EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0566

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) i ndáil le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus

COM/2020/566 final

An Bhruiséil,18.9.2020

COM(2020) 566 final

2020/0257(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) i ndáil le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tháinig Comhaontú Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus( 1 ) i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003. Rinneadh nuashonrú ar an gComhaontú níos déanaí chun an dul chun cinn teicniúil agus reachtach le Cinneadh Uimh. 1/2011 ( 2 ) den Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 23 den Chomhaontú a léiriú.

Faoi láthair cumhdaítear le Comhaontú Interbus iompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus. An 5 Nollaig 2014, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún caibidlíocht a thosú, thar ceann an Aontais Eorpaigh atá ina Pháirtí Conarthach i gComhaontú Interbus, chun raon feidhme an Chomhaontaithe chun seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (faoi réir údarú) a chumhdach ( 3 ).

An 16 Iúil 2018, ghlac an Comhairle Cinneadh (AE) 2018/1195( 4 ) i dtaca le síniú Prótacail a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (an 'Prótacal maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta').

Ba cheart a mheabhrú gur earnálacha tábhachtacha iad iompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus lena gcuirtear soghluaisteacht ar fáil do shaoránaigh Eorpacha a bhfuil struchtúr praghsanna inacmhainne aici. Is chun tairbhe shaoránaigh an Aontais, turasóirí eachtrannacha, tionscal na turasóireachta agus réigiúin na hEorpa araon a bheadh tuilleadh forbartha ar na hearnálacha sin lasmuigh den Aontas Eorpach. Is iad na difríochtaí sna comhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha a chuireann srianta leis an bhforbairt sin, difríochtaí a fhágann go bhfuil an nós imeachta údaraithe agus oibriú na línte tráthrialta idirnáisiúnta agus na línte tráthrialta speisialta anásta. Feictear é sin go rí‑shoiléir i dtaca le línte fada tráthrialta idirnáisiúnta, a théann trí roinnt tíortha.

Ba cheart rochtain ar an margadh le haghaidh seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta a dheonú, mar atá leagtha amach sa Phrótacal, trí bhíthin nós imeachta údaraithe aonfhoirmeach atá faoi réir chur chun feidhme acquis an Aontais i réimse iompair paisinéirí de bhóthar, lena n‑áirítear sábháilteacht ar bhóithre, forálacha teicniúla, cáilíochtaí tiománaí, rialacha sóisialta, cearta paisinéirí, an comhshaol agus ligean isteach don ghairm.

Beidh feidhm i gcónaí ag Comhaontú Interbus gan athrú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus.

Ní chumhdaítear leis an bPrótacal ach na forálacha is gá chun Comhaontú Interbus a leathnú chun iompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (faoi údarú) a chumhdach. Ní dhéantar na rialacha comhchoiteann a leasú ná a athdhéanamh ach tagraítear ann do na bunfhorálacha i gComhaontú Interbus. Ní féidir le Páirtí Conarthach an Prótacal a shíniú, a thabhairt chun críche ná aontú dó ach tar éis dó Comhaontú Interbus a shíniú agus a thabhairt i gcrích, é a dhaingniú nó aontú dó, agus sa chás sin amháin, agus is ar an mbealach sin a ráthófar go nglacfaidh na Páirtithe Conarthacha le rialacha Interbus agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm na rialacha sin nuair a bheidh an Prótacal á shíniú acu, á thabhairt i gcrích, é a dhaingniú nó aontú dó.

Seachas an tAontas Eorpach, is Páirtithe Conarthacha i gComhaontú Interbus iad Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Moldóive, an Tuirc agus an Úcráin agus féadfaidh siad an Prótacal a shíniú agus a thabhairt i gcrích, é a dhaingniú nó aontú dó.

Leagtar béim sa Phrótacal ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ( 5 )) maidir leis na pionóis agus na sáruithe is tromchúisí agus freisin maidir le comhlíonadh na gceithre coinníoll maidir le rochtain ar ghairm an oibreora iompair paisinéir de bhóthar (bunaíocht éifeachtach chobhsaí, dea-chlú, seasamh airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil).

Tugann an Prótacal isteach Comhchoiste chun bainistiú an Phrótacail a éascú. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha maidir leis an gComhchoiste a bunaíodh faoi Chomhaontú Interbus maidir leis an gComhchoiste faoin bPrótacal.

De réir an Phrótacail, ní féidir le tréimhse bhailíochta údaraithe le haghaidh seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta dul thar cúig bliana.

