EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0325

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

COM/2021/325 final

An Bhruiséil,21.6.2021

COM(2021) 325 final

2018/0248(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht


2018/0248 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

1.Cúlra

An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2018) 471 final – 2018/0248 COD): 

An 13 Meitheamh 2018

An dáta a ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a

thuairim maidir leis an togra:

An 17 Deireadh Fómhair 2018

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

An 13 Márta 2019

An dáta a glacadh an cur chuige ginearálta páirteach ón gComhairle:

An 7 Meitheamh 2019

An dáta a glacadh an cur chuige ginearálta ón gComhairle:

An 12 Deireadh Fómhair 2020

Dáta an séú cruinniú tríthaobhach inar thángthas ar chomhaontú polaitiúil sealadach ar phointí tábhachtacha polaitiúla:

An 9 Nollaig 2020

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

An 14 Meitheamh 2021

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

I gcomhthéacs Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, chuir an Coimisiún isteach a thogra maidir le Ciste Tearmainn agus Imirce (AMF) chun tacaíocht a bheadh athnuaite agus treisithe a thabhairt don bhainistiú éifeachtúil ar an imirce a dhéanfaidh na Ballstáit. Bhí an togra dírithe ar bhuiséad foriomlán an Aontais a threisiú go suntasach i ndáil le bainistiú na himirce agus na dteorainneacha seachtracha.

Is é is cuspóir don chiste rannchuidiú le beartas imirce AE a bheidh láidir, agus cóir. Tugann an Ciste aghaidh go príomha ar riachtanais inmheánacha Bhallstáit an Aontais ach aithníonn sé riachtanais lasmuigh de theorainn sheachtrach an Aontais freisin agus is féidir leis feidhmiú faoi réir coimircí iomchuí. Trí raon na módúlachtaí cur chun feidhme atá aige, is féidir leis tacú le gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas trí heagraíochtaí idirnáisiúnta, eintitis incháilithe atá bunaithe i dtríú tíortha (e.g. NGOanna) nó le tríú tíortha a chomhlíonann na critéir incháilitheachta chun bheith luaite leis an gCiste.

Áiritheoidh an Ciste go leanfaidh an tAontas air ag comhlíonadh na n‑oibleagáidí atá air i dtaca le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, trí thacú leis an athlonnú, an ligean isteach ar fhoras daonnúil, agus trí lánpháirtiú na n‑iarrthóirí tearmainn incháilithe agus na n‑imirceach. Féadfaidh an Ciste filleadh díniteach a éascú do dhaoine nach bhfuil sé de cheart acu fanacht san Aontas agus tacú le bearta lena réitítear an imirce neamhrialta trí chonairí sábháilte agus dea-bhainistithe a chur ar fáil i dtaca leis an imirce dhleathach.

Mar a sainaithníodh sa chlárthréimhse a bhí ann roimhe seo, bhí gá le níos mó solúbthachta i mbainistiú an chiste a bhí ann roimhe seo chun tacaíocht níos fearr a thabhairt dá chuspóirí. Agus solúbthacht den sórt sin á cur ar fáil ag an am céanna, áirithíodh sa togra maidir leis an gCiste nua freisin go stiúrfaí an cistiú i dtreo thosaíochtaí agus ghníomhaíochtaí an Aontais lena gcuirfear leas suntasach ar fáil don Aontas. Dá bhrí sin, moladh sásraí nua chun cistiú a leithdháileadh ar bhainistíocht chomhroinnte, idir dhíreach agus indíreach, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin oibríochtúla agus ar thosaíochtaí nua a bhíonn ag athrú.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

An seasamh a ghlac an Chomhairle ar an gcéad léamh, léiríonn sé go soiléir an comhaontú polaitiúil ar thángthas air idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, rud a tugadh i gcrích an 9 Nollaig 2020.

Is iad seo a leanas príomhphointí an chomhaontaithe sin:

Ainm an Chiste: Athraíodh ainm an Chiste go ‘Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht’  (AMIF), agus filleadh ar ainm an chiste le linn thréimhse mhaoiniúcháin 2014-2020.

Cuspóirí: Cuspóir beartais cuimsitheach agus cuspóirí sonracha, lena n‑áirítear an cuspóir sonrach nua maidir le ‘dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chothrom na freagrachta idir na Ballstáit’.

Buiséad: Rinneadh an t‑imchlúdach airgeadais a ailíniú leis na méideanna a comhaontaíodh le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, i.e. EUR 9.9 billiún de réir praghsanna reatha. Laghdaíodh sciar na saoráide téamaí den imchlúdach airgeadais iomlán ó 40 % go 36.5 %. Thairis sin, coinníodh an togra ón gCoimisiún i maidir leis an gcoinníollacht a bhaineann le cistiúchán breise a fháil ag céim an athbhreithnithe lár téarma. Faoi mar a mhol an Coimisiún, ní mór do Bhallstát iarratais ar íocaíochtaí a chur isteach lena gcumhdófar 10 % ar a laghad den leithdháileadh tosaigh dá chlár le bheith incháilithe chun leithdháileadh breise a fháil dá chlár san athbhreithniú lár téarma.

Íoschéatadáin chistiúcháin: Is mar seo a leanas a tugadh isteach na híoschéatadáin maidir le leithdháileadh cistí le haghaidh na gcuspóirí sonracha:

(a)Ar a laghad 15 % de na hacmhainní le haghaidh chláir na mBallstát a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach atá leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn (‘CEAS’);

(b)Ar a laghad 15 % de na hacmhainní le haghaidh chláir na mBallstát a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach atá leis an imirce dhleathach, le lánpháirtíocht agus leis an gcuimsiú sóisialta;

(c)Ar a laghad 20 % d’acmhainní na saoráide téamaí a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach atá leis an dluthpháirtíocht agus an gcomhroinnt freagrachta;

(d)Ar a laghad 5 % de leithdháileadh tosaigh na saoráide téamaí chun díriú ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha a chuireann bearta lánpháirtíochta chun feidhme.

Féadfaidh na Ballstáit gan cloí leis na híoschéatadáin chistiúcháin ina gcláir i gcásanna a bhfuil údar cuí acu.

Raon feidhme na tacaíochta: Na gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Iarscríbhinn III (Raon Feidhme na Tacaíochta) a ghabhann le AMIF, comhaontaíodh iad a bhainistiú mar a leanas:

(a)Fanfaidh Iarscríbhinn III ina liosta gníomhaíochtaí nach bhfuil uileghabhálach (‘liosta oscailte’) chun críocha na gclár a bheidh na Ballstáit a tharraingt suas;

(b)Beidh Iarscríbhinn III ina liosta gníomhaíochtaí uileghabhálach (‘liosta iata’) chun críocha chláir oibre na saoráide téamaí, ach amháin i gcás cúnamh éigeandála. Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí a chur le hIarscríbhinn III trí bhíthin gníomh tarmligthe.

Tríú tíortha agus gné sheachtrach an Chiste: Tháinig siad ar chomhaontú ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a)Coimircí breise a áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha (e.g. teastaíonn formheas roimh ré ón gCoimisiún le haghaidh thionscadail na mBallstát i dtríú tíortha nó i ndáil le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, agus ní fhéadfaidh eintitis incháilithe atá bunaithe i dtríú tíortha cistiú a fháil ach amháin má tá siad ina gcuid de chuibhreannas a bhfuil eintiteas amháin de ar a laghad bunaithe i mBallstát);

(b)Na tríú tíortha a thug comhaontú i gcrích leis an Aontas maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarratais ar thearmann a scrúdú, is dóibh sin amháin a cheadaítear a bheith luaite leis an gCiste faoi chomhaontú sonrach lena rialaítear an rannpháirtíocht sin;

(c)Cé go bhfuil gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha fós indéanta, leagann na forálacha nua béim ar chineál inmheánach an Chiste agus fós gur cheart go príomha gur do bheartas inmheánach an Aontais a bheadh na cláir ag fónamh.

