochuideachta a asbhaintear méid an laghdaithe sin óna cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe, in ionad leibhéal an mháthaireintitis.
Is é ceann de na réamhchoinníollacha maidir leis na hasbhaintí a laghdú ag leibhéal an mháthaireintitis, agus méid na hasbhainte sin a asbhaint ag leibhéal na fochuideachta ina ionad sin, go mbeidh barrachas ag an bhfochuideachta atá i gceist i dtaca lena ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe. Cuirtear an ceanglas sin in iúl mar chóimheas bunaithe ar phriacal agus cóimheas nach bhfuil bunaithe ar phriacal, de réir Airteagal 92a(1) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus Airteagal 45(2) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. Mar sin féin, is ar an gceanglas bunaithe ar phriacal amháin a bhraitheann foirmle an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil a úsáidtear chun barrachas na fochuideachta a ríomh. D’fhéadfadh rómheastachán an bharrachais a bheith ann dá réir i gcás na bhfochuideachtaí sin arb airde dóibh an ceanglas nach bhfuil bunaithe ar phriacal ná an ceanglas atá bunaithe ar phriacal maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe.
Dá bhrí sin, tá sé beartaithe an fhoirmle a leagtar amach in Airteagal 72e(4) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a leasú. I gcomhréir leis an gcaighdeán TLAC, chuirfí san áireamh ansin leis an bhfoirmle sin na ceanglais ar an bhfochuideachta ábhartha, ceanglais atá bunaithe ar phriacal agus ceanglais nach bhfuil bunaithe ar phriacal araon, maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe.
(4)Fochuideachtaí arna mbunú lasmuigh den Aontas a chur san áireamh
Ní chumhdaítear go sonrach le hAirteagal 12a agus Airteagal 72e(4) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil fochuideachtaí atá lonnaithe i dtríú tír. Dá bhrí sin d’fhéadfadh sé nach mbeadh ar chumas grúpaí baincéireachta de chuid an Aontais a bhfuil straitéis réitigh dhomhanda MPE acu fochuideachtaí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a chur san áireamh. Tá an méid sin ábhartha, mar shampla, nuair atá suim na gceanglas MPE iarbhír á cur i gcomparáid leis an gceanglas SPE teoiriciúil faoi Airteagal 12a den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Níor mhór an chomparáid sin a dhéanamh idir ceanglas SPE teoiriciúil a chuimseodh an grúpa iomlán agus suim na gceanglas MPE arna cinneadh le haghaidh eintitis réitigh de chuid an Aontais amháin. Ar an gcaoi chéanna, an eisceacht ar an gcóras asbhainte ginearálta is infheidhme maidir le G-SIInna a bhfuil straitéis réitigh MPE acu a leagtar amach in Airteagal 72e(4) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, ní fhéadfaí an eisceacht sin a chur i bhfeidhm dá mbeadh an fhochuideachta lena mbaineann lonnaithe i dtríú tír.
Chun láimhseáil an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil a bhaineann le fochuideachtaí tríú tír a ailíniú leis an láimhseáil a shonraítear sa chaighdeán TLAC comhfhreagrach, a bhfuil feidhm aige i ndáil le heintitis arna mbunú i ndlínsí Boird um Chobhsaíocht Airgeadais uile, tá sé beartaithe Airteagal 12a agus Airteagal 72e(4) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a leasú lena shoiléiriú go bhfuil feidhm ag an dá fhoráil freisin maidir le fochuideachtaí arna mbunú lasmuigh den Aontas.
