Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0179

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár ‘Pericles IV’)

    COM/2021/179 final

    An Bhruiséil,16.4.2021

    COM(2021) 179 final

    2018/0194(COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
    CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    maidir leis

    an seasamh ón gComhairle i dtaca le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár ‘Pericles IV’)


    2018/0194 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
    CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


    de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


    maidir leis

    an seasamh ón gComhairle i dtaca le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár ‘Pericles IV’)

    1.Cúlra

    An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
    (COM(2018)0369 / 2018/0194 (COD)

    31 Bealtaine 2018

    Dáta na dTuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    19 Meán Fómhair 2018

    Dáta an tseasaimh ón mBanc Ceannais Eorpach

    16 Lúnasa 2018

    Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

    13 Feabhra 2019

    An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

    13 Aibreán 2020

    2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

    Mar airgeadra aonair an Aontais, is croíleas Eorpach é an euro, ar gá gach gné dá shláine a chosaint. Is fíorfhadhb don Aontas agus dá institiúidí í an góchumadh. Is suntasach iad na bagairtí a bhaineann leis sin go fóill, mar is léir ón méadú atá tagtha ar an oiread euro góchumtha ardcháilíochta agus gnéithe slándála bréige, mar shampla holagraim, atá ar fáil ar an idirlíon/líon dorcha agus ós rud é go bhfuil ann do phríomhionaid ghóchumtha, mar shampla sa Cholóim, i bPeiriú agus sa tSín. Déanann nótaí bainc góchumtha dochar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, nach bhfaigheann aisíocaíocht ar nótaí bainc góchumtha fiú más de mheon macánta a fuair siad iad. Go ginearálta, imríonn an góchumadh tionchar ar an stádas mar airgead dlítháirgthe atá ag nótaí bainc dílse agus ag boinn dhílse euro, chomh maith le tionchar ar an muinín atá ag saoránaigh agus gnólachtaí astu. Ag seo cuspóir ginearálta an chláir: Góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac sa dóigh is go bhfeabhsófar iomaíochas gheilleagar an Aontais agus go ndaingneofar inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

    Tá an cuspóir sonrach seo a leanas ag an gclár: Nótaí bainc agus boinn euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, trí thacú leis na bearta arna ngabháil de láimh ag na Ballstáit agus trí chur leo, agus trí chúnamh a thabhairt d'údaráis inniúla náisiúnta agus d'údaráis inniúla an Aontais agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta agus malartú an chleachtais is fearr a fhorbairt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Is é Airteagal 133 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra ón gCoimisiún.

    3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

    Is léiriú iomlán é seasamh na Comhairle arna ghlacadh ar an gcéad léamh an comhaontú ar thángthas air ag an gcruinniú tríthaobhach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, cruinniú a tugadh i gcrích an 29 Eanáir 2021. Áirítear le príomhphointí an chomhaontaithe sin an méid seo a leanas:

    Is é seo a leanas cuspóir ginearálta an Chláir, mar atá leagtha amach in Airteagal 2: chun góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac, sláine nótaí bainc agus bhoinn euro a chaomhnú, agus, ar an gcaoi sin, muinín na saoránach agus na ngnólachtaí as dílse na nótaí bainc agus na mbonn sin a neartú agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an muinín atá ag saoránaigh agus ag gnólachtaí as geilleagar an Aontais, agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á háirithiú ag an am céanna.

    EUR 6,193,284 a bheidh san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an Chláir, de réir Airteagal 3.

    Agus na cláir oibre á n‑ullmhú aige de bhun Airteagal 10, cuirfidh an Coimisiún san áireamh gníomhaíochtaí atá ann cheana agus atá beartaithe ag BCE agus Europol i gcoinne ghóchumadh an euro agus calaois.

    An malartú faisnéise atá dírithe ar dhea‑chleachtais maidir le góchumadh agus calaois a bhaineann leis an euro a chosc, beidh sé incháilithe freisin le haghaidh tacaíocht airgeadais

    Cuirtear an Banc Ceannais Eorpach le liosta na n‑institiúidí a gcuirfear torthaí bliantúla ar fáil dóibh maidir le torthaí an Chláir

    Déantar an focal neamhspleách, mar a cheaptar é sa rialachán reatha Pericles 2020 1 , a thabhairt isteach in Airteagal 13 ina ndéantar foráil maidir le meastóireacht eatramhach neamhspleách a dhéanamh.

    San Iarscríbhinn, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis na táscairí feidhmíochta seo a leanas chun meastóireacht a dhéanamh ar an gclár:

    ·(a)    an líon euro góchumtha a braitheadh;

    ·(b)    an líon ceardlann neamhdhleathach a cuireadh ó mhaith;

    ·(c)    líon na n‑údarás inniúil a bhfuil iarratas curtha isteach acu ar an gclár;

    ·(d)    ráta sástachta na rannpháirtithe leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gClár; agus

    ·(e)    aiseolas ó rannpháirtithe a ghlac páirt cheana i ngníomhaíochtaí Pericles roimhe seo ar thionchar an Chláir ar a ngníomhaíochtaí maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh.

    Déantar tagairt san iarscríbhinn freisin go ndéanfaidh an Coimisiún agus/nó tairbhithe an chláir na sonraí maidir leis na príomhtháscairí feidhmíochta sin a bhailiú.

    Tagraítear in Aithris 6 den togra freisin do thorthaí mheastóireacht mheántéarma 2017 ar thacaigh tuarascáil neamhspleách léi.

    Cuireadh foclaíocht bhreise le hAithrisí 3, 4, 4a, 7, 7a, agus 8, maidir le dúshláin choiteanna chun an choireacht eagraithe a chomhrac, maidir leis an nasc le cuspóir an Aontais feidhmiú éifeachtúil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a fheabhsú, maidir le rannpháirtíocht líon uasta údarás inniúil, maidir le gné idirnáisiúnta an chomhraic i gcoinne ghóchumadh an euro, agus maidir le leas a bhaint as taithí an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

    Tugadh na haithrisí de chineál cothrománach maidir leis na rialacha airgeadais, an córas coinníollachta (aithris 9) agus róil OLAF agus OIPE (aithris 14) cothrom le dáta i gcomhréir leis an gcomhaontú idirinstitiúideach maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

    Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú ar thángthas air ag an gcruinniú tríthaobhach, lena réitítear an bealach chun go nglacfar an clár go pras agus lena bhfeabhsaítear éifeachtacht an chláir Pericles IV maidir lena chuspóirí a bhaint amach ar bhealaí éagsúla. I ndáil leis an méid sin, baintear amach leis cuspóirí an togra ón gCoimisiún.

    4.Conclúid

    Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle, lena léirítear go soiléir an comhaontú ar tháinig na comhreachtóirí air an 29 Eanáir 2021.

    (1)    Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, IO L 103, 5.4.2014, lch. 1–9
    Top