Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0594

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte

    COM/2020/594 final

    An Bhruiséil,24.9.2020

    COM(2020) 594 final

    2020/0267(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2020) 308 final} - {SWD(2020) 201 final} - {SWD(2020) 202 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Tá an togra seo ina chuid de phacáiste beart chun cur le cumas an airgeadais dhigitigh i dtéarmaí nuálaíochta agus iomaíochta agus chun tacú leis agus na rioscaí a mhaolú ag an am céanna. Tá sé i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin maidir le hEoraip a oiriúnú don aois dhigiteach agus le geilleagar a fhorbairt le haghaidh na todhchaí a fhóireann do dhaoine. Áirítear leis an bpacáiste don airgeadas digiteach Straitéis nua d’airgeadas digiteach le haghaidh earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh 1 arb é is aidhm di a áirithiú go gcuirfidh an tAontas Eorpach fáilte iomlán roimh an réabhlóid dhigiteach agus go gcuirfidh sé chun cinn í le cuideachtaí nuálacha Eorpacha chun tosaigh, buntáistí an airgeadais dhigitigh á gcur ar fáil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí Eorpacha. Sa bhreis ar an togra sin, áirítear ar an bpacáiste togra le haghaidh rialachán chun margaí criptea-shócmhainní a thógáil 2 , togra le haghaidh athléimneacht dhigiteach oibríochtúil 3 , agus togra chun soiléiriú nó leasú a dhéanamh ar rialacha ábhartha áirithe seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh 4 .

    Ar cheann de réimsí tosaíochta na straitéise, ní mór a áirithiú go bhfuil creat rialála seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh dírithe ar an nuálaíocht agus nach gcuireann siad bac ar chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí nua. Sa togra seo, in éineacht leis an togra le haghaidh córas nua do chriptea-shócmhainní, ar na chéad ghníomhaíochtaí nithiúla sa réimse seo, é ag féachaint le go mbeidh leibhéil iomchuí chosanta ann do thomhaltórí agus d’infheisteoirí, deimhneacht dhlíthiúil do chriptea-shóchmhainní, agus go gcuirfear ar chumas cuideachtaí núálacha leas a bhaint as blocshlabhra, teicneolaíocht mórleabhar dáilte (‘DLT’) agus criptea-shócmhainní agus go n‑áiritheofar cobhsaocht airgeadais.

    Tá criptea-shócmhainní ar cheann amháin de mhórfheidhmeanna na teicneolaíochta blocshlabhra san airgeadas. Ó foilsíodh plean gníomhaíochta FinTech an Choimisiúin 5 , i mí an Mhárta 2018, tá an Coimisiún ag scrúdú na ndeiseanna agus na ndúshlán a thagann chun cinn le criptea-shócmhainní. I bplean gníomhaíochta FinTech na bliana 2018, chuir an Coimisiún sainordú ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) measúnú a dhéanamh ar infheidhmeacht creat rialála na seirbhisí airgeadais atá ann cheana agus a oiriúnacht do chriptea-shócmhainní. Sa chomhairle 6 , a eisíodh i mí Eanáir 2019, áitíodh go bhféadfadh roinnt criptea-shócmhainní teacht faoi reachtaíocht an Aontais, ach nach mbíonn sé simplí i gcónaí an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm orthu. Thairis sin, thug an chomhairle dá haire go bhféadfaidh forálacha i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana cur isteach ar úsáid DLT. Ag an am céanna, chuir EBA agus ESMA i dtábhacht – anuas ar reachtaíocht an Aontais lena ndírítear ar sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta – go mbíonn an chuid is mó de chriptea-shocmhainní lasmuigh de raon feidhme reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais agus dá bhrí sin níl siad faoi réir fhorálacha maidir le cosaint an tomhaltóra agus an infheisteora agus sláine an mhargaidh, i measc forálacha eile, cé go n‑eascraíonn na rioscaí seo astu. Thairis sin, rith roinnt Ballstát reachtaíocht maidir le ceisteanna a bhaineann le criptea-shócmhainní a chuireann le hilrionnt na margaí.

    I bhfianaise na bhforbairtí sin agus mar chuid de chlár digiteach fairsing an Choimisiúin, leag an tUachtarán Ursula von der Leyen béim ar an ngá le ‘cur chuige coitinn a bheith ag na Ballstáit maidir le criptea-shócmhainní lena áirithiú go dtuigimid cén chaoi is fearr le tairbhe a bhaint as na deiseanna a chruthaíonn siad agus le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí a fhéadfaidh a bheith ag baint leo’ 7 . Bíodh is gur aithin an Coimisiún agus an Chomhairle gur bhain rioscaí le cripteamhona cobhsaí, dhearbhaigh siad i gcomhpháirt le chéile i mí na Nollag 2019 go bhfuil ‘tiomantas acu creat a chur i bhfeidhm lena mbainfear leas as na deiseanna a fhéadfaidh criptea-shócmhainní a chur ar fáil 8 . Le déanaí, tá Parlaimint na hEorpa ag obair ar thuarascáil ar an airgeadas digiteach, lena leagtar béim ar leith ar chriptea-shócmhainní 9 .

    D’fhonn freagra a thabhairt ar na ceisteanna seo ar fad agus creat Eorpach a chruthú lena gcumasófar margaí criptea-shócmhainní chomh maith le ceadchomharthú sócmhainní airgeadais agus leas níos forleithne DLT i seirbhísí airgeadais, beidh tograí reachtaíochta eile in éineacht leis an togra seo. Tá an Coimisiún ag moladh go ndéanfar soiléiriú ar an sainmhíniú ar ‘ionstraimí airgeadais’ – a shainmhíníonn raon feidhme na Treorach maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II) 10 - go gcuimsíonn ionstraimí airgeadais atá bunaithe ar DLT, 11 agus córas nua le haghaidh criptea-shócmhainní nach gclúdaítear le reachtaíocht maidir le seirbhísí airgeadais chomh maith le ceadchomharthaí ríomh-airgid 12 .

    An togra seo lena gclúdaítear córas píolótach do bhonneagair mhargaí DLT i bhfoirm Rialacháin, tá ceithre chuspóir ghinearálta agus gaolmhara leis. Baineann an chéad chuspóir le deimhneacht dhlíthiúil. Maidir le margaí tánaisteacha criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais a fhorbrófar laistigh den Aontas Eorpach, is gá dúinn a bheith ar an eolas i gcás nach bhfuil an creat oiriúnach don fheidhm a thuilleadh. Baineann an dara cuspóir le tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht. Tá sárú na mbacainní a bhaineann le cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua mar bhonn le straitéis an Choimisiúin don airgeadas digiteach. D’fhonn glacadh na teicneolaíochta agus an nuálaíocht fhreagrach a chur chun cinn, is gá córas píolótach, lena áirithiú go mbíonn bonn fianaise le hathruithe níos forleithne ar reachtaíocht seirbhísí airgeadais atá ann cheana. Baineann an tríú cuspóir le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí agus sláine an mhargaidh a chothú, an ceathrú ceann le cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Cuirfear i bhfeidhm leis an gcóras píolótach coimircí iomchuí, teorainn a chur mar shampla leis na cineálacha ionstraimí airgeadais is féidir a thrádáil. Thairis sin, ní bheidh forálacha atá dírithe go sonrach ar chobhsaíocht airgeadais a áirithiú laistigh de raon feidhme na bhforálacha óna bhféadfadh bonneagar margaidh DLT a dhíolmhú.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra seo ina chuid de chreat fairsing maidir le criptea-shócmhainní agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT), mar in éineacht leis tá tograí lena bhféachtar lena áirithiú nach mbeidh reachtaíocht reatha ina constaic do ghlacadh teicneolaíochtaí nua agus a gcuspóirí á mbaint amach acu chomh maith le córas nua do chriptea-shócmhainní nach gclúdaítear le reachtaíocht seirbhísí airgeadais atá ann cheana agus do cheadchomharthaí ríomhairgid.

    Mar chuid de phlean Gníomhaíochta FinTech a glacadh i mí an Mhárta 2018 13 , rinne an Coimisiún ESAanna a shainordú chun comhairle a chur ar fáil maidir le hinfheidhmeacht agus oiriúnacht an chreata rialála reatha seirbhísí airgeadais an Aontais maidir le criptea-shócmhainní. Cuirtear san áireamh leis an togra seo an chomhairle a fuarthas ó EBA agus ó ESMA 14 . Tá sé i gcomhréir freisin le mórsprioc straitéis an airgeadais dhigitigh a áirithiú go mbeidh an creat Eorpach dírithe ar an núálaíocht.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Mar a luaigh an tUachtarán von der Leyen sna Treoirlínte Polaitiúla a thug sí, 15 agus mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú’, 16 tá sé ríthábhachtach go mbainfeadh an Eoraip leas iomlán as an aois dhigiteach agus go neartódh sí a hacmhainn tionsclaíochta agus nuálaíochta, laistigh de theorainneacha sábháilte eitice.

    Tá an togra i gcomhréir freisin le beartais an Aontais atá dírithe ar Aontas na Margaí Caipitil (AMC) a chruthú. Tugann sé freagra go háirithe ar thuarascáil deiridh an Fhóraim Ardleibhéil, ina gcuirtear i dtábhacht an cumas atá ag criptea-shócmhainní ach nach mbaintear amach agus ina n‑iarrtar ar an gCoimisiún deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus rialacha soiléire d’úsáid criptea-shócmhainní a bhunú 17 . 

    Ar deireadh, tá an togra i gcomhréir go hiomlán leis an moladh i Straitéis an Aontais Slándála maidir le creat rialála do chriptea-shócmhainní a fhorbairt i bhfianaise an mhéadaithe ar thionchar na dteicneolaíochtaí nua sin ar an mbealach ina n‑eisítear, ina malartaítear agus ina roinntear sócmhainní airgeadais 18 .

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, lena dtugtar do na hinstitiúidí Eorpacha an inniúlacht chun forálacha iomchuí a leagadh síos do chomhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar chuspóir acu. Fágtar leis an togra seo go mbeifear in ann tástáil trí mhaoluithe a dhéanamh ar mhaithe le leas a bhaint as DLT i dtrádáil agus in iarthrádáil criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais, i gcás ina gcuireann reachtaíocht reatha cosc nó teorainn lena n‑úsáid.

    Inniu, baintear úsáid theoranta as DLT i seirbhisí airgeadais, go háirithe bonneagair mhargaidh (ionaid trádála nó taisclanna lárnacha urrús). Constaicí rialála agus deimhneacht dhlíthiúil is mó a luaitear ar na príomhchúiseanna le glacadh teoranta a bheith leis an teicneolaíocht seo a d’fhéadfadh athrú ó bhonn a dhéanamh ar bhonneagair mhargaidh. Tá claonadh ag an Aontas cloí le prionsabal na neodrachta teicneolaíochta, ach cruthaítear rialacha go fóill bunaithe ar dhálaí an mhargaidh, agus ní raibh DLT agus criptea-shócmhainní ar intinn againn nuair a ceapadh an reachtaíocht reatha maidir le seirbhísí airgeadais. Fágann sé seo go mbaineann forálacha léi a chuireann teorainn agus uaireanta cosc le húsáid DLT. In éagmais margadh tánaisteach atá bunaithe ar DLT, cuirtear teorainn le gnóthúcháin éifeachtúlachta agus le forbairt inbhuanaithe bunmhargaidh d’ionstraimí airgeadais i bhfoirm criptea-shócmhainní.

    Trí chomhchóras píolótach an Aontais Eorpaigh a thabhairt isteach le haghaidh tástáil a dhéanamh ar bhonneagair mhargaidh DLT, bheadh cuideachtaí laistigh den Aontas in ann leas iomlán a bhaint as cumas an chreata reatha, lena gcuirfear ar chumas maoirseoirí agus reachtóirí constaicí sa rialacháin a shainaithint, agus reachtóirí agus na cuideachtaí iad féin ag foghlaim eolais luachmhair faoi chur i bhfeidhm DLT. D’fhéadfadh sé seo margadh tánaisteach níos iontaofa agus níos sábháilte a éascú le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. Fágtar leis seo go mbeadh cuideachtaí seirbhísí airgeadais an Aontais in ann iomaíochas domhanda a choinneáil ar bun mar go bhfuil dlínsí eile tar éis bearta a chur i bhfeidhm lena mbeifear in ann tástáil a dhéanamh le DLT i seirbhísí airgeadais. Ar deireadh, d’fhágfadh córas píolótach go mbeadh fíorchásanna indéanta agus chuideodh sé le forbairt na taithí agus na fianaise óna bhféadfaí buanchóras rialála an Aontais a spreagadh.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Socraítear na rialacha lena rialaítear seirbhísí airgeadais agus go háirithe bonneagair mhargaidh ar fud an Aontais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh den chuid is mó. Sin é an fáth ar gá aon mhaolú nó díolúine ó fhorálacha ar leith a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

    Sa bhreis air sin, le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, amhail an Rialachán atáthar a mholadh, d’áiritheofaí go mbeadh comhsheasmhacht agus cothromaíocht deiseanna ann trí chumhachtaí a thabhairt do ESMA maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar thurgnaimh agus údaráis inniúla na mBallstát ag cur iarratas measúnaithe ó rannpháirtithe magaidh isteach.

    Ar deireadh, de bharr an chuspóra fhadtéarmaigh chun taithí a fháil le cur i bhfeidhm reachtaíocht seirbhísí airgeadais a bhí ann cheana ar bhonneagair mhargaidh DLT, agus na teorannacha atá leo, is gá sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, déanfaidh ESMA meastóireacht ar na torthaí ar bhonn bliantúil agus déanfaidh ESMA meastóireacht ar an gcóras píolótach i gcomhar leis an gCoimisiún agus cuirfidh sé tuarascáil faoi chuig an gComhairle agus chuig an bParlaimint tar éis tréimhse cúig bliana ar a dhéanaí.

    Comhréireacht

    Faoi phrionsabal na comhréireachta, ní rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Ní rachaidh na rialacha atáthar a mholadh thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an togra a bhaint amach. Ní chlúdóidh sé ach na gnéithe nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach ina n‑aonar agus i gcás ina bhfuil an t‑ualach riaracháin agus na costais i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha agus na cuspóirí ginearálta atá le baint amach.

    Déanfaidh an córas píolótach atáthar a mholadh comhréireacht a áirithiú trí sholúbthacht leordhóthanach a cheadú do mhaoirseoirí lena chinneadh cé na forálacha is gá neamhaird a dhéanamh díobh le haghaidh tástáil do rannpháirtí sa mhargadh, le go mbeadh cásanna tástála éagsúla indéanta. Cuirfidh an córas píolótach ar chumas rialaitheoirí constaicí rialála lenar féidir cur isteach ar fhorbairt bhonneagair mhargadh DLT a bhaint, rud a d’fhéadfadh an t‑aistriú chuig ionstraimí airgeadais céadchomharthaithe agus bonneagair mhargaidh DLT a chumasú, lena gcumasaítear nuálaíocht agus iomaíochas an Aontais go domhanda.

    Meastar ag an bpointe seo go bhfuil cur chuige an chórais phíolótaigh ar an gceann is comhréirí i ndáil leis na cuspóirí mar nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann faoi láthair chun tacú le hathruithe buana níos tábhachtaí agus níos forleithne ar an gcreat seirbhísí airgeadais atá ann cheana mar chuid d’iarracht chun go mbeifear in ann DLT a úsáid. Tugtar eolas freisin faoin méid sin sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra, mar shampla i gcaibidil 6 agus i gcaibidil 7 19 .

    An rogha ionstraime

    Faoi Airteagal 114 CFAE, is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin nó Treorach. Le haghaidh an togra seo, roghnaíodh Rialachán chun aon sraith rialacha is infheidhme láithreach a leagan síos ar fud an Mhargaidh Aonair.

    Leis an Rialachán atáthar a mholadh, bunaítear riachtanais chomhchuibhithe do rannpháirtithe sa mhargadh ar mian leo iarratas a chur isteach ar chead bonneagar margaidh DLT a bhunú. Is gá nach mbeidh na bonneagair mhargaidh DLT sin faoi réir na rialacha náisiúnta sonracha. Dá bhrí sin, tá Rialachán níos iomchuí ná Treoir.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara i rith an phróisis ina ndearnadh an togra seo a ullmhú. Go háirithe:

    i)Chuir an Coimisiún i gcrích comhairliúchán poiblí tiomnaithe oscailte (19 Nollaig 2019 - 19 Márta 2020) 20

    ii)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an bpobal maidir le measúnú ar thionchar tionscanta (19 Nollaig 2019 - 16 Eanáir 2020) 21

    iii)Chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit i Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas (EGBPI) ar dhá ócáid (an 18 Bealtaine 2020 agus an 16 Iúil 2020) 22

    Ba é an cuspóir a bhí leis an gcomhairliúchán poiblí a chur in iúl don Choimisiún faoi fhorbairt creat féideartha AE le haghaidh criptea-shócmhainní. Áiríodh ceisteanna faoi chriptea-shócmhainní nár clúdaíodh le reachtaíocht an Aontais maidir leis na seirbhísí airgeadais, criptea-shócmhainní a clúdaíodh le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais (e.g. criptea-shócmhainní atá incháilithe mar urrúis inaistrithe nó mar ríomh-airgead), saincheisteanna faoi ‘stablecoins’ mar a thugtar orthu, chomh maith le ceisteanna níos ginearálta faoi chur i bhfeidhm DLT i seirbhísí airgeadais.

    Creideann a lán freagróirí go bhféadfadh cur i bhfeidhm DLT i seirbhísí airgeadais cur le gnóthacháin éifeachtúla agus go bhféadfadh sé tionchar a imirt ar bonneagair margaidh airgeadais atá ann cheana. Bhí comhaontú ginearálta ann freisin gur cheart go mbeadh feidhm ag rialacha lena rialaítear ionstraimí airgeadais atá ann cheana, i gcás inarb ionstraimí airgeadais atá sna criptea-shócmhainní. Ar deireadh, aithníodh go forleathan go n‑ardaítear ceisteanna casta dlí agus maoirseachta le cur i bhfeidhm rialacha atá ann cheana ar chriptea-shócmhainní agus ar shamhlacha gnó.

    Léirigh ionadaithe na mBallstát tacaíocht fhoriomlán leis an gcur chuige a roghnaíodh córas píolótach a chruthú chun go mbeifear in ann turgnamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm DLT i seirbhísí airgeadais. Chuir siad i dtreis nár cheart é a bheith róshriantach, ach nach féidir leis ag an am céanna cur le cur hilroinnt ar an margadh nó bonn a bhaint de riachtanais rialála thábhachtacha atá ann cheana.

    Comhtháthaítear leis an togra freisin aiseolas a fuarthas trí chruinnithe le páirtí leasmhara agus údaráis agus institiúidí an aontais.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Agus an togra seo á ullmhú, bhí an Coimisiún ag brath ar fhianaise cáilíochta agus cainníochta a bailíodh ó fhoinsí aitheanta, lena n‑áirítear na tuarascálacha ó EBA agus ó ESMA 23 . Rinneadh comhlánú air seo le hionchur rúnda, agus tuarascálacha ó údaráis mhaoirseachta a bhfuil teacht ag an bpobal orthu, comhlachtaí a shocraíonn caighdeáin idirnáisiúnta agus ceanninstitiúidí taighde, chomh maith le hionchur cainníochta agus cáilíochta ó pháirtithe leasmhara sainaitheanta ó gach taobh d’earnáil an airgeadais go domhanda.

    Measúnú tionchair

    Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo, a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 29 Aibreán 2020 agus a formheasadh an 29 Bealtaine 2020 24 . Molann RSB feabhas a chur ar réimsí áirithe d’fhonn: (i) gurbh fhearr a chuirfí an tionscnamh i gcomhthéacs le hiarrachtaí rialála an Aontais agus go hidirnáisiúnta; (ii) tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an tionscnamh baol na calaoise, an haiceáil agus an drochúsáid margaidh a mhaoladh agus, freisin, míneoidh sé an comhtháthú maidir leis an athbhreithniú atá le déanamh ar reachtaíocht frithsciúradh airgid; agus, (iii) an imní faoi chobhsaíocht airgeadais maidir le ‘cripteamhona cobhsaí a mhíniú níos fearr agus freisin soiléiriú a dhéanamh ar an mbealach a áiritheoidh cuideachtaí maoirseachta cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí. Rinneadh leasú ar an measúnú tionchair dá réir, aghaidh á tabhairt ar na tráchta mionsonraithe a rinne RSB.

    Chuir an Coimisiún san áireamh roinnt roghanna beartais le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais faoin Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II) 25 , agus go sonrach maidir le:

    Rogha 1: Bearta neamhreachtacha chun treoraíocht a chur ar fáil maidir le hinfheidhmeacht chreat an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais do chriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais agus DLT

    Rogha 2: Leasuithe spriocdhírithe ar chreat an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais

    Rogha 3: Córas píolótach – bonneagar margaidh DLT a chruthú

    D’fhéadfadh Rogha 1 soiléireacht a sholáthar maidir le cén uair a d’fhéadfadh criptea-shócmhainní cáiliú mar ionstraimí airgeadais faoi MiFID II. D’fhéadfadh treoir tacú leis an mbunmhargadh (e.g. trí tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir leis an mbealach a fhéadfadh feidhm a bheith ag an rialachán réamheolairí seo maidir leis an gcineál seo eisiúintí), agus go pointe áirithe leis an margadh tánaisteach (trína shonrú cén bealach a bhféadfadh ardán trádála feidhmiú faoin gcreat rialála MiFID II/MiFIR 26 ) chomh maith le forbairt bhonneagair iarthrádála d’ionstraimí airgeadais i bhfoirm criptea-shócmhainní. Mar sin féin, d’fhéadfadh tionchar teoranta a bheith ag bearta neamhreachtacha faoi Rogha 1 freisin. Dar ndóigh, ní bhíonn bearta dlí boig ceangailteach agus d’fhéadfadh Ballstát amháin nó údaráis inniúil náisiúnta (NCA) cinneadh ar gan an treoir a chur i bhfeidhm. An treoir lena meastar gur ‘ionstraimí airgeadais’ iad criptea-shócmhainní faoi MiFID II, d’fhéadfadh tionchar teoranta a bheith léi de dheasca na n‑éagsúlachtaí i dtrasuí choincheap ‘ionstraimí airgeadais’ i reachtaíochtaí náisiúnta.

    D’fhéadfadh Rogha 2 leibhéal ard deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh agus NCAanna maidir le cén chaoi a mbeidh feidhm ag reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais i gcás seirbhísí a bhaineann le hionstraimí airgeadais a eisiúint, a thrádáil agus a shocrú i bhfoirm criptea-shócmhainní agus DLT a úsáid. I bprionsabal, d’fhéadfadh leasuithe spriocdhírithe i réimsí dea-shainithe (e.g. an Rialachán Réamheolairí 27 , Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús 28 agus Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta 29 ) a bheith éifeachtach le húsáid DLT a chur ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh. Mar sin féin, d’fhéadfadh tionchar teoranta a bheith leis na leasuithe spriocdhírithe sin iontu féin maidir le tacaíocht a thabhairt do ghlacadh ionstraimí airgeadais i bhfoirm criptea-shócmhainní agus DLT san earnáil airgeadais. Faoi Rogha 2, bheadh líon na leasuithe ar reachtaíocht atá ann cheana measartha teoranta. Ós rud é nach bhfuil DLT agus ionstraimí airgeadais i bhfoirm criptea-shócmhainní i bhfad ar an bhfód, is deacair a aithint cad iad na constaicí rialála a d’éileodh gníomhaíocht reachtach láithreach.

    Ar deireadh, d’fhéadfadh Rogha 3 deis a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta agus do ghníomhairí margaidh úsáid DLT a thástáil ar scála níos mó, trí sheirbhísí trádála agus seirbhísí socraíochta a thairiscint ag an am céanna. Le DLT, beifear in ann socraíocht fíor-ama a dhéanamh, nach mór, rud a fhágfaidh go mbeidh laghdú ar riosca contrapháirtí i rith an phróisis socraíochta. D’fhéadfadh cineál dáilte DLT maolú a dhéanamh ar roinnt de na cibear-rioscaí a mhaolú, rioscaí a thagann chun cinn le bonneagair mhargaidh láraithe, mar atá an pointe mainneachtana aonair. Le húsáid DLT, d’fhéadfaí costais a mhaolú trí chaipiteal a chur ar fáil agus laghdú á dhéanamh ar an ngá a bhaineann le comhthaobhacht bhreactha agus trí phróisis uathoibrithe (de bharr úsáid a bhaint as conarthaí cliste), rud a d’fhéadfadh roinnt próiseas cúloifige a shimpliú (e.g. comhréiteach).

    Measadh na trí rogha a bheith comhleanúnach leis an reachtaíocht a bhí ann cheana agus le cuspóirí an Choimisiúin maidir le geilleagar digiteach agus an tráth céanna, níor measadh iad a bheith comheisiach ar a chéile agus féachtar orthu mar ghnéithe comhlántacha i gcur chuige céimseach rialála ag tosú le córas píolótach.

    Cearta bunúsacha

    Tá an tAontas tiomanta d’ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach agus tá raon leathan coinbhinsiún maidir le cearta an duine sínithe aige. Sa chomhthéacs sin, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta seo, a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá mar dhlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Tá impleachtaí ag gabháil leis an togra ó thaobh costas agus ualach riaracháin do NCAanna agus ESMAanna. Beidh méid agus dáileachán na gcostas sin ag brath ar na ceanglais bheachta a chuirfear ar bhonneagair mhargaidh DLT agus ar na cúraimí maoirseachta agus faireacháin a bhaineann leo.

    Idir €150 000 agus €250 000 sa bhliain do gach bonneagar margaidh DLT a bhíonn ar na costais mhaoirseachta measta do gach Ballstát (lena n‑áirítear foireann, traenáil, bonneagar IT). Mar sin féin, leis na costais mhaoirseachta a ghearrfadh NCAanna ar bhonneagair mhargaidh DLT dhéanfaí frithchúiteamh i bpáirt air seo.

    Maidir le ESMA, is é €150 000-300 000 san iomlán an costas measta a mheastar a bheidh ann i dtaca le hathbhreithniú agus comhordú, ní do gach bonneagar margaidh DLT, mar nach ndéanfar aon mhaoirseacht dhíreach orthu. Is é buiséad oibriúcháin ESMA a chlúdóidh na costais sin, buiséad a mhéadófar. Ina theannta sin, meastar go gcoinneoidh ESMA clár ar bun de bhonneagair mhargaidh DLT atá ag feidhmiú, na costais a bhaineann leis sin meastar go gclúdófar iad leis na costais a bhaineann leis an gcláir a choinneáil ar bun mar a luaitear sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní.

    Sonraítear gach impleacht bhuiséadach sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Féachann an togra seo le deimhneacht dhlíthiúil agus le solúbthacht a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh ar mian leo bonneagar margaidh DLT a oibriú trí cheanglais aonfhoirmeacha a bhunú lena n‑oibriú. Chuirfeadh ceadanna arna ndeonú faoin Rialachán seo ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh bonneagar margaidh DLT a oibriú agus a gcuid seirbhísí a sholáthar ar fud na mBallstát uile.

    Sainmhínítear in Airteagal 1 an t‑ábhar agus an raon feidhme. Go háirithe, leis an Rialachán seo bunaítear dálaí oibríochta do bhonneagair mhargaidh DLT, ceadanna le húsáid a bhaint astu, agus maoirseacht agus comhoibriú údarás inniúil agus ESMA. Tá feidhm ag an Rialachán maidir le rannpháirtithe sa mhargadh (gnólachtaí infheistíochta, nó oibreoirí margaidh nó taisclanna lárnacha urrúis, nó CDSanna) arna gceadú i gcomhréir le hAirteagal 7 nó le hAirteagal 8. Leagtar amach le hAirteagal 2 téarmaí agus sainmhínithe, i measc nithe eile: ‘bonneagar margaidh DLT’, ‘saoráid trádála iltaobhach’ nó ‘MTF DLT’, ‘córas socraíochta urrús DLT’ agus ‘urrúis inaistrithe DLT’. Sonraítear in Airteagal 3 na teorannacha i dtéarmaí urrúis inaistrithe DLT ar féidir iad a ligean isteach chun a dtrádáil ar bhonneagair mhargaidh DLT, nó a chun a dtaifeadadh leo. I gcás scaireanna, an caipitliú margaidh nó caipitliú margaidh trialach eisitheoir urrúis DLT inaistrithe, ba cheart é a bheith níos lú ná EUR 200 milliún; i gcás bannaí poiblí seachas bannaí ceannasacha, bannaí faoi chumhdach agus bannaí corparáideacha, is é EUR 500 milliún an uasteorainn. Níor cheart do bhonneagair mhargaidh DLT bhannaí ceannasacha a ligean isteach chun a dtrádála nó iad a thaifeadadh. Sa bhreis air sin, marghadhluach iomlán urrúis inaistrithe DLT arna dtaifeadadh ag CSD lena n‑oibrítear córas socraíochtaí urrúis DLT, nó ag MTF DLT i gcás inar ceadmhach na hurrúis inaistrithe DLT sin a thaifeadadh, ní rachaidh a mhargadhluach iomlán thar EUR 2.5 billiún.

    Le hAirteagal 4, leagtar amach ceanglais le haghaidh MTF DLT, ceanglais is ionann i dtaca le MTF faoi Threoir 2014/65/AE agus sonraítear ann na díolúintí is ceadmhach faoin Rialachán seo. Le hAirteagal 5, leagtar síos ceanglais le haghaidh CSD lena n‑oibrítear córas urrúis socraíochta, ceanglais is ionann agus na ceanglais le haghaidh CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. /909/2014 agus sonraítear ann na díolúintí is ceadmhach faoin Rialachán seo. In Airteagal 4 agus in Airteagal 5, tá liosta teoranta díolúintí is féidir le bonneagair mhargaidh DLT a iarradh agus na dálaí a ghabhann leis na díolúintí sin.

    In Airteagal 6, leagtar síos na ceanglais bhreise is infheidhme maidir le bonneagair mhargaidh DLT chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha nua rioscaí a ardaítear le húsáid DLT. Ní mór do bhonneagair mhargaidh DLT faisnéis shoiléir a sholáthar do gach ball, rannpháirtí, cliant agus infheisteoir maidir leis an mbealach a dhéanann siad a gcúraimí a chomhlíonadh, a seirbhísí agus a ngníomhaíochtaí agus an bealach ina mbíonn siad sin éagsúil le MTF nó CSD traidisiúnta. Ní mór do bhonneagair mhargaidh DLT a áirithiú go mbíonn socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe a bhaineann le húsáid DLT leordhóthanach. I gcás ina mbaineann coimirciú cistí cliant nó urrúis inaistrithe DLT le samhail gnó bhonneagar margaidh DLT, nó an bealach chun teacht orthu, ní mór socruithe leordhóthanacha a bheith acu leis na sócmhainní seo a choimirciú.

    Leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 próiseas an cheada shonraigh chun MTF DLT agus córas socraíochta urrús DLT araon a oibriú agus áirítear orthu sin sonraí faoin bhfaisnéis nach mór a chur faoi bhráid an údaráis inniúil.

    In Airteagal 9, sainítear an comhoibriú idir bonneagar margaidh DLT, údaráis inniúla agus ESMA. Ní mór do bhonneagar margaidh DLT a chur in iúl d’údaráis inniúla agus do ESMA faoin méid seo a leanas, mar shampla: athruithe ábhartha atá beartaithe ar a bplean gnó lena n‑áirítear foirne criticiúla, fianaise ar haiceáil, calaois, nó míchleachtas tromchúiseach, athruithe ábhartha san fhaisnéis san iarratas tosaigh, deacrachtaí teicniúla nó oibríochtúla maidir le gníomhaíochtaí seachadta nó seirbhísí a chlúdaítear faoin gcead agus aon riosca do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais a tháinig chun cinn agus nach raibh coinne leo nuair a tugadh an cead. I gcás ina dtugtar fógra faoin bhfaisnéis, féadfaidh an t‑údarás inniúil iarradh ar bhonneagar margaidh DLT iarratas a dhéanamh ar chead nó díolúine nua, nó tabhairt faoi aon bhearta ceartaitheacha a dhéanamh a mheasann sé a bheith iomchuí. Tá dualgas ar bhonneagar margaidh DLT aon fhaisnéis a iarrtar a sholáthar don údarás inniúil a thug an cead agus do ESMA. Féadfaidh an t‑údarás inniúil, tar éis dul i gcomhairle le ESMA, bearta ceartaitheacha a mholadh do bhonneagar margaidh DLT chun cosaint infheisteoirí, sláine mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Is gá do bhonneagar margaidh DLT mionsonraí a thabhairt ar an mbealach inar freastalaíodh orthu sin. Sa bhreis air sin, déanfaidh bonneagar margaidh DLT tuarascáil a chur i dtoll a chéile agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil agus ESMA lena sonrófar an fhaisnéis uile lena n‑áirítear deacrachtaí féideartha i gcur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Cuirfidh ESMA in iúl do gach údarás inniúil ar bhonn rialta faoi na tuarascálacha thuasluaite arna ndéanamh ag bonneagar margaidh DLT agus díolúintí a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8, déanfaidh sé maoirseacht ar chur i bhfeidhm na ndíolúintí sin agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an mbealach a chuirtear i bhfeidhm iad.

    In Airteagal 10 sonraítear go seolfaidh ESMA tuarascáil mhionsonraithe ar an gcóras nua chuig an gCoimisiún. Ar bhonn mheasúnú ESMA, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i dtoll a chéile lena n‑áirítear anailís chostais agus tairbhe i dtaobh ar cheart an córas nua a choinneáil ar bun mar atá sé nó leasú a dhéanamh air, ar cheart é a leathnú chuig catagóirí nua ionstraimí airgeadais, ar cheart leasuithe spriocdhírithe ar reachtaíocht an Aontais a mheas le húsáid fhorleathan DLT a chumasú agus ar cheart deireadh a chur leis an gcóras nua.

    Léirítear le hAirteagal 11 go gcuirfear an rialachán i bhfeidhm 12 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm.

    2020/0267 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 30 ,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 31

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Is é is aidhm don teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Straitéis Airgeadais Dhigitigh 32 a áirithiú go bhfuil reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais oiriúnach don aois dhigiteach agus go gcuireann sé le geilleagar atá ullamh don todhchaí agus a oibríonn don phobal, lena náirítear trí úsáid teicneolaíochtaí nuálacha a chumasú. Tá leas beartais ag an Aontas glacadh teicneolaíochtaí claochlaitheacha san earnáil airgeadais, amhail blocshlabhra agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte (‘DLT’), a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tá criptea-shócmhainní ar cheann de na príomhbhealaí a gcuirtear DLT chun feidhme le haghaidh airgeadais.

    (2)Ní thagann tromlach na gcriptea-shócmhainní faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais agus is cúis iad le dúshláin, i measc nithe eile, i dtaca le cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais. Dá bhrí sin tá gá le córas tiomnaithe ar leibhéal an Aontais ina leith. Os a choinne sin, tá criptea-shócmhainní eile incháilithe mar ionstraimí airgeadais de réir bhrí Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II) 33 . A mhéid atá criptea-shócmhainn incháilithe mar ionstraim airgeadais faoin Treoir sin, féadfaidh tacar iomlán de rialacha airgeadais de chuid an Aontais, lena náirítear Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Réamheolaire) 34 , Treoir 2013/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir um Thrédhearcacht) 35 , Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle (an Rialachán maidir Drochúsáid Margaidh) 36 , Rialachán (AE) Uimh 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán an Díola Fholaimh) 37 , Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús) 38 agus Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta) 39 a bheith infheidhme maidir lena heisitheoir agus leis na gnólachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí ina leith. Ceadchomharthú ionstraimí airgeadais, mar a thugtar air, is é sin ionstraimí airgeadais a chlaochlú ina gcriptea-shócmhainní chun gur féidir iad a eisiúint, a stóráil agus a aistriú ar mhórleabhar dáilte, táthar ag súil go gcruthóidh sé deiseanna chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht sa limistéar trádála agus iarthrádála ina iomláine.

    (3)Níor ceapadh reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais le haghaidh DLT agus criptea-shócmhainní 40 , agus is ann d’fhorálacha i reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais a d’fhéadfadh cosc a chur ar DLT nó srian a chur léi i ndáil le criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais a eisiúint, a thrádáil agus a shocrú. Faoi láthair tá easpa de bhonneagair mhargaidh ann a bhaineann úsáid as DLT agus a sholáthraíonn seirbhísí trádála agus socraíochta le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. In éagmais margadh tánaisteach a bheadh ábalta leachtacht a sholáthar agus infheisteoirí a chumasú sócmhainní den sórt sin a cheannach agus a dhíol, ní mhéadóidh an margadh príomhúil le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais ar bhealach inbhuanaithe riamh.

    (4)An tráth céanna, is ann do bhearnaí rialála i ngeall ar shainiúlachtaí dlíthiúla, teicniúla agus oibríochtúla a bhaineann le húsáid DLT agus chriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. Mar shampla, ní fhorchuirtear aon cheanglas trédhearcachta, iontaofachta agus sábháilteachta ar na prótacail agus conarthaí cliste atá ina mbonn taca do chriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. D’fhéadfadh cineálacha nua cibir-rioscaí nach dtugtar aghaidh orthu go hiomchuí leis na rialacha atá ann faoi láthair a bheith ag baint leis an mbunteicneolaíocht. Tá roinnt tionscadal maidir le trádáil agus iarthrádáil criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais forbartha san Aontas, ach is beag tionscadal atá i bhfeidhm nó a bhfuil scála nach bhfuil teoranta acu. I bhfianaise na taithí teoranta sin maidir le trádáil agus iarthrádáil idirbheart i gcriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais, bheadh sé róluath faoi láthair modhnuithe suntasacha a thabhairt ar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais chun go mbeifear in ann na criptea-shócmhainní sin agus a mbunteicneolaíocht a úsáid ina niomláine. An tráth céanna, tá roinnt ceanglas i reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais nach mbeadh inoiriúnaithe go hiomlán le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais agus le haghaidh úsáid DLT, ceanglais atá ag cur srian faoi láthair ar bhonneagair mhargaidh le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. Mar shampla, de ghnáth tugann ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní rochtain dhíreach d’infheisteoirí miondíola, ach de ghnáth tugann ionaid trádála traidisiúnta rochtain trí idirghabhálaithe airgeadais.

    (5)Chun go mbeifear in ann criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais agus DLT a fhorbairt, agus leibhéal ard cobhsaíochta airgeadais, sláine an mhargaidh, trédhearcacht agus cosaint infheisteoirí a chaomhnú ag an am céanna, bheadh sé úsáideach córas píolótach a chruthú le haghaidh bonneagair mhargaidh DLT. Le córas píolótach le haghaidh bonneagar mhargaidh DLT, ba cheart go gceadófaí bonneagair mhargaidh den sórt sin a dhíolmhú ó roinnt ceanglas sonrach ó reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais lena bhféadfaí cosc a chur orthu réitigh a fhorbairt le haghaidh trádáil agus socrú idirbheart i gcriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. Ba cheart go gcuirfeadh an córas píolótach ar chumas na nÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus ar chumas údarás inniúil taithí a fháil ar na deiseanna agus rioscaí sonracha arna gcruthú le criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais, agus lena mbunteicneolaíocht.

    (6)Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart stádas nua de chuid an Aontais a chruthú i ndáil le bonneagair mhargaidh DLT. Ba cheart an stádas sin maidir le bonneagar margaidh DLT a bheith roghnach agus níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar bhonneagair mhargaidh, amhail ionaid trádála, taisclanna lárnacha urrús agus contrapháirtithe lárnacha, seirbhísí trádála agus iarthrádála agus gníomhaíochtaí a fhorbairt le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais nó atá bunaithe ar DLT, faoi reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais atá ann faoi láthair.

    (7)Ba cheart bonneagar margaidh DLT a shainiú mar shaoráid trádála iltaobhach DLT (MTF DLT) nó mar chóras socraíochta urrús DLT.

    (8)Ba cheart go mbeadh MTF DLT ina shaoráid trádála iltaobhach arna oibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh a oibríonn an gnólacht nó margaí rialáilte agus, b’fhéidir, an margadh rialáilte féin, a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE (An Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II), agus a bhfuil cead sonrach faighte aige faoin Rialachán seo. Ba cheart do MTF DLT a bheith faoi réir na gceanglas uile is infheidhme maidir le saoráid trádála iltaobhach faoi chuimsiú Threoir 2014/65/AE (An Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II), Rialachán AE Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFIR) 41 , nó aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, ach amháin más rud é gur dheonaigh a údarás inniúil náisiúnta díolúine amháin nó níos mó, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 .

    (9)Úsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte, leis na hidirbhearta uile taifeadta i mórleabhar díláraithe, féadfaidh sé trádáil agus socraíocht a bhrostú agus a ghiorrú beagnach i bhfíor-am agus d’fhéadfadh sé gníomhaíochtaí trádála agus iarthrádála a chónascadh. Leis na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair áfach, beartaítear go ndéanfar gníomhaíochtaí trádála agus socraíochta le bonneagair mhargaidh ar leithligh ó chéile. Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús) ceanglaítear go ndéanfar ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála de réir bhrí Threoir 2014/65/AE (An Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II), go ndéanfar iad a thaifeadadh le taisclann lárnach urrús (‘TLU’), agus d’fhéadfaí mórleabhar dáilte a úsáid mar leagan díláraithe den taisclann sin. Dá bhrí sin, bheadh bonn cirt le cead a thabhairt do MTF DLT roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh, gníomhaíochtaí a dhéanann taisclann lárnach urrús de ghnáth. Dá bhrí sin, nuair a dheonaítear an díolúine/na díolúintí ábhartha, ba cheart cead a bheith ag MTF DLT taifeadadh tosaigh urrúis inaistrithe DLT, socrú idirbheart in urrúis inaistrithe DLT agus slánchoinneáil urrús inaistrithe DLT a áirithiú.

    (10)Ba cheart córas socraíochta urrús DLT a bheith ina chóras socraíochta urrús arna oibriú ag TLU a údaraítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús) a bhfuil cead sonrach faighte aige faoin Rialachán seo. Ba cheart córas socraíochta urrús DLT, agus an TLU a oibríonn é, a bheith faoi réir na gceanglas ábhartha ó Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús), ach amháin i gcás inar dheonaigh an túdarás inniúil náisiúnta díolúine amháin nó roinnt díolúintí don TLU a fheidhmíonn córas socraíochta urrús DLT, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    (11)Níor cheart MTF DLT nó TLU a fheidhmíonn córas socraíochta urrús DLT ach urrús inaistrithe DLT a ligean isteach chun a dtrádála nó a thaifeadadh ar a mórleabhar dáilte. Ba cheart urrúis inaistrithe DLT a bheith ina gcriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ‘urrúis inaistrithe’ de réir bhrí Threoir 2014/65/AE (an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II) agus a eisítear, a aistrítear agus a stóráiltear ar mhórleabhar dáilte.

    (12)Chun nuálaíocht agus tástáil a éascú i dtimpeallacht fhónta rialála agus cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú ag an am céanna, ba cheart cineál na nurrús inaistrithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTF DLT nó a thaifeadadh in TLU a oibríonn córas socraíochta urrús DLT a bheith teoranta d’urrúis, amhail scaireanna agus bannaí nach bhfuil leachtach. Chun a chinneadh an bhfuil scair nó banna leachtach nó nach bhfuil, ba cheart don Rialachán seo roinnt tairseacha luacha a shocrú. Chun aon riosca don chobhsaíocht airgeadais a d’fhéadfadh teacht chun cinn a sheachaint, ba cheart margadhluach iomlán urrús inaistrithe DLT arna dtaifeadadh ag TLU a oibríonn córas socraíochta urrús, nó a ligtear isteach chun a dtrádála ag MTF DLT a bheith teoranta freisin. Ba cheart cosc a chur freisin ar bhonneagair mhargaidh DLT a ligean isteach chun a dtrádála nó a thaifeadadh ar bhannaí ceannasacha an mhórleabhair dáilte. Chun a fhíorú go gcomhlíonann urrúis inaistrithe DLT arna dtrádáil nó arna dtaifeadadh ag bonneagar margaidh DLT na coinníollacha a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, ba cheart cead a bheith ag údaráis inniúla náisiúnta ceangal a chur ar bhonneagair mhargaidh DLT tuarascálacha a chur isteach.

    (13)Chun cothrom na Féinne le hurrúis inaistrithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála traidisiúnta de réir bhrí Threoir 2014/65/AE (an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II) agus leibhéal ard sláine margaidh a áirithiú, ba cheart urrúis inaistrithe DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTF DLT a bheith faoi réir na bhforálacha lena dtoirmisctear drochúsáid margaidh i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (an Rialachán maidir le Drochúsáid Margaidh).

    (14)Ba cheart go mbeadh MTF DLT in ann díolúine amháin nó níos mó a iarraidh ar bhonn sealadach, mar a liostaítear faoin Rialachán seo, le deonú ag an údarás inniúil, má chomhlíonann sé na coinníollacha a ghabhann le díolúintí den sórt sin chomh maith le ceanglais bhreise a leagtar amach faoin Rialachán seo chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha nua rioscaí a thagann chun cinn trí DLT a úsáid. Ba cheart do MTF DLT aon bheart cúiteach arna fhorchur ag an údarás inniúil a chomhlíonadh chun na cuspóirí arna saothrú leis an bhforáil ar iarradh díolúine ina leith.

    (15)I gcás ina ligtear ionstraim airgeadais isteach chun a trádála ar MTF, ba chóir í a thaifeadadh le Taisclann Lárnach Urrús údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús). Cé go bhféadfaí taifeadadh urrúis inaistrithe agus socrú idirbhirt gaolmhar a dhéanamh ar mhórleabhar dáilte, forchuirtear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 idirghabháil ó thaisclann lárnach urrús agus chuirfeadh sé sin oibleagáid air an taifead a chóipeáil ar an mórleabhar dáilte ar leibhéal TLU, rud a d’fhéadfadh forleagan iomarcach ó thaobh feidhme de a fhorchur ar shaolré trádála ionstraime airgeadais arna láimhseáil ag bonneagair mhargaidh DLT faoi réir an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh MTF DLT in ann díolúine a iarraidh don cheanglas i ndáil le cuntas reatha agus an taifead le TLU a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, i gcás in gcomhlíonann MTF DLT na ceanglais sin atá comhionann leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le TLU. Ba cheart do MTF DLT na hurrúis inaistrithe a thaifeadadh ar a mhórleabhar dáilte, sláine na heisiúna ar an mórleabhar dáilte a áirithiú, nósanna imeachta a bhunú agus a choinneáil ar bun chun slánchoinneáil urrús inaistrithe DLT a áirithiú, socrú idirbheart a chur i gcrích, agus teipeanna socraíochta a chosc.

    (16)I gcás in a bhfuil socrú idirbheart á dhéanamh ag urrúis inaistrithe DLT, ba cheart go náiritheofaí le MTF DLT go níoctar as urrúis inaistrithe DLT ón gceannaitheoir an tráth céanna a dhéantar urrúis inaistrithe DLT a sheachadadh ón díoltóir (soláthar in áit íocaíochta). I gcás ina bhfuil sé indéanta agus ar fáil, ba cheart na híocaíochtaí in airgead tirim a shocrú trí airgead bainc cheannais agus, i gcás nach bhfuil sin praiticiúil nó nach bhfuil sé ar fáil, trí airgead bainc thráchtála. Chun réitigh nuálacha a thástáil agus chun go mbeifear in ann na híocaíochtaí in airgead tirim a dhéanamh ar mhórleabhar dáilte, ba cheart cead a bheith ag MTFanna DLT leas a bhaint as boinn socraíochta mar a thugtar orthu, is é sin le rá airgead bainc thráchtála i bhfoirm ceadchomharthaithe, nó ceadchomharthaí ríomhairgid mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh. 2021/XX maidir le Margaí i gCriptea-Shócmhainní 43 . I gcás ina mbaintear úsáid as airgead bainc thráchtála le haghaidh íocaíochtaí in airgead tirim, ba cheart do MTF DLT an riosca contrapháirtí a theorannú trí chloí ag na hinstitiúidí creidmheasa, ar institiúidí creidmheasa iad a úsáidtear chun íocaíochtaí in airgead tirim a shocrú, a bhunú agus faireachán a dhéanamh orthu i ndáil le critéir dhochta, amhail a rialúchán, maoirseacht, acmhainneacht chreidmheasa, caipitliú, rochtain ar leachtach agus iontaofacht oibríochtúil.

    (17)Faoi Threoir (AE) .../.. 44 ., lena leasaítear Treoir 2014/65/AE (An Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II), is féidir le MTF DLT díolúine a iarraidh ó oibleagáid na hidirghabhála. Ní fhéadfaidh MTFanna traidisiúnta ach gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa agus daoine eile a bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais trádála, inniúlachta, agus acmhainní eagraíochtúla leordhóthanacha acu a ligean isteach mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe. Os a choinne sin, cuireann go leor ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní rochtain dí-idirghabhála ar fáil agus tugann siad rochtain dhíreach do chliaint mhiondíola. D’fhéadfadh oibleagáid idirghabhála atá leabaithe i dTreoir 2014/65/AE (an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II) a bheith ar cheann de na bacainní rialála féideartha ar fhorbairt MTFanna le haghaidh urrúis inaistrithe DLT. Tá cead ag MTF DLT maolú sealadach a iarraidh ar oibleagáid idirghabhála den sórt sin agus rochtain a thabhairt d’infheisteoirí miondíola, ar choinníoll go mbeadh coimircí leormhaithe i bhfeidhm maidir le cosaint infheisteoirí agus go mbeadh infheisteoirí miondíola den sórt sin oiriúnach agus cuí chun críche an fhrithsciúrtha airgid agus an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta.

    (18)Chun díolúine a fháil faoin Rialachán seo, ba cheart do MTF DLT a léiriú go bhfuil an díolúine comhréireach agus teoranta d’úsáid DLT faoi mar a thuairiscítear ina phlean gnó agus go bhfuil an díolúine a iarrtar teoranta do MTF DLT agus nach bhfuil sí leathnaithe chuig aon MTF eile arna oibriú ag an ngnólacht infheistíochta céanna nó ag an oibreoir margaidh céanna.

    (19)Ba cheart go mbeadh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige in ann díolúine amháin nó níos mó a iarraidh ar bhonn sealadach, mar a liostaítear faoin Rialachán seo, díolúine a dheonóidh an túdarás inniúil ábhartha, má chomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le díolúintí den sórt sin mar aon le ceanglais bhreise chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha nua rioscaí a eascraíonn as DLT a úsáid. Ba cheart do shaoráid trádála iltaobhach DLT a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aici aon bheart cúiteach arna fhorchur ag an údarás inniúil a chomhlíonadh d’fhonn na cuspóirí arna saothrú leis an bhforáil ar iarradh díolúine ina leith a chomhlíonadh.

    (20)Ba cheart cead a bheith ag TLU a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aige díolúintí a iarraidh ó fhorálacha éagsúla ar dócha go gcruthóidh siad bacainní rialála maidir le córais socraíochta urrús a fhorbairt le haghaidh urrúis inaistrithe. Mar shampla, ba cheart go mbeadh TLU in ann díolúine a iarraidh ó roinnt sainmhínithe de Rialachán (AE) 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús), mar shampla coincheapa amhail ‘foirm dhí-ábharaithe’, ‘cuntas urrúis’, ‘orduithe aistrithe’ chomh maith le díolúintí ó fhorálacha lena dtagraítear don choincheap ‘cuntas urrúis’, amhail na rialacha maidir le hurrúis a thaifeadadh, sláine eisiúna nó leithscaradh cuntas. Oibríonn TLUnna córais socraíochta urrús trí chuntais urrús a rannpháirtithe a chreidiúnú agus a chur chun dochair. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh cuntais urrús maidir le leabharchoimeád iontrála dúbailte (nó il-iontrála) i bhfeidhm i gcónaí i gcóras DLT. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige in ann díolúine a iarraidh ó na rialacha lena dtagraítear do na coincheapa ‘cuntas urrús’ nó ‘foirm cuntais reatha’ má bhíonn gá leis chun taifeadadh urrús inaistrithe DLT a cheadú ar mhórleabhar dáilte, chun sláine na heisiúna maidir le hurrúis inaistrithe DLT ar an mórleabhar dáilte a áirithiú agus chun na hurrúis inaistrithe DLT a bhaineann le rannpháirtithe éagsúla a leithscaradh.

    (21)Faoi Rialachán (AE) Uimh. 909 2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús), ní féidir le TLU ach ceann amháin dá phríomhghníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú, tar éis údarú a fháil ón údarás inniúil. Cuirtear de cheanglas ar TLU freisin roinnt coinníollacha a urramú, ionas nach mbeidh tarmligean a fhreagrachta nó modhnú oibleagáidí TLU i dtreo a rannpháirtithe nó a eisitheoirí ann mar thoradh ar an seachfhoinsiú. Ag brath ar an bplean gnó atá aige, d’fhéadfadh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige a bheith toilteanach an fhreagracht a mhórleabhar dáilte ar a ndéantar na hurrúis inaistrithe a thaifeadadh a reáchtáil a roinnt le heintitis eile, lena náirítear lena rannpháirtithe. Ba cheart go mbeadh an córas socraíochta urrús DLT a bheith in ann díolúine ó na ceanglais sheachfhoinsithe a iarraidh chun samhlacha nuálacha den sórt sin a fhorbairt. Sa chás sin, ba cheart dóibh a léiriú freisin go bhfuil na forálacha maidir le seachfhoinsiú ar neamhréir le húsáid DLT mar atá beartaithe ina bplean gnó agus ba cheart dóibh a léiriú freisin go gcomhlíontar roinnt ceanglas íosta maidir le seachfhoinsiú.

    (22)An oibleagáid maidir le hidirghabháil trí institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta ionas nach mbeidh infheisteoirí miondíola in ann rochtain dhíreach a fháil ar na córais socraíochta agus seachadta arna noibriú ag TLU, d’fhéadfadh sé bac rialála a chruthú maidir le samhlacha malartacha socraíochta a fhorbairt a bheadh bunaithe ar DLT agus a cheadódh rochtain dhíreach do chliaint mhiondíola. Dá bhrí sin, TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige, ba cheart cead a bheith aige díolúine ó choincheap an rannpháirtí, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús). I gcás ina bhfuil díolúine ón oibleagáid idirghabhála faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús) á lorg ag TLU, ba cheart don TLU a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aige a áirithiú go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar na daoine sin agus go bhfuil siad oiriúnach agus cuí chun críche an fhrithsciúrtha airgid agus an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta. Ba cheart do TLU a bhfuil an córas socraíochta urrús á oibriú aige a áirithiú freisin go bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais, inniúlachta, taithí agus eolais ag na rannpháirtithe sin maidir le hiarthrádáil agus le feidhmiú DLTanna.

    (23)Na heintitis atá incháilithe chun bheith rannpháirteach i TLU a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús), tá siad bunaithe ar na heintitis atá incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcóras socraíochta urrús a ainmnítear agus a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le Treoir 98/26/CE (an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta) toisc go gceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús) córais socraíochta urrús arna noibriú ag TLUnna a ainmneofar agus a thabharfar fógra ina leith faoi Threoir 98/26/CE. Córas socraíochta urrús DLT a chuireann iarratas isteach chun díolúine a fháil ó na ceanglais rannpháirtíochta i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús), ní bheadh sé i gcomhréir le ceanglais rannpháirtíochta Threoir 98/26/CE. Dá réir sin, ní fhéadfaí córas socraíochta urrús DLT den sórt sin a ainmniú nó fógra a thabhairt ina leith faoin Treoir sin. Ní chuirfeadh sé sin cosc, áfach, ar ainmniú chóras socraíochta urrús DLT a chomhlíonann ceanglais Threoir 98/26/CE nó ar fhógra a thabhairt in a leith.

    (24)Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús) moltar socrú idirbheart in airgead bainc cheannais. I gcás nach bhfuil socraíocht íocaíochtaí in airgead tirim le hairgead bainc cheannais ar fáil agus praiticiúil, is féidir an tsocraíocht sin a dhéanamh in airgead bainc thráchtála. D’fhéadfadh an fhoráil sin a bheith deacair a chur i bhfeidhm do TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige, toisc go mbeadh ar TLU den sórt sin gluaiseachtaí i gcuntais airgid a chur i gcrích i gcuntais airgid thirim an tráth céanna a ndéantar urrúis a sheachadadh ar an DLT. Ba cheart cead a bheith ag TLU a bhfuil córas socraíochta DLT á oibriú aige díolúine a iarraidh ó na rialacha ó Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús) maidir le socraíochtaí airgid thirim chun réitigh nuálacha a fhorbairt, amhail boinn socraíochta nó ‘ceadchomharthaí ríomhairgid’ a úsáid, mar a shainítear iad i Rialachán Uimh. 2021/XX maidir le Margaí i gCriptea-Shócmhainní 45 .

    (25)Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús) ceanglaítear go dtabharfaidh TLU rochtain do TLU eile nó do bhonneagair mhargaidh eile. D’fhéadfadh ualach trom a bheith ag baint le rochtain a fháil ar TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige, nó d’fhéadfadh sé a bheith deacair a bhaint amach, toisc nach bhfuil tástáil déanta go fóill ar idir-inoibritheacht na gcóras leagáide le DLT. Ba cheart do chóras socraíochta urrús DLT a bheith in ann díolúine ó na rialacha sin a iarraidh, más féidir leis a léiriú go bhfuil cur i bhfeidhm rialacha den sórt sin neamhréireach le méid an chórais socraíochta urrús DLT.

    (26)Gan beann ar an riail a niarrtar díolúine ina leith, ba cheart do TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige a léiriú go bhfuil an díolúine a iarradh comhréireach agus go bhfuil bonn cirt leis trí úsáid a bhaint as DLT. Ba cheart an díolúine a bheith teoranta do chóras socraíochta urrús DLT agus níor cheart córais socraíochta urrús eile arna noibriú ag an TLU céanna a chumhdach léi.

    (27)Ba cheart bonneagair mhargaidh DLT a bheith faoi réir ceanglas breise freisin, i gcomparáid le bonneagair thraidisiúnta mhargaidh. Tá na ceanglais sin riachtanach chun rioscaí a sheachaint a eascraíonn as úsáid DLT nó as an mbealach nua a dhéanfadh bonneagar margaidh DLT a chuid gníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart do bhonneagar margaidh DLT plean gnó soiléir a bhunú ina mbeadh sonraí faoin gcaoi a núsáidfí DLT agus faoin gcaoi a gcuirfí na socruithe dlíthiúla i bhfeidhm.

    (28)TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige, nó MTF DLT i gcás ina bhfuil cead acu na hidirbhearta a shocrú in urrúis inaistrithe DLT iad féin, ba cheart dóibh na rialacha maidir le feidhmiú an DLT dílseánaigh a oibríonn siad a bhunú, lena náirítear na rialacha maidir le rochtain agus ligean isteach ar an DLT, na rialacha maidir leis na nóid rannpháirteacha agus na rialacha chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, mar aon le bearta bainistithe riosca.

    (29)Ba cheart ceangal a bheith ar bhonneagar margaidh DLT comhaltaí, rannpháirtithe, eisitheoirí agus cliaint a chur ar an eolas maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu a gcuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus leis an gcaoi a nathrófar, trí leas a bhaint as DLT, an bealach a gcuirtear an tseirbhís ar fáil de ghnáth ag MTF traidisiúnta nó ag TLU a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aige.

    (30)Ba cheart socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe sonracha agus láidre a bheith ag bonneagar margaidh DLT. Ba cheart go mbeadh na socruithe sin i gcomhréir le cineál, scála agus castacht phlean gnó bhonneagar margaidh DLT. Ba cheart go náiritheofaí iontaofacht, leanúnachas agus slándáil na seirbhísí a sholáthraítear, lena náirítear iontaofacht conarthaí cliste a d’fhéadfaí a úsáid, leis na socruithe sin. Ba cheart go náiritheofaí sláine, slándáil, rúndacht, infhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí a stóráiltear ar DLT le bonneagair mhargaidh DLT freisin. Ba cheart cead a bheith ag údarás inniúil bhonneagar margaidh DLT iniúchadh a iarraidh chun a áirithiú go bhfuil na socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána oiriúnach dá bhfeidhm. Ba cheart go níocfadh bonneagar margaidh DLT as na costais a bhaineann le hiniúchadh den sórt sin.

    (31)I gcás ina mbeadh slánchoinneáil cistí cliant, mar atá airgead tirim nó coibhéis airgid, nó urrúis inaistrithe DLT, nó modhanna rochtana ar urrúis inaistrithe DLT, lena náirítear i bhfoirm eochracha cripteagrafacha, mar chuid de phlean gnó bhonneagar margaidh DLT, ba cheart go mbeadh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag bonneagar margaidh DLT chun sócmhainní a gcliant a chosaint. Níor cheart dóibh sócmhainní cliant a úsáid ar a gcuntas féin, ach amháin le toiliú sainráite roimh ré óna gcliaint. Ba cheart do bhonneagar margaidh DLT cistí cliant nó urrúis inaistrithe DLT nó na modhanna rochtana ar na sócmhainní sin, a leithscaradh óna shócmhainní féin nó ó shócmhainní cliant eile. Ba cheart go náiritheofaí le socruithe foriomlána bonneagar margaidh DLT go gcosnaítear sócmhainní cliant ar chalaois, ar chibearbhagairtí nó ar mhífheidhmeanna eile.

    (32)Tráth a dtugtar an cead sonrach, ba cheart straitéis scoir inchreidte a bheith i bhfeidhm ag bonneagair mhargaidh DLT i gcás inar cheart deireadh a chur leis an gcóras maidir le bonneagair mhargaidh DLT nó inar cheart an cead sonrach nó cuid de na díolúintí a tugadh a tharraingt siar.

    (33)Ba cheart go leanfadh an cead sonrach a dheonaítear do bhonneagar margaidh DLT na nósanna imeachta céanna le húdarú MTF traidisiúnta, nó TLU i gcás ina bhfuil an TLU sin ag iarraidh córas nua socraíochta urrús a oibriú. Mar sin féin, nuair atá bonneagar DLT is iarratasóir ag cur isteach ar chead, ba cheart dó na díolúintí a bheadh á lorg aige a chur in iúl. Sula dtabharfaidh sé cead do bhonneagar margaidh DLT, ba cheart don údarás inniúil dul i gcomhairle le ESMA. Ba cheart do ESMA tuairim neamhcheangailteach a eisiúint agus aon mholadh a dhéanamh maidir leis an iarratas nó na díolúintí a iarradh. Ba cheart do ESMA dul i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát eile. I gcás ina bhfuil tuairim neamhcheangailteach á heisiúint ag ESMA, ba cheart go mbeadh sé d’aidhm aige cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí a áirithiú. Chun cothrom na Féinne agus iomaíocht chóir a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag tuairim neamhcheangailteach ESMA comhsheasmhacht agus comhréireacht na ndíolúintí arna ndeonú ag údaráis inniúla ar fud an Aontais a áirithiú.

    (34)An túdarás inniúil a mbeadh scrúdú á dhéanamh aige ar an iarratas arna chur isteach ag bonneagar ionchasach mhargadh DLT, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht aige cead a dhiúltú dá mba rud é go raibh cúiseanna ann lena chreidiúint go mbeadh bonneagar margaidh DLT ag bagairt ar chobhsaíocht airgeadais, cosaint infheisteoirí nó sláine an mhargaidh nó dá ndéanfaí iarracht teacht timpeall ar cheanglais atá ann cheana leis an iarratas.

    (35)Ba cheart go gcuirfí na díolúintí a deonaíodh do bhonneagar margaidh DLT ar leith in iúl leis an gcead sonrach arna thabhairt ag údarás inniúil don bhonneagar margaidh DLT sin. Ba cheart cead den sórt sin a bheith bailí don Aontas. Ba cheart do ESMA liosta de bhonneagair mhargaidh DLT agus liosta de na díolúintí a deonaíodh do gach ceann acu a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

    (36)Ba cheart an cead sonrach agus na díolúintí arna ndeonú ag údaráis inniúla náisiúnta a thabhairt ar bhonn sealadach, ar feadh tréimhse suas le sé bliana ó dháta an cheada shonraigh. Tar éis tréimhse cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin, bheadh sé de cheangal ar ESMA agus ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcóras píolótach seo le haghaidh bonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mhórleabhar dáilte. Leis an tréimhse sé bliana thuasluaite cuirtear dóthain ama ar fáil do bhonneagair mhargaidh DLT chun a samhlacha gnó a chur in oiriúint d’aon mhodhnú ar an gcóras seo agus chun a bheith ag feidhmiú faoin gcóras píolótach ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de. D’fhágfadh sin go mbeadh ESMA agus an Coimisiún in ann tacar sonraí úsáideach a bhailiú ina mbeadh thart ar thrí bliana féilire d’fheidhmiú an chórais phíolótaigh tar éis mais chriticiúil de cheadanna sonracha agus díolúintí lena mbaineann a dheonú agus go mbeadh siad in ann tuarascáil a thabhairt ina leith. D’fhágfadh sé go mbeadh an tam ag bonneagair mhargaidh DLT na bearta riachtanacha a ghlacadh chun a gcuid oibríochtaí a fhoirceannadh nó chun aistriú go creat rialála nua de réir thuarascálacha ESMA agus an Choimisiúin.

    (37)Gan dochar do na forálacha ábhartha ó Threoir 2014/65/AE (An Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II) nó Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús), ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla cead sonrach nó aon díolúine arna dheonú do bhonneagar margaidh DLT a tharraingt siar, i gcás inar aimsíodh locht sa bhunteicneolaíocht nó sna seirbhísí nó gníomhaíochtaí arna soláthar ag bonneagar margaidh DLT, agus ar choinníoll gur mó an locht sin ná na buntáistí a sholáthraíonn an tseirbhís atá i gceist, nó i gcás inar sháraigh bonneagar margaidh DLT aon choinníoll a ghabhann leis na díolúintí arna bhforchur ag an údarás inniúil tráth a deonaíodh an cead sonrach, nó i gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais taifeadta ag bonneagar margaidh DLT ar ionstraimí iad nach gcomhlíonann na coinníollacha a ghabhann le hurrúis inaistrithe DLT faoin Rialachán seo. Le linn a ghníomhaíochta, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag bonneagar margaidh DLT díolúintí a iarraidh de bhreis ar na díolúintí sin a iarradh tráth an cheada. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh na díolúintí breise sin arna niarraidh ag bonneagair mhargaidh DLT faoi réir cead sonrach ó na húdaráis inniúla, faoi mar atá na díolúintí sin a iarradh tráth ar tugadh an chéad chead do bhonneagar margaidh DLT.

    (38)Toisc go bhféadfadh bonneagair mhargaidh DLT díolúintí sealadacha a fháil ó reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, ba cheart dóibh comhoibriú go dlúth leis na húdaráis inniúla agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) le linn tréimhse a gceada shonraigh. Ba cheart do bhonneagar margaidh DLT na húdaráis inniúla agus ESMA a chur ar an eolas maidir le haon athrú ábhartha ar a phlean gnó agus ar a fhoireann chriticiúil, aon fhianaise ar chibearbhagairtí nó cibearionsaithe, calaois nó míchleachtas tromchúiseach, aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar tráth a rinneadh an chéad iarratas ar chead, maidir le haon deacrachtaí teicniúla, agus go háirithe na deacrachtaí teicniúla sin a bhfuil baint acu le húsáid DLT, agus aon riosca nua do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais nach raibh beartaithe tráth a tugadh an cead sonrach. I gcás ina dtugtar fógra faoi athrú ábhartha den sórt sin d’údarás inniúil, ba cheart dó a iarraidh ar an mbonneagar margaidh DLT iarratas a dhéanamh ar chead nó díolúine nua, nó ba cheart dó aon bheart ceartaitheach a dhéanamh a mheasann sé a bheith iomchuí. Ba cheart do bhonneagair mhargaidh DLT aon sonraí ábhartha a sholáthar d’údaráis inniúla agus ESMA, nuair a iarrtar sonraí den sórt sin. Chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, ba cheart go mbeadh an túdarás inniúil a dheonaigh an cead sonrach do bhonneagar margaidh DLT in ann aon bheart ceartaitheach a mholadh, tar éis dul i gcomhairle le ESMA.

    (39)Ba cheart do bhonneagair mhargaidh DLT tuarascálacha rialta a thabhairt dá núdaráis inniúla agus do ESMA. Ba cheart do ESMA plé a eagrú ar na tuarascálacha lena chur ar chumas gach údaráis inniúil ar fud an Aontais taithí a fháil maidir leis an tionchar a bhaineann le leas a bhaint as DLT agus ar aon oiriúnú a dhéantar ar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith riachtanach le go mbeifear in ann leas a bhaint as DLT ar scála níos mó.

    (40)Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, ba cheart do ESMA tuairisciú don Choimisiún maidir leis an gcóras píolótach seo le haghaidh bonneagair mhargaidh DLT, lena náirítear maidir leis na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le DLT a úsáid, leis na rioscaí atá ann agus leis na deacrachtaí teicniúla. Bunaithe ar thuarascáil ESMA, ba cheart don Choimisiún tuairisciú don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart don tuarascáil measúnú a dhéanamh ar na costais agus na buntáistí a bhaineann le síneadh a chur leis an gcóras seo maidir le bonneagair mhargaidh DLT ar feadh tréimhse ama eile, le síneadh a chur leis an gcóras seo chun cineálacha nua ionstraimí airgeadais a chuimsiú, leis an gcóras seo a dhéanamh buan bíodh modhnuithe ann nó gan a bheith ann, chun modhnuithe a thabhairt ar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais nó chun an gcóras seo a fhoirceannadh.

    (41)Aithníodh bearnaí féideartha i rialacha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm ar chriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais 46 . Go háirithe, níl cuid de na caighdeáin theicniúla rialála faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais) in oiriúint rómhaith d’ionstraimí airgeadais a eisítear ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, i gcoibhneas le ceanglais áirithe i leith tuairisciú sonraí agus ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála. Is margaí nuaghinte iad margaí tánaisteacha in ionstraimí airgeadais arna neisiúint ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte nó ar theicneolaíocht chomhchosúil agus dá bhrí sin d’fhéadfadh a ngnéithe a bheith éagsúil ó mhargaí in ionstraimí airgeadais a bhaineann úsáid as teicneolaíocht thraidisiúnta. Ba cheart go bhféadfaí na rialacha a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir leis na hionstraimí airgeadais uile, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear. Dá bhrí sin, ba cheart sainordú a thabhairt do ESMA measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na caighdeáin theicniúla rialála sin arna nglacadh i gcur i bhfeidhm Rialachán AE Uimh. 600/2014 agus aon leasú is gá a mholadh arb é is aidhm dóibh a áirithiú gur féidir na rialacha a leagtar amach ann a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar ionstraimí airgeadais a eisítear ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte. Agus an measúnú sin á dhéanamh, ba cheart do ESMA sainiúlachtaí na nionstraimí airgeadais a eisítear ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte a chur san áireamh agus ba cheart a chur san áireamh pé acu an bhfuil gá le caighdeáin oiriúnaithe lena mbeifí in ann iad a fhorbairt gan an bonn a bhaint de chuspóirí na rialacha a leagadh síos sna caighdeáin theicniúla rialála a glacadh i gcur i bhfeidhm Rialachán AE Uimh. 600/2014.

    (42)I gcás nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin a bhaint amach go leordhóthanach, toisc go bhfuil aon bhacainn rialála ar fhorbairt bonneagar margaidh DLT le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais faoi Threoir 2014/65/AE (an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, MiFID II) leabaithe i reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, is fearr is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach a leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (43)Chun go mbeidh an tAontas in ann a bheith bord ar bhord leis an nuálaíocht, tá sé tábhachtach go gcuirfear córas bhonneagar margaidh DLT i bhfeidhm, a luaithe is féidir, tar éis do na Ballstáit Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 a thrasuí.

    (44)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725(EC) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 , agus thug siad tuairim uathu an...[dáta na tuairime(s)],

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    (1)Leagtar síos leis an Rialachán ceanglais maidir le saoráidí trádáil iltaobhach agus córas socraíochta urrús a úsáideann teicneolaíocht mórleabhar dáilte ‘bonneagair mhargaidh DLT’, dá dtugtar ceadanna sonracha le hoibriú i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8.

    (2)Bunaíonn an Rialachán seo ceanglais maidir le:

    (a)na ceadanna sonracha sin a thabhairt agus na ceadanna sonracha sin a tharraingt siar;

    (b)díolúintí ábhartha a thabhairt, a mhodhnú agus a tharraingt siar;

    (c)coinníollacha a ghabhann leis an Rialachán, bearta cúiteacha nó ceartaitheacha a shainordú, a mhodhnú agus a tharraingt siar;

    (d)na bonneagair mhargaidh DLT sin a oibriú;

    (e)maoirsiú a dhéanamh ar na bonneagair mhargaidh DLT sin; agus

    (f)comhoibriú idir oibreoirí bonneagar margaidh DLT, údaráis inniúla agus ESMA.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn ‘teicneolaíocht mórleabhar dáilte’ nó ‘DLT’ aicme teicneolaíochtaí a thacaíonn le taifeadadh dáilte sonraí criptithe;

    (2)ciallaíonn ‘bonneagar margaidh DLT’ ‘saoráid trádála iltaobhach DLT’ nó ‘córas socraíocht urrús DLT’;

    (3)ciallaíonn ‘saoráid trádála iltaobhach DLT’ nó ‘MTF DLT’ ‘saoráid trádála iltaobhach’ arna hoibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh, nach ligeann isteach ach urrúis inaistrithe DLT chun a dtrádála agus a bhféadfadh cead a bheith aici, ar bhonn rialacha agus nósanna imeachta trédhearcacha, neamhroghnacha, agus aonfhoirmeacha, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)taifeadadh tosaigh urrús inaistrithe DLT a áirithiú;

    (b)urrúis inaistrithe DLT a shocrú in aghaidh íocaíochta; agus

    (c)seirbhísí slánchoinneála a sholáthar i ndáil le hurrúis inaistrithe DLT, nó i gcás inarb infheidhme, i ndáil le híocaíochtaí gaolmhara agus le comhthaobhacht, arna soláthar leis an MTF DLT;

    (4)ciallaíonn ‘córas socraíochta urrús DLT’ córas socraíochta urrús, arna oibriú ag ‘taisclann lárnach urrús’, lena socraítear idirbhearta in urrúis inaistrithe DLT in aghaidh íocaíochta;

    (5)ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe DLT’ ‘urrúis inaistrithe’ de réir bhrí Airteagal 4(1)(44) (a) agus (b) de Threoir 2014/65/AE a eisítear, a thaifeadtar, a aistrítear agus a stóráiltear le DLT;

    (6)ciallaíonn ‘saoráid trádála iltaobhach’ saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(22) de Threoir 2014/65/AE;

    (7)ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ nó ‘TLU’ ‘taisclann lárnach urrús’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

    (8)ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ ‘ionstraim airgeadais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(15) de Threoir 2014/65/AE;

    (9)ciallaíonn ‘socraíocht’ ‘socraíocht’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

    (10)ciallaíonn ‘lá gnó’ ‘lá gnó’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(14) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

    (11)ciallaíonn ‘soláthar in áit íocaíochta’ ‘soláthar in áit íocaíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(27) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

    (12)ciallaíonn ‘teip socraíochta’ ‘teip socraíochta’ mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(1)(15) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

    (13)ciallaíonn ‘banna ceannasach’ banna arna eisiúint ag eisitheoir ceannasach arb é ceann amháin díobh seo a leanas:

    (a)an tAontas;

    (b)Ballstát, lena náirítear roinn rialtais, gníomhaireacht nó feithicil sainchuspóra de chuid an Bhallstáit nó de chuid eintitis cheannasaigh eile;

    (c)eintiteas ceannasach é nach liostaítear faoi phointí (a) agus (b);

    (14)ciallaíonn ‘banna poiblí eile’ banna arna eisiúint ag aon cheann de na heisitheoirí poiblí seo a leanas:

    (a)i gcás Ballstáit cónaidhme, comhalta den chónaidhm sin;

    (b)feithicil sainchuspóra i gcomhair roinnt Ballstát;

    (c)institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó agus a bhfuil de chuspóir aici cistiúchán a shlógadh agus cúnamh airgeadais a sholáthar chun sochair a comhaltaí chun cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine a chosaint;

    (d)an Banc Eorpach Infheistíochta;

    (e)eintiteas poiblí nach eisitheoir banna cheannasaigh é mar a shonraítear i bpointe (13).

    (15)ciallaíonn ‘banna in-chomhshóite’ ionstraim arb éard atá inti banna nó ionstraim fiachais urrúsaithe a bhfuil díorthach leabaithe inti, amhail rogha an cothromas bunúsach a cheannach;

    (16)ciallaíonn ‘banna faoi chumhdach’ bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 ;

    (17)ciallaíonn ‘banna corparáideach’ banna arna eisiúint ag Societas Europaea a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 50 ón gComhairle nó cineál cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn I de Threoir 2017/1132/CE 51 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó a choibhéis i dtríú tíortha;

    (18)ciallaíonn ‘banna eile’ banna nach mbaineann le haon cheann de na bannaí a shonraítear i bpointe (13) go pointe (17);

    (19)ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ ‘gnólacht infheistíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (20)ciallaíonn ‘oibreoir margaidh’ ‘oibreoir margaidh’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(18) de Threoir 2014/65/AE;

    (21)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmníodh i gcomhréir leis na hAirteagail seo a leanas:

    (a)Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE le haghaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú acu;

    (b)Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 le haghaidh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige; nó

    (c)arna ainmniú ag na Ballstáit ar shlí eile chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    (22)ciallaíonn ‘Ballstát baile’, i gcás:

    (a)gnólacht infheistíochta a bhfuil MTF DLT MTF á oibriú aige, an Ballstát a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 4(55)(a) (ii) agus (iii) de Threoir 2014/65/AE;

    (b)oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige, an Ballstát ina bhfuil oibreoir margaidh an MTF DLT cláraithe nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoi dhlí an Bhallstáit sin, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig oibreoir margaidh an MTF DLT lonnaithe;

    (c)TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige, an Ballstát a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 2(23) de Rialachán (AE) Uimh 909/2014/AE.

    (23)ciallaíonn ‘ceadchomharthaí ríomhairgid’ ‘ceadchomharthaí ríomhairgid’ mar a shainmhínítear in Airteagal XX de Rialachán Uimh. 2021/XX maidir le Margaí i gCriptea-Shócmhainní 52 .

    Airteagal 3

    Teorainneacha ar na hurrúis inaistrithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT nó arna socrú ag bonneagar margaidh DLT

    1.Ní ligfear ach urrúis inaistrithe DLT a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas isteach chun a dtrádála ar MTF DLT agus chun a dtaifeadadh ar mhórleabhar dáilte ag TLU a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aige

    (a)scaireanna, a bhfuil caipitliú margaidh nó caipitliú margaidh trialach níos ísle ná EUR 200 milliún ag an eisitheoir atá acu; nó

    (b)bannaí in-chomhshóite, bannaí faoi chumhdach, bannaí corparáideacha, bannaí poiblí eile agus bannaí eile, a bhfuil méid eisiúna níos ísle ná EUR 500 milliún acu.

    2.Gnólacht infheistíochta ná oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige, ní ligfidh sé bannaí ceannasacha isteach chun a dtrádála faoin Rialachán seo. TLU a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aigé, ná gnólacht infheistíochta ná oibreoir margaidh a bhfuil cead aige urrúis inaistrithe DLT a thaifeadadh ar MTF DLT, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 d’Airteagal 4, ní dhéanfaidh sé bannaí ceannasacha a thaifeadadh faoin Rialachán seo.

    3.Ní rachaidh margadhluach iomlán urrús inaistrithe arna dtaifeadadh ag TLU a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aige thar EUR 2.5 billiún. I gcás ina ndéanann MTF DLT na hurrúis inaistrithe DLT a thaifeadadh in áit TLU, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 4, ní rachaidh margadhluach iomlán na nurrús inaistrithe DLT arna dtaifeadadh ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige thar EUR 2.5 billiún.

    4.Chun margadhluach iomlán urrús inaistrithe DLT a chinneadh agus chun faireachán a dhéanamh air faoi mhír 1, is fíor an méid seo a leanas i ndáil le margadhluach iomlán na nurrús inaistrithe DLT:

    (a)déanfar é a chinneadh go laethúil, ag TLU nó ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh lena mbaineann; agus

    (b)beidh sé cothrom le suim na nithe seo a leanas: praghas dúnta laethúil gach urrús inaistrithe DLT a ligtear isteach chun a thrádáil ar MTF DLT, arna iolrú faoi líon na nurrús inaistrithe DLT a bhfuil an ISIN céanna acu a shocraítear ar chóras socraíochta urrús DLT nó ar MTF DLT lena mbaineann ar an lá sin, go hiomlán nó i bpáirt.

    5.I gcomhréir le hAirteagal 7 nó le hAirteagal 8, cuirfidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT faoi bhráid an údaráis inniúil a thug an cead sonrach, tuarascálacha míosúla lena léirítear go gcomhlíonann gach urrús inaistrithe DLT a thaifeadtar agus a shocraítear ar MTF DLT agus a cheadaítear dóibh sin a dhéanamh, i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 d’Airteagal 4, nó le TLU ar chóras socraíochta urrús DLT, na coinníollacha faoi mhíreanna 1 go 3.

    I gcás inar shroich margadhluach iomlán na n‑urrús inaistrithe DLT a thuairiscítear faoi mhír 1 EUR 2.25 billiún, déanfaidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh lena n‑oibrítear an MTF DLT lena mbaineann, nó an TLU lena n‑oibrítear córas socraíochta urrús lena mbaineann gníomhachtú ar an straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 6(6). Ina dtuarascáil mhíosúil, tabharfaidh siad fógra don údarás inniúil maidir le gníomhú a straitéise aistrithe agus maidir leis an tráthchlár don aistriú sin.

    Féadfaidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann cead a thabhairt do bhonneagar margaidh DLT leanúint de bheith ag oibriú go dtí go sroichfidh margadhluach iomlán urrús inaistrithe DLT arna dtuairisciú faoi mhír 1 EUR 2.75 billiún, ar choinníoll go n‑iarrfaidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT lena mbaineann an tsaoirse sin agus go mbeidh gá léi go hoibiachtúil chun an straitéis aistrithe a chur chun feidhme go hordúil.

    6.Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le hurrúis inaistrithe DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTF DLT.

    Airteagal 4

    Ceanglais agus díolúintí maidir le saoráidí trádála iltaobhacha DLT

    1.Beidh MTF DLT faoi réir na gceanglas uile is infheidhme maidir le MTF faoi Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) 2014/600, seachas sna cásanna seo a leanas:

    (a)má tá díolúine mar a shonraítear i mír 2 nó faoi Threoir (AE) .../.. 53 . iarrtha ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh a bhfuil an MTF DLT á oibriú aige, agus gur dheonaigh an túdarás inniúil díolúine den sórt sin dó, údarás inniúil a dheonaigh an cead sonrach i gcomhréir le hAirteagal 7; agus

    (b)má chomhlíonann an gnólacht infheistíochta nó an toibreoir margaidh a bhfuil an MTF DLT á oibriú aige na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6; agus

    (c)má chomhlíonann an gnólacht infheistíochta nó an toibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 go 4 agus aon bheart cúiteach breise a mheasfaidh an túdarás inniúil a dheonaigh an cead sonrach a bheith iomchuí chun na cuspóirí arna saothrú ag na forálacha a niarrtar díolúine ina leith a chomhlíonadh nó chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh agus/nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

    2.Arna iarraidh sin dó, féadfar a cheadú do ghnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige urrúis inaistrithe DLT nach bhfuil taifeadta ar TLU ach atá taifeadta ina ionad sin ar mhórleabhar dáilte an MTF DLT a ligean isteach chun a dtrádála i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 909/2014 .

    Gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil díolúine á iarraidh aige de bhun mhír 1, déanfaidh sé bearta cúiteacha a mholadh chun na cuspóirí arna saothrú leis na forálacha a n‑iarrtar díolúine ina leith a chomhlíonadh, agus chun an méid seo a leanas ar a laghad a áirithiú:

    (a)taifeadadh urrús inaistrithe DLT ar an teicneolaíocht mórleabhar dáilte;

    (b)go mbeidh líon na nurrús inaistrithe DLT arna dtaifeadadh ar MTF DLT cothrom le líon iomlán na nurrús inaistrithe DLT sin atá i gcúrsaíocht ar an teicneolaíocht mórleabhar dáilte tráth ar bith;

    (c)go gcoimeádann MTF DLT taifid lena gcuirfear ar chumas an ghnólachta infheistíochta nó an oibreora margaidh a bhfuil DLT MTF á oibriú aige, gan mhoill agus tráth ar bith, urrúis inaistrithe DLT de chuid chomhalta, rannpháirtí, eisitheora nó cliaint a leithscaradh ó urrúis inaistrithe DLT aon chomhalta, rannpháirtí, eisitheora, nó cliaint eile.

    I gcás nár iarr MTF DLT aon díolúine i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfar urrúis inaistrithe DLT a thaifeadadh i bhfoirm cuntais reatha in TLU nó ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige.

    3.I gcás ina bhfuil díolúine faoi mhír 2 iarrtha ag gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige, áiritheoidh sé, trí bhíthin nósanna imeachta agus socruithe láidre, go ndéanfaidh MTF DLT an méid seo a leanas:

    (a)go bhfuil líon na nurrús inaistrithe DLT in eisiúint nó i gcuid d’eisiúint arna ligean isteach ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige cothrom le suim na nurrús inaistrithe DLT a chuimsíonn eisiúint den sórt sin nó cuid d’eisiúint, arna taifeadadh ar an DLT, tráth ar bith;

    (b)slánchoinneáil aon urrús inaistrithe DLT a ráthú, chomh maith le slánchoinneáil aon chiste chun íocaíochtaí a dhéanamh i leith na nurrús sin nó i leith aon chomhthaobhachta a sholáthraítear i leith na nidirbheart sin trí MTF DLT a úsáid;

    (c)deimhniú soiléir, cruinn agus tráthúil ar shonraí idirbheart in urrúis inaistrithe DLT a chumasú, lena náirítear aon íocaíocht a dhéantar ina leith chomh maith le hurscaoileadh comhthaobhachta i dtaca leo;

    (d)faisnéis shoiléir, chruinn, agus thráthúil a chur ar fáil maidir le socrú idirbheart, lena náirítear críochnaitheacht socraíochta, tríd an nóiméad a shainiú óna bhféadfaidh comhalta, rannpháirtí, eisitheoir nó cliant orduithe aistrithe nó treoracha réamhshainaitheanta a chúlghairm;

    (e)idirbhearta in urrúis inaistrithe DLT a shocrú gar d’fhíor am nó in aon lá amháin, agus in aon chás, é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis an trádáil a thabhairt i gcrích;

    (f)soláthar in áit íocaíochta a áirithiú.

    Féadfar íocaíochtaí a shocrú trí airgead bainc cheannais i gcás ina bhfuil sé indéanta agus ar fáil, nó i gcás nach bhfuil sé indéanta agus ar fáil, trí airgead bainc thráchtála, lena n‑áirítear airgead bainc thráchtála i bhfoirm ceadchomharthaithe, nó i gceadchomharthaí ríomhairgid.

    I gcás ina ndéantar socraíocht trí airgead bainc thráchtála nó trí cheadchomharthaí ríomhairgid, déanfaidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige aon riosca contrapháirtí a eascróidh as úsáid airgid den sórt sin a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú, a íoslaghdú agus déanfaidh sé faireachán air; agus

    (g)teipeanna socraíochta a chosc nó, murar féidir é sin a dhéanamh, aghaidh a thabhairt orthu.

    4.I gcás ina niarrann gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige díolúine i gcomhréir le mír 2 nó le Treoir (AE) .../.. 54 ., léireoidh sé, in aon chás, maidir leis an díolúine a iarradh:

    (a)go bhfuil sé comhréireach maidir le húsáid DLT agus go bhfuil údar cuí leis dá bharr; agus

    (b)go bhfuil sé teoranta do MTF DLT agus nach gcumhdaítear aon MTF eile atá á oibriú ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh sin.

    Airteagal 5

    Ceanglais agus díolúintí maidir le córas socraíochta urrús DLT

    1.Beidh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige faoi réir na gceanglas is infheidhme maidir le TLU faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ach amháin:

    (a)má tá díolúintí mar a shonraítear i mír 2 go mír 6 iarrtha ag TLU den sórt sin agus gur dheonaigh an túdarás inniúil na díolúintí sin, údarás a dheonaigh an cead sonrach i gcomhréir le hAirteagal 8;

    (b)má chomhlíonann TLU den sórt sin na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6; agus

    (c)má chomhlíonann an gnólacht infheistíochta nó an toibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 go 7 agus aon bheart cúiteach breise a mheasfaidh an túdarás inniúil a dheonaigh an cead sonrach a bheith iomchuí chun na cuspóirí arna saothrú ag na forálacha a niarrtar díolúine ina leith a chomhlíonadh nó chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh agus/nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

    2.Arna iarraidh sin dó, féadfaidh an túdarás inniúil TLU a bhfuil córas socraíochta urrús a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 2(4) ar fhoirm dhí-ábharaithe, Airteagal 2(9) ar aistriú orduithe, Airteagal 2(28) ar chuntais urrús, Airteagal 3 ar thaifeadadh urrús, Airteagal 37 ar shláine eisiúna, Airteagal 38 ar leithdháileadh sócmhainní Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll ndéanfaidh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige an méid seo a leanas:

    (a)a léiriú go bhfuil úsáid ‘cuntas urrús’, mar a shainmhínítear faoi Airteagal 2(28) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó úsáid foirm cuntais reatha ar neamhréir le húsáid a DLT féin;

    (b)bearta cúiteacha a mholadh chun na cuspóirí arna saothrú leis na forálacha a niarrtar díolúine ina leith a chomhlíonadh, agus chun an méid seo a leanas ar a laghad a áirithiú:

    (c)taifeadadh urrús inaistrithe DLT ar an mórleabhar dáilte;

    (d)líon na nurrús inaistrithe DLT in eisiúint nó i gcuid d’eisiúint arna ligean isteach ag an TLU a bhfuil an córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige, go mbeidh sé cothrom le suim na nurrús inaistrithe DLT a chuimsíonn eisiúint den sórt sin nó cuid d’eisiúint, a thaifeadtar ar an mórleabhar dáilte tráth ar bith; agus

    (e)taifid a choimeád lena gcuirfear ar chumas an TLU, gan mhoill agus tráth ar bith, urrúis inaistrithe DLT de chuid comhalta, rannpháirtí, eisitheora nó cliaint a leithscaradh ó urrúis aon chomhalta, rannpháirtí, eisitheora nó cliant.

    3.Arna iarraidh sin dó, féadfaidh an túdarás inniúil TLU á bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 19 agus Airteagal 30 Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll:

    (1)go mbeidh na forálacha sin ar neamhréir le húsáid DLT mar a bheartaigh an DLT ar leith arna oibriú ag TLU lena mbaineann; agus

    (2)go ndéanfaidh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (c) go (i) d’Airteagal 30(1) agus in Airteagal 30(2) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

    4.Arna iarraidh sin dó, féadfaidh an túdarás inniúil córas socraíochta urrús DLT a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 2(19) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar rannpháirtithe agus féadfaidh sé glacadh le daoine nádúrtha agus dlítheanacha seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 2(19) mar rannpháirtithe, ar choinníoll go mbeidh an méid seo a leanas fíor i dtaca leis na daoine sin:

    (1)go bhfuil dea-cháil leordhóthanach orthu agus go bhfuil siad oiriúnach agus cuí; agus

    (2)go bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais, inniúlachta, taithí agus eolais acu faoin iarthrádáil agus faoi fheidhmiú DLT.

    5.Arna iarraidh sin dó, féadfaidh an túdarás inniúil TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 40 Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar shocraíocht airgid thirim, ar choinníoll go náirithíonn TLU soláthar in áit íocaíochta.

    Féadfar íocaíochtaí a shocrú trí airgead bainc cheannais, i gcás ina bhfuil sé indéanta agus ar fáil, nó i gcás nach bhfuil sé indéanta agus ar fáil, trí airgead bainc thráchtála, lena n‑áirítear airgead bainc thráchtála i bhfoirm ceadchomharthaithe, nó i gceadchomharthaí ríomhairgid.

    I gcás ina ndéantar socraíocht trí airgead bainc thráchtála nó trí cheadchomharthaí ríomhairgid, déanfaidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige aon riosca contrapháirtí a eascróidh as úsáid airgid den sórt sin a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú, a íoslaghdú agus déanfaidh sé faireachán air.

    6.Arna iarraidh sin dó, féadfar TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 50 agus/nó Airteagal 53 ar rochtain chaighdeánach ar nasc agus rochtain idir TLU agus bonneagar margaidh eile de chuid Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go léirítear ann DLT a bheith ar neamhréir le córas leagáide TLUnna eile nó bonneagair mhargaidh eile nó gur costais dhíréireacha a bheadh mar thoradh ar rochtain a thabhairt do TLU eile nó bonneagair mhargaidh eile a bheith ag baint leasa as córais leagáide, i bhfianaise mhéid chóras socraíochta urrús DLT.

    7.I gcás inar iarr TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige díolúine i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfaidh sé rochtain do TLUnna eile a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú acu nó do MTFanna DLT.

    I gcás ina n‑iarrann TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige díolúine i gcomhréir le mír 2 agus le mír 6, déanfaidh sé a léiriú:

    (a)go bhfuil an díolúine a iarrtar comhréireach le húsáid a DLT agus go bhfuil údar cuí leis dá bharr, agus;

    (b)go bhfuil an díolúine a iarradh teoranta do chóras socraíochta urrús DLT agus nach gcuireann sé le haon chóras socraíochta urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 arna oibriú ag TLU céanna.

    8.I gcás inar iarr TLU díolúine a tugadh faoi mhír 3, ní bheidh feidhm ag an gceanglas in Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014/AE ar chóras socraíochta urrús DLT go ndéanann na Ballstáit an córas socraíochta urrús arna oibriú ag TLU i gcomhréir le Treoir 98/26/CE a ainmniú agus fógra a thabhairt faoi. Ní chuirfidh an méid seo aon bhac ar na Ballstáit ó chóras socraíochta urrús DLT a ainmniú agus fógra a thabhairt faoi i gcomhréir le Treoir 98/26/CE i gcás ina gcomhlíonann córas socraíochta urrús DLT ceanglais uile na Treorach sin.

    Airteagal 6

    Ceanglais bhreise maidir le bonneagair mhargaidh DLT

    1.Déanfaidh oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT plean gnó soiléir mionsonraithe a bhunú lena ndéanfar cur síos ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu a gcuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, agus áireofar ann cur síos ar an bhfoireann chriticiúil, gnéithe teicniúla, úsáid DLT agus an fhaisnéis a cheanglaítear i mír 3.

    Ba cheart doiciméadacht scríofa atá cothrom le dáta, soiléir, mionsonraithe agus ar fáil go poiblí a bheith acu freisin, doiciméadacht a fhéadfar a chur ar fáil go leictreonach, lena sainmhíneofar na rialacha faoina n‑oibreoidh an bonneagar margaidh DLT, lena n‑áirítear na téarmaí dlíthiúla comhaontaithe lena mbaineann, lena sainmhíneofar cearta, oibleagáidí, freagrachtaí agus dliteanais oibreoir an bhonneagair margaidh DLT, chomh maith le cearta, oibleagáidí, freagrachtaí agus dliteanais na gcomhaltaí, na rannpháirtithe, na n‑eisitheoirí agus/nó na gcliant a bhaineann úsáid as an mbonneagar margaidh DLT lena mbaineann. Sonrófar sna socruithe dlíthiúla sin an dlí rialaithe, an sásra réamhdhlíthíochta um réiteach díospóidí agus an dlínse maidir le caingean dlí a thionscnamh.

    2.Déanfaidh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige, agus gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn MTF DLT lena niarrtar díolúine ó Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, rialacha a bhunú maidir le feidhmiú DLT a oibrítear leo, lena náirítear na rialacha chun rochtain a fháil ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, rannpháirtíocht na nód bailíochtaithe, aghaidh a thabhairt ar choimhlintí leasa is féidir a bheith ann, agus bainistíocht rioscaí lena náirítear aon bheart maolaithe.

    3.Déanfaidh oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT faisnéis shoiléir a sholáthar trína suíomh gréasáin dá mbaill, dá rannpháirtithe, dá neisitheoirí agus dá gcliaint maidir lena bhfeidhmeanna, a seirbhísí agus a ngníomhaíochta a chur i gcrích agus an bealach nach dtagann comhlíonadh feidhmeanna, seirbhísí agus gníomhaíochtaí le MTF nó le córas socraíochta urrús. Beidh an cineál DLT a úsáideadh san áireamh leis an bhfaisnéis sin.

    4.Áiritheoidh oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT go mbeidh na socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshlándála foriomlána a bhaineann le húsáid a DLT comhréireach le cineál, scála agus castacht a ngnólachta. Áiritheofar leis na socruithe sin trédhearcacht, infhaighteacht, iontaofacht agus slándáil leanúnach a seirbhísí agus a ngníomhaíochtaí, lena náirítear iontaofacht na gconarthaí cliste a úsáidtear ar an DLT. Áiritheofar leis na socruithe sin sláine, slándáil agus rúndacht aon sonra a stóráiltear, agus infhaighteacht agus inrochtaineacht na sonraí sin.

    Beidh nós imeachta sonrach maidir le riosca oibríochtúil ag oibreoirí an bhonneagair margaidh DLT maidir leis na rioscaí a bhaineann le DLT agus criptea-shócmhainní a úsáid agus maidir leis an gcaoi a dtabharfaí aghaidh ar na rioscaí sin ach iad a bheith ann.

    Chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe i mbonneagar margaidh DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil iniúchadh a éileamh. Ceapfaidh an t‑údarás inniúil iniúchóir neamhspleách chun an t‑iniúchadh a dhéanamh. Is é an bonneagar margaidh DLT a íocfaidh as na costais a bhaineann le hiniúchadh den sórt sin.

    5.I gcás ina náiritheoidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT slánchoinneáil chistí, chomhthaobhachta agus urrús inaistrithe DLT de chuid rannpháirtithe, comhaltaí, eisitheoirí agus cliant, chomh maith le slánchoinneáil na modhanna rochtana ar na hurrúis inaistrithe DLT sin, lena náirítear i bhfoirm eochracha cripteagrafacha, beidh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT den sórt sin chun cosc a chur ar úsáid na gcistí, na comhthaobhachta nó na nurrús inaistrithe DLT sin ar a gcuntas féin mura bhfuil toiliú sainráite i bhfianaise i scríbhinn, toiliú is féidir a thabhairt le modhanna leictreonacha, faighte ón rannpháirtí, ón gcomhalta, ón eisitheoir nó ón gcliant lena mbaineann.

    Coinneoidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT taifid shábháilte, chruinne, iontaofa agus in-aisghafa de na cistí, den chomhthaobhacht agus de na hurrúis inaistrithe DLT atá i seilbh a bhonneagair margaidh DLT le haghaidh comhaltaí, rannpháirtithe, eisitheoirí nó cliaint chomh maith leis na modhanna rochtana ar na sócmhainní sin.

    Déanfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT na cistí, an chomhthaobhacht agus na hurrúis inaistrithe DLT de chuid na gcomhaltaí, na rannpháirtithe agus na gcliant a bhfuil a bhonneagar margaidh DLT in úsáid acu, chomh maith leis na modhanna rochtana ar na sócmhainní sin, a leithscaradh óna shócmhainní féin, agus déanfaidh sé iad a leithscaradh ó na sócmhainní céanna de chuid comhaltaí, rannpháirtithe, eisitheoirí nó cliant eile.

    Áiritheofar leis na socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána, dá dtagraítear i mír 4 go ndéanfar na cistí, an chomhthaobhacht agus na hurrúis inaistrithe DLT sin, chomh maith leis na modhanna rochtana ar na sócmhainní sin, a chosaint ar rioscaí a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe, haiceáil, díghrádú, caillteanas, cibear-ionsaí nó goid.

    6.Déanfaidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT straitéis shoiléir mhionsonraithe a sholáthar a mbeidh teacht ag an bpobal air maidir le haistriú amach as nó scor bonneagar margaidh DLT áirithe (dá dtagraítear anseo mar an ‘straitéis aistrithe’), réidh lena húsáid go tráthúil, i gcás nach mór an cead nó roinnt de na díolúintí a dheonaítear le hAirteagal 4 nó le hAirteagal 5 a tharraingt siar nó a scor, nó i gcás scoir dheonaigh nó neamhdheonaigh ghnó MTF DLT nó córas socraíochta urrús DLT. Leagfar amach sa straitéis aistrithe conas a chaithfear le comhaltaí, rannpháirtithe, eisitheoirí agus cliaint i gcás tarraingt siar, scoir nó staid den sórt sin. Déanfar an straitéis aistrithe a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach ach toiliú a fháil roimh ré ón údarás inniúil a dheonaigh an cead oibrithe agus na díolúintí lena mbaineann faoi Airteagal 4 agus Airteagal 5.

    Airteagal 7

    Cead sonrach saoráid trádála iltaobhach DLT a oibriú

    1.Féadfaidh duine dlítheanach atá údaraithe mar ghnólacht infheistíochta nó chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, cead sonrach a iarraidh chun MTF DLT a oibriú faoin Rialachán seo.

    2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas in éineacht le hiarratais ar chead sonrach MTF DLT a oibriú faoin Rialachán seo:

    (a)an fhaisnéis riachtanach faoi Airteagal 7(4) de Threoir 2014/65/AE;

    (b)an plean gnó, rialacha an MTF DLT agus sainsocruithe dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) chomh maith leis an bhfaisnéis maidir le feidhmiú, seirbhísí agus gníomhaíochtaí an MTF DLT dá dtagraítear in Airteagal 6(3);

    (c)i gcás inarb infheidhme, feidhmiú a DLT dílseánaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(2);

    (d)na socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána dá dtagraítear in Airteagal 6(4);

    (e)i gcás inarb infheidhme, cur síos ar na socruithe slánchoinneála maidir le hurrúis inaistrithe DLT de chuid cliant dá dtagraítear in Airteagal 6(5);

    (f)a straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 6(6); agus

    (g)an díolúine atá á hiarraidh aige, i gcomhréir le hAirteagal 4, an túdar cuí a bhaineann le gach díolúine atá á lorg, aon bheart cúiteach a mholtar chomh maith leis na modhanna atá beartaithe chun na coinníollacha a ghabhann le díolúintí den sórt sin faoi Airteagal 4 a chomhlíonadh.

    3.Sula ndéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar chead sonrach chun MTF DLT a oibriú faoin Rialachán seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra do ESMA agus cuirfidh sé ar fáil faisnéis ábhartha maidir leis an MTF DLT agus míniú ar na díolúintí a iarradh, ar na cúiseanna atá leo agus ar aon bheart cúiteach arna moladh ag an iarrthóir nó arna éileamh ag an údarás inniúil.

    Laistigh de thrí mhí ón bhfógra a fháil, cuirfidh ESMA tuairim neamhcheangailteach ar fáil don údarás inniúil maidir leis an iarratas agus déanfaidh sé aon mholadh maidir leis na díolúintí arna iarraidh ag an iarratasóir, a bhfuil gá leis chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Déanfaidh ESMA comhsheasmhacht agus comhréireacht na ndíolúintí arna ndeonú ag údaráis inniúla do ghnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh lena n‑oibrítear córas MTFanna DLT ar fud an Aontais. Chun an méid sin a dhéanamh, rachaidh ESMA i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát eile go tráthúil agus cuirfidh sé a dtuairimí go mór san áireamh sa tuairim uaidh.

    4.Gan dochar d’Airteagal 7 agus Airteagal 44 de Threoir 2014/65/AE, diúltóidh údarás inniúil cead sonrach a thabhairt don iarratasóir MTF DLT a oibriú faoin Rialachán seo, má tá forais ann le haon cheann de na nithe seo a leanas a chreidiúint:

    (a)níl aghaidh tugtha mar is ceart ag an iarratasóir ar rioscaí suntasacha do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais, nó níl na riosca sin maolaithe mar is ceart aige; nó

    (b)tá an cead sonrach chun MTF DLT a oibriú faoin Rialachán seo agus na díolúintí a iarradh á lorg le dul timpeall ar cheanglais dlí agus/nó rialála.

    5.Beidh an cead sonrach a dheonaítear do ghnólacht infheistíochta nó d’oibreoir margaidh chun MTF DLT a oibriú bailí ar fud an Aontais ar feadh tréimhse suas go sé bliana ó dháta an cheada shonraigh. Sonrófar ann na díolúintí a dheonaítear, i gcomhréir le hAirteagal 4.

    Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin an liosta MTFanna DLT, dátaí tosaithe agus críochnaithe na gceadanna sonracha agus liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh.

    6.Gan dochar d’Airteagal 8 agus Airteagal 44 de Threoir 2014/65/AE, déanfaidh an túdarás inniúil a dheonaigh cead sonrach faoin Rialachán seo an cead sin nó aon cheann de na díolúintí a deonaíodh a tharraingt siar, tar éis dul i gcomhairle le hESMA, i gcomhréir le mír 3, más rud é gur tharla aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)aimsíodh locht i bhfeidhmiú DLT nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí arna soláthar ag an oibreoir MTF DLT ar baol é do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh, nó cobhsaíocht airgeadais, baol ar mó é ná sochair na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí faoi thástáil;

    (b)sháraigh an gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige na coinníollacha a bhaineann leis na díolúintí arna ndeonú ag an údarás inniúil;

    (c)tá ionstraimí airgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus 3(2) ligthe isteach chun a dtrádála ag an ngnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige;

    (d)tá urrúis inaistrithe DLT nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus 3(2) taifeadta ag an ngnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige, agus a bhfuil díolúine ó Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 iarrtha aige;

    (e)tá na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) nó mír 3 d’Airteagal (5) sáraithe ag an ngnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige, agus a bhfuil cead sonrach iarrtha aige díolúine a fháil ó Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014; nó

    (f)tuigfear don údarás inniúil gur tugadh cead nó díolúintí lena mbaineann don ghnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a chuir isteach ar chead sonrach MTF DLT a oibriú ar bhonn faisnéise míthreoraí lena náirítear aon easnamh ábhartha.

    7.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú DLT, nó ar a sheirbhísí nó a ghníomhaíochtaí le linn a ghníomhaíochta, agus go mbeadh cead nua, díolúine nua nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó de na díolúintí atá aige cheana nó aon choinníoll a ghabhann leis riachtanach ina leith, iarrfaidh sé an cead, díolúine nó modhnú sin i gcomhréir le hAirteagal 4. Déanfaidh an túdarás inniúil an cead, an díolúine nó an modhnú sin a phróiseáil, i gcomhréir le míreanna 2 go 5.

    I gcás ina n‑iarrann gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige, cead nó díolúine nua le linn a ghníomhaíochta, déanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 4. Déanfaidh an t‑údarás inniúil an cead nó díolúine sin a phróiseáil, i gcomhréir le míreanna 2 go 5.

    Airteagal 8

    Cead sonrach córas socraíochta urrús DLT a oibriú

    1.Féadfaidh duine dlítheanach a údaraítear mar TLU faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 iarratas a chur isteach ar chead sonrach córas socraíochta urrús DLT a oibriú faoin Rialachán seo.

    2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas in éineacht le hiarratais ar chead sonrach córas socraíochta urrús DLT a oibriú faoin Rialachán seo:

    (a)an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7(9) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

    (b)an plean gnó, rialacha chóras socraíochta urrús DLT agus sainsocruithe dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) chomh maith le faisnéis maidir le feidhmiú, seirbhísí agus gníomhaíochtaí chóras socraíochta urrús DLT dá dtagraítear in Airteagal 6(3);

    (c)feidhmiú a DLT dílseánaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(2);

    (d)na socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána dá dtagraítear in Airteagal 6(4);

    (e)na socruithe slánchoinneála dá dtagraítear in Airteagal 6(5);

    (f)an straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 6(6);

    (g)an díolúine atá á hiarraidh aige, i gcomhréir le hAirteagal 5, na húdair a bhaineann le gach díolúine atá á lorg, aon bheart cúiteach a mholtar chomh maith leis na bearta atá beartaithe chun na coinníollacha a ghabhann le díolúintí den sórt sin faoi Airteagal 5 a chomhlíonadh.

    3.Sula ndéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar chead sonrach chun MTF DLT a oibriú faoin Rialachán seo, tabharfaidh an túdarás inniúil fógra do ESMA agus cuirfidh sé ar fáil faisnéis ábhartha maidir le córas socraíochta urrús DLT agus míniú ar na díolúintí a iarradh, ar an gcúis atá leo agus ar aon bheart cúiteach arna moladh ag an iarrthóir nó arna éileamh ag an údarás inniúil.

    Laistigh de thrí mhí ón bhfógra a fháil, cuirfidh ESMA tuairim neamhcheangailteach ar fáil don údarás inniúil maidir leis an iarratas agus déanfaidh sé aon mholadh maidir leis na díolúintí arna iarraidh ag an iarratasóir, a bhfuil gá leo chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Déanfaidh ESMA comhsheasmhacht agus comhréireacht na ndíolúintí arna ndeonú ag údaráis inniúla do TLUnna a bhfuil córais socraíochta urrús DLT á n‑oibriú acu, ar fud an Aontais. Chun an méid sin a dhéanamh, rachaidh ESMA i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát eile go tráthúil agus cuirfidh sé a dtuairimí go mór san áireamh sa tuairim uaidh.

    4.Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, diúltóidh údarás inniúil cead sonrach a thabhairt faoin Rialachán seo, má tá forais ann le haon cheann de na nithe seo a leanas a chreidiúint:

    (a)níl aghaidh tugtha mar is ceart ag an iarratasóir ar rioscaí suntasacha do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais, nó níl na riosca sin maolaithe mar is ceart aige; nó

    (b)tá an cead sonrach le córas socraíochta urrús DLT a oibriú agus na díolúintí a iarradh á lorg le dul timpeall ar cheanglais dlí nó rialála.

    5.Beidh an cead sonrach a dheonaítear le córas socraíochta urrús DLT a oibriú bailí ar fud an Aontais ar feadh tréimhse suas go sé bliana ó dháta an cheada shonraigh. Sonrófar ann na díolúintí a dheonaítear, i gcomhréir le hAirteagal 5.

    Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin liosta de chóras socraíochta urrús DLT, dátaí tosaithe agus críochnaithe na gceadanna sonracha agus liosta de na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh.

    6.Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, déanfaidh an túdarás inniúil a dheonaigh an cead sonrach, an cead sin nó aon cheann de na díolúintí a tugadh a deonaíodh a tharraingt siar faoin Rialachán seo, tar éis dul i gcomhairle le hESMA, i gcomhréir le mír 3, más rud é gur tharla aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)aimsíodh locht i bhfeidhmiú DLT nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí arna soláthar ag TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT aige ar baol é do shláine an mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó cobhsaíocht airgeadais, baol ar mó é ná sochair na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí faoi thástáil; nó

    (b)sháraigh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí arna ndeonú ag an údaráis inniúil; nó

    (c)tá ionstraimí airgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus (2) taifeadta ag an TLU a bhfuil an córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige; nó

    (d)sháraigh an TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT a oibriú aige na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus (5), an tríú fomhír; nó

    (e)tuigfear don údarás inniúil gur tugadh cead nó díolúintí lena mbaineann do TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige a chuir isteach ar chead córas socraíochta urrús DLT a oibriú ar bhonn faisnéise míthreoraí lena náirítear aon easnamh ábhartha.

    7.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú DLT, nó ar a sheirbhísí nó a ghníomhaíochtaí le linn a ghníomhaíochta, agus go mbeadh cead nua, díolúine nua nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó de na díolúintí atá aige cheana nó aon choinníoll a ghabhann leis riachtanach ina leith, iarrfaidh sé an cead, díolúine nó modhnú sin i gcomhréir le hAirteagal 5. Déanfaidh an túdarás inniúil an cead, an díolúine nó an modhnú sin a phróiseáil, i gcomhréir le míreanna 2 go 5.

    I gcás ina n‑iarrfaidh TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige cead nó díolúine nua le linn a ghníomhaíochta, iarrfaidh sé an cead nó an díolúine sin i gcomhréir le hAirteagal 5. Déanfaidh an t‑údarás inniúil an cead, an díolúine nó an modhnú sin a phróiseáil, i gcomhréir le míreanna 2 go 5.

    Airteagal 9

    Comhoibriú idir oibreoirí bonneagair mhargaidh DLT, údaráis inniúla agus ESMA

    1.Gan dochar do chur i bhfeidhm aon fhoráil ábhartha de Threoir 2014/65/AE agus de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, oibreoidh oibreoirí bonneagar margaidh DLT i gcomhar leis na húdaráis inniúla a gcuirtear ar a niontaoibh ceadanna sonracha a dheonú faoin Rialachán seo agus le ESMA.

    Go háirithe, a luaithe a gheobhaidh oibreoirí bonneagar margaidh DLT amach faoi aon cheann de na hábhair atá liostaithe, tabharfaidh siad fógra ina leith do na húdaráis inniúla sin agus do ESMA. Gan teorainn, áirítear ar na hábhair sin:

    (a)aon athrú ábhartha beartaithe ar a bplean gnó lena náirítear foireann chriticiúil, rialacha an bhonneagair margaidh DLT agus socruithe dlíthiúla gaolmhara ceithre mhí sula mbeidh an tathrú beartaithe, d’ainneoin cé acu an bhfuil gá le hathrú ar an gcead sonrach nó na díolúintí nó na coinníollacha gaolmhara lena mbaineann nó nach bhfuil mar gheall ar an athrú ábhartha beartaithe, i gcomhréir le hAirteagal 7 nó Airteagal 8;

    (b)aon fhianaise ar rochtain neamhúdaraithe, mífheidhmiú ábhartha, caillteanas, cibear-ionsaithe nó cibearbhagairtí eile, calaois, goid nó faillí thromchúiseach a bhain don bhonneagar margaidh DLT;

    (c)aon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis a tugadh don údarás inniúil a dheonaigh an cead sonrach;

    (d)aon deacracht theicniúil nó oibríochtúil maidir leis na gníomhaíochtaí nó seirbhísí a thabhairt i gcrích atá faoi réir an cheada shonraigh, lena náirítear deacrachtaí a bhaineann le forbairt nó le húsáid an DLT agus na nurrús inaistrithe DLT; nó

    (e)aon riosca do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais atá tagtha chun cinn agus nach raibh súil leo san iarratas ina niarrtar cead sonrach nó an tráth a tugadh an cead sonrach.

    I gcás ina dtabharfar fógra faoi fhaisnéis den sórt sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil ceangal a chur ar an mbonneagar margaidh DLT lena mbaineann iarratas a dhéanamh faoi Airteagal 7(7) nó Airteagal 8(7) agus/nó féadfaidh sé aon bheart ceartaitheach riachtanach a dhéanamh dá dtagraítear i mír 3.

    2.Aon fhaisnéis ábhartha a bhfuil gá ag an údarás inniúil a dheonaigh an cead sonrach agus ag ESMA léi, cuirfidh oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT ar fáil dóibh í.

    3.Féadfaidh an túdarás inniúil a dheonaigh an cead sonrach aon bheart ceartaitheach a cheangal ar an bplean gnó, ar rialacha an bhonneagair margaidh DLT agus ar shocruithe dlíthiúla lena mbaineann chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Sula gceanglófar aon bheart ceartaitheach rachaidh an túdarás inniúil i gcomhairle le ESMA, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) nó le hAirteagal 8(3). Déanfaidh an bonneagar margaidh DLT tuairisciú maidir leis na bearta a rinneadh chun aon bheart ceartaitheach arna éileamh ag an údarás inniúil a chur chun feidhme, ina thuarascálacha dá dtagraítear i mír 4.

    4.Gach sé mhí tar éis dháta an cheada shonraigh, cuirfidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT tuarascáil faoi bhráid an údaráis inniúil agus faoi bhráid ESMA. Gan teorainn, áireofar an méid seo a leanas sa tuarascáil sin:

    (a)achoimre ar aon fhaisnéis a liostaítear sa dara fomhír de mhír 1;

    (b)líon agus luach na nurrús inaistrithe DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTF DLT, líon agus luach na nurrús inaistrithe DLT arna dtaifeadadh ag TLU a bhfuil córais socraíochta urrús DLT á noibriú aige, agus, i gcás inarb infheidhme, líon agus luach na nurrús inaistrithe arna dtaifeadadh ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige;

    (c)líon agus luach na nidirbheart arna dtrádáil ar MTF DLT agus arna socrú ag TLU a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú aige, nó i gcás inarb infheidhme, ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT á oibriú aige;

    (d)measúnú réasúnaithe ar aon deacracht maidir le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais nó le dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm; agus

    (e)na bearta a glacadh chun aon bheart cúiteach nó ceartaitheach arna éileamh ag an údarás inniúil nó coinníollacha arna bhforchur ag an údarás inniúil.

    5.Beidh ról comhordúcháin idir údaráis inniúla ag ESMA, d’fhonn comhthuiscint a fhorbairt maidir le teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus bonneagar margaidh DLT chomh maith le cultúr coiteann maoirseachta agus cleachtais mhaoirseachta chóineasaithe, lena náiritheofar cur chuige agus cóineasú comhsheasmhach i dtorthaí maoirseachta.

    Cuirfidh ESMA na húdaráis inniúla uile ar an eolas ar bhonn rialta maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)na tuarascálacha a chuirtear isteach i gcomhréir le mír 4;

    (b)na ceadanna sonracha agus na díolúintí arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 chomh maith leis na coinníollacha a ghabhann leo;

    (c)aon diúltú ag údarás inniúil cead sonrach nó díolúine a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8, aon tarraingt siar ar chead sonrach nó díolúintí mar sin agus aon scor de ghnó ag bonneagar margaidh DLT.

    6.Déanfaidh ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm na gceadanna sonracha, na ndíolúintí gaolmhara agus na gcoinníollacha a ghabhann leo, arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8, chomh maith le haon bheart cúiteach nó ceartaitheach is gá agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.

    Airteagal 10

    Tuairisciú agus athbhreithniú

    1.Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar a dhéanaí, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)feidhmiú bhonneagair margaidh DLT ar fud an Aontais;

    (b)líon na MTFanna DLT agus TLUnna a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú acu agus ar tugadh cead sonrach dóibh faoin Rialachán seo;

    (c)cineál na ndíolúintí arna niarraidh ag bonneagair mhargaidh DLT agus cineál na ndíolúintí arna ndeonú ag údaráis inniúla;

    (d)líon agus luach na nurrús inaistrithe DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTFanna DLT, líon agus luach na nurrús inaistrithe DLT arna dtaifeadadh ag TLUnna a bhfuil córais socraíochta urrús DLT á noibriú acu, agus, i gcás inarb infheidhme, líon agus luach na nurrús inaistrithe arna dtaifeadadh ag MTFanna DLT;

    (e)líon agus luach na nidirbheart arna dtrádáil ar MTF DLT agus arna socrú ag TLUnna a bhfuil córas socraíochta urrús DLT á oibriú acu, nó i gcás inarb infheidhme, ag MTFanna DLT;

    (f)an cineál DLT a úsáideadh agus saincheisteanna teicniúla a bhaineann le húsáid DLT, lena náirítear na hábhair dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 9(1);

    (g)na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag MTFanna DLT i gcomhréir le hAirteagal 4(3)(g);

    (h)aon riosca a bhaineann le DLT a úsáid;

    (i)aon saincheist idir-inoibritheachta idir bonneagair mhargaidh DLT agus bonneagair eile a bhfuil seanchórais á núsáid acu;

    (j)na tairbhí a thagann as DLT a úsáid, i dtéarmaí aon fheabhsú éifeachtúlachta agus laghdú riosca ar fud an tslabhra trádála agus iarthrádála, lena náirítear riosca gan teorainn, maidir le hurrúis inaistrithe DLT a thaifeadadh agus a choinneáil slán, inrianaitheacht idirbheart, ghníomhaíochtaí corparáideacha, feidhmeanna tuairiscithe agus maoirseachta ar leibhéal an bhonneagair margaidh DLT;

    (k)aon diúltú ag údarás inniúil cead sonrach nó díolúine a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8, aon mhodhnú nó tarraingt siar ar cheadanna sonracha nó díolúintí den sórt sin chomh maith le modhnú nó tarraingt siar ar bhearta cúiteacha nó ceartaitheacha; agus

    (l)aon scor gnó ag bonneagar margaidh DLT agus na cúiseanna a bhaineann leis an scor sin.

    2.Bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena náirítear measúnú costais is tairbhe maidir lenar cheart an méid seo a leanas a dhéanamh i dtaobh an chórais le haghaidh bonneagair mhargaidh DLT faoin Rialachán seo:

    (a)síneadh a chur leis ar feadh tréimhse eile;

    (b)cineálacha eile ionstraimí airgeadais a chumhdach leis, ar ionstraimí iad is féidir a eisiúint, a thaifeadadh, a aistriú nó a stóráil ar DLT;

    (c)é a leasú;

    (d)é a dhéanamh buan trí leasú nó gan leasú; nó

    (e)é a fhoirceannadh.

    Ina thuarascáil, féadfaidh an Coimisiún aon mhodhnú iomchuí ar chreat an Aontais maidir le reachtaíocht seirbhísí airgeadais nó ar chomhchuibhiú dlíthe náisiúnta a mholadh lena n‑éascófaí úsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte san earnáil airgeadais chomh maith le húsáid aon bheart a bhfuil gá leis chun bonneagair mhargaidh DLT a aistriú amach as an gcóras píolótach.

    Airteagal 11

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón [cuir isteach an dáta a bheidh ann 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfaidh na Ballstáit fógra dá n‑údaráis inniúla, más ann dóibh, de réir bhrí Airteagal 2(21)(c), do ESMA agus don Choimisiún. Foilseoidh ESMA liosta de húdaráis inniúla sin ar a shuíomh gréasáin.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas COM/2020/591
    (2)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí criptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 - COM(2020)593
    (3)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014 - COM(2020)595
    (4)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2009/65/CE, 2009/138/AE, 2011/61/AE, AE/2013/36, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus AE/2016/2341 - COM(2020)596
    (5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le plean Gníomhaíochta FinTech, COM/2018/109 final, 08.03.2018
    (6)    ESMA, Comhairle maidir le ‘Initial Coin Offerings and Crypto-Assets’ [‘Tairiscintí Tosaigh Monaí agus Criptea-shócmhainní’], 2019; Tuarascáil EBA le comhairle ar chriptea-shócmhainní, 2019.
    (7)    Litir misin an Uachtaráin toghaí Von der Leyen chuig an Leas-Uachtarán Dombrovskis, an 10 Meán Fómhair 2019.
    (8)    Ráiteas Comhpháirteach an Choimisiúin Eorpaigh agus na Comhairle maidir le ‘cripteamhona cobhsaí’, an 5 Nollaig 2019.
    (9)    https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/ECON-PR-650539_EN.pdf.
    (10)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE
    (11)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2009/65/CE, 2009/138/AE, 2011/61/AE, AE/2013/36, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus AE/2016/2341 - COM(2020)596
    (12)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí criptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 - COM(2020)593
    (13)    An Coimisiún Eorpach, plean Gníomhaíochta FinTech, COM/2018/109 final
    (14)    ESMA, Comhairle maidir le ‘Initial Coin Offerings and Crypto-Assets’ [‘Tairiscintí Tosaigh Monaí agus Criptea-shócmhainní’], 2019; Tuarascáil EBA le comhairle ar chriptea-shócmhainní, 2019.
    (15)    an tUachtarán Ursula von der Leyen, Treoirlínte Polaitiúla le haghaidh an Choimisiúin nua, 2019-2024.
    (16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Aois Dhigiteach na hEorpa a mhúnlú, COM(2020) 67 final.
    (17)    Moladh 7 an Fhóraim Ardleibhéil maidir le tuarascáil deiridh Aontas na Margaí Caipitil. ( https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/business_economy_euro/growth_and_investment/documents/200610-cmu-high-level-forum-final-report_en.pdf ). 
    (18)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip -COM(2020)605 final, 24.07.2020
    (19)    Measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí Criptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 SWD(2020)380
    (20)    https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/business_economy_euro/banking_and_finance/documents/2019-crypto-assets-consultation-document_en.pdf
    (21)    Measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí Criptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 SWD(2020)380
    (22)    https://ec.europa.eu/info/publications/egbpi-meetings-2020_en
    (23)    ESMA, Comhairle maidir le ‘Initial Coin Offerings and Crypto-Assets’ [‘Tairiscintí Tosaigh Monaí agus Criptea-shócmhainní’], 2019; Tuarascáil EBA le comhairle ar chriptea-shócmhainní, 2019.
    (24)    Measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí Criptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 SWD(2020)380
    (25)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE
    (26)    Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
    (27)    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad le haghaidh trádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/71/CE
    (28)    Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012
    (29)    Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús
    (30)    IO C , , lch. .
    (31)    IO C […], […], lch. […].
    (32)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas COM/2020/591
    (33)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
    (34)    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun trádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12)
    (35)    Treoir 2013/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe, Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a bheidh urrúis á dtairscint don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus Treoir 2007/14/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe ó Threoir 2004/109/CE (IO L 294, 6.11.2013, lch. 13)
    (36)    Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid margaidh (an rialachán maidir le drochúsáid margaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, Treoir 2003/125/CE agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1)
    (37)    Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).
    (38)    Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1)
    (39)    Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45)
    (40)    An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, Tuarascáil ina bhfuil comhairle maidir le tairiscint tosaigh bonn agus Criptea-Shócmhainní (ESMA50-157-1391)
    (41)    Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84)
    (42)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2009/65/CE, 2009/138/AE, 2011/61/AE, AE/2013/36, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus AE/2016/2341 - COM(2020)596
    (43)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gCriptea-Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937– COM(2020)593
    (44)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir AE/2013/36, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2015/2366, Treoir 2009/138/CE, Treoir AE/2016/2341, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2011/61/CE agus Treoir 2006/43/CE, - COM(2020)596
    (45)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937– COM(2020)593
    (46)    An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, Tuarascáil ina bhfuil comhairle maidir le tairiscint tosaigh bonn agus Criptea-Shócmhainní (ESMA50-157-1391)
    (47)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2009/65/CE, 2009/138/AE, 2011/61/AE, AE/2013/36, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus AE/2016/2341 - COM(2020)596
    (48)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
    (49)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
    (50)    Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 maidir leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE)    IO L 294, 10.11.2001, lgh. 1–21
    (51)    Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46)
    (52)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gCriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 – COM(2020)593
    (53)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2009/65/CE, 2009/138/AE, 2011/61/AE, AE/2013/36, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus AE/2016/2341 - COM(2020)596 - - COM(2020)596
    (54)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2009/65/CE, 2009/138/AE, 2011/61/AE, AE/2013/36, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus AE/2016/2341 - - COM(2020)596
    Top