EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE4839

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais [COM(2021) 556 final – 2021/0197(COD)]

EESC 2021/04839

IO C 194, 12.5.2022, p. 81–86 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 194/81


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais

[COM(2021) 556 final – 2021/0197(COD)]

(2022/C 194/11)

Rapóirtéir:

Dirk BERGRATH

Comhrapóirtéir:

Bruno CHOIX

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 13/9/2021

An Chomhairle, 20/9/2021

Bunús dlí

Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

13/12/2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

19/1/2022

Seisiún iomlánach Uimh.

566

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

237/1/6

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá CESE á athdhearbhú go dtacaíonn sé le cuspóir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir leis an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach a dhéanamh den Eoraip faoi 2050. Thairis sin, cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Straitéis an Aontais um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, straitéis faoinar socraíodh sraith garspriocanna maidir leis an gcuspóir uaillmhianach sin a bhaint amach chun earnáil an iompair a chur in oiriúint d’Eoraip aeráidneodrach faoi 2050, agus “cur chuige comhtháite córais” a chur chun cinn (1).

1.2.

Tá CESE den tuairim gur cheart go bhféadfaí, le clárúcháin nua gluaisteán agus veaineanna san Aontas Eorpach, laghdú 100 % a dhéanamh ar astaíochtaí ó fhlít iomlán an Aontais faoi 2035. Tacaíonn CESE leis na spriocanna le haghaidh fhlít iomlán an Aontais atá beartaithe chun laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí (i gcomparáid le sprioc 2021) agus tacaíonn sé go ginearálta freisin leis an sprioc chun laghdú 50 % a dhéanamh ar astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma ó 2030 ar aghaidh.

1.3.

Cuireann CESE i bhfáth gur spreagadh cumhachtach éifeachtúil iad teorainneacha ar fhlíteanna chun athrú teicneolaíoch a dhéanamh san earnáil. I gcomhréir le tuairim a d’eisigh sé roimhe seo (2), tugann CESE dá aire go gcaithfear an cur chuige i leith “sceithphíopaí” a chomhlánú le hionstraimí beartais eile, d’ainneoin na mbuntáistí ar fad lena mbaineann. Caithfear cur chuige saolré a áirithiú leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” agus a ráthú nach n-aistreofar astaíochtaí chuig céim níos luaithe sa slabhra luacha de bharr leictriú an iompair de bhóthar.

1.4.

Athdhearbhaíonn CESE go gcaithfidh an tsoghluaisteacht indibhidiúil a bheith inrochtana i gcónaí agus í inacmhainne do chách, go háirithe i gcás comaitéirí nach mbeidh rochtain acu ar iompar poiblí ar ardchaighdeán nó ar réitigh soghluaisteachta eile (3).

1.5.

Tá tábhacht straitéiseach le hearnáil na ngluaisteán do gheilleagar na hEorpa. Tá 2,6 milliún oibrí fostaithe sa tionscal monaraíochta gluaisteán (cóimeáil agus soláthróirí) agus gintear 900 000 post i dtionscail soláthair na hearnála. Is sna tionscail sin le chéile atá 11,6 % d’oibreoirí in earnáil monaraíochta an Aontais fostaithe.

1.6.

I bhfianaise an dlúis shuntasaigh ar an ráta dícharbónaithe a bheidh i gceist leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”, sa tionscal mótarfheithiclí den chuid is mó, beidh acmhainní breise ag teastáil – trí chur leis an gCiste um Aistriú Cóir, mar shampla – chun dul i ngleic le hiarmhairtí sóisialta na mbeart chun astaíochtaí a laghdú i réigiúin atá spleách ar shlabhra soláthair i dtionscal na ngluaisteán.

1.7.

Tá CESE á iarraidh arís go ndéanfaí meastóireacht ina gcuimseofar staid na himeartha maidir le cáilíochtaí agus (ath)oiliúint foirne, chomh maith le hanailís atá cothrom le dáta ar na réimsí ina mbeidh gníomhaíochtaí (breise) ag teastáil chun scileanna agus cáilíochtaí fostaithe in earnáil na ngluaisteán a fheabhsú a thuilleadh ar mhaithe leis an aistriú struchtúrtha (4). Athdhearbhaíonn CESE gur cheart na gnéithe sin a chuimsiú sna forálacha rialachais agus faireacháin atá beartaithe.

1.8.

Is cúis bhuartha do CESE go mbeidh sé deacair na spriocanna maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach mura bhfuil an bonneagar luchtaithe a bheidh ag teastáil chun tacú leis an aistriú ar fáil. Caithfear bonneagar luchtaithe a leathadh amach chuig áiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine, ina n-oibríonn siad agus ina ndéanann siad a ngníomhaíochtaí laethúla.

1.9.

Cé go bhféadfadh ról faoi leith a bheith ag breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin, maille le ríomhbhreoslaí, i ndícharbónú an iompair de bhóthar, go háirithe sa fhlít reatha agus i gcodanna ar deacair iad a leictrealú, ní mór caighdeáin inbhuanaitheachta stóinsithe a chur i bhfeidhm.

2.   Comhthéacs an togra

2.1.

Leis an teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (5) seoladh straitéis fáis nua don Aontas Eorpach a dhíríonn ar an Aontas a chlaochlú ina shochaí chothrom rathúil, a mbeidh geilleagar atá nua-aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch aici. Athdhearbhaítear inti uaillmhian an Choimisiúin cur lena spriocanna aeráide agus an chéad mhór-roinn aeráidneodrach a dhéanamh den Eoraip faoi 2050.

2.2.

Leagtar amach an cuspóir sin sa Teachtaireacht “A Clean Planet for all” – A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate-neutral economy [“Pláinéad Glan do Chách” – Fís Eorpach straitéiseach fhadtéarmach ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach] (6).

2.3.

Bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach, moladh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le huaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a ghéarú go n-ardófaí uaillmhian an Aontais (7) agus moladh plean cuimsitheach leis an Teachtaireacht freisin chun sprioc cheangailteach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 a mhéadú go laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí, ar bhealach freagrach. Tá sprioc 2030 i gcomhréir leis an gcuspóir i gComhaontú Pháras chun an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 oC agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1,5 C. Thacaigh an Chomhairle Eorpach le sprioc cheangailteach nua an Aontais le haghaidh 2030 ag a cruinniú i mí na Nollag 2020 (8). Chun an leibhéal uaillmhéine méadaithe sin a sheachadadh le haghaidh 2030, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir leis an aeráid agus le fuinneamh atá i bhfeidhm faoi láthair, lena bhfuil coinne nach mbeidh de thoradh uirthi ach laghdú 40 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus laghdú 60 % faoi 2050.

2.4.

Is é an pacáiste reachtaíochta “Oiriúnach do 55”, mar a fógraíodh i bPlean an Choimisiúin um Sprioc Aeráide (9), an bloc tógála is cuimsithí sna hiarrachtaí chun an sprioc aeráide uaillmhianach nua 2030 a chur chun feidhme, agus ní mór do gach earnáil agus beartas eacnamaíoch, lena n-áirítear iompar de bhóthar, rannchuidiú leis.

2.5.

Is mór an tábhacht a bhaineann le tionscal na ngluaisteán do gheilleagar an Aontais. Tagann níos mó ná 7 % de OTI an Aontais as agus fostaítear, go díreach nó go hindíreach, 12,6 milliún Eorpach ann. Infheistítear EUR 60,9 billiún in T&F i dtionscal na ngluaisteán an Aontais in aghaidh na bliana.

2.6.

Leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ón gCoimisiún (10), tugtar aghaidh ar na dúshláin níos leithne a bhaineann leis an aistriú i dtreo iompar gan astaíochtaí, agus leagtar amach leis an Straitéis treochlár chun cúrsaí iompair na hEorpa a chur ar an gconair cheart i dtreo todhchaí inbhuanaithe chliste agus sin go daingean.

2.7.

Leis an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an Straitéis, áirítear beartais atá dírithe, i measc nithe eile, ar bhorradh a chur faoi ghlacadh feithiclí saor ó astaíochtaí agus faoi bhonneagar gaolmhar. Leis an aistriú i dtreo feithiclí saor ó astaíochtaí, coiscfear an truailliú agus cuirfear feabhas ar shláinte shaoránaigh an Aontais; tacaíonn an t-aistriú sin leis an Uaillmhian maidir le Truailliú Nialasach freisin, a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, mar a chuirtear in iúl sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach. (11).