Thabharfaí an Prótacal féin i gcrích le haghaidh tréimhse cúig bliana, ón mbliain a tháinig sé i bhfeidhm. Déanfar tréimhse an Phrótacail a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhleanúnacha cúig bliana sna Páirtithe Conarthacha sin nach gcuireann a mian in iúl gan déanamh amhlaidh.

Bhí an Prótacal maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta ar oscailt lena shíniú ón 16 Iúil 2018 go dtí an 16 Aibreán 2019. Shínigh an tAontas é an 11 Aibreán 2019. Níor shínigh aon Pháirtí Conarthach eile an Prótacal sin, áfach, roimh dhul in éag na tréimhse le haghaidh sínithe. Dá bhrí sin bhí sé dodhéanta an Prótacal a thabhairt i bhfeidhm.

An 18 Feabhra 2020, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le hidirbheartaíocht, thar ceann an Aontais, le haghaidh an Phrótacail maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta a leasú chun athruithe teicniúla áirithe a dhéanamh maidir lena shíniú agus lena theacht i bhfeidhm, agus chun an t‑athrú in ainmníocht aon Pháirtí Conarthaigh amháin i gComhaontú Interbus a léiriú.

Tugadh an idirbheartaíocht i gcrích go rathúil agus tá leagan nua den Phrótacal maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta ullmhaithe dá réir. I bhfianaise gurb é an tAontas an t‑aon Pháirtí Conarthach amháin a shínigh bunleagan an Phrótacail, measadh gur iomchuí Prótacal iomlán nua a chur in ionad an Phrótacail bhunaigh in ionad caibidlíocht a dhéanamh chun an Prótacal bunaigh a leasú.

Tá trí Pháirtí Chonarthacha Interbus ag teastáil ón bPrótacal faoi láthair (in ionad ceithre cinn díobh), lena n‑áirítear an tAontas, chun an Prótacal a thabhairt i gcrích, a dhaingniú nó aontú dó chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha sin a bhfuil an Prótacal tugtha i gcrích acu, daingnithe acu nó a d'aontaigh dó.

Tá tréimhse dhá bhliain ann ón dáta ar ghlac an tAontas Eorpach an Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú an Phrótacail chun é a shíniú.

Rinneadh teacht i bhfeidhm an Phrótacail a ghiorrú le haghaidh na Páirtithe Conarthacha sin a thug i gcrích é, a dhaingnigh é nó a d'aontaigh dó, eadhon, ón gcéad lá den tríú mí go dtí an chéad lá den mhí i ndiaidh na míosa ina sroichfear an líon riachtanach formheasanna ó na Páirtithe Conarthacha.

D'athraigh Páirtí Conarthach amháin a ainmníocht go dtí Poblacht na Macadóine Thuaidh, athrú a léiríodh sa Phrótacal freisin.

Tiocfaidh an Prótacal in ionad an Phrótacail a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019 ach nár shínigh ach an tAontas, ar bhonn Cinneadh (AE) 2018/1195 ón gComhairle.

An Mheitheal um Iompar de Thalamh de chuid na Comhairle, a d'ainmnigh an Chomhairle mar Choiste Speisialta faoi Airteagal 218(4) CFAE, coinníodh ar an eolas é ar bhonn leanúnach maidir le dul chun cinn na hidirbheartaíochta.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Prótacal atá beartaithe comhsheasmhach le comhbheartas iompair an Aontais. Cumhdaítear leis na codanna ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ( 6 ), mar a cuireadh in oiriúint chun críocha comhaontú iltaobhach idirnáisiúnta.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Prótacal atá beartaithe comhsheasmhach le beartas comharsanachta an Aontais agus leis an gcaidreamh seachtrach.

Forálacha fioscacha

I bhfianaise a n‑aidhm agus a n‑ábhar, is tánaisteach agus indíreach ó thaobh cineáil de, agus sin amháin, atá comhfhogasú na bhforálacha custaim agus fioscacha sa Phrótacal.

2.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Saineolas a bhailiú agus a úsáid agus Measúnú Tionchair

Níl measúnú tionchair déanta ag an gCoimisiún nó níor bhain sé úsáid as saineolas seachtrach. Le leathnú Chomhaontú Interbus chuig seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus, cabhrófar le raon feidhme geografach chur chun feidhme acquis an Aontais Eorpaigh i réimse an iompair paisinéirí de bhóthar a leathnú.

Rachadh na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta chun tairbhe don tionscal iompair paisinéirí agus don turasóireacht. Is dócha go mbeadh tionchar measartha ar an gcomhshaol ag méideanna tráchta méadaithe.