Nósanna imeachta maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh: cláir oibre na saoráide téamaí atá le glacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme faoin nós imeachta scrúdúcháin (leis an ‘gclásal níl aon tuairim ann’). Áiríodh an nós imeachta níos tapúla maidir le gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach le haghaidh cúnamh éigeandála. Déanfar teimpléad na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme atá faoi réir an nóis imeachta chomhairligh.

Tacaíocht oibriúcháin: Céatadán an leithdháilte a d’fhéadfaí a thabhairt don tacaíocht oibriúcháin, méadaíodh é go 15 % (ó 10 % sa togra ón gCoimisiún) agus leathnaíodh é chun gníomhaíochtaí faoi na cuspóirí sonracha uile a chumhdach.

Athlonnú, ligean isteach ar fhoras daonnúil agus athshuíomh: Is mar seo a leanas a comhaontaíodh na méideanna seasta atá le tabhairt do na Ballstáit:

(a)Coinníodh an EUR 10 000 ar bun le haghaidh gach duine a ligtear isteach tríd an athlonnú, a mbaill teaghlaigh san áireamh;

(b)Tugadh isteach EUR 6 000 le haghaidh gach duine a ligtear isteach ar fhoras daonnúil. Tá an méid sin le méadú go EUR 8,000 le haghaidh daoine leochaileacha. D’fhéadfadh a mbaill teaghlaigh a bheith incháilithe freisin;

(c)Coinníodh an EUR 10 000 ar bun i gcás gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta/tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát go chéile, a mbaill teaghlaigh san áireamh; (comhaontaíodh cur chuige níos simplí íocaíochtaí aonair le haghaidh athlonnaithe freisin);

(d)Féadfaidh an Coimisiún na méideanna thuas a choigeartú trí ghníomhartha tarmligthe chun rátaí boilscithe agus forbairtí sna réimsí ábhartha a thabhairt san áireamh.

Eagraíochtaí idirnáisiúnta: Rinneadh forálacha nua maidir le hiniúchadh agus rialú eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhtháthú sa téacs.

Táscairí feidhmíochta: Rinneadh na táscairí toraidh agus táscairí aschuir in Iarscríbhinní V agus VIII a chuíchóiriú.

Cúlghabhálacht: Ós amhlaidh nach nglacfar an gníomh roimh dheireadh na bliana 2020, cuireadh forálacha cúlghabhálachta san áireamh.

Critéir maidir le leithdháileadh na gcistí ar na cláir: tháinig siad ar chomhaontú maidir le hIarscríbhinn I a ghabhann le AMIF i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)An leithdháileadh tosaigh lena dtugtar aghaidh ar shochaithe na noileán, an dáileadh foriomlán ualaithe idir tearmann, imirce dhleathach agus lánpháirtiú, mar aon le himirce neamhrialta agus filleadh, agus na fochritéir maidir le tearmann agus imirce dhleathach agus lánpháirtiú;

(b)Leithdháileadh ualaithe na bhfo-chritéar le haghaidh imirce neamhrialta ar bhonn 70 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tíre atá faoi réir cinneadh um fhilleadh agus 30 % i gcomhréir leis an líon atá imithe ó chríoch(a) an Aontais cheana;

(c)Bonnlíne tuairiscithe a thabhairt isteach.

Tríd agus tríd, an comhaontú ar thángthas air, is comhaontú é a choimeádann cuspóirí an togra tosaigh ón gCoimisiún, cé go mb'fhéidir go gcuirtear níos lú solúbthachta agus simpliú ar fáil sa seasamh comhaontuithe ná mar a moladh ar dtús. An leibhéal uaillmhéine a bhí ann ar dtús, sin é an leibhéal a choinníonn an comhaontú ar bun, agus cuireann sé bunús dlí inoibrithe ar fáil le cuspóirí na hIonstraime a chur chun feidhme.

Chuir an Coimisiún in iúl sa chruinniú tríthaobhach polaitiúil deireanach a bhí ann an 9 Nollaig 2020 go bhféadfadh sé glacadh leis na heilimintí a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chun críocha comhaontaithe chríochnaithigh fhoriomláin.

4.Conclúid

Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.

***

Top