2.8.

Na caighdeáin maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, is nithe fíorthábhachtacha iad chun astaíochtaí CO2 san earnáil a laghdú, mar a léirítear sa Teachtaireacht maidir le huaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a ghéarú. Is iad cuspóirí ginearálta an togra seo go rannchuideofar leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus chuige sin, i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, go rannchuideofar le hiarrachtaí chun laghduithe 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990.

2.9.

Maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2, lena soláthrófar feithiclí nua saor ó astaíochtaí don mhargadh, is beart comhlántach iad freisin a ghabhann leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (AE) 2018/2001 (12) (Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite) , lena ndéanfar táirgeadh an leictreachais a úsáidtear i bhfeithiclí leictreacha a dhícharbónú agus lena spreagfar glacadh na mbreoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin le haghaidh na bhfeithiclí le hinnill dócháin atá in úsáid faoi láthair. Tá sineirgí tábhachtacha freisin idir caighdeáin astaíochtaí CO2 agus córas trádála astaíochtaí láidrithe (Córas Trádála Astaíochtaí) (13) agus an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá CESE á athdhearbhú go dtacaíonn sé le cuspóir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir leis an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach a dhéanamh den Eoraip faoi 2050 agus go dtacaíonn sé le spriocanna athbhreithnithe 2030 maidir le laghdú astaíochtaí, faoi mar a leagtar amach i dtuairim an Choiste maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach (14).

3.2.

Má táthar chun laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais faoi 2030, beidh móriarrachtaí breise ag teastáil in earnálacha uile an gheilleagair. Is fíor sin go háirithe i gcás earnáil an iompair. Tá an earnáil sin ar cheann de na tosaíochtaí a leagtar síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip, arb é is cuspóir ginearálta dó sin laghdú 90 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an iompair faoi 2050. Is iad astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar de bhóthar faoi deara 22 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa uile an Aontais agus 27 % dá astaíochtaí CO2 (15). De réir na sonraí oifigiúla, bhí astaíochtaí ón iompar de bhóthar 26,8 % níos airde in 2018 ná mar a bhí in 1990 (16). Ó shin, tháinig méadú go 122,3 gram de dhé-ocsaíd charbóin an ciliméadar (g CO2/km) ar na hastaíochtaí ó ghluaisteáin nua paisinéirí in 2019, don tríú bliain as déis a chéile (17).

3.3.

Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Straitéis an Aontais um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, straitéis faoinar socraíodh sraith garspriocanna maidir leis an gcuspóir uaillmhianach sin a bhaint amach chun earnáil an iompair a chur in oiriúint d’Eoraip aeráidneodrach faoi 2050. Tógtar sa Straitéis ar dhoiciméid bheartais a foilsíodh roimhe seo agus is “cur chuige comhtháite córais” atá á chur chun cinn inti, mar ba cheart, atá ag brath ar phunann d’ionstraimí comhlántacha chun earnáil an iompair a chlaochlú. Tá mór-ról ag na caighdeáin astaíochtaí ach, má táthar chun na spriocanna arna leagan síos a bhaint amach, teastóidh iarrachtaí breise chun bonneagar a leathadh amach, dlús a chur leis an táirgeadh dícharbónaithe leictreachais agus sásraí praghsála carbóin a chur ar bun maidir le hearnáil an iompair (18).

3.4.

Bunchloch de straitéis an Aontais chun astaíochtaí a laghdú san earnáil atá sa Rialachán maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus d’fheithiclí tráchtála éadroma. Tugann CESE le fios go ndearnadh grinn-athbhreithniú in 2018 ar an Rialachán maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma (19). Admhaíonn CESE nach leor an t-athbhreithniú sin a rinneadh le deireanas, áfach, chun na spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú arna leagan síos sa Dlí Aeráide Eorpach a bhaint amach.

3.5.

