Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021DC0770

    Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht

    COM/2021/770 final

    An Bhruiséil,10.12.2021

    COM(2021) 770 final

    2021/0402(NLE)

    Togra le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht

    {SWD(2021) 367 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    I dtreoirlínte polaitiúla an Choimisiúin 1 , luann Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen go bhfuil sé ar intinn aici ‘deireadh a chur leis na bacainní atá ar an bhfoghlaim, agus feabhas a chur ar an rochtain ar scoth an oideachais’, agus í ag tagairt d’ábharthacht an chuimsithe agus na cáilíochta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil mar atá fógartha i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta 2 . Ina dhiaidh sin, mhol an Coimisiún straitéis chun cuidiú le daoine scileanna a fhorbairt i margadh saothair atá ag athrú go tapa agus d’fhógair sé tionscnamh nua maidir le micridhintiúir sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna Nua 3 (Iúil 2020). Sa Teachtaireacht maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 4 (Meán Fómhair 2020), d’fhógair an Coimisiún togra le haghaidh moladh ón gComhairle chun tacú le muinín i micridhintiúir a chothú ar fud na hEorpa. Cuireadh in iúl sa Teachtaireacht go mbeadh sé d’aidhm ag an moladh a áirithiú go ndéanfaí gach beart is gá maidir le micridhintiúir faoi 2025. Dá bhrí sin, áirítear gníomhaíocht maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr i gClár Oibre an Choimisiúin 2021 5 faoin bpríomhuaillmhian ‘Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn’ 6 . Cuirtear an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le micridhintiúir i láthair in éineacht leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Cuntais Foghlama Aonair.

    (1)Dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu leis an moladh atá beartaithe:

    San Eoraip, maidir leis an mbearna idir an t‑oideachas agus an oiliúint agus na héilimh a bhaineann le margadh saothair atá ag athrú go tapa, ní mór do dhaoine a gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach chun an bhearna sin a líonadh.

    Mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, tá fás tapa tagtha ar an éileamh ar dheiseanna gearra saincheaptha foghlama 7 . Mar thoradh ar an éileamh sin ar chineálacha nua foghlama, tá méadú comhfhreagrach tagtha ar an tsuim i ‘micridhintiúir’ lena ndeimhnítear torthaí na neispéireas foghlama beag sin.

    Meastar go leanfaidh an t‑éileamh sin ar aghaidh le linn an téarnaimh ón bpaindéim agus sna blianta ina dhiaidh sin. Chruthaigh an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, arna n‑éascú ag clár maoinithe Next Generation EU, éileamh nua ó fhoghlaimeoirí, ó oibrithe agus ó chuardaitheoirí poist atá ag iarraidh uas‑sciliú agus athsciliú. Is mian leis na foghlaimeoirí, na hoibrithe agus na cuardaitheoirí poist a áirithiú go mbeidh siad infhostaithe agus go ndéanfaidh siad dul chun cinn ina ngairm. Is mian leo rochtain a fháil ar thuilleadh staidéar freisin agus foghlaim ar mhaithe lena bhforbairt phearsanta féin.

    Tá deiseanna foghlama atá níos lú ná cáilíochtaí traidisiúnta á bhforbairt go tapa ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain ag réimse leathan soláthraithe poiblí agus príobháideacha mar fhreagairt ar éileamh ar chineálacha oideachais agus oiliúna atá níos solúbtha agus níos dírithe ar an bhfoghlaimeoir. Is féidir a rá gur oideachas agus oiliúint ar feadh an tsaoil agus i ngach gné den saol atá san oideachas agus san oiliúint sin, agus tarlaíonn siad i suíomhanna éagsúla (ag an obair, sa bhaile, i measc daoine atá ag obair cheana féin, agus i measc daoine nach bhfuil ag obair faoi láthair 8 ). Le micridhintiúir, is féidir eolas, scileanna agus inniúlachtaí a fháil agus aitheantas a thabhairt dóibh ar bhealach spriocdhírithe solúbtha chun freastal ar riachtanais nua atá ag teacht chun cinn sa tsochaí agus sa mhargadh saothair. Tá sé tábhachtach a rá nach dtagann micridhintiúir in ionad cáilíochtaí traidisiúnta. Ina ionad sin, féadfaidh siad cáilíochtaí traidisiúnta a chomhlánú agus a bheith ina ndeis foghlama ar feadh an tsaoil do chách. I bhfianaise a solúbthachta, féadfaidh soláthraithe éagsúla micridhintiúir a dhearadh agus a sholáthar i roinnt suíomhanna foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla éagsúla.

    Go dtí seo, níl aon sainmhíniú comhchoiteann ar mhicridhintiúir agus tá easpa caighdeán ann chun tuairisc a thabhairt orthu agus aitheantas a thabhairt dóibh. Maidir le luach, cáilíocht, aitheantas, trédhearcacht agus ‘inaistritheacht’ (inaistritheacht idir earnálacha oideachais agus oiliúna agus laistigh díobh, inaistritheacht ar an margadh saothair agus inaistritheacht idir tíortha) na micridhintiúr, is cúis imní atá sa mhéid sin 9 . Cuireann sé sin teorainn leis an muinín, leis an tuiscint agus leis an nglacadh níos forleithne, rud a chuireann teorainn le hacmhainneacht na micridhintiúr chun tacú le conairí solúbtha foghlama agus gairme.

    Féadfar micridhintiúir a úsáid freisin mar chuid de bhearta spriocdhírithe chun tacú le cuimsiú agus chun rochtain ar oideachas agus oiliúint agus ar dheiseanna gairme a éascú do raon níos leithne foghlaimeoirí. Áirítear leis an raon níos leithne foghlaimeoirí sin grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha (amhail daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, daoine ar bheagán cáilíochtaí/scileanna, mionlaigh, daoine de bhunadh imirceach, dídeanaithe agus daoine ar lú na deiseanna atá acu mar gheall ar a suíomh geografach agus/nó ar an gcás iad a bheith faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch). Féadfar micridhintiúir a úsáid freisin ar bhealaí spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin laistigh de chórais oideachais agus oiliúna agus laistigh de mhargaí saothair, lena n‑áirítear steiréitíopaí inscne agus steiréitíopaí idirdhealaitheacha eile (e.g. maidir le roghanna staidéir agus laistigh de chleachtais agus d’ábhair oideachais), chun tacú le haistriú níos réidhe ón scoil go dtí an obair.

    Cuspóir agus raon feidhme an togra:

    Go ginearálta, rannchuideoidh an togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le micridhintiúir le Prionsabail 1 agus 4 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta trí dheiseanna foghlama a leathnú do chách agus trí chonairí foghlama níos solúbtha ar feadh an tsaoil a éascú, chomh maith le tacú leis an gceart chun cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar dheiseanna ionchasacha fostaíochta nó féinfhostaíochta, lena n‑áirítear an ceart chun tacaíocht a fháil don oiliúint agus don athcháiliú.

    Go sonrach, tá sé d’aidhm ag an togra na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    ·cur ar a gcumas do dhaoine an teolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a fháil chun rath a bheith orthu i margadh saothair agus i sochaí atá ag athrú, le gur féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as téarnamh ó COVID-19 atá cothrom go sóisialta agus as aistrithe córa chuig an ngeilleagar glas agus chuig an ngeilleagar digiteach;

    ·tacú le hullmhacht sholáthraithe na micridhintiúr chun feabhas a chur ar sholúbthacht an tsoláthair foghlama chun daoine a chumhachtú le conairí pearsantaithe foghlama agus gairme a leanúint;

    ·an chuimsitheacht agus comhdheiseanna a chothú, agus rannchuidiú leis an athléimneacht, leis an gcothroime shóisialta agus leis an rathúnas a bhaint amach do chách, i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh agus le linn gach céim de thimthriallta eacnamaíocha.

    Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, leagtar amach sa togra le haghaidh moladh ón gComhairle cur chuige Eorpach lena moltar do na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    ·sainmhíniú comhchoiteann de chuid an Aontais, caighdeáin agus príomhphrionsabail a chur i bhfeidhm maidir le dearadh, eisiúint agus inaistritheacht na micridhintiúr;

    ·an téiceachóras le haghaidh micridhintiúr a fhorbairt;

    ·acmhainneacht na micridhintiúr a bhaint amach chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus le hinfhostaitheacht.

    Is é an sprioc atá ann micridhintiúir a fhorbairt, a úsáid agus a chur i gcomparáid le chéile ar bhealach comhleanúnach i measc na mBallstát, na bpáirtithe leasmhara agus na soláthraithe éagsúla (idir institiúidí oideachais agus oiliúna agus chuideachtaí príobháideacha) ar fud earnálacha, réimsí agus tíortha éagsúla.

    Tá sé d’aidhm ag an togra tacú leis an obair leanúnach ar mhicridhintiúir atá á déanamh ag na Ballstáit, páirtithe leasmhara agus grúpaí éagsúla soláthraithe ar fud an Aontais. Leis an togra soláthraítear príomhacmhainní agus treoir do na soláthraithe sin, agus do sholáthraithe eile ar spéis leo iniúchadh a dhéanamh ar mhicridhintiúir. Tacóidh na príomhacmhainní agus an treoir sin le luach, cáilíocht, aitheantas, trédhearcacht, inaistritheacht agus glacadh na micridhintiúr ar bhealach comhsheasmhach comhleanúnach. Dá bhrí sin, rannchuideoidh siad le cultúr foghlama ar feadh an tsaoil agus méadóidh siad infhostaitheacht daoine.

    Leis an togra, urramaítear go hiomlán éagsúlacht agus solúbthacht na micridhintiúr. Ar an gcúis sin, ní mholtar sa togra córais nua ná cineálacha nua micridhintiúr a chruthú. Féachtar ann le tacú le hullmhacht na mBallstát agus na soláthraithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) acmhainneacht na micridhintiúr a bhaint amach chun feabhas a chur ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus (ii) an leas is fearr is féidir a bhaint as na huirlisí atá ann cheana chun micridhintiúir a fhorbairt.

    Níl sé d’aidhm ag an togra seo teacht in ionad na bpróiseas náisiúnta atá ann cheana maidir le hoideachas agus oiliúint, fostaíocht, nó margaí saothair a eagrú. Comhlánaíonn micridhintiúir na próisis sin. Thairis sin, leis an togra le haghaidh moladh ón gComhairle, cuirtear leis na rialacha atá ann cheana maidir le próisis riaracháin agus sásraí rialachais ar an leibhéal náisiúnta agus institiúideach (e.g. i dtéarmaí próisis dearbhaithe cáilíochta agus aitheantais) agus moltar na rialacha sin a oiriúnú, i gcás inar gá.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an moladh ón gComhairle atá beartaithe ailínithe le tionscnaimh eile de chuid an Aontais lena dtugtar aghaidh ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar an infhostaitheacht agus comhlánaíonn sé na tionscnaimh sin.

    Agus obair leantach á déanamh ar an Teachtaireacht maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 10 agus ar an gClár Oibre Eorpach do Scileanna Nua 11 , glacadh plean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 12 an 4 Márta 2021. Tagraítear sa phlean gníomhaíochta do mhicridhintiúir mar ionstraim nuálach lena bhféadfaí “conairí solúbtha foghlama a éascú agus tacú le hoibrithe lena bpost nó le linn aistrithe gairmiúla nó aistrithe saoil”. Beidh príomhról ag micridhintiúir freisin maidir le sprioc 2030 60 % de dhaoine fásta a bheith ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna gach bliain a bhaint amach. Tá sé sin ar cheann de na trí phríomhsprioc atá ag an Aontas arbh dhíol sásaimh iad do cheannairí an Aontais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto 13 i nDearbhú Porto 14 an 8 Bealtaine 2021 agus sna conclúidí ón gComhairle Eorpach 15 an 25 Meitheamh 2021.

    Glacfar an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le micridhintiúir go comhuaineach leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Cuntais Foghlama Aonair. Is é is cuspóir don dá ghníomhaíocht daoine aonair a chumhachtú chun scileanna a fhorbairt agus aitheantas a fháil ina leith ar feadh a saoil.

    Ghlac an Coimisiún freisin Moladh ón gCoimisiún ‘Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19’ (Moladh “EASE”) 16 . Leis an Moladh seo, rinneadh iarracht aistrithe ó phost go post agus téarnamh ó COVID-19 lena gcruthófar poist a éascú, go háirithe trí thacú le deiseanna uasscilithe agus athscilithe. Sa chomhthéacs sin, is féidir ról tábhachtach a bheith ag cúrsaí oiliúna gearra, go háirithe cúrsaí atá deimhnithe ag micridhintiúir, maidir le hinfhostaitheacht oibrithe a mhéadú.

    Sa Rún uaithi an 18 Feabhra 2021 maidir le “creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030)” 17 , iarrann an Chomhairle go ndéanfaí an méid seo a leanas:

    ‘príomhról na gcóras ardoideachais agus na gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna a neartú chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus teagmháil a dhéanamh le cuallacht mac léinn níos éagsúla. Trí choincheap agus úsáid na micridhintiúr a shaothrú, féadfar deiseanna foghlama a leathnú agus d’fhéadfaí ról an ardoideachais agus ról an ghairmoideachas agus na gairmoiliúna san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a neartú trí dheiseanna foghlama níos solúbtha agus níos modúlaí a sholáthar, agus trí chonairí foghlama níos cuimsithí a thairiscint’.

    Sna conclúidí ón gComhairle maidir le cothromas agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint chun rath san oideachas a chur chun cinn do chách 18 , iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    ‘soláthar deiseanna foghlama le haghaidh gach foghlaimeora a spreagadh le gur féidir leis páirt a ghlacadh i gconairí solúbtha oideachais agus oiliúna ar feadh an tsaoil, lena n‑áirítear trí réamhfhoghlaim a bhailíochtú, lena n‑áirítear laistigh de shuíomhanna seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus cur chuige solúbtha, lena n‑áirítear trí choincheap agus úsáid cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr a shaothrú, ach gan an bonn a bhaint de chroíphrionsabal na gclár iomlán céime san oideachas agus san oiliúint tosaigh’.

    Cuirtear i dtábhacht freisin gur féidir leis an ardoideachas […] rannpháirtíocht daoine fásta a mhéadú, uas‑sciliú agus athsciliú a chur chun cinn, agus ról a imirt san fhoghlaim ar feadh an tsaoil trí bhíthin roghanna malartacha solúbtha ar chláir iomlána, trí choincheap agus úsáid cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr a shaothrú’.

    Sna conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nollscoileanna Eorpacha 19 , iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na céimeanna is gá a shaothrú le chéile chun úsáid na micridhintiúr san ardoideachas a thástáil chun deiseanna foghlama a leathnú agus ról na ninstitiúidí ardoideachais a neartú san fhoghlaim ar feadh an tsaoil’.

    Leis an moladh ón gComhairle maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta arna nglacadh an 24 Samhain 2020, 20 iarrtar ar an gCoimisiún féachaint ar choincheap agus ar úsáid na micridhintiúr, lena náirítear sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, in éineacht leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear i gcomhthéacs Ghrúpa Comhairleach an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí, mar a mholtar sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna Nua’.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an Moladh ón gComhairle atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagail 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) 21 .

    Le hAirteagal 165(1) CFAE leagtar síos ‘go rannchuideoidh an tAontas le hoideachas ar ardchaighdeán a fhorbairt tríd an gcomhar idir na Ballstáit a spreagadh agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh, agus freagracht na mBallstát i leith ábhar an teagaisc agus eagrú na gcóras oideachais á hurramú go hiomlán aige’. Sonraítear a thuilleadh in Airteagal 165(2) CFAE go mbeidh gníomhaíocht an Aontais i dtaca leis an oideachas dírithe, i bpáirt, ‘ar shoghluaisteacht mac léinn agus múinteoirí a spreagadh, trí, inter alia, aitheantas acadúil dioplómaí agus tréimhsí staidéir a spreagadh’.

    Sonraítear in Airteagal 166(1) CFAE go gcuirfidh an tAontas ‘beartas gairmoiliúna chun feidhme a thacóidh le gníomhaíocht na mBallstát agus a fhorlíonfaidh í, agus freagracht na mBallstát i leith ábhar agus eagrú na gairmoiliúna á hurramú go hiomlán aige’.

    Bunaítear le hAirteagal 149 i gcomhar le hAirteagal 292 CFAE an bunús dlí le haghaidh straitéis chomhordaithe um fhostaíocht agus chun fórsa saothair sciliúil oilte solúbtha a chur chun cinn. Foráiltear le hAirteagal 149 go nglacfar ‘bearta atá ceaptha chun comhar idir na Ballstáit a spreagadh agus chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát i réimse na fostaíochta trí thionscnaimh atá dírithe ar mhalartuithe faisnéise agus ar dhea-chleachtais a fhorbairt, anailís chomparáideach agus comhairle a sholáthar agus eispéiris a mheas, go háirithe trí dhul i muinín tionscadail phíolótacha’.

    Urramaítear go hiomlán leis an togra seo freagracht na mBallstát as a gcórais oideachais agus oiliúna féin a eagrú (lena n‑áirítear ábhar an teagaisc, agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga) agus as fostaíocht agus margaí saothair a eagrú. Léirítear sa togra ról forlíontach agus tacaíochta an Aontais, agus cineál deonach an chomhair Eorpaigh sna córais sin. Urramaítear go hiomlán leis an tionscnamh seo inniúlachtaí an Aontais.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Tá sé d’aidhm ag an togra seo tacú leis an iniúchadh agus leis an bhforbairt leanúnach ar mhicridhintiúir sna Ballstáit agus feabhas a chur orthu, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta, dá bhforáiltear in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), trí chinntí a bhaineann le scála agus le foirm cur chun feidhme a fhágáil faoi na Ballstáit.

    Tá freagracht iomlán agus phríomhúil ar na Ballstáit as ábhar an teagaisc agus as a gcórais oideachais, oiliúna agus fostaíochta agus córais an mhargaidh saothair a eagrú. Tá éagsúlacht mhór sna micridhintiúir de réir críche agus earnála, áfach, agus tá cineálacha éagsúla cur chuige ann maidir le sainmhíniú, formáid agus saintréithe eile na micridhintiúr. Cur chuige comhchoiteann maidir le micridhintiúir a fhorbairt agus a úsáid ar leibhéal an Aontais, féadfaidh sin tacú le hiarrachtaí náisiúnta agus feabhas a chur orthu. Féadfaidh an cur chuige comhchoiteann sin muinín a chothú freisin i measc na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go gcomhaontaítear an cur chuige comhchoiteann sin, lena seachnófaí iomadú sainmhínithe agus caighdeán maidir le micridhintiúir a chuirfeadh isteach ar cháilíocht, trédhearcacht, inchomparáideacht trasteorann, aitheantas agus inaistritheacht na micridhintiúr ar fud mhargadh aonair an Aontais.

    Tá údar freisin le tionscnamh de chuid an Aontais sa réimse sin chun cóineasú socheacnamaíoch aníos a chumasú ar fud an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus ar fud an Aontais ar bhonn níos leithne. Agus an t‑éileamh ar scileanna ag athrú go tapa laistigh d’earnálacha agus ar fud earnálacha, agus tionchar suntasach ag an aistriú glas agus ag an aistriú digiteach ar chuid de na hearnálacha sin, is féidir feabhas a chur ar athléimneacht margaí saothair i leith turraingí amhail an turraing arb é COVID-19 is cúis léi trí rochtain ar dheiseanna oiliúna a mhéadú.

    Comhréireacht

    Tá an togra atá ann faoi láthair i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) CAE.

    Ní mó ábhar ná foirm an mholta seo ón gComhairle atá beartaithe ná an méid is gá chun a chuspóirí a bhaint amach. Tá na gníomhaíochtaí atá beartaithe comhréireach leis na cuspóirí saothraithe toisc go n‑urramaítear leis na gníomhaíochtaí sin cleachtais na mBallstát agus éagsúlacht na gcóras náisiúnta. Thairis sin, tá aon ghealltanas ó na Ballstáit deonach agus tá saoirse ag gach Ballstát cinneadh a dhéanamh faoin gcur chuige a ghlacfar. Leis an togra, tacaítear leis an iniúchadh atá á dhéanamh ar mhicridhintiúir i roinnt Ballstát cheana féin. Freastalaítear leis an togra ar chur chuige difreáilte lena léirítear staideanna éagsúla eacnamaíocha, airgeadais agus sóisialta na mBallstáit, a gcórais éagsúla oideachais, oiliúna agus fostaíochta agus córais an mhargaidh saothair.

    Rogha ionstraime

    Chun na cuspóirí dá dtagraítear thuas a bhaint amach, déantar foráil le CFAE, go háirithe in Airteagail 165(4), 166(4), 149 i gcomhar le 292, maidir le glacadh na moltaí ag an gComhairle, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún. Is ionstraim iomchuí é moladh ón gComhairle laistigh de réimsí an oideachais, na hoiliúna, na fostaíochta agus na margaí saothair, ina bhfuil freagracht tacaíochta ar an Aontas. Is éard atá san ionstraim sin ionstraim a úsáideadh go minic le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais sna réimsí sin. Mar ionstraim dlí, léirítear i moladh ón gComhairle tiomantas na mBallstát do na bearta a áirítear agus soláthraítear bonn láidir polaitiúil le haghaidh comhair sna réimsí sin, agus údarás an Bhallstáit á urramú go hiomlán.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Ní bhaineann le hábhar.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Reáchtáil an Coimisiún Eorpach comhairliúchán fairsing le linn 2020 agus 2021 chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú. Tar éis aiseolas tosaigh a bhailiú ó shaineolaithe sa réimse, reáchtáladh 53 comhairliúchán spriocdhírithe in 2020 agus in 2021 chun rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara uile agus an phobail a áirithiú.

    Céim thábhachtach sa chomhairliúchán sin a bhí sa chomhairliúchán poiblí oscailte ó mhí Aibreáin go mí Iúil 2021, agus fuarthas níos mó ná 500 aighneacht ó 43 tír, agus níos mó ná 90 páipéar seasaimh.

    Le linn an phróisis comhairliúcháin sin, bhí an Coimisiún Eorpach tiomanta do mheasúnú a dhéanamh ar iarrachtaí náisiúnta agus ar iarrachtaí an Aontais chun micridhintiúir a fhorbairt.

    Ar an iomlán, bhí comhaontú ginearálta i measc na gcatagóirí uile de pháirtithe leasmhara maidir leis an ngá atá le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr a fhorbairt. Tháinig leasanna agus peirspictíochtaí iomaíocha chun cinn, áfach, i ndáil le gnéithe éagsúla amhail: (i) an sainmhíniú oibre ar mhicridhintiúir; (ii) dearbhú cáilíochta agus solúbthacht; agus (iii) ról na micridhintiúr.

    Thacaigh tromlach mór na bpáirtithe leasmhara leis an sainmhíniú ar mhicridhintiúir a chuir an Coimisiún isteach le haghaidh comhairliúcháin. Rinneadh tagairt i roinnt moltaí do mhicridhintiúir mar ‘mhéideanna beaga foghlama’ seachas ‘eispéiris foghlama ghearra’ chun an sainmhíniú ar aon nasc le tréimhse ama a chur ar fáil. Ghlac an chuid is mó de na freagróirí go maith leis an gcomhpháirt chaighdeánach atá beartaithe chun tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr, agus mheas siad go raibh gach ceann de na caighdeáin atá beartaithe fíor-riachtanach nó molta.

    Mheas na páirtithe leasmhara gurbh é príomhról an Aontais sa chomhthéacs sin cur chuige comhleanúnach i leith micridhintiúr ar leibhéal an Aontais a mholadh. Mheas na páirtithe leasmhara freisin go raibh sé iomchuí go háirithe don Aontas próisis chothroma agus thrédhearcacha aitheantais a áirithiú agus sainmhíniú soiléir a thabhairt ar mhicridhintiúir.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Tá an togra bunaithe ar raon leathan tuarascálacha agus staidéar ar uas‑sciliú agus ar athsciliú. Meastar freisin sa togra tionchar COVID-19, an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais ar chórais oideachais agus oiliúna agus ar an infhostaitheacht. Chuir na grúpaí seo a leanas ionchur sonrach ar fáil le haghaidh an tionscnaimh seo: (i) an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta; (ii) an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna; (iii) an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna; (iv) tionscadail ábhartha Erasmus+; (v) tuarascáil a d’ullmhaigh an Líonra Saineolaithe a oibríonn ar ghné Shóisialta an Oideachais agus na Oiliúna (NESET) agus (vi) tuarascáil ó ghrúpa comhairliúcháin maidir le ról na micridhintiúr san ardoideachas. Tá an fhaisnéis sin sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo

    Measúnú tionchair

    Ní dhearnadh measúnú tionchair de bharr na nithe seo a leanas: (i) comhlánaíonn na gníomhaíochtaí tionscnaimh na mBallstát; (ii) i bhfianaise chineál deonach na ngníomhaíochtaí atá beartaithe; agus (iii) i bhfianaise raon feidhme na dtionchar ionchasach. Bhí forbairt an togra bunaithe ar staidéir thiomnaithe, comhairliúchán leis na Ballstáit, comhairliúchán poiblí agus go leor comhairliúchán a bhí dírithe ar na páirtithe leasmhara.

    Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo tugtar tuairisc ar raon leathan fianaise taighde a fuarthas le déanaí in éineacht le tuairimí agus eispéiris na bpáirtithe leasmhara Eorpacha chun tacú leis an moladh atá beartaithe. Soláthraítear sa doiciméad inmheánach oibre freisin samplaí de bheartais agus de thionscadail atá ann cheana sa réimse seo atá ag forbairt go tapa.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Ní bhaineann le hábhar.

    Cearta bunúsacha

    Leis an moladh seo ón gComhairle atá beartaithe, urramaítear na cearta bunúsacha. Cuirtear chun cinn ann na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 22 , eadhon an ceart chun oideachais, an ceart chun rochtain a fháil ar ghairmoideachas agus ar oideachas leanúnach (Airteagal 14), agus an ceart chun cosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8).

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh gá le hacmhainní breise ó bhuiséad an Aontais mar gheall ar an tionscnamh seo.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe maidir le faireachán, meastóireacht agus tuairisciú

    Chun tacú leis an gcur chun feidhme, molann an Coimisiún ábhar treorach sonrach, lámhleabhair agus táirgí insoláthartha nithiúla eile a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit. Beidh sé sin bunaithe ar fhianaise, ar ghníomhaíochtaí piarfhoghlama agus ar dhea-chleachtas sainaitheanta. Molfar do na Ballstáit na prionsabail a leagtar amach sa mholadh a chur chun feidhme a luaithe is féidir agus plean a chur isteach ina leagtar amach na bearta comhfhreagracha a ghlacfaidh siad ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún tuairisciú ar úsáid an mholta trí chreataí ábhartha faireacháin agus tuairiscithe an Aontais.

    Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

    Ní bhaineann le hábhar.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Moltar leis an moladh treoir agus gníomhaíochtaí a fhéadfaidh na Ballstáit a shaothrú chun feabhas a chur ar cháilíocht, ar thrédhearcacht agus ar ghlacadh na n‑eispéireas foghlama beag a mbronntar micridhintiúir ina leith. Leagtar amach sa togra sraith moltaí le haghaidh na mBallstát, i gcomhréir le tosaíochtaí agus le himthosca náisiúnta. Leis an togra, iarrtar ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara, go háirithe trí chomhar a éascú agus treoir phraiticiúil agus uirlisí praiticiúla a fhorbairt chun tacú le forbairt agus le húsáid na micridhintiúr. Leagtar amach sa mholadh freisin tiomantas an Choimisiúin Eorpaigh do ghníomhaíochtaí na mBallstát sa réimse sin a chomhlánú agus tacú leo.

    Le § 1-2, moltar go nglacfaidh na Ballstáit cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) deiseanna foghlama daoine a leathnú; (ii) tacú le hullmhacht sholáthraithe na micridhintiúr; agus (iii) an chuimsitheacht agus comhdheiseanna a chothú. Cuideoidh na micridhintiúir freisin le sprioc 60 % de dhaoine fásta a bheith ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna gach bliain a bhaint amach, sprioc a leagtar amach i bplean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a gcuireann ceannairí an Aontais fáilte roimpi.

    Le § 3-4, cuirtear in iúl go soiléir go mbunóidh raon feidhme an togra cur chuige comhchoiteann Eorpach maidir le micridhintiúir a sholáthar. Sa chur chuige comhchoiteann sin beidh sainmhíniú ar mhicridhintiúir agus treoir maidir le conas micridhintiúir a dhearadh, a eisiúint agus tuairisc a thabhairt orthu.

    Áirítear le § 5 sainmhínithe chun críche an mholta.

    Le § 6, moltar go nglacfaidh na Ballstáit eilimintí ‘caighdeánacha an Aontais’ chun tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr agus ar phrionsabail an Aontais maidir le dearadh agus eisiúint micridhintiúr mar a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II.

    Leagtar amach i § 7-10 gníomhaíochtaí chun ‘éiceachórais le haghaidh micridhintiúr’ a fhorbairt laistigh de na córais oideachais agus oiliúna, na margaí saothair agus an tsochaí atá ag síorathrú.

    Déantar moltaí i § 11-15 maidir leis na húsáidí a bhaintear as micridhintiúir laistigh de chórais oideachais agus oiliúna, beartais scileanna, beartais fostaíochta agus beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a fhéadfaidh freastal ar riachtanais raon leathan foghlaimeoirí, oibrithe, cuardaitheoirí poist agus daoine eile le gur féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as téarnamh ó COVID-19 atá cothrom go sóisialta agus as na haistrithe córa chuig an ngeilleagar glas agus chuig an ngeilleagar digiteach.

    Ina theannta sin, moltar sa togra an úsáid a bhaintear as micridhintiúir a chur chun cinn chun cuidiú le spriocghrúpaí áirithe filleadh ar an margadh saothair, go háirithe faighteoirí ioncaim íosta, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach; agus daoine ar bheagán cáilíochtaí. Moltar ann freisin an úsáid a bhaintear as micridhintiúir a chur chun cinn le haghaidh oibrithe féinfhostaithe agus oibrithe ardáin a d’fhéadfadh sé nach mbeidís in ann rochtain a fháil ar oideachas agus oiliúint thraidisiúnta, ach a dteastaíonn tacaíocht spriocdhírithe uathu chun dul chun cinn a dhéanamh ina ngairmeacha. Féadfar micridhintiúir a úsáid freisin chun torthaí na hoiliúna sainordaithí nó riachtanaí le haghaidh poist nó gairmeacha áirithe a aithint, e.g. garchabhair, láimhsiú, agus innealra a oibriú le haghaidh poist agus gairmeacha áirithe 23 .

    In § 16-19, is díol sásaimh rún an Choimisiúin tacú le micridhintiúir a fhorbairt agus a úsáid tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) uirlisí agus seirbhísí an Aontais a fhorbairt nó a oiriúnú; (i) tacú le comhar idir na Ballstáit agus páirtithe leasmhara; (iii) ardán Europass a fhorbairt; agus (iv) tacú le tuilleadh taighde a dhéanamh ar ghlacadh an chur chuige Eorpaigh i leith micridhintiúr.

    Beidh uirlisí Aontais atá ann cheana lena dtacaítear le riachtanais daoine aonair agus eagraíochtaí mar bhonn taca leis an gcur chun feidhme, lena n‑áirítear Europass agus dintiúir dhigiteacha Europass le haghaidh na foghlama chun tacú le hinaistritheacht agus le barántúlacht micridhintiúr. Beidh tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh mar bhonn taca leis an gcur chun feidhme freisin, rud a chuirfidh ar a gcumas do mhic léinn torthaí na micridhintiúr a roinnt go leictreonach agus ar bhealach slán le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna eile. Ar deireadh, cuideoidh cláir agus ionstraimí cistiúcháin an Aontais le glacadh na n‑eispéireas foghlama gearr, a mbronntar micridhintiúir ina leith, a éascú.

    Leagtar síos in § 20-22 na sásraí tuairiscithe chun an moladh a chur chun feidhme.

    Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo tugtar tuairisc ar raon leathan fianaise taighde a fuarthas le déanaí in éineacht le tuairimí agus eispéiris na bpáirtithe leasmhara Eorpacha chun tacú leis an moladh atá beartaithe. Soláthraítear sa doiciméad inmheánach oibre freisin samplaí de bheartais agus de thionscadail atá ann cheana sa réimse seo atá ag forbairt go tapa.

    2021/0402 (NLE)

    Togra le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 149 agus 292, 165 agus 166 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Laistigh den Eoraip, tá méadú ag teacht ar an líon daoine ar gá dóibh a gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn an bhearna a líonadh idir an toideachas foirmiúil agus na riachtanais atá ag sochaí agus margadh saothair atá ag athrú go tapa. Chuir an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus na haistrithe digiteacha agus glasa dlús leis an athrú ar an gcaoi a mairimid, a bhfoghlaimímid agus a noibrímid. Rinne an phaindéim dochar d’ionchais ghairme daoine óga agus daoine fásta araon. Tháinig méadú ar an dífhostaíocht freisin agus rinneadh dochar d’fholláine fhisiciúil, mheabhrach agus mhothúchánach na gcéadta milliún duine san Eoraip.

