Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AG0002(01)

    Seasamh (AE) Uimh. 2/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 Arna ghlacadh ag an gComhairle an 1 Márta 2021 2021/C 86/01

    ST/5265/2021/REV/1

    IO C 86, 12.3.2021, p. 1–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 86/1


    SEASAMH (AE) Uimh. 2/2021 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

    d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013

    Arna ghlacadh ag an gComhairle an 1 Márta 2021

    (2021/C 86/01)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 33, 114 agus 207 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1).

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leis an gclár Custam 2020 a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (3) agus faoina cláir ba réamhtheachtaithe, rannchuidíodh go mór le comhar custaim a éascú agus a fheabhsú idir údaráis chustaim, chomh maith le fothú acmhainneachta (acmhainneacht riarachán, an duine agus teicneolaíochta faisnéise (TF). Os de chineál trasteorann go leor de gníomhaíochtaí na n-údarás chustaim, bealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla chun an comhar sin a fhorbairt dá bhrí sin is ea creat a thairiscint do na Ballstáit inar féidir leis tarlú trí chlár custaim a bhunú ar leibhéal an Aontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún. Thairis sin, tá sé léirithe go bhfuil an clár Custam 2020 costéifeachtúil agus go dtugtar fíor-bhreisluach leis do chreataí comhair custaim eile a bhunaítear ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Mar bhreis air sin, chuidigh an clár Custam 2020 le leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint trí thacú le bailiú éifeachtach dleachtanna custaim. Sa bhreis air sin, tá nósanna imeachta custaim comhchuibhithe tábhachtach chun torthaí coibhéiseacha a bhaint amach maidir le calaois agus sreafaí trasteorann neamhdhleathacha earraí a chosc. Is iomchuí, éifeachtúil agus ar leas an Aontais go leanfar de ghníomhaíochtaí a mhaoiniú i réimse an chomhair custaim trí chlár nua a bhunú, an clár Custam (“an Clár”).

    (2)

    Le 50 bliain anuas, tá an t-aontas custaim ina cheann de chlocha coirnéal de chuid an Aontais, atá ar cheann de na bloic thrádála is mó ar domhan. Is sampla suntasach é an t-aontas custaim de lánpháirtiú rathúil an Aontais, agus tá sé bunriachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh chun leas gnólachtaí agus saoránach araon. Tháinig athruithe móra ar an aontas custaim le linn na tréimhse sin agus tá réimse leathan cúraimí á ndéanamh ag údaráis chustaim ag na teorainneacha. Ag oibriú le chéile, déanann siad a ndícheall chun trádáil dhlisteanach agus chothrom a éascú agus maorlathas a laghdú, ioncam a bhailiú le haghaidh buiséid náisiúnta agus buiséad de chuid an Aontais, agus chun cuidiú leis na saoránaigh a chosaint ar bhagairtí sceimhlitheoireachta, sláinte agus comhshaoil, agus ar bhagairtí eile. Go háirithe, trí chreat bainistithe riosca comhchoiteanna thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais agus trí shreafaí airgid a rialú chun dul i ngleic le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, imríonn na húdaráis chustaim ról tábhachtach sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus na hiomaíochta éagóraí. I bhfianaise a sainordaithe leathain, is iad na húdaráis chustaim anois, go héifeachtach, na príomhúdaráis a bhfuil baint acu le rialú earraí ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Ní féidir Aontas níos láidre agus níos uaillmhianaí a bhaint amach mura mbeidh na hacmhainní is gá ar fáil. Sa chomhthéacs sin, níor cheart go gcumhdófaí comhar custaim amháin sa chlár Custaim ach freisin ba cheart dó tacaíocht a chur ar fáil don mhisean custaim ina iomláine amhail dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), eadhon maoirseacht ar thrádáil idirnáisiúnta an Aontais, trína ranncuidítear le gnéithe seachtracha an mhargaidh inmheánaigh, an comhbheartas tráchtála agus comhbheartais eile de chuid an Aontais atá ábhartha maidir le trádáil agus le slándáil an tslabhra soláthair a chur chun feidhme.

    Dá bhrí sin, le bunús dlí an Rialacháin seo, ba cheart go gcumhdófaí comhar custaim mar a fhorailtear dó in Airteagal 33 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh CFAE), an margadh inmheánach mar a fhorailtear dó in Airteagal 114 CFAE agus an comhbheartas tráchtála mar a fhorailtear dó in Airteagal 207 CFAE.

    (3)

    Ba cheart don Chlár cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún trí chreat a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu tacú leis an aontas custaim agus leis na húdaráis chustaim ag obair le chéile agus ag gníomhú dóibh mar aon ní amháin; rannchuidiú le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint; chun slándáil agus sábháilteacht an Aontais agus na ndaoine atá ina gcónaí ann a áirithiú, agus ar an gcaoi sin rannchuidíú le cosaint tomhaltóirí; chun an tAontas a chosaint ar chleachtais tráchtála éagóracha, aindleathacha, agus ag an am céanna gníomhaíochtaí dlisteanacha gnó a éascú a ; agus chun trádáil dhlisteanach a éascú ionas go bhféadfadh gnólachtaí agus saoránaigh lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus as trádáil dhomhanda.

    (4)

    Réimse dinimiciúil beartais is ea réimse an chustaim, ina bhfuil dúshláin nua, amhail domhandú, patrúin nua i gcalaois agus smuigleáil, agus an digitiú. Leis na dúshláin sin, méadaítear an t-éileamh ar thacaíocht d’údaráis chustaim agus tá gá le réitigh nuálacha. Cuireann siad i bhfios a thuilleadh nach mór an comhar idir na húdaráis chustaim a threisiú.

    (5)

    Ar mhaithe leis an gcostéifeachtacht a áirithiú, ba cheart don Chlár leas a bhaint as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le bearta eile de chuid an Aontais i réimsí gaolmhara, amhail clár “Fiscalis”, atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim, clár Frithchalaoise an Aontais, atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorann agus víosaí (BMVI), atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an Ciste Slándála Inmheánaí, atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Slándála Inmheánaí, Clár an Mhargaidh Aonair, atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, don réimse plandaí, ainmhithe, bia agus beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, an tSaoráid Téarnamimh agus Athléimneachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (5) agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (6).

    (6)

    Ag léiriú a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras (7) a chur chun feidhme, agus leis an ngealltanas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe den Chlár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh an 25 Meán Fómhair 2015, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú le sprioc an Aontais 30 %, ar a laghad, de mhéid iomlán bhuiséad an Aontais a chaitheamh ar thacú le cuspóirí aeráide agus le huaillmhian an Aontais 7,5 % den bhuiséad bliantúil an Aontais a chaitheamh ar an mbithéagsúlacht in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027, agus na forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á gcur san áireamh.

    (7)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha ,de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo tabhairt isteach acmhainní dílse nua (8), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Chun go measfar go mbeidh sé incháilithe do chistiú, ba cheart baint dhíreach a bheith ag aon chaiteachas gan choinne le cuspóirí an Chláir seo. Ba cheart d’imchlúdach airgeadais an Chláir speansais riachtanacha a bhfuil údar cuí leo a chumhdach, ar speansais le haghaidh gníomhaíochtaí lena ndéanfar bainistiú ar an gClár agus meastóireacht ar fheidhmíocht an Chláir iad, ar choinníoll go mbaineann na gníomhaíochtaí sin le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir.

    (8)

    Chun próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart, más rud é go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha áirithe, go bhféadfadh tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha arna gcumhdú faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa a bheith in ann a bheith rannpháirteach sa Chlár ar chuntar. D’fhéadfadh tríú tíortha eile a bheith rannpháirteach ann freisin, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha sin lena gcumhdaítear a rannpháirtíocht in aon chlár de chuid an Aontais.

    (9)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis an Rialachán Airgeadais rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, rathaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht saineolaithe seachtracha.

    (10)

    Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (11)

    Léiríodh go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhí i bhfeidhm faoin gclár Custam 2020 leordhóthanach agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a choinneáil. Chun simplíocht agus solúbthacht bhreise a sholáthar agus an Clár á chur i ngníomh agus, ar an dóigh sin, chun gurbh fhearr ab fhéidir a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin ó thaobh catagóirí foriomlána de le liosta samplaí léiriúcháin de ghníomhaíochtaí nithiúla. Trí chomhar agus fothú acmhainneachta, ba cheart, leis an gClár, tacaíocht a thabhairt do ghlacadh agus úsáid éifeachtach na nuálaíochta féachaint leis na cumais a fheabhsú a thuilleadh chun príomhthosaíochtaí an chustaim a bhaint amach. Ba cheart gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gClár seo a fhoirceannadh nó a choigeartú chun iad a dhéanamh níos éifeachtaí nó níos ábhartha má chruthaítear nach leor iad tráth ar bith.

    (12)

    Ní fada go nglacfar an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim. Chun comhleanúnachas agus comhordú cothrománach a choinneáil idir gach gníomhaíocht chomhair a bhaineann le cúrsaí custaim agus trealamh rialaithe custaim, is iomchuí na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme faoi aon ghníomh dlí amháin, eadhon an Rialachán seo, agus tacar rialacha amháin ann. Dá bhrí sin, níor cheart tacú ach amháin leis an trealamh incháilithe a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú leis an Ionstraim um Thacaíocht Airgeadais maidir le Trealamh Rialaithe Custaim, agus ba cheart tacú le gach gníomhaíocht ghaolmhar eile sa Chlár seo, amhail gníomhaíochtaí comhair chun riachtanais trealaimh a mheasúnú nó, i gcás inarb iomchuí, oiliúint i ndáil leis an trealamh arna cheannach.

    (13)

    Tá malartuithe faisnéise custaim agus faisnéise gaolmhaire ríthábhachtach le haghaidh feidhmiú cuí custaim agus téann siad i bhfad thar na malartuithe laistigh den aontas custaim. Dá ndéanfaí córais leictreonacha Eorpacha a oiriúnú chun comhoibriú a chumasú le tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, nó dá ndéanfaí iad a shíneadh chucu, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé chun leas an Aontais. Dá bhrí sin, nuair atá údar cuí leis i ngeall ar an leas sin, ba cheart na hoiriúnuithe comhfhreagracha ar na córais leictreonacha Eorpacha, nó na síntí comhfhreagracha orthu, a bheith ina gcostais incháilithe faoin gClár.

    (14)

    I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le domhandú, ba cheart, leis an gClár, leanúint d’fhoráil a dhéanamh le go bhféadfadh saineolaithe seachtracha a bheith rannpháirteach de réir bhrí Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart a áireamh leis na saineolaithe seachtracha sin ionadaithe údarás rialtais den chuid is mó, lena n-áirítear údarás rialtais ó thríú tíortha nach bhfuil rannphairteach sa Chlár, mar aon le lucht acadúil agus ionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó oibreoirí eacnamaíocha nó ón tsochaí shibhialta. Ba cheart roghnú na saineolaithe seachtracha do ghrúpaí saineolaithe a bheith bunaithe ar an gCinneadh ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún saineolaithe seachtracha a bheidh rannpháirteach ina gcáil phearsanta in imeachtaí ad hoc faoin gClár, amhail cruinnithe agus comhdhálacha aonuaire, a roghnú, lena n-áirítear as measc saineolaithe arna moladh ag na tíortha rannpháirteacha. Maidir leis na saineolaithe seachtracha go léir a gceaptar ina gcáil phearsanta agus a gceanglaítear orthu ghníomhú go neamhspleách agus chun leas an phobail, ní mór a áirithiú go mbeidh siad ag gníomhú go neamhchlaonta agus nach féidir coinbhleacht leasa a bheith ann lena bhfreagrachtaí gairmiúla agus gur cheart faisnéis i ndáil le roghnú na saineolaithe seachtracha go léir agus i ndáil lena rannpháirtíocht a bheith ar fáil go poiblí. Ba cheart an cuspóir maidir le hionadaíocht chothrom geallsealbhóirí a áirithiú agus prionsabal an chomhionannais inscne a chur san áireamh agus saineolaithe seachtracha á roghnú.

    (15)

    I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin chun comhleanúnachas agus simpliú na gclár cistiúcháin a áirithiú, arna leagan amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal “Athbhreithniú Bhuiséad AE”, ba cheart acmhainní a chomhroinnt le hionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais más ionann na cuspóirí atá á saothrú le gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus cuspóirí ionstraimí éagsúla cistiúcháin eile, ar choinnioll nach bhfuil maoiniú dúbailte mar thoradh air. Leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár seo, ba cheart comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais de a áirithiú chun tacú leis an aontas custaim agus le húdaráis chustaim.

    (16)

    Meastar go n-úsáidfear an chuid is mó den bhuiséad faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta sa réimse TF I measc na ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF sin, ba cheart tús áite a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhaineann le córais leictreonacha atá riachtanach chun an t-aontas custaim a chur chun feidhme agus chun misean na n-údarás custaim a dhéanamh Ba cheart na comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta faoi seach de na córais leictreonacha Eorpacha a shainmhíniú sa Rialachán seo. Is indéanta comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta a chomhcheangal le chéile. Thairis sin, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus fhreagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú go soiléir.

    (17)

    Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibre. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart go bhféadfaí roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Leis an aistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla, nach gcumhdóidh gach ceann díobh tréimhse is faide ná 3 bliana, laghdófar an t-ualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon. Ba cheart gur uastréimhse 3 bliana a bheadh ag cláír oibre ilbhliantúla.

    (18)

    Na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gClár seo, ba cheart dóibh na torthaí agus na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i réimse an chustaim a chur san áireamh, go háirithe tuarascáil speisialta Uimh. 19/2017 an 5 Nollaig 2017 dar teideal “Nósanna imeachta allmhairiúcháin: easnaimh sa chreat dlíthiúil agus tionchar neamhéifeachtúil cur chun feidhme leasanna airgeadais an Aontais” agus tuarascáil speisialta Uimh. 26/2018 an 10 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal “Sraith moilleanna i gcórais TF Custaim: cad a chuaigh amú?”.

    (19)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (20)

    De bhun mhír 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair, ar shlí inchomparáide agus iomlán. Maidir leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, ar cheart iad a dhéanamh ar dháta nach déanaí ná ceithre bliana tar éis thús chur chun feidhme agus tabhairt chun críche an Chláir faoi seach, ba cheart go rannchuideoidís le próiseas cinnteoireachta éifeachtúil maidir leis an gcomhar i réimse an chustaim faoi na chéad chreataí airgeadais ilbhliantúla eile. Dá bhrí sin, is den ríthábhacht é go soláthrófar faisnéis shásúil leordhóthanach leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh agus go seachadfar na meastóireachtaí sin in am trátha. Sa bhreis ar mheastóireachtaí eatramhacha agus deiridh an Chláir, mar chuid den chóras tuairiscithe feidhmíochta, ba cheart tuarascálacha ar an dul chun cinn a eisiúint chomh maith chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir. Ba cheart achoimre a áireamh sna tuarascálacha sin ar achoimre í ar na ceachtanna atá foghlamtha agus, i gcás inarb iomchuí, ar na constaicí agus na bearnaí a bhí ann i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí an chláir a tharla sa bhliain i dtrácht. Ba cheart na tuaracálacha bliantúla sin ar dhul chun cinn a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    (21)

    Chun freagairt go hiomchuí d’athruithe i dtosaíochtaí beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú chuspóirí sonracha an Chláir a thomhas agus i leith an Rialacháin a fhorlíonadh le foralacha maidir le bunú creat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (22)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (13), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (14) agus (AE) 2017/1939 (15) ón gComhairle, ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (16).

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

    (23)

    Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach sa Chlár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn ionstraimí eile dlí. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

    (24)

    Ba cheart na costais incháilithe a chinneadh trí thagairt do chineál na ngníomhaíochtaí incháilithe, lena n-áirítear inter alia, costais taistil agus chothaithe do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí amhail cruinnithe nó imeachtaí comhchosúla a eagrú. Ba cheart cistiú faoin gClár seo a bheith faoi réir na bprionsabal dá dtagraítear sa Rialachán Airgeadais, amhail cóir chomhionann, comhréireacht, trédhearcacht agus ba cheart don chistiú sin an úsáid is fearr is féidir a bhaint as a chuid acmhainní airgeadais agus a chuspóirí á mbaint amach aige.

    (25)

    Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí beartaithe a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh sna cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme sin ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

    (26)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon clár Aontais a bhunú chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (27)

    Chun leanúnachas a áirithiú dtaca le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar cur chun feidhme a thosú amhail ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm, mar ábhar práinne, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

    (28)

    Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, ar Rialachán é ba cheart a aisghairm dá bhrí sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    Forálacha Ginearálta

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, bunaítear an clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim (“an Clár”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Déanfar ré an chláir a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI).

    Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “údaráis chustaim” na húdaráis chustaim mar a shainmhínítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (2)

    ciallaíonn “córais leictreonacha Eorpacha” córais leictreonacha atá riachtanach don aontas custaim agus chun misean údarás custaim a fhorghníomhú, go háirithe na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus Airteagail 278 agus 280 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), agus i bhforálacha eile de dhlí an Aontais lena rialaítear córais leictreonacha chun críocha custaim, lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta, amhail an Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi chlúdach carnets TIR (Coinbhinsiún TIR) (18).

    (3)

    ciallaíonn “comhpháirt choiteann” comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha, a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt choiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe;

    (4)

    Ciallaíonn “comhpháirt náisiúnta” comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha, a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh an chomhpháirt sin nó a rannchuidigh lena comhchruthú;

    (5)

    ciallaíonn “tríú tír” tír nach bhfuil ina Ballstát den Aontas.

    Airteagal 3

    Cuspóirí an Chláir

    1.   Is é an cuspóir ginearálta atá leis an gClár tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus do na húdaráis chustaim, ag gníomhú le chéile agus mar aon ní amháin, chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, chun slándáil agus sábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus chun an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach agus neamhdhleathach, agus gníomhaíocht ghnó dhlisteanach á héascú san am céanna.

    2.   Is iad na cuspóirí sonracha atá ag an gClár tacú leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    reachtaíocht agus beartas custaim a ullmhú agus a chur chun feidhme go haonfhoirmeach;

    (b)

    comhar custaim;

    (c)

    fothú acmhainneachta riaracháin agus TF, lena n-áirítear inniúlacht agus oiliúint an duine, chomh maith le córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú;

    (d)

    nuálaíocht i réimse an bheartais custaim.

    Airteagal 4

    An buiséad

    1.   Is é EUR 950 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 - 2027.

    2.   Féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú an Chláir agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chláir. Féadfar a chumhdach leis freisin speansais atá nasctha le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cuspóirí an Chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir.

    Airteagal 5

    Rannpháirtíocht tríú tíortha sa Chlár

    Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach:

    (a)

    tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe eile comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (b)

    tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin,

    (c)

    tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

    (i)

    go n-áirithítear leis an gcomhaontú sin cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

    (ii)

    go leagtar síos leis an gcomhaontú sin coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí le cláir aonair agus lena gcostais riaracháin.

    (iii)

    nach dtugtar leis an gcomhaontú sin aon chumhacht cinnteoireachta don tríú tír i ndáil leis an gClár de chuid an Aontais;

    (iv)

    go ráthaítear leis an gcomhaontú sin cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

    Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad mhír.

    Airteagal 6

    Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

    1.   Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, trí bhíthin deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha.

    CAIBIDIL II

    Incháiliteacht

    Airteagal 7

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

    2.   Maidir le gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán maidir leis an Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim nó maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear leo sin, beidh siad incháilithe chun cistiú a fháil. faoin gClár freisin.

    3.   Beidh an méid seo a leanas san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:

    (a)

    cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla;

    (b)

    comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe, amhail forbairt chomhoibríoch TF ag grúpa Ballstát;

    (c)

    gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach;

    (d)

    gníomhaíochtaí maidir le fothú inniúlachtaí an duine agus fothú acmhainneachta eile, lena n-áirítear oiliúint agus malartú dea-chleachtas;

    (e)

    gníomhaíochtaí tacaíochta agus gníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear:

    (i)

    staidéir;

    (ii)

    gníomhaíochtaí nuálaíochta, go háirithe cruthúnas coincheap, treoirthionscnaimh, tionscnaimh fréamhshamhaltaithe, mianadóireacht sonraí cliste agus comhoibriú idir córais;

    (iii)

    gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh i gcomhpháirt;

    (iv)

    aon ghníomhaíocht eile dá bhforáiltear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 12, atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach nó chun tacú leo.

    In Iarscríbhinn I tá liosta neamh-uileghabhálach d’fhoirmeacha gníomhaíochtaí féideartha amhail dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) den chéad fhomhír.

    4.   Maidir le gníomhaíochtaí arb éard atá i gceist leo oiriúnuithe ar chomhpháirteanna coiteanna de na córais leictreonacha Eorpacha, nó síntí leo, a fhorbairt, a imscaradh, a chothabháil agus a oibriú chun comhar a chumasú le tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh siad incháilithe do chistiú nuair is chun leas an Aontais atá siad. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm, lena bhféadfar ceanglas maidir le ranníocaíocht airgeadais ó na tríú páirtithe lena mbaineann na gníomhaíochtaí sin a áireamh.

    5.   I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta TF amhail dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo le forbairt agus oibriú córais leictreonaigh Eorpaigh, ní bheidh ach na costais a bhaineann leis na freagrachtaí arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2) incháilithe do chistiú faoin gClár. Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a bhaineann leis na freagrachtaí a thugtar dóibh de bhun Airteagal 11(3).

    Airteagal 8

    Saineolaithe seachtracha

    1.   Aon uair inar tairbhiúil chun na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chur i gcrích, féadfaidh údaráis rialtais, lena n-áirítear iad sin ó thríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár, lucht acadúil agus ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, ionadaithe oibreoirí eacnamaíocha agus ionadaithe eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta, páirt a ghlacadh mar shaineolaithe seachtracha i ngníomhaíocht den sórt sin.

    2.   Beidh na costais arna dtabhú ag na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo incháilithe d’aisíocaíocht faoin gClár i gcomhréir le forálacha Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais.

    3.   Is é an Coimisiún a roghnóidh na saineolaithe seachtracha do ghrúpaí saineolaithe, lena n-áirítear ó shaineolaithe arna moladh ag na Ballstáit.

    Saineolaithe seachtracha a bheidh rannpháirteach ina gcáil phearsanta in imeachtaí ad hoc faoin gClár, amhail cruinnithe agus comhdhálacha aonuaire, is é an Coimisiún a roghnóidh iad, lena n-áirítear as measc na saineolaithe arna moladh ag na tíortha rannpháirteacha.

    Roghnófar saineolaithe seachtracha ar bhonn na scileanna, na taithí agus an eolais atá acu atá ábhartha don ghníomhaíocht shonrach agus de réir riachtanas. Déanfaidh an Coimisiún measúnú, inter alia, ar neamhchlaontacht saineolaithe seachtracha a cheaptar ina gcáil phearsanta agus a gceanglaítear orthu gníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail, agus fiosróidh sé an bhfuil coinbhleachtaí leasa ann lena bhfreagrachtaí gairmiúla.

    CAIBIDIL III

    Deontais

    Airteagal 9

    Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte

    1.   Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

    2.   Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoin gClár ranníocaíocht a fháil ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn an ranníocaíocht na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha de chuid an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

    3.   I gcomhréir le pointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, dámhfar deontais gan glao ar thograí i gcás inar údaráis chustaim de chuid na dtíortha rannpháirteach iad na heintitis incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

    4.   Beidh obair an choiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais bunaithe ar na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le deontais a leagtar síos in Airteagal 188 den Rialachán Airgeadais agus go háirithe, ar phrionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 188 den Rialachán Airgeadais, mar aon le prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

    5.   Déanfaidh an coiste meastóireachta meastóireacht ar thograí ar bhonn critéir dhámhachtana, i gcás inarb iomchuí, agus ábharthacht na gníomhaíochta atá beartaithe i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú, cáilíocht na gníomhaíochta atá beartaithe, an tionchar a bhíonn acu, lena n-áirítear an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, a mbuiséad agus a gcost-éifeachtúlacht á gcur san áireamh.

    Airteagal 10

    Ráta cómhaoinithe

    1.   De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, féadfar suas le 100 % de chostais iomlána incháilithe ghníomhaíochta a mhaoiniú leis an gClár.

    2.   Sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 12, leagfar amach an ráta cómhaoinithe is infheidhme i gcás ina n-éileofar go mbronnfar deontais de réir na ngníomhaíochtaí.

    CAIBIDIL IV

    Forálacha sonracha maidir le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF

    Airteagal 11

    Freagrachtaí

    1.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar lena chéile, agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha i ndlí an Aontais a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2, forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach Eorpach, lena n-áirítear dearadh, sonraíocht, tástáil comhréireachta, imscaradh, cothabháil, éabhlóid, nuachóiriú, slándáil, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta a áirithiú.

    2.   Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)

    forbairt agus oibriú comhpháirteanna coiteanna;

    (b)

    forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú go foriomlán chun críocha a n-inoibritheachta, a n-idirnascachta agus a bhfeabhsaithe leanúnaigh agus a gcur chun feidhme shioncronaithe, agus, mar chuid den chomhordú foriomlán sin, cumarsáid éifeachtúil mhear leis na Ballstáit agus idir na Ballstáit a éascú maidir le hábhair a bhaineann leis na córais sin;

    (c)

    comhordú córas leictreonach Eorpach ar leibhéal an Aontais d’fhonn iad a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta;

    (d)

    forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú maidir lena n-idirghníomhaíochtaí le tríú páirtithe, seachas gníomhaíochtaí atá ceaptha chun ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh;

    (e)

    comhordú córas leictreonach Eorpach le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh-Rialtas ar leibhéal an Aontais;

    (f)

    an chumarsáid thráthúil thrédhearcach le geallsealbhóirí atá bainteach le córais leictreonacha Eorpacha a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit, go háirithe maidir le moilleanna i gcur chun feidhme chomhpháirteanna coiteanna agus comhpháirteanna náisiúnta.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)

    forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta;

    (b)

    forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta;

    (c)

    córais leictreonacha Eorpacha a chomhordú le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh-Rialtas ar leibhéal an Aontais;

    (d)

    soláthar rialta faisnéise don Choimisiún maidir leis na bearta arna ndéanamh chun go bhféadfaidh a n-údaráis chustaim nó a n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann lánúsáid éifeachtach a bhaint as na córais leictreonacha Eorpacha;

    (e)

    cur chun feidhme córas leictreonach Eorpach ar an leibhéal náisiúnta.

    4.   Foilseoidh an Coimisiún, chun críoch faisnéise, liosta táscach de na córais leictreonacha Eorpacha a mhaoinítear faoin gClár agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta go rialta.

    CAIBIDIL V

    Cláreagrú, faireachán, meastóireacht agus rialú

    Airteagal 12

    Clár oibre

    1.   Is trí na cláir oibre ilbhliantúla mar a thagraítear dóibh in Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

    2.   Chun cur chun feidhme an Chláir a áirithiú, agus gan dochar don Rialachán Airgeadais, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun cláir oibre ilbhliantúla a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

    3.   Beidh sé d’aidhm ag na cláir oibre ilbhliantúla na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach trí bhíthin na ngníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 7. Leagfar amach iontu, i gcás inarb iomchuí, méid iomlán an phlean maoinithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí go léir, agus leagfar amach iontu:

    (a)

    le haghaidh gach gníomhaíochta:

    (i)

    na cuspóirí atá á saothrú agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3;

    (ii)

    tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú;

    (iii)

    i gcás inarb iomchuí, léiriú ar an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht; agus

    (iv)

    an modh cur chun feidhme agus tráthchlár cur chun feidhme táscach;

    (b)

    i gcás deontas, an ráta uasta cómhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2), agus i gcás inarb iomchuí, na critéir riachtanacha dhámhachtana a bheidh le cur i bhfeidhm.

    Airteagal 13

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Liostaítear in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

    2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 16, chun Iarscríbhinn II a leasú i dtaca leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin, agus chomh maith leis sin chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí na gcistí ón Aontas.

    Airteagal 14

    Meastóireacht

    1.   Déanfar meastóireachtaí go tráthúil chun go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina chur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach an chur chun feidhme sin. Ina mheastóireacht eatramhach, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht an Chláir, lena n-áirítear ar ghnéithe amhail éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht, sineirgí laistigh den Chlár agus breisluach an Aontais.

    3.   Ag deireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha agus na ceachtanna a foghlaimíodh, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    Airteagal 15

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

    CAIBIDIL VI

    An tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta coiste

    Airteagal 16

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh an dáta sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 17

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh coiste dá ngairfear “Coiste an Chláir Custaim” cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    CAIBIDIL VII

    Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

    Airteagal 18

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach.

    3.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

    Airteagal 19

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    Airteagal 20

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de ghníomhaíochtaí, ná do mhodhnú gníomhaíochtaí arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

    2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 a áirithiú.

    3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil I mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

    Airteagal 21

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán


    (1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 45

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an ar an gcéad léamh an 1 Márta 2021. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE, (IO L 347, 20.12.2013, lch. 209).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (6)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch.1).

    (7)  IO L 282, 19.10.2016, lch.4.

    (8)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)

    (11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (13)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).

    (14)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (15)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (16)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (17)  Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú (IO L 151, 7.6.2019, lch. 1).

    (18)  IO L 165, 26.6.2009, lch. 3.


    IARSCRÍBHINN I

    LIOSTA NEAMH-UILEGHABHÁLACH D’FHOIRMEACHA GNÍOMHAÍOCHTAÍ FÉIDEARTHA DÁ dTAGRAÍTEAR I bPOINTÍ (A), (B) AGUS (D) DEN CHÉAD FHOMHÍR D’AIRTEAGAL 7(3)

    Féadfaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(3) a bheith sna foirmeacha seo a leanas, inter alia:

    1.   Cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla:

    Seimineár agus ceardlanna, a bhfreastalaíonn rannphairtithe ó gach tír rannpháirteach orthu den chuid is mó ina ndéantar cur i láthair agus ina ndéanann rannpháirtithe dianphlé agus gníomhaíocht maidir le hábhar ar leith;

    Turais oibre, arna eagrú chun cur ar a gcumas d’oifigigh saineolas nó tuiscint ar chúrsaí custaim a fháil nó a mhéadú;

    2.   Comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe:

    grúpaí tionscadail, comhdhéanta de ghnáth de líon teoranta tíortha rannpháirteach, a bheidh oibríochtúil ar feadh tréimhse theoranta ama chun críche cuspóir atá réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, lena n-áirítear comhordú nó tagarmharcáil, a shaothrú;

    tascfhórsaí, eadhon foirmeacha struchtúrtha comhair, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a shaineolas chun tascanna i réimsí sonracha a dhéanamh nó chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh mar thaca leis sin, b'fhéidir;

    gníomhaíochtaí faireacháin, arna déanamh ag comhfhoirne atá comhdhéanta d’oifigigh de chuid an Choimisiúin agus d’oifigigh de chuid na n-údarás incháilithe chun anailís a dhéanamh ar chleachtais chustaim, chun aon deacrachtaí a bhaineann le rialacha a chur chun feidhme a shainaithint agus, i gcás inarb iomchuí, chun moltaí a dhéanamh maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar rialacha agus ar mhodhanna oibre an Aontais;

    3.   Gníomhaíochtaí i dtaca le fothú inniúlachtaí an duine agus fothú acmhainneachta eile:

    oiliúint choiteann nó forbairt na ríomhfhoghlama chun tacú leis na scileanna gairmiúla agus an t-eolas riachtanach i ndáil le cúrsaí custaim a ghnóthú;

    tacaíocht theicniúil, a bhfuil sé mar aidhm léi nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú, feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin, agus feidhmiú agus oibríochtaí údarás custaim a fheabhsú trí na cleachtais is fearr a fhorbairt agus a chomhroinnt.


    IARSCRÍBHINN II

    TÁSCAIRÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 134(1)

    Chun tuairisciú a dhéanamh maidir le dul chun cinn an Chláir i dtreo na gcuspóirí ginearálta agus sonracha atá leagtha amach in Airteagal 3 a bhaint amach, bainfear úsáid as na táscairí seo a leanas:

    A.   Fothú acmhainneachta (acmhainneacht riaracháin, an duine agus TF)

    1.

    an tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme (Líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár i ndáil le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme dhlí an Aontais agus na mbeartas a bhaineann le custaim agus líon na moltaí arna n-eisiúint i ndiaidh na ngníomhaíochtaí sin)

    2.

    an tInnéacs Foghlama (líon na modúl foghlama arna n-úsáid; líon na n-oifigeach ar cuireadh oiliúint orthu agus an scór cáilíochta a thugann na rannpháirtithe)

    3.

    infhaighteacht córas leictreonach Eorpach (i dtéarmaí céatadán ama de)

    4.

    infhaighteacht an Líonra Cumarsáide Choitinn (i dtéarmaí céatadán oibre de)

    5.

    úsáid príomhchóras leictreonach Eorpach a bhfuil sé mar aidhm leo idirnascacht a mhéadú agus dul i dtreo aontas custaim gan pháipéar (líon na dteachtaireachtaí arna malartú agus líon na gcomhairliúchán arna ndéanamh)

    6.

    an ráta críochnaithe i ndáil le Cód Custaim an Aontiais (“CCA”) (céatadán na ngarspriocanna arna mbaint amach le córais CCA a chur chun feidhme)

    B.   Comhroinnt eolais agus líonrú

    1.

    Innéacs Láidreacht an Chomhoibrithe (méid an líonraithe arna dhéanamh, líon na gcruinnithe aghaidh ar aghaidh agus líon na ngrúpaí comhoibrithe ar líne)

    2.

    an tInnéacs Dea-chleachtas agus Treoirlínte (líon na ngníomhaíochtaí arna n-eagrú i ndáil le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na gcleachtas is fearr agus na dtreoirlínte a bhaineann le custaim agus céatadán na rannpháirtithe a bhain leas as treoirlínte maidir le cleachtais oibre a forbraíodh le tacaíocht ón gClár).

    Top