AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.7.2021
COM(2021) 391 final
2021/0191(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bannaí glasa Eorpacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2021) 390 final} - {SWD(2021) 181 final} - {SWD(2021) 182 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá an togra seo mar chuid de chlár oibre níos leithne an Choimisiúin Eorpaigh maidir le maoiniú inbhuanaithe. Leagtar síos leis an bonn le haghaidh creat coiteann rialacha maidir le húsáid na hainmníochta ‘bannaí glasa Eorpacha’ nó ‘BG-AE’ le haghaidh bannaí lena saothraítear cuspóirí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852 (an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht). Cuirtear córas ar bun leis freisin chun cuideachtaí a ghníomhaíonn mar athbhreithneoirí seachtracha le haghaidh bannaí glasa atá ailínithe leis an gcreat seo a chlárú agus mhaoirsiú. Leis sin éascófar forbairt bhreise a dhéanamh ar an margadh le haghaidh bannaí glasa ardcháilíochta, rud a rannchuideoidh le hAontas na Margaí Caipitil, agus suaitheadh sna margaí bannaí glasa atá ann cheana á íoslaghdú agus an riosca a bhaineann le snas glas á laghdú san am céanna. Beidh an ainmníocht ‘bannaí glasa Eorpacha’ ar fáil do na heisitheoirí uile, cibé acu laistigh nó lasmuigh den Aontas, a chomhlíonann ceanglais an togra seo.
Is é is aidhm don togra reachtach seo leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair agus Aontas na Margaí Caipitil chun rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 2(1)c de Chomhaontú Pháras 2016 maidir leis an athrú aeráide, agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip.
Leis an gComhaontú Glas don Eoraip soiléiríodh go n‑éilítear infheistíocht nach beag a dhéanamh ar fud na n‑earnálacha uile den gheilleagar chun aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach agus cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Aontais a ghnóthú. Sa tréimhse 2021‑2030, chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh atá ag an Aontas faoi láthair do 2030 a ghnóthú, éileofar infheistíochtaí córais fuinnimh (gan iompar san áireamh) EUR 336 bhilliún in aghaidh na bliana (i bpraghsanna tairiseacha 2015), coibhéiseach le 2.3 % de OTI. Beidh ar chuid shubstaintiúil de na sreafaí airgeadais sin teacht ón earnáil phríobháideach. Is éard a bheidh i gceist le druidim na bearna infheistíochta sin go n‑atreorófar sreafaí caipitil phríobháidigh go mór i dtreo infheistíochtaí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus éilítear leis sin athmhachnamh cuimsitheach a dhéanamh ar an gcreat airgeadais Eorpach.
Go háirithe, cuirtear i dtábhacht leis an gComhaontú Glas don Eoraip gur cheart a éascú d’infheisteoirí agus do chuideachtaí infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint agus a áirithiú go bhfuil siad inchreidte. D’fhéadfaí an méid sin a dhéanamh trí lipéid shoiléire le haghaidh táirgí infheistíochta miondíola agus trí chaighdeán bannaí glasa Eorpach a fhorbairt lena n‑éascaítear infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar an mbealach is áisiúla. D’ainneoin fhás bríomhar an mhargaidh, eisítear bannaí glasa mar chodán den eisiúint bannaí foriomlán go fóill, agus is ionann sin agus thart ar 4 % den eisiúint bannaí corparáideacha fhoriomláa in 2020. Beidh tuilleadh fáis sa mhargadh le haghaidh bannaí glasa ardcháilíochta ina fhoinse infheistíochta glaise nach beag, rud a chuidíonn le bearna infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a líonadh.
Chun na críche sin, le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip an 14 Eanáir 2020 fógraíodh go mbunófaí caighdeán bannaí glasa. Ina conclúidí i mí na Nollag 2020 maidir leis an athrú aeráide, chuir an Chomhairle Eorpach an tábhacht a bhaineann le caighdeáin choiteanna, dhomhanda a fhorbairt le haghaidh maoiniú glas i dtábhacht agus d’iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach togra reachtach a chur ar aghaidh le haghaidh caighdeán bannaí glasa faoi mhí an Mheithimh 2021. Ar deireadh, ina chlár oibre le haghaidh 2021, chuir an Coimisiún ‘geilleagar a fhóireann do dhaoine’ i dtábhacht mar thosaíocht agus chuir sé an tábhacht a bhaineann le leanúint den dul chun cinn maidir le maoiniú inbhuanaithe i dtábhacht, go háirithe trína mholadh go mbunófar caighdeán bannaí glasa an Aontais.
De bharr úsáid fhorleathan creataí margaidh dílseánaigh le haghaidh bannaí glasa, agus d’ainneoin gurb amhlaidh a ghlactar leis go coiteann go leagtar caighdeán síos le cuid de na creataí sin, is féidir go mbeidh sé costasach agus dian ar infheisteoirí an tionchar comhshaoil dearfach atá ag infheistíochtaí atá bunaithe ar bhannaí a chinneadh agus bannaí glasa éagsúla a chur i gcomparáid ar an margadh. Le haghaidh eisitheoirí, de dheasca nach ann do shainmhínithe coiteanna ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, cruthaítear neamhchinnteacht maidir leis na gníomhaíochtaí glasa is féidir a mheas mar ghníomhaíochtaí atá glas go dlisteanach. Sna dálaí sin, is féidir go mbeidh rioscaí ann le haghaidh eisitheoirí ó thaobh clú de mar gheall ar chúisimh ionchasacha i leith snas glas, go háirithe in earnálacha idirthréimhseacha. Ina theannta sin, is féidir go gcruthófar costais bhreise dóibh de dheasca ilroinnt cleachtas i réimse an athbhreithniúcháin sheachtraigh. Leis na bacainní sin, is féidir go ndéanfar difear do bhrabúsacht tionscadal ag a bhfuil tionchar aeráide agus comhshaoil substaintiúil, rud a laghdaíonn soláthar na ndeiseanna infheistíochta sin agus a chuireann bac ar ghnóthú spriocanna comhshaoil an Aontais.
Is é is aidhm don togra seo aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin trí chaighdeán a leagan síos le haghaidh bannaí glasa ardcháilíochta. Leis sin ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) feabhas a chur ar chumas infheisteoirí bannaí glasa ardcháilíochta a shainaithint agus iontaoibh a chur iontu, (2) eisiúint na mbannaí glasa ardcháilíochta sin a éascú trí shainmhínithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha glasa a shoiléiriú agus rioscaí clú ionchasacha a laghdú le haghaidh eisitheoirí in earnálacha idirthréimhseacha, agus (3) cleachtas an athbhreithniúcháin sheachtraigh a chaighdeánú agus feabhas a chur ar iontaoibh in athbhreithneoirí seachtracha trí chóras deonach clárúcháin agus maoirseachta a thabhairt isteach.
Tá an togra seo le haghaidh banna glas Eorpach fréamhaithe sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht leagtar amach aicmiú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus comhlíontacht iomlán le coimircí sóisialta íosta á háireamh mar cheann de na critéir shainitheacha. Is féidir an creat sin a úsáid mar thagarmharc chun a aicmiú cibé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch agus, ag teacht as sin, sócmhainní nó tionscadail ghaolmhara, ina gníomhaíocht ghlas, ina sócmhainní glasa nó ina dtionscadail ghlasa. De réir Airteagal 4 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, ní mór don Aontas critéir na Tacsanomaíochta a chur i bhfeidhm nuair atá aon chaighdeán á leagan amach maidir le bannaí corparáideacha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Dá bhrí sin, chun críocha bannaí glasa Eorpacha, molann an Coimisiún gur cheart a shainmhíniú sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus – de réir mar a fhorbraítear iad – ina Ghníomhartha Tarmligthe, a bhfuil i gceist le ‘glas’.
Leis an togra seo soláthraítear creat le haghaidh gach eisitheora bannaí glasa, lena n‑áirítear iad sin ón earnáil phoiblí agus phríobháideach, agus lena n‑áirítear gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais. Beartaítear an creat freisin lena úsáid ag eisitheoirí bannaí faoi chumhdach chomh maith le hurrúsuithe, a n‑eisítear a n‑urrúis le feithicil shainchuspóireach. Leis an nasc leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht is féidir na fáltais ó bhannaí glasa Eorpacha a úsáid le haghaidh raon leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena soláthraítear rannchuidiú substaintiúil le cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil. Ag cur le dea‑chleachtais an mhargaidh reatha le haghaidh bannaí glasa, leis an togra seo cuirtear i láthair cuid mhór úsáidí ionchasacha, amhail banc a eisíonn banna glas Eorpach chun morgáistí glasa a mhaoiniú, monaróir cruach a eisíonn banna glas Eorpach chun teicneolaíocht táirgeachta a astaíonn níos lú a mhaoiniú, nó stát ceannasach a eisíonn banna glas Eorpach chun scéim fóirdheontais a mhaoiniú le haghaidh suiteáil fuinnimh in‑athnuaite, gan ach a bheagán a lua.
Leis an togra seo cuirtear le dea‑chleachtais an mhargaidh, chomh maith le haiseolas agus moltaí a fhaightear ó Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um Maoiniú Inbhuanaithe. Le tuarascáil an Ghrúpa, a foilsíodh an 31 Eanáir 2018 moladh go dtabharfaí isteach Caighdeán Bannaí Glasa oifigiúil an Aontais, faoi mar a tagraíodh dó an tráth sin. Mar bheart leantach, gheall an Coimisiún go bhforbródh sé Caighdeán Bannaí Glasa an Aontais ina phlean gníomhaíochta maidir le fás inbhuanaithe a mhaoiniú a glacadh an 8 Márta 2018. Chuir sé de chúram ar an nGrúpa Saineolaithe Teicniúil (TEG) um Maoiniú Inbhuanaithe, atá comhdhéanta de rannpháirtithe margaidh ó earnálacha éagsúla, moltaí a tharraingt suas le haghaidh Chaighdeán Bannaí Glasa an Aontais. Rinne TEG amhlaidh ina thuarascáil deiridh i mí an Mheithimh 2019, rud a leanadh le treoir inúsáidteachta le haghaidh dréachtchaighdeán i mí an Mhárta 2020. Ar deireadh, bhailigh an Coimisiún léargas agus ionchur breise ar bhannaí glasa ina chomhairliúchán poiblí maidir leis an straitéis athnuaite um maoiniú inbhuanaithe (oscailte Aibreán‑Iúil 2020) agus ina chomhairliúchán spriocdhírithe maidir le Caighdeán Bannaí Glasa an Aontais (oscailte Meitheamh‑Deireadh Fómhair 2020).
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an togra seo tugtar isteach tacar rialacha nach mór d’eisitheoirí bannaí glasa a leanúint chun ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’ a thabhairt ar bhanna. Leis an togra seo cuirtear le dea‑chleachtais reatha an mhargaidh agus cuirtear ceanglais bhreise i bhfeidhm bunaithe ar reachtaíocht ábhartha atá i bhfeidhm cheana. Tá na ceanglais sin comhsheasmhach le cuspóirí na bhforálacha beartais atá ann cheana i réimse an bheartais, agus go háirithe an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Leis an togra seo éilítear ar eisitheoirí banna ghlais Eorpaigh a áirithiú go ndéantar fáltais an bhanna a leithdháileadh ar shócmhainní agus caiteachas i gcomhréir iomlán le ceanglais an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht, chun a áirithiú go bhfuil an banna féin go hiomlán inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le tionscnaimh airgeadais inbhuanaithe eile, lena n‑áirítear an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, lena gcuirfear chun cinn tuairisciú faisnéise inbhuanaitheachta ag na corparáidí móra uile agus ag an gcuid is mó de na corparáidí a liostaítear ar mhargaí rialáilte, agus tá baint ag roinnt eisitheoirí bannaí leis sin freisin, dá bhrí sin.
Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le hAontas na Margaí Caipitil, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar chumas mhargaí caipitil an Aontais infheistíochtaí a shlógadh agus a dhíriú, rud a fhéadfaidh cuidiú leis an aistriú glas a chistiú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Comhlíonann an togra seo spriocanna beartais uileghabhálacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip freagra an Aontais ar na dúshláin aeráide agus chomhshaoil lena múnlaítear an ghlúin seo. Is é is aidhm dó geilleagar atá nua‑aimseartha agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus atá iomaíoch a dhéanamh den Aontas, áit nach mbeidh aon ghlan‑astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050. Thairis sin, má sholáthraítear timpeallacht rialáilte iontaofa lena dtacaítear le heisiúint agus cruthú bannaí glasa Eorpacha beidh ról suntasach aige sin chun ról idirnáisiúnta an euro a chur chun cinn, agus cuideoidh sin le gnóthú na sprice a bhaineann le margaí airgeadais an Aontais a fhorbairt ina mol nua den ‘mhaoiniú glas’, rud a thabharfaidh breis tacaíochta d’infheistíochtaí glasa an Aontais. D’fhéadfadh an Coimisiún tacaíocht theicniúil a sholáthar do na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2021/240 chun bannaí glasa Eorpacha a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tagann an togra seo laistigh de réimse na hinniúlachta comhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus tá sé bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, lena dtugtar an inniúlacht chun forálacha iomchuí a leagan síos arb é is cuspóir dóibh an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú.
Le hAirteagal 114 CFAE ceadaítear don Aontas bearta a dhéanamh ní hamháin chun deireadh a chur le bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú na saoirse bunúsacha, ach freisin chun cosc a chur le teacht chun cinn dóchúil na mbacainní sin sa todhchaí. Áireofar leis sin freisin na bacainní sin a fhágann nach éasca do rannpháirtithe margaidh, amhail eisitheoirí bannaí glasa nó infheisteoirí, leas iomlán a bhaint as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh.
Tá an margadh reatha le haghaidh bannaí glasa bunaithe go hiomlán ar chaighdeáin agus cleachtais mhargadhshainithe, agus dearbhú d’infheisteoirí atá á sholáthar ag cuideachtaí a ghníomhaíonn mar athbhreithneoirí seachtracha. Leis na caighdeáin sin atá ann cheana leagtar amach treoirlínte nó moltaí próiseasbhunaithe ardleibhéil, ach níl na sainmhínithe foluiteacha ar thionscadail ghlasa sách caighdeánaithe, dian ná cuimsitheach. Fágann sin nach féidir le hinfheisteoirí bannaí a bhfuil a bhfáltais ailínithe nó ina rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil a shainaithint go héasca, lena n‑áirítear go háirithe an sprioc a bhaineann leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú chuig i bhfad faoi bhun 2 ℃ agus iarrachtaí a dhéanamh chun í sin a theorannú chuig 1.5 ℃ os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha, mar a leagtar amach i gComhaontú Pháras. Leis an staid sin teorannaítear freisin cumas eisitheoirí úsáid a bhaint as bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun a ngníomhaíochtaí a aistriú i dtreo samhlacha gnó atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
Ina theannta sin, leis na caighdeáin mhargadhbhunaithe a úsáidtear faoi láthair ní áirithítear trédhearcacht ná cuntasacht athbhreithneoirí seachtracha go leordhóthanach, ná ní dhéantar maoirseacht leanúnach ar chuideachtaí a ghníomhaíonn mar athbhreithneoirí seachtracha. Dá dheasca sin, tá tuilleadh deacrachtaí ag infheisteoirí bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint, iontaoibh a chur iontu, agus iad a chur i gcomparáid.
Tá cleachtais éagsúla, dá bhrí sin, i bhfeidhm ar fud an Aontais, rud a fhágann go mbíonn sé costasach ar infheisteoirí fíorbhannaí glasa a shainaithint agus rud a choisceann, an tráth céanna, an margadh le haghaidh bannaí glasa fás de réir a acmhainne.
Go dtí seo, níor reachtaigh aon Bhallstát chun caighdeán oifigiúil bannaí glasa a bhunú ar an leibhéal náisiúnta. Le scéimeanna lipéadaithe náisiúnta, áfach, leagtar amach ceanglais éagsúla cheana le haghaidh táirgí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus, i gcásanna áirithe, féadfaidh ceanglais maidir le bannaí a bheith dá thoradh sin, mar shampla i gcás ceanglais maidir le cistí bannaí. Agus bannaí glasa ceannasacha atá eisithe ag Ballstáit de chuid an Aontais á gcur i gcomparáid, is ann do shamplaí cheana inar cuireadh sainmhínithe éagsúla ar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i bhfeidhm ar fud na mBallstát. Thairis sin, i bhfianaise fhás leanúnach mhargadh na mbannaí glasa agus a róil chun cistiú a dhéanamh ar chineál na n‑infheistíochtaí seasta is gá chun spriocanna Chomhaontú Pháras a ghnóthú, is dóigh go ndéanfaidh Ballstáit áirithe machnamh ar chaighdeáin a chruthú nó treoirlínte a bhunú ar an leibhéal náisiúnta.
Leis na tionscnaimh náisiúnta sin, is dócha go bhféachfaí le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna céanna a bhféachtar le haghaidh a thabhairt orthu leis an tionscnamh BG-AE molta, ach is féidir go n‑imeoidh na torthaí ó chéile ar fud na mBallstát. Dá bhrí sin, is dócha go dtiocfadh éagothromaíochtaí chun cinn idir dlíthe náisiúnta, agus go gcuirfí bac leo ar shaorghluaiseacht caipitil, go ndéanfaí dochar leo le cothroime iomaíochta ar an leibhéal Eorpach, agus go ngníomhófaí leo in aghaidh chuspóirí Aontas na Margaí Caipitil. Dá bhrí sin, is léir gur gá d’eisitheoirí bannaí glasa poiblí agus príobháideacha caighdeán bannaí glasa comhchuibhithe a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais. Le glacadh an Rialacháin seo, d’fhéachfaí leis na ceanglais chomhchuibhithe sin a áirithiú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bonn dlí iomchuí.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena leagtar amach nach bhféadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna a bheartaítear a ghnóthú astu féin.
Tá margadh na mbannaí glasa idirnáisiúnta ann féin, agus bannaí á dtrádáil ag rannpháirtithe ar fud teorainneacha náisiúnta. Éilíonn eisitheoirí agus infheisteoirí táirgí airgeadais méadracht choiteann agus sainmhínithe chun a chinneadh cé na tionscadail agus na gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus iad a chur i gcomparáid. I bhfianaise na staide sin, ba é an éifeacht ionchasach a bheadh ag gníomhaíocht reachtach náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na mainneachtainí a shainaithnítear i margadh na mbannaí glasa ná an margadh Eorpach le haghaidh bannaí glasa a ilroinnt.
Thairis sin, tá an margadh le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha bannaí glasa ina mhargadh trasteorann. Chun cothroime iomaíochta a chothabháil le haghaidh na ngníomhaithe a sholáthraíonn na seirbhísí sin, tá gá le córas clárúcháin agus maoirseachta láraithe le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha ar bhannaí glasa Eorpacha ar an leibhéal Eorpach, comhordaithe ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA).
Dá bhrí sin, ní féidir tionscnamh den sórt sin a theorannú do chríoch Ballstáit aonair, agus tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais. Ní féidir ceanglais chomhsheasmhacha ná chaighdeánaithe le haghaidh bannaí glasa Eorpacha a shainmhíniú ach amháin le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais ar mhaithe le feabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus saobhadh margaidh a chosc.
Ar deireadh, i bhfianaise na n‑idirghabhálacha éagsúla idir an togra maidir le bannaí glasa Eorpacha agus reachtaíocht ábhartha eile ón Aontas, amhail an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, is cosúil go bhfuil ionstraim Aontais níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an staid reatha.
Ar na cúiseanna a thugtar thuas, is fearr is féidir aonfhoirmeacht agus deimhneacht dhlíthiúil fheidhmiú shaoirsí an Chonartha a áirithiú le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. Is gá na bearta molta chun na cuspóirí a ghnóthú, agus is iad is oiriúnaí freisin.
Má chuirtear caighdeán deonach comhchuibhithe i bhfeidhm le haghaidh banna glas ar leibhéal an Aontais socrófar an tagarmharc le haghaidh bannaí glasa ardcháilíochta ar mhargaí Eorpacha agus domhanda, b’fhéidir, gan úsáid an chaighdeáin maidir le rannpháirtithe margaidh reatha a fhorchur. Trína cheadú go mbainfear baic áirithe ar fheidhmiú cuí an mhargaidh le haghaidh bannaí glasa ardcháilíochta, d’fhéadfadh an Rialachán seo a bheith ina chuidiú chun sreafaí caipitil a dhíriú ar thionscadail atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus infheistíochtaí glasa trasteorann a éascú. Ós rud é go bhfuil an baol ann go dtiocfadh ilroinnt an mhargaidh agus mearbhall infheisteora as easpa gníomhaíochta, déanfar foráil leis an togra seo maidir le soiléireacht dlí, trédhearcacht agus inchomparáideacht bannaí glasa Eorpacha ar fud an Aontais.
