Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021IR1900

    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Clár oibre frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach: réamh-mheas, cosc, cosaint agus freagairt

    COR 2021/01900

    IO C 61, 4.2.2022, p. 21–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    4.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 61/21


    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Clár oibre frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach: réamh-mheas, cosc, cosaint agus freagairt

    (2022/C 61/05)

    Rapóirtéir:

    Karl VANLOUWE (BE/EA)

    Comhalta de Thionól Réigiúnach: Parlaimint Fhlóndras

    Doiciméad tagartha:

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A Counter-Terrorism Agenda for the EU: anticipate, prevent, protect, respond [Clár oibre frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach: réamh-mheas, cosc, cosaint agus freagairt] (níl leagan Gaeilge ann)

    COM(2020) 795 final

    MOLTAÍ BEARTAIS

    TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

    Réamhrá

    1.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó clár oibre frithsceimhlitheoireachta an Choimisiúin (1), clár ina n-aithnítear an ról tábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear maidir leis an radacú a chosc agus na spásanna poiblí a chosaint;

    2.

    ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi go dteastaíonn comhar níos dlúithe, i bhfianaise an nádúir thrasnáisiúnta atá sna líonraí sceimhlitheoireachta, chun gur féidir na luachanna agus na noirm atá i gcoiteann againn, ár ndóigh bheatha Eorpach, agus ár sochaí iolraíoch, a chosaint agus a chumhdach;

    3.

    á thabhairt le fios go bhfuil an beartas frithsceimhlitheoireachta ina chuid den bheartas slándála, inniúlacht atá roinnte idir an tAontas agus na Ballstáit, agus go bhfuil caomhnú an oird phoiblí agus coimirciú na slándála inmheánaí faoi chúram na mBallstát i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (2); á chur i bhfáth, ina leith sin, an ról atá ag na húdaráis réigiúnacha forfheidhmithe dlí i mBallstáit áirithe;

    4.

    á chur i bhfáth go mbíonn a lán cúiseanna ann le hionsaithe sceimhlitheoireachta san Aontas Eorpach agus go bhfuil na cúiseanna sin miondealaithe i gcúig chatagóir ag Europol: an sceimhlitheoireacht jiohádach, sceimhlitheoireacht na heite clé agus an ainrialachais, sceimhlitheoireacht na heite deise, sceimhlitheoireacht an náisiúnachais eitnigh agus an scarúnachais, agus an sceimhlitheoireacht sainleasa. Tugann an iliomad sin cúiseanna le fios go bhfuil fás ag teacht ar líon na ndaoine a dhéanann na coireanna seo a bhíonn ag gníomhú ina n-aonar (3);

    5.

    á thabhairt le fios gur chuir ciorrú na saorghluaiseachta trí bhearta COVID-19 isteach ar ghníomhaíochtaí na sceimhlitheoirí ach gur féidir, ar an drochuair, bealaí a aimsiú chun teacht timpeall ar na bearta sin agus nach foláir tionchar socheacnamaíoch na paindéime a chur san áireamh toisc gur cúis é le baol breise radacaithe agus le géarchéim ar féidir leis na sceimhlitheoirí leas a bhaint aisti chun a n-aidhmeanna agus a ngníomhaíochtaí a chraobhscaoileadh (4) (5);

    Réamh-mheas

    Faisnéis straitéiseach agus measúnú ar an mbagairt

    6.

    á aithint, i bhfianaise an nádúir thrasnáisiúnta atá sna líonraí sceimhlitheoireachta, go bhfuil ríthábhacht le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) maidir le slándáil inmheánach an Aontais; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an achainí a rinne an Coimisiún an fhaisnéis straitéiseach a chomhtháthú níos fearr agus leanúint de mheasúnuithe ardcháilíochta ar bhagairtí arna ndéanamh ag seirbhísí náisiúnta faisnéise agus slándála, maille leis na hacmhainní riachtanacha, a chur ar fáil do EU INTCEN;

    An acmhainn luathbhrathadóireachta a threisiú

    7.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an plean maidir le taighde slándála Eorpach, rud a chuirfidh leis an acmhainn luathbhrathadóireachta ar bhagairtí sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann; á chur i bhfáth a thábhachtaí, ina leith sin, atá an idir-inoibritheacht chun faisnéis a mhalartú;

    8.

    á chur in iúl go dtacaíonn sé le comhtháthú breise an taighde sa chuid sin den chlár Fís Eorpach a bhaineann leis an mbeartas slándála agus go dtacaíonn sé freisin leis an moladh go gcabhródh Europol le príomhthéamaí taighde a shainaithint agus le creatchláir ábhartha AE a tharraingt suas agus a chur chun feidhme;

    A bheith chun cinn ar an mbagairt: ról na nuatheicneolaíochtaí

    9.

    á chur in iúl go n-aithníonn sé na deiseanna a thugann nuatheicneolaíochtaí nuálacha ar nós na hintleachta saorga agus drón chun bagairtí sceimhlitheoireachta a bhrath go réamhghníomhach agus chun cur leis an tslándáil i spásanna poiblí agus gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún tionscadail a mhaoiniú chun nuatheicneolaíochtaí a fhorbairt faoin gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach (6); ag iarraidh go ndéanfar dea-chleachtais a mhalartú idir na rialtais, an lucht tionscail agus na saineolaithe;

    10.

    á thabhairt le fios go gcruthaíonn nuatheicneolaíochtaí bagairtí nua freisin, agus gur díol sásaimh dó, i measc rudaí eile, na pleananna atá ag an gCoimisiún dróin a d’fhéadfadh a bheith mailíseach a bhrath, a rianú agus a shainaithint ar bhealach níos fearr;

    11.

    á chur i bhfáth nach mór cothromaíocht a lorg, go mór mór maidir le nuatheicneolaíochtaí, idir, ar an taobh amháin, an ceart chun slándála agus an ceart chun sláine an duine agus, ar an taobh eile, cearta agus saoirsí bunúsacha eile; á mhaíomh gur cheart srianta agus ceartúcháin a chur san áireamh agus tús áite a thabhairt don chomhréireacht agus do mhaoirseacht neamhspleách bhreithiúnach;

    Cosc

    Cur i gcoinne idé-eolaíochtaí antoisceacha ar líne

    12.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún, i gcomhar le Europol, go ndéanfar aonad inniúil Europol a neartú maidir le hacmhainní agus inniúlachtaí, an Prótacal Eorpach um Ghéarchéimeanna a chur chun feidhme tuilleadh agus, ar an gcaoi sin, dul i ngleic le mearscaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne;

    13.

    á thabhairt dá aire an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint a chur leis an liosta de choireanna ar leibhéal AE (7) agus an togra uaidh le haghaidh Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (8); á chur i bhfáth nach mór a chur san áireamh, ina leith sin, na creataí dlíthiúla sna Ballstáit; á thabhairt le fios gur gá na cearta agus na saoirsí bunúsacha uile, lena n-áirítear an ceart chun tuairimí a nochtadh, a chur san áireamh i gcónaí;

    14.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé frithinsintí agus insintí malartacha a scaipeadh d’fhonn an radacú, an sceimhlitheoireacht agus an bhréagaisnéis a chomhrac; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit chun an chumarsáid straitéiseach sin a fhorbairt;

    Tacaíocht do ghníomhaithe pobail ar mhaithe le pobail níos athléimní

    15.

    á chur i bhfáth go bhfuil sé tiomanta leanúint de ról gníomhach a imirt sa chomhrac i gcoinne an radacaithe; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tacaíocht ón gCoimisiún do Líonra AE um Fheasacht ar an Radacú (9) agus don tionscnamh Cathracha an Aontais Eorpaigh i gcoinne Radacú (10);

    16.

    á chur i bhfáth, go háirithe maidir le luathbhrath an radacaithe, a thábhachtaí atá cur chuige ildisciplíneach i gcomhar leis an tsochaí shibhialta; ag leagan béim ar dhea-chleachtais ar nós “cealla áitiúla comhtháite slándála”, ina dtugtar le chéile údaráis áitiúla, na póilíní, oibrithe sóisialta agus eagraíochtaí um chosc, seirbhísí oideachais (neamhfhoirmiúla), comhairleoirí creideamhbhunaithe, etc., agus a ghlacann cur chuige de réir an cháis i leith daoine a ndearnadh radacú orthu (11); ag tarraingt aird, ina leith sin, ar phrionsabal na rúndachta gairmiúla comhroinnte, rud atá thar a bheith tábhachtach; ag iarraidh go ndéanfar dea-chleachtais a mhalartú ina leith sin; á chur i bhfáth gur gá an reachtaíocht maidir le cosaint an phríobháideachais sna Ballstáit a chur san áireamh;

    17.

    á thabhairt le fios gurb iad na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla na húdaráis is mó a bhfuil orthu dul i ngleic leis na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an lánpháirtiú agus go bhfuil súil ag an gCoiste leis, go háirithe ar an leibhéal sin, go dtacóidh an Coimisiún le cosaint agus neartú an chomhtháthaithe shóisialta, lena n-áirítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an Lánpháirtiú agus leis an gCuimsiú (12);

    Príosúin, athshlánú agus ath-lánpháirtiú

    18.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún díriú níos mó ar shaincheist an radacaithe sna príosúin trí phríosúnaigh a ndearnadh radacú orthu a dhíradacú, a athshlánú agus a ath-lánpháirtiú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach trína gcuirfí sainoiliúint ar phearsanra na bpríosún, oibrithe sóisialta, comhairleoirí creideamhbhunaithe, etc., maidir leis an gcaoi le déileáil le príosúnaigh a ndearnadh radacú orthu agus trína n-áiritheofaí nach dtiocfadh stop leis an meantóireacht a dhéantar ar phríosúnaigh a ndearnadh radacú orthu a luaithe a thagann deireadh leis an tréimhse choinneála nó leis an bpróiseas díradacaithe; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé dea-chleachtais a mhalartú;

    Eolas agus tacaíocht a chomhdhlúthú

    19.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún tacú le forbairt bhreise líonraí náisiúnta de ghníomhaithe ábhartha; ag tnúth leis an togra maidir le Mol Eolais AE maidir leis an Radacú a Chosc a bhunú, a chabhródh ní hamháin le heolas agus saineolas a scaipeadh ach leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna maoiniúcháin faoi na cláir éagsúla atá ag an Aontas; á thabhairt dá aire an t-ardleibhéal eolais agus saineolais atá ann cheana sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (13); á iarraidh go mbeadh údaráis inniúla réigiúnacha forfheidhmithe dlí agus a gcuid seirbhísí faisnéise páirteach i bhforbairt líonraí náisiúnta de gheallsealbhóirí ábhartha agus Mhol Eolais AE maidir leis an Radacú a Chosc;

    20.

    á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá an Ciste Slándála Inmheánaí sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta san Eoraip; ag leagan béim ar an ngá atá lena áirithiú go mbainfidh an sciar de chistí a bhainistíonn na Ballstáit gach údarás inniúil náisiúnta agus réigiúnach sa réimse sin amach;

    Cosaint

    Daoine a chosaint i spásanna poiblí

    21.

    á chur i bhfáth go bhfuil spásanna poiblí i mbaol ionsaithe sceimhlitheoireachta; ag cur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún níos mó béime a chur ar an bprionsabal “slándáil trí dhearadh”; ag tnúth le foilsiú leabhar ailtireachta an Choimisiúin ar líne maidir le gnéithe slándála a chuimsiú i ndearadh spásanna poiblí nua agus in athchóiriú spásanna poiblí atá ann cheana; ag díriú aird ar an gcothromaíocht a theastaíonn idir slándáil na spásanna poiblí agus oscailteacht, cáilíocht mhaireachtála agus inrochtaineacht na spásanna sin;

    22.

    á aithint go bhfuil ardluach siombalach ag ionaid adhartha, rud a fhágann go mbíonn siad ina sprioc ag sceimhlitheoirí; ag tnúth leis na tionscadail a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt dóibh, i gcomhar leis na Ballstáit, ar mhaithe le cosaint fhisiciúil na n-ionad sin a fheabhsú, mar a bhfuil, ina leith sin freisin, cothromaíocht ag teastáil idir slándáil na spásanna poiblí agus oscailteacht, cáilíocht mhaireachtála agus inrochtaineacht na spásanna sin;

    Na cathracha mar chnámh droma ag an tslándáil uirbeach

    23.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tograí ón gCoimisiún maidir le Gealltanas an Aontais maidir le Slándáil Uirbeach agus Athléimneacht agus an tionscnamh nua Cathracha i gcoinne Radacú agus Sceimhlitheoireachta; ag iarraidh go mbainfí leas as prionsabal an ionaid ilfhreastail, ina leith sin, ar mhaithe le pointe amháin teagmhála a áirithiú;

    24.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún CnaR a áireamh mar chomhpháirtí iomlán i nGealltanas an Aontais maidir le Slándáil Uirbeach agus Athléimneacht agus dul i gcomhairle i gcónaí le CnaR maidir le tograí ábhartha;

    25.

    á chur i bhfáth gur féidir cistí an bheartais comhtháthaithe a úsáid freisin chun an radacú a chosc agus an bonneagar poiblí a uasghrádú trí infheistíochtaí atá dírithe ar an gcomhtháthú sóisialta, an cuimsiú agus an athléimneacht;

    An bonneagar criticiúil a dhéanamh níos athléimní

    26.

    á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go mbeadh an bonneagar criticiúil ina sprioc ag sceimhlitheoirí; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé cibirtheagmhais a thuairisciú faoin reachtaíocht maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise (14); ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún chun cur leis an teacht aniar a bhíonn in oibreoirí agus borradh a chur leis an tslándáil i gcoinne rioscaí fisiceacha agus digiteacha;

    27.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cuireadh go mór le raon feidhme na treorach atá beartaithe maidir le hathléimneacht bonneagair chriticiúil (15) sa chaoi is go gcumhdófar an fuinneamh, an t-iompar, an tsláinte, uisce óil, fuíolluisce, an bonneagar digiteach, an riarachán poiblí agus an spás; á áitiú an athuair (16) ar an gCoimisiún Eorpach machnamh a dhéanamh sa todhchaí ar chur leis an líon earnálacha atá le cumhdach leis an treoir le go gcuirfear san áireamh slabhraí dáileacháin earraí fíor-riachtanacha;

    An tslándáil ag na teorainneacha

    28.

    á thabhairt le fios nach mór do shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a bheith nasctha go dlúth le dea-rialú ar na teorainneacha seachtracha; ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi nach mór tuilleadh a dhéanamh chun córas éifeachtach bainistithe teorainneacha a bhaint amach d’fhonn seiceálacha córasacha a dhéanamh ar gach uile thaistealaí ag na teorainneacha seachtracha sa chaoi is go mbraitear daoine a bhfuil amhras fúthu gur sceimhlitheoirí iad agus bealach isteach san Aontas a chosc orthu; ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún maidir le straitéis nua Schengen;

    29.

    á aithint go bhfuil gá le hidir-inoibritheacht agus cur chun feidhme mear agus iomlán an chórais dul isteach/imeachta (EES) (17), an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) (18) agus an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla do Náisiúnaigh Tríú Tíortha (ECRIS-TCN) (19) a bhaint amach;

    30.

    á aithint, i bhfianaise na rialachán nua maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) (20), gur gá an córas aitheantais uathoibrithe méarlorg (AFIS) a chur chun feidhme agus a áirithiú go ndéanfar faisnéis arna cur ar fáil ag tríú tíortha iontaofa i dtaobh trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a iontráil in SIS;

    Slí ionsaithe a cheilt ar na sceimhlitheoirí

    31.

    á admháil gur bagairt atá sna pléascáin bhaile; ag tacú le hachainí an Choimisiúin an reachtaíocht maidir le réamhtheachtaithe pléascán (21) a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ina hiomláine; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an reachtaíocht sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

    Freagairt

    Tacaíocht d’oibríochtaí: Europol a neartú

    32.

    á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag Europol agus ag Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa (ECTC); á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní breise; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas (22) atá tugtha ag an gCoimisiún sainordú Europol a neartú le go mbeidh Europol in ann comhoibriú go héifeachtach le páirtithe príobháideacha, tacú le himscrúduithe coiriúla náisiúnta sa sceimhlitheoireacht maidir le próiseáil agus anailísiú mórshonraí, agus a shaineolas taighde agus nuálaíochta a úsáid;

    Comhar i bhforfheidhmiú an dlí

    33.

    á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar trasteorann agus trasearnála sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta; ag iarraidh go mbeadh dlúthchomhar ann idir na húdaráis réigiúnacha agus náisiúnta forfheidhmithe dlí agus Europol; ag leagan béim ar an mbreisluach a bhaineann le hoiliúint ábhartha de chuid CEPOL (23); á chur in iúl go bhfuil súil in airde aige leis an togra ón gCoimisiún maidir le cód AE um chomhar póilíneachta agus go bhfuil sé ag iarraidh ar an gCoimisiún nádúr díláraithe an bheartais slándála i mBallstáit áirithe a chur san áireamh; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún leanúint den tacaíocht a thugtar do líonra ATLAS na n-aonad speisialta idirghabhála (24); ag iarraidh go ndéanfaí scrúdú ar roghanna maidir le comhthiomsú agus comhroinnt;

    An malartú faisnéise a neartú

    34.

    á aithint go bhfuil gá le comhordú, comhar agus malartú faisnéise níos láidre idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, na Ballstáit, na fórsaí póilíneachta, na córais dlí agus chirt, agus na seirbhísí slándála agus faisnéise, eatarthu féin agus leis na gníomhaireachtaí ábhartha ar leibhéal na hEorpa; ag leagan béim ar dhea-chleachtais ina n-úsáidtear tascfhórsaí ildisciplíneacha, grúpaí oibre agus cealla slándála ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta (25); ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún maidir le sásra éifeachtúil le haghaidh malartú faisnéise i gcásanna frithsceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an discréid agus an mhuinín fhrithpháirteach;

    35.

    á admháil gur gá próifílí DNA, méarloirg agus loirg dearnan, agus sonraí náisiúnta cláraithe feithicle, a mhalartú níos fearr idir na Ballstáit ar chaoi a chomhlíonann riachtanais oibríochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí agus creat dlíthiúil AE maidir le cosaint sonraí; ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún maidir le Cinntí Prüm (26) a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta agus a raon feidhme a leathnú;

    Tacaíocht d’imscrúduithe agus d’imeachtaí ionchúisimh

    36.

    á aithint, cé gur uirlis thábhachtach maidir le cosaint na cibearshlándála agus na gceart bunúsach é an criptiú faisnéise, go mbaineann sceimhlitheoirí úsáid mhícheart as; ag dúil leis an gcomhar atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh leis na Ballstáit chun réitigh a aithint i leith rochtain mhídhleathach ar na sonraí sin i gcomhréir lenár gcearta agus saoirsí bunúsacha agus le creat dlíthiúil AE maidir le cosaint sonraí;

    37.

    á admháil, maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta atá ag filleadh ar an Eoraip a shainaithint, a bhrath agus a ionchúiseamh, gur gá fianaise agus faisnéis ó láthair na coire a bhailiú agus gur casta an gnó é sin a dhéanamh; á chur in iúl go bhfuil súil in airde aige leis na tionscnaimh ón gCoimisiún a thacóidh leis na Ballstáit, ina leith sin, agus gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún an comhar le tríú tíortha a neartú;

    Tacaíocht níos láidre d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta

    38.

    á chur i bhfáth go mbíonn tionchar ollmhór ag ionsaithe sceimhlitheoireachta ar na híospartaigh; á thabhairt le fios gur cheart an tacaíocht d’íospartaigh a bhunú ar aitheantas, cuimhneachán, ceartas agus teacht ar an bhfírinne;

    39.

    ag leagan béim ar an ngá le faoiseamh a thabhairt do na híospartaigh; á thabhairt le fios gur dea-chleachtas é córas bainistithe cásanna ina bhfuil ról ag cóitseálaithe agus ina dtugtar tacaíocht ar leith do gach íospartach, maidir le cúrsaí riaracháin agus ó thaobh na mothúchán de araon;

    40.

    á chur i bhfáth go bhfuil fiúntas breise leis an gclár píolótach Lárionad AE um Shaineolas ar Íospartaigh na Sceimhlitheoireachta (27); ag iarraidh go leanfar leis an gclár sin tar éis 2021 agus go méadófar é le go bhféadfar obair phraiticiúil bhreise a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil; ag iarraidh, freisin, go mbeadh comhar láidir idir é agus Mol Eolais AE maidir leis an Radacú a Chosc, a bhunófar amach anseo, seachas an dá chlár sin a chomhtháthú;

    41.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún teacht ar shlite a chabhróidh le híospartaigh rochtain a fháil ar chúiteamh, lena n-áirítear íospartaigh na sceimhlitheoireachta i gcásanna trasteorann a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile nach é an Ballstát inar tharla an t-ionsaí sceimhlitheoireachta é; ag iarraidh córais amhail ciste ráthaíochta d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta a chur san áireamh.

    An Bhruiséil, 12 Deireadh Fómhair 2021.

    Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

    Apostolos TZITZIKOSTAS


    (1)  COM(2020) 795 final.

    (2)  Airteagal 4, Airteagal 67 agus Airteagal 72 CFAE.

    (3)  Europol (2020). European Union Terrorism Situation and Trend Report (TE-SAT) 2020.

    (4)  Europol (2020). European Union Terrorism Situation and Trend Report (TE-SAT) 2020.

    (5)  Stiúrthóireacht Feidhmiúcháin Choiste Frithsceimhlitheoireachta Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (2020). Tionchar phaindéim COVID-19 ar an sceimhlitheoireacht, ar an bhfrithsceimhlitheoireacht agus ar chur i gcoinne an antoisceachais fhoréignigh.

    (6)  https://futurium.ec.europa.eu/en/urban-agenda/security-public-spaces?language=ga

    (7)  Airteagal 83(1) CFAE.

    (8)  COM(2020) 825 final.

    (9)  https://ec.europa.eu/home-affairs/what-we-do/networks/radicalisation_awareness_network_en

    (10)  https://ec.europa.eu/home-affairs/policies/internal-security/counter-terrorism-and-radicalisation_en

    (11)  https://preventie-radicalisering-polarisering.vlaanderen.be/sites/preventie-radicalisering-polarisering/files/leidraad_livc.pdf

    (12)  COM(2020) 758 final.

    (13)  Parlaimint Fhlóndras (2015). Doiciméad 366 (2014-2015) – Uimh. 3 agus Rialtas Fhlóndras (2017). Plean Gníomhaíochta Fhlóndras maidir leis an radacú foréigneach agus an polarú a chosc.

    (14)  Treoir (AE) 2016/1148.

    (15)  COM(2020) 829 final.

    (16)  Tuairim NAT-VII/017 ó CnaR Athléimneacht Eintiteas Criticiúil.

    (17)  https://www.eulisa.europa.eu/Activities/Large-Scale-It-Systems/Sis-Ii

    (18)  https://www.eulisa.europa.eu/Activities/Large-Scale-It-Systems/Etias

    (19)  https://www.eulisa.europa.eu/Activities/Large-Scale-It-Systems/Ecris-Tcn

    (20)  Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862.

    (21)  Rialachán (AE) 2019/1148.

    (22)  COM(2020) 796 final.

    (23)  https://www.cepol.europa.eu/education-training/what-we-teach/counter-terrorism

    (24)  Cinneadh 2008/617/CGB.

    (25)  https://www.besafe.be/sites/default/files/2019-06/planr_en.pdf

    (26)  Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB.

    (27)  https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and-fundamental-rights/criminal-justice/eu-centre-expertise-victims-terrorism_en


    Top