AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.2.2021
COM(2021) 47 final
2021/0026(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le togra a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tháinig Coinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (an Coinbhinsiún) i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004. Le Cinneadh ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 i ndáil le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (2006/507/CE) rinneadh é a formheas agus tháinig sé i bhfeidhm le haghaidh an Chomhphobail Eorpaigh an 14 Feabhra 2005. Is é is aidhm don Choinbhinsiún sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna). Leis an gCoinbhinsiún cuirtear creat ar fáil, bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim, chun deireadh a chur le táirgeadh, úsáid, allmhairiú agus onnmhairiú POPanna, lena láimhseáil agus lena ndiúscairt go sábháilte agus le scaoileadh neamhbheartaithe POPanna áirithe a dhíothú nó a laghdú.
Le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais na gealltanais a leagtar amach sa Choinbhinsiún agus sa Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (an Prótacal), arna fhormheas trí Chinneadh 259/2004/CE ón gComhairle.
Sonraítear in Airteagal 8(1) den Choinbhinsiún go bhféadfaidh aon Pháirtí togra a chur faoi bhráid na Rúnaíochta chun ceimiceán in Iarscríbhinn A, B agus/nó C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a liostú, togra a dhéanfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPRC) a athbhreithniú ansin i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus (4). Sa togra beidh an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn D. Ar mholadh POPRC, cinnfidh Comhdháil na bPáirtithe cé acu a liostófar nó nach liostófar substaint in Iarscríbhinn A (díothú), in Iarscríbhinn B (srian) agus/nó in Iarscríbhinn C (táirgeadh neamhbheartaithe). Is faoi rialú Airteagal 22 den Choinbhinsiún atá an nós imeachta chun leasuithe ar Iarscríbhinní a ghlacadh.
Tá toirmeasc ar chlóirpireafos a úsáid mar shubstaint ghníomhach i dtáirgí cosanta plandaí agus i dtáirgí bithicídeacha san Aontas Eorpach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach. Ina theannta sin, níl clóirpireafos cláraithe le haghaidh aon úsáid] eile i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, dá bhrí sin, ní cheadaítear é a mhonarú ná a chur ar an margadh san Aontas le haghaidh na húsáide eile sin i gcainníochtaí de thona amháin nó níos mó in aghaidh na bliana in aghaidh an mhonaróra nó an allmhaireora.
De réir na faisnéise agus na sonraí atá ar fáil maidir le hairíonna intreacha clóirpireafos, a ndearnadh measúnú orthu de réir chritéir Iarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, is féidir tátal a bhaint as sin go bhfuil clóirpireafos marthanach, bithcharnach agus tocsaineach (PBT). Ina theannta sin, tá clóirpireafos faoi réir iompar comhshaoil fadraoin (LRT) freisin agus thángthas air i gceantair iargúlta amhail an tArtach. I bhfianaise na faisnéise sin maidir le hairíonna PBT agus LRT atá ag clóirpireafos, moltar gur cheart clóirpireafos a mheas mar POP ós rud é go gcomhlíonann sé critéir Iarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Tá sonraí an mheasúnaithe ar fáil sa sainchomhad eolaíoch a bheidh ag gabháil leis an togra chun clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm.
Ós rud é nár toirmisceadh clóirpireafos a úsáid ach le déanaí mar shubstaint ghníomhach i dtáirgí cosanta plandaí san Aontas, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil clóirpireafos fós á tháirgeadh lena onnmhairiú. Thairis sin, is cosúil go bhfuil clóirpireafos á tháirgeadh, á úsáid agus á astú fós i dtíortha eile. De bharr an phoitéinsil atá ann d'iompar comhshaoil fadraoin an cheimiceáin sin, ní leor na bearta a ghlactar go náisiúnta ná ar leibhéal an Aontais chun an t‑ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a chosaint agus tá gá le gníomhaíocht idirnáisiúnta níos leithne.
Ag féachaint don chéad chruinniú POPRC eile i mí Mheán Fómhair 2021, is iomchuí go gcuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid Rúnaíocht Choinbhinsiún Stócólm thar ceann an Aontais chun clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A. Athbhreithneofar an togra sin i gcomhréir leis na critéir agus na nósanna imeachta faoin gCoinbhinsiún sula ndéanfaidh Comhdháil na bPáirtithe cinneadh maidir leis an liostú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra comhleanúnach le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1021 agus comhlánaíonn sé é, ar rialachán é lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm chun feidhme san Aontas. Tá sé go hiomlán i gcomhréir leis an gcuspóir sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhleanúnach le cur chuige ginearálta Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i leith substaintí PBT ós rud é go bhforáiltear sa dá rialachán sin do chritéir nach gceadaíonn, i bprionsabal, substaintí ar substaintí PBT iad a chur ar an margadh ná iad a úsáid. Scrúdaítear i bPáipéar Comhthuisceana an gaol idir Coinbhinsiún Stócólm, Rialachán (AE) 2019/1021 agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, maidir le srianta agus ceanglais údarúcháin, chun comhsheasmhacht a áirithiú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta atá leis an gCinneadh ón gComhairle atá beartaithe, arb é an bunús iomchuí é le haghaidh gníomh lena sainítear seasamh an Aontais Eorpaigh i ndáil le comhaontú idirnáisiúnta, eadhon Coinbhinsiún Stócólm sa chás seo.
