EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0150

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir le leasú Chinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE ar an Ionad um Fhorbairt Fiontraíochta (CDE)

COM/2021/150 final

An Bhruiséil,30.3.2021

COM(2021) 150 final

2021/0074(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir le leasú Chinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE ar an Ionad um Fhorbairt Fiontraíochta (CDE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE i dtaca le glacadh beartaithe cinnidh lena leasaítear Cinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE, agus é d’aidhm aige cur ar chumas an Choimeádaí cur chun feidhme chéim éighníomhach an Ionaid um Fhorbairt Fiontraíochta (CDE) a áirithiú go dtí go mbeidh a dhliteanais go léir socraithe ag CDE agus go mbeidh a shócmhainní go léir réadaithe aige.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú Comhpháirtíochta Cotonou

Is é Comhaontú Comhpháirtíochta Cotonou (CPA) 1 an creat a bhí i bhfeidhm le haghaidh chaidreamh an Aontais le 79 dtír ACC ó 2000 i leith. Tugadh an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse 20 bliain, ón 1 Márta 2000 go dtí an 29 Feabhra 2020. Athbhreithníodh é ina dhiaidh sin in 2005 agus in 2010.

Leis an gcinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha an 4 Nollaig 2020, cuireadh síneadh, den dara huair, le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou le cinneadh Choiste Ambasadóirí ACC‑AE ar bhearta idirthréimhseacha, go dtí an 30 Samhain 2021 nó go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm nó go dtí go gcuirfear an Comhaontú nua i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Stáit ACC, cibé acu is túisce 2 .

2.2.Coiste Ambasadóirí ACC-AE

Bunaítear an Coiste Ambasadóirí de bhun Airteagal 16 CPA. Is é atá ann, ar thaobh amháin, buanionadaí gach Ballstáit chuig an Aontas agus ionadaí ón gCoimisiún agus, ar an taobh eile, ceann misin gach Stáit ACC chuig an Aontas.

Cuidíonn an Coiste Ambasadóirí le Comhairle na nAirí chun a cúraimí a chomhlíonadh agus déanann sé aon sainordú a fhágann an Chomhairle faoi a chur i gcrích (Airteagal 16(2) CPA). I ndáil leis sin, féadfaidh Comhairle na nAirí cumhachtaí a tharmligean chuig Coiste na nAmbasadóirí (Airteagal 15(4) CPA). Déanann sé faireachán freisin ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí a leagtar amach ann a bhaint amach.

De réir Airteagal 1 de Rialacha Nós Imeachta Choiste na nAmbasadóirí 3 , tiocfaidh an coiste le chéile go rialta, go háirithe chun cruinnithe Chomhairle na nAirí a ullmhú agus i gcás inar gá, ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe. Déantar foráil freisin in Airteagal 5 de Rialacha Nós Imeachta Choiste na nAmbasadóirí maidir le nós imeachta i scríbhinn.

2.3.Gníomh beartaithe Choiste Ambasadóirí ACC-AE

Ag an 39ú seisiún de Chomhairle Airí ACC‑AE, a reáchtáladh an 19 agus an 20 Meitheamh 2014 in Nairobi, d’aontaigh siad i nDearbhú Comhpháirteach, chun leanúint le dúnadh ordúil CDE, comhlacht comhpháirteach teicniúil Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a bhunaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú. Sa Dearbhú Comhpháirteach sin, rinne Comhairle na nAirí de bhun Airteagal 15(4) CPA, cumhachtaí a tharmligean chuig Coiste Ambasadóirí ACC‑AE chun na bearta is gá a dhéanamh, ‘lena n‑áirítear an leasú ábhartha ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Comhaontú Cotonou 4 .

D’údaraigh Coiste Ambasadóirí ACC-AE, ina Chinneadh Uimh. 4/2014 5 , do Bhord Feidhmiúcháin CDE gach beart iomchuí a dhéanamh chun ullmhú do dhúnadh CDE. Ina dhiaidh sin, shínigh Bord Feidhmiúcháin CDE conradh le Coimeádaí go dtí an 31 Nollaig 2016.

De bhun Chinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE (dá ngairtear ‘Cinneadh Uimh. 3/2016’ anseo feasta) 6 , lean ‘céim éighníomhach’ an chéim chlabhsúir inarb ann do CDE chun críche a leachtaithe, agus chun na críche sin amháin.

Le Cinneadh Uimh. 3/2016, tugadh isteach na hathruithe is gá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus is é atá ann creat dlíthiúil nua CDE ón 1 Eanáir 2017 (Airteagal 3(1) Cinneadh Uimh. 3/2016).