Simpliú

Éascófar oibríochtaí den chineál sin a dhéanamh dá ndéanfaí comhchuibhiú ar na nósanna imeachta le haghaidh údaraithe a fháil maidir le hiompair tráthrialta idirnáisiúnta agus iompair tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Bunús dlí

Is é an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí, agus go háirithe an bunús dlí substainteach, Airteagal 91 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(5) CFAE.

An rogha ionstraime

Foráiltear le hAirteagal 218(5) CFAE do Chinneadh ón gComhairle mar an ionstraim is infheidhme.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉIDEACHA

Nóta ar bith.

5.EILIMINTÍ ROGHNACHA

Socruithe meastóireachta agus tuairiscithe

Foráiltear le hAirteagal 16 den Phrótacal go mbeidh meastóireacht déanta ar fheidhmiú an Phrótacail gach cúig bliana ag an gComhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 18 den Phrótacal.

Nós imeachta breise

Measann an Coimisiún gur gá tús a chur leis an nós imeachta chun an Prótacal a shíniú. Dá bhrí sin, cuireann an Coimisiún an togra nua seo faoi bhráid na Comhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú Prótacail i dtaca le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar ócáideach idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus).

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Forálacha sonracha an Chinnidh ón gComhairle atá beartaithe:

·Foráiltear le hAirteagal 1 den Chinneadh ón gComhairle do shíniú, thar ceann an Aontais, leagan nua den Phrótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus.

·Baineann Airteagal 2 leis na cumhachtaí chun an Prótacal a shíniú.

·Foráiltear le hAirteagal 3 do theacht i bhfeidhm an Chinnidh ón gComhairle.

Forálacha sonracha an Phrótacail:

·Le hAirteagal 1 sainmhínítear raon feidhme an Phrótacail maidir le seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta do phaisinéirí le tionscnamh nó ceann scríbe sa Pháirtí Conarthach ina bhfuil an t‑oibreoir bunaithe agus ina bhfuil na feithiclí cláraithe nó a dtrasnaíonn an tseirbhís tríd le paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach nó gan iad a bhailiú ná a scaoileadh amach. Tagraítear san Airteagal freisin do shocruithe comhpháirtíochta. Cuirtear cosc ar aon chineál cabatáiste.

·Is clásal neamh‑idirdhealaithe é Airteagal 2.

·In Airteagal 3 tá sainmhínithe.

·Tagraítear in Airteagal 4 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le hoibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar.

·Tagraítear in Airteagal 5 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir leis na coinníollacha teicniúla a bhaineann le feithiclí.

·In Airteagal 6 tá forálacha maidir le seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta atá faoi réir údaraithe. Déantar foráil inter alia, maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag na Páirtithe Conarthacha agus Ballstáit an Aontais cinneadh a dhéanamh maidir le seirbhísí tráthrialta nó seirbhísí tráthrialta speisialta idir Páirtithe Conarthacha faoi réir socruithe comhpháirtíochta idir oibreoirí thionscnaimh agus cinn scríbe na seirbhíse. Maidir le hoibreoirí atá bunaithe i stáit na bPáirtithe Conarthacha nó sna Ballstáit a thrasnaítear le linn an turais agus ina mbailítear paisinéirí agus ina ligtear dóibh tuirlingt, ba cheart é a bheith de cheart acu páirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí den chineál sin, má chinneann siad amhlaidh.

·De réir Airteagal 7, tá feidhm ag Ranna V agus VI de Chomhaontú Interbus maidir le forálacha sóisialta agus forálacha custaim agus fioscacha maidir leis an bPrótacal.

·Déanann Airteagal 8 foráil maidir leis an údarás um údarú a eisíonn na húdaruithe, faighteoirí údaruithe, tréimhse bailíochta an údaraithe, ítimí atá le sonrú in údaruithe agus maidir le húsáid feithiclí breise in imthosca sealadacha agus eisceachtúla.

·Sainmhínítear in Airteagal 9 an nós imeachta chun iarratas ar údarú a chur isteach.

·Déanann Airteagal 10 foráil maidir leis an nós imeachta um údarú, lena n‑áirítear teagmhálacha idir na húdaráis inniúla ábhartha, deonú an údaraithe agus na cúiseanna a bhféadfaí iarratas a dhiúltú, agus iad amháin.

·Leagtar síos in Airteagal 11 rialacha maidir le hathnuachan nó athrú údaraithe.

·Déanann Airteagal 12 foráil maidir le rialacha maidir le dul i léig údaraithe.

·Déanann Airteagal 13 foráil maidir le hoibleagáidí oibreoirí iompair.

·De réir Airteagal 14, ba cheart do na Páirtithe Conarthacha a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí iompair na forálacha ábhartha.

·Liostaítear in Airteagal 15 (in éineacht le hAirteagal 8(9)) na doiciméid atá le n‑iompar san fheithicil. Tá an liosta céanna de na doiciméid atá le hiompar san fheithicil le feiceáil ar leathanach a trí den tsamhail d'údarú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an bPrótacal.

·Déantar foráil in Airteagal 16 maidir le ré an Phrótacail (cúig bliana) ina bhfuil fadú intuigthe le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha cúig bliana agus meastóireachtaí tréimhsiúla ar fheidhmiú an Phrótacail.

·Tagraítear in Airteagal 17 do chur i bhfeidhm mutatis mutandis, ach ina bhfuil roinnt modhnuithe, forálacha Chomhaontuithe Interbus, go háirithe an idirthréimhse cúig bliana le haghaidh seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta iompair paisinéirí de bhóthar atá ann i gcomhaontuithe déthaobhacha chomh maith le tabhairt i gcrích, daingniú nó formheas an Phrótacail, a theacht i bhfeidhm, a shéanadh agus a teangacha. Foráiltear leis an Airteagal sin freisin go ndéanfar líon na ndaingnithe a laghdú ionas go dtiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm, anuas ó cheithre cinn (de réir Chomhaontú Interbus) go dtí trí cinn. Ina theannta sin, ba cheart don Phrótacal teacht i bhfeidhm, le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha a shínigh agus a d’fhormheas nó a dhaingnigh é, ar an gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina mbeidh a n‑ionstraimí formheasta nó daingnithe taiscthe ag trí Pháirtí Chonarthacha, lena n‑áirítear an tAontas, le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

·Le hAirteagal 18 bunaítear Comhchoiste chun an Prótacal a bhainistiú mutatis mutandis le hAirteagal 23 agus 24 de Chomhaontú Interbus.

·Déanann Airteagal 19 foráil maidir leis an nós imeachta i gcás ina n‑aontóidh Páirtí Conarthach i bPrótacal don Aontas Eorpach, nach Páirtí Conarthach de chuid an Aontais é.

·Léirítear in Airteagal 20 tréimhse shínithe dhá bhliain le haghaidh an Phrótacail ag tosú ar an dáta a nglacann an Chomhairle an Cinneadh seo ón gComhairle agus luaitear ann nach féidir ach na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú Interbus an Prótacal a thabhairt i gcrích, aontú dó nó a dhaingniú.

·Leagtar amach in Airteagal 21 go bhféadfaidh aon Pháirtí Conarthach i gComhaontú Interbus aontú don Phrótacal tar éis dá theacht i bhfeidhm.

·Foráiltear in Airteagal 22 gur cuid dhílis den Phrótacal iad na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

·Foráiltear le hAirteagal 23 go dtiocfaidh an Prótacal in ionad an Phrótacail maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta, a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019.

·Tagraíonn Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann leis an bPrótacal d’Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann le Comhaontú Interbus.

·Foráiltear in Iarscríbhinn 3 do Shamhail d'iarratas le haghaidh seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta iompair paisinéirí nó seirbhíse tráthrialta speisialta do phaisinéirí faoi réir údarú.

·Foráiltear in Iarscríbhinn 4 do Shamhail d'údarú le haghaidh seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhíse tráthrialta speisialta do phaisinéirí bóthair.

2020/0257 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) i ndáil le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach 7 ,,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh 2002/917/CE ón gComhairle 8 , tugadh i gcrích an 3 Deireadh Fómhair 2002, thar ceann an Aontais, an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus 9 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003 10 .

(2)An 16 Iúil 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2018/1195 11 maidir le síniú an Phrótacail maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta'.

(3)Bhí an Prótacal maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta ar oscailt lena shíniú ón 16 Iúil 2018 go dtí an 16 Aibreán 2019. Shínigh an tAontas é an 11 Aibreán 2019. Níor shínigh aon Pháirtí Conarthach eile i gComhaontú Interbus an Prótacal sin sula ndeachaigh an tréimhse le haghaidh sínithe in éag. D'fhág sé sin nárbh fhéidir leis an bPrótacal teacht i bhfeidhm.

(4)An 18 Feabhra 2020, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le hidirbheartaíocht chun an Prótacal maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta a leasú chun athruithe teicniúla áirithe maidir lena shíniú agus lena theacht i bhfeidhm, agus chun an tathrú ar ainmníocht Pháirtí Chonarthaigh amháin i gComhaontú Interbus a léiriú.

(5)Tugadh an idirbheartaíocht i gcrích go rathúil. Tá spriocdháta nua dhá bhliain bunaithe chun an Prótacal a shíniú. Thairis sin, tá an Prótacal maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta leasaithe ionas go mbeidh gá le formheas nó daingniú ó líon níos lú Páirtithe Conarthacha chun é a thabhairt i bhfeidhm, agus tréimhse feithimh níos giorra tar éis an fhormheasa nó an daingnithe sin, ná mar a shonraítear i gComhaontú Interbus. Ina theannta sin, tá an tathrú in ainmníochta Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine go dtí Poblacht na Macadóine Thuaidh léirithe sa Phrótacal.

(6)Ar mhaithe le soiléireacht agus chun síniú agus teacht i bhfeidhm tapa an Phrótacail a éascú, measadh gur iomchuí Prótacal nua maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí rialta speisialta arna leasú mar sin a ullmhú, ceann a thagann in ionad an Phrótacail maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019.

(7)Ba cheart go néascóidh an Prótacal soláthar seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta idir na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú Interbus agus ba cheart go dtiocfaidh feabhas ar naisc iompair paisinéirí eatarthu dá bharr.

(8)A mhéid a bhaineann le rialacha ginearálta, go sonrach oibríocht an Chomhchoiste, agus chun cur i bhfeidhm an Prótacail a éascú, tá an Prótacal nua, den chuid is mó, ar aon dul leis na rialacha a bunaíodh i gComhaontú Interbus.

(9)Chun nach gcuirfear rómhoill ar na tairbhí a bhaineann leis, foráiltear leis an bPrótacal dá theacht i bhfeidhm, le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha a d'fhormheas nó a dhaingnigh é, i gcás ina bhfuil sé formheasta nó daingnithe ag trí Pháirtí Chonarthacha, lena náirítear an tAontas.

(10)Dá bhrí sin ba cheart don Phrótacal nua maidir le seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta a bheith sínithe thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar thar ceann an Aontais, síniú an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú i dtaca le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta paisinéirí agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus, Prótacal a thagann in ionad an Phrótacail a ghabhann le Comhaontú Interbus a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin 12 .

Airteagal 2

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle ionstraim na lánchumhachtaí chun an Prótacal a shíniú don duine nó do na daoine a bheidh sonraithe ag idirbheartaí an Phrótacail.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 321, 26.11.2002, lch. 11.
(2)    Le Cinneadh Uimh. 1/2011 den Chomhchoiste arna bhunú le Comhaontú Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus an 11 Samhain 2011 lena nglactar a rialacha nós imeachta agus lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis na coinníollacha is infheidhme i leith oibreoirí iompar do phaisinéirí de bhóthar, Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis na caighdeáin teicniúla is infheidhme i leith busanna agus cóistí agus na ceanglais maidir leis na forálacha sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chomhaontú (2012/25/AE) (IO L 8, 12.1.2012, lch 38).
(3)    Cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2014 (SGS14/15073).
(4)    Cinneadh (EU) 2018/1195 ón gComhairle an 16 Iúil 2018 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) i ndáil le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 214, 23.8.2018, lch 3).
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n‑aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).
(7)    [CUIR ISTEACH TAGAIRT]
(8)    Cinneadh 2002/917/CE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontaithe Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 321, 26.11.2002, lch 11).
(9)    IO L 321, 26.11.2002, lch. 13.
(10)    IO L 321, 26.11.2002, lch. 44.
(11)    Cinneadh (EU) 2018/1195 ón gComhairle an 16 Iúil 2018 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) i ndáil le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 214, 23.8.2018, lch 3).
(12)    Foilseofar téacs an Phrótacail in éineacht leis an gCinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
Top

An Bhruiséil,18.9.2020

COM(2020) 566 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) i ndáil le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus












PRÓTACAL

MAIDIR LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE hIOMPAR IDIRNÁISIÚNTA ÓCÁIDEACH

PAISINÉIRÍ DE CHÓISTE AGUS DE BHUS (COMHAONTÚ INTERBUS) MAIDIR LE

hIOMPAR TRÁTHRIALTA IDIRNÁISIÚNTA AGUS IOMPAR TRÁTHRIALTA SPEISIALTA PAISINÉIRÍ DE CHÓISTE AGUS DE BHUS

TÁ NA PÁIRTITHE CONARTHACHA,,

Ag féachaint don mhian iompar idirnáisiúnta paisinéirí san Eoraip a fhorbairt agus a chur chun cinn a thuilleadh agus eagrú agus feidhmiú an iompair sin a éascú,

