Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020XR1392

    Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tosaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún do 2020-2025 – Eoraip atá níos cóngaraí dá saoránaigh trína sráidbhailte, cathracha agus réigiúin

    COR 2020/01392

    IO C 324, 1.10.2020, p. 8–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.10.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    8


    Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tosaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún do 2020-2025 – Eoraip atá níos cóngaraí dá saoránaigh trína sráidbhailte, cathracha agus réigiúin

    Is éard atá i gCoiste Eorpach na Réigiún (CnaR) tionól polaitiúil atá leagtha síos i gConarthaí an Aontais a chuireann ionadaíocht institiúideach ar fáil do na limistéir chríochacha, na réigiúin, na cathracha agus na bardais go léir.

    Má tá Aontas Eorpach ann a thugann aird ar riachtanais agus ar ábhair imní áitiúla agus réigiúnacha, déantar dlisteanacht dhaonlathach a mhéadú, úinéireacht a fheabhsú agus breisluach níos fearr a bhaint amach i dtaca le beartais an Aontais agus le héifeachtacht na mbeartas sin ar an láthair. Ar an gcaoi sin, téann an méid sin chun sochair do na saoránaigh. Chuige sin, oibríonn Coiste Eorpach na Réigiún i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh, mar aon leis na Ballstáit ag na leibhéil éagsúla rialtais. I bhfianaise staid reatha an Aontais, is gá an comhar sin a neartú go leanúnach agus páirt níos mó a bheith ag réigiúin, cathracha agus bardais i bhforbairt bheartais agus reachtaíocht an Aontais.

    Ón ngéarchéim go dtí an téarnamh: i dtreo Aontas Eorpach atá athléimneach, inbhuanaithe agus comhtháite

    Le blianta beaga anuas tá dúshláin roimh an Aontas Eorpach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo: is é sin géarchéim airgeadais mhór, cúluithe eacnamaíocha tromchúiseacha, dúshláin shóisialta agus chríochacha, na haistrithe glasa agus digiteacha, éagobhsaíocht i gcomharsanacht an Aontais agus ar an leibhéal domhanda agus an imirce. De dheasca phaindéim COVID-19, tá dúshlán breise á chur ar dhlúthpháirtíocht an Aontais agus tá aird tarraingthe ar chumas an Aontais dul i ngleic le héigeandálaí a chuireann brú mór ar sheirbhísí sláinte, sóisialta agus poiblí. Tá sé léirithe ag an ngéarchéim is déanaí seo, ní hamháin gur gá freagairt chomhordaithe a ghlacadh, a bhfuil buiséad AE i bhfad níos láidre ina thaca léi, ach gur gá freisin tacaíocht bhreise a thabhairt don aon mhilliún údarás áitiúil agus réigiúnach atá ag obair sa líne tosaigh chun na saoránaigh agus geilleagair áitiúla a chosaint agus chun freagairt d’éigeandálaí (1).

    Ní mór don Aontas a bheith níos athléimní ó thaobh cúrsaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha ina réigiúin agus ina chathracha go léir. Agus infheistíocht Eorpach atá maoinithe mar is ceart ina taca leis, ní mór don Aontas a áirithiú go bhfreastalaíonn a bheartais agus a chláir ar riachtanais na bpobal áitiúil. Is iad na cathracha agus na réigiúin a thiomáineann geilleagar na hEorpa. Tá ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach bunriachtanach i gceapadh agus cur chun feidhme bheartais an Aontais. Is ar an gcúis sin nach mór don Aontas páirt níos fearr agus níos láidre a thabhairt do na cathracha, na bailte agus na réigiúin i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais trí phróiseas rialtais il-leibhéil atá praiticiúil agus dea-eagraithe. Ní mór don Eoraip dlús a chur leis an digiteáil agus borradh a chur faoin gcumas nuálaíochta i gcomhar leis na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais. Chun téarnamh níos tapa agus níos cothroime a áirithiú, tá gá le dlúthpháirtíocht, freagracht agus comhpháirtíochtaí níos fearr san Eoraip bunaithe ar thiomantas an Aontais d’fhás glas, inbhuanaithe atá cothrom ó thaobh críche de a bhaint amach, a thacaíonn le gach réigiún agus le gach cathair.

    Dá bhrí sin, díreoidh Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) ar na tosaíochtaí seo a leanas – a mbeidh príomhbhearta ag gabháil leo – le linn a dhá théarma oifige cúig bliana (2020-2025):

    An Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh: daonlathas an Aontais a neartú agus ag comhoibriú le chéile ar son thodhchaí ár nAontais

    Is é an misean atá ag CnaR an Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh agus an daonlathas Eorpach a neartú ar gach leibhéal d’fhonn freastal ar riachtanais na saoránach ar bhealach níos éifeachtúla agus iontaoibh na saoránach san Aontas agus sna hinstitiúidí Eorpacha a chothú an athuair. Oibreoidh CnaR chun a áirithiú go bhfaighidh na réigiúin, na cathracha, na bailte agus na sráidbhailte go léir tacaíocht ón Aontas agus aghaidh á tabhairt acu ar iarmhairtí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha phaindéim COVID-19. Leanfaidh CnaR de fheabhas a chur ar cháilíocht reachtaíocht an Aontais agus tionchar críochach na reachtaíochta a thuar ar bhealach níos fearr agus prionsabal na coimhdeachta gníomhaí a chur chun cinn. Chun an misean sin a chur i gcrích, bainfidh CnaR leas as an obair reachtach, bheartais agus pholaitiúil atá á déanamh ag a chomhaltaí agus ag a gheallsealbhóirí. Sa bhreis air sin, forbróidh CnaR feachtas cumarsáide a bheidh dírithe ar an ról bunúsach atá ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha i ndáil le daonlathas na hEorpa agus, mar chuid de sin, déanfar ullmhúchán don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus rannchuideofar léi. Cuirfear Baraiméadar Bliantúil ar an Leibhéal Áitiúil agus Réigiúnach ar bun a bheidh bunaithe ar fhianaise staidrimh fhónta agus ar chur chuige cuimsitheach a mbeidh a chomhaltaí agus a gheallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach ann agus a mbeidh díospóireacht iomlánach pholaitiúil ardleibhéil ina cuid de. Beidh an Baraiméadar sin ina phointe tagartha bliantúil agus cuirfidh sé leis an gcuspóir sin ar an gcaoi sin.

    Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh CnaR tús áite do na príomhbhearta seo a leanas:

    1.

    Feasacht agus gníomhaíochtaí a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i dtaca le bunluachanna an Aontais – is iad sin meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine – ar gá iad a chosaint agus a urramú fiú i dtráthanna éigeandála. Tá CnaR meáite ar na freagairtí iomchuí áitiúla agus réigiúnacha ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas a shainaithint agus ar theagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh trína chomhaltaí d’fhonn an bhearna idir institiúidí an Aontais agus pobail áitiúla a dhúnadh;

    2.

    A éileamh a athdhearbhú go mbeidh páirt iomlán aige agus go ndéanfaí ionadaíocht chothrom air i ngach comhlacht den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Mar is amhlaidh le géarchéimeanna eacnamaíocha agus aeráide, léirigh an phaindéim gur gá níos mó ná riamh machnamh domhain a dhéanamh ar dhaonlathas agus ar bheartais Eorpacha agus gur deis thábhachtach a bheidh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun plé a dhéanamh leis na saoránaigh agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an Aontas mar thionscadal agus, chomh maith leis sin, chun moladh a dhéanamh roimh na chéad toghcháin eile do Parlaimint na hEorpa maidir le bealach nua oibre don Aontas, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí d’fhonn cathracha agus réigiúin a dhéanamh rannpháirteach sa phróiseas ceaptha beartas;

    3.

    A iarraidh ar Bhallstáit an Aontais agus a institiúidí na gealltanais a aontaíodh i nDearbhú Bheirlín 2007 agus i nDearbhú na Róimhe 2017 a chosaint, a fhorbairt agus a neartú, eadhon trína aithint gur cheart tascanna agus an comhar a roinnt ar gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, chun an tAontas Eorpach a dhéanamh níos éifeachtaí, níos aontaithe, níos daonlathaí agus níos athléimní. Ba cheart téacs deiridh an tseasaimh chomhpháirtigh maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a ghlacadh i spiorad an chomhair institiúidigh;

    4.

    Samhail a fhorbairt le haghaidh idirphlé buan agus struchtúrtha leis na saoránaigh trí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha faoi scáth na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus ina dhiaidh sin, rud a d'fhágfadh go mbeadh próiseas dhá threo cumarsáide ann idir na saoránaigh agus na hinstitiúidí Eorpacha. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh an taithí fhairsing atá ag CnaR agus na dea-chleachtais atá ann cheana i ndáil le daonlathas an mhachnaimh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus an iliomad líonraí de chomhairleoirí tofa áitiúla agus réigiúnacha, d'fhéadfadh siad a bheith ina mórbhuntáiste agus díospóireacht á déanamh ar Thodhchaí na hEorpa;

    5.

    Tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun an leas is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí nua teicneolaíochta agus uirlisí faisnéise agus cumarsáide. Tá acmhainneacht shuntasach ag teicneolaíochtaí digiteacha a bheith ina réitigh nuálacha ar dhúshláin eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíoch ár linne. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú, an chumarsáid idir daoine a éascú agus rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú ar bhealaí nua éagsúla, cur le trédhearcacht, cuimsitheacht, cuntasacht agus freagrúlacht an phróisis cinnteoireachta, rialachas áitiúil a fheabhsú agus an daonlathas a chomhlánú agus a threisiú. Is é sin an fáth nach mór feabhas suntasach a chur ar athléimneacht agus neamhspleáchas na gcóras digiteach agus sholáthraithe na gcóras sin.

    6.

    An éagsúlacht a chur chun cinn, tríd an gcuimsitheacht agus bearta comhionannais a chur chun cinn agus tríd an idirdhealú bunaithe ar inscne (2), ar bhunadh ciníoch agus eitneach (3), ar reiligiún, ar mhíchumas, ar aois (4) agus idirdhealú bunaithe ar aon fhoras sa chinnteoireacht ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta áitiúil agus réigiúnach a chosc agus a chomhrac, bíodh sin laistigh de CoR nó lasmuigh de;

    7.

    Páirt ghníomhach a ghlacadh san fheachtas feasachta agus cumarsáide, ar feachtas é a théann i ngleic le steiréitíopaí inscne a sheolfaidh an Coimisiún Eorpach agus a bheidh ina ardán d’eintiteas áitiúla agus réigiúnacha trínar féidir leo dea-chleachtais a mhalartú ar an ábhar sin;

    8.

    Tacú le mionlaigh san Eoraip agus iad a neartú, go háirithe tríd an tionscnamh “Minority SafePack”;

    9.

    A bheith mar phointe tagartha do gach údarás réigiúnach agus áitiúil san Eoraip, lena n-áirítear lasmuigh de chomhaltas CnaR, trí fhéiniúlacht pholaitiúil agus caidreamh CnaR a neartú agus, chomh maith leis sin, tríd an gcomhar leis na príomhfhinní polaitiúla, leis na rialtais náisiúnta, le hionadaithe tofa ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, le comhlachais Eorpacha agus náisiúnta d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus le hoifigí réigiúnacha sa Bhruiséil a neartú;

    10.

    Tacú leis an daonlathas ionadaíoch trí idirghníomhaíocht níos láidre a chothú le parlaimintí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus trí dhea-chleachtais a mhalartú maidir le huirlisí a chuireann borradh faoin daonlathas ionadaíoch agus rannpháirtíoch, lena n-áirítear buiséid rannpháirtíochta. Is réamhriachtanais iad an smacht reachta, an daonlathas agus an dea-rialachas chun maoiniú ón Aontas a fháil;

    11.

    Leas a bhaint as anailísí atá fianaise-bhunaithe chun faireachán a dhéanamh ar dhílárú inniúlachtaí áitiúla agus réigiúnacha agus airgeadais fo-náisiúnta agus an méid sin a chur chun cinn, mar aon le feidhmiú an daonlathais áitiúil san Aontas;

    12.

    Uirlisí digiteacha a chruthú chun inniúlachtaí beartais agus airgeadais a leagan amach, trí leas a bhaint as sineirgí leis na huirlisí atá in úsáid cheana ag eagraíochtaí an Aontais agus ag eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta;

    13.

    Tacú leis an obair thábhachtach atá á déanamh ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i líne thosaigh phaindéim COVID-19 agus i ndail leis na géarchéimeanna eacnamaíocha agus sóisialta agus an obair sin a chur chun cinn. Tá an phaindéim á léiriú a thábhachtaí atá sé, ar thaobh amháin, prionsabal na coimhdeachta gníomhaí a chur i bhfeidhm i gceart, mar aon leis an ról bunriachtanach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus an gá atá le comhordú agus le tacaíocht ar an leibhéal Eorpach ar an taobh eile;

    14.

    Grinnscrúdú a dhéanamh ar thionscnaimh bheartais an Aontais chun a áirithiú go ndéanfar gné chríochach a ionchorprú iontu agus go gcomhlíonfaidh siad ceanglas an Aontas maidir le breisluach, i gcomhréir leis na moltaí ón “Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus Níos lú a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla” agus leis na “Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr”;

    15.

    Ualaí riaracháin agus costais chur chun feidhme a laghdú do na réigiúin agus do na cathracha trí bhéim a chur ar an reachtaíocht a shimpliú agus trína mholadh gan rórialáil, mar a thugtar uirthi, a dhéanamh ar bhonn níos ginearálta;

    16.

    Dlús a chur leis an gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle Eorpach, lena n-áirítear trí líonra na Mol Réigiúnach agus tríd an Ardán “Fit for Future” (Ullamh don Todhchaí, d’fhonn éifeachtacht phróiseas ceaptha beartais an Aontais a fheabhsú le haiseolas ó gheallsealbhóirí áitiúla agus réigiúnacha atá fianaise-bhunaithe;

    17.

    Tábhacht an fhéinrialtais áitiúil a chur chun cinn laistigh den Aontas Eorpach, sna tíortha is iarrthóirí, agus sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus i dtíortha Chomharsanacht an Oirthir agus na Meánmhara;

    18.

    Tacú le gníomhaíocht dhomhanda an Aontais trí luachanna agus prionsabail, amhail cearta an duine, an daonlathas, an smacht reachta, an fhorbairt inbhuanaithe agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, i measc nithe eile, agus é sin a dhéanamh i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe i réigiún na Meánmhara agus san Oirthear;

    19.

    Parlaimintí réigiúnacha a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtreoirthionscadal CoR-CALRE chun tús a chur le díospóireachtaí polaitiúla maidir le príomh-shaincheisteanna an Aontais, amhail ullmhú Chláir Oibre Bhliantúla an Choimisiúin Eorpaigh;

    20.

    A áirithiú go dtacóidh an tAontas le rannpháirtíocht éifeachtach na hóige, lena n-áirítear trí chomhar struchtúrtha le Comhordaitheoir Eorpach na hÓige, trí bhearta a threisiú, amhail an Ráthaíocht don Aos Óg, chun deiseanna fostaíochta agus oideachais ar ardcháilíocht a fheabhsú, agus Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí a bhunú;

    21.

    Leanúint den chomhar le Polaiteoirí Tofa Óga faoi chuimsiú chlár CnaR do Polaiteoirí Tofa Óga chun naisc a chruthú do ghlúnta na bpolaiteoirí tofa áitiúla agus réigiúnacha amach anseo le próisis ceaptha beartas Eorpacha agus náisiúnta;

    22.

    Éagsúlacht chultúrtha ár bhféiniúlachtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha a chur chun cinn, mar aon leis na teangacha agus na traidisiúin éagsúla ar a bhfuil oidhreacht chultúrtha na hEorpa bunaithe. A chur i bhfios go láidir go bhfuil earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, a bhfuil ról acu mar fhostóirí sa gheilleagar áitiúil agus i saol sóisialta na bpobal, buailte go dona ag an bpaindéim agus go bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu. Rannchuidiú le Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr, lena n-áirítear infheistíocht sa chultúr a phríomhshruthú i gcistí éagsúla an Aontais, mar aon le sineirgí a neartú idir an cultúr agus beartais eile amhail an turasóireacht, an beartas réigiúnach, an t-oideachas, an óige, an taighde agus an nuálaíocht.

    Tuiscint a fháil ar na claochluithe sochaíocha doimhne a bhaineann leis na dúshláin dhigiteacha, chomhshaoil agus dhéimeagrafacha atá ann agus freagairt a thabhairt orthu chun pobail réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil teacht aniar iontu a thógáil

    Tá na haistrithe reatha aeráide agus digiteacha, na claochluithe déimeagrafacha agus iarmhairtí na sreafaí imirce inmheánacha agus seachtracha ag cur isteach go mór ar gach réigiún, cathair, baile agus sráidbhaile san Eoraip. I ndail leis an dara tosaíocht sin, is é an misean a bheidh ag CnaR réitigh a aithint a ligfidh d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla aghaidh a thabhairt ar na claochluithe sochaíocha sin sna háiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine agus anailís a dhéanamh ar na réitigh sin. De bharr phaindéim COVID-19, is gá machnamh a dhéanamh ar an bhfhreagairt iomchuí ar na dúshláin sin. Tá an Eoraip agus na Ballstáit á léiriú a ullamh atá siad gach a mbeidh le déanamh a dhéanamh chun beatha daoine agus an geilleagar a shábháil. De dheasca na géarchéime seo, tá gá níos mó le dianmhachnamh a dhéanamh ar bheartais, inniúlachtaí agus feidhmiú foriomlán an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tá CnaR ag tnúth leis an díospóireacht thábhachtach ar bheartais uile an Aontais, i ndáil leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, agus tá sé ag tnúth le hathbhreithniú agus measúnú níos ginearálta a dhéanamh orthu, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Chun an misean sin a chur i gcrích, bainfidh CnaR leas as an obair reachtach, bheartais agus pholaitiúil atá á déanamh ag a chomhaltaí agus ag a gheallsealbhóirí. San am céanna, rannchuideoidh sé leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le gnóthú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Comhlánófar é sin le feachtas cumarsáide a mbeidh CnaR i gceannas air. Rannchuideoidh an Baraiméadar Bliantúil ar an Leibhéal Áitiúil agus Réigiúnach leis an tosaíocht sin a bhaint amach.

    Tabharfaidh CnaR tús áite do na príomhbhearta seo a leanas:

    23.

    Plean do ghéarchéim phaindéim COVID-19 a chur chun cinn atá bunaithe ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus ar thionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

    24.

    Rannchuidiú leis na spriocanna laghdaithe carbóin do 2030 a bhaint amach, d’fhonn an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, trí ghníomhaíocht uaillmhianach agus chinntitheach a spreagadh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach tríd an gComhshocrú Aeráide agus trí thionscnaimh ábhartha áitiúla agus réigiúnacha eile maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe;

    25.

    Úsáid straitéisí um speisialtóireacht chliste agus ionstraimí eile a chur chun cinn agus comhpháirtíochtaí Eorpacha agus comhoibriú príobháideach agus poiblí áitiúil á méadú d’fhonn feabhas a chur ar inniúlachtaí gairmiúla agus ar dheiseanna cáilíochta i réimsí, in ionaid oibre agus i dteicneolaíochtaí atá riachtanach chun cur leis an inbhuanaitheacht, breisluach agus athléimneacht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

    26.

    Rannchuidiú le beartas comhshaoil uaillmhianach de chuid an Aontais, lena n-áiritheofar an comhtháthú beartas faoi chuimsiú na gClár Gníomhaíochta uile don Chomhshaol. A áirithiú go dtabharfar aird leordhóthanach ar an ngné áitiúil agus réigiúnach agus na trí phríomhthosaíocht chomhshaoil atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme: is iad sin an bhithéagsúlacht an geilleagar ciorclach agus an tosaíocht maidir le truailliú nialasach. Beartais chomhshaoil agus aeráide a leagan amach atá oiriúnach don chur chun feidhme praiticiúil i ngach cineál pobal;

    27.

    Forbairt an Chomhshocraithe Aeráide a mhúnlú agus tacaíocht a thabhairt dó trí bhearta agus tionscnaimh chomhordaithe agus chothrománacha, lena n-áirítear trí rannchuidithe arna gcinneadh go háitiúil agus trí ghealltanais pholaitiúla ar leibhéal na réigiún agus na gcathracha agus é mar aidhm leis sin go gcuirfear leis an rialachas il-leibhéil, go scaipfear dea-chleachtais go héifeachtach agus nach bhfágfar aon duine ná réigiún ar gcúl;

    28.

    An tionchar a bheidh ag na claochluithe fuinnimh, soghluaisteachta agus digiteacha ar ár bpobal a thuar. Straitéisí a cheapadh agus tacaíocht a thabhairt dá gcur chun feidhme tapa chun a n-éifeachtaí dearfacha a uasmhéadú agus a dtionchair diúltacha áitiúla a laghdú;

    29.

    Tacú le hathléimneacht áitiúil trí dhul in oiriúint don athrú aeráide, agus cur leis an acmhainneacht áitiúil freagairt do tharluithe adhaimsire atá ag tarlú níos minice agus a bhfuil éifeachtaí níos déine ag gabháil leo, go háirithe trí na hacmhainní is gá a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun gur féidir leo tubaistí a bhainistiú tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, agus trí leas a bhaint as Ciste Dlúthpháirtíochta níos láidre an Aontais;

    30.

    Rannchuidiú leis an sprioc maidir le truailliú nialasach agus timpeallacht atá saor ó thocsainí, agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla a ullmhú agus tacaíocht a thabhairt dóibh ionas gur féidir leo spriocanna uaillmhianacha an Aontais don phlean gníomhaíochta maidir leis an truailliú nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach a chur chun feidhme. Rannchuidiú leis an athbhreithniú ar an bpacáiste um shoghluaisteacht uirbeach ar bhonn na gceachtanna a foghlaimíodh ó na Pleananna um Shoghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe agus na húdaráis iompair phoiblí a ullmhú chun freagairt do bhagairtí eisginiúla ar sheirbhísí soghluaisteachta atá sábháilte agus slán a chur ar fáil;

    31.

    A áirithiú go gcuirfear tuairimí agus rannchuidithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach san áireamh go cuí in idirphléití il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh sna Ballstáit agus na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, na straitéisí náisiúnta fadtéarmacha agus na straitéisí náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha á gceapadh, á measúnú agus á gcur chun feidhme;

    32.

    Tacú leis an gCoimisiún Eorpach an “Rabharta Athchóiriúcháin” a mhúnlú agus a chur i gcrích go rathúil agus é a chur i gcroílár na straitéise téarnaimh don tréimhse tar éis na paindéime;

    33.

    Tacú le huaillmhian an Choimisiúin Eorpaigh lipéadú táirgí atá saor ó dhífhoraoisiú a bhunú agus foraoisí a chosaint agus a athbhunú ar fud an domhain;

    34.

    Aghaidh a thabhairt ar an deighilt dhigiteach agus foghlaim dhigiteach níos mó agus digiteáil na seirbhísí poiblí áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn, lena n-áirítear le tacaíocht ó Chlár 2021-2027 don Eoraip Dhigiteach, chun ualaí riaracháin a laghdú agus chun borradh a chur faoi fhás inbhuanaithe gnólachtaí áitiúla agus geilleagar athléimneach, agus chun rannchuidiú le hEoraip níos inbhuanaithe agus níos glaise;

    35.

    Tacú le scileanna digiteacha agus scileanna litearthachta sna meáin a chur ar fáil do chách ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus oibriú chun creat Eorpach a bhunú le haghaidh imlonnú na hintleachta saorga daonlárnaí agus iontaofa;

    36.

    Tacaíocht a iarraidh ón gCoimisiún Eorpach, ó Bhallstáit an Aontais agus ó réigiúin agus cathracha na mBallstát sin chun dlús a chur le nuachóiriú agus digiteáil na gcóras oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh i dtrealamh bonneagair oideachais agus tacaíocht d’fhostaíocht sa gheilleagar áitiúil. Rannchuidiú le hiarrachtaí chun gníomhaíochtaí faoi chlár Erasmus+ agus faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a atosú. Is dhá bhealach thábhachtacha iad an Limistéar Eorpach Oideachais agus an Clár Oibre Nua Scileanna don Eoraip trína bhféadfaí gníomhaíocht a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt agus beidh an Clár Erasmus a bheidh ann amach anseo ina thaca leo;

    37.

    Feabhas a chur ar nascacht leathanbhanda agus imlonnú 5G ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon, agus riachtanais infheistíochta a bheidh ann amach anseo a leagan amach chomh maith;

    38.

    A áirithiú gur féidir le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla rannchuidiú leis an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” a bheidh ann amach anseo agus tairbhe a bhaint aisti; comhairlí bia ar leibhéal áitiúil a thionscnamh, táirgeoirí agus tomhaltóirí bia áitiúil a nascadh, aistí bia folláine a chur chun cinn agus feasacht a ardú maidir le cur amú bia; aghaidh a thabhairt ar riachtanais airgeadais na bhfeirmeacha chun na bearta is gá maidir leis an aeráid, an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chur chun feidhme;

    39.

    Aghaidh a thabhairt ar an dúshlán méadaithe a bhaineann le himirce daoine oilte agus éiceachórais nuálacha réigiúnacha a fheabhsú tríd an gcomhtháthú críochach a neartú, trí gheilleagar na dea-bhaile a chothú agus tríd an taighde agus an nuálaíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thacaíocht ó Fhís Eorpach, ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus ó ionstraimí cistiúcháin náisiúnta éagsúla. Tionscnaimh chríochacha maidir le fadbhreathnaitheacht a sheoladh, mar aon le gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo athléimneacht shóisialta, eacnamaíoch agus sláinte na réigiún agus na gcathracha a threisiú a luaithe is féidir;

    40.

    Cur le Straitéis Eorpach uileghabhálach maidir leis an athrú déimeagrafach a théann i ngleic leis na dúshláin dhéimeagrafacha go léir le freagairt leathan, chomhordaithe, chomhleanúnach ón Aontas, toisc gur saincheist leathan í sin a bhfuil tionchar aici ar bheartais uile an Aontais;

    41.

    A áirithiú go bhfhorbróidh an tAontas beartas imirce atá cuimsitheach, daonnúil agus cóir nach bhfágann na Ballstáit, na réigiúin teorann, na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí leo féin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim imirce, óir is saincheist náisiúnta agus Eorpach í seo; tacú le malartú dea-chleachtas idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le lánpháirtiú imirceach;

    42.

    Ionchur réigiúnach agus áitiúil a chur ar fáil maidir le beartas imirce an Aontais a athchóiriú, lena n-áirítear an lánpháirtiú, nósanna imeachta córa um fhilleadh agus beartais tearmainn a bheidh in ann freagairt go leordhóthanach do threochtaí imirce atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, i gcomhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais, i gcás na ndaoine sin a bhfuil cosaint dhaonnúil de dhíth orthu; teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, imirce neamhrialta a chosc agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac;

    43.

    Cultúr ina n-urramófar an smacht reachta a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach mar réamhchoinníoll le haghaidh phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa agus mar bhunluach de chuid an Aontais atá cumhdaithe sna Conarthaí agus atá i gcoiteann ag traidisiúin bhunreachtúla na mBallstát;

    44.

    Iarraidh ar an Aontas poist a chosaint agus téarnamh a áirithiú atá bunaithe ar chóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos agus ar chearta sóisialta agus dálaí oibre níos fearr do chách, agus aird á tabhairt ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar chórais náisiúnta, lena n-áirítear dóibh siúd atá ag obair i gcineálacha nua fostaíochta, amhail obair ardáin agus an geilleagar poistíneachta, mar aon le hoibrithe sa gheilleagar traidisiúnta, i micreafhiontair agus in earnáil an chultúir. A aithint go ngineann FBManna dhá thrian den fhostaíocht ar fad, a bhfuil an chuid is mó díobh fréamhaithe go docht i bpobail áitiúla agus atá, dá bhrí sin, ina ngné ríthábhachtach de chreatlach sóisialta na hEorpa. Leanann CnaR den Réigiún Fiontraíochta Eorpach (RFE) a chur chun cinn, maille le gníomhaíochtaí uile-Eorpacha eile d’fhonn an fhiontraíocht a fhorbairt agus a mhéadú, go háirithe i measc na hóige;

    45.

    Gníomhú mar éascaitheoir le haghaidh comhar um fhorbairt idir cathracha agus réigiúin agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn d’fhonn ról níos fearr a bhaint amach ó thaobh rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, amhail an choinbhleacht agus an éagobhsaíocht pholaitiúil, an leochaileacht eacnamaíoch, an imirce, agus an t-athrú aeráide;

    46.

    Dea-chleachtais a mhalartú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na dtíortha aontachais agus na dtíortha comhpháirtíochta ó chomharsanacht an Aontais, maille le tíortha an Domhain Theas agus rochtain na n-údarás sin ar thacaíocht spriocdhírithe ón Aontas a éascú.

    A áirithiú, bunaithe ar bhunluachanna an chomháthaithe sóisialta, eacnamaíoch agus críochaigh, go mbeidh an tAontas Eorpach i gcónaí ag freastal ar na saoránaigh agus ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu

    Is é an misean a bheidh ag CnaR a áirithiú go n-urramófar an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach trí bheartais de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil tionchar acu ar dhaoine agus ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu (beartais áit-bhunaithe). Chun an misean sin a chur i gcrích, bainfidh CnaR leas as an obair reachtach, bheartais agus pholaitiúil atá á déanamh ag a chomhaltaí, a chomhpháirtithe agus a gheallsealbhóirí. Leanfaidh sé de bheith ag cur le slógadh na “Comhghuaillíochta um Chomhtháthú”, lena léirítear an breisluach a bhaineann leis an gcomhtháthú mar réimse beartais agus mar bhunluach atá ina bhonn taca le beartais uile an Aontais. Díreoidh sé ar ról na réigiún agus na gcathracha i bplean téarnaimh eacnamaíoch an Aontais. Cuideoidh Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha agus an Baraiméadar Bliantúil ar an Leibhéal Áitiúil agus Réigiúnach leis an misean sin a chur i gcrích.

    Tabharfaidh CnaR tús áite do na príomhbhearta seo a leanas:

    47.

    Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a mholadh mar phríomhuirlis de dhlúthpháirtíocht Eorpach a thagann le huaillmhian an Aontais dul i ngleic lena thosaíochtaí go léir, a chuireann breisluach ar fáil, atá níos trédhearcaí agus níos intuigthe do na saoránaigh agus a áiríonn Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na tosaíochtaí nua a leagtar síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip;

    48.

    Rannchuidiú le treisiú an Bheartais Chomhtháthaithe, rud atá ríthábhachtach ó bunaíodh an tAontas, trí chur chun feidhme cliste Chiste Sóisialta na hEorpa, Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Chiste Chomhtháthaithe, a áiritheoidh go mbeidh tionchar suntasach acu ar gach réigiún san Eoraip;

    49.

    Leanúint de bheartas comhtháthaithe láidir agus éifeachtach an Aontais a chur chun cinn do réigiúin uile an Aontais, rud a bhfuil gá leis ní hamháin chun cuidiú le cathracha agus le réigiúin teacht slán as géarchéim COVID-19, ach freisin chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin eile a bhfuil gné láidir chríochach ag baint leo agus a bhfuil éifeachtaí éagsúla acu ar na réigiúin agus na cathracha éagsúla ar fud na hEorpa agus eatarthu, go háirithe an t-athrú aeráide agus an t-aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, an claochlú digiteach, athruithe déimeagrafacha agus an imirce;

    50.

    Béim a leagan ar an ngá atá le maoiniú leordhóthanach cobhsaí Bheartas Chomhtháthaithe an Aontais agus an Chomhbheartais Talmhaíochta chun gur féidir leo a gcuspóir iomlán a bhaint amach; tacú le geilleagair áitiúla agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha úsáid éifeachtach a bhaint as na hacmhainní atá leithdháilte faoi láthair ar théarnamh gheilleagar na hEorpa;

    51.

    I bhfianaise thionchar críochach neamhshiméadrach ghéarchéim COVID-19 atá tuartha, a iarraidh go gcuirfear cistí réigiúnacha agus áitiúla ar leataobh laistigh den Chiste nua Téarnaimh. A áirithiú nach gcuirfear an ionstraim nua ar bun ar bhealach a d'fhágfadh go mbeadh buiséad an Bheartais Comhtháthaithe thíos leis agus go ndéanfar infheistíochtaí a chomhordú le hidirghabhálacha cistí an Aontais chun éifeachtaí giarála a uasmhéadú agus chun ilroinnt agus lárú a sheachaint;

    52.

    A chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas, i bhfianaise phaindéim COVID-19, an tslándáil sláinte a neartú agus cur lena acmhainní sláinte féin agus a sholáthairtí leighis, lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta. Áirítear leis sin modhanna dlíthiúla a leagan síos chun go mbeifear in ann, más gá, soláthar a dhéanamh go tapa agus go héasca nó tús a chur leis an monarú. Ina theannta sin, ní mór tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a n-acmhainneachtaí freagartha i gcás éigeandálaí agus i gcás tubaistí a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le sláinte phoiblí agus seirbhísí sóisialta a chur ar fáil do na saoránaigh, molfaidh CnaR go ndéanfar gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus go dtacófar le struchtúir ullmhachta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i gcomhair tubaistí chun freagairt do bhagairtí sláinte agus do chásanna géarchéime i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;

    53.

    Athléimneacht na dtimthriallta eacnamaíocha a eagrú trí chóineasú spásúil na slabhraí táirgeachta san Eoraip a neartú;

    54.

    Úsáid straitéisí maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, faoi chruthú post, faoi obair chuibhiúil, agus faoin gcuimsiú sóisialta, i gcomhréir le cuspóirí Chairt athnuaite Leipzig agus an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas Eorpach;

    55.

    Oibriú i dtreo Creat athnuaite Rialachais Eacnamaíoch, lena n-áirítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ag cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim d’fhonn rialacha fioscacha an Aontais a fheabhsú trí bhunriail a thabhairt isteach d’infheistíochtaí inbhuanaithe, lena n-áirítear cómhaoiniú na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta laistigh den chuspóir uileghabhálach maidir le pleanáil airgeadais inbhuanaithe;

    56.

    Faireachán a dhéanamh ar thionchar na paindéime agus ar an drochthionchar a bheidh aige ar an dífhostaíocht fhadtéarmach i ngeilleagair áitiúla agus réigiúnacha uile an Aontais. Béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé athmhachnamh a dhéanamh ar straitéisí tionsclaíochta agus fiontraíochta an Aontais agus díriú ar ghnéithe inbhuanaitheachta an fháis d’fhonn téarnamh tapa a thabhairt i gcrích. Éiceachórais nuálacha, an geilleagar sóisialta agus speisialtóireacht chliste a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt do bheartais tionsclaíochta áit-bhunaithe;

    57.

    Faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chóid Iompair maidir le Comhpháirtíocht lena áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán in ullmhú na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na gclár don tréimhse 2021-2027. Ba cheart prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil a bheith ina gcúis inspioráide do rialachas an tSeimeastair Eorpaigh freisin;

    58.

    A iarraidh go mbeadh rochtain dhíreach ag cathracha agus ag réigiúin ar mhaoiniú ón Aontas chun gur féidir leo an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme agus a áirithiú go mbeadh údaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach in ullmhú na bpleananna um aistriú cóir agus i gcur chun feidhme an Chiste um Aistriú Cóir;

    59.

    A áirithiú gur féidir le réigiúin, cathracha agus daoine aonair tairbhe a bhaint as bearta simpliúcháin Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Tacú leis an gcomhrac i gcoinne míbhainistíocht agus calaois chistí an Aontais agus an méid sin a chosc;

    60.

    Rannchuidiú le feidhmiú an Mhargaidh Aonair a neartú agus a fheabhsú, ní hamháin trí bhacainní ar na ceithre shaoirse ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a shainaithint agus trí shimpliú riaracháin a spreagadh, ach freisin trína áitiú go bhfuil ról bunriachtanach ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú rialacha an Mhargaidh Aonair. Béim a leagan, i ndáil leis an méid sin, ar na héifeachtaí suntasacha atá ag an tsaorghluaiseacht ar an Margadh Aonair agus foláireamh a thabhairt maidir le haon ilroinnt bhreise an Mhargaidh Aonair;

    61.

    An Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú a leathnú chun geallsealbhóirí ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a shlógadh i dtaca le cur chun cinn an Bheartais Comhtháthaithe agus aird a tharraingt ar an mbreisluach atá ag an Aontas do gach saoránach den Aontas agus do phrionsabail dhaonlathacha, trí fhaireachán a dhéanamh ar thionchar infheistíochtaí atá á maoiniú ag an Aontas agus an tionchar sin a chur in iúl;

    62.

    Faireachán a dhéanamh ar an gCreat Státchabhrach Sealadach agus ar bhearta eile den chineál céanna ina dhiaidh sin ionas gur féidir tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil chun poist a shábháil in earnálacha agus i réigiúin atá buailte go dona ag an bpaindéim. A chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go mbeadh sé d’aidhm ag rialacha níos solúbtha maidir le Státchabhair “suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas” agus go mbeidh an chúis sin bailí i bhfad tar éis Nollaig 2020, dáta éaga an Chreata Shealadaigh; a iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a bheith ullamh chun síneadh a chur leis an gCreat Sealadach nó solúbthachtaí comhchosúla a cheadú chun cuidiú le hearnálacha agus le réigiúin atá buailte ag an ngéarchéim teacht slán aisti;

    63.

    Tacú le bailiú agus scaipeadh faisnéise a bhaineann le solúbthacht na nósanna imeachta soláthair phoiblí, ós rud é, sna cúinsí reatha, go bhfágann na nósanna imeachta sin gur féidir le húdaráis chonarthacha úsáid a bhaint as an nós imeachta idirbheartaithe le ceanglais nós imeachta laghdaithe;

    64.

    Tacú le Clár Oibre an Aontais um Cheantair Thuaithe chun an dídhaonrú a leigheas agus chun a sheachaint go mbeadh na réigiúin sin i mbaol na bochtaineachta agus chun a áirithiú go nglacfaí cur chuige cothrom agus cuimsitheach i dtaca le forbairt chríochach Eorpach;

    65.

    Obair leantach ghníomhach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí CnaR maidir le “Sráidbhailte Cliste” agus an coincheap a chur chun cinn i measc na n-institiúidí Eorpacha; tionscnaimh um nuálaíocht agus um nuachóiriú do cheantair thuaithe a chur chun cinn agus straitéis a ghlacadh maidir le soghluaisteacht chliste inbhuanaithe faoin gclár do chinn scríbe turasóireachta cliste;

    66.

    A áitiú, i gcás géarchéime inar cheart teorainneacha a dhúnadh go sealadach nó faireachán níos dlúithe a dhéanamh orthu, gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le rialacha agus nósanna imeachta comhchoiteanna ceangailteacha chun saorghluaiseacht an Aontais a ráthú; a thabhairt faoi deara go bhfuil ardluach le limistéir trasteorann eacnamaíocha agus sóisialta don Aontas;

    67.

    A chur i bhfáth gur léirigh gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha seiftiúlacht den chéad scoth le linn ghéarchéim COVID-19 in ainneoin an iliomad teorainneacha a dúnadh agus na srianta nach bhfacthas riamh cheana. Tháinig siad ar réitigh chun leanúint den chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta, rud a léirigh fíor-dhlúthpháirtíocht idir saoránaigh na hEorpa. Is meabhrú í an ghéarchéim seo gurb í an Eoraip gan teorainneacha ar cheann de na príomhéachtaí a baineadh amach le lánpháirtiú na hEorpa, rud nach mór a chosaint. Ba cheart go mbeadh sé ina thosaíocht bhuan ag an Aontas Eorpach agus ag na hinstitiúidí Eorpacha leanúint de bheith rannpháirteach i dtionscadail idir daoine agus i dtionscadail trasteorann ar mhionscála, ar tionscadail iad a chruthaíonn creat na líonraí trasteorann agus na dtionscadal ar mhórscála trí iontaoibh fhrithpháirteach a chothú idir na daoine atá rannpháirteach iontu;

    68.

    Seasamh leis an tábhacht a bhaineann leis na hacmhainní buiséid riachtanacha don Chomhar Críochach Eorpach agus iad a áirithiú, ar léiríodh go bhfuil an comhar sin fíor-riachtanach do roinnt mhaith údaráis réigiúnacha chun saineolas agus dea-chleachtas maidir le príomhdhúshláin a mhalartú, ach freisin chun naisc dhaonna a bhunú idir údaráis réigiúnacha thar theorainneacha;

    69.

    Infheistíocht phoiblí a spreagadh in oileáin agus i réigiúin ar bheagán daonra agus sna réigiúin is forimeallaí trí na rialacha maidir le Státchabhair a oiriúnú a thuilleadh, tríd an gcómhaoiniú Eorpach a mhéadú faoin mBeartas Comhtháthaithe agus trí chomhar críochach a fhorbairt le triú tíortha;

    70.

    Tabhairt cothrom le dáta chóras bainistíochta foriomlán an Bheartais Comhtháthaithe a chur chun cinn, go háirithe trí nósanna imeachta riaracháin a shimpliú ar gach leibhéal rialachais;

    71.

    Cur chun feidhme críochach iomlán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a éileamh, maille le cur chun feidhme an coincheapa “Eoraip Láidir Shóisialta d’Aistrithe Córa”;

    72.

    Tacú le cruthú ghné réigiúnach Scórchlár Sóisialta na hEorpa arna dhéanamh ag an gCoimisiún, agus é sin a dhéanamh i dlúthchomhar leis na Ballstáit;

    73.

    Éiceachórais nuálacha réigiúnacha a dhéanamh níos athléimní i gcoinne éifeachtaí díobhálacha éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo tríd an Limistéar Eorpach Taighde a chur i gcrích do shaorghluaiseacht na dtaighdeoirí, an eolais eolaíoch agus na teicneolaíochta, trí shineirgí idir Fís Eorpach agus cláir chistiúcháin de chuid an Aontais a chur chun cinn agus trí leanúint den obair rathúil atá á déanamh ag an Ardán um Malartú Faisnéise agus ag an tionscnamh idirinstitiúideach “An Eolaíocht sna Réigiúin”.

    74.

    Rannchuidiú leis an athbhreithniú ar Rialachán TEN-T agus ar an maoiniú a ghabhann leis agus béim a leagan ar an ngá atá ann na naisc easnamhacha i mbonneagar iompair trasteorann a chur i bhfeidhm chun cathracha agus réigiúin uile an Aontais i limistéir lárnacha agus imeallacha a nascadh, lena n-áirítear na Réigiúin is Forimeallaí;

    Bainfidh Coiste Eorpach na Réigiún leas as na hacmhainní go léir agus an tionchar polaitiúil atá aige chun an Eoraip a neartú. Trí chearta bunúsacha a chuid saoránach a chosaint agus trína áirithiú go mbeidh beartais agus infheistíochtaí an Aontais éifeachtúil agus éifeachtach, déanfaidh an Coiste iarracht an tAontas a athrú ó bhonn chun go mbeidh sé níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos athléimní ionas go gcomhlíonfaidh sé ionchais na saoránach.

    An Bhruiséil, an 2 Iúil 2020.

    Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

    Apostolos TZITZIKOSTAS


    (1)  Dearbhú ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar ghníomhaithe sa fhreagairt Eorpach ar ghéarchéim COVID-19 (Níl leagan GA ann, teideal aistrithe).

    (2)  Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lgh. 37-43).

    (3)  Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lgh. 22-26).

    (4)  COM(2008) 426: Proposal for a directive on the application of the principle of equal treatment between persons [Togra le haghaidh Treoir maidir le prionsabal na córa comhionainne idir daoine a chur i bhfeidhm].


    Top