Is éard atá sa chéim éighníomhach, arna bainistiú ag Coimeádaí, cúraimí riaracháin, i measc nithe eile, cartlann an CDE a choinneáil, freagra a thabhairt ar aon fhoirmiúlacht riaracháin, nó bainistiú a dhéanamh ar dhlíthíocht iarmharach nárbh fhéidir a shocrú le linn na céime dúnta. Tosaíodh an chéim éighníomhach ar an lá tar éis na céime dúnta, is é sin an 1 Eanáir 2017. De réir aithrisí Chinneadh Uimh. 3/2016, ba é rún Choiste Ambasadóirí ACC-AE go dtiocfadh deireadh leis an gcéim éighníomhach tar éis tréimhse 4 bliana nó tar éis a dhliteanais go léir a bheith socraithe ag an CDE agus na sócmhainní go léir réadaithe aige, cibé acu is túisce.

De réir Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 3/2016, roimh dheireadh na céime dúnta, is é sin an 31 Nollaig 2016, ba cheart don Choimisiún Eorpach conraitheoir a fháil ar conradh chun cur chun feidhme na céime éighníomhaí a áirithiú ón 1 Eanáir 2017 ar feadh tréimhse 4 bliana, nó go dtí go mbeidh a dhliteanais go léir socraithe ag CDE agus go dtí go mbeidh a shócmhainní go léir réadaithe aige, cibé acu is túisce a tharlóidh. Ina dhiaidh sin, shínigh an Coimisiún conradh seirbhíse leis an gCoimeádaí an 21 Nollaig 2016 le haghaidh tréimhse tosaigh cur chun feidhme de 4 bliana.

Sna míonna deireanacha de 2020, bhí an chuma air nach mbeadh a dhliteanais go léir socraithe ag an CDE agus go mbeadh a shócmhainní go léir réadaithe aige faoin 31 Nollaig 2020.

Dá bhrí sin, glacfaidh Coiste Ambasadóirí ACC-AE leasú ar Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 3/2016, i bhfianaise an Coimeádaí a cheadú chun a áirithiú go gcuirfear céim éighníomhach CDE chun feidhme go dtí go mbeidh a chuid dhliteanas go léir socraithe ag CDE agus go dtí go mbeidh a shócmhainní go léir réadaithe aige. Áiritheofar leis sin go ndúnfar mar is ceart cur chun feidhme na céime éighníomhaí faoi bhainistíocht an Choimeádaí. Chuir comhaltaí Choiste Ambasadóirí Eagraíocht Stáit ACC in iúl i mí Eanáir 2021 go gcomhaontaíonn siad le leasú den sórt sin.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Tá sé molta ag an gCoimisiún go gcomhaontóidh an tAontas leis an leasú atá beartaithe ar Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 3/2016. Glacfar seasamh beartaithe an Aontais ag seisiún de Choiste Ambasadóirí ACC-AE nó trí nós imeachta i scríbhinn, de réir mar is iomchuí.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 7 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Coiste na nAmbasadóirí ACC-AE arna bhunú le comhaontú, is é sin Comhaontú Comhpháirtíochta Cotonou.

An gníomh a iarrtar ar Choiste Ambasadóirí ACC‑AE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16 CPA. De bhun Airteagal 15(3) CPA, féadfaidh Comhairle na nAirí cinntí a ghlacadh atá ceangailteach ar Pháirtithe an Chomhaontaithe, agus i gcomhréir le hAirteagal 15(4) CPA, féadfaidh Comhairle na nAirí cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoiste Ambasadóirí. Bunaíodh Coiste na nAmbasadóirí le hAirteagal 16 CPA. De bhun Airteagal 16(2) CCC, féadfaidh Coiste na nAmbasadóirí cinntí a ghlacadh nó a leasú a bheidh ceangailteach ar na páirtithe de réir an tsainordaithe a thug Comhairle na nAirí dó.

Is páirtí conarthach é an tAontas Eorpach, chomh maith lena Bhallstáit, i gComhaontú Comhpháirtíochta Cotonou agus dá bhrí sin beidh an tAontas faoi cheangal ag an gcinneadh atá beartaithe ag Coiste na nAmbasadóirí.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomhchomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomhchomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Ba cheart gurb ionann bunús dlí substainteach an chinnidh ón gComhairle agus an bunús dlí le haghaidh ghlacadh Chinneadh (AE) 2016/1098 ón gComhairle an 4 Iúil 2016 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE i dtaca le hathbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE 8 , is é sin Airteagal 209(2) CFAE.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 209(2) CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar Cinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE le gníomh Choiste Ambasadóirí ACC-AE, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2021/0074 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir le leasú Chinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE ar an Ionad um Fhorbairt Fiontraíochta (CDE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, (dá ngairtear ‘Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE’ anseo feasta),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Luaitear in Airteagal 15(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go bhféadfaidh Comhairle Airí ACC-AE cumhachtaí a tharmligean chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE.

(2)Ag an 39ú seisiún de Chomhairle Airí ACCAE, a reáchtáladh an 19 agus an 20 Meitheamh 2014 in Nairobi, chomhaontaigh siad i nDearbhú Comhpháirteach chun leanúint le dúnadh ordúil an Ionaid um Fhorbairt Fiontraíochta (dá ngairtear CDE anseo feasta). Chun na críche sin, chinn Comhairle Airí ACC-AE a tharmligean chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE chun an tábhar a thabhairt chun cinn d’fhonn na cinntí is gá a ghlacadh.

(3)Glacadh an tathbhreithniú ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE le Cinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 12 Iúil 2016 9 lenar tugadh isteach na hathruithe is gá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE,agus bunaíodh creat dlíthiúil nua CDE ón 1 Eanáir 2017, ar lena linn a choinnítear a phearsantacht dhlítheanach chun críche a leachtaithe, agus chun na críche sin amháin.

(4)Sonraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh 3/2016 gur cheart do Choimeádaí cur chun feidhme na céime éighníomhaí a áirithiú ón 1 Eanáir 2017 ar feadh tréimhse 4 bliana, nó go dtí go mbeidh a dhliteanais go léir socraithe ag CDE agus go dtí go mbeidh a shócmhainní go léir réadaithe aige, cibé acu is túisce a tharlóidh.

(5)Ní bheidh a dhliteanais go léir socraithe ag CDE ná a shócmhainní go léir réadaithe aige roimh an 31 Nollaig 2020. Meastar, dá bhrí sin, gur gá Cinneadh 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun a áirithiú go ndúnfar mar is ceart cur chun feidhme na céime éighníomhacha faoi bhainistíocht an Choimeádaí.

(6)Ag ceann dá chruinnithe, nó trí nós imeachta i scríbhinn, glacfaidh Coiste Ambasadóirí ACC-AE an leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2016.

(7)Is iomchuí go leagfaí síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i Coiste Ambasadóirí ACCAE, ós rud é go bhfuil an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh ag an Aontas i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE maidir le CDE:

an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 2(1) de Chinneadh 3/2016 de Choiste Ambasadóirí ACC-AE: ‘Gheobhaidh an Coimisiún Eorpach Coimeádaí ar conradh chun cur chun feidhme na céime éighníomhaí a áirithiú go dtí go mbeidh a dhliteanais go léir socraithe ag CDE agus go mbeidh a shócmhainní uile go léir réadaithe aige’;

go mbeidh feidhm 1 Eanáir 2021 ag cinneadh Choiste Ambasadóirí ACC-AE lena leasaítear Cinneadh 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Tar éis a ghlactha, foilseofar an Cinneadh ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Comhaontú lena leasaítear den dara huair an Comhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (IO 2000 L 317, 15.12.2000, lch. 3; IO L 287, 28.10.2005, lch. 4; IO L 287, 4.11.2010, lch. 3)
(2)    Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 maidir le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO 2020 L 420, 14.12.2020, lch. 32).
(3)    Cinneadh Uimh. 3/2005 ó Comhairle Airí ACC‑AE an 8 Márta 2005 maidir le Rialacha Nós Imeachta Choiste Ambasadóirí ACC‑AE a ghlacadh (IO L 95, 14.04.2005, lch. 51).
(4)    Dearbhú Comhpháirteach ACC-AE maidir le hIonad um Fhorbairt Fiontraíochta (CDE), 3 Iúil 2014, ACC-AE 2120/14.
(5)    Cinneadh Uimh. 4/2014 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 23 Deireadh Fómhair 2014 maidir leis an sainordú atá le tabhairt do Bhord Feidhmiúcháin an Ionaid um Fhorbairt Fiontraíochta (CDE) (IO L 330, 15.11.2014, lch. 61).
(6)    Cinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir leis an athbhreithniú ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 192, 16.7.2016 lch. 77).
(7)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(8)    IO L 182, 7.7.2016, lgh. 39–43.
(9)    Cinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir leis an athbhreithniú ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 192, 16.7.2016 lch. 77).
Top