AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.9.2020
COM(2020) 584 final
2020/0270(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, i ndáil leis an leasú ar liosta na ndaoine aonair a bheidh ag feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóide
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (“An Comhaontú”), i ndáil leis an gcinneadh atá beartaithe a ghlacadh lena leasófar liosta na ndaoine aonair a bheidh ag feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóide
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú
Tá sé d'aidhm ag an gComhaontú leathnú a dhéanamh ar an gcomhar leitheadach déthaobhach i réimsí eacnamaíocha, trádála agus polaitíochta, agus ar bheartais earnálacha, lena bhforáiltear ar an gcaoi sin bonn fadtéarmach a chur faoin gcaidreamh idir an tAontas agus an Airméin a fhorbairt a thuilleadh. Tríd an t‑idirphlé polaitiúil a threisiú agus trí fheabhas a chur ar an gcomhoibriú i raon leathan réimsí, leagtar síos leis an gComhaontú seo an bhunchloch do rannpháirtíocht éifeachtach dhéthaobhach leis an Airméin.
Le Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle an 20 Samhain 2017, formheasadh síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe de bhun Airteagal 385 den Chomhaontú. Cuirtear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Meitheamh 2018.
2.2.An Coiste Comhpháirtíochta
Sonraítear in Airteagal 363(7) den Chomhaontú cruinniú an Choiste Comhpháirtíochta i bhfoirmíocht ar leith d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le Teideal VI (Trádáil agus Nithe a Bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú. De bhun Airteagal 363(1) agus Airteagal (6) den Chomhaontú, tabharfaidh an Coiste Comhpháirtíochta cúnamh don Chomhairle Comhpháirtíochta a cuid dualgas agus feidhmeanna a chomhlíonadh. Tá an chumhacht aige cinntí a ghlacadh i réimsí ina bhfuil cumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle Comhpháirtíochta chuige agus sna cásanna sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe sa Chomhaontú, a dhéanfaidh na bearta iomchuí chun iad a chur chun feidhme.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Comhpháirtíochta
Foráiltear leis an nós imeachta eadrána a leagtar síos i gCaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú i gcás ina dteipeann ar na Páirtithe díospóid a réiteach trí dhul ar iontaoibh comhairliúchán, féadfaidh an Páirtí a d'iarr comhairliúchán a iarraidh go mbunófaí painéal eadrána. Ceanglaítear le hAirteagal 339(1) go mbunófar leis an gCoiste Comhpháirtíochta, ar bhonn na dtograí arna ndéanamh ag na Páirtithe, liosta ar a laghad 15 dhuine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe. Beidh trí fholiosta sa liosta: foliosta amháin do gach Páirtí agus foliosta amháin daoine aonair nach náisiúnaigh den dá Pháirtí iad agus a bheidh ag feidhmiú mar chathaoirleach ar an bpainéal eadrána. Áireofar ar a laghad cúig dhuine aonair ar gach foliosta. Áiritheoidh an Coiste Comhpháirtíochta go gcoinnítear an liosta i gcónaí ar an leibhéal sin.
Ní mór do na headránaithe agus do na cathaoirligh arna moladh ag an Aontas agus ag Poblacht na hAirméine saineolas speisialaithe a bheith acu sa dlí, sa trádáil idirnáisiúnta agus in ábhair eile a bhaineann le forálacha Theideal VI den Chomhaontú agus ní mór dóibh ceanglas an neamhspleáchais a chomhlíonadh mar a shonraítear in Airteagal 339(2) den Chomhaontú.
Ar an mbonn sin, bunaíodh liosta na n‑eadránaithe trí chinneadh arna ghlacadh ag an gCoiste Comhpháirtíochta sa i bhFoirmíocht Trádála an 17 Deireadh Fómhair 2019. Ní chomhlíonann duine den chúigear eadránaithe is iarrthóir ó Phoblacht na hAirméine, áfach, ceanglas an neamhspleáchais a thuilleadh mar a shonraítear in Airteagal 339(2) den Chomhaontú.
Tá eadránaí nua is iarrthóir molta ag Poblacht na hAirméine, a bhfuil saineolas speisialaithe aige sa dlí, sa trádáil idirnáisiúnta agus in ábhair eile a bhaineann le forálacha Theideal VI den Chomhaontú agus a meastar air go gcomhlíonfaidh sé ceanglas an neamhspleáchais mar a shonraítear in Airteagal 339(2) den Chomhaontú.
Is é an cuspóir atá leis an ngníomh atá beartaithe dá bhrí sin sainiú a thabhairt ar sheasamh an Aontais maidir leis an gcinneadh a ghlacfaidh an Coiste Comhpháirtíochta lena leasaítear liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóide, tríd an t‑iarrthóir nua atá molta ag Poblacht na hAirméine a chur in ionad an duine sin den chúigear eadránaithe is iarrthóir ó Phoblacht na hAirméine nach gcomhlíonann coinníollacha Airteagal 339(2) den Chomhaontú a thuilleadh.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Tá sé d'aidhm ag an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais leasú a dhéanamh ar liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí réiteach díospóide.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos "na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe."
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht a bunaíodh faoin gComhaontú é an Coiste Comhpháirtíochta. Beidh an cinneadh a ghlacfar leis an gCoiste Comhpháirtíochta ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 363(6) den Chomhaontú. Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le cur chun feidhme chomhbheartas tráchtála an Aontais a áirithiú.
Dá bhrí sin, is iad Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 207 (3) agus an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2020/0270 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, i ndáil leis an leasú ar liosta na ndaoine aonair a bheidh ag feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóide
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, de pháirt eile (‘an Comhaontú’) thar ceann an Aontais i gcomhréir leis an gCinneadh (AE) ón gComhairle 2018/104 agus cuirtear i bhfeidhm é ar bhonn sealadach ón 1 Meitheamh 2018.
(2)De bhun Airteagal 339(1) den Chomhaontú, bhunaigh an Coiste Comhpháirtíochta liosta 15 dhuine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe (‘liosta eadránaithe’) ag an gcruinniú a bhí aige an 17 Deireadh Fómhair 2019.
(3)Chuir an Airméin in iúl don Aontas go bhfuil duine de na headránaithe a bhí molta aici nach gcomhlíonann na coinníollacha a thuilleadh a leagtar amach in Airteagal 339(2) den Chomhaontú agus ba cheart dá bhrí sin iad a ionadú.
(4)Chun a áirithiú go ndéanfar forálacha an Chomhaontaithe a cuireadh i bhfeidhm go sealadach a oibriú, tá an Coiste Comhpháirtíochta le cinneadh a ghlacadh le leasú a dhéanamh ar liosta na n‑eadránaithe.
(5)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais a bhunú sa Choiste Comhpháirtíochta mar go mbeidh an dréachtchinneadh ina cheangal ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is ar dhréacht‑Chinneadh an Chomhaontaithe Páirtíochta a ghabhann leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhpháirtíochta den Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, de pháirt eile, maidir leis an leasú ar liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe, i gcomhréir le hAirteagal 339(1) agus (2) den Chomhaontú.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán