EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0570

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

COM/2021/570 final

An Bhruiséil,22.12.2021

COM(2021) 570 final

2021/0430(CNS)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Paindéim COVID19 is cionsiocair leis an gcúlú eacnamaíoch is measa san Aontas le fada an lá 1 , cúlú eacnamaíoch lenar spreagadh freagairt beartais thapúil dhiongbháilte ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Ghlac na Ballstáit uile bearta eisceachtúla lánroghnacha, anuas ar a ‘gcobhsaitheoirí uathoibríocha’ chun tacú leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus chun na tionchair shóisialta a mhaolú.

Ghlac an tAontas bearta nach bhfacthas riamh cheana chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim freisin. Agus EUR 1.8 trilliún i bpraghsanna 2018 i gceist leis, is é creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais, in éineacht le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (NextGenerationEU), an pacáiste spreagtha is mó a maoiníodh trí bhuiséad an Aontais riamh. D’fhormheas an Chomhairle NextGenerationEU go foirmiúil an 14 Nollaig 2020 2 le tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa agus slógfar EUR 750 billiún (praghsanna 2018) leis, méid a cruinníodh ar na margaí caipitil, chun gníomhaíochtaí sonracha téarnaimh agus athléimneachta a mhaoiniú le linn tréimhse theoranta, chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus chun infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí dhigiteach níos glaise.

Tá ioncam leordhóthanach de dhíth chun aisíoc na gcostas maoinithe a bhaineann le hiasachtaíocht NextGenerationEU a chumhdach, thar 30 bliain. Féadfar tosú ar an bpríomhshuim a aisíoc roimh dheireadh an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, más ísle na méideanna nach núsáidtear le haghaidh aisíocaíochtaí úis ná mar a bhí beartaithe agus i gcás go dtugtar isteach acmhainní dílse nua 3 , agus ní mór an taisíoc a thabhairt i gcrích faoi dheireadh 2058 4 .

Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh an 16 Nollaig 2020 5 , luaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún nár cheart laghdú míchuí ar chaiteachas cláir ná ar ionstraimí infheistíochta faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheith mar thoradh ar chaiteachas bhuiséad an Aontais i ndáil le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a aisíoc. De réir an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh sin, is inmhianaithe freisin na méaduithe ar an acmhainn dhílis ONI-bhunaithe a mhaolú do na Ballstáit. Sa chaoi sin, chomhaontaigh na trí institiúid go noibreoidh siad ‘chun acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach d’fhonn méid a chomhfhreagraíonn don chaiteachas a bhfuiltear ag súil leis agus a bhaineann leis an aisíocaíocht a chumhdach.’ 6 Gheall an Coimisiún go mbeartóidh siad acmhainní dílse nua in 2021 d’fhonn iad a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023 7 ar a dhéanaí.

2.ÁBHAR AN TOGRA LEASAITHIGH

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, agus an tAontas a dhísliú leis na hacmhainní is gá, go háirithe i bhfianaise an chaiteachais nua bhuiséadaigh chun costais mhaoinithe iasachtaíocht NextGenerationEU a aisíoc agus le haghaidh an Chiste Aeráide Shóisialta 8 .

Maidir leis na hioncaim a ghinfear ó na lamháltais atá le cur ar ceant ón trádáil astaíochtaí, sonraítear sa togra leasaithe go bhfabhrófar 25 % den chuid is mó de na hioncaim sin chuig buiséad an Aontais. Áirítear leis sin na hioncaim ón gCóras Trádála Astaíochtaí reatha le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus earnáil na heitlíochta a gcuirfí lamháltais breise ar ceant ina leith mar aon le leathnú an chórais sin chuig an muiriompar agus trádáil astaíochtaí ar leithligh a thabhairt isteach le haghaidh an iompair ar bhóthar agus foirgneamh, i gcomhréir leis an togra le haghaidh leasú ar Threoir 2003/87/CE 9 .

Eisiatar lamháltais a chuireann an Banc Eorpach Infheistíochta ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht agus le haghaidh dhearlaic thosaigh an Chiste don Nuachóiriú. Chun bheith neodrach, áirítear le raon feidhme na n‑acmhainní dílse lamháltais a chuireann na Ballstáit ar leataobh i bprionsabal lena gcur ar ceant, ar lamháltais iad, bunaithe ar lánrogha na mBallstát, a aistrítear saor in aisce chuig an earnáil chumhachta, a úsáideann earnálacha comhroinnte díchill le haghaidh na comhlíontachta nó a chuireann an Banc Eorpach Infheistíochta ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú.

Chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an trádáil astaíochtaí a thabhairt isteach le haghaidh an iompair ar bhóthair agus foirgneamh, mhol an Coimisiún Ciste Aeráide Sóisialta a bhunú. Rachaidh an Ciste chun tairbhe do theaghlaigh leochaileacha, do mhircifhiontair agus d’úsáideoirí iompair. Maoineofar an Ciste le linn a shaolré le hacmhainní dílse bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na hioncaim ón trádáil astaíochtaí le haghaidh an iompair ar bhóthar agus foirgneamh amhail ó 2026. Is éard a bheidh san imchlúdach iomlán airgeadais don Chiste le haghaidh na tréimhse 2025-32 EUR 72.2 billiún i bpraghsanna reatha, méid a chomhfhreagraíonn i bprionsabal do mhéid is comhionann le tuairim agus 25 % den ioncam a mheastar a bheidh ann ón gcóras nua trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus an iompair ar bhóthar sa tréimhse 2026-2032.

Beartaítear sásra sealadach coigeartaithe dlúthpháirtíochta chun tionchair dháileacha chúlchéimnitheacha na hacmhainne dílse bunaithe ar an trádáil astaíochtaí a mhaolú, sásra lena dtabharfar isteach ranníocaíocht uasta le haghaidh na mBallstát ísealioncaim ar mór a lorg carbóin agus ranníocaíocht íosta le haghaidh na mBallstát ina mbíonn ard‑ioncam de ghnáth agus ar beag a lorg carbóin. Leis an sásra, seachnófar go mbeadh Ballstáit áirithe ag ranníoc go díréireach le buiséad an Aontais i gcomparáid le méid a ngeilleagair, le linn thréimhse an aistrithe chuig geilleagair agus chuig sochaithe níos inbhuanaithe agus áiritheofar leis go ndéanfaidh gach Ballstát ranníocaíocht chóir.

Maidir leis na hioncaim ó dheimhnithe an tsásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha a dhíol, leagtar síos leis an togra seo go n‑aistreofar sciar de na hioncaim sin chuig buiséad an Aontais mar acmhainní dílse i bhfoirm ranníocaíocht náisiúnta.

Ar deireadh, déantar foráil leis an togra seo go ndéanfaidh na Ballstáit ranníocaíocht náisiúnta le buiséad an Aontais bunaithe ar an sciar de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar ilnáisiúnta is mó agus is brabúsaí a athdháiltear ar na Ballstáit, i gcás gur dlínsí margaidh deiridh iad ina ndéantar na hearraí nó na seirbhísí a úsáid nó a thomhailt faoi chomhaontú ECFE/Chreat Cuimsitheach G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis 10 maidir leis an gcreat idirnáisiúnta cánach a athchóiriú. Cé go bhfuil obair fós ar bun ar Choinbhinsiún Iltaobhach ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’fhógair an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra síos le haghaidh Treoir ón gComhairle in 2022 lena náiritheofar cur chun feidhme comhsheasmhach an Choinbhinsiúin Iltaobhaigh ar chearta chun cánachais a athdháileadh go páirteach. 

3.CREAT DLÍTHIÚIL

3.1.Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse

De bhun Airteagal 311(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tar éis don Chomhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, féadfaidh sí ‘catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú nó catagóir atá ann a dhíothú’. Leis an bhforáil sin, ceadaítear go sainráite an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a leasú chun acmhainní dílse nua a chur leis mar a chomhaontaítear leis an gComhaontú Idirinstitiúideach.

I gcomhréir leis an nós imeachta speisialta reachtach a leagtar amach in Airteagal 311(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacann an Chomhairle an cinneadh athbhreithnithe d’aon toil tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm nuair a bheidh sé formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla.

3.2.Reachtaíocht cur chun feidhme

Ag an am céanna, is gá don Chomhairle na bearta cur chun feidhme a bhaineann leis an gcóras acmhainní dílse a leasú chun a áirithiú go mbeidh siad fós oiriúnach dá bhfeidhm. Anuas air sin, tá gá le forálacha nua curtha ar fáil le haghaidh na n‑acmhainní dílse nua uile. Cuirfidh an Coimisiún na tograí is gá síos sa chéad leath de 2022.  



2021/0430 (CNS)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 311, an tríú mír de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le NextGenerationEU, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 11 ón gComhairle, slógfar EUR 750 billiún i bpraghsanna 2018, airgead a cruinníodh ar na margaí airgeadais mar ionstraim shealadach téarnaimh chun téarnamh inbhuanaithe athléimneach ar fud an Aontais a áirithiú, chun cur chun feidhme na tacaíochta eacnamaíche a éascú sa chás eisceachtúil a cruthaíodh le paindéim COVID19 agus chun an taistriú glas digiteach a chur chun cinn.

(2)Caithfear aisíocaíocht phríomhshuim na gcistí sin a bheidh le húsáid le haghaidh caiteachas faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an tús gaolmhar atá dlite a mhaoiniú le buiséad ginearálta an Aontais, lena náirítear trí fháltais leordhóthanacha ó acmhainní dílse nua a thabharfar isteach tar éis 2021. Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh an 16 Nollaig 2020 12 , d’aithin Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an tábhacht atá le comhthéacs Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus d’aithin siad nár cheart ‘laghdú míchuí ar chaiteachas cláir ná ar ionstraimí infheistíochta faoi CAI a bheith mar thoradh ar chaiteachas bhuiséad an Aontais i ndáil le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a aisíoc’. Luaitear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach sin freisin gur ‘inmhianaithe freisin na méaduithe ar an acmhainn dhílis ONI-bhunaithe a mhaolú do na Ballstáit’.

(3)Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , is cuid lárnach de bheartas aeráide an Aontais é. I bhfianaise an dlúthnaisc idir an trádáil astaíochtaí agus cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an aeráid, is iomchuí cuid de na hioncaim lena mbaineann a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais.

(4)Áirítear le hacmhainní dílse na trádála astaíochtaí cuid de na hioncaim a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant sna hearnálacha uile a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Faoi Threoir 2003/87/CE agus faoi Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 , féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan cuid de chainníocht iomlán na lamháltas a shonraítear faoi Threoir 2003/87/CE a chur ar ceant nó cuid de chainníocht iomlán na lamháltas a aistriú agus a chur ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú a bunaíodh leis an Treoir sin. Ba cheart na lamháltais sin a úsáid freisin chun an méid acmhainní dílse a ríomh bunaithe ar an trádáil astaíochtaí. Is iomchuí lamháltais le haghaidh dhearlaic thosaigh an Chiste don Nuachóiriú a eisiamh mar aon leis na lamháltais le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht.

(5)Chun tionchar róchúlchéimnitheach ar na ranníocaíochtaí ón trádáil astaíochtaí a sheachaint, ba cheart ranníocaíocht uasta a leagan síos le haghaidh na mBallstát incháilithe. Le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027, tá na Ballstáit incháilithe má tá an tollioncam náisiúnta per capita, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh 2020, má tá an tollioncam náisiúnta per capita sin faoi bhun 90 % den mheán san Aontas. Le haghaidh na tréimhse 2028 go 2030, ba cheart an tollioncam náisiúnta per capita in 2025 a úsáid. Ba cheart an ranníocaíocht uasta a leagan síos trí sciar na mBallstát san acmhainn dhílis atá bunaithe ar thrádáil iomlán astaíochtaí a chur i gcomparáid le sciar na mBallstát sin in ollioncam náisiúnta an Aontais. Ba cheart ranníocaíocht íosta a leagan síos le haghaidh na mBallstát uile ar lú a sciar de mhéid iomlán na nacmhainní dílse bunaithe ar CTA ná 75 % dá sciar d’ollioncam náisiúnta an Aontais.

(6)Le Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , bunaítear sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a chomhlánú agus chun éifeachtacht bheartas aeráide an Aontais a áirithiú. I bhfianaise an dlúthnaisc idir an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha agus beartas aeráide an Aontais, ba cheart sciar de na hioncaim ó na díolacháin deimhnithe a aistriú chuig buiséad an Aontais mar acmhainn dhílis.

(7)I mí Dheireadh Fómhair 2021, le Creat Cuimsitheach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, thángthas ar chomhaontú maidir le 25 % de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar mór ilnáisiúnta os cionn na tairsí brabúsachta de 10 % a leithdháileadh ar na dlínsí margaidh rannpháirteacha (‘Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20’). Is é ba cheart a bheith san acmhainn dhílis glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar ilnáisiúnta a athdháiltear ar na Ballstáit [de bhun na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh.] 

(8)Na forálacha a bhaineann leis an ranníocaíocht ó na lamháltais a chur ar ceant faoin gCóras Trádála Astaíochtaí reatha, ba cheart feidhm a bheith acu amhail ón 1 Eanáir 2023. Nuair a bheidh Treoir 2003/87/CE leasaithe, na forálacha a bhaineann leis an ranníocaíocht ó na lamháltais a chur ar ceant faoin gCóras Trádála Astaíochtaí athbhreithnithe, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ón gcéad lá tar éis lá deireanach na tréimhse chun an leasú sin a thrasuí. Na forálacha maidir leis an ranníocaíocht ón sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha, ba cheart feidhm a bheith acu ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin. [Na forálacha maidir le Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20, tiocfaidh siad i bhfeidhm nuair a bheidh feidhm ag an Treoir maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh agus nuair a bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún Iltaobhach.]

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053

Leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear pointe (e) mar a leanas léi:

“(e) ráta aonfhoirmeach 25 % a chur i bhfeidhm maidir leo seo a leanas:

(1)na hioncaim a ghintear nuair a chuireann na Ballstáit na lamháltais ar ceant de bhun Airteagail 3d, 10 agus 30d de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 1;

(2)an méid a ríomhtar trí mhéid bliantúil na lamháltas a iolrú, lamháltais a gcuireann an Ballstát ábhartha aon cheann de na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leo:

(a)an rogha maidir leis an leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10c de Threoir 2003/87/CE;

(b)féidearthacht an chealaithe theoranta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 2;

(c)an úsáid lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 10d(4) de Threoir 2003/87/CE lena gcuirtear ar ceant iad le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d(3) den Treoir sin;

agus meánphraghas ualaithe lamháltas a cuireadh ar ceant ar an ardán coiteann ceantála sa bhliain inar cuireadh na lamháltais sin ar ceant.’

(b)i mír 1, cuirtear pointe (f) a leanas léi:

‘(f) glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm atá cothrom le 75 % de na hioncaim ó dhíolacháin dheimhnithe an tsásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha a bhunaítear le Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 183.’

(c)i mír 1, cuirtear pointe (g) a leanas léi:

‘(g) glaoráta aonfhoirmeach de 15 % a chur i bhfeidhm ar an sciar de bhrabús iarmharach na bhfiontar ilnáisiúnta a athdháiltear ar na Ballstáit de bhun [na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh 194.]’