Ní mór feidhmiú Airteagal 72e(4) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a theorannú do na cásanna sin ina bhfuil feidhm ag córas réitigh tríú tír maidir leis na fochuideachtaí lena mbaineann. Go deimhin, in éagmais córas réitigh áitiúil is infheidhme agus údarás réitigh, nó in éagmais údarás eile a mbíonn cumhachtaí cosúla á bhfeidhmiú aige, ní bheadh aon mhodh dlíthiúil inchreidte ann lena áirithiú go bhféadfaí an barrachas caipitil, a bheadh aistrithe, a bheag nó a mhór, chuig an máthairinstitiúid san Aontas Eorpach trí bhíthin asbhaintí laghdaithe ag leibhéal an mháthaireintitis, a aistriú i gcás ina n‑éireodh an fhochuideachta dócmhainneach. Tá sé sin amhlaidh toisc, gan córas réitigh áitiúil i bhfeidhm, go mbeadh institiúidí ar chlis orthu faoi réir nósanna imeachta dócmhainneachta i gcomhréir le reachtaíocht na tríú tíre. Dá bharr sin, bheadh ar an máthaireintiteas dul in iomaíocht le creidiúnaithe eile i rith dhócmhainneacht na fochuideachta le haghaidh aisíoc na n‑éileamh gan íoc.
(5)Soiléiriú maidir le hincháilitheacht ionstraimí fiachais arna n‑eisiúint i gcomhthéacs an cheanglais maidir le TLAC inmheánach
Le hAirteagal 92b den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil leagtar síos an ceanglas maidir le TLAC inmheánach i gcás fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE nach eintitis réitigh iad. Féadfar an ceanglas sin a chomhlíonadh le cistí dílse agus le hionstraimí dliteanas incháilithe, mar a shonraítear in Airteagal 92b(2). Cé go bhfuil na critéir incháilitheachta maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe bunaithe ar an toimhde gurb eintiteas réitigh a eisíonn na hionstraimí sin, ní eintitis réitigh, faoi mar a thuigfí sin, iad eintitis atá faoi réir ceanglais maidir le TLAC inmheánach. Dá bhrí sin, ní féidir le hionstraimí fiachais arna n‑eisiúint ag na heintitis sin na critéir incháilitheachta uile maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe a chomhlíonadh. Ar an ábhar sin, agus i gcodarsnacht le hAirteagal 92b(2) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, féadfaidh go mbeidh ar na hinstitiúidí sin a gceanglais maidir le TLAC inmheánach a chomhlíonadh le cistí dílse amháin.
Chun an bhearna sin sa dlí a réiteach, cuirtear fomhír nua isteach tar éis na tríú fomhíre d’Airteagal 72b(2) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Soiléirítear san fhomhír sin nach mór tagairtí don eintiteas réitigh a thuiscint, chun críoch TLAC inmheánaigh, mar thagairtí don eintiteas atá faoi réir an cheanglais arna leagan amach in Airteagal 92b den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Cuireann sin ar chumas fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint, agus dá bhrí sin a úsáid, chun a gceanglas maidir le TLAC inmheánach a chomhlíonadh, mar a bhí beartaithe ag na comhreachtóirí.
2021/0343 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta grúpaí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modheolaíocht le haghaidh suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe chun an t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leasaíodh Creat an Aontais um Réiteach Banc, trí leasuithe ar Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Bhí gá leis na leasuithe sin chun Bileog Téarmaí (an ‘caighdeán TLAC’) an chumais iomláin idirnáisiúnta ionsúcháin caillteanais (TLAC) a chur chun feidhme san Aontas le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus chun cur i bhfeidhm an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a fheabhsú le haghaidh gach bainc. Ba cheart do chreat athbhreithnithe an Aontais um réiteach banc a áirithiú ar bhealach níos fearr go dtarlóidh ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliú banc trí mheáin phríobháideacha nuair nach bhfuil na bainc sin inmharthana ó thaobh airgeadais de a thuilleadh agus nuair a chuirtear faoi réiteach ansin iad.
(2)Foráiltear le hAirteagal 12a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le grúpaí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SII), i gcás ina bhfuil straitéis réitigh acu faoina bhféadfaí níos mó ná eintiteas grúpa amháin a réiteach (straitéis réitigh na nIlphointí Iontrála (MPE)), gur cheart do na grúpaí institiúidí sin a gceanglas bunaithe ar phriacal maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh faoin toimhde theoiriciúil nach réiteofaí ach aon eintiteas amháin den ghrúpa, agus go n‑aistreofaí riachtanais chaillteanas agus athchaipitlithe aon fhochuideachta de chuid an ghrúpa sin chuig an eintiteas réitigh (straitéis réitigh an Phointe Iontrála Aonair (SPE). I gcomhréir leis an gcaighdeán TLAC, ba cheart a áireamh sa ríomh sin na heintitis tríú tír uile a bhaineann le G-SII a bheadh ina n‑eintitis réitigh dá mbunófaí iad san Aontas.
(3)De réir Airteagal 45h(2), an tríú fomhír, de Threoir 2014/59/AE, agus de réir an chaighdeáin TLAC, ní ceart gurbh ísle suim na gceanglas iarbhír maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe atá ag grúpa G-SII ag a bhfuil straitéis réitigh MPE ná ceanglas teoiriciúil an ghrúpa sin faoi réiteach SPE. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, eadhon Airteagal 12a agus Airteagal 92a(3), a bheith ailínithe le forálacha comhfhreagracha Threoir 2014/59/AE agus ba cheart a áirithiú leo go ngníomhaíonn na húdaráis réitigh i gcomhréir leis an Treoir sin i gcónaí agus go gcuireann siad san áireamh na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chomh maith le haon cheanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45d de Threoir 2014/59/AE. Níor cheart go mbeadh sin ina bhac ar na húdaráis réitigh a chinneadh gur mhíchuí nó gurbh ar neamhréir le straitéis réitigh an G-SII aon choigeartú chun an difríocht a laghdú nó a mhaolú idir suim na gceanglas iarbhír maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a bhaineann le grúpa G-SII a bhfuil straitéis réitigh MPE aige, agus ceanglas teoiriciúil an ghrúpa sin faoi straitéis réitigh SPE, i gcás inarb airde suim na gceanglas iarbhír ná an ceanglas teoiriciúil.
(4)Leagtar síos in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go bhféadfar an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh i gcás fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE nach eintitis réitigh iad inter alia trí bhíthin ionstraimí dliteanas incháilithe. I gcás na gcritéar incháilitheachta maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe a leagtar síos in Airteagal 72b(2), pointí (c), (k), (l) agus (m), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, áfach, glactar leis gur eintiteas réiteach é an t‑eintiteas eisiúna. Ba cheart a áirithiú go bhfuil ar chumas na bhfochuideachtaí ábhartha sin ionstraimí fiachais a eisiúint a chomhlíonfaidh na critéir incháilitheachta uile, mar a bhí beartaithe ag an tús.
(5)De réir Airteagal 72e(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le G-SII ag a bhfuil straitéis réitigh MPE aige, féadfaidh na húdaráis réitigh cead a thabhairt dó sealúchais áirithe de chistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a bhaineann lena fhochuideachtaí nach cuid den ghrúpa réitigh céanna iad a asbhaint trí mhéid coigeartaithe, níos ísle a asbhaint, méid arna shonrú ag an údarás réitigh. Éilítear le hAirteagal 72e(4), an dara fomhír, den Rialachán sin, i gcásanna mar sin, go ndéantar an difríocht idir an méid coigeartaithe agus an méid bunaidh a asbhaint de chumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe na bhfochuideachtaí lena mbaineann. I gcomhréir leis an gcaighdeán TLAC, chuirfí san áireamh ansin leis an gcur chuige sin na ceanglais ar an bhfochuideachta lena mbaineann, ceanglais atá bunaithe ar phriacal agus ceanglais nach bhfuil bunaithe ar phriacal araon, maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe. Thairis sin, ba cheart an cur chuige sin a bheith infheidhme maidir leis na fochuideachtaí tríú tír uile a bhaineann leis an G-SII sin, fad is go bhfuil na fochuideachtaí sin faoi réir córas réitigh áitiúil atá coibhéiseach leis na caighdeáin arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.
(6)Chun an cur chuige maidir le suibscríobh indíreach ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach laistigh de ghrúpaí réitigh a chur i ngníomh agus lena áirithiú go bhfuil an cur chuige sin fónta ó thaobh na stuamachta de, tugadh sainordú don Údarás Baincéireachta Eorpach faoi Airteagal 45f(6) de Threoir 2014/59/AE chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt d’fhonn modheolaíocht a shonrú maidir le cásanna mar sin ina n‑eisítear ionstraimí incháilithe go hindíreach. De réir mar a thug an tÚdarás Baincéireachta Eorpach chun suntais ina litir chuig an gCoimisiún dar dáta an 25 Eanáir 2021, áfach, bhí roinnt mhaith neamhréireanna idir na ceanglais maidir leis an tarmligean arna leagan síos i dTreoir 2014/59/AE agus na rialacha stuamachta reatha arna leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhí ina mbac le cur i bhfeidhm na láimhseála stuamachta a bhí riachtanach chun an sainordú a chomhlíonadh de réir mar a bhí beartaithe ag an tús. Lena chur níos beaichte, thug an tÚdarás Baincéireachta Eorpach dá aire nár cumasaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a asbhaint agus, ina dhiaidh sin, ualú priacail iomchuí a chur i bhfeidhm sna cásanna uile atá ábhartha maidir leis an sainordú faoi Threoir 2014/59/AE. Rinneadh fadhbanna cosúla a shainaithint i réimse an cheanglais maidir le cóimheas luamhánaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 575/2013. I bhfianaise na srianta dlíthiúla sin, ba cheart an mhodheolaíocht arna forbairt ag an Údarás Baincéireachta Eorpach a ionchorprú go díreach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bharr sin, ba cheart an sainordú chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, a leagtar amach in Airteagal 45f(6) de Threoir 2014/59/AE, a scriosadh.
(7)I gcomhthéacs suibscríobh indíreach ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach ag eintitis réitigh de bhun chreat athbhreithnithe an Aontais um réiteach banc, ba cheart ceangal a bheith ar mháthaireintitis idirmheánacha an sealúchas iomlán cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna eisiúint ag a bhfochuideachtaí a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna a asbhaint dá n‑acmhainní incháilithe féin i dtaca le ICDI inmheánach. Áirithítear leis sin feidhmiú ceart na sásraí inmheánacha ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe laistigh de ghrúpa agus seachnaítear leis comhaireamh dúbailte acmhainní incháilithe na fochuideachta i dtaca le ICDI inmheánach ionas gur féidir leis an máthaireintiteas idirmheánach a ICDI inmheánach féin a chomhlíonadh. Ina theannta sin, in éagmais na n‑asbhaintí sin, ní léireofaí go hiomchuí agus go stuama le cóimheasa sócmhainneachta aonair na máthaireintiteas idirmheánach, an cumas ionsúcháin caillteanais atá acu dáiríre, mar d’áireofaí leis na cóimheasa sin freisin cumas ionsúcháin caillteanais a bhfochuideachtaí. D’fhéadfadh sin cur isteach ar chur chun feidhme ceart na straitéise réitigh a roghnaíodh, mar go bhféadfadh an máthaireintiteas idirmheánach, ní hamháin a chumas ionsúcháin caillteanais féin a ídiú go hiomlán, ach cumas ionsúcháin caillteanais a fhochuideachta freisin, roimh an bpointe nach inmharthanach a thuilleadh é an máthaireintiteas idirmheánach nó an fhochuideachta. Ba cheart na hasbhaintí a fheidhmiú i dtús báire maidir le hítimí dliteanas incháilithe na máthaireintiteas idirmheánach. I gcás inarbh airde an méid atá le hasbhaint ná méid ítimí dliteanas incháilithe na máthaireintiteas idirmheánach, níor mhór an méid atá fágtha a bhaint dá n‑ítimí Leibhéal 2. Lena áirithiú go mbeidh an córas asbhainte comhréireach i gcónaí, níor cheart feidhm a bheith ag an gcóras sin sna cásanna eisceachtúla ina gcuirtear ICDI inmheánach i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite amháin.
(8)Le suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach, ba cheart a áirithiú, nuair a shroichfidh fochuideachta an pointe neamh-inmharthanachta, go gcuirfear na caillteanais ar aghaidh chuig an eintiteas réitigh, agus go ndéanfaidh an t‑eintiteas réitigh an fhochuideachta lena mbaineann a athchaipitliú. Dá bhrí sin, ní ceart don mháthaireintiteas idirmheánach na caillteanais sin a ionsú, mar níl sa mháthaireintiteas ach bealach chun na caillteanais sin a sheoladh ar aghaidh chuig an eintiteas réitigh. Dá bharr sin, agus lena áirithiú go bhfuil toradh na suibscríbhinne indírí coibhéiseach leis an toradh ar shuibscríbhinn dhíreach iomlán mar a bhí beartaithe ag na comhreachtóirí faoi Airteagal 45f(6) de Threoir 2014/59/AE, ba cheart do na risíochtaí asbhainte ualú priacal 0 % a fháil i gcás ríomh mhéid iomlán na risíochta ar phriacal agus ba cheart dóibh a bheith eisiata ó ríomh an tomhais risíochta iomláin.
(9)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leormhaith, eadhon láimhseáil stuamachta shealúchais na máthaireintiteas idirmheánach d’acmhainní incháilithe a bhfochuideachtaí i dtaca le ICDI inmheánach a chomhchuibhiú agus na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh G-SIInna agus le haghaidh fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE a athbhreithniú ar bhealach spriocdhírithe, agus gur ar leibhéal an Aontais, mar sin, is fearr a bhainfear an cuspóir sin amach mar gheall ar scála an ghnímh, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(10)Lena áirithiú go bhfuil dóthain ama ag na hinstitiúidí chun an láimhseáil thiomnaithe maidir le suibscríobh indíreach ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a chur chun feidhme, lena n‑áirítear an córas asbhainte nua, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha lena leagtar síos an láimhseáil sin 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Leasaítear Rialachán (AE) 575/2013 mar a leanas:
(1)in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an pointe (130a) seo a leanas:
‘(130a)
ciallaíonn “údarás tríú tír ábhartha” údarás tríú tír mar a shonraítear in Airteagal 2(1), pointe (90), de Threoir 2014/59/AE;’;
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12a:
‘Airteagal 12a
Ríomh comhdhlúite le haghaidh G-SIInna ag a bhfuil il-eintitis réitigh
I gcás inarb eintitis réitigh nó eintitis tríú tír iad dhá eintiteas G-SII ar a laghad ar leis an t‑aon G-SII amháin iad, agus i gcás inarb eintitis réitigh a bheadh iontu dá mbunófaí san Aontas iad, ríomhfaidh máthaireintiteas an G-SII sin an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 92a(1), pointe (a). Déanfar an ríomh sin ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide AE amhail dá mba í sin an t‑aon eintiteas réitigh amháin sa G-SII.
Gníomhóidh údaráis réitigh i gcomhréir le hAirteagal 45d(4) agus Airteagal 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.’;
(3)in Airteagal 49(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis na hasbhaintí a leagtar amach in Airteagal 72e(5).’;
(4)in Airteagal 72b(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Chun críocha Airteagal 92b, tuigfear tagairtí don eintiteas réitigh i bpointí (c), (k), (l) agus (m) den mhír seo mar thagairtí don institiúid ar fochuideachta ábhartha í den G-SII neamh-AE.’;
(5)leasaítear Airteagal 72e mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:
‘4.