Leis an aiseolas ó pháirtithe leasmhara agus leis an measúnú tionchair le haghaidh an togra seo sainaithníodh gurb iad príomhchúiseanna na faidhbe ná easpa sainmhíniú comhsheasmhach ar na bealaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun fáltais bannaí glasa a úsáid, agus an easpa maoirseachta leanúnaí ar athbhreithneoirí seachtracha. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar gach ceann de na saincheisteanna sin agus iad a leigheas, eadhon: (1) caighdeán deonach a chruthú le haghaidh bannaí glasa lena n‑éilítear go bhfuil úsáid fáltas ailínithe le ceanglais an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht, agus (2) a éileamh ar eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha athbhreithniúchán réamheisiúna agus iareisiúna a fháil ó athbhreithneoir seachtrach atá cláraithe agus maoirsithe i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. Níl iniúchóirí stáit ná eintitis phoiblí eile atá sainordaithe ag eisitheoirí ceannasacha faoi réir cheanglais chlárúcháin ná mhaoirseachta an Rialacháin seo, ós rud é gur eintitis reachtúla iad atá freagrach as formhaoirseacht ar chaiteachas poiblí agus is iondúil go bhfuil siad neamhspleách faoi ráthaíocht dlí.
•An rogha ionstraime
Is é is aidhm don togra seo tacar coiteann ceanglas a chur i bhfeidhm le haghaidh caighdeán comhchuibhithe le haghaidh bannaí glasa Eorpacha, rud a shimpleoidh infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a thuilleadh agus a thacóidh le bealach comhordaithe chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Is gá Rialachán atá infheidhme go díreach chun na cuspóirí beartais sin a ghnóthú agus is é an bealach is fearr é chun comhchuibhiú uasta a sholáthar agus éagsúlachtaí a bhaineann le cur chun feidhme neamhchothrom á seachaint.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Níl aon chóras ar leibhéal an Aontais faoi láthair le haghaidh bannaí glasa.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí oscailte maidir leis an straitéis athnuaite um maoiniú inbhuanaithe an 8 Aibreán 2020, rud a osclaíodh ar feadh 16 seachtaine. Áiríodh breis agus 100 ceist sa chomhairliúchán sin, lena n‑áirítear ceisteanna leithleacha ar chaighdeáin agus lipéid le haghaidh táirgí airgeadais agus ar Chaighdeán Bannaí Glasa an Aontais, mar a thugtaí air an tráth sin, chomh maith leis sin. Fuair an Coimisiún breis agus 600 freagra ar an gcomhairliúchán sin ó réimse leathan páirtithe leasmhara. Ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, foilsíodh ráiteas aiseolais le forbhreathnú ar na rannchuidithe a fuarthas.
Mar chuid den phróiseas, sheol an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe an 12 Meitheamh 2020 freisin chun tuilleadh ionchuir a lorg ó pháirtithe leasmhara ar CBG-AE. Osclaíodh an comhairliúchán sin ar feadh 16 seachtaine agus dúnadh an 2 Deireadh Fómhair 2020 é tar éis 167 bhfreagra a fháil. Foilsíodh na freagraí ar líne. Bhí 19 gceist sa doiciméad comhairliúcháin san iomlán agus bhí sé dírithe ar dhá phríomhábhar, eadhon ar CBG-AE agus ar bhannaí sóisialta agus COVID‑19. Fuarthas rannchuidithe ó réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áiríodh eagraíochtaí cuideachta/gnó, comhlachais ghnó, eagraíochtaí tomhaltóirí, ENRanna agus údaráis phoiblí. Ó thaobh na tíreolaíochta de, fuarthas freagraí ó 20 Ballstát, 2 thír Eorpacha eile agus 2 thír neamh‑Eorpacha.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Rinne an Coimisiún agallaimh ghrinne struchtúrtha le 11 pháirtí leasmhara roghnaithe ó earnálacha agus Ballstáit éagsúla i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2020.
Ina theannta sin, idir an 2 Nollaig agus an 23 Nollaig 2020, rinne an Coimisiún comhairliúchán gairid le hoifigigh náisiúnta bainistíochta fiach trí mheitheal bannaí glasa an fhoghrúpa maidir le margaí fiachais cheannasaigh Eorpacha (ESDM) de chuid Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA) na Comhairle, agus úsáid á baint as ceistneoir spriocdhírithe. Scaipeadh an ceistneoir freisin ar an nGrúpa Saineolaithe um Maoiniú Inbhuanaithe de chuid na mBallstát (MSEG), agus iarradh ar na freagróirí a bhfreagraí a chomhordú in aghaidh an Bhallstáit. Sholáthair 17 mBallstát aiseolas.
Reáchtáil an Coimisiún glaonna tráthrialta leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) freisin chun tuairim agus comhairle a fháil uaidh, lena n‑áirítear maidir le córas ionchasach clárúcháin agus maoirseachta le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha ar leibhéal an Aontais.
D’ullmhaigh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin páipéir acadúla, páipéir oibre, agus tuarascálacha leithleacha maidir le bannaí glasa: (1) ‘Green bonds and companies’ environmental performance: a feasibility study’[Bannaí glasa agus feidhmíocht comhshaoil cuideachtaí: staidéar féidearthachta]; (2) ‘Green bonds and use of proceeds reporting: what do we know from market data providers?’[Bannaí glasa agus úsáid tuairiscithe fáltas: cén t‑eolas atá againn ó sholáthraithe sonraí faoin margadh?]; (3) ‘The pricing of green bonds. Are financial institutions special?’[Praghsáil bannaí glasa. An bhfuil institiúidí airgeadais speisialta?] (4) ‘Green Bonds as a tool against climate change.’[Bannaí glasa mar uirlis in aghaidh an athraithe aeráide.]
Pléadh an tionscnamh Eorpach maidir le bannaí glasa ag cruinnithe tráthrialta an Ghrúpa Saineolaithe um Maoiniú Inbhuanaithe de chuid na mBallstát ó 2019 i leith: Tugadh na Ballstáit cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta agus ghlac siad páirt i bpléití ar shaincheisteanna sonracha, amhail an nasc leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus formáid agus cineál tionscnaimh ionchasaigh Eorpaigh maidir le bannaí glasa.
•Measúnú tionchair
Leis an measúnú tionchair measadh réimse roghanna beartais ar fud trí phríomhghné bheartais, i dteannta na staide bonnlíne i gcás nach ndéantar aon ghníomhaíocht Aontais:
(1)Maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm an chaighdeáin le haghaidh eisitheoirí bannaí glasa, ba iad na roghanna a measadh (1) cur chuige deonach trína mbeadh eisitheoirí bannaí glasa saor chun a roghnú cibé acu a dhéanfaidís nó nach ndéanfaidís ailíniú leis an tionscnamh Eorpach a bheidh ann sa todhchaí maidir le bannaí glasa agus (2) cur chuige sainordaitheach trínar ghá úsáid a bhaint as an tionscnamh bannaí glasa Eorpach a bheidh ann sa todhchaí leis na bannaí glasa uile a eisítear san Aontas nó a eisíonn eisitheoir bunaithe san Aontas.
(2)Maidir le láimhseáil rialála athbhreithneoirí seachtracha ar bhannaí glasa Eorpacha, ba iad na roghanna a measadh (1) é a chur de chúram ar ESMA athbhreithneoirí seachtracha ar bhannaí glasa Eorpacha a údarú, le formhaoirseacht agus ceanglais mhaoirseachta theoranta, agus (2) é a chur de chúram ar ESMA athbhreithneoirí seachtracha ar CBG-AE a údarú agus a mhaoirsiú faoi chreat níos déine.
(3)Maidir leis an tsolúbthacht ionchasach a thugtar d’eisitheoirí ceannasacha ar mian leo bannaí glasa Eorpach a eisiúint, i gcomparáid le heisitheoirí neamhcheannasacha, ba iad na roghanna a measadh (1) solúbthacht ar bith, (2) solúbthacht maidir le ceanglais a bhaineann le bannaí seachas cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht, agus (3) solúbthacht maidir le ceanglais a bhaineann le bannaí agus maidir leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
Ba léir ó thorthaí ó dhá chomhairliúchán ar líne ar an ábhar sin gur thacaigh tromlach mór de pháirtithe leasmhara leis an gcoincheap le haghaidh Chaighdeán Bannaí Glasa an Aontais, faoi mar a thugtaí air an tráth sin, mar a mhol an Grúpa Saineolaithe Teicniúla um Maoiniú Inbhuanaithe, lena n‑áirítear an ceanglas maidir le caighdeán deonach. Níor thug ach mionlach an‑bheag tacaíocht do chaighdeán sainordaitheach.
Thug tromlach mór freagróirí tacaíocht do chóras rialála le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha faoi mhaoirseacht ESMA, agus d’iarr roinnt acu córas comhréireach. Cuireann an méid sin in iúl gurb amhlaidh a bheadh formhór na bpáirtithe leasmhara i bhfabhar, tríd is tríd, na rogha a bhainfeadh le córas maoirseachta a bheadh níos éadroime nó níos spriocdhírithe.
Chuathas i gcomhairle le heisitheoirí ceannasacha bannaí glasa reatha agus ionchasacha san Aontas maidir le solúbthacht ionchasach le haghaidh eisitheoirí ceannasacha, agus bhí siad roinnte go cothrom ar an gceist i dtaobh cibé acu ba cheart nó nár cheart solúbthacht a bheith ann maidir leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Bhíothas go mór i bhfabhar, áfach, cur chuige comhsheasmhach a choinneáil ar bun maidir le heisitheoirí ceannasacha agus corparáideacha.
Bunaithe ar anailís ar na roghanna éagsúla agus ar an aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara, sainaithníodh mar rogha thosaíochta leis an measúnú tionchair:
(1)go bhfuil an tionscnamh bannaí glasa Eorpach bunaithe mar chaighdeán deonach atá ailínithe le dea‑chleachtas an mhargaidh agus leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht,
(2)go gcuirtear de chúram ar ESMA athbhreithneoirí seachtracha ar bhannaí glasa Eorpacha a údarú le ceanglais mhaoirseachta theoranta, agus
(3)go dtugtar solúbthacht áirithe d’eisitheoirí ceannasacha i ndáil le forfheidhmiú bannaí glasa Eorpacha, ach nach ndéantar amhlaidh maidir lena gcur i bhfeidhm agus lena léirmhíniú ar an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
Leis an rogha thosaíochta cuirtear le dea‑chleachtais an mhargaidh i réimse an tuairiscithe agus an athbhreithniúcháin sheachtraigh, agus leis an ailíniú leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Leis na heilimintí sin shocrófaí an tionscnamh bannaí glasa Eorpach mar an caighdeán is fearr ó thaobh na trédhearcachta agus na hinchreidteachta comhshaoil de, i gcomhréir leis an gcuspóir a bhaineann leis an margadh a fhorbairt agus le tacú leis le haghaidh bannaí glasa ar cháilíocht níos airde. Leis an gcaighdeán deonach molta in éineacht le cur chuige maoirseachta éadroime d’áiritheofaí go ngnóthófaí cuspóirí an Aontais ar an mbealach is costéifeachtúla agus is éifeachtaí.
Mheallfaí eisitheoirí bannaí glasa ardcháilíochta le caighdeán deonach, agus thug roinnt díobh tacaíocht don tionscnamh maidir le bannaí glasa Eorpacha, ós rud é go bhfágfadh sin go bhféadfaidís cumarsáid a dhéanamh ar bhealach níos soiléire le hinfheisteoirí agus daoine eile faoina ndintiúir agus faoina ngealltanais ó thaobh an chomhshaoil de. An tráth céanna, bheadh an méid sin ina chuidiú chun tionchair shuaiteacha ar mhargaí bannaí glasa atá ann cheana a sheachaint, a fhéadfaidh leanúint de bheith ag oibriú faoi shaoirse. Leis sin d’éascófaí cruthú timpeallachta margaidh iomaíoch, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí eisiúintí todhchaí a spreagadh trí éileamh infheisteoirí seachas trí cheanglais rialála.
Trí chur chuige maoirseachta níos éadroime agus níos spriocdhírithe i leith athbhreithneoirí seachtracha mhéadófaí trédhearcacht le haghaidh eisitheoirí agus infheisteoirí nósanna imeachta um athbhreithniúchán seachtrach, chuirfí feabhas ar chomhchuibhiú gnéithe áirithe de na cuir chuige éagsúla agus thabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, gan soláthraithe atá ann cheana a dhíspreagadh maidir le soláthraithe atá ann cheana a chlárú faoin gcóras agus gníomhú mar athbhreithneoirí le haghaidh bannaí glasa Eorpacha.
Tríd an rogha a bhaineann le solúbthacht theoranta le haghaidh stáit cheannasacha a chur chun feidhme, bheadh na Ballstáit in ann bannaí glasa Eorpacha a eisiúint ar chothroime iomaíochta le corparáidí, agus tairbhiú an tráth céanna fós de sholúbthacht áirithe lena gcuirtear a sainiúlachtaí institiúideacha san áireamh. Dála cás úsáideoirí eile, maidir leis an gcinneadh chun ailíniú le ceanglais an tionscnaimh maidir le bannaí glasa Eorpacha, ba ar bhonn deonach a chuirfeadh stáit cheannasacha i bhfeidhm é.
Ar an iomlán, sholáthrófaí leis an gcaighdeán buntáistí soiléire ó thaobh iontaoibhe de, rud a d’fhéadfaí a aistriú ina mbuntáistí praghsála sa bhanna agus dreasacht nua a sholáthar d’eisitheoirí úsáid a bhaint as sin. Ar an mbealach céanna, is féidir gur mian le heisitheoirí gealltanas glas níos láidre a léiriú trí eisiúint a dhéanamh faoin gcaighdeán.
Sholáthrófaí deighleog bannaí glasa d’infheisteoirí lena n‑áirithítear ardleibhéal sláine, trédhearcachta agus inchomparáideachta ó thaobh an mhargaidh de, agus lena soláthraítear sainmhíniú coiteann ar ghlas, rud a mhéadaíonn inchomparáideacht agus iontaoibh. Leis an tionscnamh sholáthrófaí rogha bhreise d’infheisteoirí agus rachadh sé chun tairbhe do na hinfheisteoirí glasa is tiomanta go háirithe, ar mór acu sainmhíniú glas níos déine. D’fhéadfadh infheisteoirí institiúideacha iad féin a dhealú go soiléir ón gcuid eile den mhargadh trína n‑infheistíochtaí bannaí a dhíriú ar bhannaí glasa Eorpacha.
Féadfaidh athbhreithneoirí seachtracha costais bhreise a thabhú más mian leo an caighdeán a chomhlíonadh. I dteannta táillí maoirseachta, ar cheart iad a choimeád chomh híseal agus is féidir don am i láthair, bheadh ar athbhreithneoirí costais chomhlíontachta agus chomhairleacha dhlíthiúla dhíreacha áirithe a thabhú chomh maith le costais eagraíochtúla chun bheith údaraithe ag ESMA.
Bheadh eisitheoirí fós in ann bannaí glasa a eisiúint faoi chaighdeáin mhargaidh éagsúla. Na costais a bhaineann le húsáid an chaighdeáin, is costais iad den chuid is mó a fhéadfaidh a bheith curtha ar aghaidh ó athbhreithneoirí seachtracha chomh maith le costais a bhaineann leis an tacsanomaíocht a chur i bhfeidhm. Costais a bhaineann leis an tacsanomaíocht a chur i bhfeidhm, áfach, bheidís tabhaithe cheana faoi thionscnaimh eile (e.g. an Treoir um Thuairisciú Neamh‑Airgeadais 2014/95/AE), rud a fhágann go ndéanfaí cuid de na costais sin a fhritháireamh.
Leis an tionscnamh soláthraítear sainmhíniú soiléir ar ‘inbhuanaitheacht comhshaoil’ agus éascaítear sainaithint bannaí glasa ardcháilíochta sa mhargadh. Leis an méadú ar thrédhearcacht ba cheart feabhas a chur ar éifeachtúlacht an mhargaidh agus níos mó infheistíochtaí a spreagadh i dtreo tionscadail agus sócmhainní glasa ar cháilíocht níos airde, go háirithe i gcomhar le ceanglais nua maidir le nochtadh a eascraíonn as codanna eile den phlean gníomhaíochta níos leithne maidir le maoiniú inbhuanaithe. Thairis sin, féadfaidh buntáistí praghsála teacht as iontaoibh mhargaidh níos mó, agus is féidir maoiniú sócmhainní agus tionscadal atá ailínithe leis an tacsanomaíocht a chur chun cinn ar an mbealach sin. Ba cheart na tosca sin a bheith ina gcuidiú chun an geilleagar Eorpach a aistriú chuig teicneolaíochtaí agus próisis táirgeachta atá neodrach ó thaobh carbóin de, teicneolaíochtaí agus próisis táirgeachta nach bhfuil chomh truaillitheach céanna ar an iomlán, arb é an toradh atá air sin tionchair dhearfacha ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí go ginearálta.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní raibh an togra seo mar chuid de sheiceáil oiriúnachta.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Leis an togra seo cumhachtaítear do ESMA feidhm nua a dhéanamh chun athbhreithneoirí seachtracha a sholáthraíonn a seirbhísí faoin Rialachán seo a chlárú agus a mhaoirsiú. Leis sin éileofar ar ESMA táillí a ghearradh ar athbhreithneoirí seachtracha, agus ba cheart na costais riaracháin uile a thabhaíonn ESMA le haghaidh na ngníomhaíochtaí i ndáil le clárú agus maoirsiú athbhreithneora sheachtraigh a chumhdach leo sin.
Bunaithe ar mheastachán 0.2 coibhéis lánaimseartha in aghaidh an eintitis agus 3 athbhreithneoir sheachtracha san iomlán sa chéad tréimhse 4 bliana, ní bhainfeadh an ceanglas ach le clárúchán agus maoirseacht leanúnach a bheith á ndéanamh ag 0.6 coibhéis lánaimseartha. Ba cheart sineirgí ionchasacha láidre a bheith ann, áfach, leis na freagrachtaí atá ar ESMA cheana a thagann ón athbhreithniúchán ar oibríochtaí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (ESAnna) ar soláthraíodh foireann agus acmhainní buiséadacha breise do ESMA ina leith. Ina theannta sin, i gcomhthéacs pleanáil a dhéanamh ar dhréachtbhuiséad an Aontais le haghaidh 2022, spreagadh na gníomhaireachtaí uile gnóthachain éifeachtúlachta bliantúla réasúnacha a réadú idir 1 % agus 2 %. Dá réir sin, beartaítear nach n‑éileofaí aon acmhainní breise go sonrach le haghaidh an togra seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Le linn meastóireacht a dhéanamh ar an tionscnamh seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na foinsí agus na táscairí a luaitear thíos agus braithfidh sé ar chomhairliúchán poiblí agus pléití le ESMA agus le húdaráis inniúla. Déanfar an mheastóireacht de réir threoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr.
Táscairí:
(1)an méid iomlán a eisíodh, an méid iomlán gan íoc, an toirt iomlán, agus praghsanna bannaí agus úsáid á baint as an ainmníocht ‘banna glas Eorpach’, agus as bannaí atá curtha in áirithe mar ‘glas’ (ach ní gá go bhfuil úsáid á baint as an ainmníocht ‘banna glas Eorpach’) a eisítear in aghaidh na bliana agus gan íoc [san Aontas agus go domhanda];
(2)sonraí maidir le leachtacht sna margaí le haghaidh bannaí agus úsáid á baint as an ainmníocht ‘bannaí glasa Eorpacha’, bannaí atá curtha in áirithe mar ‘glas’, agus bannaí gan íoc eile (mar thagarmharc i.e. ón eisitheoir céanna/ó eisitheoirí comhchosúla);
(3)an líon athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe faoin Rialachán reatha;
(4)sonraí maidir le táillí rialála a íocann na hathbhreithneoirí seachtracha sin;
(5)gearáin agus/nó tuarascálacha maoirseachta maidir le comhlíontacht leis an Rialachán seo.
Foinsí:
(1)bunachar sonraí ESMA maidir le hathbhreithneoirí seachtracha cláraithe,
(2)bunachar sonraí ESMA maidir le táillí agus muirir rialála;
(3)bunachar sonraí ESMA maidir le fógraí agus gearáin,
(4)bunachair sonraí sheachtracha i ndáil leis an margadh bannaí,
(5)ionchur díreach agus comhairleach ó pháirtithe leasmhara.
Beidh roghanna forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadú Bhord an Choimisiúin Eorpaigh um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le Teideal I, trí bhíthin Airteagal 1, leagtar síos ábhar an Rialacháin, eadhon ceanglais aonfhoirmeacha le haghaidh eisitheoirí bannaí ar mian leo go deonach úsáid a bhaint as an ainmníocht ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’ (bannaí glasa Eorpacha) le haghaidh a mbannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí san Aontas, agus bunú córais clárúcháin agus creata maoirseachta le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha ar bhannaí glasa Eorpacha.
Le hAirteagal 2 leagtar amach na sainmhínithe chun críocha an Rialacháin seo.
Le Teideal II den Rialachán leagtar amach na coinníollacha maidir le húsáid na hainmníochta ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’.
Le Caibidil 1 cumhdaítear na ceanglais a bhaineann le bannaí.
Le hAirteagal 3 teorannaítear úsáid na hainmníochta ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’ d’eisitheoirí bannaí a chomhlíonann ceanglais an Teidil seo, go dtí aibíocht an bhanna. Beartaítear an creat lena úsáid ag aon eisitheoir bannaí, lena n‑áirítear eisitheoirí bannaí faoi chumhdach chomh maith le hurrúsuithe, a eisíonn a n‑urrúis le feithicil shainchuspóireach. Thairis sin, beartaítear an creat lena úsáid ag eisitheoirí laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, nuair a chuirtear bannaí ar fáil d’infheisteoirí ón Aontas.
Le hAirteagal 4 leagtar síos nach mór d’eisitheoirí na fáltais a leithdháileadh ar mhaoiniú, ar mhaoiniú den sórt a leanas amháin, maoiniú sócmhainní seasta incháilithe, maoiniú caiteachais incháilithe nó maoiniú sócmhainní airgeadais incháilithe, nó maoiniú comhcheangail díobh sin. Coinnítear ar bun leis an airteagal nach gceadaítear d’eisitheoirí bannaí costais a bhaint as na fáltais a bailíodh chun críocha an leithdháilte sin. Ceadaítear leis freisin d’eisitheoirí ceannasacha fáltais bannaí a leithdháileadh ar chineálacha áirithe eile caiteachais, ina dteannta sin a luaitear in Airteagal 4(1).
Le hAirteagal 5 cinntear na catagóirí nach mór sócmhainní airgeadais incháilithe a bheith mar chuid díobh chun críocha an Rialacháin seo, agus na cineálacha sócmhainní agus caiteachais ba cheart a mhaoiniú leis na sócmhainní airgeadais sin.
Le hAirteagal 6 éilítear go mbainfidh an úsáid uile a bhaintear as fáltais bannaí le gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena gcomhlíontar na ceanglais maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, eadhon (1) rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin, (2) gan díobháil mhór a dhéanamh d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil sin, (3) iad a bheith á ndéanamh i gcomhréir leis na coimircí íosta a leagtar síos in Airteagal 18 den Rialachán sin, agus (4) comhlíonadh na gcritéar scagtha teicniúil a bhunaíonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2), agus 15(2) den Rialachán sin.
Ag féachaint don dul chun cinn teicneolaíoch lena bhfuiltear ag súil i réimse na hinbhuanaitheachta comhshaoil, is dócha go ndéanfar athbhreithniúchán agus leasú le himeacht ama ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 lena leagtar síos na critéir scagtha theicniúla. Sin an fáth a leagtar amach le hAirteagal 7 na ceanglais maidir le tacsanomaíocht dá dtagraítear in Airteagail 4 go 6 nach mór d’eisitheoirí a úsáid.
Chun críocha na Caibidle seo, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil úsáid na hainmníochta ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’ gan dochar do cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Thairis sin, níor cheart aon fhoráil den Rialachán seo a léirmhíniú mar fhoráil lena gcuirtear srian le cumas an eisitheora úsáid a bhaint as na bannaí chun caillteanais a thagann as gníomhaíochtaí, sócmhainní nó codanna eile den eintiteas a chumhdach. Níor cheart, ach oiread, aon fhoráil den Rialachán seo a léirmhíniú mar fhoráil lena gcuirtear srian leis an gcumhacht ionstraimí caipitil nó dliteanais ábhartha de chuid institiúide a dhíluacháil nó a thiontú de bhun Threoir 2014/59/AE, nó ar tharlú teagmhais truicir i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Rialachán (AE) 2019/2033 mar is infheidhme.
Chun críocha na caibidle seo, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nár cheart, leis an gceanglas maidir le fáltais bannaí glasa Eorpacha a leithdháileadh ar shócmhainní nó caiteachais incháilithe a mhaoiniú, toirmeasc a chur ar eisitheoir bannaí den sórt sin sócmhainní seasta ná airgeadais a úsáid mar urrús le haghaidh an bhanna, ná níor cheart toirmeasc a chur ar eisitheoirí den sórt sin leis an toradh a íocadh le sealbhóirí an bhanna a nascadh le feidhmíocht an tionscadail a maoiníodh leis an mbanna.
Le Caibidil II leagtar amach na ceanglais maidir le trédhearcacht agus athbhreithniúchán seachtrach le haghaidh bannaí glasa Eorpacha.
Le hAirteagal 8 soiléirítear nach bhféadfar an banna a thairiscint don phobal san Aontas ach amháin tar éis an bhileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha a fhoilsiú roimh ré, rud a tharraingítear suas i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ar shuíomh gréasáin an eisitheora in éineacht leis an athbhreithniúchán réamheisiúna ar an mbileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha de chuid athbhreithneoir seachtrach.
Le hAirteagal 9 forchuirtear oibleagáid ar an eisitheoir tuarascálacha leithdháilte bliantúla maidir le bannaí glasa Eorpacha a tharraingt suas, i gcomhréir le hIarscríbhinn II, go dtí go leithdháilfear fáltais an bhanna go hiomlán, agus a fhoilsiú tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh na bliana tagartha. Éilítear ar an eisitheoir freisin athbhreithniúchán iareisiúna a fháil ó athbhreithneoir seachtrach ar an gcéad tuarascáil leithdháilte tar éis leithdháileadh iomlán fáltas bannaí.
Le hAirteagal 10 leagtar amach an ceanglas chun go dtarraingeoidh an t‑eisitheoir tuarascáil tionchair suas i gcomhréir le hIarscríbhinn III tar éis leithdháileadh iomlán na bhfáltas ar a laghad uair amháin le linn shaolré an bhanna.
Féadfaidh eisitheoirí ar stáit cheannasacha iad, i gcomhréir le hAirteagal 11, athbhreithniúcháin réamheisiúna agus iareisiúna a fháil freisin ó iniúchóir stáit nó ó aon eintiteas poiblí eile atá sainordaithe ag an stát ceannasach chun measúnú a dhéanamh ar ailíniú leis an Rialachán seo.
Le hAirteagal 12 leagtar ceanglais amach le haghaidh na mbannaí glasa Eorpacha sin nach mór réamheolaire a eisiúint lena n‑aghaidh.
Le hAirteagal 13 leagtar amach oibleagáidí chun go ndéanfaidh eisitheoirí na doiciméid uile a tharraingíonn an t‑eisitheoir suas faoi réir Airteagail 8 go 12 a choinneáil ar bun ar a suíomhanna gréasáin go dtí aibíocht na mbannaí uile, lena n‑áirítear athbhreithniúcháin réamheisiúna agus iareisiúna faoi seach. Leis an Airteagal seo tugtar ceanglais isteach freisin maidir le húsáid teangacha agus éilítear fógra a thabhairt do ESMA faoi dhoiciméid áirithe a tharraingítear suas i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Le Teideal III den Rialachán leagtar amach na coinníollacha maidir le gabháil le gníomhaíochtaí mar athbhreithneoirí seachtracha le haghaidh bannaí glasa Eorpacha. Níl feidhm ag an teideal seo maidir le hiniúchóirí stáit ná eintitis phoiblí eile atá sainordaithe ag eisitheoirí ceannasacha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin.
Le Caibidil I tugtar isteach na coinníollacha maidir le gabháil le gníomhaíochtaí mar athbhreithneoirí seachtracha. Áirítear leis sin an ceanglas maidir lena bheith cláraithe agus na coinníollacha maidir le clárúchán a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach. Le hAirteagal 15 beartaítear le sainordaithe RTS agus ITS go sonrófar critéir áirithe maidir le clárú athbhreithneoirí seachtracha agus foirmeacha, teimpléad agus nósanna imeachta caighdeánacha áirithe. Nuair a chláraítear é, féadfaidh athbhreithneoir seachtrach a ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar fud chríoch iomlán an Aontais. Ní mór d’athbhreithneoir seachtrach cur isteach ar chlárúchán ó ESMA. Ní mór d’athbhreithneoir seachtrach fógra a thabhairt do ESMA i gcás athruithe ábhartha ar na coinníollacha maidir lena chlárú tosaigh sula gcuirtear na hathruithe sin chun feidhme. Is féidir le ESMA diúltú athbhreithneoir seachtrach a chlárú faoi Airteagal 15 agus a chlárúchán a tharraingt siar faoi choinníollacha áirithe faoi Airteagal 51. Le hAirteagal 59 tugtar isteach ceanglas chun go gcoinneoidh ESMA bunachar sonraí ar bun ar a shuíomh gréasáin leis na hathbhreithneoirí seachtracha cláraithe uile, lena n‑áirítear iad sin a gcuirtear toirmeasc sealadach orthu gníomhaíochtaí a shaothrú faoin Rialachán seo agus ar tarraingíodh a gclárúchán siar.
Le Caibidil II leagtar amach ceanglais maidir leis an eagrúchán, leis na próisis agus leis na doiciméid maidir le rialachas le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha. Leagtar amach na prionsabail ghinearálta leis in Airteagal 18 trína éileamh ar an athbhreithneoir seachtrach córais, acmhainní agus nósanna imeachta iomchuí a úsáid agus trína éileamh ar an athbhreithneoir seachtrach faireachán agus meastóireacht a dhéanamh go bliantúil ar a laghad ar leordhóthanacht agus éifeachtacht a chórais, a shásraí rialaithe inmheánaigh agus a shocruithe agus bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh. Le hAirteagail 19 go 28 leagtar síos ar bhealach níos mionsonraithe na ceanglais maidir leis an mbainistíocht shinsearach; anailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnúcháin; feidhm chomhlíonta; beartais agus nósanna imeachta inmheánacha; modheolaíochtaí measúnúcháin agus faisnéis a úsáideadh; earráidí i modheolaíochtaí measúnúcháin nó maidir lena gcur i bhfeidhm; seachfhoinsiú; ceanglais maidir le taifid a choimeád; coinbhleachtaí leasa a sheachaint; agus soláthar seirbhísí eile. Le hAirteagail 18 go 23, agus 25 leagtar síos sainorduithe RTS chun go sonrófar a thuilleadh na critéir is gá chun measúnú a dhéanamh ar na ceanglais eagrúcháin, na próisis agus na doiciméid maidir le rialachas ar athbhreithneoirí seachtracha.
Le Caibidil III leagtar amach na ceanglais maidir le hathbhreithniúcháin réamheisiúna agus iareisiúna. Le hAirteagal 29 soiléirítear nach bhféadfar tagairt a dhéanamh le hathbhreithniúchán réamheisiúna ná iareisiúna do ESMA ná d’aon údarás inniúil ar bhealach lena gcuirfí in iúl nó lena dtabharfaí le fios go bhformhuiníonn nó go bhformheasann ESMA nó aon údarás inniúil an doiciméad ábhartha nó aon ghníomhaíocht mheasúnúcháin de chuid an athbhreithneora sheachtraigh. Le hAirteagal 30 bunaítear ceanglais maidir leis an bhfaisnéis a chuirfidh athbhreithneoirí seachtracha ar fáil saor in aisce ar a suíomhanna gréasáin, lena n‑áirítear na hathbhreithniúcháin réamheisiúna agus iareisiúna uile faoin Rialachán seo.
Le Caibidil IV bunaítear rialacha maidir le soláthar seirbhísí ag athbhreithneoirí seachtracha tríú tír.
Le Teideal IV leagtar síos, i gCaibidil I dá chuid, na cumhachtaí atá ag údaráis náisiúnta inniúla chun eisitheoirí bannaí a mhaoirsiú chun a áirithiú go gcuirtear Airteagail 8 go 13 den Rialachán seo i bhfeidhm. Áirítear forálacha leithleacha leis freisin lena sonraítear na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhéadfaidh údaráis inniúla a fhorchur chomh maith le rialacha maidir leis na smachtbhannaí sin a fhoilsiú agus a thuairisciú do ESMA.
I gCaibidil II dá chuid, leis an teideal seo leagtar amach na cumhachtaí atá ag ESMA maidir le maoirseacht ar athbhreithneoirí seachtracha. Áirítear leo sin an chumhacht chun faisnéis a iarraidh trí iarraidh nó cinneadh simplí, an chumhacht chun imscrúduithe ginearálta a dhéanamh chomh maith leis an gcumhacht chun cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair. Leis an gcaibidil leagtar amach na coinníollacha freisin faoina bhféadfaidh ESMA a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú. Le forálacha leithleacha sonraítear na bearta maoirseachta, na fíneálacha agus na pionóis thréimhsiúla a fhéadfaidh ESMA a fhorchur. Cumasaítear do ESMA freisin táillí clárúcháin agus maoirseachta a ghearradh.
Le Teideal V maidir le gníomhartha tarmligthe tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 60.
Le Teideal VI maidir le forálacha críochnaitheacha leagtar amach foráil idirthréimhseach maidir le hathbhreithneoirí seachtracha sa chéad 30 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2021/0191 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bannaí glasa Eorpacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá an t‑aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, éifeachtúil ó thaobh acmhainní de, ciorclach agus cothrom lárnach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais agus folláine a phobal a áirithiú. In 2016, thug an tAontas Comhaontú Pháras i gcrích. Le hAirteagal 2(1), pointe (c), de Chomhaontú Pháras leagtar amach na cuspóirí a bhaineann leis an bhfreagra ar an athrú aeráide a neartú, i measc modhanna eile, trína áirithiú go bhfuil sreafaí airgeadais comhsheasmhach le conair i dtreo astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.
(2)Le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip an 14 Eanáir 2020 beartaítear bunú caighdeáin maidir le bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun deiseanna infheistíochta a mhéadú a thuilleadh agus sainaithint infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a éascú trí lipéad soiléir. Ina conclúidí i mí na Nollag 2020, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh maidir le caighdeán bannaí glasa.
(3)Tá bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar cheann de na príomhionstraimí chun infheistíochtaí a mhaoiniú a bhaineann le teicneolaíochtaí ísealcharbóin, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní chomh maith le bonneagar iompair agus bonneagar taighde inbhuanaithe. Féadfaidh gnóthais nó stáit cheannasacha idir cinn airgeadais agus neamhairgeadais na bannaí sin a eisiúint. Le tionscnaimh éagsúla atá ann cheana le haghaidh bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ní áirithítear sainmhínithe coiteanna ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Cuirtear cosc leis sin ar infheisteoirí bannaí a shainaithint go héasca a bhfuil a bhfáltais ailínithe nó ina rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil mar a leagtar síos i gComhaontú Pháras.
(4)Le rialacha éagsúla maidir le nochtadh faisnéise, maidir le trédhearcacht agus cuntasacht athbhreithneoirí seachtracha a dhéanann athbhreithniúchán ar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus maidir le critéir incháilitheachta le haghaidh tionscadail incháilithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, cuirtear bac ar chumas infheisteoirí bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint, iontaoibh a chur iontu, agus iad a chur i gcomparáid, agus cumas eisitheoirí úsáid a bhaint as bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a ngníomhaíochtaí a aistriú i dtreo samhlacha gnó atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
(5)Agus ailíniú le cuspóirí chomhaontú Pháras á áirithiú, agus i bhfianaise na n‑éagsúlachtaí atá ann cheana agus in éagmais rialacha coiteanna, is dóigh go nglacfaidh na Ballstáit bearta agus cuir chuige éagsúla, ag a mbeidh tionchar diúltach díreach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus lena gcruthófar bacainní air, agus lena ndéanfar díobháil d’eisitheoirí bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Le forbairt chomhthreomhar cleachtas margaidh bunaithe ar thosaíochtaí atá dírithe ar thráchtáil lena dtáirgtear torthaí éagsúla, cruthaítear ilroinnt an mhargaidh agus tá an baol ann go ngéarófaí neamhéifeachtúlachtaí a thuilleadh i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Fágann caighdeáin agus cleachtais mhargaidh éagsúla gur deacair bannaí éagsúla a chruthú, cruthaítear dálaí éagothroma leo d’eisitheoirí, cruthaítear bacainní breise laistigh den mhargadh inmheánach, agus tá an baol ann go saobhfaí cinntí infheistíochta leo.
(6)In éagmais rialacha comhchuibhithe maidir leis na nósanna imeachta a úsáideann athbhreithneoirí seachtracha chun athbhreithniúchán a dhéanamh ar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus de dheasca na sainmhínithe éagsúla ar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, fágann sin go bhfuil deacracht mhéadaitheach ag infheisteoirí bannaí a chur i gcomparáid go héifeachtach ar fud an mhargaidh inmheánaigh i leith a gcuspóirí comhshaoil. Tá an margadh le haghaidh bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de idirnáisiúnta as féin, agus baineann rannpháirtithe an mhargaidh a thrádálann bannaí úsáid as seirbhísí athbhreithniúcháin sheachtraigh ó sholáthraithe tríú páirtí thar theorainneacha. Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais d’fhéadfaí laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus seirbhísí athbhreithniúcháin sheachtaigh a bhaineann le bannaí, agus d’fhéadfaí cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a áirithiú sa mhargadh le haghaidh na mbannaí sin.
(7)Dá bhrí sin, ba cheart tacar aonfhoirmeach ceanglas sonrach a leagan síos le haghaidh bannaí atá eisithe ag gnóthais nó stáit cheannasacha idir chinn airgeadais agus chinn neamhairgeadais ar mian leo go deonach úsáid a bhain as an ainmníocht ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’ le haghaidh na mbannaí sin. Le ceanglais cháilíochta maidir le bannaí glasa Eorpacha a shonrú i bhfoirm Rialacháin ba cheart a áirithiú gurb ann do choinníollacha aonfhoirmeacha chun na bannaí sin a eisiúint trí chosc a chur le ceanglais náisiúnta éagsúla a d’fhéadfadh teacht as trasuí Treorach, agus ba cheart a áirithiú freisin go bhfuil na coinníollacha sin infheidhme go díreach maidir le heisitheoirí na mbannaí sin. Ba cheart d’eisitheoirí a úsáideann an ainmníocht ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’ go deonach na rialacha céanna a leanúint ar fud an Aontais, chun éifeachtúlacht an mhargaidh a mhéadú trí neamhréireachtaí a laghdú agus na costais a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar na bannaí sin le haghaidh infheisteoirí a laghdú tríd sin freisin.
(8)I gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2020/852, agus chun sainmhínithe coiteanna, mionsonraithe, cainníochtúla agus soiléire a sholáthar d’infheisteoirí, ba cheart na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán sin a úsáid chun a chinneadh cibé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Maidir le fáltais bannaí a úsáideann an ainmníocht ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’ ba cheart iad a úsáid go heisiach chun cistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá ailínithe dá réir sin leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852, nó atá ina rannchuidiú le claochlú na ngníomhaíochtaí chun bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Is féidir na bannaí sin a úsáid, áfach, chun na gníomhaíochtaí sin atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a mhaoiniú go díreach trí mhaoiniú sócmhainní agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, nó go hindíreach trí shócmhainní airgeadais lena maoinítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena gcomhlíontar na ceanglais sin. Dá bhrí sin, is gá sonrú a dhéanamh ar na catagóirí caiteachas agus sócmhainní is féidir a mhaoiniú leis na fáltais bannaí a bhaineann úsáid as an ainmníocht ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’.
(9)Ba cheart fáltais bannaí glasa Eorpacha a úsáid chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mhaoiniú ag a bhfuil tionchar dearfach marthanach ar an gcomhshaol. Is féidir an tionchar dearfach marthanach sin a fháil ar bhealaí leithleacha. Ós rud é gur sócmhainní fadtéarmacha iad sócmhainní seasta, áirítear ar an gcéad bhealach úsáid a bhaint as na fáltais ó na bannaí glasa Eorpacha sin chun maoiniú a dhéanamh ar shócmhainní seasta inláimhsithe nó doláimhsithe nach sócmhainní airgeadais iad, ar choinníoll go mbaineann na sócmhainní seasta sin le gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena gcomhlíontar na ceanglais maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 (‘ceanglais maidir le tacsanomaíocht’). Ós rud é gur féidir sócmhainní airgeadais a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha le tionchar dearfach marthanach ar an gcomhshaol, tá úsáid na bhfáltas sin chun sócmhainní airgeadais a mhaoiniú ar an dara bealach, ar choinníoll go leithdháilfear na fáltais ó na sócmhainní airgeadais sin ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha lena gcomhlíontar na ceanglais maidir le tacsanomaíocht. Ós rud é gur féidir tionchar dearfach fadtéarmach a bheith ag sócmhainní teaghlach ar an gcomhshaol, ba cheart sócmhainní teaghlach a áireamh sna sócmhainní airgeadais sin freisin. Ós rud é gur féidir úsáid a bhaint as caiteachas caipitil agus caiteachas oibríochtúil roghnaithe chun sócmhainní seasta a fháil, a uasghrádú, nó a choinneáil ar bun, tá úsáid na bhfáltas ó na bannaí sin chun maoiniú a dhéanamh ar chaiteachais chaipitil agus oibríochtúla ar an tríú bealach, ar caiteachais chaipitil agus oibríochtúla iad a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíoch lena gcomhlíontar na ceanglais maidir le tacsanomaíocht nó lena gcomhlíonfar na ceanglais sin laistigh de thréimhse réasúnach gairid ó eisiúint an bhanna lena mbaineann, tréimhse lenar féidir síneadh a chur, áfach, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin le gnéithe sonracha na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n‑infheistíochtaí lena mbaineann. Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, ba cheart caiteachais teaghlach a áireamh freisin sna caiteachais chaipitil agus oibríochtúla.
