AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.9.2021
COM(2021) 545 final
2021/0287(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ní mór Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh a mhodhnú chun an tabhairt anonn de chuóta turbard 2020 an Aontais nár úsáideadh a chur chun feidhme faoi chuimsiú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM).
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na bearta atá beartaithe ceaptha i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha an Chomhbheartais Iascaigh agus tá siad comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá leis an togra seo.
Eascraíonn oibleagáidí an Aontais maidir le saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha as oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) den Chonradh. Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an gcúis seo a leanas: is comhbheartas é CBI. De réir Airteagal 43(3) den Chonradh, tá sé de dhualgas ar an gComhairle na bearta maidir le socrú agus leithdháileadh deiseanna iascaireachta a ghlacadh.
•An rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe: rialachán.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní bhaineann le hábhar
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní bhaineann le hábhar.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ní bhaineann le hábhar.
•Measúnú tionchair
Cuireann Airteagal 43(3) den Chonradh teorainn le raon feidhme an rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar.
•Cearta bunúsacha
Ní bhaineann le hábhar.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon impleacht bhuiséadach ag na bearta atá beartaithe.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní bhaineann le hábhar.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Ní bhaineann le hábhar.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an leasú atá beartaithe, féachtar le Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle a mhodhnú, go háirithe Iarscríbhinn VII de, mar a thuairiscítear thíos.
In 2020, d’úsáid an Bhulgáir 83 % dá cuóta bliantúil turbard (i.e. 62 thona as 75 thona), de réir na sonraí arna ndearbhú in GFCM. Ar an gcuma chéanna, d’úsáid an Rómáin 93 % dá cuóta bliantúil turbard (i.e. 70 tona as 75 thona). Fágann sin úsáid iomlán 88 % de chuóta an Aontais de 88 % (i.e. 132 thona as 150 tona). Dá bhrí sin, is é tuairim agus 18 dtona a bhí sna cainníochtaí nach ndearna an tAontas a iascach go dtí 2021.
Dé réir phlean bainistíochta ilbhliantúil turbard GFCM, arna bhunú le Moladh GFCM/41/2017/4 agus arna leasú le Moladh GFCM/43/2019/3, go háirithe mír 1(e) de, ‘Ní sháróidh an tearcúsáid uasta a fhéadfaidh CPC a thabhairt anonn in aon bhliain faoi leith 15 faoin gcéad dá chuóta tosaigh bliantúil. Má tá an stoc i staid fhíoruafásach agus má mholtar le comhairle eolaíoch Mheitheal GFCM maidir leis an Muir Dhubh (WGBS) laghdú sa bhásmhaireacht iascaireachta, d’fhéadfaí tabhairt anonn aon chuóta nár úsáideadh a thoirmeasc’.
Rinneadh an iarraidh ón Aontas chun a chuóta nár úsáideadh in 2020 a thabhairt anonn a chur i láthair le linn an Choiste um Chomhlíonadh GFCM (21 Bealtaine 2021), inar aithníodh an staid eisceachtúil a cruthaíodh mar thoradh ar phaindéim COVID‑19. Pléadh an iarraidh maidir leis an tabhairt anonn i Meitheal choiste na Mara Duibhe freisin, i gcruinniú a raibh coinne leis chun na críche sin i mí Iúil 2021. Cheadaigh an 44ú seisiún bliantúil de chuid Choimisiún GFCM an tabhairt anonn ina dhiaidh sin.
Ní mór an cinneadh arna ghlacadh ag GFCM a chur chun feidhme trí bhíthin leasú ar Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle dá bhrí sin.
Ba cheart dáileadh deiseanna iascaireachta turbard sa Mhuir Dhubh a leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/90 a leasú dá bhrí sin chun na coigeartuithe ar chuótaí turbard an Aontais arna leagadh síos ag GFCM in 2021 a léiriú. Ba cheart dáileadh na ndeiseanna iascaireachta a eascróidh as an tearcúsáid sin a dhéanamh ar bhonn na ranníocaíochta ar leith de chuid gach Ballstáit i leith na tearcúsáide, gan an eochair leithdháilte a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 2021/90 maidir le leithdháileadh bliantúil chuótaí turbard an Aontais ar a Bhallstáit a mhodhnú. An dá Bhallstát lena mbaineann araon, an Bhulgáir agus an Rómáin, roinnfidh siad eatarthu go cothrom cuótaí turbard an Aontais le heochair leithdháilte atá cothrom le 50 % de chuótaí turbard an Aontais sa Mhuir Dhubh in aghaidh an Bhallstáit.
2021/0287 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh. Leis an Rialachán cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais an plean bainistíochta turbard arna ghlacadh ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) le haghaidh iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh (folimistéar geografach 29).
(2)Ghlac GFCM cinneadh ag an 44ú cruinniú bliantúil dá chuid in 2021 lenar tugadh dá aire nár bhain an tAontas Eorpach leas iomlán as a chuóta turbard le linn nab liana 2020 agus lenar ceadaíodh tabhairt anonn an chuóta nár úsáideadh i bhfianaise na staide eisceachtúla a cruthaíodh de bharr phaindéim COVID‑19. Ba cheart an cinneadh ó GFCM a chur chun feidhme i ndlí an Aontais dá bharr.
(3)Ba cheart dáileadh deiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh a leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/90 a leasú dá bhrí sin chun na coigeartuithe ar chuótaí an Aontais arna leagadh síos ag GFCM a léiriú. Ba cheart dáileadh na ndeiseanna iascaireachta a eascróidh ón tearcúsáid sin a dhéanamh ar bhonn na ranníocaíochta ar leith de chuid gach Ballstáit i leith na tearcúsáide, gan an eochair leithdháilte a bhunaítear i Rialachán (AE) Uimh. 2021/90 maidir le leithdháileadh bliantúil TACanna a mhodhnú.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/90 a leasú dá réir.
(5)Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/90 ón 1 Eanáir 2021. Na forálacha a thugtar isteach leis an Rialachán seo a bhaineann le teorainneacha gabhála, ba cheart dóibh, dá bhrí sin, teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir agus feidhm chúlghabhálach a bheith acu ón 1 Eanáir 2021. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint mar go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist agus nár ídíodh go fóill iad. Ar chúiseanna práinne, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2021/90
Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/90 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán