Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021IE3554

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga a fhorbairt i micrifhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide Eorpacha (tuairim féintionscnaimh)

EESC 2021/03554

IO C 194, 12.5.2022, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 194/1


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga a fhorbairt i micrifhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide Eorpacha

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 194/01)

Rapóirtéir:

Marie-Françoise GONDARD-ARGENTI

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25.3.2021

Bunús dlí

Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

13.12.2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

19.1.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

566

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

238/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tugann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le fios go bhfuil úsáid na hintleachta saorga ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) ag brath ar a iontaofa, a chuimsithí agus a inbhuanaithe atá sí agus más cuid í de chreat eacnamaíoch agus shóisialta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, a chuireann le forbairt gnó, le hinfhostaitheacht agus le caighdeán saoil agus sláinte níos fearr d’oibrithe agus do shaoránaigh uile na hEorpa. Ach meas a léiriú ar na cearta bunúsacha agus sóisialta agus ceanglais trédhearcachta a fheabhsú, cuirfear le húsáid na hintleachta saorga agus cothófar muinín inti i measc na saoránach agus na MFBManna.

1.2.

Meabhraíonn CESE gur daoine féinfhostaithe, micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide i ngach earnáil iad 99 % de chuideachtaí an Aontais; cuireann siad dhá thrian de na poist san earnáil phríobháideach ar fáil agus is iadsan faoi deara breis agus leath den bhreisluach a chruthaíonn cuideachtaí an Aontais. D’ainneoin iad a bheith neamhchosanta ar iomaíocht atá athraithe ó bhonn de bharr dhigiteáil an gheilleagair, tá ról nach beag acu siúd maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriú digiteach agus éiceolaíoch an Aontais. Ní mór, dá bhrí sin, rochtain chomhionann a bheith acu ar an intleacht shaorga. Murach sin, caillfidh an Eoraip na hacmhainní eacnamaíocha, sóisialta agus daonna is luachmhaire atá aici.

1.3.

Cuireann CESE in iúl sa tuairim uaidh maidir leis an athbhreithniú ar an bplean comhordaithe (1) go bhfuil ríthábhacht le glacadh forleathan na hintleachta saorga ag MFBManna má tá earnáil tionsclaíochta na hEorpa chun breith suas ar earnálacha eile. In ainneoin a sholúbtha atá siad, tá dúshláin shuntasacha inmheánacha agus sheachtracha le sárú ag MFBManna sa chlaochlú digiteach, mar atá, costais, easpa bonneagar leathanbhanda i gcríocha áirithe, rochtain ar mhaoiniú, ar acmhainní daonna, ar fhaisnéis, ar oiliúint, etc.

1.4.

Tá CESE á iarraidh uirlisí simplí agus maoiniú inrochtana a thabhairt do MFBManna chun cuidiú leo an teicneolaíocht chostasach sin a ghlacadh chucu féin, teicneolaíocht atá ríthábhachtach chun a n-iomaíochas a choinneáil nó a neartú, fiú. Is tosaíocht í an rochtain ar shonraí leordhóthanacha ardcháilíochta, mar aon le trialacha ar mhórscála.

1.5.

Measann CESE go bhfuil gá le toil láidir pholaitiúil ar gach uile leibhéal, le dlúthchomhar le geallsealbhóirí uile na sochaí sibhialta eagraithe agus le hidirphlé sóisialta ardcháilíochta sna Ballstáit má táthar chun tacú go héifeachtach le MFBManna agus an intleacht shaorga á húsáid acu.

1.6.

I ngeall ar a éagsúla atá MFBManna sna hearnálacha éagsúla, tá gá le tacaíocht iomchuí spriocdhírithe don intleacht shaorga, maille le reachtaíocht chliste agus chuimsitheach, nithe atá ríthábhachtach chun deimhneacht dhlíthiúil agus muinín a áirithiú.

1.7.