(10)Is eisitheoirí rialta bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad stáit cheannasacha agus dá bhrí sin ba cheart a cheadú dóibh freisin ‘bannaí glasa Eorpacha’ a eisiúint, ar choinníoll go n‑úsáidtear fáltais na mbannaí sin chun maoiniú a dhéanamh ar shócmhainní nó caiteachas lena gcomhlíontar an tacsanomaíocht, nó sócmhainní nó caiteachas lena gcomhlíonfar na ceanglais sin laistigh de thréimhse réasúnach gairid ó eisiúint an bhanna lena mbaineann, tréimhse lenar féidir síneadh a chur, áfach, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin le gnéithe sonracha na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n‑infheistíochtaí lena mbaineann.
(11)Le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2020/852 éilítear ar na Ballstáit agus ar an Aontas na critéir a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm chun cinneadh a dhéanamh an gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun críocha aon bhirt lena leagtar amach ceanglais ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó eisitheoirí i leith táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha a chuirtear ar fáil mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Dá bhrí sin, luíonn sé le réasún gur cheart a chinneadh leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (d), de Rialachán (AE) 2020/852 na sócmhainní seasta, na caiteachais agus na sócmhainní airgeadais is féidir a mhaoiniú le fáltais bannaí glasa Eorpacha. Mar gheall ar an dul chun cinn teicneolaíoch a bhfuil coinne leis i réimse na hinbhuanaitheachta comhshaoil, maidir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, is dócha go ndéanfar athbhreithniúchán orthu agus go leasófar iad le himeacht ama. Beag beann ar na hathruithe sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí agus cosc a chur le tionchar diúltach a bheith ag leasuithe ar na critéir scagtha theicniúla ar phraghas bannaí glasa Eorpacha a eisíodh cheana, ba cheart d’eisitheoirí a bheith in ann na critéir scagtha theicniúla a bhí i bhfeidhm tráth a eisíodh an banna glas Eorpach a chur i bhfeidhm agus fáltais na mbannaí sin a leithdháileadh ar shócmhainní seasta incháilithe nó caiteachais, go dtí aibíocht an bhanna. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh bannaí glasa Eorpacha a leithdháiltear a bhfáltais ar shócmhainní airgeadais, is gá a shoiléiriú gur cheart leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha foluiteacha atá cistithe leis na sócmhainní airgeadais sin na critéir scagtha theicniúla is infheidhme tráth a cruthaíodh na sócmhainní airgeadais a chomhlíonadh. I gcás ina leasaítear na gníomhartha tarmligthe ábhartha, ba cheart don eisitheoir fáltais a leithdháileadh trí na gníomhartha tarmligthe leasaithe a chur i bhfeidhm laistigh de 5 bliana.
(12)Maidir leis an am is gá chun sócmhainn a chlaochlú chun an ghníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann sí a ailíniú leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, níor cheart é a bheith níos faide go réasúnach ná 5 bliana, seachas in imthosca áirithe ina bhféadfaidh tréimhse suas le 10 mbliana a bheith i gceist leis sin. Ar an gcúis sin, ba cheart baint a bheith ag caiteachas caipitil incháilithe le gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena gcomhlíontar nó lena gcomhlíonfar na ceanglais maidir le tacsanomaíocht laistigh de 5 bliana ó eisiúint an bhanna, mura rud é go bhfuil údar cuí le tréimhse is faide suas le 10 mbliana le gnéithe sonracha na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n‑infheistíochtaí lena mbaineann.
(13)Ba cheart an fhaisnéis uile is gá a sholáthar d’infheisteoirí chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar comhshaoil bannaí glasa Eorpacha, agus chun na bannaí sin a chur i gcomparáid. Chun na críche sin, is gá ceanglais shonracha agus chaighdeánaithe maidir le nochtadh a leagan amach lena soláthraítear trédhearcacht faoin mbealach a mbeartaíonn an t‑eisitheoir fáltais an bhanna a leithdháileadh ar shócmhainní seasta, ar chaiteachais agus ar shócmhainní airgeadais incháilithe agus faoin mbealach a ndéantar na fáltais sin a leithdháileadh i bhfírinne. Is fearr is féidir an trédhearcacht sin a ghnóthú trí bhíthin bileoga fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha agus tuarascálacha leithdháilte bliantúla. Chun inchomparáideacht bannaí glasa Eorpacha a neartú agus logánú faisnéise ábhartha a éascú, is gá teimpléid a leagan síos chun an fhaisnéis sin a nochtadh.
(14)Ba cheart d’infheisteoirí tairbhiú de rochtain chostéifeachtach ar fhaisnéis iontaofa faoi na bannaí glasa Eorpacha. Ba cheart d’eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha, dá bhrí sin, athbhreithneoirí seachtracha a chonrú chun go soláthrófar athbhreithniúchán réamheisiúna ar an mbileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha, agus athbhreithniúcháin iareisiúna ar thuarascálacha leithdháilte bliantúla maidir le bannaí glasa Eorpacha.
(15)Ba cheart d’eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha cloí lena ngealltanais d’infheisteoirí agus fáltais a mbannaí a leithdháileadh laistigh de thréimhse réasúnach gairid tar éis na heisiúna. An tráth céanna, níor cheart pionóis a ghearradh ar eisitheoirí as fáltais bannaí a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le tacsanomaíocht leo fós, ach a chomhlíonfar leo iad laistigh den tréimhse 5 bliana (nó den tréimhse shínte 10 mbliana). Ba cheart d’eisitheoirí in aon chás na fáltais uile óna mbannaí glasa Eorpacha a leithdháileadh roimh aibíocht gach banna.
(16)Murab ionann agus eisitheoirí ar gnóthais airgeadais nó neamhairgeadais iad, is féidir le heisitheoirí ar stáit cheannasacha iad na fáltais ó bhannaí glasa Eorpacha a úsáid chun maoiniú a dhéanamh go hindíreach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht trí úsáid a bhaint as cláir caiteachas cánach nó as cláir aistrithe, lena n‑áirítear fóirdheontais. Sna cásanna sin, áirithíonn stáit cheannasacha go gcomhlíonann gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá cistithe leis na cláir sin téarmaí agus coinníollacha na gclár sin. Ar an gcúis sin, le linn athbhreithniúcháin réamheisiúna agus iareisiúna ar bhannaí glasa Eorpacha atá eisithe ag stáit cheannasacha a sholáthar, a ndéantar na fáltais uathu a leithdháileadh ar chaiteachais nó fóirdheontais chánach i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha atá ailínithe le ceanglais maidir le tacsanomaíocht, níor cheart a éileamh ar athbhreithneoirí seachtracha measúnú a dhéanamh ar ailíniú tacsanomaíochta gach gníomhaíochta eacnamaíche atá cistithe leis na cláir sin. I gcás inarb amhlaidh atá, ba cheart é a bheith leordhóthanach go ndéanfadh athbhreithneoirí seachtracha measúnú ar ailíniú théarmaí agus choinníollacha na gclár cistiúcháin lena mbaineann leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht.
(17)Maidir le gnóthais airgeadais áirithe ag a bhfuil punann bannaí glasa Eorpacha, is féidir nach mbeidh siad in ann sainaithint a dhéanamh, le haghaidh gach banna ghlais Eorpaigh, ar na sócmhainní airgeadais ar leithligh ar leithdháileadh fáltais an bhanna sin orthu. Is é is cúis leis sin ná neamhréir idir, ar thaobh amháin, an t‑am is gá go dtí an aibíocht agus méid cistiúcháin na mbannaí sin, agus ar an taobh eile, an t‑am is gá go dtí an aibíocht agus méid na sócmhainní airgeadais ar chlár comhardaithe an ghnóthais airgeadais. Sna cásanna sin ba cheart a éileamh ar ghnóthais airgeadais nochtadh a dhéanamh ar leithdháileadh fháltais chomhiomlána a bpunainne de bhannaí glasa Eorpacha ar phunann de shócmhainní airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar chlár comhardaithe an ghnóthais. Ba cheart do na gnóthais airgeadais sin a léiriú ansin i dtuarascálacha leithdháilte bhliantúil gur chomhlíon na sócmhainní airgeadais gaolmhara atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de na ceanglais maidir le tacsanomaíocht an tráth a cruthaíodh iad. Chun a áirithiú go leithdháiltear na fáltais uile ó bhannaí glasa Eorpacha ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart do na gnóthais airgeadais a léiriú freisin gur mó méid na sócmhainní airgeadais sin atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ná an méid bannaí glasa Eorpacha nár aibigh fós nó ba cheart do na gnóthais sin a léiriú gurb ionann méid na sócmhainní airgeadais sin agus an méid bannaí glasa Eorpacha sin. Chun a áirithiú go bhfanann an fhaisnéis a sholáthraítear iomlán agus cothrom le dáta, ba cheart d’athbhreithneoir seachtrach athbhreithniúchán a dhéanamh ar na tuarascálacha leithdháilte bliantúla gach bliain. Ba cheart don athbhreithneoir seachtrach sin díriú go háirithe ar na sócmhainní airgeadais sin nach raibh ar chlár comhardaithe an eisitheora i dtuarascáil leithdháilte na bliana roimhe sin.
(18)Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht, ba cheart d’eisitheoirí an tionchar comhshaoil atá ag a mbannaí a nochtadh freisin trí bhíthin tuarascálacha tionchair a fhoilsiú, ar cheart iad a bheith foilsithe uair amháin ar a laghad le linn shaolré an bhanna. Chun an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar d’infheisteoirí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil atá ag bannaí glasa Eorpacha, i dtuarascálacha tionchair ba cheart na méadrachtaí, na modheolaíochtaí agus na toimhdí a chuirtear i bhfeidhm sa mheasúnú ar na tionchair chomhshaoil a shonrú go soiléir. Chun inchomparáideacht bannaí glasa Eorpacha a neartú agus logánú faisnéise ábhartha a éascú, is gá teimpléid a leagan síos chun an fhaisnéis sin a nochtadh.
(19)Maidir le hiniúchóirí stáit, nó aon eintiteas poiblí eile atá sainordaithe ag stát ceannasach chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a leithdháiltear fáltais na mbannaí glasa Eorpacha ar shócmhainní seasta, caiteachais agus sócmhainní airgeadais incháilithe, is eintitis reachtúla iad a bhfuil freagracht orthu agus saineolas acu san fhormhaoirseacht ar chaiteachas poiblí, agus tá neamhspleáchas atá faoi ráthaíocht dlí acu go hiondúil. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do stáit cheannasacha a eisíonn bannaí glasa Eorpacha úsáid a bhaint as na hiniúchóirí stáit nó na heintitis stáit sin chun críocha an athbhreithniúcháin sheachtraigh ar bhannaí arna n‑eisiúint ag na stáit cheannasacha sin. Níor cheart na hiniúchóirí ná na heintitis stáit sin a bheith cláraithe ná maoirsithe de réir an Rialacháin seo.
(20)Chun éifeachtúlacht an mhargaidh le haghaidh bannaí glasa Eorpacha a áirithiú, ba cheart d’eisitheoirí mionsonraí faoi na bannaí glasa Eorpacha a eisíonn siad a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin. Chun iontaofacht faisnéise agus muinín infheisteoirí a áirithiú, foilseoidh siad an t‑athbhreithniúchán réamheisiúna freisin chomh maith le haon athbhreithniúchán iareisiúna.
(21)Chun feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir leis an mbealach a dtagann athbhreithneoirí seachtracha ar a gconclúidí, chun a áirithiú go mbeidh cáilíochtaí, taithí ghairmiúil agus neamhspleáchas leordhóthanach ag athbhreithneoirí seachtracha, agus chun laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le coinbhleachtaí leasa ionchasacha, agus dá réir sin chun cosaint leordhóthanach infheisteoirí a áirithiú, níor cheart d’eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha úsáid a bhaint ach amháin as athbhreithneoirí seachtracha, lena n‑áirítear ó thríú tíortha, a cláraíodh agus atá faoi réir maoirseacht leanúnach ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA).
(22)Chun an trédhearcacht a neartú i dtreo infheisteoirí faoin mbealach a ndéantar measúnú ar ailíniú fáltas bannaí leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha nochtadh a dhéanamh ar bhealach sách mionsonraithe d’úsáideoirí athbhreithniúchán réamheisiúna agus athbhreithniúchán iareisiúna ar na modheolaíochtaí agus ar na príomhthoimhdí a úsáideann siad ina ngníomhaíochtaí athbhreithniúcháin sheachtraigh, agus aird chuí á tabhairt ar chosaint sonraí dílseánaigh agus maoine intleachtúla.
(23)Ba cheart socruithe a bheith i bhfeidhm ag athbhreithneoirí seachtracha le haghaidh a rialachais chorparáidigh fhónta féin chun a áirithiú go mbeidh a n‑athbhreithniúcháin réamheisiúna agus iareisiúna neamhspleách, oibiachtúil agus ar cháilíocht mhaith. Dá bhrí sin ba cheart do bhainistíocht shinsearach athbhreithneoirí seachtracha saineolas leordhóthanach a bheith acu i seirbhísí airgeadais agus in ábhair chomhshaoil agus a áirithiú go ndéanfaidh líon leordhóthanach fostaithe, agus an t‑eolas agus an taithí is gá acu, an t‑athbhreithniúchán seachtrach. Ar an gcúis chéanna, ba cheart don fheidhm chomhlíonta a bheith in ann a torthaí a thuairisciú d’orgán maoirseachta nó d’orgán riaracháin.
(24)Chun neamhspleáchas athbhreithneoirí seachtracha a áirithiú, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha staideanna coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus na coinbhleachtaí sin a bhainistiú go leordhóthanach nuair atá siad dosheachanta. Dá bhrí sin, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha coinbhleachtaí leasa a nochtadh go tráthúil. Ba cheart dóibh taifid a choimeád freisin ar na bagairtí suntasacha uile ar a neamhspleáchas, ar neamhspleáchas a bhfostaithe agus daoine eile a bhfuil baint acu le próiseas an athbhreithniúcháin sheachtraigh. Ba cheart dóibh taifid a choimeád freisin ar na coimircí a chuirtear i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú.
(25)Is gá cuir i bhfeidhm éagsúla ar an Rialachán seo ag údaráis náisiúnta inniúla a sheachaint. An tráth céanna, is gá costais idirbhirt agus oibríochtúla athbhreithneoirí seachtracha a ísliú, chun muinín infheisteoirí a neartú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú. Dá bhrí sin is iomchuí inniúlacht ghinearálta a thabhairt do ESMA le haghaidh clárúchán agus maoirseacht leanúnach athbhreithneoirí seachtracha cláraithe san Aontas. Tríd an bhfreagracht eisiach as na hábhair sin a chur ar iontaoibh ESMA ba cheart cothroime iomaíochta a áirithiú ó thaobh ceanglais chlárúcháin agus maoirseacht leanúnach agus deireadh a chur leis an riosca a bhaineann le harbatráiste rialála ar fud na mBallstát. An tráth céanna, leis an bhfreagracht eisiach sin ba cheart leithdháileadh acmhainní maoirseachta a optamú ar leibhéal an Aontais, rud a fhágann go bhfuil ESMA ina lárionad saineolais agus a fheabhsaíonn éifeachtúlacht na maoirseachta.
(26)Ba cheart do ESMA a bheith in ann an fhaisnéis uile is gá a éileamh chun a chúraimí maoirseachta a dhéanamh go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart dó a bheith in ann an fhaisnéis sin a éileamh ó athbhreithneoirí seachtracha, daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí athbhreithniúcháin sheachtraigh, eintitis athbhreithnithe agus tríú páirtithe gaolmhara, tríú páirtithe ar seachfhoinsíodh na hathbhreithneoirí seachtracha feidhmeanna oibríochtúla chucu agus daoine a bhaineann nó atá nasctha go dlúth agus go substaintiúil le hathbhreithneoirí seachtracha nó gníomhaíochtaí athbhreithniúcháin sheachtraigh.
(27)Chun é a chur ar a chumas do ESMA a chúraimí maoirseachta a dhéanamh, agus go háirithe iallach a chur ar athbhreithneoirí seachtracha deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus cheart a sholáthar nó imscrúdú nó cigireacht ar an láthair a chomhlíonadh, ba cheart do ESMA a bheith in ann pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur.
(28)Féadfaidh eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha rochtain ar sheirbhísí athbhreithneoirí seachtracha tríú tír a lorg. Dá bhrí sin, is gá córas tríú tír a leagan síos d’athbhreithneoirí seachtracha ar bhonn measúnú, aitheantas nó formhuiniú coibhéise faoina bhféadfaidh athbhreithneoirí seachtracha tríú tír seirbhísí athbhreithniúcháin sheachtraigh a sholáthar.
(29)Chun rochtain a éascú le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha tríú tír in éagmais cinneadh coibhéise, is gá próiseas a leagan síos chun go n‑aithneoidh ESMA athbhreithneoirí seachtracha atá lonnaithe i dtríú tír.
(30)Chun a éascú d’athbhreithneoirí seachtracha tríú tír seirbhísí a sholáthar d’eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha, ba cheart córas formhuinithe a leagan síos, lena gceadaítear, faoi choinníollacha áirithe, d’athbhreithneoirí seachtracha cláraithe atá lonnaithe san Aontas seirbhísí arna soláthar ag athbhreithneoir seachtrach tríú tír a fhormhuiniú. Athbhreithneoir seachtrach a d’fhormhuinigh seirbhísí arna soláthar ag athbhreithneoir seachtrach tríú tír, ba cheart dó a bheith go hiomlán freagrach as na seirbhísí formhuinithe sin agus as a áirithiú go gcomhlíonann an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír sin na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
(31)I gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, ba cheart cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus rialacha mionsonraithe maidir le tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú agus an cineál táillí, na hábhair a bhfuil fíneálacha dlite lena n‑aghaidh, méid na dtáillí, agus an bealach a íocfar na táillí sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil an tráth céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a dhéileálann le hullmhú gníomhartha tarmligthe.
(32)Mar chomhlacht a bhfuil saineolas an‑speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme nach bhfuil baint ag roghanna beartais leo a chur ar iontaoibh ESMA lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin.
(33)Ba cheart do ESMA a bheith sainordaithe dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na critéir a shonrú a thuilleadh, critéir ar ar féidir leis measúnú a dhéanamh ar iarratas ar chlárúchán de chuid athbhreithneora sheachtraigh agus soláthar faisnéise ag an athbhreithneoir seachtrach sin chun a leibhéal comhlíontachta le ceanglais an Rialacháin seo a chinneadh.
(34)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(35)Ba cheart ESMA a shainordú chun dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta caighdeánacha a shonrú le haghaidh soláthar faisnéise chun athbhreithneoirí seachtracha a chlárú. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(36)Chun athbhreithneoirí seachtracha a spreagadh lena seirbhísí a sholáthar d’eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha amhail ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leagtar amach leis an Rialachán seo córas idirthréimhseach maidir leis an gcéad 30 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(37)Tá dhá chuspóir ag an Rialachán seo: Ar thaobh amháin, is é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh feidhm ag ceanglais aonfhoirmeacha maidir le húsáid na hainmníochta ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’. Ar an taobh eile, is é is aidhm dó córas clárúcháin agus creat maoirseachta simplí a bhunú le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha trí chlárúchán agus maoirseacht athbhreithneoirí seachtracha san Aontas a chur ar iontaoibh údaráis maoirseachta aonair. Leis an dá aidhm ba cheart tiomsú caipitil a éascú le haghaidh tionscadail lena saothraítear cuspóirí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Teideal I
Ábhar agus sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha le haghaidh eisitheoirí ar mian leo úsáid a bhaint as an ainmníocht ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’ le haghaidh a mbannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí san Aontas, agus bunaítear córas clárúcháin agus creat maoirseachta le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha bannaí glasa Eorpacha.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘eisitheoir’ aon eintiteas dlítheanach a eisíonn bannaí;
(2)ciallaíonn ‘gnóthas airgeadais’ BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuideachta bainistíochta GCUI mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;
(3)ciallaíonn ‘ceannasach’ aon cheann díobh seo a leanas:
(a)Euratom, an tAontas agus aon cheann dá ngníomhaireachtaí;
(b)aon Stát, lena n‑áirítear roinn rialtais, gníomhaireacht, nó feithicil shainchuspóireach de chuid Stát den sórt sin;
(c)i gcás Stát cónaidhme, comhalta den chónaidhm;
(d)eintiteas réigiúnach nó bardasach;
(e)gnóthas comhchoiteann de Stáit leithleacha i bhfoirm eagraíochta nó feithicle sainchuspóirí;
(f)cuideachta dlí phríobháidigh faoi úinéireacht iomlán ceann amháin nó níos mó de na heintitis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e);
(4)ciallaíonn ‘ceanglais maidir le tacsanomaíocht’ na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852;
(5)ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Teideal II
Coinníollacha maidir le húsáid na hainmníochta ‘banna glas Eorpach’ nó ‘BG-AE’
Caibidil I
Ceanglais a bhaineann le bannaí
Airteagal 3
Ainmníocht
Maidir leis an ainmníocht ‘banna glas Eorpach’ nó 'BG-AE’ ní úsáidfear í ach amháin le haghaidh bannaí lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa Teideal seo go dtí a n‑aibíocht.
Airteagal 4
Úsáid na bhfáltas ó bhannaí glasa Eorpacha
1.Roimh aibíocht an bhanna, beidh na fáltais ó bhannaí glasa Eorpacha leithdháilte go heisiach agus go hiomlán, gan costais a asbhaint, ar na nithe seo a leanas, nó ar chomhcheangal díobh:
(a)sócmhainní seasta, lena n‑áirítear sócmhainní seasta de chuid teaghlach, nach sócmhainní airgeadais iad;
(b)caiteachais chaipitil, lena n‑áirítear caiteachais chaipitil teaghlach;
(c)caiteachais oibríochtúla a tabhaíodh tréimhse is déanaí ná 3 bliana roimh eisiúint an bhanna ghlais Eorpaigh;
(d)sócmhainní airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5;
Chun críocha na míre seo, ciallóidh caiteachais chaipitil breiseanna le sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe le linn na bliana airgeadais a bhreithnítear roimh dhímheas, amúchadh agus aon atomhas, lena n‑áirítear na breiseanna atá mar thoradh ar athluachálacha agus laguithe le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann, agus seachas luach cóir nó aon bhreis le sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe atá mar thoradh ar chomhcheangail idir gnólachtaí.
Chun críocha na míre seo, ciallóidh caiteachais oibríochtúla costais neamhchaipitlithe dhíreacha a bhaineann le taighde agus forbairt, oideachas agus oiliúint, bearta athchóirithe foirgneamh, léas gearrthéarma, cothabháil agus deisiúchán, agus aon chaiteachas díreach eile a bhaineann le seirbhísiú laethúil sócmhainní seasta inláimhsithe nó doláimhsithe maoine, gléasra agus trealaimh is gá lena áirithiú go bhfeidhmeoidh na sócmhainní sin go leanúnach agus go héifeachtach.
2.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh stát ceannasach na fáltais ó bhannaí glasa Eorpacha atá eisithe aige a leithdháileadh ar an méid seo a leanas freisin, nó ar aon chomhcheangal de sin:
(a)sócmhainní seasta dá dtagraítear i bpointe 7.22 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(b)sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais dá dtagraítear i bpointe 7.24 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013;
(c)faoiseamh cánach dá dtagraítear i bpointe 20.167 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 a deonaíodh tréimhse is déanaí ná 3 bliana roimh eisiúint an bhanna ghlais Eorpaigh;
(d)fóirdheontais dá dtagraítear i bpointe 4.30 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 a aistríodh tréimhse is déanaí ná 3 bliana roimh eisiúint an bhanna ghlais Eorpaigh;
(e)caiteachais chaipitil dá dtagraítear i bpointe 20.104 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.
3.Féadfar banna glas Eorpach a athmhaoiniú trí bhanna glas Eorpach nua a eisiúint.
Airteagal 5
Sócmhainní airgeadais
1.Ciallóidh sócmhainní airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (d), aon cheann de na sócmhainní seo a leanas, nó aon chomhcheangal díobh:
(a)fiachas;
(b)cothromas.
2.Maidir le fáltas na sócmhainní airgeadais dá dtagraítear i mír 1 ní leithdháilfear iad ach amháin ar shócmhainní seasta nach sócmhainní airgeadais iad dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), caiteachais chaipitil dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b), nó caiteachais oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c).
3.De mhaolú ar mhír 2, maidir le fáltais na sócmhainne airgeadais dá dtagraítear i mír 1, féadfar iad a leithdháileadh ar shócmhainní airgeadais eile ar choinníoll go leithdháiltear fáltais na sócmhainní airgeadais sin de réir mhír 2.
Airteagal 6
Ailíniú tacsanomaíochta maidir le húsáid fáltas
1.Bainfidh úsáid na bhfáltas dá dtagraítear in Airteagal 4 le gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena gcomhlíontar na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, nó lena gcomhlíonfar na ceanglais maidir le tacsanomaíocht laistigh de thréimhse ama shainithe mar a leagtar amach i bplean maidir le hailíniú tacsanomaíochta.
Leis an bplean maidir le hailíniú tacsanomaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír tabharfar tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus na caiteachais is gá chun go gcomhlíonfaidh gníomhaíocht eacnamaíoch na ceanglais maidir le tacsanomaíocht laistigh den tréimhse ama shonraithe.
Ní bheidh an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír ná sa dara fomhír níos faide ná 5 bliana ó eisiúint an bhanna, mura rud é go bhfuil údar cuí le tréimhse is faide ná 10 mbliana mar gheall ar ghnéithe sonracha na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann mar atá doiciméadaithe i bplean maidir le hailíniú tacsanomaíochta.
2.I gcás ina ndéantar fáltais ó bhanna glas Eorpach a leithdháileadh trí bhíthin sócmhainní airgeadais ar chaiteachais chaipitil dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b), nó ar chaiteachais oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c), tosóidh an tréimhse ama shainithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, ón tráth a cruthaíodh an tsócmhainn airgeadais.
Airteagal 7
Cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le tacsanomaíocht
1.Leithdháilfidh eisitheoirí fáltais bannaí ar na húsáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagal 4(2), nó an cothromas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b) trí na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, is infheidhme tráth a eisíodh an banna, a chur i bhfeidhm.
I gcás ina leasaítear na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 tar éis eisiúint an bhanna, leithdháilfidh an t‑eisitheoir fáltais bannaí ar na húsáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí na gníomhartha tarmligthe leasaithe a chur i bhfeidhm laistigh de 5 bliana tar éis a dteacht i bhfeidhm.
2.Le linn fáltais banna a leithdháileadh ar an bhfiachas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), cuirfidh eisitheoirí na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, is infheidhme tráth a cruthaíodh an fiachas, i bhfeidhm.
Más rud é, tráth a cruthaíodh an fiachas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach raibh aon ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) ná 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 i bhfeidhm, cuirfidh eisitheoirí i bhfeidhm na chéad ghníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852.
I gcás ina leasaítear na gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 tar éis chruthú an bhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, leithdháilfidh an t‑eisitheoir fáltais bannaí ar an bhfiachas dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí na gníomhartha tarmligthe leasaithe a chur i bhfeidhm laistigh de 5 bliana tar éis a dteacht i bhfeidhm.
Caibidil II
Trédhearcacht agus ceanglais maidir le hathbhreithniúchán seachtrach
Airteagal 8
Bileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha agus athbhreithniúchán réamheisiúna ar an mbileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha
1.Roimh bhanna glas Eorpach a eisiúint, déanfaidh eisitheoirí an méid seo a leanas:
(a)comhlánóidh siad an bhileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I;
(b)áiritheoidh siad go mbeidh an bhileog fíricí chomhlánaithe maidir le bannaí glasa Eorpacha faoi réir athbhreithniúchán réamheisiúna le tuairim dhearfach ó athbhreithneoir seachtrach.
2.Bileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha, féadfaidh baint a bheith aici le heisiúint banna ghlais Eorpaigh amháin nó le heisiúintí leithleacha den sórt sin.
3.San athbhreithniúchán réamheisiúna ar an mbileog fíricí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), beidh an méid uile seo a leanas:
(a)measúnú ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an bhileog fíricí chomhlánaithe maidir le bannaí glasa Airteagail 4 go 7 den Rialachán seo agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b)na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Airteagal 9
Tuarascálacha leithdháilte agus athbhreithniúchán iareisiúna ar thuarascálacha leithdháilte
1.Gach bliain agus go dtí leithdháileadh iomlán fháltais an bhanna ghlais Eorpaigh lena mbaineann, tarraingeoidh eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha tuarascáil leithdháilte maidir le bannaí glasa Eorpacha suas trí úsáid a bhain as an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn II, lena léirítear go ndearnadh na fáltais ó aon bhanna glas Eorpach lena mbaineann óna ndáta eisiúna agus go dtí deireadh na bliana dá dtagraítear leis an tuarascáil a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7.
2.Féadfaidh baint a bheith ag tuarascáil leithdháilte maidir le bannaí glasa Eorpacha le heisiúint banna ghlais Eorpaigh amháin nó le heisiúint leithleacha den sórt sin.
3.Gheobhaidh eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha athbhreithniúchán iareisiúna ó athbhreithneoir seachtrach ar an tuarascáil leithdháilte a tharraingítear suas tar éis leithdháileadh iomlán fháltais an bhanna ghlais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7.
4.Más rud é, tar éis fhoilsiú na tuarascála leithdháilte i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (c), go gceartaítear leithdháileadh na bhfáltas, leasóidh eisitheoirí na mbannaí glasa Eorpacha lena mbaineann an tuarascáil leithdháilte agus gheobhaidh siad athbhreithniúchán iareisiúna ó athbhreithneoir seachtrach ar an tuarascáil leithdháilte leasaithe sin.
5.De mhaolú ar mhír 3, gach tuarascáil leithdháilte ó eisitheoirí is gnóthais airgeadais a leithdháileann fáltais ó phunann de bhannaí glasa Eorpacha leithleacha ar phunann sócmhainní airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh sé faoi réir athbhreithniúchán iareisiúna de chuid athbhreithneora sheachtraigh. Tabharfaidh an t‑athbhreithneoir seachtrach aird ar leith ar na sócmhainní airgeadais sin nár áiríodh in aon tuarascáil leithdháilte a foilsíodh roimhe sin.
6.Soláthróidh eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha na tuarascálacha leithdháilte dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5 d’athbhreithneoir seachtrach laistigh de 30 lá tar éis dheireadh na bliana dá dtagraíonn na tuarascálacha leithdháilte. Ní mór an t‑athbhreithniúchán iareisiúna a phoibliú laistigh de 90 lá tar éis an tuarascáil leithdháilte a fháil.
7.Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas san athbhreithniúchán iareisiúna dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5:
(a)measúnú ar cibé acu a leithdháil nó nár leithdháil an t‑eisitheoir fáltais an bhanna i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7 bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh don athbhreithneoir seachtrach;
(b)measúnú ar cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an t‑eisitheoir úsáid bheartaithe na bhfáltas a leagtar amach sa bhileog fíricí maidir le bannaí glasa bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh don athbhreithneoir seachtrach;
(c)na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
8.I gcás ina leithdháiltear fáltais bannaí ar fhaoiseamh cánach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (c), nó fóirdheontais dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (d), ní dhéanfar san athbhreithniúchán iareisiúna ach measúnú ar an gcomhlíontacht le hAirteagail 4 go 7 de na téarmaí agus de na coinníollacha faoinar eisíocadh na caiteachais nó na haistrithe sin.
Airteagal 10
Tuarascáil tionchair maidir le bannaí glasa Eorpacha
1.Déanfaidh eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha, tar éis leithdháileadh iomlán fháltais na mbannaí sin agus ar a laghad uair amháin le linn shaolré an bhanna, tuarascáil tionchair maidir le bannaí glasa Eorpacha a tharraingt suas maidir leis an tionchar comhshaoil atá ag úsáid na bhfáltas bannaí trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn III.
2.Le tuarascáil tionchair aonair féadfar eisiúint leithleacha bannaí glasa Eorpacha a chumhdach.
Airteagal 11
Stáit cheannasacha mar eisitheoir
Eisitheoir ar stát ceannasach é féadfaidh sé athbhreithniúcháin réamheisiúna agus iareisiúna a fháil ó athbhreithneoir seachtrach, nó ó iniúchóir stáit nó ó aon eintiteas poiblí eile atá sainordaithe ag an gceannasach chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.
Airteagal 12
Réamheolaire le haghaidh bannaí glasa Eorpacha
1.I gcás ina bhfuil réamheolaire le foilsiú de bhun Rialachán (AE) 2017/1129, sonrófar go soiléir sa réamheolaire sin, i gcás ina n‑éilítear faisnéis a sholáthar maidir le húsáid fáltas, go n‑eisítear an banna glas Eorpach i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.Chun críocha Airteagal 19(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/1129, áireofar le ‘faisnéis rialáilte’ an fhaisnéis atá sa bhileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a) den Rialachán seo.
Airteagal 13
Foilseachán ar shuíomh gréasáin an eisitheora agus fógra chuig ESMA agus údaráis náisiúnta inniúla
1.Déanfaidh eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha an méid uile seo a leanas a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin, i roinn ar leith dar teideal ‘bannaí glasa Eorpacha’ agus a chur ar fáil saor in aisce go dtí ar a laghad aibíocht na mbannaí lena mbaineann:
(a)an bhileog fíricí chomhlánaithe maidir le bannaí glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 8, roimh eisiúint an bhanna;
(b)an t‑athbhreithniúchán réamheisiúna a bhaineann leis an mbileog fíricí maidir le bannaí glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 8, roimh eisiúint an bhanna;
(c)na tuarascálacha leithdháilte bliantúla maidir le bannaí glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 9, gach bliain go dtí leithdháileadh iomlán fháltais an bhanna ghlais Eorpaigh lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh na bliana dá dtagraíonn sé;
(d)na hathbhreithniúcháin iareisiúna ar na tuarascálacha leithdháilte maidir le bannaí glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 9;
(e)an tuarascáil tionchair maidir le bannaí glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10.
2.An fhaisnéis atá sna doiciméid dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (e), soláthrófar í sa teanga nó sna teangacha seo a leanas:
(a)i gcás nach ndéantar na bannaí glasa Eorpacha a thairiscint don phobal ná a liostú ar mhargadh ach i mBallstát amháin, i dteanga lena nglacann an t‑údarás inniúil, dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo, ón mBallstát sin;
(b)i gcás ina ndéantar na bannaí glasa Eorpacha a thairiscint don phobal nó a liostú ar mhargadh in dhá Bhallstát nó níos mó, i dteanga lena nglacann an t‑údarás inniúil, dá dtagraítear in Airteagal 37 den Rialachán seo, ó gach Ballstát, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, de rogha an eisitheora.
3.De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina bhfuil réamheolaire le haghaidh an bhanna ghlais Eorpaigh le foilsiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129, déanfar an fhaisnéis atá sna doiciméid dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (e), a sholáthar i dteanga nó i dteangacha an réamheolaire sin.
4.Tabharfaidh eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha fógra don údarás náisiúnta inniúil dá dtagraítear in Airteagal 36 faoi fhoilsiú na ndoiciméad uile dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí.
5.Tabharfaidh eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha fógra do ESMA maidir le foilsiú na ndoiciméad uile dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 30 lá.
Teideal III
Athbhreithneoirí seachtracha le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha
Caibidil I
Na coinníollacha maidir le gabháil le gníomhaíochtaí mar athbhreithneoir seachtrach le haghaidh bannaí glasa Eorpacha
Airteagal 14
Clárú
1.Cláróidh na hathbhreithneoirí seachtracha le haghaidh bannaí glasa Eorpacha, roimh ghabháil lena gcuid gníomhaíochtaí, le ESMA.
2.Comhlíonfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe le ESMA na coinníollacha i gcomhair clárú a leagtar síos in Airteagal 15(2) ag gach tráth.
3.Iniúchóirí agus eintitis phoiblí eile de chuid an Stáit atá sainordaithe ag eisitheoirí ceannasacha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, ní bheidh siad faoi réir Theideal III agus Theideal IV den Rialachán seo.
Airteagal 15
Iarratas ar chlárú mar athbhreithneoir seachtrach le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha
1.Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas in iarratas ar chlárúchán mar athbhreithneoir seachtrach le haghaidh bannaí glasa Eorpacha:
(a)ainm iomlán an iarratasóra, seoladh na hoifige cláraithe laistigh den Aontas, suíomh gréasáin an iarratasóra agus, i gcás ina bhfuil fáil air, an t‑aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI);
(b)ainm agus sonraí teagmhála duine teagmhála;
(c)stádas dlíthiúil an iarratasóra;
(d)struchtúr úinéireachta an iarratasóra;
(e)céannacht chomhaltaí bainistíochta sinsearaí an iarratasóra agus leibhéal na cáilíochta, na taithí agus na hoiliúna atá acu;
(f)an líon anailísithe, fostaithe agus daoine eile atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí measúnúcháin, agus an leibhéal taithí agus oiliúna atá acu ag obair don iarratasóir agus an leibhéal taithí agus oiliúna atá acu;
(g)tuairisc ar na nósanna imeachta agus ar na modheolaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir chun athbhreithnithe réamheisiúna dá dtagraítear in Airteagal 8 agus athbhreithnithe iareisiúna dá dtagraítear in Airteagal 9 a eisiúint;
(h)na beartais nó na nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir maidir le haon choinbhleacht leasa dá dtagraítear in Airteagal 27 a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh;
(i)i gcás inarb infheidhme, doiciméid agus faisnéis a bhaineann le haon socrú seachfhoinsithe atá ann cheana nó atá beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí an athbhreithneora sheachtraigh atá cumhdaithe leis an Rialachán seo, lena n‑áirítear faisnéis maidir le heintitis a ghlacann le feidhmeanna seachfhoinsithe;
(j)i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh ag an iarratasóir.
2.Ní chláróidh ESMA iarratasóir mar athbhreithneoir seachtrach ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)maidir le bainistíocht shinsearach an iarratasóra:
(i)go bhfuil dea‑cháil leordhóthanach orthu;
(ii)go bhfuil siad oilte go leordhóthanach lena áirithiú gur féidir leis an iarratasóir na cúraimí a éilítear ar athbhreithneoirí seachtracha a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo;
(iii)go bhfuil cáilíochtaí gairmiúla leordhóthanacha acu;
(iv)go bhfuil taithí acu i ndearbhú cáilíochta, i rialú cáilíochta, in athbhreithnithe réamheisiúna agus iareisiúna a dhéanamh agus i seirbhísí airgeadais;
(b)an líon anailísithe, fostaithe agus daoine eile atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí measúnúcháin, go bhfuil an leibhéal taithí agus oiliúna atá acu leordhóthanach chun na cúraimí a éilítear ó athbhreithneoirí seachtracha de bhun an Rialacháin seo a chur i gcrích;
(c)na socruithe inmheánacha a cuireadh chun feidhme lena áirithiú go bhfuil comhlíonadh cheanglais Chaibidil II den Roinn seo iomchuí agus éifeachtach.
3.Déanfaidh ESMA measúnú ar cibé acu a líonadh isteach an t‑iarratas laistigh de 20 lá oibre tar éis é a fháil nó nár líonadh.
Mura bhfuil an t‑iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra ina leith sin don iarratasóir agus leagfaidh sé síos sprioc‑am faoina mbeidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar.
I gcás ina mbeidh an t‑iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra don iarratasóir ina leith sin.
4.Cláróidh ESMA iarratasóir nó diúltóidh sé iarratasóir a chlárú laistigh de 45 lá oibre tar éis dó an t‑iarratas iomlán a fháil.
Féadfaidh ESMA síneadh 15 lá oibre a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir seachfhoinsiú a úsáid chun a chuid gníomhaíochtaí mar athbhreithneoir seachtrach a dhéanamh.
Tabharfaidh ESMA fógra i scríbhinn d’iarratasóir go bhfuil sé nó sí cláraithe mar athbhreithneoir seachtrach, nó go bhfuil sé ag diúltú iarratasóir a chlárú. Soláthrófar cúiseanna sa chinneadh maidir le clárú nó diúltú clárú agus gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.
5.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b).
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a shonrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.
Le linn dó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, cuirfidh ESMA modhanna clárúcháin dhigitigh san áireamh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 16
Athruithe ábhartha maidir leis an gclárú
1.Tabharfaidh athbhreithneoir seachtrach fógra do ESMA maidir le haon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 15(1) nó sna fíorais a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1) sula ndéantar athruithe den sórt sin a chur chun feidhme
Déanfaidh ESMA anailís ar na hathruithe ábhartha sin. I gcás ina ndéanann ESMA agóid in aghaidh athruithe ábhartha den sórt sin, cuirfidh sé an t‑athbhreithneoir seachtrach ar an eolas laistigh de 2 mhí ón bhfógra maidir leis na hathruithe sin agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an agóid. Ní fhéadfar na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chun feidhme ach ar choinníoll nach ndéanfaidh ESMA agóid in aghaidh na n‑athruithe sin laistigh den tréimhse sin.
2.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a shonrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.
Le linn dó na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, cuirfidh ESMA modhanna clárúcháin dhigitigh san áireamh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 17
Córas teanga
Déanfaidh athbhreithneoir seachtrach an t‑iarratas ar chlárú dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais. Maidir le forálacha Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, beidh feidhm acu mutatis mutandismaidir le haon chumarsáid eile idir ESMA agus na hathbhreithneoirí seachtracha agus a bhfoireann.
Caibidil II
Ceanglais eagraíochtúla, próisis agus doiciméid a bhaineann le rialachas
Airteagal 18
Prionsabail ghinearálta
1.Beidh córais, acmhainní agus nósanna imeachta iomchuí ag athbhreithneoirí seachtracha chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
2.Déanfaidh athbhreithneoirí seachtracha faireachán agus meastóireacht ar bhonn bliantúil ar a laghad ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht a gcuid córas, acmhainní agus nósanna imeachta a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh.
3.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar a iomchuí atá córais, acmhainní, sásraí agus nósanna imeachta na n‑athbhreithneoirí seachtracha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 19
An bhainistíocht shinsearach
1.Áiritheoidh bainistíocht shinsearach an athbhreithneora sheachtraigh gach ceann de na rudaí seo a leanas:
(a)bainistíocht fhónta stuama an athbhreithneora sheachtraigh;
(b)neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí measúnúcháin;
(c)go ndéantar coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh i gceart;
(d)go gcomhlíonann an t‑athbhreithneoir seachtrach ceanglais an Rialacháin seo ag gach tráth.
2.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar bhainistíocht fhónta stuama an athbhreithneora sheachtraigh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 20
Anailísithe agus fostaithe na n‑athbhreithneoirí seachtracha, agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnúcháin na n‑athbhreithneoirí seachtracha
1.Áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha go bhfuil an t‑eolas agus an taithí is gá ag a gcuid anailísithe agus ag a bhfostaithe, agus ag aon duine nádúrtha eile a bhfuil a gcuid seirbhísí curtha ar fáil dóibh, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnúcháin i gcomhair na ndualgas atá sannta dóibh.
2.Áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha nach gceadaítear do na daoine dá dtagraítear i mír 1 caibidlíocht maidir le táillí nó íocaíochtaí a thionscnamh, nó páirt a ghlacadh iontu, le haon eintiteas ar a ndearnadh measúnú, le tríú páirtí gaolmhar nó le haon duine a bhfuil nasc acu go díreach nó go hindíreach leis an eintiteas arna mheasúnú trí rialú.
3.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar a iomchuí atá an t‑eolas agus an taithí atá ag na daoine dá dtagraítear i mír 1.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 21
Feidhm chomhlíonta
1.Bunóidh athbhreithneoirí seachtracha feidhm chomhlíonta bhuan agus éifeachtach agus coimeádfaidh siad ar bun í maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Rialachán seo.
2.Áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha maidir leis an bhfeidhm chomhlíonta:
(a)go bhfuil bealaí aici chun a freagrachtaí a chur i gcrích i gceart agus go neamhspleách;
(b)go bhfuil na hacmhainní agus an saineolas is gá, mar aon le rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha go léir, aici;
(c)nach ndéantar faireachán ná measúnú ar a cuid gníomhaíochtaí féin;
(d)nach gcúitítear í i ndáil le feidhmíocht ghnó an athbhreithneora sheachtraigh.
3.Cuirfear torthaí na feidhme comhlíonta ar fáil d’orgán maoirseachta nó, i gcás inarb infheidhme, d’orgán riaracháin an athbhreithneora sheachtraigh.
4.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá na hacmhainní ag an bhfeidhm chomhlíonta nó nach bhfuil chun a cuid freagrachtaí a chur i gcrích i gceart agus go neamhspleách dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá na hacmhainní agus an saineolas is gá ag an bhfeidhm chomhlíonta nó nach bhfuil agus cibé acu atá nó nach bhfuil rochtain aici ar an bhfaisnéis uile is ábhartha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b).
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 22
Beartais agus nósanna imeachta inmheánacha
1.Glacfaidh athbhreithneoirí seachtracha beartais agus nósanna imeachta inmheánacha maidir le dícheall cuí lena n‑áirithítear nach gcuireann a leasanna gnó bac ar neamhspleáchas ná ar chruinneas na ngníomhaíochtaí measúnúcháin.
2.Glacfaidh athbhreithneoirí seachtracha nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta slán, sásraí rialaithe inmheánaigh, agus socruithe rialaithe agus cosanta éifeachtacha maidir le córais próiseála faisnéise agus cuirfidh siad chun feidhme iad.
3.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta slán, sásraí rialaithe inmheánaigh, agus socruithe rialaithe agus cosanta éifeachtacha maidir le córais próiseála faisnéise dá dtagraítear i mír 2 agus cuirfidh sí chun feidhme iad.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 23
Modheolaíochtaí measúnúcháin agus faisnéis a úsáidtear le haghaidh na n‑athbhreithnithe réamheisiúna nó iareisiúna
1.Déanfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha bearta lena áirithiú go bhfuil a n‑athbhreithnithe réamheisiúna dá dtagraítear in Airteagal 8 agus a n‑athbhreithnithe iareisiúna dá dtagraítear in Airteagal 9 bunaithe ar anailís chríochnúil den fhaisnéis uile atá ar fáil dóibh agus go bhfuil siad, de réir a gcuid modheolaíochtaí, ábhartha dá n‑anailís.
2.Bainfidh na hathbhreithneoirí seachtracha úsáid as faisnéis de cháilíocht leordhóthanach a thagann ó fhoinsí iontaofa le linn dóibh athbhreithnithe réamheisiúna nó iareisiúna a sholáthar.
3.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 de cháilíocht leordhóthanach agus cibé acu atá nó nach bhfuil na foinsí dá dtagraítear i mír 2 iontaofa.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 24
Earráidí i modheolaíochtaí measúnúcháin nó maidir lena gcur i bhfeidhm
1.Má fhaigheann athbhreithneoirí seachtracha amach faoi earráidí ina modheolaíochtaí measúnúcháin nó maidir lena gcur i bhfeidhm, earráidí a bhfuil tionchar ábhartha acu ar athbhreithniú réamheisiúna dá dtagraítear in Airteagal 8 nó athbhreithniú iareisiúna dá dtagraítear in Airteagal 9, cuirfidh siad na hearráidí sin in iúl láithreach do ESMA agus d’eisitheoirí na mbannaí glasa Eorpacha lena mbaineann agus míneoidh siad na hearráidí sin dóibh.
2.Foilseoidh na hathbhreithneoirí seachtracha na hearráidí dá dtagraítear i mír 1 ar a gcuid suíomhanna gréasáin, mar aon le, i gcás inarb ábhartha, athbhreithniú réamheisiúna nó iareisiúna athbhreithnithe. Luafar na cúiseanna atá leis na hathruithe sna doiciméid athbhreithnithe.
Airteagal 25
Seachfhoinsiú
1.Áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha a dhéanann a ngníomhaíochtaí measúnúcháin a sheachfhoinsiú do sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí go mbeidh sé de chumas agus d’inniúlacht ag aon soláthraí seirbhíse tríú páirtí den sórt sin na gníomhaíochtaí measúnúcháin sin a dhéanamh ar bhealach iontaofa agus gairmiúil. Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha sin freisin nach gcuirfidh an seachfhoinsiú bac ábhartha ar cháilíocht a rialaithe inmheánaigh agus ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n‑athbhreithneoirí seachtracha sin leis an Rialachán seo.
2.Ní dhéanfaidh athbhreithneoirí seachtracha seachfhoinsiú ar a bhfeidhm chomhlíonta.
3.Tabharfaidh athbhreithneoirí seachtracha fógra do ESMA maidir leis an gcuid sin dá ghníomhaíochtaí measúnúcháin atá le seachfhoinsiú, lena n‑áirítear sonraíocht maidir le leibhéal na n‑acmhainní daonna agus teicniúla a bheidh ag teastáil chun gach ceann de na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh.
4.Áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha a sheachfhoinsíonn gníomhaíochtaí measúnúcháin nach laghdóidh ná nach gcuirfidh seachfhoinsiú den sórt sin bac ar a gcumas a bhfeidhm ná a róil a dhéanamh mar chomhaltaí de bhainistíocht shinsearach nó de chomhlacht bainistíochta an athbhreithneora sheachtraigh.
5.Áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha go gcomhoibreoidh soláthraithe seirbhíse tríú páirtí le ESMA maidir le haon ghníomhaíocht measúnúcháin sheachfhoinsithe.
6.Beidh na hathbhreithneoirí seachtracha fós freagrach as aon ghníomhaíocht sheachfhoinsithe agus déanfaidh siad bearta eagraíochtúla chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)go ndéanfaidh siad measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil soláthraithe seirbhíse tríú páirtí ag déanamh gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe de chuid an Aontais agus le dlíthe náisiúnta is infheidhme agus le ceanglais rialála agus go dtugann siad aghaidh go leordhóthanach ar theipeanna a shainaithnítear;
(b)go ndéantar aon riosca féideartha i ndáil le gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe a shainaithint;
(c)go ndéantar faireachán tréimhsiúil ar na gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe;
(d)nósanna imeachta rialaithe leordhóthanacha maidir le gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe, lena n‑áirítear maoirseacht éifeachtach ar na gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe agus ar aon riosca féideartha laistigh den soláthraí seirbhíse tríú páirtí;
(e)leanúnachas leordhóthanach gnó maidir le haon ghníomhaíocht measúnúcháin seachfhoinsithe.
Chun críocha phointe (e), gheobhaidh athbhreithneoirí seachtracha faisnéis maidir le socruithe leanúnachais ghnó na soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, déanfaidh siad measúnú ar a gcáilíocht, agus iarrfaidh siad feabhsuithe ar shocruithe den sórt sin i gcás inar gá.
7.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:
(a)na critéir chun measúnú a dhéanamh ar chumas agus ar inniúlacht soláthraithe seirbhíse tríú páirtí na gníomhaíochtaí measúnúcháin a dhéanamh go hiontaofa agus go gairmiúil;
(b)na critéir chun a áirithiú nach gcuireann na gníomhaíochtaí measúnúcháin a dhéantar bac ábhartha ar cháilíocht rialú inmheánach na n‑athbhreithneoirí seachtracha nó ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n‑athbhreithneoirí seachtracha leis an Rialachán seo.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 26
Ceanglais maidir le coimeád taifead
1.Coimeádfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha taifid leordhóthanacha ar gach ceann díobh seo a leanas:
(a)céannacht na ndaoine atá rannpháirteach i gcinneadh agus i gceadú na n‑athbhreithnithe réamheisiúna dá dtagraítear in Airteagal 8 agus na n‑athbhreithnithe iareisiúna dá dtagraítear in Airteagal 9, agus an dáta ar ar glacadh na cinntí chun na hathbhreithnithe réamheisiúna agus iareisiúna a cheadú;
(b)an doiciméadacht maidir leis na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí bunaithe arna n‑úsáid ag na hathbhreithneoirí seachtracha chun na hathbhreithnithe réamheisiúna agus iareisiúna a dhéanamh agus a tharraingt suas;
(c)na doiciméid inmheánacha, lena n‑áirítear faisnéis nach faisnéis phoiblí í agus páipéir oibre, a úsáidtear mar an bunús d’aon athbhreithniú réamheisiúna nó iareisiúna foilsithe;
(d)taifid ar na nósanna imeachta agus na bearta a chuir na hathbhreithneoirí seachtracha chun feidhme chun an Rialachán seo a chomhlíonadh;
(e)cóipeanna de chumarsáidí inmheánacha agus seachtracha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí measúnúcháin, lena n‑áirítear cumarsáidí leictreonacha, a fuair an t‑athbhreithneoir seachtrach agus a fhostaithe, a bhaineann leis na gníomhaíochtaí measúnúcháin.
2.Coimeádfar na taifid agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 ar feadh 5 bliana agus cuirfear ar fáil do ESMA iad, arna iarraidh sin.
3.I gcás inar tharraing ESMA siar clárú an athbhreithneora sheachtraigh i gcomhréir le hAirteagal 51(1), áiritheoidh an t‑athbhreithneoir seachtrach sin go gcoimeádtar na taifid agus na doiciméid ar feadh 5 bliana bhreise. Coimeádfar taifid agus doiciméid ina leagtar amach cearta agus oibleagáidí faoi seach an athbhreithneora sheachtraigh agus eisitheoir an bhanna ghlais Eorpaigh faoi chomhaontú chun seirbhísí measúnúcháin a sholáthar ar feadh thréimhse an chaidrimh leis an eisitheoir sin.
Airteagal 27
Coinbhleachtaí leasa agus rúndacht na faisnéise
1.Déanfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha aon choinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha a shainaithint, a dhíchur, a bhainistiú agus a nochtadh ar bhealach trédhearcach, gan beann ar cibé acu a bhaineann an choinbhleacht leasa sin lena n‑anailísithe nó lena bhfostaithe, aon duine atá bainteach ar bhonn conarthach leis na hathbhreithneoirí seachtracha agus atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí measúnúcháin, nó daoine a cheadaíonn athbhreithnithe réamheisiúna agus iareisiúna.
2.Ní bheidh na táillí arna muirearú ag athbhreithneoirí seachtracha i gcomhair seirbhísí measúnúcháin ag brath ar thoradh an athbhreithnithe réamheisiúna nó iareisiúna, ná ar aon toradh eile a gheofar maidir leis an obair a rinneadh.
3.Anailísithe, fostaithe an athbhreithneora sheachtraigh agus aon duine eile atá bainteach ar bhonn conarthach leis na hathbhreithneoirí seachtracha agus a bhfuil baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí measúnúcháin, beidh siad faoi cheangal ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil.
4.Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha go ndéanfaidh a gcuid anailísithe agus a bhfostaithe nó aon duine nádúrtha eile a bhfuil baint acu ar bhonn conarthach leis na hathbhreithneoirí seachtracha agus atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí measúnúcháin na rudaí seo a leanas:
(a)na bearta réasúnacha ar fad a dhéanamh chun maoin agus taifid atá i seilbh an athbhreithneora sheachtraigh a chosaint ar chalaois, ar ghoid nó ar mhí‑úsáid, agus aird á thabhairt ar chineál, scála agus castacht a ngnó agus ar chineál agus raon a ngníomhaíochtaí measúnúcháin;
(b)nach nochtfaidh siad aon fhaisnéis maidir le hathbhreithnithe réamheisiúna nó iareisiúna, athbhreithnithe réamheisiúna nó iareisiúna a d’fhéadfaí a dhéanamh sa todhchaí, d’aon pháirtí seachas na heisitheoirí a d’iarr an measúnú ón athbhreithneoir seachtrach
(c)nach n‑úsáidfidh siad nó nach roinnfidh siad faisnéis rúnda chun aon chríche eile seachas na gníomhaíochtaí measúnúcháin.
Airteagal 28
Soláthar seirbhísí eile
Áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha a sholáthraíonn seirbhísí seachas gníomhaíochtaí measúnúcháin nach gcruthaíonn na seirbhísí sin coinbhleachtaí leasa lena ngníomhaíochtaí measúnúcháin a bhaineann le bannaí glasa Eorpacha. Nochtfaidh athbhreithneoirí seachtracha den sórt sin ina n‑athbhreithnithe réamheisiúna agus iareisiúna aon seirbhís eile a sholáthraítear don eintiteas ar a ndearadh measúnú nó d’aon tríú páirtí gaolmhar.
Caibidil III
Athbhreithnithe réamheisiúna agus iareisiúna
Airteagal 29
Tagairtí do ESMA nó d'údaráis inniúla eile
Ina n‑athbhreithnithe réamheisiúna agus iareisiúna, ní dhéanfaidh athbhreithneoirí seachtracha tagairt do ESMA ná d’aon údarás inniúil ar bhealach a chuirfeadh in iúl nó a thabharfadh le fios go bhformhuiníonn nó go bhformheasann ESMA nó aon údarás inniúil an t‑athbhreithniú sin nó aon ghníomhaíocht measúnúcháin de chuid an athbhreithneora sheachtraigh.
Airteagal 30
Foilsiú na n‑athbhreithnithe réamheisiúna agus na n‑athbhreithnithe iareisiúna
1.Foilseoidh athbhreithneoirí seachtracha gach ceann díobh seo a leanas agus cuirfidh siad ar fáil saor in aisce iad ar a gcuid suíomhanna gréasáin:
(a)i roinn ar leithligh dar teideal ‘caighdeán bannaí glasa Eorpacha – Athbhreithnithe réamheisiúna’ athbhreithnithe réamheisiúna a d’eisigh sé;
(b)i roinn ar leithligh dar teideal ‘caighdeán bannaí glasa Eorpacha – Athbhreithnithe iareisiúna’ athbhreithnithe iareisiúna a d’eisigh sé.
2.Cuirfear na hathbhreithnithe réamheisiúna dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), ar fáil don phobal laistigh de thréimhse réasúnach ama roimh thús na tairisceana don phobal nó roimh iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála den bhanna glas Eorpach lena mbaineann.
3.Cuirfear na hathbhreithnithe iareisiúna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar fáil don phobal gan mhoill tar éis don athbhreithneoir seachtrach measúnú a dhéanamh ar na tuarascálacha leithdháilte.
4.Beidh na hathbhreithnithe réamheisiúna dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus na hathbhreithnithe iareisiúna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar fáil go poiblí go dtí aibíocht an bhanna ar a laghad tar éis iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an athbhreithneora sheachtraigh.
5.Soláthróidh na hathbhreithneoirí seachtracha a chinneann gan leanúint d’athbhreithniú réamheisiúna nó athbhreithniú iareisiúna a sholáthar faisnéis maidir leis na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin sna ranna dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), gan mhoill tar éis cinneadh den sórt sin.
Caibidil IV
Soláthar seirbhísí ó athbhreithneoirí seachtracha tríú tír
Airteagal 31
Forálacha ginearálta
1.Féadfaidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír a sheirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo d’eisitheoirí a eisíonn bannaí glasa Eorpacha i gcás ina bhfuil an t‑athbhreithneoir tríú tír sin cláraithe i gclár na n‑athbhreithneoirí seachtracha tríú tír arna choimeád ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 59.
2.Cláróidh ESMA athbhreithneoir seachtrach tríú tír a rinne iarratas ar sheirbhísí athbhreithneora sheachtraigh a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo ar fud an Aontais i gcomhréir le mír 1 i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas agus sa chás sin amháin:
(a)ghlac an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 32(1);
(b)tá an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír cláraithe nó údaraithe chun seirbhísí an athbhreithneora sheachtraigh a bheidh le soláthar san Aontas a sholáthar agus tá sé faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiúchán éifeachtach lena n‑áirithítear go gcomhlíontar go hiomlán na ceanglais is infheidhme sa tríú tír sin;
(c)tá socruithe comhair bunaithe de bhun Airteagal 32(3).
3.I gcás ina bhfuil athbhreithneoir seachtrach tríú tír cláraithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfar ceanglais bhreise a fhorchur maidir leis an athbhreithneoir seachtrach tríú tír i leith nithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
4.Cuirfidh an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír dá dtagraítear i mír 1 a iarratas faoi bhráid ESMA tar éis don Choimisiún an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 32 a ghlacadh lena gcinntear go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír ina bhfuil an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír cláraithe nó údaraithe coibhéiseach leis na ceanglais a thuairiscítear in Airteagal 32(1).
5.Cuirfidh an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír a iarratas dá dtagraítear sa chéad mhír isteach ag úsáid na bhfoirmeacha agus na dteimpléad dá dtagraítear in Airteagal 15.
6.Soláthróidh an t‑athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír an fhaisnéis uile is gá do ESMA chun é a chlárú.
7.Laistigh de 20 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an t‑iarratas iomlán. Mura bhfuil an t‑iarratas iomlán, leagfaidh ESMA sprioc‑am síos faoina mbeidh ar an athbhreithneoir seachtrach tríú tír faisnéis bhreise a sholáthar.
8.Beidh an cinneadh ar chlárú bunaithe ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2.
9.Laistigh de 45 lá oibre tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh ESMA in iúl i scríbhinn don athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír cibé acu a deonaíodh nó nár deonaíodh an clárú agus míniú lán‑réasúnaithe á thabhairt ina thaobh.
10.Déanfaidh athbhreithneoirí seachtracha tríú tír a sholáthróidh seirbhísí i gcomhréir leis an Airteagal seo, roimh aon seirbhís a sholáthar i ndáil le heisitheoirí bannaí glasa Eorpacha atá bunaithe san Aontas, tairiscint chun aon díospóid a bhaineann leis na seirbhísí sin a chur faoi bhráid dlínse cúirte nó binse eadrána i mBallstát.
Airteagal 32
Cinneadh coibhéise
1.Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i ndáil le tríú tír ina luafaidh sé go n‑áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin go gcomhlíonann athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe nó údaraithe sa tríú tír sin ceanglais iompair ghnó agus stuamachta atá ceangailteach ó thaobh dlí de ag a bhfuil éifeacht atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus go bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír sin le haghaidh córas éifeachtach coibhéiseach chun athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe nó údaraithe faoi chórais dlí tríú tír a shainaithint.
2.Féadfar creat iompair ghnó agus eagraíochtúil de chuid tríú tír a bhreithniú mar chreat ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach i gcás ina gcomhlíonann an creat sin gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá eintitis a sholáthraíonn seirbhísí athbhreithnithe sheachtraigh sa tríú tír sin faoi réir clárú nó údarú agus maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach;
(b)tá eintitis a sholáthraíonn seirbhísí athbhreithnithe sheachtraigh faoi réir ceanglais eagraíochtúla leordhóthanacha sa réimse a bhaineann le feidhmeanna rialaithe inmheánaigh; agus
(c)tá eintitis a sholáthraíonn seirbhísí athbhreithnithe sheachtraigh faoi réir rialacha iomchuí maidir le gnó a dhéanamh.
3.Bunóidh ESMA socruithe comhair le húdaráis inniúla ábhartha tríú tíortha a shainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach go héifeachtach i gcomhréir le mír 1. Sonrófar leis na socruithe sin na nithe seo a leanas go léir:
(a)an sásra maidir leis an malartú faisnéise idir ESMA agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n‑áirítear rochtain ar an bhfaisnéis uile maidir leis na hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír atá cláraithe nó údaraithe i dtríú tíortha arna iarraidh ag ESMA;
(b)an sásra chun fógra a thabhairt go pras do ESMA i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil athbhreithneoir seachtrach tríú tír atá faoi mhaoirsiú aige agus atá cláraithe ag ESMA sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 59 ag sárú coinníollacha a chlárúcháin nó a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé d’oibleagáid air a chomhlíonadh;
(c)na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair.
4.Athbhreithneoir seachtrach tríú tír atá bunaithe i dtír inar sainaithníodh a chreat dlí agus maoirseachta mar cheann atá coibhéiseach go héifeachtach i gcomhréir le mír 1, agus atá cláraithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 59, beidh sé in ann na seirbhísí a chumhdaítear faoin gclárú d’eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha a sholáthar ar fud an Aontais.
5.Ní bhainfidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír úsáid níos mó as na cearta faoi Airteagal 31 i gcás ina dtarraingíonn an Coimisiún siar a chinneadh faoi mhír 1 den Airteagal seo maidir leis an tríú tír sin.
Airteagal 33
Clárú athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a tharraingt siar
1.Tarraingeoidh ESMA siar clárú athbhreithneora sheachtraigh tríú tír sa chlár atá bunaithe i gcomhréir le hAirteagal 59 i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá cúiseanna a bhfuil bunús maith leo ag ESMA bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe a chreidiúint, agus na seirbhísí á soláthar san Aontas, go bhfuil an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír ag gníomhú ar bhealach atá dochrach go follasach do leasanna infheisteoirí nó d’fheidhmiú ordúil na margaí;
(b)tá cúiseanna a bhfuil bunús maith leo ag ESMA bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe chun a chreidiúint, agus na seirbhísí á soláthar san Aontas, go ndearna an t‑athbhreithneoir seachtrach sárú tromchúiseach ar na forálacha is infheidhme dó sa tríú tír agus ar ghlac an Coimisiún an cinneadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 32(1);
(c)chuir ESMA an cheist faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus ní dhearna an t‑údarás inniúil sin na bearta iomchuí atá ag teastáil chun infheisteoirí agus feidhmiú iomchuí na margaí san Aontas a chosaint nó mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír;
(d)chuir ESMA in iúl d’údarás inniúil an tríú tír go bhfuil sé beartaithe aige clárú an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a tharraingt siar, 30 lá ar a laghad roimh é a tharraingt siar.
2.Cuirfidh ESMA in iúl gan mhoill don Choimisiún faoi aon bheart a rinneadh i gcomhréir le mír 1 agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.
3.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha faoina ndearnadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 32(1) a ghlacadh, fós ann i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann.
Airteagal 34
Aitheantas a thabhairt d’athbhreithneoir seachtrach atá lonnaithe i dtríú tír
1.Go dtí go nglactar le cinneadh coibhéise i gcomhréir le hAirteagal 32(1), féadfaidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír a sheirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo ar choinníoll go bhfaigheann an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír aitheantas roimh ré ó ESMA i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2.Athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil sé beartaithe aige réamh‑aitheantas a fháil dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh sé na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 15 go 30 agus in Airteagail 47 go 49.
3.Athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil sé beartaithe aige réamh‑aitheantas a fháil dá dtagraítear i mír 1, beidh ionadaí dlíthiúil aige atá lonnaithe san Aontas. Maidir leis an ionadaí dlíthiúil sin:
(a)beidh sé nó sí freagrach, mar aon leis an athbhreithneoir seachtrach tríú tír, as a áirithiú go gcomhlíonann an soláthar seirbhíse a dhéanann an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír faoin Rialachán seo na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 agus beidh sé nó sí i dtaca leis sin cuntasach do ESMA as iompar an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír san Aontas;
(b)gníomhóidh sé nó sí thar ceann an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír mar an príomhphointe teagmhála le ESMA agus aon duine eile san Aontas i dtaca le hoibleagáidí an athbhreithneora sheachtraigh faoin Rialachán seo;
(c)beidh eolas, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha aige nó aici chun a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin mír seo.
4.San iarratas ar réamh‑aitheantas ó ESMA dá dtagraítear i mír 1 beidh an fhaisnéis uile is gá chun a dheimhniú do ESMA gur chuir an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír gach ceann de na socruithe is gá chun feidhme chun na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh agus tabharfaidh sé nó sí le fios, i gcás inarb infheidhme, cén t‑údarás inniúil atá freagrach as a mhaoirseacht sa tríú tír.
5.Déanfaidh ESMA measúnú ar cibé atá nó nach bhfuil an t‑iarratas ar réamh‑aitheantas ó ESMA iomlán laistigh de 20 lá oibre ón uair a bhfaighidh sé an t‑iarratas.
Mura bhfuil an t‑iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra ina leith sin don iarratasóir agus leagfaidh sé síos sprioc‑am faoina mbeidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar.
I gcás ina mbeidh an t‑iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra don iarratasóir ina leith sin.
Laistigh de 45 lá oibre ón uair a bhfaighidh sé an t‑iarratas iomlán dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, fíoróidh ESMA gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos i míreanna 2 agus 3.
Tabharfaidh ESMA fógra d’iarratasóir go bhfuil sé nó sí aitheanta mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír nó gur diúltaíodh aitheantas dó nó di. Soláthrófar cúiseanna sa chinneadh chun aitheantas a thabhairt nó diúltú aitheantas a thabhairt agus gabhfaidh éifeacht leis ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.
6.Cuirfidh ESMA ar fionraí nó, i gcás inarb iomchuí, tarraingeoidh sé siar an t‑aitheantas arna dheonú i gcomhréir le mír 5 i gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, a mheas go bhfuil an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír ag gníomhú ar bhealach ar léir é a bheith dochrach do leasanna úsáideoirí a chuid seirbhísí nó d’fheidhmiú ordúil margaí nó gur sháraigh an t‑athbhreithneoir seachtrach go tromchúiseach na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo, nó go ndearna an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh eile neamhrialta chun an t‑aitheantas a fháil.
7.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis agus foirm agus inneachar an iarratais dá dtagraítear i mír 4.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta 16 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 35
Formhuiniú seirbhísí a sholáthraítear i dtríú tír faoin Rialachán seo
1.Féadfaidh athbhreithneoir seachtrach atá lonnaithe san Aontas agus atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus a iontráladh sa chlár i gcomhréir le hAirteagal 59, iarratas a dhéanamh ar ESMA chun na seirbhísí a sholáthraíonn athbhreithneoir seachtrach tríú tír a fhormhuiniú ar bhonn leanúnach san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)d’fhíoraigh an t‑athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin agus tá sé in ann a léiriú go leanúnach do ESMA go gcomhlíonann an soláthar seirbhísí faoin Rialachán seo a dhéanann an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír atá formhuinithe , ar bhonn sainordaitheach nó ar bhonn deonach, go gcomhlíonann an soláthar sin ceanglais atá chomh dian céanna ar a laghad leis na ceanglais sa Rialachán seo;
(b)tá an saineolas is gá ag an athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an ngníomhaíocht maidir leis an soláthar a dhéanann an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír sin ar sheirbhísí faoin Rialachán seo agus chun na rioscaí gaolmhara a bhainistiú;
(c)bítear ag brath ar an athbhreithneoir seachtrach tríú tír ar aon cheann de na cúiseanna oibiachtúla seo a leanas:
i.Sonraíochtaí na margaí nó na n‑infheistíochtaí foluiteacha;
ii.Gaireacht an athbhreithneora fhormhuinithe do mhargaí, d’eisitheoirí nó d’infheisteoirí tríú tír;
iii.Saineolas an athbhreithneora tríú tír chun seirbhísí an athbhreithnithe sheachtraigh a sholáthar nó i margaí nó in infheistíochtaí sonracha.
2.Athbhreithneoir seachtrach a dhéanann iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 soláthróidh sé an fhaisnéis go léir is gá chun a dheimhniú do ESMA go bhfuil, tráth an iarratais, na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta.
3.Déanfaidh ESMA measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an t‑iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 comhlánaithe laistigh de 20 lá oibre ón uair a bhfaighidh sé an t‑iarratas.
Mura bhfuil an t‑iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra ina leith sin don iarratasóir agus leagfaidh sé síos sprioc‑am faoina mbeidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar.
I gcás ina mbeidh an t‑iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra don iarratasóir ina leith sin.
Laistigh de 45 lá oibre ón iarratas iomlán a fháil, déanfaidh ESMA scrúdú ar an iarratas agus glacfaidh sé cinneadh maidir leis an bhformhuiniú a údarú nó é a dhiúltú.
Tabharfaidh ESMA fógra d’iarratasóir faoin chinneadh maidir leis an bhformhuiniú dá dtagraítear i mír 1. Cuirfear cúiseanna ar fáil sa chinneadh agus gabhfaidh éifeacht leis ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.
4.Measfar seirbhísí a sholáthróidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír formhuinithe faoin Rialachán seo a bheith ina seirbhísí arna soláthar ag an athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin. Ní bhainfidh an t‑athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin úsáid as an bhformhuiniú ar shlí go mbeadh sé ar intinn aige ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.
5.Athbhreithneoir seachtrach a rinne seirbhísí arna soláthar faoin Rialachán ag athbhreithneoir seachtrach tríú tír, a fhormhuiniú, beidh sé freagrach go hiomlán as seirbhísí den sórt sin agus as na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
6.I gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo ag ESMA a mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a cheangal ar an athbhreithneoir seachtrach formhuiniúcháin scor den fhormhuiniú.
7.Athbhreithneoir seachtrach a fhormhuiníonn seirbhísí arna soláthar faoin Rialachán seo ag athbhreithneoir seachtrach tríú tír, foilseoidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 ar a shuíomh gréasáin.
8.Athbhreithneoir seachtrach a fhormhuiníonn seirbhísí arna soláthar faoin Rialachán seo ag athbhreithneoir seachtrach tríú tír, tuairisceoidh sé do ESMA go bliantúil maidir leis na seirbhísí a d’fhormhuinigh sé sa 12 mhí roimhe sin.
Teideal IV
Maoirseacht arna déanamh ag údaráis inniúla agus ag ESMA
Caibidil 1
Údaráis inniúla
Airteagal 36
Maoirseacht arna déanamh ag na húdaráis inniúla
Áiritheoidh údaráis áitiúla atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2017/1129 go gcuirfear Airteagail 8 go 13 den Rialachán seo i bhfeidhm.
Airteagal 37
Cumhachtaí na n‑údarás inniúil
1.D’fhonn a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(a)a cheangal ar eisitheoirí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a áireamh sa bhileog fíricí ar na bannaí glasa Eorpacha;
(b)a cheangal ar eisitheoirí tuarascálacha a fhoilsiú go bliantúil maidir le leithdháileadh nó an fhaisnéis maidir leis na gnéithe uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a áireamh i dtuarascálacha bliantúla um leithdháileadh;
(c)a cheangal ar eisitheoirí tuarascáil tionchair a fhoilsiú nó an fhaisnéis maidir leis na gnéithe uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a áireamh sa tuarascáil tionchair;
(d)a cheangal ar iniúchóirí agus ar bhainistíocht shinsearach an eisitheora faisnéis agus doiciméid a sholáthar;
(e)tairiscint de bhannaí glasa Eorpacha a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndearnadh sárú ar Airteagail 8 go 13 den Rialachán seo;
(f)fógraí a chosc nó a chur ar fionraí nó a cheangal ar eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha nó idirghabhálaithe airgeadais lena mbaineann scor d’fhógraí nó iad a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide na 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann a cheapadh go ndearnadh sárú ar Airteagail 8 go 13 den Rialachán seo;
(g)a phoibliú nach bhfuil eisitheoir bannaí glasa Eorpacha ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí faoi Airteagail 8 go 13 den Rialachán seo;
(h)cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh ar láithreacha seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha, agus chun na críche sin, dul isteach in aon áitreabh chun doiciméid agus sonraí eile in aon fhormáid a rochtain, i gcás ina bhfuil amhras réasúnta ann go mbeidh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú.
I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an t‑údarás inniúil a iarraidh ar an údarás breithiúnach ábhartha cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
2.Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 ar aon cheann de na bealaí seo leanas:
(a)go díreach;
(b)i gcomhar le húdaráis eile;
(c)faoina bhfreagracht trí tharmligean d’údaráis den sórt sin;
(d)trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad is gá ag údaráis inniúla chun a ndualgas a chomhlíonadh.
4.Duine a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar go bhfuil sé ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon chonradh nó le haon fhoráil chonarthach, reachtach, rialála nó riaracháin, agus ní bheidh an duine sin faoi aon dliteanas d’aon chineál maidir leis an bhfógra sin.
Airteagal 38
Comhar idir na húdaráis inniúla
1.Comhoibreoidh údaráis inniúla chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú gan moill mhíchuí agus comhoibreoidh siad i ngníomhaíochtaí imscrúdaitheacha, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin.
I gcás na mBallstát a chinn, i gcomhréir le hAirteagal 41(3), smachtbhannaí coiriúla a leagan síos as sáruithe ar an Rialachán seo, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh de dheasca sáruithe féideartha ar an Rialachán seo agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile chun a ndualgas a chomhlíonadh maidir le comhoibriú lena chéile chun críocha an Rialacháin seo.
2.Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis nó de bhun iarraidh comhoibriú le himscrúdú, in aon cheann de na himthosca eisceachtúla seo a leanas agus sna himthosca sin amháin:
(a)i gcás inar dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ar a imscrúdú, ar a ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin féin nó ar imscrúdú coiriúil má chomhlíontar an iarraidh;
(b)i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus in aghaidh na ndaoine céanna os comhair údaráis an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chucu;
(c)i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach maidir leis na daoine sin de dheasca na ngníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh sin chuige.
3.Féadfaidh údarás inniúil cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i leith cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair.
I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil de chuid Ballstáit eile cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé aon cheann de na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
(a)an chigireacht nó an t‑imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;
(b)cead a thabhairt don údarás inniúil a rinne an iarraidh a tharchur páirt a ghlacadh sa chigireacht nó san imscrúdú ar an láthair;
(c)cead a thabhairt don údarás inniúil a rinne an iarraidh a tharchur an chigireacht nó an t‑imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;
(d)iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh chun an chigireacht nó an t‑imscrúdú ar an láthair a dhéanamh;
(e)cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.
4.Féadfaidh na húdaráis inniúla cásanna a chur ar aghaidh chuig ESMA inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le faisnéis a mhalartú, nó nár tugadh aghaidh uirthi laistigh de thráth réasúnach. Gan dochar d’Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ESMA gníomhú, sna cásanna dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo, i gcomhréir leis an gcumhacht a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
5.Tugtar de chumhacht do ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis a bheidh le malartú idir údaráis inniúla i gcomhréir le mír 1 a shonrú.
Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6.Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don chomhar agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla.
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 39
Rúndacht ghairmiúil
1.Measfar go bhfuil gach faisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta eile ina faisnéis a thugtar faoi rún agus beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina sonraíonn an t‑údarás inniúil tráth na cumarsáide gur féidir an fhaisnéis sin a nochtadh nó go bhfuil gá le nochtadh den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.
2.Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh don údarás inniúil nó d’aon tríú páirtí a ndearna an t‑údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chuige. Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine nó údarás eile seachas de bhua forálacha a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 40
Bearta réamhchúraim
1.Údarás inniúil de chuid an Bhallstáit óstaigh a bhfuil forais shoiléire agus inléirithe aige go bhfuil neamhrialtachtaí déanta ag eisitheoir bannaí glasa Eorpacha nó gur sháraigh sé a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo, tarchuirfidh sé na torthaí sin chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile agus chuig ESMA.
2.Más rud é, d'ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, go leanann eisitheoir bannaí glasa Eorpacha ag sárú an Rialacháin seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile agus ESMA a chur ar an eolas, gach beart iomchuí chun infheisteoirí a chosaint agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.
3.Údarás inniúil a easaontaíonn le haon cheann de na bearta arna ndéanamh ag údarás inniúil eile de bhun mhír 2, féadfaidh sé an cheist a chur faoi bhráid ESMA. Féadfaidh ESMA gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 41
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile
1.Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil faoi Airteagal 37, agus do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go dtabharfar cumhacht d'údaráis inniúla chun smachtbhannaí riaracháin a fhorchur agus chun bearta riaracháin agus bearta eile iomchuí a dhéanamh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh feidhm ag na smachtbhannaí riaracháin agus ag na bearta riaracháin eile sin maidir leo seo a leanas:
(a)sáruithe ar Airteagail 8 go 13;
(b)mainneachtain comhoibriú in imscrúdú nó le cigireacht nó le hiarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 37, nó mainneachtain iad a chomhlíonadh.
Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos le haghaidh smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den fhomhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta faoin [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ESMA i dtaobh na gcodanna ábhartha dá ndlí coiriúil.
Faoin [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe i dtaobh na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír don Choimisiún agus do ESMA. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus ESMA gan mhoill faoi aon leasú air sin ina dhiaidh sin.
2.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe a liostaítear i mír 1, pointe (a):
(a)ráiteas poiblí, ina léirítear an duine nádúrtha nó an t‑eintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 37(1), pointe (g);
(b)ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó an t‑eintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht ar sárú í;
(c)smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de dhá oiread mhéid na mbrabús arna ngnóthú nó de dhá mhéid na gcaillteanas arna seachaint de dheasca an tsáraithe, ar a laghad, i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;
(d)i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR [500 000], ar a laghad, nó sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm], nó 0.5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deiridh atá ar fáil atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta.
(e)i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR [50 000] ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm].
Chun críocha phointe (d), i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de mháthairghnóthas é an duine dlítheanach ar gá dó ráitis chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim a bheidh sa láimhdeachas bliantúil ábhartha iomlán, i gcomhréir le dlí an Aontais is ábhartha i ndáil le cuntasaíocht, de réir na gcuntas comhdhlúite is deireanaí atá ar fáil agus sin formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
3.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí breise nó bearta breise agus maidir le smachtbhannaí airgid riaracháin a bheadh ar leibhéil níos airde ná iad sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Airteagal 42
Cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur
1.Cuirfidh údaráis inniúla, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí agus na mbeart riaracháin agus beart riaracháin eile á gcinneadh acu, na cúinsí ábhartha go léir san áireamh, lena n‑áirítear, más iomchuí, na nithe seo a leanas:
(a)tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(c)láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(d)an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
(e)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh, nó na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú nó as na caillteanais do thríú páirtithe a d’eascair ón sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(f)leibhéal comhoibrithe an duine atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá maidir le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(g)sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(h)bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.
2.Agus a gcuid cumhachtaí á bhfeidhmiú acu chun pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 41, gníomhóidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha, agus na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchuirfidh siad, éifeachtach agus iomchuí faoin Rialachán seo. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht chun dúbláil agus forluí a sheachaint le linn dóibh a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a fheidhmiú agus le linn dóibh smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i gcásanna trasteorann.
Airteagal 43
Ceart achomhairc
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí a dhéanfar faoin Rialacháin seo cuí‑réasúnaithe agus go mbeidh siad faoi réir ceart achomhairc os comhair binse.
Airteagal 44
Foilsiú cinntí
1.Déanfaidh údaráis inniúla cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin agus beart riaracháin eile as sárú an Rialacháin seo a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla díreach tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine is ábhar don chinneadh sin. Áireofar san fhoilsiú sin faisnéis maidir le cineál agus nádúr an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine atá freagrach. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta de chineál imscrúdaitheach.
2.I gcás ina measann an t‑údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n‑eintiteas dlítheanach, nó foilsiú chéannacht nó shonraí pearsanta na ndaoine nádúrtha, míréireach, mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol leis an bhfoilsiú sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe seo a leanas:
(a)cuirfidh siad foilsiú an chinnidh chun smachtbhanna nó beart a fhorchur siar go dtí go dtagann deireadh le cúiseanna a neamhfhoilsithe;
(b)foilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n‑áirithítear, leis an bhfoilsiú gan ainm sin, cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann;
(c)ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;
(ii)comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.
Má dhéantar cinneadh smachtbhanna nó beart den chineál sin a fhoilsiú gan ainm, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnach i gcás ina dtuartar go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheidh ann don fhoilsiú sin gan ainm.
3.Nuair atá an cinneadh chun smachtbhanna nó beart a fhorchur faoi réir achomhairc os comhair údarás breithiúnach ábhartha nó eile, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, agus aon fhaisnéis eile maidir leis an toradh ar an achomharc sin, a fhoilsiú láithreach ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear cinneadh roimhe sin maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur ar neamhní.
4.Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfanann aon fhoilseachán i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse 5 bliana ar a laghad i ndiaidh a fhoilsithe. Ní choimeádfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach don tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha infheidhme um chosaint sonraí.
Airteagal 45
Smachtbhannaí a thuairisciú do ESMA
1.Soláthróidh an t‑údarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ESMA maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 41. Foilseoidh ESMA an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 41(3), smachtbhannaí coiriúla a leagan síos maidir leis na sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin, soláthróidh a n‑údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe gan ainm maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na smachtbhannaí choiriúla uile a forchuireadh do ESMA ar bhonn bliantúil. Déanfaidh ESMA sonraí i dtaobh na smachtbhannaí coiriúla uile arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.
2.Údarás inniúil a nocht smachtbhannaí riaracháin, bearta riaracháin nó smachtbhannaí coiriúla eile don phobal, déanfaidh sé na smachtbhannaí nó na bearta sin a thuairisciú do ESMA an tráth céanna.
3.Cuirfidh na húdaráis inniúla ESMA ar an eolas maidir le gach smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile a forchuireadh ach nár foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 44(2), an chéad fhomhír, pointe (c), lena n‑áirítear aon achomharc ina leith agus an toradh a bhí air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh údaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a forchuireadh agus go gcuirfear faoi bhráid ESMA iad. Coinneoidh ESMA bunachar sonraí lárnach de na smachtbhannaí a chuirtear in iúl dó chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus chun na críche sin amháin. Is ag na húdaráis inniúla amháin a bheidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na húdaráis inniúla.
Caibidil 2
ESMA
Airteagal 46
Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 47, 48 agus 49 a fheidhmiú
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ESMA, d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine eile a bheidh údaraithe ag ESMA i gcomhréir le hAirteagail 47, 48 agus 49, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 47
Iarrataí ar fhaisnéis
1.Féadfaidh ESMA, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo:
(a)daoine a sheolann gnó an athbhreithneora sheachtraigh go héifeachtach;
(b)comhaltaí d’orgán maoirseachta, d’orgán bainistíochta nó d’orgán riaracháin an athbhreithneora sheachtraigh;
(c)comhaltaí de bhainistíocht shinsearach an athbhreithneora sheachtraigh;
(d)aon duine a bhfuil baint dhíreach aige nó aici le gníomhaíochtaí measúnúcháin an athbhreithneora sheachtraigh;
(e)ionadaithe dlíthiúla agus fostaithe eintiteas a ndearna athbhreithneoir seachtrach feidhmeanna áirithe a sheachfhoinsiú chucu i gcomhréir le hAirteagal 25;
(f)daoine atá bainteach nó nasctha go dlúth agus go substaintiúil ar shlí eile leis an bpróiseas maidir leis an athbhreithneoir seachtrach a bhainistiú;
(g)aon duine a ghníomhaíonn mar athbhreithneoir seachtrach, nó a chuireann i gcéill gur athbhreithneoir seachtrach é, gan é nó í cláraithe mar athbhreithneoir seachtrach, agus aon duine a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) le haghaidh duine den sórt sin.
2.Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
(a)déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
(d)socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;
(e)cuirfidh sé in iúl don duine ar a n‑iarrtar an fhaisnéis nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis sin a sholáthar, ach i gcás ina dtugtar freagra deonach ar an iarraidh, nach ceart go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart ná míthreorach;
(f)an fhíneáil fhéideartha dá bhforáiltear in Airteagal 52 a léiriú, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.
3.Nuair a cheanglaítear faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 le cinneadh, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
(a)déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
(d)socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;
(e)sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 53 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilítear neamhiomlán;
(f)léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 52, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g)sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc i gcomhréir le hAirteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagail 60 agus 61 den Rialachán sin.
4.Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. Féadfaidh dlíodóirí arna n‑údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5.I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ESMA, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe nó bunaithe.
Airteagal 48
Imscrúduithe ginearálta
1.Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 47(1). Chuige sin, cumhachtófar d’oifigigh agus do dhaoine eile arna n‑údarú ag ESMA an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
(b)cóipeanna cleamhnaithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)aon duine dá dtagraítear in Airteagal 47(1) nó a n‑ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
(d)agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
2.Déanfaidh oifigigh ESMA agus daoine eile arna n‑údarú ag ESMA chun críocha na n‑imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonróidh an t‑údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 53 i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a éilítear nó na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 47(1) nó má tá na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 52 i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 47(1) mícheart nó míthreorach.
3.Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 47(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh de chuid ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 53, na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.
4.In am trátha sula ndéanfar an t‑imscrúdú, cuirfidh ESMA údarás maoirseachta inniúil dá dtagraítear in Airteagal 36 den Bhallstát ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh a fháil ó ESMA, tabharfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil cúnamh do na daoine údaraithe sin le linn dóibh a ndualgais a chur i gcrích. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin.
5.Más rud é, maidir le hiarraidh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), go gceanglaítear ar údarás inniúil údarú a fháil ina leith ó údarás breithiúnach i gcomhréir le rialacha náisiúnta, déanfaidh ESMA iarratas ar an údarú sin. Féadfaidh ESMA iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6.I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na n‑imscrúduithe. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ESMA chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 49
Cigireachtaí ar an láthair
1.Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó, talamh nó maoine na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 47(1). Féadfaidh ESMA an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.
2.Féadfaidh oifigigh ESMA agus daoine eile arna n‑údarú ag ESMA chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó, ar aon talamh nó maoin de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinnidh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag ESMA agus beidh na cumhachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 48(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó, maoin agus leabhair nó taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3.In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcigireacht d'údarás maoirseachta inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t‑údarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.
4.Déanfaidh oifigigh ESMA agus daoine eile arna n‑údarú ag ESMA chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 53 i gcás nach ngéilleann na daoine lena mbaineann don chigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
5.Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 47(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n‑ordú le cinneadh ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a bheidh an chigireacht le tosú agus taispeánfar ann na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 53, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Déanfaidh ESMA na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
6.Arna iarraidh sin ag ESMA, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin arna n‑údarú nó arna gceapadh ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt d'oifigigh ESMA agus do dhaoine eile arna n‑údarú ag ESMA. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 acu. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin.
7.Féadfaidh ESMA freisin a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 48(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ESMA de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 48(1).
8.I gcás ina bhfaigheann oifigigh ESMA agus daoine eile arna n‑údarú ag ESMA a bheidh á dtionlacan go bhfuil duine ag cur in aghaidh cigireachta arna hordú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9.Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 8, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir na rialacha náisiúnta is infheidhme, déanfaidh ESMA iarratas freisin ar an údarú sin. Féadfaidh ESMA iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10.I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh an iarraidh sin ar mhínithe mionsonraithe go sonrach leis na forais atá ag ESMA chun drochamhras a bheith air go ndearnadh an Rialachán seo a shárú, agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais ag leanúint an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 50
Malartú faisnéise
1.Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 36, ESMA, agus údaráis ábhartha eile, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis is gá chun a gcuid dualgas a chur i gcrích a sholáthar dá chéile.
2.Údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 36, ESMA, údaráis ábhartha eile agus comhlachtaí nó daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha eile a fhaigheann faisnéis rúnda i bhfeidhmiú a gcuid dualgas faoin Rialachán seo, ní úsáidfidh siad an fhaisnéis ach amháin i gcúrsa a ndualgas.
Airteagal 51
Bearta maoirseachta á ndéanamh ag ESMA
1.Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 55(8), go bhfaigheann ESMA go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 52(2), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)tarraingeoidh sé siar clárú an athbhreithneora sheachtraigh
(b)tarraingeoidh sé siar aitheantas an athbhreithneora sheachtraigh atá lonnaithe i dtríú tír;
(c)cuirfidh sé toirmeasc sealadach ar an athbhreithneoir seachtrach maidir leis na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a shaothrú ar fud an Aontais, go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú;
(d)glacfaidh sé cinneadh ag ceangal ar an duine deireadh a chur leis an sárú;
(e)glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneálacha de bhun Airteagal 52;
(f)glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Airteagal 53;
(g)eiseoidh sé fógraí poiblí.
2.Tarraingeoidh ESMA siar clárú nó aitheantas an athbhreithneora sheachtraigh sna himthosca seo a leanas:
(a)thréig an t‑athbhreithneoir seachtrach an clárú nó an t‑aitheantas go sainráite nó níor bhain sé úsáid as an gclárú ná as an aitheantas laistigh de 36 mhí tar éis an clárú nó an t‑aitheantas a dheonú;
(b)fuair an t‑athbhreithneoir seachtrach an clárú nó an t‑aitheantas trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;
(c)ní chomhlíonann an t‑athbhreithneoir seachtrach na coinníollacha faoinar cláraíodh é nó faoina bhfuair sé aitheantas a thuilleadh.
I gcás ina dtarraingíonn ESMA siar clárú nó aitheantas an athbhreithneora sheachtraigh, soláthróidh sé cúiseanna iomlána lena chinneadh. Beidh éifeacht láithreach ag an aistarraingt.
3.Nuair atá na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, cuirfidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)a chinneadh cibé acu a bhí nó nach raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, cibé acu a éascaíodh nó nár éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó cibé acu a bhí nó nach raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c)a chinneadh cibé acu d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d)leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e)láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(f)an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
(g)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh, nó na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú nó na caillteanais do thríú páirtithe a d’eascair ón sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(h)leibhéal comhoibrithe an duine atá freagrach as an sárú le ESMA, gan dochar don ghá maidir le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin a áirithiú;
(i)sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j)bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.
4.Gan moill mhíchuí, tabharfaidh ESMA fógra faoi aon ghníomhaíocht a dhéantar de bhun mhír 1 don duine atá freagrach as an sárú, agus cuirfidh sé an ghníomhaíocht sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon ghníomhaíocht den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.
Áireofar an méid seo a leanas leis an nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)ráiteas lena ndearbhófar ceart an duine atá freagrach as an sárú chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh;
(b)I gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil Bord Achomhairc ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 52
Fíneálacha
1.Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 55(8), go gcinneann ESMA go ndearna athbhreithneoir seachtrach agus daoine dá dtagraítear in Airteagal 47(1), d'aon ghnó nó le faillí, ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i mír 2, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar fhachtóirí oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
2.Is iad seo a leanas na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:
(a)neamhchomhlíonadh Airteagail 18 go 30;
(b)ráitis bhréagacha a chur isteach nuair a bhí iarratas á dhéanamh ar chlárú mar athbhreithneoir seachtrach, nó úsáid a bhaint as aon mhodh neamhrialta eile chun clárú den sórt sin a fháil;
(c)mainníodh faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena n‑éilítear faisnéis de bhun Airteagal 47, nó soláthraíodh faisnéis mhícheart nó mhíthreorach, mar fhreagairt ar iarraidh ar fhaisnéis nó ar chinneadh;
(d)cuireadh bac ar an imscrúdú nó níor comhlíonadh é de bhun Airteagal 48, mír 1, pointí (a), (b), (c), nó (e);
(e)neamhchomhlíonadh Airteagal 49, má mainníodh míniú a thabhairt i dtaca le fíorais nó le doiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, nó má tugadh míniú mícheart nó míthreorach;
(f)rinneadh gníomhaíocht athbhreithneoirí seachtracha nó cuireadh i gcéill gur athbhreithneoir seachtrach a bhí ann, gan bheith cláraithe mar athbhreithneoir seachtrach.
3.Beidh íosmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 cothrom le EUR 20 000. Beidh an t‑uasmhéid cothrom le EUR 200 000.
Cuirfear na critéir a leagtar amach in Airteagal 51(3) san áireamh le linn don leibhéal fíneála a bheith á chinneadh de bhun mhír 1.
4.I gcás ina bhfuair duine tairbhe airgeadais go díreach nó go hindíreach ón sárú, beidh an fhíneáil comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe airgeadais sin.
5.I gcás ina gcuimsítear teaglaim de sháruithe éagsúla le gníomh nó le mainneachtain, ní bheidh feidhm ach amháin leis an bhfíneáil as an sárú is airde ar gearradh fíneáil ina leith.
Airteagal 53
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1.Forchuirfidh ESMA, trí chinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil chun iallach a chur:
(a)ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 52(1), pointe (c);
(b)ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 47(1):
(i)chun faisnéis iomlán a sholáthar, ar iarradh í le cinneadh de bhun Airteagal 47;
(ii)chun dul faoi imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun Airteagal 48 a iomlánú agus a cheartú;
(iii)géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 49.
2.Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3.Beidh 3 % den mheán‑láimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin i gceist le méid na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena ngearrtar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh uastréimhse 6 mhí tar éis an fógra faoin gcinneadh ó ESMA a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ESMA an beart.
Airteagal 54
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a nochtadh, a fhorfheidhmiú agus a leithdháileadh agus cineál na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí sin
1.Déanfaidh ESMA gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchuirtear de bhun Airteagail 52 agus 53 a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 sa nochtadh sin.
2.Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagail 52 agus 53.
3.I gcás ina gcinnfidh ESMA gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.
4.Beidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagail 52 agus 53 in‑fhorfheidhmithe.
Chun críocha fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorfheidhmiú, cuirfidh ESMA na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéantar é i bhfeidhm.
5.Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais.
Airteagal 55
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur
1.Más rud é, le linn a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfaigheann ESMA go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 52(2), ceapfaidh ESMA oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ESMA chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ná indíreach, ná i bpróiseas clárúcháin, an athbhreithneora sheachtraigh lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ESMA.
2.Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúil arna dtíolacadh ag daoine atá faoi réir a n‑imscrúdaithe á gcur san áireamh, agus déanfaidh sé comhad iomlán ina mbeidh a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA.
3.Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 47 agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49. Nuair atá na cumhachtaí sin á n‑úsáid aige, comhlíonfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 46.
4.Nuair atá a chuid cúraimí á gcomhall aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ESMA trína ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5.Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir a n‑imscrúdaithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Ní dhéanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí a bhunú ar fhíorais seachas fíorais a raibh deis ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdúcháin barúil a thabhairt ina leith.
6.Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.
7.Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid cinntí á chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin do na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe.
8.Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh ESMA, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine sin i gcomhréir le hAirteagal 56, a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 52(2) déanta ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdú, agus más amhlaidh an cás, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 51 agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 52.
9.Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ESMA ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ESMA.
10.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60 faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm] chun na nósanna imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus rialacha mionsonraithe maidir le tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.
11.Déanfaidh ESMA ábhair i gcomhair ionchúisimh choiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha más rud é, le linn a chuid dualgas faoin Rialachán seo a dhéanamh, go bhfaigheann sé amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ESMA ó fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 56
Éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí
1.Sula ndéanfar aon chinneadh de bhun Airteagail 51 go 53 a ghlacadh, tabharfaidh ESMA deis do na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí éisteacht a fháil maidir le torthaí ESMA. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ESMA a chuid cinntí.
2.Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 51 chun damáiste suntasach agus gar‑dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ESMA cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dó a chinneadh a dhéanamh.
3.Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n‑imeachtaí. Beidh na daoine sin i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ESMA, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid ESMA.
Airteagal 57
Athbhreithniú de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ESMA fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.
Airteagal 58
Táillí clárúcháin, aitheantais, agus maoirseachta
1.Gearrfaidh ESMA táille ar na hathbhreithneoirí seachtracha as an gcaiteachas a bhaineann lena gclárú, aitheantas, agus maoirseacht agus as aon chostas a d’fhéadfadh sé a thabhú i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo.
2.Aon táille a ghearrfaidh ESMA ar athbhreithneoir seachtrach iarrthach nó ar athbhreithneoir seachtrach cláraithe nó ar athbhreithneoir seachtrach aitheanta, cumhdófar sa táille sin gach costas riaracháin arna dtabhú ag ESMA le haghaidh a chuid gníomhaíochtaí maidir leis an iarratasóir nó an t‑athbhreithneoir seachtrach. Beidh aon táille i gcomhréir le láimhdeachas an athbhreithneora sheachtraigh lena mbaineann.
3.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60 faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta atá 12 mhí tar éis an dáta teacht i bhfeidhm] chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú.
Airteagal 59
Clár ESMA d’athbhreithneoirí seachtracha agus athbhreithneoirí seachtracha tríú tír
1.Coinneoidh ESMA clár ar a shuíomh gréasáin a bheidh inrochtana go poiblí agus ina liostófar gach ceann díobh seo a leanas:
(a)na hathbhreithneoirí seachtracha go léir atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15
(b)na hathbhreithneoirí seachtracha sin a bhfuil cosc sealadach orthu óna gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 51;
(c)na hathbhreithneoirí seachtracha sin ar tarraingíodh siar a gclárú i gcomhréir le hAirteagal 51;
(d)na hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír ar ceadaíodh dóibh seirbhísí a sholáthar san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 31;
(e)athbhreithneoirí seachtracha tríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 34;
(f)athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 a fhormhuiníonn seirbhísí athbhreithneoirí seachtracha tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 35;
(g)na hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír sin ar tarraingíodh siar a gclárú agus nach mbainfidh úsáid níos mó as na cearta faoi Airteagal 31 i gcás ina nglacann an Coimisiún cinneadh maidir le tarraingt siar i ndáil leis an tríú tír sin dá dtagraítear in Airteagal 32;
(h)na hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír ar cuireadh a n‑aitheantas ar fionraí nó ar tarraingíodh siar é agus athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 nach bhformhuiníonn seirbhísí athbhreithneoirí seachtracha tríú tír a thuilleadh.
2.Beidh sonraí teagmhála athbhreithneoirí seachtracha, a gcuid suíomhanna gréasáin agus na dátaí faoina mbeidh éifeacht leis na cinntí a rinne ESMA maidir leis na hathbhreithneoirí seachtracha sin sa chlár.
3.I gcás athbhreithneoirí tríú tír, beidh faisnéis sa chlár freisin maidir leis na seirbhísí a fhéadfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír sin a sholáthar agus maidir le sonraí teagmhála an údaráis inniúil atá freagrach as a gcuid maoirseachta sa tríú tír.
Teideal V
Gníomhartha Tarmligthe
Airteagal 60
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail maidir le Rialacha nós imeachta, maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur, maidir le táillí Clárúcháin, aitheantais, agus maoirseachta, 55(10) agus 58(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta teacht i bhfeidhm].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail maidir le Rialacha nós imeachta, maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur, maidir le táillí Clárúcháin, aitheantais, agus maoirseachta a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal maidir le Rialacha nós imeachta, maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur, maidir le táillí Clárúcháin, aitheantais, agus maoirseachta i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse [2 mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [2 mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 61
Nós imeachta coiste
Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa choiste sin.
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Teideal VI
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 62
Foráil idirthréimhseach
1.Aon soláthraí seachtrach ar mian leis seirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo óna theacht i bhfeidhm go dtí an [IO cuir isteach an dáta 30 mí tar éis chéad dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh maith agat], ní sholáthróidh sé na seirbhísí sin ach amháin tar éis fógra a bheith tugtha do ESMA faoi sin agus tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a bheith soláthartha.
2.Go dtí an [IO cuir isteach dáta 30 mí tar éis chéad dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh maith agat], comhlíonfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha dá dtagraítear i mír 1 Airteagail 16 go 30 cé is moite de na ceanglais a leagtar síos leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 16(2), 19(2), 20(3), 21(4), 22(3), 23(3) agus 25(7).
3.Tar éis an [IO cuir isteach dáta lá amháin tar éis 30 mí tar éis chéad dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh maith agat], ní sholáthróidh na hathbhreithneoirí seachtracha dá dtagraítear i mír 1 ach amháin seirbhísí i gcomhréir leis an Rialachán seo tar éis dóibh a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus comhlíonfaidh siad Airteagail 14 agus 16 go 30 mar a fhorlíontar leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2.
4.Tar éis an [IO cuir isteach dáta lá amháin tar éis 30 mí tar éis chéad dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh maith agat], déanfaidh ESMA scrúdú ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hathbhreithneoirí seachtracha dá dtagraítear i mír 1, agus na seirbhísí a sholáthraíonn na soláthraithe sin go dtí an [IO cuir isteach an dáta 30 mí tar éis chéad dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh maith agat] na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
I gcás ina measann ESMA nach gcomhlíonann an t‑athbhreithneoir seachtrach ná na seirbhísí a sholáthraítear dá dtagraítear sa chéad fhomhír na coinníollacha a leagtar síos sa rialachán seo, déanfaidh ESMA ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 52.
Airteagal 63
Foráil idirthréimhseach le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha tríú tír
1.Aon soláthraí seachtrach tríú tír ar mian leis seirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo óna theacht i bhfeidhm go dtí an [IO cuir isteach an dáta 30 mí tar éis chéad dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh maith agat], ní sholáthróidh sé na seirbhísí sin ach amháin tar éis fógra a bheith tugtha do ESMA faoi sin agus tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a bheith soláthartha.
2.Déanfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas:
(a)comhlíonfaidh siad Airteagail 16 go 30 cé is moite de na ceanglais a leagtar síos leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 16(2), 19(2), 20(3), 21(4), 22(3), 23(3) agus 25(7).
(b)beidh ionadaí dlíthiúil acu atá suite san Aontas agus a chomhlíonfaidh Airteagal 34, mír 3, pointí (a) go (c).
3.Tar éis an [IO cuir isteach dáta lá amháin tar éis 30 mí tar éis chéad dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh maith agat], beidh feidhm ag Airteagail 32, 34 agus 35.
4.Tar éis an [IO cuir isteach dáta lá amháin tar éis 30 mí tar éis chéad dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh maith agat], déanfaidh ESMA scrúdú ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hathbhreithneoirí seachtracha dá dtagraítear i mír 1, agus na seirbhísí a sholáthraíonn na soláthraithe sin go dtí an [IO cuir isteach an dáta 30 mí tar éis chéad dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh maith agat] na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
I gcás ina measann ESMA nach gcomhlíonann an t‑athbhreithneoir seachtrach ná na seirbhísí a sholáthraítear dá dtagraítear sa chéad fhomhír na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh ESMA ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 52.
Airteagal 64
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle Thar ceann na Parlaiminte
An tUachtarán An tUachtarán