Is é Airteagal 192 CFAE, mír 1, an bunús dlí substainteach, ós rud é gur ar chuspóir comhshaoil (i.e. truailleáin orgánacha mharthanacha a dhíothú) atá na bearta a chomhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Stócólm dírithe den chuid is mó.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Is ábhar imní domhanda iad truailleáin orgánacha mharthanacha agus cuirtear Coinbhinsiún Stócólm chun feidhme san Aontas le Rialachán (AE) 2019/1021. Ós rud é gur Páirtí sa Choinbhinsiún é an tAontas, is iomchuí gurb é an tAontas a dhéanfaidh ceimiceán nua a ainmniú.
•Comhréireacht
Is ábhar imní domhanda iad truailleáin orgánacha mharthanacha agus is é is aidhm do Choinbhinsiún Stócólm táirgeadh agus úsáid na gceimiceán sin a dhíothú. Dá bhrí sin, tá sé comhréireach an ceimiceán sin a mholadh don Choinbhinsiún chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht iomchuí ar an leibhéal domhanda.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Pléadh an togra leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile sa 22ú cruinniú a bhí ag na hÚdaráis Inniúla le haghaidh Rialachán (AE) 2019/1021 agus ina theannta sin i gcruinniú a bhí ag grúpa saineolaithe PBT de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán agus tugadh aghaidh ar na barúlacha a fuarthas.
•Measúnú tionchair
Ní dhearnadh measúnú tionchair. Ní bheidh aon tionchar ag moladh a chuirtear chuig an gCoinbhinsiún an ceimiceán liostú mar nach léir go bhfuil sé á úsáid san Aontas Eorpach. I gcás inarb é tátal POPRC gur truailleán orgánach marthanach é an ceimiceán, déanfaidh POPRC measúnú ar thionchar na mbeart bainistíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh agus faisnéis shocheacnamaíoch á cur san áireamh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon tionchar ag an togra ar ghníomhaíocht tráchtála ós rud é nach bhfuil an ceimiceán in úsáid ar bhonn tráchtála san Aontas agus, dá bhrí sin, ní dhéantar micrifhiontair a dhíolmhú leis ná ní áirítear ann rialacha speisialta le haghaidh FBManna. Níl aon tionchar ag an togra ar iomaíochas earnála an Aontais ná ar thrádáil ós rud é nach ndéantar é a thrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní mheastar go bhfuil gá le plean cur chun feidhme, le faireachán, le meastóireacht ná le tuairisciú.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra seo tugtar sainordú don Choimisiún clóirpireafos a mholadh do Choinbhinsiún Stócólm thar ceann an Aontais Eorpaigh.
2021/0026 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le togra a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 14 Deireadh Fómhair 2004, le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle rinne an Comhphobal Eorpach Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘an Coinbhinsiún’) a fhormheas.
(2)Ina cháil mar Pháirtí sa Choinbhinsiún, féadfaidh an tAontas tograí a chur isteach chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. Liostaítear in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún truailleáin orgánacha mharthanacha atá le díothú.
(3)De réir na faisnéise eolaíche agus na dtuarascálacha athbhreithnithe atá ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar na critéir scagtha a leagtar amach in Iarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, baineann saintréithe truailleán orgánaigh mharthanach le gclóirpireafos.
(4)Níl clóirpireafos formheasta mar shubstaint ghníomhach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, dá bhrí sin, ní cheadaítear é a chur ar an margadh ná a úsáid san Aontas i dtáirgí cosanta plandaí. Freisin, níl clóirpireafos formheasta mar shubstaint ghníomhach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, dá bhrí sin, ní cheadaítear é a chur ar an margadh ná a úsáid san Aontas i dtáirgí bithicídeacha. Ina theannta sin, níl clóirpireafos cláraithe le haghaidh aon úsáid eile i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, dá bhrí sin, ní cheadaítear é a mhonarú ná a chur ar an margadh san Aontas le haghaidh na húsáide eile sin i gcainníochtaí de thona amháin nó níos mó in aghaidh na bliana in aghaidh an mhonaróra nó an allmhaireora.
(5)Cé go bhfuil deireadh curtha le húsáid clóirpireafos san Aontas de réir a chéile, is cosúil go bhfuil sé fós in úsáid mar lotnaidicíd agus go scaiptear é sa chomhshaol lasmuigh den Aontas. De bharr an phoitéinsil atá ann d'iompar comhshaoil fadraoin an chlóirpireafos, ní leor na bearta a ghlactar go náisiúnta ná ar leibhéal an Aontais chun an t‑ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a chosaint agus tá gá le gníomhaíocht idirnáisiúnta níos leithne.
(6)Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas togra a chur faoi bhráid Rúnaíocht an Choinbhinsiúin chun clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tíolacfaidh an tAontas togra chun clóirpireafos a liostú (Uimh. CAS: 2921-88-2, Uimh. CE 220-864-4) in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘an Coinbhinsiún’).
Cuirfidh an Coimisiún an togra in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin thar ceann an Aontais leis an bhfaisnéis go léir a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,