Molann CESE uirlis oideachais a scaipeadh go tapa ar na geallsealbhóirí go léir agus ar fhiontraithe go háirithe. Is é sin “bosca uirlisí” a áirítear sa staidéar a d’fhoilsigh CESE ar an ábhar sin (2) agus lena ndéantar cur síos ar na céimeanna éagsúla in úsáid na hintleachta saorga ag MFBManna. A bhuí leis na hacmhainní sin, is féidir deireadh a chur le hábhair imní i leith na teicneolaíochta sin agus an chaoi a mbreathnaítear uirthi a athrú ó bhonn.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Déantar anailís sa staidéar Borradh a chur faoin úsáid a bhaintear as an intleacht shaorga i micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide na hEorpa a d’fhoilsigh CESE ar chúig earnáil (talmhaíocht, tógáil, cúram sláinte, seirbhísí dlí agus cuntasaíocht) i gcúig Bhallstát (an Iodáil, an Fhrainc, Éire, an Rómáin, an tSualainn). Tá sé d’acmhainn ag lucht déanta beartas agus ag MFBManna na moltaí ón “bosca uirlisí” a chur i ngníomh.

2.2.

I dTuarascáil 2021 maidir le FBManna a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí Iúil (3), léirítear an dul chun cinn iarbhír atá déanta maidir le digiteáil na MFBManna sna 27 mBallstát ar bhonn dhá shuirbhé a rinneadh le linn na chéad chéime den phaindéim agus sa ráithe dheireanach de 2020.

2.3.

Is cnámh droma gheilleagar an Aontais iad na 25 mhilliún MFBM Eorpacha. Cuireann siad tuairim is 100 milliún post ar fáil agus gineann siad beagnach 57 % de OTI na hEorpa. Tá ról lárnach acu maidir le luach a chruthú i ngach aon earnáil (ón gcéardaíocht traidisiúnta neamhspleách go dtí an geilleagar sóisialta, i.e. 2,8 milliún gnólacht, gnólachtaí nuathionscanta ardteicneolaíochta, etc.) agus tá tacaíocht shaincheaptha spriocdhírithe, reachtaíocht chliste agus chuimsitheach, lena n-áirithítear deimhneacht dhlíthiúil, muinín agus cáilíocht saoil d’oibrithe de dhíth orthu.

2.4.

Tá súil ag CESE go leanfar de na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún agus na Ballstáit a chur chun feidhme go praiticiúil ar an leibhéal áitiúil. Leis an mbosca uirlisí thuasluaite, ba cheart go spreagfaí na húdaráis phoiblí chun triail a bhaint as tionscnaimh shaincheaptha i gcomhpháirt leis an tsochaí shibhialta agus na gnólachtaí lena mbaineann.

2.5.

Is minic nach mbíonn rochtain ag MFBManna ar an intleacht shaorga, rud a ráthaíonn claochlú earnáil na tionsclaíochta. In ainneoin a sholúbtha atá siad, tá dúshláin shuntasacha le sárú acu, idir dhúshláin inmheánacha (acmhainní daonna, costais, rochtain ar shonraí ardcháilíochta) agus dúshláin sheachtracha (rochtain ar bhonneagar leathanbhanda, ar mhaoiniú, ar fhaisnéis, ar oiliúint, etc.).

2.6.

Tá ríthábhacht le glacadh forleathan na hintleachta saorga ag MFBManna má tá earnáil tionsclaíochta na hEorpa chun breith suas ar earnálacha eile (4), óir ní mór aird faoi leith a thabhairt ar na grúpaí is leochailí (féinfhostaithe, micrifhiontair, gnólachtaí teaghlaigh nó gnólachtaí atá i bhfad ó ionaid uirbeacha, agus fiontair an gheilleagair shóisialta) d’fhonn aon chineál idirdhealaithe a sheachaint, rud a mbeadh tionchar tromchúiseach eacnamaíoch agus sóisialta aige ar an Aontas Eorpach ina iomláine.

2.7.

Is den phráinn cur leis an muinín chun na MFBManna a áireamh i straitéis barr feabhais agus ceannaireachta an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, ní mór do na gníomhaithe institiúideacha uile, ón gCoimisiún Eorpach go dtí na rialtais náisiúnta agus struchtúir réigiúnacha agus áitiúla, a bheith rannpháirteach d’fhonn uirlisí agus tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil de réir méide agus chun tacaíocht agus ráthaíochtaí infheistíochta a áirithiú. Is den riachtanas an deighilt dhigiteach a dhúnadh agus líonraí a chomhtháthú chun an bhearna idir MFBManna agus corparáidí móra ó thaobh na hintleachta saorga de a dhúnadh.

2.8.

Tá an rath bunaithe ar thoil láidir pholaitiúil chun oibriú i ndlúthchomhar ar gach leibhéal leis an tsochaí shibhialta eagraithe, leis na comhpháirtithe sóisialta, le comhlachais, le comhlachais tráchtála, le heagraíochtaí gairmiúla, grúpalácha, etc. Oibríonn na gníomhaithe seo ar an leibhéal áitiúil agus aithníonn fostóirí agus fostaithe MFBManna araon iad. Is iadsan is fearr oibrithe agus fostóirí a chur ar an eolas faoi na rioscaí agus na dúshláin ina gcuid earnála. Tá na scileanna uile acu chun cinntí beartais a spreagadh ar gach leibhéal a fhreastalóidh ar riachtanais MFBManna ó thaobh na hintleachta saorga de. Creideann CESE go mbeadh sé chun leas na mBallstát idirphlé sóisialta agus cómhargáil ar ardcháilíocht a chur chun cinn d’fhonn a áirithiú go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag beartais atá dírithe ar MFBManna.

2.9.

Ní bréag a rá gur den tábhacht é go mbeidh cláir Eorpacha, amhail an clár don Eoraip Dhigiteach agus an clár Fís Eorpach, dírithe ar MFBManna (5). Ní mór na huirlisí uile a chur in úsáid ar dhóigh shothuigthe.

2.10.

Tá cáilíocht agus cosaint sonraí, mar aon le slándáil agus trédhearcacht sonraí, á gcur i mbaol i bhfianaise a chasta atá algartaim, murab ionann is riamh, agus tá imní mhór eiticiúil ann faoi idirdhealú, éagothromaíochtaí sóisialta níos mó, neamhspleáchas cinntí daonna, etc. dá bharr. Tugtar orainn go léir, MFBManna san áireamh, a bheith síorairdeallach de dheasca na ndúshlán sin. Ní tráth faillí é seo: ní mór an intleacht shaorga a chur in úsáid sna fiontair sin.

2.11.

Tacaíonn torthaí an staidéir thuasluaite le roinnt mhaith de na moltaí atá déanta ag CESE ar an ábhar seo:

tá glacadh na hintleachta saorga ag MFBManna ag brath go príomha ar cé acu an bhfuil an-scil ag bainisteoirí agus fostaithe san intleacht shaorga nó nach bhfuil, lena n-áirítear i ndáil le rioscaí, sula gcuirfear an teicneolaíocht seo in úsáid;

is trí mhaoiniú iomchuí, agus sin amháin, a dhéanfar cúiteamh ar mhíbhuntáistí ó thaobh méide agus aibíochta de, nithe a chuireann bac, de facto, ar úsáid na hintleachta saorga in MFBManna. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE gur fhógair an Coimisiún go gcuirfí EUR 1,98 billiún ar fáil don Chlár don Eoraip Dhigiteach (6). Leis na moil nuálaíochta, tugtar an rochtain is fearr ar na hacmhainní digiteacha is déanaí agus ar oiliúint do na geallsealbhóirí;

teastaíonn bunachair shonraí sheachtracha ardcháilíochta ó MFBManna. Tá béim leagtha ag CESE cheana ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách ar mhórshonraí na hearnála poiblí. Is gá freisin comhéadain láidre feidhmchláir a chur ar bun, nó ardáin Eorpacha le haghaidh comhroinnt shlán sonraí, fiú (7), amhail an tionscadal Gaia-X. Mhol sé freisin cur chuige cómhalartach a ghlacadh maidir le bainistíocht agus malartú sonraí agus chuir sé i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach sonraí a chur ar fáil chun críoch altrúchais (8);

má tá MFBManna chun teicneolaíochtaí intleachta saorga, rochtain ar shonraí, caighdeánú agus rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil, tá gá le rialacha soiléire aonchineálacha fud fad mhargadh na hEorpa lena gcruthófar na dálaí le haghaidh iomaíocht shláintiúil, rud a ghineann fás agus poist. Ar a mhuin sin, ní mór dóibh a bheith rannpháirteach sna céimeanna is luaithe is féidir den phróiseas ceaptha caighdeán agus rialachán ar an leibhéal Eorpach. A bhuí le réitigh shoiléire thrédhearcacha ar shaincheisteanna eiticiúla agus cuntasachta, cothófar muinín i measc na saoránach agus na dtomhaltóirí, rud a spreagfaidh MFBManna chun teicneolaíochtaí intleachta saorga a ghlacadh.

2.12.

Tacaíonn CESE leis na moltaí a rinneadh sa staidéar thuasluaite agus cuireann sé i bhfáth go bhfuil gá le toil pholaitiúil thar a bheith gníomhach agus seasmhach:

scileanna intleachta saorga a chur chun cinn i measc na saoránach tríd an oideachas agus an oiliúint i dtreo gur féidir le grúpaí uile na sochaí sibhialta, lena n-áirítear MFBManna, leas a bhaint as an teicneolaíocht nua seo gan dua agus í a úsáid ar dhóigh inniúil fhreagrach. Is den ríthábhacht an oiliúint acadúil a chomhlánú le sásraí praiticiúla agus oiliúint leanúnach atá oiriúnach agus inacmhainne a chur ar fáil d’oibrithe féinfhostaithe, do bhainisteoirí MFBManna agus dá bhfostaithe (9). I dtaca le bainisteoirí, ba cheart rochtain ar shaineolas seachtrach a éascú dóibh trí chomhpháirtíochtaí gnólacht le gnólacht (B2B), trí intleacht shaorga a bhfuil rochtain ag cách uirthi agus tríd an intleacht shaorga a chur ar fáil mar sheirbhís;

féachaint chuige go mbeidh rochtain éasca ag MFBManna ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach araon agus go gcuirfear sineirgí idir cistí AE ar bun dóibh;

an bonneagar agus na naisc is gá a áirithiú i ngach limistéar, lena n-áirítear limistéir thuaithe, d’fhonn deighilt dhigiteach a sheachaint agus rochtain ar shonraí ábhartha agus idir-inoibritheacha a chur ar fáil, sonraí a úsáidtear in earnáil na talmhaíochta go háirithe;

comhordú rianúil a áirithiú idir na gníomhaithe agus na leibhéil uile;

feasacht ghinearálta a chur chun cinn faoi dhúshláin chibearshlándála (10), faoin damáiste eacnamaíoch agus sochaíoch a eascraíonn as sonraí claonta agus faoi rioscaí eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Is den riachtanas an éagsúlacht dhaonna a chur san áireamh agus uirlisí intleachta saorga á gceapadh chun cáilíocht sonraí a fheabhsú;

dea-chleachtais agus scéalta ratha a scaipeadh go forleathan ar an leibhéal áitiúil, mar aon le comhroinnt aiseolais a éascú chun tús a chur le glacadh forleathan na hintleachta saorga in MFBManna.

2.13.

Ba mhian le CESE aird na n-institiúidí Eorpacha a tharraingt ar na tosaíochtaí gníomhaíochta seo a leanas a bhaineann leis an intleacht shaorga:

tosú go mall ar mhaithe le beartais iomchuí agus chomhréireacha a spreagadh, fiú má fhágann sé sin gur gá iad a chur in oiriúint do chuideachtaí móra ag céim níos déanaí;

deimhneacht dhlíthiúil agus tuiscint mhaith ar na rialacha a chur chun cinn d’fhonn úsáid na hintleachta saorga i ngnólachtaí a éascú agus chun tacú lena gcuid infheistíochtaí chun an nuálaíocht agus an intleacht shaorga a fhorbairt;

tuiscint an uile dhuine ar an intleacht shaorga a éascú trí chomhordú níos fearr agus trí shineirgí níos mó idir ionstraimí beartais agus tionscnaimh, trí bhíthin ardán tiomnaithe do MFBManna;

trialacha luatha ar mhórscála a chur chun cinn trí rannpháirtíocht oibríochtúil, i measc nithe eile. Athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá suíomhanna tástála rialála agus boscaí gainimh rialála chun smaointe nua a thriail agus a thástáil (11) agus an gá atá le meastóireacht a dhéanamh ar na huirlisí sin d’fhonn iad a oiriúnú ar an mbealach is fearr is féidir (12). Ba cheart go n-oibreodh na moil nuálaíochta digití, an Líonra Fiontar Eorpach (EEN) agus ardáin ar éileamh i ndlúthchomhar chun tacú le hiarrachtaí cur chun feidhme FBManna;

cur chuige uile-Eorpach a chur chun cinn tríd an Margadh Aonair Eorpach a thabhairt chun críche agus beartais a chur in oiriúint do riachtanais na mBallstát, ó chéim forbartha na hintleachta saorga go dtí a glacadh;

rochtain ar shonraí oscailte a cheadú agus, san am céanna, cosaint sonraí agus úinéireacht sonraí á n-urramú agus sreabha sonraí á méadú chun córais atá bunaithe ar an intleacht shaorga a chur ar fáil;

margadh aonair Eorpach atá trédhearcach a ráthú chun rioscaí a laghdú agus chun cur le hinaistritheacht réitigh intleachta saorga chuig MFBManna. Réamhriachtanas is ea idir-inoibritheacht na mbonneagar digiteach riachtanach chuige sin.

3.   Barúlacha sonracha (13)

3.1.   Talmhaíocht

3.1.1.

Tá roinnt dúshlán roimh earnáil na talmhaíochta, earnáil ina bhfuil líon mór MFBManna teaghlaigh (96 % d’fheirmeacha in 2016), mar atá, déimeagrafaíocht, aeráid, tarraingteacht agus iomaíochas.

3.1.2.

I bhfianaise na mbuntáistí cruthaithe a bhaineann leis an intleacht shaorga agus leis an róbataic san earnáil seo, bheadh sé inmhianaithe tacaíocht leanúnach a thabhairt d’fheirmeoirí agus dá bhfostaithe chun cuidiú leo dul in oiriúint do na hathruithe sin, cláir oiliúna iomchuí a fhorbairt ina leith, maille le hoideolaíocht i ndáil le comhroinnt sonraí agus comhiomlánú sonraí (14), agus féachaint ar bhealaí nua chun costais amhail réitigh chomhoibritheacha a roinnt san am céanna.

3.2.   Tógáil

3.2.1.

D’fhéadfadh sé a bheith chun tairbhe na hearnála dlúthshaothair seo dá ndéanfaí í a dhigiteáil a thuilleadh. Tá ar a laghad teicneolaíocht intleachta saorga amháin in úsáid in 36 % de na cuideachtaí san earnáil i gcomórtas leis an meán ar fud na n-earnálacha uile (42 %).

3.2.2.

Éilítear le Samhaltú Faisnéise Foirgneamh (BIM), rud atá níos tábhachtaí ná riamh don earnáil agus a bhí in úsáid in 29 % d’fhiontair in 2016, infheistíocht ollmhór in oiliúint agus rochtain oscailte neamh-idirdhealaitheach ar bhogearraí pleanála leictreonaí trí chomhéadain oscailte chaighdeánaithe (“open BIM”) chun a áirithiú nach gcuirfí rochtain MFBManna ar an margadh i mbaol.

3.2.3.

I bhfianaise shaintréithe na hearnála sin agus an acmhainneacht atá inti, d’fhéadfadh sí a bheith ina heiseamláir d’Eoraip ghlas agus dhigitithe dá n-áiritheofaí na réamhriachtanais chun rochtain ar an margadh a fháil ó thaobh teicneolaíochta agus dlí soláthair phoiblí de.

3.3.   Sláinte

3.3.1.

In earnáil na sláinte, níos mó ná earnálacha eile, ní mór do nuálaíochtaí freastal ar riachtanais eiticiúla agus sábháilteachta, ó chéim an deartha go dtí an úsáid. Chun earnáil intleachta saorga a fhorbairt i réimse na sláinte, tá gá le rochtain ar shonraí leordhóthanacha ardcháilíochta. Bheadh trialacha críochacha, dála “boscaí gainnimh”, ina gcuidiú ag MFBManna i ndáil leis sin.

3.3.2.

Tá MFBManna gníomhach i réimse an trealaimh leighis (95 % den 32 000 cuideachta san earnáil seo) agus na seirbhísí go háirithe agus tá siad ar thús cadhnaíochta ó thaobh na nuálaíochta agus na táirgiúlachta de (tá teicneolaíocht intleachta saorga in úsáid ag 47 % de na cuideachta san earnáil cheana féin).

3.3.3.

Bíodh sin mar atá, bíonn costas ard le híoc ag MFBManna ar T&F agus bíonn orthu dul i ngleic le timthriallta nuálaíochta fada, nósanna imeachta casta um údarú margaíochta agus creat ceangailteach RGCS.

3.3.4.

Ach limistéar Eorpach sonraí sláinte iontaofa a chruthú, chomh maith le fostaithe “hibrideacha” a bhfuil scileanna agus teicnící digiteacha acu a earcú, chothófaí réitigh nuálacha, lena n-áirítear i micrifhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, agus ghinfí coigilteas do chórais chúraim níos inbhuanaithe agus níos athléimní (15).

3.4.   Gairmeacha liobrálacha (16)

3.4.1.

I bhfianaise a íogaire atá na sonraí a bhíonn i seilbh gairmithe liobrálacha, is ábhair thromchúiseacha iad príobháideachas, rúndacht, trédhearcacht agus neamh-idirdhealú san earnáil seo.

3.4.2.

Ach úsáid a bhaint as an intleacht shaorga chun na cúraimí is fadálaí a uathoibriú, ba cheart go mbeadh gairmithe liobrálacha in ann díriú ar phríomhghníomhaíochtaí a ngairme chun freastal ar riachtanais a gcliant/a n-othar ar dhóigh níos fearr.

3.4.3.

Faoi mar a leagadh béim air sa tuairim ó CESE Gairmeacha Liobrálacha 4.0 (17), ardaíonn an intleacht shaorga ceisteanna faoin ngaol speisialta muiníne idir an gairmí liobrálach agus a chliant agus faoi choincheapa an neamhspleáchais agus na freagrachta gairmiúla chomh maith. Fágann sé sin gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha eiticiúla agus aird á tabhairt ar ghnéithe teicniúla agus eiticiúla na hintleachta saorga agus ceanglais nua maidir le hoiliúint agus scileanna a leagan síos (slándáil agus cáilíocht sonraí, cosaint sonraí pearsanta, cibearshlándáil, etc.).

3.5.   Comhairle dlí

3.5.1.