Ag féachaint don tábhacht mhéadaitheach a bhaineann leis an turasóireacht agus don mhian malartú cultúrtha a chur chun cinn a thuilleadh i measc na bPáirtithe Conarthacha sa Phrótacal sin,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) 1 , mar a leasaíodh ina dhiaidh sin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003 2 ,

Ag féachaint don mhian raon feidhme na seirbhísí iompair atá i gComhaontú Interbus a leathnú chun seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta a chumhdach faoi réir coinníollacha áirithe,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart raon feidhme Chomhaontú Interbus a mhéadú trí bhíthin forálacha lena mbunaítear nósanna imeachta le haghaidh seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta atá faoi réir údaraithe.

(2)Ba cheart don Phrótacal sin, ina bhfuil forálacha den chineál sin, a bheith ar oscailt le haghaidh aontachas na bPáirtithe Conarthacha do Chomhaontú Interbus.

(3)Cé is moite de shocruithe comhpháirtíochta, san am i láthair, níor cheart feidhm a bheith ag léirscaoileadh seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta atá faoi réir údaraithe ach amháin i leith seirbhísí a bhfuil tionscnamh nó ceann scríbe acu i bPáirtí Conarthach bunaíochta an oibreora iompair de bhóthar, an áit ina bhfuil feithiclí an oibreora cláraithe.

(4)Cé gur cheart an deis atá ag oibreoirí atá bunaithe i bPáirtí Conarthach eile a eisiamh, is é sin deis seirbhísí tráthrialta nó seirbhísí tráthrialta speisialta a bhfuil a bpointe tionscnaimh agus a gceann scríbe acu laistigh den Pháirtí Conarthach céanna, ba cheart cead a bheith ag na hoibreoirí iompair sin paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach ag pointí stad réamhshocraithe mar chuid de sheirbhís sa mhéid nach n‑iompróidh siad paisinéirí idir dhá stad laistigh de Pháirtí Conarthach amháin nach é an Páirtí Conarthach é ina bhfuil sé bunaithe.

(5)An prionsabal maidir le neamh-idirdhealú ar fhorais náisiúntachta nó áit bhunaíochta an oibreora iompair, agus ar fhorais thionscnaimh nó chinn scríbe an chóiste agus an bhus, ba cheart go mbeadh feidhm aige mar chuid bhunúsach amháin de sholáthar seirbhísí idirnáisiúnta iompair paisinéirí de bhóthar.

(6)Chun nósanna imeachta a éascú agus a shimpliú, is gá foráil a dhéanamh maidir le leaganacha aonfhoirmeacha den fhoirm iarratais agus den údarú le haghaidh seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta idirnáisiúnta. Na doiciméid a fhónann mar cheanglais rialaithe agus a choinnítear san fheithicle agus a thaispeántar d'oifigeach cigireachta údaraithe, ar a iarraidh sin uaidh, i gcomhréir leis an bPrótacal seo, ba cheart sin a shainiú chun léirmhínithe éagsúla a sheachaint.

(7)Leis an údarú le haghaidh seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta iompair paisinéirí de bhóthar arna fhormheas ag údaráis inniúla gach Páirtí Conarthach ábhartha nó Ballstáit an Aontais ina bhfuil pointe tionscnaimh agus ceann scríbe na seirbhíse agus na Páirtithe Conarthacha nó na Ballstáit atá ar an mbealach, i gcomhréir leis an "nós imeachta um údarú" agus arna dheonú ag an údarás um údarú sa tír tionscnaimh nó cinn scríbe na seirbhíse, leis an údarú sin, ba cheart go gceadófaí don oibreoir is iarratasóir an tseirbhís a dhéanamh idir an tír tionscnaimh agus ceann scríbe an bhealaigh, is é sin oibreoir atá bunaithe i bPáirtí Conarthach tionscnaimh nó cinn scríbe na seirbhíse nó don oibreoir atá bunaithe i bPáirtí Conarthach tionscnaimh nó cinn scríbe agus ar cuireadh na hoibreoirí eile ar a iontaoibh chun na gcríoch sin nó i gcás comhpháirtíochta nó grúpaí. Ba cheart an t‑údarú seo a bheith ina aon údarú amháin is gá chun an tseirbhís a chur i gcrích. Níor cheart go mbeadh gá le haon údaruithe ar leith chun na Páirtithe Conarthacha , ná Ballstáit an Aontais ná a gcuid teorainneacha a thrasnú, mar chuid den tseirbhís, gan beann ar cibé acu an mbailítear paisinéirí nó an scaoiltear amach iad sa Pháirtí Conarthach nó i mBallstát an Aontais ar an mbealach.