I gcás mháthairinstitiúid AE nó máthairinstitiúid i mBallstát atá faoi réir Airteagal 92a, ag a bhfuil sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d’ionstraimí cistí dílse nó d’ionstraimí dliteanas incháilithe a bhaineann le fochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil sa ghrúpa réitigh céanna ina bhfuil an mháthairinstitiúid sin, féadfaidh údarás réitigh na máthairinstitiúide sin, tar éis dó barúil na n‑údarás réitigh nó na n‑údarás réitigh tríú tír ábhartha a mheas mar is cuí, cead a thabhairt don mháthairinstitiúid na sealúchais sin a asbhaint trí mhéid níos lú a asbhaint, méid arna shonrú ag údarás réitigh na máthairinstitiúide sin. Beidh an méid coigeartaithe sin cothrom, ar a laghad, leis an méid (m) a ríomhfar mar a leanas:
mi = max{0; OPi + LPi – max{0; β · [Oi + Li – max{ri · aRWAi; wi ·aLREi}]}}
nuair:
i
= an t‑innéacs lena gcuirtear an fhochuideachta in iúl;
OPi
= an méid ionstraimí cistí dílse arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;
LPi
= an méid ionstraimí dliteanas incháilithe arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;
β
= céatadán na n‑ionstraimí cistí dílse agus na n‑ionstraimí dliteanas incháilithe arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh an mháthaireintitis, arna ríomh mar seo a leanas:
Oi
= méid chistí dílse fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;
Li
= méid dhliteanais incháilithe fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;
ri
= an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ag leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (a), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (a), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo;
aRWAi
= méid iomlán risíochta ar phriacal an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), agus na coigeartuithe a leagtar amach in Airteagal 12a á gcur san áireamh;
wi
= an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ag leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (b), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo;
aLREi
= méid iomlán risíochta ar phriacal an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4).
I gcás ina bhfuil cead ag an máthairinstitiúid an méid coigeartaithe a asbhaint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, asbhainfidh an fhochuideachta an difríocht idir méid shealúchais na n‑ionstraimí cistí dílse agus na n‑ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus an méid coigeartaithe sin.’;
(b)cuirtear an mhír 5 seo a leanas isteach:
‘5.
Maidir le hinstitiúidí agus eintitis a bhfuil ceanglas orthu Airteagal 45c de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh agus nach eintitis réitigh iad féin, asbhainfidh siad ó ítimí dliteanas incháilithe, a sealúchais féin de chistí dílse agus dliteanais incháilithe a bhaineann lena bhfochuideachtaí atá in aon ghrúpa réitigh amháin, agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 45f(2) den Treoir sin.
Ní bheidh feidhm ag an asbhaint maidir le hinstitiúidí agus eintitis nach eintitis réitigh iad féin i gcás ina gceanglaítear orthu an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45c agus Airteagal 45d de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite.
Chun críoch na míre seo, tuigfear an tagairt d’ítimí dliteanas incháilithe freisin mar thagairt do dhliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 45f(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE.’;
(6)in Airteagal 92a, scriostar mír 3;
(7)in Airteagal 113, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Chun na méideanna risíochta atá faoi réir ualú priacal a ríomh, cuirfear ualaí priacal i bhfeidhm maidir le gach risíocht, seachas i gcás ina n‑asbhaintear iad de chistí dílse nó ina bhfuil siad faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír, i gcomhréir le forálacha Roinn 2. Beidh cur i bhfeidhm na n‑ualaí priacail bunaithe ar an aicme risíochta a bhfuil an risíocht sannta di agus, a mhéid a sonraítear i Roinn 2, ar a cáilíocht chreidmheasa. Féadfar cáilíocht chreidmheasa a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do mheasúnuithe creidmheasa na n‑institiúidí um measúnú creidmheasa seachtrach nó measúnuithe creidmheasa na ngníomhaireachtaí um chreidmheas onnmhairiúcháin i gcomhréir le Roinn 3.’;
(8)in Airteagal 151, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Maidir leis na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de le haghaidh priacal creidmheasa ar risíochtaí atá i gceann de na haicmí risíochta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointí (a) go (e) agus pointe (g), déanfar iad a ríomh i gcomhréir le Foroinn 2, ach amháin i gcás ina n‑asbhaintear iad de chistí dílse nó i gcás ina bhfuil siad faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír.’;
(9)in Airteagal 429a(1) cuirtear isteach an pointe seo a leanas (q):
‘(q)
na méideanna atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír.’.
Airteagal 2
Leasú ar Threoir 2014/59/AE
In Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE, scriostar mír 6.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = dáta teacht i bhfeidhm].
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3), pointe (5)(b), agus pointí (7), (8) agus (9) agus ag Airteagal 2 ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 6 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán