Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020SC0544

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

    SWD/2020/544 final

    An Bhruiséil,9.12.2020

    SWD(2020) 544 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    a ghabhann leis an doiciméad

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

    {COM(2020) 796 final} - {SEC(2020) 545 final} - {SWD(2020) 543 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair ar thogra chun sainordú Europol a neartú (athbhreithniú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2016/794).

    A. An gá atá le beart

    Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    Tá tírdhreach slándála a bhíonn ag síorathrú os comhair na hEorpa, tráth atá bagairtí slándála ag forbairt agus ag éirí níos casta. Baineann coirpigh leas as na buntáistí is toradh ar an gclaochlú digiteach agus ar na teicneolaíochtaí nua , lena n‑áirítear idirnascacht agus doiléire na dteorainneacha idir an domhan fisiceach agus an domhan digiteach. Cuireann géarchéim COVID‑19 leis sin, toisc gur thapaigh coirpigh deiseanna go tapa chun an ghéarchéim a shaothrú trí mhodhanna oibríochta a oiriúnú nó gníomhaíochtaí nua coiriúla a fhorbairt. Scaipeann na bagairtí sin thar theorainneacha, agus baineann siad le héagsúlacht coireanna a éascaíonn siad . Toisc nach leor gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta amháin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thrasnáisiúnta slándála sin, tá údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát tar éis úsáid níos mó a bhaint as an tacaíocht agus as an saineolas a thairgeann Europol, gníomhaireacht an Aontais um chomhar i bhforfheidhmiú an dlí, chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Athraítear leis an timpeallacht bagartha nuaí an tacaíocht ó Europol a theastaíonn ó na Ballstáit agus a bhfuil súil acu léi chun na saoránaigh a choinneáil slán, ar bhealach nach raibh coinne leis nuair a rinne na comhreachtóirí idirbheartaíocht ar shainordú reatha Europol a cuireadh i bhfeidhm in 2016 (Rialachán Europol (AE) 2016/794).

    trí shaincheist lárnacha ann go háirithe, agus baineann siad uile le bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn, agus na hathruithe iarmhartacha a thagann mar gheall orthu ar riachtanais oibríochtúla na mBallstát chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na bagairtí sin:

    1)easpa comhar éifeachtach idir páirtithe príobháideacha agus údaráis forfheidhmithe dlí chun an mhí-úsáid a bhaineann coirpigh as seirbhísí trasteorann a chomhrac;

    2)dúshlán na mórshonraí d’údaráis forfheidhmithe dlí;

    3)bearnaí sa nuálaíocht agus sa taighde atá ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí.

    Is fadhbanna móra iad mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu ar an tslándáil, agus mar a léirítear le glaonna láidre ó na comhreachtóirí ar ghníomhaíocht. Ardaíonn siad roghanna tábhachtacha beartais lena n‑éilítear measúnú mionsonraithe ar na cúiseanna atá le fadhbanna, na cuspóirí gaolmhara, na roghanna beartais atá ar fáil agus an tionchar a bheadh acu.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    Mar fhreagairt ar riachtanais phráinneacha oibríochtúla, agus glaonna ó na comhreachtóirí ar thacaíocht níos láidre ó Europol, fógraíodh le Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2020 tionscnamh reachtach chun “sainordú Europol a neartú chun comhar oibríochtúil póilíní a threisiú”. Is príomhghníomhaíocht é sin de Straitéis Aontais Slándála an Aontais, mí Iúil 2020. I gcomhréir le glao na dTreoirlínte Polaitiúla chun “gach iarracht a dhéanamh chun saoránaigh a chosaint”, táthar ag súil go dtreiseofar Europol leis an tionscnamh chun cabhrú leis na Ballstáit saoránaigh a choimeád slán.

    Ag freagairt do na trí fhadhb mhóra a sainaithníodh, féachann an tionscnamh leis na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

    1)Cuspóir I: Comhar éifeachtach idir páirtithe príobháideacha agus údaráis forfheidhmithe dlí a chumasú chun an mhí-úsáid a bhaineann coirpigh as seirbhísí trasteorann a chomhrac.

    2)Cuspóir II: Forfheidhmiú an dlí a chumasú chun tacair mhóra chasta sonraí a anailísiú d’fhonn naisc trasteorann a bhrath, i gcomhréir iomlán leis na Cearta Bunúsacha.

    3)Cuspóir III: A chur ar a gcumas do na Ballstáit teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú.

    Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

    Is de chineál trasnáisiúnta iad an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Dá bhrí sin, ní féidir le gníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta amháin iad a chomhrac go héifeachtach. Sin an fáth ar roghnaigh na Ballstáit oibriú le chéile faoi chuimsiú an Aontais chun dul i ngleic leis na bagairtí a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Ina theannta sin, éilíonn bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn, agus a spreagtar leis an mbealach a mbaineann coirpigh leas as na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú digiteach agus le teicneolaíochtaí nua, tacaíocht éifeachtach ar leibhéal an Aontais d’obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí freisin. Déantar foráil le gníomhaíocht an Aontais do bhealach éifeachtach éifeachtúil chun méadú a chur ar an tacaíocht a thugtar do na Ballstáit chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac d’fhonn coinneáil suas leis na bagairtí sin atá ag teacht chun cinn.

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

    Breithníodh roinnt roghanna reachtacha agus neamhreachtacha beartais. Tar éis réamhroghnú a dhéanamh mar ar cuireadh roinnt roghanna as an áireamh, rinneadh measúnú go mion ar na roghanna beartais seo a leanas:

    I.Roghanna beartais lena dtugtar aghaidh ar chuspóir I: comhar éifeachtach idir páirtithe príobháideacha agus údaráis forfheidhmithe dlí

    ·rogha beartais 1: cead a thabhairt do Europol sonraí a fhaightear go díreach ó pháirtithe príobháideacha a phróiseáil

    ·rogha beartais 2: cead a thabhairt do Europol sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha chun dlínse a bhunú

    ·rogha beartais 3: cead a thabhairt do Europol bunachair sonraí arna mbainistiú ag páirtithe príobháideacha a cheadú go díreach

    II.Roghanna beartais lena dtugtar aghaidh ar chuspóir II: tacair mhóra chasta sonraí a anailísiú d’fhonn naisc trasteorann a bhrath

    ·rogha beartais 4: a chur ar a chumas do Europol anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí

    ·rogha beartais 5: catagóir nua ábhar sonraí a thabhairt isteach (daoine nach mbaineann le coir) ar féidir le Europol a sonraí a phróiseáil

    III.Roghanna beartais lena dtugtar aghaidh ar chuspóir III: teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú

    ·rogha beartais 6: tacaíocht Europol do chlár taighde slándála an Aontais, an tsaotharlann nuálaíochta ag Europol, agus tacaíocht Europol do mhol nuálaíochta an Aontais a rialáil

    ·rogha beartais 7: a chur ar a chumas do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche nuálaíochta i réimsí atá ábhartha dá thacaíocht d’fhorfheidhmiú an dlí

    Tar éis measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar thionchar na roghanna beartais go léir, is éard atá sa phacáiste de roghanna beartais tosaíochta rogha beartais 2, rogha beartais 4 agus rogha beartais 7.

    Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

    Tríd is tríd, tacaíonn páirtithe leasmhara le sainordú dlíthiúil Europol a neartú chun tacú leis na Ballstáit coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Thacaigh na Ballstáit leis na roghanna beartais tosaíochta go sainráite i bhfóraim éagsúla na Comhairle agus i nDearbhú Airí Gnóthaí Baile an Aontais i mí Dheireadh Fómhair 2020 (‘Deich bpointe maidir le Todhchaí Europol’) freisin. Ag an am céanna, tuigeann na Ballstáit an tábhacht a bhaineann leis an gceannasacht náisiúnta i réimse an fhorfheidhmithe dlí ó thaobh oibríochtaí agus nósanna imeachta de. Thacaigh Parlaimint na hEorpa le ról láidir do Europol, agus í ag meabhrú i Rún ó Pharlaimint na hEorpa i mí Iúil 2020 “gur cheart go mbeadh dlúthbhaint idir sainordú neartaithe agus grinnscrúdú leormhaith parlaiminteach”. Meastar go n‑éileoidh Parlaimint na hEorpa bonn cirt mionsonraithe maidir lena riachtanaí atá aon chumais nua próiseála sonraí a bheadh ag Europol, chomh maith le bearta láidre coimirce maidir le cosaint sonraí. Go deimhin, léiríodh sna díospóireachtaí leis na páirtithe leasmhara go léir an tábhacht a bhaineann le bearta iomchuí coimirce a sholáthar chun Cearta Bunúsacha a áirithiú, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint go háirithe.

    C. Tionchar na rogha tosaíochta

    Cé na tairbhí a bhaineann leis na roghanna tosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)? 

    D’fhreagrófaí go héifeachtach leis an bpacáiste de roghanna beartais tosaíochta (rogha beartais 2, rogha beartais 4 agus rogha beartais 7) do na fadhbanna a sainaithníodh agus thabharfaí uirlisí láidre agus cumais do Europol chun an tacaíocht a thugann sé do na Ballstáit a mhéadú chun bagairtí atá ag teacht chun cinn a chomhrac agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán.

    Ó thaobh na sochaí agus an gheilleagair de, is iad na saoránaigh tairbhithe deiridh na roghanna tosaíochta go léir, agus bainfidh siad leas díreach agus indíreach as rátaí níos ísle coireachta, damáistí laghdaithe eacnamaíocha agus níos lú costas a bhaineann le slándáil. Maidir le héifeachtúlacht, is iad na príomhthairbhithe údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí. Ba cheart do na roghanna tosaíochta barainneachtaí suntasacha scála a chruthú ar leibhéal an Aontais, toisc go n‑aistreofar leo tascanna, ar féidir iad a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, ón leibhéal náisiúnta go dtí Europol. Déantar foráil leis na roghanna beartais tosaíochta do réitigh éifeachtacha ar dhúshláin nár mhór aghaidh a thabhairt orthu ar chostais níos airde d’uireasa na roghanna, trí 27 réiteach náisiúnta aonair, nó ar dhúshláin nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta ar chor ar bith toisc gur dúshláin thrasnáisiúnta iad.

    Cad iad costais na roghanna tosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

    Is costais ar leibhéal an Aontais iad den chuid is mó na costais bhreise a bhaineann leis na roghanna beartais tosaíochta, toisc go n‑aistreofar leis na roghanna tascanna, ar féidir iad a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, ón leibhéal náisiúnta go dtí Europol. Ag an bpointe seo, tá sé deacair cuid de na roghanna beartais aonair a chainníochtú go beacht, go háirithe mar gheall ar a chasta a bheadh sé an bonneagar agus na córais TF atá beartaithe a fhorbairt. Meastar go mbeadh gá le buiséad breise de thart ar EUR 120 go 150 milliún agus tuairim agus 150 post breise don tréimhse iomlán CAI lena áirithiú go mbeadh na hacmhainní is gá ag Europol chun a shainordú athbhreithnithe a fhorfheidhmiú. Chomh fada agus a bhaineann costais bhreise leis na roghanna beartais seo ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart go mbeadh buntáistí na seirbhísí breise a sholáthróidh Europol níos mó ná na costais sin. Níltear ag súil leis go mbeidh aon chostais shuntasacha bhreise ar ghnólachtaí. Níl oibleagáidí rialála le haghaidh saoránach/tomhaltóirí sna roghanna tosaíochta, agus mar sin ní chruthaítear costais bhreise do na páirtithe leasmhara sin.

    Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

    Níltear ag súil go mbeidh aon tionchar suntasach ag na roghanna beartais tosaíochta ar ghnólachtaí. Ní dhéanfaidh ach rogha beartais 2 (cead a thabhairt do Europol sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha) difear go díreach do ghnólachtaí. Maidir leis sin, caithfidh gnólachtaí acmhainní breise ar mhalartuithe le Europol, ach déanfar é sin a fhritháireamh le coigilteas suntasach, toisc go gcaithfidh gnólachtaí níos lú acmhainní ar na dlínsí náisiúnta ábhartha a shainaithint iad féin, agus ní bheidh siad chomh neamhchosanta céanna ar rioscaí dliteanais agus iad ag roinnt sonraí le Europol. Chomh maith leis sin, déanfar níos lú damáiste do chlú gnólachtaí ó choirpigh a bhaineann mí-úsáid as a seirbhísí trasteorann.

    An mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

    Níltear ag súil go mbeidh tionchar suntasach ag na roghanna beartais tosaíochta ar bhuiséid náisiúnta ná ar lucht riaracháin. Cé go gcaithfidh na Ballstáit roinnt acmhainní breise ar chomhoibriú le Europol, ba cheart go mbeadh na costais sin níos lú ná an coigilteas a bhaineann le seirbhísí feabhsaithe Europol do na Ballstáit.

    An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

    Déantar foráil leis na roghanna beartais tosaíochta go léir d’fhorais nua dlí chun gur féidir le Europol sonraí pearsanta a phróiseáil. Dá réir sin, tá tionchar ag na roghanna beartais sin ar Chearta Bunúsacha, go háirithe ar na cearta maidir le sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt) agus meas ar an saol príobháideach (Airteagal 7 den Chairt). Chun a áirithiú go gcomhlíontar na Cearta Bunúsacha ina n‑iomláine, déantar foráil sa mheasúnú tionchair do bhreithniú críochnúil ar Chearta Bunúsacha le linn a anailíse, bunaithe ar mheasúnú mionsonraithe ar na roghanna beartais i dtéarmaí a dteorainneacha ar fheidhmiú na gCeart Bunúsach ina ndéantar na nithe seo a leanas:

    ·déantar cur síos ar na roghanna beartais a cuireadh as an áireamh ag céim luath mar gheall ar an drochthionchar tromchúiseach a bheadh acu ar Chearta Bunúsacha;

    ·leagtar amach measúnú céim ar chéim ar riachtanas agus ar chomhréireacht;

    ·tugtar breac-chuntas ar na roghanna beartais a diúltaíodh má tá rogha ar fáil nach bhfuil chomh sáiteach ach atá chomh héifeachtach céanna; agus

    ·déantar foráil freisin do liosta iomlán de bhearta mionsonraithe coimirce maidir leis na roghanna beartais sin nuair is gá teorannú ar fheidhmiú na gCeart Bunúsach, de dheasca nach bhfuil rogha ann nach bhfuil chomh sáiteach ach atá chomh héifeachtach céanna freisin.

    Mar thoradh air sin, tá na roghanna beartais tosaíochta teoranta go docht don mhéid is gá agus atá comhréireach agus cuimsítear na bearta coimirce is gá leo.

    D. Iarobair

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    Is trí na sásraí is infheidhme dá bhforáiltear i Rialachán Europol atá ann cheana, go háirithe Airteagal 68 de Rialachán Europol (gach 5 bliana) a dhéanfar an faireachán agus an mheastóireacht. Thairis sin, ba cheart go mbeadh foráil ag gabháil leis na roghanna beartais tosaíochta lena n‑éilítear go ndéanfar measúnú ar a dtionchar ar Chearta Bunúsacha 2 bhliain tar éis a gcur i bhfeidhm.

    Top