Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0671

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra i leith aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

    COM/2020/671 final

    An Bhruiséil,30.10.2020

    COM(2020) 671 final

    2020/0303(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra i leith aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.Ábhar an togra

    Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra (‘ISC’) i dtaca le haontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992.

    2.Comhthéacs an togra

    2.1.An Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

    Is é is aidhm don Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 1 (‘an Comhaontú’) go mbeidh comhar idirnáisiúnta feabhsaithe ann maidir le cúrsaí siúcra agus saincheisteanna gaolmhara, go gcuirfear fóram ar fáil le haghaidh comhairliúcháin idir‑rialtasacha maidir le siúcra agus bealaí chun feabhas a chur ar gheilleagar domhanda an tsiúcra, go n‑éascófar trádáil trí fhaisnéis ar mhargadh domhanda an tsiúcra agus milseoirí eile a bhailiú agus a sholáthar agus go spreagfar éileamh méadaithe ar shiúcra, go háirithe ar úsáidí neamhthraidisiúnta.

    Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993.

    Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chomhaontú 2 .

    2.2.An Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra

    Eagraíocht idir‑rialtasach atá lonnaithe i Londain is ea an Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra (‘ISO’), eagraíocht a riarann an Comhaontú agus a dhéanann iarracht na cuspóirí a leagtar síos le hAirteagal 1 den Chomhaontú a chomhlíonadh.

    Déantar iarracht na cuspóirí sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh trí fhaisnéis staidrimh a bhailiú agus a fhoilsiú agus trí staidéir a dhéanamh i leith táirgeadh domhanda, praghsanna, onnmhairí agus allmhairí, tomhaltas agus stoic siúcra.

    Tá 87 gcomhalta san Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra faoi láthair, lena n‑áirítear cuid mhór de na táirgeoirí agus na hallmhaireoirí siúcra is mó ar domhan. Lasmuigh den Aontas, is iad an Bhrasaíl, an India, an Téalainn, an Astráil, Cónaidhm na Rúise, agus Cúba a cuid comhaltaí, agus eile. Is é Srí Lanca, atá ina comhalta ón 6 Lúnasa 2013, an tír dheireanach a chuaigh isteach san Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra. Tá 2,000 vóta san iomlán ag na 87 gcomhalta den Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra.

    Le haghaidh nósanna imeachta buiséadacha (féach Airteagal 25 den Chomhaontú), is é sin, chun ranníocaíochtaí bliantúla airgeadais na gcomhaltaí a shocrú, tá 538 vóta ag an Aontas in 2020 3 . Cinntear an líon vótaí de réir Airteagal 25 agus déantar coigeartú orthu ar bhonn an athraithe a tháinig ar scaireanna na gcomhaltaí i gcomhréir le hiomlán bhoinn tonnáiste ilchodaigh na gcomhaltaí go léir i dtaca leis an mballraíocht céanna an bhliain roimhe sin. Déantar an tonnáiste ilchodach a ríomh mar 35 % d’onnmhairí an chomhalta sin chuig an saormhargadh móide 15 % d’iomlán onnmhairí an chomhalta sin faoi shocruithe speisialta móide 35 % d’allmhairí an chomhalta sin ón saormhargadh móide 15 % d’iomlán allmhairí an chomhalta sin faoi shocruithe speisialta. Tá na sonraí a úsáidtear chun an bonn tonnáiste ilchodaigh a ríomh do gach comhalta maidir leis na catagóirí atá luaite thuas bunaithe ar mheán na catagóire sin le linn na dtrí bliana is airde as na ceithre bliana deiridh a foilsíodh san eagrán is déanaí de bhliainiris na heagraíochta, Bliainiris an tSiúcra.

    Le haghaidh na cinnteoireachta, dáiltear na cearta vótála faoi Airteagal 11 den Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, ina gcuirtear san áireamh athdháileadh vótaí na gcomhaltaí ar cuireadh a gceart vótála ar fionraí mar nár íoc siad a ranníocaíocht leis an mbuiséad riaracháin. Tá 697 vóta ag an Aontas Eorpach, de réir dháileadh na vótaí is déanaí faoi Airteagal 11.

    Ag cruinnithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra déanann an Coimisiún ionadaíocht don Aontas, de bhua Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is féidir leis na Ballstáit freastal ar chruinnithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra, agus ar Sheisiúin na Comhairle go háirithe.

    2.3.An gníomh atá beartaithe ag an  gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra (ISC)

    An 2 Deireadh Fómhair 2020, rinne an Ríocht Aontaithe 4 iarratas foirmiúil ar aontachas leis an gComhaontú. An 9 Deireadh Fómhair 2020, chuir Rúnaíocht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra a cuid comhaltaí ar an eolas faoi iarratas na Ríochta Aontaithe. Rinne an Ríocht Aontaithe iarratas ar bhallraíocht san Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra ón 1 Eanáir 2021 amach, i.e. tar éis dhul in éag na hidirthréimhse tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

    De bhun Airteagal 8 den Chomhaontú, déanann an Comhairle Idirnáisiúnta Siúcra na feidhmeanna ar fad is gá nó déanann sí socrú lena n‑aghaidh chun forálacha an Chomhaontaithe a chomhlíonadh.

    De réir Airteagal 41 den Chomhaontú, is féidir le Rialtas na Stát uile iarratas a dhéanamh ar aontachas ar na coinníollacha sin, faoi mar is iomchuí de réir na Comhairle Idirnáisiúnta Siúcra. Faoi Airteagal 25(4) den Chomhaontú, i gcás aontachas comhalta tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus i gcás nach liostaítear an comhalta aontach sin in Iarscríbhinn an Chomhaontaithe, déanfaidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra cinneadh maidir leis an líon vótaí a leithdháilfear ar an comhaltaí sin. Tar éis don chomhalta aontach glacadh leis an líon vótaí arna leithdháileadh ag an gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra, déanfar líon vótaí na gcomhaltaí eile a ríomh arís ionas go mbeidh an líon iomlán vótaí fós ag 2000. Is é 55 vóta an líon vótaí a leithdháilfí ar an Ríocht Aontaithe, bunaithe ar an dáileachán vótaí atá i bhfeidhm faoi láthair, agus bhainfí an líon sin vótaí de na vótaí a leithdháileadh ar an Aontas Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra. Dá bharr sin, dhéanfaí ranníocaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh a laghdú dá réir le haghaidh na bliana airgeadais 2021.

    Níor dhearnadh aon phlé foirmiúil maidir le hiarratas na Ríochta Aontaithe i gCoiste Riaracháin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra ná i gcruinnithe na Comhairle Idirnáisiúnta Siúcra roimh an bhfógra dar dáta an 9 Deireadh Fómhair 2020 5 a d’fhoilsigh Rúnaíocht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra, a bhaineann le litir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, dar dáta an 2 Deireadh Fómhair 2020. Le linn a 57ú seisiún an 27 Samhain 2020, déanfaidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra na coinníollacha maidir le haontachais Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 41 den Chomhaontú.

    An Comhaontú um Tharraingt Siar

    I gcomhréir le hAirteagal 129(2) maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 6 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), le linn na hidirthréimhse leanfaidh an tAontas d’ionadaíocht a dhéanamh don Ríocht Aontaithe in obair aon chomhlachtaí arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas. Le linn na hidirthréimhse ba cheart don Ríocht Aontaithe staonadh ó aon ghníomhaíocht nó tionscnamh ar dócha go ndéanfadh sé dochar do leas an Aontais. De réir mar a leagtar síos le hAirteagal 129(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, áfach, féadfaidh an Ríocht Aontaithe comhaontuithe idirnáisiúnta, arna ndéanamh ina cáil féin i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, a chaibidliú, a shíniú agus a dhaingniú, ar choinníoll nach dtiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm ná nach mbeidh feidhm acu le linn na hidirthréimhse.

    3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

    Thug an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE 7 ón gComhairle go dtí an 31 Nollaig 1995. Gach uair, cuirtear síneadh dhá bhliain ar a mhéad leis an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagal 45(2) den Chomhaontú. An 19 Iúil 2019, rinne an Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra cinneadh síneadh dhá bhliain a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra go dtí an 31 Nollaig 2021 8 .

    Ba chomhalta gníomhach den Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra é an tAontas riamh agus thacaigh sé le forleathnú na heagraíochta.

    Táirgeoir tábhachtach táirgí talmhaíochta, lena n‑áirítear siúcra arb é an príomhbharra é a chumhdaíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra, is ea an Ríocht Aontaithe. Fad a bhí sí ina comhalta den Aontas bhí trádáil nach beag i siúcra agus táirgí a bhfuil siúcra iontu ag an Ríocht Aontaithe le Ballstáit eile.

    Le linn na hidirthréimhse tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith faoi cheangal ag comhaontuithe idirnáisiúnta an Aontais agus leanfaidh an tAontas d’ionadaíocht a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe san Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra.

    I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Chomhaontú, bíonn ranníocaíochtaí bliantúla airgeadais na gcomhaltaí dlite ar an gcéad lá den bhliain airgeadais, agus bíonn ranníocaíochtaí na gcomhaltaí le haghaidh na bliana ina nglacann siad ballraíocht san Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra dlite ar an dáta a mbaineann siad ballraíocht amach. Dá bhrí sin, íocann an tAontas a ranníocaíochtaí bliantúla leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra ag tús mhí Eanáir, ranníocaíochtaí le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann ina hiomláine agus a mhaireann ó mhí Eanáir go dtí mí na Nollag. Íocadh ranníocaíocht an Aontais le haghaidh 2020 as buiséad an Aontais le haghaidh 2020, buiséad lena ndéanann an Ríocht Aontaithe ranníocaíocht freisin. Dá bhrí sin, maidir leis an mbliain iomlán airgeadais 2020, cumhdófar an Ríocht Aontaithe freisin le ranníocaíocht an Aontais leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra. De thairbhe aontachas na Ríochta Aontaithe an 1 Eanáir 2021, ní chumhdófar an Ríocht Aontaithe a thuilleadh le ranníocaíocht an Aontais leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra le haghaidh na bliana airgeadais 2021.

    Is é is aidhm don togra seo seasamh an Aontais san Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra a leagan síos maidir le haontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú ón 1 Eanáir 2021 amach. Ós rud é go bhfuil an nós imeachta aontachais de bhun fhorálacha an Chomhaontaithe faoi réir cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra leagfar síos seasamh an Aontais ar bhonn Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    4.Bunús dlí

    4.1.Bunús dlí nós imeachta

    4.1.1.Na Prionsabail

    In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

    Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist.

    4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Beidh forleathnú ar bhallraíocht an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 ina éifeacht ag an ngníomh atá beartaithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra. Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh atá beartaithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra óir leagfar síos coinníollacha an aontachais sin leis, go háirithe toisc go ndéanfaidh sé difear don chothromaíocht cinnteoireachta laistigh den Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra, ina ndéantar cinntí agus moltaí, i bprionsabal, de chomhthoil. I gcás nach bhfuil comhthoil ann, déantar cinntí agus moltaí trí vóta tromlaigh shimplí, ach amháin má fhoráiltear maidir le vóta speisialta sa Chomhaontú 9 , cinntí agus moltaí atá ina gceangal ar a cuid comhaltaí, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 13 den Chomhaontú. Déanfar difear do ranníocaíochtaí airgeadais ar leith na gcomhaltaí freisin leis an bhforleathnú ar bhallraíocht an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra, 1992. Ní mór mar sin seasamh an Aontais a leagan síos.

    Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

    4.2.Bunús dlí substainteach

    4.2.1.Na Prionsabail

    An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) de CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm theagmhasach nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) de CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

    4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Is le trádáil i dtáirgí talmhaíochta a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.

    Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de CFAE an bunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe.

    4.3.Conclúid

    Ba cheart an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de CFAE, a bheith ina bunús dlí maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

    2020/0303 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra i leith aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Rinne an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 92/580/CEE 10 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993. Tugadh an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana i dtús báire.

    (2)De bhun Airteagal (45)2 den Chomhaontú, is féidir leis an gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar dhá bhliain gach uair. Ó tugadh an Comhaontú i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhse bhreise dhá bhliain. Cuireadh an síneadh deireanach leis an gComhaontú le cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra an 10 Iúil 2019 11 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021.

    (3)De bhun Airteagal 41 den Chomhaontú, is féidir le Rialtas na Stát uile iarratas a dhéanamh ar aontachas i gcomhréir leis na coinníollacha a leag an Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra síos.

    (4)An 2 Deireadh Fómhair 2020, rinne an Ríocht Aontaithe iarratas foirmiúil ar aontachas leis an gComhaontú ón 1 Eanáir 2021 amach.

    (5)Le linn a 57ú seisiún atá le bheith ar an 27 Samhain 2020, déanfaidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra na coinníollacha maidir le haontachais Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41 den Chomhaontú.

    (6)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra a leagan síos.

    (7)Táirgeoir mór siúcra is ea an Ríocht Aontaithe. Is chun leas an Aontais é go ndéanfar aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú a fhormheas faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo.

    (8)Ba cheart an líon vótaí a leithdháilfear ar an Ríocht Aontaithe a bhaint den líon vótaí a leithdháilfear ar an Aontas ó dháta aontachais na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú sin. Dá bharr sin, ba cheart ranníocaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh a laghdú dá réir ón mbliain airgeadais 2021 amach.

    (9)Níor cheart aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú a theacht i bhfeidhm go dtí go mbeidh deireadh tagtha leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus níor cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach i leith na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na tréimhse sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 57ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra an 27 Samhain, aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (‘an Comhaontú’) a fhormheas faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i míreanna 2, 3 agus 4.

    2.Ní thiocfaidh an taontachas i bhfeidhm agus ní chuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach i leith na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

    3.Ó dháta an aontachais leis an gComhaontú, leithdháilfear líon vótaí ar an Ríocht Aontaithe a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú agus a leagfar síos le linn an 57ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra an 27 Samhain 2020, agus bainfear an líon sin vótaí de na vótaí a leithdháilfear ar an Aontas Eorpach.

    4.Laghdófar ranníocaíocht airgeadais an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú.

    Airteagal 2

    Tá an Cinneadh seo dírithe ar an gCoimisiún.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS

    Fin Stat/20/PSHMK/pl/62220293413793

    Agri.ddg3.g.4(2020) 6175239

    6.22.2020

    DÁTA: 13/10/2020

    1.

    CEANNTEIDEAL BUISÉID:

    Caibidil 15 20 TIONSCADAIL PHÍOLÓTACHA, GNÍOMHAÍOCHTAÍ ULLMHÚCHÁIN, SAINCHUMAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE

    15 20 03 06 Eagraíochtaí agus Comhaontuithe Idirnáisiúnta    

    LEITHREASUITHE:

    B2021:EUR 605 027

    2.

    TEIDEAL:
    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra i dtaobh aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

    3.

    BUNÚS DLÍ Is é Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo.

    4.

    AIDHMEANNA:

    Aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 a fhormheas.

    5.

    IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS

    TRÉIMHSE 12 MHÍ

    (EUR)

    AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA 2020

    (EUR)

    AN BHLIAIN AIRGEADAIS INA DHIAIDH SIN 2021

    (EUR)

    5.0

    CAITEACHAS

    -    ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN AONTAIS
    (AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA)

    -    ÚDARÁIS NÁISIÚNTA

    -    EILE

    - 42 937-

    5.1

    IONCAM

    -    ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS EORPAIGH (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM)

    -    NÁISIÚNTA

    5.0.1

    CAITEACHAS MEASTA

    5.1.1

    IONCAM MEASTA

    5.2

    MODH RÍOMHA: 55 vóta níos lú le haghaidh an Aontais, 686 GBP/vóta

    6.0

    AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?

    Neamhbhainteach

    6.1

    AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?

    N.A.

    6.2

    AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH?

    NÍ BHEIDH

    6.3

    AN mBEIDH GÁ LE LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO?

    NÍ BHEIDH

    Ó bhuiséad 2021 ar aghaidh beidh tionchar dearfach ag an gcinneadh ar bhuiséad an Aontais. Táthar ag súil leis go mbeidh EUR 42 937 níos lú i ranníocaíocht an Aontais, toisc go n‑íocfaidh an Ríocht Aontaithe a táillí ballraíochta féin. Is féidir éagsúlacht a bheith sa mhéid, ag brath ar an méid is gá a íoc in GBP in aghaidh an vóta agus ar ráta malairte EUR/GBP. Le haghaidh an mheastacháin sin, úsáideadh ráta malairte GBP/EUR an Bhainc Ceannais Eorpaigh (GBP 1 =EUR 1.1380).

    (1)    Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 16).
    (2)    Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).
    (3)    Feidhmíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra ar bhonn na bliana airgeadais, bliain a mhaireann ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.
    (4)    Trí bhíthin litir ón bhFo‑Státrúnaí Parlaiminte don Roinn Bia, Comhshaoil, agus Gnóthaí Tuaithe, Victoria Prentis.
    (5)    Meabhrán (20)68.
    (6)    An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
    (7)    IO L 379, 23.12.1992, lch. 15.
    (8)    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra i dtaobh síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 - COM(2019) 286 final - a d’fhormheas an Chomhairle ag an gcruinniú um Ghnóthaí Ginearálta a bhí aici an 25 Meán Fómhair 2017.
    (9)    Sainítear le hAirteagal 2(4) den Chomhaontú an vóta speisialta mar vóta a dteastaíonn dhá thrian ar a laghad de na vótaí a chaithfidh na comhaltaí a bheidh i láthair agus i mbun vótála, ach ar choinníoll go gcaithfidh dhá thrian ar a laghad den líon comhaltaí a bheidh i láthair agus i mbun vótála na vótaí sin.
    (10)    Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).
    (11)    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra i dtaobh síneadh a thabhairt don Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 - COM(2019) 286 final - a d’fhormheas an Chomhairle ag an gcruinniú um Ghnóthaí Ginearálta a bhí aici an 25 Meán Fómhair 2019.
    Top