    (2)Tá soláthar easpach na scileanna cearta i margadh saothair an Aontais ar cheann de na príomhdhúshláin roimh ghnólachtaí agus roimh fhostóirí Eorpacha. Ag an am céanna, tá athruithe, nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, ar an gcaoi a neagraítear an obair le sárú ag oibrithe. Ina theannta sin, tá athruithe bunúsacha ag teacht ar phróifílí tascanna agus ar riachtanais scileanna mar gheall ar na haistrithe digiteacha agus glasa. Mar a leagtar amach sa Chinneadh ón gComhairle maidir le beartais fostaíochta 24 , ba cheart do na Ballstáit é a chur ar a chumas do gach duine riachtanais an mhargaidh saothair a réamhmheas agus oiriúnú níos fearr dóibh trí bhíthin athsciliú agus uassciliú leanúnach. Tá sé sin fíor-riachtanach d’oibrithe freagairt do riachtanais a bpoist reatha nó aistriú chuig poist nua agus earnálacha atá ag leathnú, amhail an earnáil ghlas agus an earnáil dhigiteach, go háirithe i gcomhthéacs an aosaithe dhéimeagrafaigh.

    (3)Tá rochtain ar theagasc agus ar fhoghlaim ar ardchaighdeán a sholáthraítear ar bhealaí agus i suíomhanna éagsúla de dhíth ar dhaoine chun a ninniúlachtaí pearsanta, sóisialta, cultúrtha agus gairmiúla a fhorbairt. Iarradh ar chórais oideachais agus oiliúna a bheith níos solúbtha agus teacht ar réitigh chun foghlaim níos dírithe ar an bhfoghlaimeoir, níos inrochtana agus níos cuimsithí a sholáthar do raon níos leithne próifílí. Tá aghaidh á tabhairt ag soláthraithe seachfhoirmiúla oideachais agus oiliúna ar an riachtanas sin freisin trí dheiseanna nua agus nuálacha maidir le huassciliú agus athsciliú a sholáthar.

    (4)Tá cultúr éifeachtach na foghlama ar feadh an tsaoil ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfuil na scileanna is gá ag gach duine chun rath a bheith orthu sa tsochaí, sa mhargadh saothair agus ina saol pearsanta. Tá sé fíor-riachtanach gur féidir le daoine rochtain a fháil ar oideachas agus oiliúint ábhartha ar ardchaighdeán, ar uassciliú agus ar athsciliú ar feadh a saoil. Ba cheart do dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a bheith mar chuid de straitéis fhadtéarmach na ninstitiúidí oideachais agus oiliúna chun feabhas a chur ar a bhfreagrúlacht do riachtanais na bhfostaithe agus na bhfoghlaimeoirí atá ag athrú go tapa. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do phobal foghlama níos éagsúla (lena náirítear céimithe na ninstitiúidí sin agus foghlaimeoirí fásta eile) uassciliú agus athsciliú. Ní mór d’institiúidí ardoideachais, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus soláthraithe micridhintiúr eile obair i gcomhar le chéile chun na torthaí taighde is déanaí a chur i bhfeidhm maidir le deiseanna foghlama a dhearadh agus a thabhairt cothrom le dáta.

    (5)Is féidir le micridhintiúir torthaí na neispéireas saincheaptha beag sin a dheimhniú. Le micridhintiúir, beifear in ann eolas, scileanna agus inniúlachtaí a fháil ar bhealach spriocdhírithe agus solúbtha chun freastal ar riachtanais nua atá ag teacht chun cinn sa tsochaí agus sa mhargadh saothair, ach ní thiocfaidh siad in ionad cáilíochtaí traidisiúnta. Féadfaidh soláthraithe éagsúla micridhintiúir a dhearadh agus a sholáthar i suíomhanna foghlama éagsúla (bídís foirmiúil, seachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil).

    (6)D’ainneoin go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear astu, níl aon sainmhíniú nó caighdeán comhchoiteann ann maidir le micridhintiúir san Eoraip. Cuireann sé sin srian leis an tuiscint ar mhicridhintiúir agus le glacadh na micridhintiúr, rud a dhéanann dochar d’acmhainneacht na micridhintiúr chun conairí solúbtha foghlama agus gairme a éascú.

    (7)Leagtar síos sa chéad phrionsabal i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta 25 go bhfuil an ceart ag gach duine chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán a fháil chun scileanna a choinneáil agus a fháil, scileanna a chuirfidh ar a gcumas do dhaoine a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil, ar fud an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos sa cheathrú prionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag gach duine cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta nó féinfhostaíochta. Áirítear leis an gceart chun cúnaimh an ceart chun tacaíocht a fháil don oiliúint agus don athcháiliú. Luaitear i bplean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta gurb é atá i micridhintiúir ionstraim nuálach lena bhféadfaí ‘conairí solúbtha foghlama a éascú agus tacú le hoibrithe lena bpost nó le linn aistrithe gairmiúla’. Féadfaidh ról a bheith ag micridhintiúir i bpríomhspriocanna an Aontais atá le baint amach faoi 2030 a bhaint amach, lena náirítear sprioc 60 % de dhaoine fásta a bheith ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna gach bliain agus ráta fostaíochta 78 % ar a laghad. Chuir ceannairí an Aontais, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta fáilte roimh an dá sprioc sin, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus chuir an Chomhairle Eorpach fáilte rompu an 25 Meitheamh 2021 26 .

    (8)I gcomhthreo leis an bPlean Gníomhaíochta, ghlac an Coimisiún Moladh ón gCoimisiún maidir le ‘Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19’ (Moladh ‘EASE’) 27 . Tá treoir nithiúil maidir le beartais le haghaidh na mBallstát sa Mholadh seo le gur féidir leo pacáistí beartais comhleanúnacha a fhorbairt chun aistrithe a éascú agus téarnamh ó COVID-19 lena gcruthófar poist a chothú. Clúdaítear leis an treoir maidir le beartais deiseanna uasscilithe agus athscilithe agus bearta tacaíochta.

    (9)D’fhógair an Clár Oibre Eorpach do Scileanna Nua 28 , i measc an 12 bheart shuaitheanta atá aige, tionscnamh nua maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh nua tacú le cáilíocht, trédhearcacht agus glacadh na micridhintiúr ar fud an Aontais. Fógraíodh tionscnamh maidir le cuntais foghlama aonair sa Chlár Oibre freisin chun bearnaí sa rochtain atá ag daoine atá in aois oibre a dhúnadh agus chun é a chur ar a gcumas do dhaoine aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Féadfar micridhintiúir a úsáid mar chuid den oiliúint a chuirtear ar fáil do dhaoine chun bheith mar bhonn taca le hoibriú na gcuntas foghlama aonair sin.

    (10)Fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 29 go noibreoidh an Coimisiún chun cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr a fhorbairt chun deiseanna foghlama a leathnú agus ról na ninstitiúidí ardoideachais agus na ninstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a neartú.

    (11)Leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta, iarrtar ar an gCoimisiún ‘féachaint ar choincheap agus ar úsáid na micridhintiúr’.

    (12)Cuirtear i bhfáth sna conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nollscoileanna Eorpacha - An tardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: an bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach 30 go bhféadfaidh micridhintiúir deiseanna foghlama a leathnú chun freastal ar fhoghlaimeoirí neamhthraidisiúnta agus ar an éileamh ar scileanna nua sa mhargadh saothair; an teispéireas foghlama a dhéanamh níos solúbtha agus níos modúlaí; tacú le rochtain ar an ardoideachas; agus páirt a thabhairt d’fhoghlaimeoirí, gan beann ar na cáilíochtaí atá acu ná ar a gcúlra, deiseanna athscilithe agus uasscilithe a chur chun cinn, agus oideachas ar ardchaighdeán a áirithiú ag an am céanna’.

    (13)Thug Airí Oideachais Limistéar Eorpach an Ardoideachais gealltanas in Communiqué na Róimhe de chuid phróiseas 31 idir-rialtasach Bologna cuidiú le hinstitiúidí ardoideachais an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a soláthar foghlama a éagsúlú; agus (ii) nuálaíocht a dhéanamh san ábhar oideachais agus sna modhanna seachadta. Sa bhreis ar chláir iomlána chéime, cuireann go leor institiúidí ardoideachais aonaid foghlama níos lú ar fáil nó tá sé beartaithe acu sin a dhéanamh. Cuirfidh na haonaid níos lú sin ar a gcumas d’fhoghlaimeoirí a gcuid scileanna agus inniúlachtaí cultúrtha, gairmiúla, agus idirdhisciplíneacha a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta ag céimeanna éagsúla dá saol. Sa chomhar laistigh de Phróiseas Bologna déanfar iniúchadh ar an gcaoi ar féidir na haonaid foghlama solúbtha níos lú- lena náirítear na haonaid a mbronntar micridhintiúir ina leith - a shainiú, a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a aithint trí uirlisí comhchoiteanna a úsáid, agus a mhéid is féidir na haonaid foghlama sin a shainiú, a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a aithint.

    (14)Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna freastal ar riachtanais, ar chumais agus ar inniúlachtaí éagsúla gach foghlaimeora. Ba cheart dóibh freisin deiseanna foghlama a thairiscint do chách, lena náirítear i suíomhanna seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla mar a chuirtear i dtábhacht sna Conclúidí ón gComhairle maidir le cothromas agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint 32 . Féadfar micridhintiúir dea-cheaptha a úsáid mar chuid de bhearta spriocdhírithe chun tacú le cuimsiú agus rochtain ar oideachas agus ar oiliúint le haghaidh raon níos leithne foghlaimeoirí. Áirítear leis an raon níos leithne foghlaimeoirí sin grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha (amhail daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, daoine ar bheagán cáilíochtaí/scileanna, mionlaigh, daoine de bhunadh imirceach, dídeanaithe agus daoine ar lú na deiseanna atá acu mar gheall ar a suíomh geografach agus/nó ar an gcás iad a bheith faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch). Féadfar micridhintiúir a úsáid freisin chun luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a chosc agus chun tacú leis an aistriú ón scoil go dtí an obair. Leis an bhfás a bhfuil coinne leis ar líon na ndídeanaithe agus na niarratasóirí tearmainn, éileofar go bhforbrófar straitéisí chun na grúpaí sin a chomhtháthú go héifeachtach laistigh de chórais oideachais, oiliúna agus saothair. Le treoir agus foghlaim fhrithpháirteach ar fud an Aontais maidir le dearadh na micridhintiúr, féadfar cuimsiú a chothú agus a áirithiú gur féidir le foghlaimeoirí ó gach grúpa den tsochaí rochtain a fháil ar na tairbhí a bhaineann leo.

    (15)Is féidir le micridhintiúir tacú le forbairt ghairmiúil agus soghluaisteacht daoine i gcineálacha neamhchaighdeánacha oibre freisin, amhail oibrithe sa gheilleagar ardán 33 . Is beag an rochtain atá ag daoine a oibríonn trí ardáin ar oiliúint mar gheall ar a stádas féinfhostaithe.

    (16)Féadfaidh ról gníomhach a bheith ag micridhintiúir maidir le tionscnaimh bheartais an Aontais a bhaint amach chun an taistriú digiteach agus an taistriú glas a chur chun cinn. Féadfaidh micridhintiúir an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a bheith mar bhonn taca le spriocanna an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 34 chun deiseanna foghlama solúbtha agus inrochtana maidir le scileanna digiteacha a sholáthar; agus (ii) spriocanna phlean an Choimisiúin ‘Compás Digiteach 2030’ a bhaint amach chun daonra a bhfuil scileanna digiteacha aige agus gairmithe digiteacha ardoilte a fhorbairt san Eoraip faoi 2030. Féadfaidh ról a bheith ag micridhintiúir freisin maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 35 a bhaint amach, comhaontú arb é straitéis fáis na hEorpa é agus a bhfuil sé d’aidhm aige geilleagar agus sochaí na hEorpa a athrú ó bhonn agus iad a chur ar bhealach níos inbhuanaithe.

    (17)Leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) don Fhoghlaim ar feadh an tSaoil 36 , soláthraítear creat tagartha comhchoiteann chun cuidiú le daoine agus le heagraíochtaí an dá chóras cáiliúcháin éagsúla agus leibhéil na gcáilíochtaí ó na córais sin a chur i gcomparáid le chéile. Mar chreat tagartha Eorpach, tá EQF oscailte do gach cineál agus do gach leibhéal cáilíochtaí. Tá EQF oscailte freisin do mhicridhintiúir i gcreataí náisiúnta um cháilíochtaí.

    (18)Leis an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú 37 , iarradh ar na Ballstáit socruithe a chur i bhfeidhm faoi 2018 - de réir imthosca agus sainiúlachtaí náisiúnta agus de réir mar a mheasann siad a bheith iomchuí - , chun foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú. Leis na socruithe sin maidir le bailíochtú, féadfaidh daoine an teolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a fuair siad tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú. Féadfaidh na socruithe sin maidir le bailíochtú cur ar a gcumas do dhaoine freisin cáilíocht iomlán a bhaint amach – nó, i gcás inarb infheidhme, páirtcháilíocht. I meastóireacht 2020 ar an Moladh 38 , iarradh go ndéanfaí forbairt níos fearr ar na naisc idir bailíochtú agus micridhintiúir.

    (19)I gCinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) 39 , leagtar amach an bonn le huirlisí gréasánbhunaithe a sholáthar do dhaoine chun a ngairm agus a bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a bhainistiú le seirbhísí fíordheimhniúcháin le haghaidh micridhintiúr, seirbhísí a fhágann go bhfuil micridhintiúir inaistrithe.

    (20)Braitheann ábharthacht, forbairt agus nuashonrú na micridhintiúr ar na nithe seo a leanas: (i) comhar agus comhoibriú idir údaráis náisiúnta, eagraíochtaí oideachais agus eagraíochtaí oiliúna; agus (ii) idirphlé sóisialta earnála agus trastionscail (ba cheart eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe agus ar fhostóirí ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí; fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); agus foireann ghairmiúil agus bainistíochta a bheith rannpháirteach san idirphlé sóisialta sin).

    (21)Urramaítear go hiomlán leis an Moladh seo prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    Cuspóirí

    1.Moltar do na Ballstáit cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr a ghlacadh arb é is cuspóir dó:

    (a)cur ar a gcumas do dhaoine aonair an teolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a fháil chun rath a bheith orthu i margadh saothair agus i sochaí atá ag síorathrú, chun tairbhe iomlán a bhaint as téarnamh atá cothrom go sóisialta agus as aistrithe córa chuig an ngeilleagar glas agus chuig an ngeilleagar digiteach;

    (b)tacú le hullmhacht sholáthraithe na micridhintiúr chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar sholúbthacht an tsoláthair foghlama chun daoine aonair a chumhachtú le conairí pearsantaithe foghlama agus gairme a chothú;

    (c)an chuimsitheacht agus comhionannas deiseanna a chothú, agus rannchuidiú leis an athléimneacht, leis an gcothroime shóisialta agus leis an rathúnas a bhaint amach do chách, i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh agus le linn gach céim de thimthriallta eacnamaíocha.

    2.Ba cheart do na Ballstáit micridhintiúir a úsáid mar uirlis chun sprioc 60 % de dhaoine fásta a bheith ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna gach bliain a bhaint amach, sprioc a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus is cúis sásaimh do cheannairí an Aontais.

    Raon feidhme

    3.Clúdaítear leis an Moladh seo micridhintiúir, chomh maith leis na beartais lena bhféadfar tacú le dearadh agus le húsáid éifeachtach na micridhintiúr sin.

    4.Féadfar micridhintiúir a úsáid chun oideachas, oiliúint, foghlaim ar feadh an tsaoil agus éiceachórais infhostaitheachta a chomhlánú agus a fheabhsú. Ní fhéachtar leis go dtiocfaidh na bearta a leagtar amach sa Mholadh seo in ionad an ardoideachais tosaigh, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, nó na gcáilíochtaí traidisiúnta. Bunaítear leis an togra cur chuige chomhchoiteann Eorpach i leith sholáthar leanúnach na micridhintiúr san Aontas Eorpach agus i leith sholáthar na micridhintiúr atá ag teacht chun cinn agus leagtar amach ann sainiú agus treoir maidir le dearadh agus eisiúint micridhintiúr agus tuairisc orthu chun a gcáilíocht, a dtrédhearcacht agus a nglacadh a éascú.

    Sainmhínithe

    5.Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)Ciallaíonn ‘micridhintiúr’ taifead na dtorthaí foghlama a fhaigheann foghlaimeoir tar éis méid beag foghlama. Rinneadh measúnú ar na torthaí foghlama de réir caighdeáin thrédhearcacha atá sainithe go soiléir. Tá cúrsaí a mbronntar micridhintiúir ina leith ceaptha chun eolas sonrach agus scileanna agus inniúlachtaí sonracha a fhreagraíonn do riachtanais shochaíocha, phearsanta, chultúrtha nó an mhargaidh saothair a sholáthar don fhoghlaimeoir. Is leis an bhfoghlaimeoir na micridhintiúir, is féidir iad a roinnt agus tá siad inaistrithe. Féadfaidh siad a bheith ina micridhintiúir iontu féin nó féadfar iad a chur le chéile i ndintiúir níos mó. Tá dearbhú cáilíochta mar bhonn taca leo i gcomhréir le caighdeáin arna gcomhaontú san earnáil nó sa réimse gníomhaíochta ábhartha.

    (b)Ciallaíonn ‘soláthraithe micridhintiúr’ aon ghníomhaí, lena náirítear institiúidí agus eagraíochtaí oideachais agus oiliúna, comhpháirtithe sóisialta (i.e. eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe agus ar fhostóirí), fostóirí agus earnáil na tionsclaíochta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis náisiúnta, a dhearann, a sholáthraíonn agus a eisíonn micridhintiúir le haghaidh na foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla.

    (c)Ciallaíonn ‘suíomhanna foghlama’ na háiteanna, na comhthéacsanna fisiceacha, ar líne, cumasctha 40 , fíorúla agus digiteacha agus na cultúir éagsúla ina bhfoghlaimíonn daoine, lena gcuimsítear gach suíomh ina bhféadfaidh foghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil tarlú.

    (d)Ciallaíonn ‘foghlaim fhoirmiúil’ foghlaim a bhíonn ar siúl i dtimpeallacht eagraithe agus struchtúrtha, atá dírithe go sonrach ar an bhfoghlaim, agus bronntar cáilíocht mar thoradh uirthi go hiondúil, agus bíonn an cháilíocht sin i bhfoirm teastais nó dioplóma de ghnáth; áirítear leis an bhfoghlaim fhoirmiúil oideachas ginearálta, gairmoiliúint tosaigh agus threasach, agus ardoideachas 41 .

    (e)Ciallaíonn “foghlaim sheachfhoirmiúil” foghlaim a bhíonn ar siúl lasmuigh den oideachas agus den oiliúint fhoirmiúil trí ghníomhaíochtaí pleanáilte i dtéarmaí cuspóirí foghlama agus ama foghlama agus i gcás ina mbíonn cineál éigin tacaíochta foghlama ann.  42

    (f)Ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmiúil" foghlaim a eascraíonn as gníomhaíochtaí agus eispéiris laethúla nach bhfuil eagraithe ná struchtúraithe i dtéarmaí cuspóirí, ama nó tacaíochta foghlama; d'fhéadfadh sé a bheith neamhbheartaithe ó thaobh an fhoghlaimeora de 43 .

    (g)Ciallaíonn ‘inaistritheacht’ cumas sealbhóra dintiúir a micridhintiúr a stóráil ina rogha córais féin agus an dintiúr a roinnt lena rogha páirtí féin (bíodh sé náisiúnta nó trasnáisiúnta), agus go bhfuil gach páirtí sa mhalartú in ann ábhar an dintiúir a thuiscint agus barántúlacht an dintiúir a fhíorú.

    (h)Ciallaíonn ‘inchruachtacht’ an fhéidearthacht micridhintiúir éagsúla a chur le chéile agus tógáil go loighciúil ar a chéile.

    (i)Ciallaíonn ‘measúnú’ an próiseas nó an modh a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scileanna daoine aonair a fhaightear trí shuíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus chun na scileanna sin a thomhas agus tuairisc a thabhairt orthu. Féadfaidh tríú páirtí, an foghlaimeoir féin (féinmheasúnú), nó iad araon an measúnú a dheimhniú.

    Sainmhíniú agus Eilimintí Caighdeánacha an Aontais le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr

    6.Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a ghlacadh:

    (a)an sainmhíniú ar mhicridhintiúir a leagtar amach i mír 5(a);

    (b)eilimintí caighdeánacha an Aontais le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr (mar a thuairiscítear orthu in Iarscríbhinn I), lena náirítear na heilimintí sainordaitheacha seo a leanas:

    (1)sainaithint an fhoghlaimeora

    (2)teideal an mhicridhintiúir

    (3)tír/réigiún an eisitheora

    (4)foras bronnta

    (5)dáta eisiúna

    (6)torthaí foghlama

    (7)ualach oibre barúlach is gá chun na torthaí foghlama a bhaint amach (sa Chóras Eorpach Aistrithe Creidiúna, i gcás inar féidir)

    (8)leibhéal (agus timthriall, más infheidhme) an eispéiris foghlama a mbronntar an micridhintiúr ina leith (an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, Creataí Cáilíochtaí le haghaidh an Réimse Ardoideachais Eorpaigh), más infheidhme

    (9)an cineál measúnaithe

    (10)an cineál rannpháirtíochta sa ghníomhaíocht foghlama

    (11)an cineál dearbhaithe cáilíochta a úsáidtear mar bhonn taca leis an micridhintiúr

    (c)prionsabail an Aontais maidir le micridhintiúir a dhearadh agus a eisiúint (mar a thuairiscítear orthu in Iarscríbhinn II).

    Forbairt an éiceachórais le haghaidh micridhintiúr

    7.Ba cheart do na Ballstáit forbairt leanúnach na micridhintiúr agus forbairt na micridhintiúr atá ag teacht chun cinn laistigh de shuíomhanna foghlama foirmiúla a éascú, lena náirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)tacú le hiniúchadh na ninstitiúidí ardoideachais ar ról na micridhintiúr chun deiseanna foghlama a thabhairt d’fhoghlaimeoirí éagsúla, go háirithe trí ghníomhaíochtaí foghlama ar feadh an tsaoil atá tarraingteach, cuimsitheach agus dírithe ar an bhfoghlaimeoir a leathnú, lena náirítear trí ghníomhaíochtaí Chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha 44 ;

    (b)tacú le hiniúchadh sholáthraithe an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET) ar ról na micridhintiúr sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint leanúnach chun tacú le huassciliú agus le hathsciliú daoine fásta, lena náirítear trí ghníomhaíochtaí na nIonad Barr Feabhais Gairme VET;

    (c)a áirithiú go mbeidh cistiú poiblí ar fáil chun cláir bheaga oideachais agus oiliúna a mbronntar micridhintiúir ina leith a fhorbairt agus a sholáthar ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna, agus an neamhspleáchas institiúideach á chur san áireamh chun go mbeidh an éagsúlacht agus an chruthaitheacht ann.

    8.Ba cheart do na Ballstáit tacú le forbairt leanúnach na micridhintiúr agus le forbairt na micridhintiúr atá ag teacht chun cinn laistigh de shuíomhanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, lena náirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)tacú le soláthraithe, seachas na soláthraithe faoi mhír 7, micridhintiúir a sholáthar agus a dhearadh, lena náirítear trí infhaighteacht an chistithe phoiblí, (áirítear leis na soláthraithe sin: cuideachtaí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla agus soláthraithe príobháideacha);

    (b)forbairt na micridhintiúir a dhearann agus a fhormheasann ionadaithe na bhfostóirí agus na noibrithe a chur chun cinn trí idirphlé sóisialta;

    (c)maidir le nósanna imeachta maidir leis an réamhfhoghlaim a aithint agus maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, na nósanna sin a oiriúnú chun go bhféadfar micridhintiúir a bhronnadh

    9.Moltar do na Ballstáit tacú le cáilíocht agus le trédhearcacht na micridhintiúr, lena náirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)sásraí dearbhaithe cáilíochta maidir le micridhintiúir a eisíonn cineálacha éagsúla soláthraithe a chur i bhfeidhm, a oiriúnú agus a fhorbairt;

    (b)tacú le córais ‘faisnéise scileanna’ a úsáid chun anailís a dhéanamh ar riachtanais an mhargaidh saothair agus ar athruithe déimeagrafacha ionas gur féidir leo aon riachtanas a shainaithint chun micridhintiúir a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta;

    (c)a áirithiú go bhfoilsíonn soláthraithe catalóga na micridhintiúr a sholáthraíonn siad, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, a mbeartas maidir le haitheantas a thabhairt do mhicridhintiúir a eisíonn soláthraithe eile;

    (d)micridhintiúir a chomhtháthú i gcreataí agus i gcórais náisiúnta cáilíochtaí, i gcás inarb ábhartha.

    10.Ba cheart do na Ballstáit comhar, rialachas agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha ina measc seo a leanas a chur chun cinn agus tacú leo: (i) institiúidí oideachais agus oiliúna; (ii) comhpháirtithe sóisialta; (iii) fostóirí agus earnáil na tionsclaíochta; (iv) eagraíochtaí na sochaí sibhialta; agus (v) údaráis náisiúnta. Leis an gcomhar, leis an rialachas agus leis an gcomhpháirtíocht sin, ba cheart riachtanais na micridhintiúr a shainaithint, micridhintiúir a chomhfhorbairt, agus micridhintiúir a thabhairt cothrom le dáta.

    Acmhainneacht na micridhintiúr a bhaint amach

    11.Ba cheart do na Ballstáit micridhintiúir a chomhtháthú i gcórais oideachais agus oiliúna agus i mbeartais scileanna, lena náirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)micridhintiúir a áireamh i gcatalóga náisiúnta na gcúrsaí oideachais agus oiliúna atá ar fáil;

    (b)micridhintiúir a úsáid chun feabhas a chur ar rochtain ar oideachas agus ar oiliúint le haghaidh gach foghlaimeora, lena náirítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha (amhail daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, daoine ar bheagán cáilíochtaí/scileanna, mionlaigh, daoine de bhunadh imirceach, dídeanaithe agus daoine ar lú na deiseanna atá acu mar gheall ar a suíomh geografach agus/nó ar an gcás iad a bheith faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch);

    (c)micridhintiúir a úsáid chun tacú leis an aistriú ón oideachas meánscoile uachtaraí nó ón ngairmoideachas agus ón ngairmoiliúint chuig an oideachas treasach agus chuig cláir chéime a chur i gcrích;

    (d)micridhintiúir a úsáid mar mhodh eile chun feabhas a chur ar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha bunúsacha agus ar ardscileanna agus ar ardinniúlachtaí digiteacha le haghaidh raon níos leithne foghlaimeoirí, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach;

    (e)micridhintiúir a úsáid chun tacú leis an soláthar foghlama i dtaca leis an inbhuaine chomhshaoil a fhorbairt, mar chuid de chur chun feidhme náisiúnta an Mholta ón gComhairle maidir leis an bhfoghlaim ar mhaithe le hinbhuaine comhshaoil;

    (f)an úsáid a bhaineann institiúidí oideachais agus oiliúna agus soláthraithe eile – i gcomhar leis an éiceachóras eolais agus nuálaíochta máguaird – as micridhintiúir a chur chun cinn chun borradh a chur faoi ábharthacht na micridhintiúr agus tionchar dearfach na micridhintiúr ar gheilleagar a gcathracha agus a réigiún a mhéadú;

    (g)an tuiscint ar mhicridhintiúir agus an úsáid a bhaintear astu a chur chun cinn trí bhíthin forbairt ghairmiúil leanúnach le haghaidh múinteoirí agus oiliúnóirí (e.g. i gcomhthéacs Acadaimh Múinteoirí Erasmus+), chomh maith le hacadóirí agus taighdeoirí;

    (h)an úsáid a bhaintear as micridhintiúir chun na torthaí taighde is déanaí a aistriú go pras ina ndeiseanna foghlama a chur chun cinn, rud a neartaíonn sineirgí idir an Limistéar Eorpach Oideachas agus an Limistéar Eorpach Taighde;

    (i)iniúchadh a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as micridhintiúir sa Limistéar Eorpach Oideachais chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne agus le steiréitíopaí idirdhealaitheacha eile a bhaineann le roghanna staidéir agus laistigh de chleachtais agus d’ábhair oideachais.

    12.Ba cheart do na Ballstáit micridhintiúir a chomhtháthú ina mbeartais fostaíochta agus ina mBeartais Ghníomhacha maidir leis an Margadh Saothair (i.e. seirbhísí fostaíochta, tacaíocht oiliúna agus dreasachtaí fostaíochta), go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)micridhintiúir a úsáid chun: (i) aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna agus ar scrogaill scileanna in earnálacha agus i réigiúin eacnamaíocha ar leith; agus (ii) oibrithe a uassciliú agus a athsciliú le haghaidh scileanna agus post a bhfuil éileamh orthu ar an margadh saothair (e.g. i gcomhthéacs an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais);

    (b)lena náirítear cúrsaí oiliúna a mbronntar micridhintiúir ina leith i gclárlanna náisiúnta na ndeiseanna oiliúna aitheanta a d’fhéadfadh a bheith nasctha le cuntais foghlama aonair agus le córais eile le haghaidh na tacaíochta oiliúna;

    (c)an úsáid a bhaintear as micridhintiúir mar mhodh chun scileanna na noibrithe féinfhostaithe agus neamhchaighdeánacha, lena náirítear daoine a oibríonn trí ardáin; a thabhairt cothrom le dáta agus a uasghrádú, a chur chun cinn;

    (d)iniúchadh a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as micridhintiúir i dtionscnaimh spriocdhírithe chun tacú le grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus le grúpaí leochaileacha agus iad a spreagadh (amhail faighteoirí ioncaim íosta, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine ar bheagán cáilíochtaí) le filleadh ar an margadh saothair;

    (e)iniúchadh a dhéanamh ar ról na micridhintiúr laistigh de chórais chun Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme chun tacú le daoine óga, go háirithe in oiliúint ullmhúcháin agus i soláthairtí maithe oideachais leanúnaigh nó oiliúna leanúnaí;

    (f)iniúchadh a dhéanamh ar ról na micridhintiúr mar chuid de chur chun feidhme náisiúnta an Mholta maidir le Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE);

    (g)iniúchadh a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as micridhintiúir chun ceanglais rialála maidir le huassciliú agus athsciliú i bpoist áirithe agus i gcineálacha áirithe oibre a chomhlíonadh (e.g. le haghaidh ceadúnas, oiliúint shainordaitheach agus ceadanna).

    13.Ba cheart do na Ballstáit tacú le líonra an Lárionaid Náisiúnta Faisnéise Eorpaigh (ENIC-NARIC) chun nósanna imeachta aitheantais a fhorbairt le haghaidh micridhintiúir a eisíonn cineálacha éagsúla soláthraithe, lena náirítear trí fhéachaint ar an bhféidearthacht micridhintiúir a aithint go huathoibríoch 45 .

    14.Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go nionchorprófar faisnéis agus comhairle maidir le micridhintiúir a shainaithint agus a roghnú laistigh de sheirbhísí treorach i dtaca leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, i gcás inarb ábhartha. Áirítear leis sin seirbhísí treorach i lárionaid ghairme ollscoile, seirbhísí poiblí fostaíochta (SPF), seirbhísí príobháideacha fostaíochta, seirbhísí sóisialta agus seirbhísí treorach eile (fostaíocht, gairm, oideachas agus oiliúint, cóitseáil). Ba cheart freastal ar riachtanais gach foghlaimeora, lena náirítear foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste agus foghlaimeoirí leochaileacha, tríd an treoir maidir le micridhintiúir a ionchorprú sna seirbhísí sin.

    15.Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)bearta a shainiú trí shocruithe náisiúnta ábhartha agus creataí airgeadais a fhorbairt chun an Moladh seo a chur chun feidhme. Ba cheart a áireamh leis sin bearta ina bhfuil an leithdháileadh acmhainní náisiúnta de réir mar is iomchuí agus naisc le cuntais foghlama aonair, an dá rud sin in éindí, (agus aird chuí á tabhairt ar fhreagracht agus ar neamhspleáchas na neagraíochtaí oideachais agus oiliúna, agus eagraíochtaí an mhargaidh saothair sa chomhthéacs náisiúnta).

    (b)an úsáid is fearr a bhaint as cistí agus as ionstraimí chun tacú leis na hathchóirithe is gá, idir an creat cumasúcháin agus micridhintiúir a fhorbairt agus a úsáid. Áirítear leis sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa(REACT-EU), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, InvestEU, Fís Eorpach, Interreg na hEorpa, an Eoraip Dhigiteach, an Sásra um Aistriú Cóir, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus an Ciste don Nuachóiriú, agus saineolas saincheaptha a iarraidh tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil;

    Tacaíocht ón gCoimisiún

    Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    16.Uirlisí agus seirbhísí an Aontais atá ann cheana a fhorbairt agus a oiriúnú, i gcás inarb ábhartha, chun tacú le forbairt na micridhintiúr ag gach cineál soláthraí, lena náirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)tacú le forbairt na dtreoirlínte i dtaca le conas trédhearcacht a chothú agus ionstraimí an Aontais agus Bologna atá ann faoi láthair i réimse an ardoideachais a chur i bhfeidhm maidir le dearbhú cáilíochta inmheánach agus seachtrach na micridhintiúr;

    (b)iniúchadh a dhéanamh ar conas treoir úsáideora an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna i réimse an ardoideachais a oiriúnú chun micridhintiúir a chomhtháthú;

    (c)iniúchadh a dhéanamh ar conas uirlisí an Aontais maidir le scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú agus a fhorbairt chun micridhintiúir a chomhtháthú i gcórais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna;

    (d)ról ENIC-NARIC maidir le micridhintiúir a aithint le haghaidh staidéir bhreise agus/nó chun críocha fostaíochta a chothú, lena náirítear trí threoir agus oiliúint a fhorbairt;

    (e)nótaí treorach a fhorbairt maidir le conas micridhintiúir a áireamh i gCreataí Náisiúnta um Cháilíochtaí.

    (f)tacú le forbairt thionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh chun cur ar a gcumas do mhic léinn torthaí na micridhintiúr a roinnt go leictreonach ar bhealach slán le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna eile.

    17.Tacú le comhar idir na Ballstáit agus páirtithe leasmhara, lena náirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)comhar Eorpach maidir le dearbhú cáilíochta na micridhintiúr a chur chun cinn;

    (b)comhghuaillíochtaí na nollscoileanna Eorpacha agus na hIonaid Barr Feabhais Gairme a spreagadh le micridhintiúir a úsáid chun glacadh na micridhintiúr a chur chun cinn agus a spreagadh i measc an chomhphobail oideachais agus oiliúna níos leithne;

    (c)rannpháirtíocht maidir le micridhintiúir a chur chun cinn in Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ agus i soláthraithe eile oideachais agus oiliúna múinteoirí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na múinteoirí i dtaca le forbairt ghairmiúil leanúnach.

    (d)rannpháirtíocht i dtaca le micridhintiúir a chur chun cinn laistigh den chomhshocrú maidir le scileanna agus laistigh de thionscnaimh nasctha chomhair, lena náirítear an treoirphlean um chomhar earnála maidir le scileanna, an Comhaontas Eorpach neartaithe do Phrintíseachtaí agus an Chomhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post;

    (e)tacú le comhar agus le malartú dea-chleachtas idir SPFanna agus fostóirí maidir leis an gcaoi a mbaintear úsáid as micridhintiúir chun tacú le hinfhostaitheacht i gcomhthéacs Líonra na SPFanna;

    (f)tionscadail chomhair a éascú i measc na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le conas micridhintiúir a úsáid agus a chur chun feidhme chun freastal ar riachtanais scileanna ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, áitiúil agus réigiúnach, agus ar fud earnálacha éagsúla.

    18.Tacú le cur chun feidhme teicniúil an Mholta trí iniúchadh a dhéanamh ar fhorbairtí breise in ardán Europass chun an méid seo a leanas a sholáthar:

    (a)faisnéis maidir le deiseanna foghlama a mbronntar micridhintiúir ina leith agus soláthraithe a chloíonn leis an gcur chuige Eorpach i leith micridhintiúr;

    (b)tacaíocht d’fhíordheimhniú na micridhintiúr trí dhintiúir dhigiteacha Eorpacha na foghlama;

    (c)tacaíocht d’inaistritheacht, inchruachtacht, idir-inoibritheacht, malartú agus roinnt na faisnéise maidir le micridhintiúir trí bhíthin caighdeán oscailte Eorpach lena sonraítear formáid choiteann le haghaidh micridhintiúr.

    19.Tacú le tuilleadh taighde ar na nithe seo a leanas: (i) glacadh an chur chuige Eorpaigh i leith micridhintiúr, lena náirítear maidir leis an úsáid a bhaineann soláthraithe oideachais agus oiliúna, fostóirí agus comhpháirtithe sóisialta astu; (ii) torthaí agus tairbhí áirithe d’fhoghlaimeoirí; agus (iii) a mbreisluach i gcomparáid leis an bhforáil thraidisiúnta agus mar chomhlánú uirthi.

    20.Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibriú i gcomhar le chéile chun feabhas a chur ar raon feidhme agus ar ábharthacht bhailiú leanúnach na sonraí maidir le micridhintiúir ar leibhéal an Aontais. Ba cheart go ndíreofaí san obair sin ar na nithe seo a leanas: (i) na hinfheistíochtaí i bhfoghlaim aosach i gcuntais agus i mbuiséid náisiúnta; agus (ii) fianaise bhreise ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar dhreasachtaí agus ar inspreagadh daoine dul i mbun oiliúna.

    Tuairisciú

    21.Ba cheart do na Ballstáit an Moladh seo a chur chun feidhme a luaithe is féidir agus plean a chur isteach faoin (cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis don Chomhairle é a ghlacadh) ina leagtar amach na bearta comhfhreagracha atá le glacadh ar an leibhéal náisiúnta chun tacú le cuspóirí an Mholta a bhaint amach faoi 2025.

    22.Ba cheart don Choimisiún measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an Mholta seo trí chreataí ábhartha faireacháin agus tuairiscithe an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit agus tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, agus ba cheart dó tuairisciú don Chomhairle laistigh de 5 bliana ó dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

                   Thar ceann na Comhairle

                   An tUachtarán

    (1)     https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/political-guidelines‑next‑commission_en_0.pdf    
    (2)     https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/social-summit‑european‑pillar-social-rights‑booklet_en.pdf
    (3)     https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223#upskilling
    (4)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52020DC0625
    (5)     https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/2021_commission_work_programme_en.pdf
    (6)     https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/2021_commission_work_programme_en.pdf
    (7)    Cedefop, 2020. Coronavirus boosts interest in online learning
    (8)    OECD (2021), “Micro-credential innovations in higher education: Who, What and Why?” , OECD Education Policy Perspectives, No. 39, OECD Publishing, Paris
    (9)    An Coimisiún Eorpach. (2020). Tuarascáil chríochnaitheach: Cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr . Toradh an Ghrúpa Comhairliúcháin Ardoideachais um Micridhintiúir
    (10)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52020DC0625
    (11)     https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223#upskilling
    (12)    C(2021) 102 https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities‑2019-2024/economy-works‑people/jobs‑growth‑and‑investment/european‑pillar-social-rights/european‑pillar-social-rights‑action‑plan_en
    (13)    Dearbhú Porto, Preaseisiúint: https://www.consilium.europa.eu/en/press/press‑releases/2021/05/08/the-porto-declaration/  
    (14)     https://www.consilium.europa.eu/en/press/press‑releases/2021/05/08/the-porto-declaration/
    (15)     https://www.consilium.europa.eu/media/50763/2425-06-21-euco-conclusions‑en.pdf
    (16)    C(2021) 1372 final https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=uriserv:OJ.L_.2021.080.01.0001.01.ENG
    (17)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=uriserv:OJ.C_.2021.066.01.0001.01.ENG
    (18)    IO C 221, 10.6.2021 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021XG0610(01)
    (19)    IO C 221, 10.6.2021 https://www.consilium.europa.eu/media/49659/st08658-en21.pdf
    (20)    IO L 417, 2.12.2020, lch. 1     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32020H1202%2801%29
    (21)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A12012E%2FTXT
    (22)    IO C 326, 26.10.2012 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A12012P%2FTXT  
    (23)    Ní thugtar aghaidh leis an togra seo ar aitheantas a thabhairt do ghairmeacha rialáilte mar a leagtar síos i dTreoir 2005/36/CE.
    (24)    IO L 344 19.10.2020 lch. 4
    (25)    IO C 428, 13.12.2017, lch. 3.
    (26)    “Cuireann an Chomhairle Eorpach fáilte roimh phríomhspriocanna an Aontais i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Dearbhú Porto”, Comhairle an Aontais Eorpaigh (2021), conclúidí ón gComhairle Eorpach, 24-25 Meitheamh 2021. EUCO 7/21.
    (27)    C(2021) 1372 final.
    (28)    C(2020) 274 final.
    (29)    C(2020) 625 final.
    (30)    IO C 221, 10.6.2021, lch. 9.
    (31)    Communiqué Aireachta na Róimhe an 19.11.2020
    (32)    IO C 221, 10.6.2021, lch. 8
    (33)    ‘Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear le coincheap an gheilleagair ardán ar líne gach gníomhaíocht eacnamaíoch a eascraíonn as idirbhearta tráchtála iarbhír nó beartaithe sa mhargadh inmheánach agus a éascaítear go díreach nó go hindíreach le hardáin ar líne, go háirithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus innill chuardaigh ar líne’ C(2018) 2393 final, 26.4.2018, lch. 1
    (34)    C(2020) 624 final
    (35)    C(2019) 640 final
    (36)    IO C 189, 15.6.2017
    (37)    IO C 398, 22.12.2012
    (38)    SWD(2020) 121 final
    (39)    IO L 112, 2.5.2018
    (40)    Is é ‘foghlaim chumaisc’ san oideachas agus san oiliúint fhoirmiúil an téarma a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar an gcás ina nglacann scoil, oideoir nó mac léinn níos mó ná cur chuige amháin i leith an phróisis foghlama.
    (41)    Sainmhíniú a fuarthas sa Mholadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú IO C 398, 22.12.2012
    (42)    Sainmhíniú atá i Rialachán an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt IO L 189 28.05.2021
    (43)    Sainmhíniú atá i Rialachán an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um an oideachas, um an oiliúint, um an óige agus um an spórt IO L 189 28.05.2021
    (44)    IO C 221, 10.6.2021
    (45)    Mar a shainítear sa Mholadh ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch an ardoideachais agus an oideachais meánscoile uachtaraí, cáilíochtaí oiliúna agus torthaí na dtréimhsí foghlama ar an gcoigríoch a chur chun cinn
    Top

    An Bhruiséil,10.12.2021

    COM(2021) 770 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle

    maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht

    {SWD(2021) 367 final}


    IARSCRÍBHINN I

    Eilimintí caighdeánacha an Aontais le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr

    Áirítear san iarscríbhinn seo liosta eilimintí comhchoiteanna caighdeánacha de chuid an Aontais le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúir ar féidir iad a úsáid mar acmhainn chun tacú le cur chun feidhme.

    Eilimintí éigeantacha:

    Sainaithint an fhoghlaimeora

    Teideal an mhicridhintiúir

    Tír/Réigiún an eisitheora

    Foras bronnta

    Dáta eisiúna

    Torthaí foghlama

    Ualach oibre barúlach is gá chun na torthaí foghlama a bhaint amach (i gcreidiúint ECTS, i gcás inar féidir)

    Leibhéal (agus timthriall, más infheidhme) an eispéiris foghlama a mbronntar an micridhintiúr ina leith (EQF, QF-EHEA), más infheidhme

    An cineál measúnaithe

    An cineál rannpháirtíochta sa ghníomhaíocht foghlama

    An cineál dearbhaithe cáilíochta a úsáidtear chun bonn taca a chur leis an micridhintiúr

    Eilimintí roghnacha, i gcás inarb ábhartha (liosta neamh-uileghabhálach)

    Réamhriachtanais is gá chun clárú sa ghníomhaíocht foghlama

    Maoirseacht agus fíorú céannachta le linn an mheasúnaithe (neamh-mhaoirsithe gan fíorú céannachta, faoi mhaoirseacht gan fíorú céannachta, faoi mhaoirseacht ar líne, nó ar an láthair le fíorú céannachta)

    An grád a baineadh amach

    Roghanna comhtháthaithe/ inchruachtachta (ina micridhintiúir iontu féin, micridhintiúr neamhspleách/comhtháite, inchruachta i dtreo micridhintiúir eile)

    Tuilleadh faisnéise

    Áireofar na heilimintí caighdeánacha seo i samhail 1 sonraí de chuid an Aontais lena sonraítear formáid chomhchoiteann chun tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúir. Beidh an tsamhail sonraí ar fáil mar chaighdeán oscailte a bheidh le húsáid ag soláthraithe micridhintiúr agus tacóidh sí le hidir-inoibritheacht agus le malartú níos éasca sonraí maidir le micridhintiúir.

    Forbróidh an Coimisiún an tsamhail sonraí bunaithe ar na heilimintí caighdeánacha comhchoiteanna a liostaítear thuas. Forbróidh sé an tsamhail sonraí: (i) i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara; (ii) i gcomhréir le riachtanais úsáideoirí agus le dul chun cinn na teicneolaíochta; (iii) i gcomhréir le hathruithe ar mhargaí saothair; agus (iv) i gcomhréir le cur chuige atá ann cheana i leith oideachas agus oiliúint a sholáthar. Ní mór don tsamhail sonraí seo tacú le comhsheasmhacht na faisnéise agus breisluach soiléir a léiriú. Rialófar an tsamhail sonraí le haghaidh micridhintiúr de réir Chinneadh Europass, go háirithe Airteagail 6(1)(b), 6(1)(d), agus 6(2)(b), ina n‑iarrtar cheana féin ar an gCoimisiún caighdeáin oscailte a fhorbairt, a thástáil agus a thabhairt cothrom le dáta.

    (1)    Is léirithe grafacha agus/nó foclóireachta ar shonraí iad samhlacha sonraí, lena sonraítear a nairíonna, a struchtúr agus a nidirghaoil. Úsáidtear iad mar chaighdeáin oscailte, tá siad saor in aisce agus trédhearcach, agus tá siad bunaithe ar chomhthoil.
    Top

    An Bhruiséil,10.12.2021

    COM(2021) 770 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle

    maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht

    {SWD(2021) 367 final}


    IARSCRÍBHINN II

    Prionsabail an Aontais maidir le dearadh agus eisiúint micridhintiúr

    Leis an 10 bprionsabal a chuirtear i láthair thíos, sonraítear cineál na micridhintiúr agus tugtar comhairle do na Ballstáit, d’údaráis phoiblí agus do sholáthraithe maidir le dearadh agus eisiúint micridhintiúr agus maidir le córais i dtaca le micridhintiúir. Cuirtear i dtábhacht sna prionsabail príomh‑shaintréithe an chur chuige Eorpaigh i leith micridhintiúr lenar féidir iontaoibh agus cáilíocht na micridhintiúr a chumasú. Tá na prionsabail uilíoch agus féadfar iad a chur i bhfeidhm in aon réimse nó earnáil.

    1

    Cáilíocht

    Tá micridhintiúir faoi réir dearbhú cáilíochta inmheánach agus seachtrach ag an gcóras a tháirgeann iad (e.g. comhthéacs an oideachais, na hoiliúna nó an mhargaidh saothair ina bhforbraítear agus ina soláthraítear an micridhintiúr). Ní mór do phróisis dearbhaithe cáilíochta a bheith oiriúnach don fheidhm, doiciméadaithe go soiléir agus inrochtana, agus ní mór dóibh freastal ar riachtanais agus ar ionchais na bhfoghlaimeoirí agus na bpáirtithe leasmhara.

    Soláthraithe: Tá dearbhú cáilíochta seachtrach bunaithe go príomha ar an measúnú ar sholáthraithe (seachas cúrsaí aonair) agus ar éifeachtacht na nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta inmheánaigh.

    Ba cheart do na soláthraithe a áirithiú go gcumhdófar leis an dearbhú cáilíochta inmheánach na heilimintí uile seo a leanas:

    ·cáilíocht fhoriomlán an mhicridhintiúir féin, bunaithe ar na caighdeáin dá dtagraítear thíos

    ·cáilíocht an chúrsa, i gcás inarb infheidhme, a mbronntar an micridhintiúr ina leith

    ·aiseolas na bhfoghlaimeoirí ar an eispéireas foghlama a mbronntar an micridhintiúr ina leith; agus

    ·aiseolas piaraí, lena náirítear soláthraithe agus páirtithe leasmhara eile, ar an eispéireas foghlama a mbronntar an micridhintiúr ina leith

    Caighdeáin: Déantar dearbhú cáilíochta seachtrach i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

    ·Iarscríbhinn IV de Mholadh an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí, i gcás inarb infheidhme;

    ·Caighdeáin agus Treoirlínte um Dhearbhú Cáilíochta i Limistéar Eorpach an Ardoideachais, i gcás inarb infheidhme;

    ·an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta (Creat EQAVET) i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, i gcás inarb infheidhme;

    ·ionstraimí dearbhaithe cáilíochta eile, lena náirítear clárlanna agus lipéid, chun muinín an phobail i micridhintiúir a chothú, i gcás inarb infheidhme.

    2

    Trédhearcacht

    Tá micridhintiúir intomhaiste, inchomparáide agus sothuigthe agus tá iontu faisnéis shoiléir maidir le torthaí foghlama, ualach oibre, ábhar, leibhéal agus an soláthar foghlama, de réir mar is ábhartha.

    Ualach oibre

    ·Ba cheart d’institiúidí ardoideachais an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS) a úsáid agus na prionsabail in Iarscríbhinn V a ghabhann le Moladh EQF a chomhlíonadh, i gcás inar féidir, chun an tualach oibre barúlach is gá chun torthaí foghlama an mhicridhintiúir a bhaint amach a léiriú.

    ·Féadfaidh soláthraithe nach núsáideann ECTS córais nó cineálacha eile faisnéise a úsáid a fhéadfaidh tuairisc éifeachtach a thabhairt ar thorthaí foghlama agus ar an ualach oibre, i gcomhréir leis na prionsabail in Iarscríbhinn V a ghabhann le Moladh EQF.

    Creataí/córais cáilíochtaí

    ·Féadfar micridhintiúir a áireamh i gcreataí nó i gcórais náisiúnta cáilíochtaí, i gcás inarb ábhartha agus i gcomhréir le tosaíochtaí agus le cinntí náisiúnta. Tagraítear do chreataí nó do chórais náisiúnta cáilíochtaí sa Chreat Eorpach um Cháilíochtaí agus, i gcás cáilíochtaí ardoideachais, féindeimhnítear iad i gcreat cáilíochtaí Limistéar Eorpach an Ardoideachais, rud a fhéadfaidh tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thrédhearcacht na micridhintiúr agus don mhuinín iontu.

    Faisnéis maidir le soláthar na micridhintiúr

    Ba cheart do chórais le haghaidh micridhintiúr faisnéis thrédhearcach agus shoiléir a sholáthar, chun bheith mar bhonn taca le córais treorach le haghaidh foghlaimeoirí, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta agus riachtanais na bpáirtithe leasmhara:

    ·Ba cheart faisnéis maidir le soláthraithe micridhintiúr a fhoilsiú i gcláir, nó a ionchorprú i gcláir atá ann cheana. Ba cheart soláthraithe ardoideachais (agus soláthraithe ábhartha eile) a áireamh, i gcás inar féidir, i mBunachar Sonraí Thorthaí an Dearbhaithe Cáilíochta Sheachtraigh, bunaithe ar dhearbhú cáilíochta i gcomhréir leis na Caighdeáin agus na Treoirlínte um Dhearbhú Cáilíochta i Limistéar Eorpach an Ardoideachais (ESG);

    ·Ba cheart faisnéis maidir le deiseanna foghlama a mbronntar micridhintiúir ina leith a bheith inrochtana agus ba cheart í a bheith inmhalartaithe go héasca trí ardáin ábhartha, lena náirítear Europass.

    3

    Ábharthacht

    Ba cheart micridhintiúir a cheapadh mar ghnóthachtálacha foghlama spriocdhírithe ar leith agus nuashonraítear deiseanna foghlama a mbronntar iad ina leith de réir mar is gá, chun freastal ar riachtanais foghlama shainaitheanta.

    Spreagtar comhar idir eagraíochtaí oideachais agus oiliúna, fostóirí, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe agus úsáideoirí micridhintiúr eile chun ábharthacht na micridhintiúr don mhargadh saothair a mhéadú.

    4

    Measúnú bailí

    Déantar measúnú ar thorthaí foghlama micridhintiúr de réir caighdeáin thrédhearcacha.

    5

    Conairí Foghlama

    Tá micridhintiúir ceaptha chun tacú le conairí solúbtha foghlama, lena n‑áirítear an fhéidearthacht micridhintiúir ó chórais éagsúla a ‘chruachadh’, a bhailíochtú agus a aithint.

    Inchruachtacht

    Tá micridhintiúir ceaptha le bheith modúlach ionas gur féidir micridhintiúir eile a chur leo chun micridhintiúir níos mó a chruthú. Is faoin eagraíocht is faighteoir (e.g. institiúidí oideachais agus oiliúna, fostóirí, etc.) atá sé cinntí a dhéanamh maidir le dintiúir a ‘chruachadh’ nó a chomhcheangal i gcomhréir le cleachtais na heagraíochta agus ba cheart do na cinntí tacú le spriocanna agus le riachtanais an fhoghlaimeora.

    Foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú

    Is féidir micridhintiúir a fháil tar éis measúnú a bheith déanta ar thorthaí foghlama, a fhaightear trí chúrsa sonrach a mbronntar micridhintiúr ina leith, nó ar bhonn measúnaithe ar thorthaí foghlama a eascraíonn as an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil.

    6

    Aitheantas

    Tugann an t‑aitheantas luach soiléir comharthaíochta do thorthaí foghlama modúl foghlama níos lú agus réitíonn sé an bealach do sholáthar níos leithne d’eispéiris foghlama den sórt sin ar bhealach inchomparáide ar fud an Aontais.

    Aithnítear micridhintiúir chun críocha acadúla nó fostaíochta bunaithe ar nósanna imeachta aitheantais caighdeánacha a úsáidtear chun cáilíochtaí eachtracha agus tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch a aithint nuair a bhítear ag déileáil le micridhintiúir a eisíonn soláthraithe an oideachais fhoirmiúil.

    7

    Inaistrithe

    Is leis an sealbhóir dintiúir (an foghlaimeoir) na micridhintiúir agus féadfaidh sé iad a stóráil agus a roinnt go héasca, lena n‑áirítear trí thiachóga digiteacha slána (e.g. Europass), i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá an bonneagar chun sonraí a stóráil bunaithe ar chaighdeáin oscailte agus ar shamhlacha sonraí rud a áirithíonn idir-inoibritheacht agus malartú faisnéise gan uaim, agus féadfar seiceálacha rianúla a dhéanamh ar bharántúlacht sonraí freisin.

    8

    Dírithe ar an bhfoghlaimeoir

    Tá micridhintiúir ceaptha freastal ar riachtanais spriocghrúpa na bhfoghlaimeoirí. Tá foghlaimeoirí páirteach sna próisis dearbhaithe cáilíochta inmheánacha agus sheachtracha agus cuirtear a n‑aiseolas san áireamh mar chuid den fheabhas leanúnach ar an micridhintiúr.

    9

    Barántúil

    Tá faisnéis leordhóthanach i micridhintiúir chun céannacht an tsealbhóra dintiúir (an foghlaimeoir), céannacht dhlíthiúil an eisitheora, agus dáta agus suíomh eisiúna an mhicridhintiúir a sheiceáil.

    10

    Faisnéis agus treoir

    Ba cheart faisnéis agus comhairle maidir le micridhintiúir a ionchorprú i seirbhísí treorach i dtaca leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ba cheart go sroichfidís na grúpaí foghlaimeoirí is leithne is féidir, ar bhealach cuimsitheach, agus tacaíocht á tabhairt don oideachas, don oiliúint agus do roghanna gairme.

    Top