Tá tábhacht straitéiseach le hearnáil na ngluaisteán do gheilleagar na hEorpa Tá 2,6 milliún oibrí fostaithe sa tionscal monaraíochta gluaisteán (cóimeáil agus soláthróirí) agus gintear 900 000 post i dtionscail soláthair na hearnála. Is sna tionscail sin le chéile atá 11,6 % d’oibreoirí in earnáil monaraíochta an Aontais fostaithe. Ar an iomlán, fostaítear 12,6 milliún duine san Eoraip i ngníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis an earnáil mótarfheithiclí. Fágann sé sin gurb í an earnáil sin faoi deara 6,6 % d’fhostaíocht uile an Aontais. Gintear barrachas trádála EUR 76 billiún san Aontas in aghaidh na bliana ó thionscal na ngluaisteán agus is é faoi deara 33 % den chaiteachas iomlán ar T&F san Aontas. Agus thar aon ní eile, is mórfhoinse ioncaim cánach do na Ballstáit é ceannach mótarfheithiclí agus a n-úsáid. Bailíonn an Ghearmáin, mar shampla, beagnach EUR 100 billiún i gcánacha in aghaidh na bliana (20).

3.6.

Chun spriocanna 2030 maidir le laghdú astaíochtaí i dtaca leis an iompar de bhóthar a bhaint amach, beidh iarrachtaí ollmhóra ag teastáil chun tionscal na ngluaisteán a chlaochlú agus flít nua a chur in ionad an fhlít reatha feithiclí. Tá líon na bhfeithiclí leictreacha san Eoraip ag dul i méid go tapa i roinnt mhaith Ballstát ach tá teorainn leis fós. Gluaisteáin leictreacha ab ea 3,5 % de líon iomlán na gclárúchán nua gluaisteán in 2019, feithiclí ceallra-leictreacha (BEVanna) agus feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe (PHEVanna) san áireamh agus ní gluaisteáin leictreacha iad ach 1,2 % den fhlít gluaisteán atá ann cheana san Aontas (21). Léiríonn na figiúirí is déanaí go bhfuil méadú tapa tagtha ar sciar mhargaidh BEVanna agus PHEVanna, eadhon méadú 9,8 %, agus 9,1 %, faoi seach sa tríú ráithe de 2021 (22).

3.7.

Ní mór cuimhneamh air go mbeidh gá le tionscal na ngluaisteán san Eoraip a dhícharbónú fad atáthar ag dul i ngleic le tionscnóirí athraithe struchtúraigh eile a bhfuil tionchar suntasach acu ar an lucht saothair cheana féin. Tá gnóthachain táirgiúlachta i gceist le huathoibriú agus róbatú línte cóimeála, nithe a mbeidh tionchar acu ar uaireanta oibre san earnáil (23). Tá caillteanais táirgeachta ann mar thoradh ar an nganntanas leanúnach leathsheoltóirí agus tá na leibhéil is ísle díolachán agus táirgeachta dá bhfacthas riamh ann de dheasca na paindéime agus na n-iarmhairtí a ghabhann léi.

3.8.

Athdhearbhaíonn CESE go gcaithfidh an tsoghluaisteacht indibhidiúil a bheith inrochtana i gcónaí agus í inacmhainne do chách, go háirithe i gcás comaitéirí nach mbeidh rochtain acu ar iompar poiblí ar ardchaighdeán nó ar réitigh soghluaisteachta eile (24). Tá an t-ardphraghas ceannaigh tosaigh ina bhac suntasach ar an bhfás sa mhargadh feithiclí ceallra-leictreacha. Cuireann sé leis na costais dímheasa ar úinéirí tosaigh, rud a chinneann an meascán stoc. Mar sin féin, léirítear i dtuarascálacha éagsúla gurb iad BEVanna an rogha is inacmhainne do thomhaltóirí i roinnt mhaith tíortha nuair a chuirtear an costas iomlán úinéireachta san áireamh (25). Beidh sé riachtanach bearta agus dreasachtaí tacaíochta comhréireacha a choimeád sna blianta atá le teacht chun tairbhí a thabhairt d’úsáideoirí dara agus tríú láimhe, arb iadsan is mó a bhainfidh tairbhe as an leictriú.

3.9.

I mí na Bealtaine 2020, bheartaigh an Coimisiún Eorpach “Ciste um Aistriú Cóir” a bhunú, ar fiú EUR 40 billiún é, chun tacaíocht a thabhairt do réigiúin a bhíonn ag brath ar thionscail atá dian ar ghual agus ar CO2 agus iad ag iarraidh dícharbónú. I gcomhthéacs na caibidlíochta maidir le buiséad an Aontais agus téarnamh an Aontais, d’aontaigh na Ballstáit EUR 17,5 billiún a thiomnú don Chiste um Aistriú Cóir. I bhfianaise an dlúis shuntasaigh ar an ráta dícharbónaithe a bheidh i gceist leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”, i dtionscal na ngluaisteán den chuid is mó, beidh acmhainní breise ag teastáil chun dul i ngleic le hiarmhairtí sóisialta na mbeart chun astaíochtaí a laghdú i réigiúin atá spleách ar shlabhra soláthair sa tionscal mótarfheithiclí.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Cuireann CESE i bhfáth gur spreagadh cumhachtach éifeachtúil iad teorainneacha ar fhlíteanna chun athrú teicneolaíoch a dhéanamh san earnáil. Is i ngeall ar an spreagadh rialála sin, don chuid is mó, a thosaigh earnáil na ngluaisteán san Eoraip ag aistriú i dtreo feithiclí atá saor ó astaíochtaí. A bhuí le teorainneacha níos uaillmhianaí ar fhlíteanna, áiritheofar go bhféadfaidh an Eoraip a bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050.

4.2.

Tá CESE den tuairim gur cheart go bhféadfaí, a bhuí le clárúcháin nua gluaisteán agus veaineanna san Aontas Eorpach, laghdú 100 % a dhéanamh ar astaíochtaí ó fhlít iomlán an Aontais faoi 2035. Tugann CESE le fios nach mbeidh sé indéanta an sprioc sin maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach gan idirnascadh bearrfheabhsaithe idir na coinníollacha creata uile agus murar féidir tabhairt ar na custaiméirí (ar fud an Aontais Eorpaigh) athrú go feithiclí saor ó astaíochtaí. Beidh sé tábhachtach, dá réir sin, an bonneagar luchtaithe riachtanach a leathadh amach sna háiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine, ina n-oibríonn siad agus ina ndéanann siad a ngníomhaíochtaí laethúla, agus a áirithiú freisin go mbeidh an bonneagar luchtaithe sin áisiúil dóibh.

4.3.

Tacaíonn CESE leis na spriocanna atá á moladh i ndáil le laghdú 55 % ar astaíochtaí CO2 i gcás gluaisteáin paisinéirí nua (i gcomparáid le sprioc 2021) maidir le flít iomlán an Aontais ó 2030 ar aghaidh. Tugann CESE le fios, i bhfianaise na dtimthriallta sonracha táirgeachta agus forbartha i dtionscal na ngluaisteán, gur mithid na cinntí riachtanacha a ghlacadh sa tionscal chun an sprioc sin a bhaint amach.

4.4.

Cé go dtacaíonn CESE go ginearálta freisin leis an sprioc chun laghdú 50 % a dhéanamh ar astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma, tarraingíonn sé aird ar thimthriall sonrach táirgeachta agus forbartha na bhfeithiclí sin agus ar an ngnáthúsáid a bhaintear astu. Is cúis bhuartha do CESE go mbeidh sé deacair na spriocanna maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach mura bhfuil an bonneagar luchtaithe a bheidh ag teastáil chun tacú leis an aistriú ar fáil agus go bhféadfadh critéir bhreise a bheith ag teastáil chuige sin.

4.5.

Tá CESE á iarraidh arís go ndéanfaí athbhreithniú meántéarma ar an rialachán reatha (a bhí sceidealaithe do 2024) ina gcuimseofar staid na himeartha maidir le cáilíochtaí agus (ath)oiliúint foirne, chomh maith le hanailís atá cothrom le dáta ar na réimsí ina mbeidh gníomhaíochtaí (breise) ag teastáil chun scileanna agus cáilíochtaí fostaithe in earnáil na ngluaisteán a fheabhsú a thuilleadh ar mhaithe leis an aistriú struchtúrtha (26). Athdhearbhaíonn CESE gur cheart na gnéithe sin a áireamh sna forálacha rialachais agus faireacháin atá beartaithe, nithe nach mór a bheith bunaithe ar thástálacha astaíochtaí fíorthiomána.

4.6.

Caithfidh gur ar neodracht na teicneolaíochta a bhunófar an t-athbhreithniú ar an rialachán maidir le caighdeáin CO2, ach á chur san áireamh nach ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh á tairiscint faoi na roghanna uile. Cé gur léir gurb é an leictriú an phríomhrogha maidir le dícharbónú an iompair de bhóthar, b’fhéidir nárbh é an rogha b’ábhartha é i gcás iompar lasta nó iompar fadaistir. Faoi mar a cuireadh i bhfáth sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach A Clean Planet for all [Pláinéad Glan do Chách] in 2018, caithfear lear suntasach teicneolaíochtaí a mheas agus caithfidh gur ar neodracht na teicneolaíochta a bhunófar cur chuige an Aontais. Beidh ról ag ceallraí, hidrigin, bithbhreoslaí ardfhorbartha, bithmheatán agus leachtaí leictreonacha i ndícharbónú an chórais iompair. Tacaíonn CESE leis an bprionsabal “neodracht na teicneolaíochta” agus cuireann sé i bhfáth a riachtanaí atá sé na gléasraí cumhachta uile a chomhlíonann caighdeáin CO2 agus caighdeáin astaíochtaí i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a choinneáil i meascán na modhanna iompair.

4.7.

I gcomhréir le tuairim a d’eisigh sé roimhe seo (27), tugann CESE dá aire go gcaithfear an cur chuige i leith “sceithphíopaí” a roghnaíodh sa dréachtrialachán a chomhlánú le hionstraimí beartais eile, d’ainneoin na mbuntáistí ar fad lena mbaineann. Caithfear cur chuige saolré a áirithiú leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” agus a ráthú nach n-aistreofar astaíochtaí chuig céim níos luaithe sa slabhra luacha de bharr leictriú an iompair de bhóthar. Le Córas Trádála Astaíochtaí AE agus leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, ní mór a áirithiú go ndéanfar leictriú an iompair de bhóthar agus dícharbónú an táirgthe leictreachais ar an trádán céanna.

4.8.

Léiríonn an glacadh reatha sa mhargadh go bhféadfadh teicneolaíocht hibrideach phlugluchtaithe feidhmiú mar thúsphointe agus mar idirtheicneolaíocht a chuideodh le spriocanna aeráide na hearnála iompair a bhaint amach. Ní mór a áirithiú, áfach, gur sa mhodh leictreach amháin, den chuid is mó, a úsáidtear feithiclí hibrideacha agus go luchtaítear go minic iad. Chun cur i gcoinne an phlé ar lipéadú míthreorach PHEVanna, plé atá ag dul i méid, ba cheart bearta a ghlacadh go tapa chun borradh a chur faoin líon “turais leictreacha” a dhéantar, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

Ba cheart raon leictreach PHEVanna a dhearadh chun gnáthiompar úsáideoirí a chumhdach. Ba cheart raon thart ar 80 go 100 km i ndálaí iarbhír úsáide agus acmhainn luchtaithe 11 kW a bheith mar sprioc do na cineálacha gluaisteán uile.

Seirbhísí digiteacha agus straitéisí faisnéise agus oibrithe cliste a chomhtháthú san fheithicil chun tacú le tiománaithe agus gluaisteáin leictreacha á n-úsáid acu.

Sonraí faoi threalamh ar bord chun ídiú breosla a thomhas (OBFCM) a bheith ar fáil trí chomhéadan OBD (diagnóisic ar bord) II (arna sainiú go haonfhoirmeach) a bheidh i gcomhréir le cosaint sonraí arna déanamh ag na seirbhísí teicniúla.

Dreasuithe náisiúnta a chur chun feidhme chun ceallraí a úsáid (scéimeanna praghsála carbóin atá cóir ar bhonn sóisialta agus deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais indíreacha i leith breoslaí iontaise amhail cártaí breosla saor ó cháin d’fhostaithe agus gluaisteán cuideachta in úsáid acu).

4.9.

D’fhéadfadh ról faoi leith a bheith ag breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin, maille le ríomhbhreoslaí, i ndícharbónú an iompair de bhóthar, go háirithe sa fhlít reatha agus i gcodanna ar deacair iad a leictrealú agus ní mór cuimhneamh air go mbeidh gá leis na breoslaí sin mar thosaíocht chun codanna den chóras iompair ar deacair leictriú a dhéanamh orthu a dhícharbónú, amhail an eitlíocht agus an muiriompar. Ina theannta sin, ní mór a áirithiú le reachtaíocht an Aontais go gcuirfear caighdeáin láidre i bhfeidhm i leith na hinbhuanaitheachta. Ar an gcéad dul síos, ní mór a áirithiú le measúnú saolré go mbeidh an lorg carbóin i gcomhréir leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ar an dara dul síos, caithfidh úsáid na mbreoslaí malartacha sin, fiú más úsáid theoranta í, a bheith i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus, dá réir sin, deireadh a chur le húsáid bithbhreoslaí ó bhia, agus le bithbhreoslaí pailmbhunaithe agus soighbhunaithe.

4.10.

Tá CESE ar son an mhaolaithe a bhaint i gcás monaróirí ísealtáirgeachta a chláraíonn níos lú ná 10 000 gluaisteán, nó níos lú ná 22 000 veain, sa bhliain ó 2030 ar aghaidh. Níl sé inghlactha go mbeadh margadh nideoige ginearálta ann d’fheithiclí nach mbeadh faoi réir spriocanna astaíochtaí. Ní fhoráiltear sa togra, áfach, do ghluaisteáin sainchuspóireacha ar deacair iad a leictriú.

An Bhruiséil, 19 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 158.

(2)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 52.

(3)  Tuairim ó CESE – Straitéis an Aontais um an tsoghluaisteacht agus slabhraí luacha tionsclaíocha an Aontais: cur chuige éiceachórais in earnáil na ngluaisteán (tuairim féintionscnaimh), pointe 1.3, (IO C 105, 4.3.2022, lch. 26).

(4)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 52, pointe 1.6 agus pointe 4.13.

(5)  COM(2019) 640 final.

(6)  COM(2018) 773 final.

(7)  COM(2020) 562 final.

(8)  Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 10-11 Nollaig 2020, EUCO 22/20 CO EUR 17 CONCL 8.

(9)  COM/2020/562 final.

(10)  COM(2020) 789 final.

(11)  COM(2021) 400 final, féach freisin sa chomhthéacs sin Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1) agus Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(12)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(13)  IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(14)  IO C 364, 28.10.2020, lch. 143.

(15)  https://unfccc.int/documents/275968

(16)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82). https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/indicators/transport-emissions-of-greenhouse-gases-7/assessment

(17)  https://www.eea.europa.eu/highlights/average-car-emissions-kept-increasing

(18)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 158.

(19)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 52.

(20)  Figiúirí ACEA do 2021 https://www.acea.auto/files/ACEA_Pocket_Guide_2021-2022.pdf.

(21)  An tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, an Iorua, an Íoslainn: https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/indicators/proportion-of-vehicle-fleet-meeting-5/assessment; 0,4 % ar BEVanna iad agus 0,8 % ar hibridí iad; Figiúirí ACEA do 2021.

(22)  https://www.acea.auto/fuel-pc/fuel-types-of-new-cars-battery-electric-9-8-hybrid-20-7-and-petrol-39-5-market-share-in-q3-2021/

(23)  Féach institiúid Fraunhofer, ELAB 2.0 study.

(24)  Tuairim ó CESE – Straitéis an Aontais um an tsoghluaisteacht agus slabhraí luacha tionsclaíocha an Aontais: cur chuige éiceachórais in earnáil na ngluaisteán (tuairim féintionscnaimh), pointe 1.3 (IO C 105, 4.3.2022, lch. 26).

(25)  https://www.beuc.eu/publications/beuc-x-2021-039_electric_cars_calculating_the_total_cost_of_ownership_for_consumers.pdf

(26)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 52, pointe 1.6 agus pointe 4.13.

(27)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 52.


Top