In ainneoin an mhéadaithe leanúnaigh neamhspleách a tháinig ar thimthriallta eacnamaíocha (méadú 2,6 % in aghaidh na bliana idir 2014 agus 2018), tá moill á cur ar dhul chun cinn na hearnála sin i ngeall ar fhadhbanna a bhaineann le trédhearcacht agus le claontacht, nithe a bhfuil tionchar acu ar an intleacht shaorga ó bunaíodh í i réimse ina bhfuil an mhuinín bunaithe ar theagmháil dhíreach dhaonna.

3.6.   Cuntasaíocht/rialú bainistíochta

3.6.1.

Is earnáil é seo, ina raibh 640 000 cuideachta ag feidhmiú in 2018 san Eoraip, inar líonmhaire na MFBManna. Ós rud é go bhféadfaí leath de na cúraimí cuntasaíochta a uathoibriú, deis atá san intleacht shaorga ó thaobh breisluacha de agus, a bhuí léi, beidh gairmithe in ann díriú ar chomhairle a thabhairt d’úsáideoirí.

3.6.2.

Sa dá earnáil sin, agus go háirithe chun an riosca maidir le haiceáil sonraí a chosc in earnáil an rialaithe bainistíochta, b’áisiúil an ní é próifílí poist hibrideacha a chruthú lena dtugtar le chéile an dlí agus an chuntasaíocht agus an teicneolaíocht faisnéise.

An Bhruiséil, 19 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 56.

(2)  Glao ar thairiscintí ó CESE Uimh. oCES/FSA/02/2020; údar: Space Tec Partners.

(3)  Tuarascáil bhliantúil 2020/2021 maidir le FBManna Eorpacha (an Coimisiún Eorpach, Iúil 2021).

(4)  Tuairim maidir leis an athbhreithniú ar phlean comhordaithe an Choimisiúin maidir leis an intleacht shaorga (IO C 517, 22.12.2021, lch. 56).

(5)  Tuairim ó CESE (IO C 429, 11.12.2020, lch. 210).

(6)  Fógra an 10 Samhain 2021 ón gCoimisinéir Thierry Breton.

(7)  Féach IO C 240, 16.7.2019, lch. 51.

(8)  Faoi mar a shainmhínítear in aithris 36 den togra ón gCoimisiún maidir leis an nGníomh um Rialachas Sonraí, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:52020PC0767&from=FR

(9)  Féach an tuairim ó CESE (IO C 429, 11.12.2020, lch. 1).

(10)  Féach pointe 4.7 agus pointe 4.8 den tuairim ó CESE (IO C 429, 11.12.2020, lch. 1).

(11)  Féach IO C 240, 16.7.2019, lch. 51.

(12)  Féach IO C 240, 16.7.2019, lch. 51.

(13)  Díreofar sna barúlacha sonracha seo a leanas ar na hearnálacha éagsúla a ndearnadh anailís orthu sa staidéar thuasluaite a d’fhoilsigh CESE.

(14)  De réir na tuarascála Intelligence artificielle – État de l’art et perspectives pour la France (2021), bheadh drogall ar fheirmeoirí a gcuid sonraí a chomhroinnt, in ainneoin go mbaineann siad féin leas as sonraí satailíte agus as an uathoibriú.

(15)  Féach go háirithe an tuairim ó CESE IO C 341, 24.8.2021, lch. 76 agus tuairim IO C 517, 22.12.2021, lch. 56 Plean comhordaithe maidir leis an intleacht shaorga, agus tuarascáil 2021 an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach.

(16)  Sainmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar a leanas: is éard is gairm liobrálach ann gníomhaíocht a bhfuil carachtar intleachtúil faoi leith aici, a bhfuil cáilíocht ardleibhéil ag teastáil ina leith agus a bhíonn, de ghnáth, faoi réir rialú gairmiúil atá cruinn agus dian (C 267/99, I-7467, 2001).

(17)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 8.


Top