(d)cuirtear mír 2a a leanas isteach:

“2a.    De mhaolú ar mhír 1, pointe (e), beidh feidhm ag an méid seo a leanas go dtí an bhliain airgeadais 2030:

(a)maidir le sciar Ballstáit sa mhéid iomlán ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm, i gcás inar lú an sciar sin ná 75 % dá sciar in ollioncam náisiúnta an Aontais, cuirfidh an Ballstát sin méid ar fáil atá cothrom le 75 % den sciar sin den ollioncam náisiúnta, arna iolrú faoi mhéid iomlán an ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm.

(b)sciar Ballstáit sa mhéid iomlán ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm, ní bheidh sé níos mó ná 150 % de sciar an Bhallstáit sin in ollioncam náisiúnta an Aontais i gcás na mBallstát ag a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita atá faoi bhun 90 % de mheán an Aontais, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn na bhfigiúirí le haghaidh 2020, i gcás na tréimhse 2023 go 2027 agus ar bhonn na bhfigiúirí le haghaidh 2025, i gcás na tréimhse 2028 go 2030.

Is éard a bheidh i gceist leis an ollioncam náisiúnta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) an tollioncam náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 205.’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tabharfaidh Ardrúnaí na Comhairle fógra do na Ballstáit maidir leis an gCinneadh seo.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill d’Ardrúnaí na Comhairle faoi na nósanna imeachta a bheith tugtha chun críche maidir leis an gCinneadh seo a fhormheas i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den chéad mhí tar éis an ceann deiridh de na fógraí dá dtagraítear sa dara mír a fháil.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1), pointe (a), ón 1 Eanáir 2023 le haghaidh na nioncam de bhun Airteagail 3d agus 10 de Threoir 2003/87/CE, agus ón lá tar éis an lae dheireanaigh den tréimhse chun trasuí a dhéanamh ar Threoir (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 216 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE le haghaidh na nioncam de bhun Airteagal 30d de Threoir 2003/87/CE.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1), pointe (b), ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) [XXX] lena mbunaítear an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1), pointe (c), ó

dháta chur i bhfeidhm na [Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh] nó

ó dháta theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Iltaobhaigh, cibé acu is déanaí.

Airteagal 3

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Chrap Olltáirgeacht Intíre an Aontais tuairim is 5.9 % in 2020 de réir shonraí Eurostat.
(2)    Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID19, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23.
(3)    Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Iúil 2020, luaitear faoi Phointe 150 go núsáidfear ‘na fáltais ó na hacmhainní dílse nua a thabharfar isteach tar éis 2021 chun iasachtaíocht NextGenerationEU a aisíoc go luath’.
(4)    De réir Airteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (‘Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse’), ní fhéadfaidh aisíoc deontas neamhinaisíoctha dul thar EUR 29.25 billiún in aghaidh na bliana (i bpraghsanna 2018).
(5)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, IO L 433I , 22.12.2020, lgh. 28-46.
(6)    Iarscríbhinn II, pointe F.
(7)    Clár Oibre an Choimisiúin 2021, COM (2020) 690 final.
(8)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, COM(2021) 568 final.
(9)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757, COM/2021/551 final.
(10)    Ráiteas maidir le Réiteach Dhá Cholún chun Aghaidh a Thabhairt ar na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as an nGeilleagar a Dhigitiú, Tionscadal ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, an 8 Deireadh Fómhair 2021.
(11)    Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).
(12)    Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28).
(13)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(14)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26)
(15)    Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha (IO L […], […], lch. […]).
(16) 1    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(17) 2    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(18) 3    Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha.
(19) 4    [Treoir (AE) XXX lena dtugtar feidhm do Chomhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20].
(20) 5    Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena naisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) ( IO L 91, 29.3.2019, lch. 19 ).
(21) 6    Treoir (AE) XXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ll/mm/bb
Top