(8)Faoi réir coinníollacha áirithe, ba cheart cead a bheith ag Páirtí Conarthach nó ag Ballstát de chuid an Aontais a chinneadh gur cheart go mbeadh seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta a bhfuil pointe tionscnaimh nó ceann scríbe ina gcríocha, ba cheart do na seirbhísí sin a bheith faoi réir socruithe chomhpháirtíochta idir oibreoirí thionscnaimh agus chinn scríbe na seirbhíse sin. Maidir le hoibreoirí atá bunaithe sna Páirtithe Conarthacha nó i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a dtrasnaíonn an tseirbhís a gcríocha agus a bhailíonn paisinéirí agus a scaoileann amach iad, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag na hoibreoirí sin páirt a ghlacadh sna comhpháirtíochtaí sin.

(9)Is iomchuí Comhchoiste a bhunú chun an Prótacal seo a bhainistiú chun forfheidhmiú cuí agus aonfhoirmeach a áirithiú agus chun na hIarscríbhinní a oiriúnú chun an dul chun cinn teicniúil agus reachtach a léiriú.

(10)Is gá go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha bearta sóisialta aonfhoirmeacha i bhfeidhm maidir le hobair criúnna busanna agus cóistí atá ag gabháil d'iompar idirnáisiúnta de bhóthar, á rialú ag na rialacha a chumhdaítear i gComhaontú Interbus, ar cheart tagairt a dhéanamh dó sa Phrótacal sin.

(11)Ba cheart na coinníollacha faoina ndéantar seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta a chur i gcrích a bheith faoi rialú leis na rialacha a chumhdaítear i gComhaontú Interbus, ar cheart tagairt a dhéanamh dó sa Phrótacal sin, faoi réir rialacha sonracha, mar a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal sin.

(12)Maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha teicniúla a bhfuil feidhm acu maidir le busanna agus cóistí atá i mbun seirbhísí idirnáisiúnta idir Páirtithe Conarthacha, ba cheart an comhchuibhiú sin a bheith á rialú ag na rialacha a chumhdaítear i gComhaontú Interbus, ar cheart tagairt a dhéanamh dó sa Phrótacal sin, mar a shonraítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin,

TAR ÉIS CINNEADH rialacha aonfhoirmeacha a bhunú le haghaidh iompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus, agus

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

ROINN I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Raon feidhme

1.    Beidh feidhm ag an bPrótacal maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)    iompar idirnáisiúnta paisinéirí, de náisiúntacht ar bith, de bhóthar trí bhíthin seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta de chóiste agus de bhus:

(i)    idir críocha dhá Pháirtí Chonarthacha, agus, i gcas inar gá le linn na seirbhísí sin, ag trasnú chríocha Pháirtí Chonarthaigh eile nó críocha Stáit nach Stát Conarthach é;

(ii)    nuair is oibreoir iompair amháin nó níos mó atá á dhéanamh, ar fruiliú nó ar luaíocht, atá bunaithe i bPáirtí Conarthach tionscnaimh nó cinn scríbe na seirbhíse agus, i gcas comhpháirtíochta, freisin oibreoir amháin nó níos mó atá bunaithe i bPáirtithe Conarthacha nó i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a dtrasnaíonn an tseirbhís agus a bhailíonn paisinéirí agus a scaoileann amach iad, má chinneann siad amhlaidh, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus a bhfuil ceadúnas ina seilbh acu chun paisinéirí a iompar trí bhíthin seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta de chóiste agus de bhus;

(iii)    ag baint úsáide as busanna agus cóistí atá cláraithe sa Pháirtí Conarthach ina bhfuil an t‑oibreoir iompair bunaithe.

(b)    turais neamhualaithe a dhéanann na busanna agus na gcóistí a bhaineann leis na seirbhísí sin.

2.    Ní fhéadfar aon cheann d'fhorálacha an Phrótacail seo a léirmhíniú mar fhoráil lena bhféadfadh oibreoirí atá bunaithe i bPáirtí Conarthach eile (cabatáiste) seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta a oibriú, seirbhísí a bhfuil an áit tionscnaimh agus an ceann scríbe sa Pháirtí Conarthach céanna.

3.    I gcomhréir le mír 1 agus faoi réir mhír 2, i gcás ina bhfuil an t‑iompar ina chuid de sheirbhís chuig an gcríoch nó ón gcríoch ina bhfuil an t‑oibreoir iompair bunaithe, féadfar paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach i gcríoch aon Pháirtí Chonarthaigh ar an mbealach a údaróidh stad ina gcríoch.

4.    Níl feidhm ag an bPrótacal maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)úsáid busanna agus cóistí, atá ceaptha paisinéirí a iompar, chun earraí a iompar chun críocha tráchtála;

(b)seirbhísí féinchuntais.

Airteagal 2

Neamh-idirdhealú

Áiritheoidh Páirtithe Conarthacha go mbeidh feidhm ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta nó áit bhunaíochta an oibreora iompair, agus ar fhorais thír tionscnaimh nó cinn scríbe an chóiste agus an bhus agus na seirbhíse a sholáthraítear ar an bPrótacal sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.    Chun críocha an Phrótacail sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 3 de Chomhaontú Interbus.

2.    Gan dochar do mhír 1, chun críocha an Phrótacail sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe breise seo a leanas:

(a)Ciallaíonn "Comhaontú Interbus" an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus 3 , a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003 4 , mar a leasaíodh ina dhiaidh sin;

(b)Ciallaíonn "comhpháirtíocht" aon chomhaontú nó socrú conarthach eile de chineál ar bith lena leagtar amach go ngeallfaidh na páirtithe a bhaineann leis, ar a dtugtar comhpháirtithe, go gcomhoibreoidh siad maidir leis an tseirbhís a sholáthrófar;

(c)ciallaíonn "gnóthas comhlachaithe" gnóthas ina mbeidh gnóthas amháin nó níos mó (an máthairghnóthas nó na máthairghnóthais) leas rannpháirteachais, agus a mbeidh tionchar suntasach ar a mbeartais oibriúcháin agus a mbeartais airgeadais ag an ngnóthas eile nó ag na gnóthais eile sin;

(d)ciallaíonn "grúpa" aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)    gnóthas comhlachaithe amháin nó níos mó agus a máthairghnóthas nó a máthairghnóthais,

(ii)    gnóthas comhlachaithe amháin nó níos mó a bhfuil an máthairghnóthas céanna acu.

ROINN II

COINNÍOLLACHA A bhFUIL FEIDHM ACU MAIDIR LE hOIBREOIRÍ IOMPAIR PAISINÉIRÍ DE BHÓTHAR

Airteagal 4

Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha na forálacha i bhfeidhm dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1.

ROINN III

COINNÍOLLACHA TEICNIÚLA A BHFUIL FEIDHM ACU MAIDIR LE FEITHICLÍ

Airteagal 5

Na busanna agus na cóistí a úsáidtear chun na seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta a chur i gcrích, seirbhísí a chumhdaítear leis an bPrótacal sin, comhlíonfaidh na busanna agus na cóistí sin na caighdeáin theicniúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2.

ROINN IV

ROCHTAIN AR AN MARGADH

Airteagal 6

Seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta faoi réir údaraithe

1.    Beidh seirbhísí tráthrialta ar oscailt do chách ach faoi réir forchoimeádta i gcás inarb iomchuí.

2.    Beidh seirbhísí tráthrialta agus seirbhísí tráthrialta speisialta faoi réir údarú i gcomhréir le Roinn VI.

3.    Coigeartú ar bith a dhéantar ar dálaí oibríochta na seirbhíse, ní dhéanfaidh sé aon difear do chineál tráthrialta na seirbhíse.

4.    Eagrúchán seirbhísí comhthreomhara nó sealadacha a dhéanfaidh freastal ar an bpobal céanna agus a dhéanann na seirbhísí tráthrialta atá ann, an neamhfhreastal ar stadanna áirithe agus an freastal ar stadanna breise ar sheirbhísí tráthrialta atá ann, rialófar an t‑eagrúchán sin de réir na rialacha céanna leis na rialacha is infheidhme maidir leis na seirbhísí tráthrialta atá ann.

5.    I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le hiomaíocht, féadfaidh Páirtí Conarthach nó Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh a chinneadh, ar bhonn cás ar chás, gan idirdhealú, go mbeidh seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta do phaisinéirí de bhóthar a bhfuil áit tionscnaimh agus ceann scríbe na seirbhíse sin ar a gcríoch, go mbeidh na seirbhísí sin faoi réir socruithe comhpháirtíochta idir oibreoirí atá bunaithe sa Pháirtí Conarthach nó i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh ina mbeidh tionscnamh agus ceann scríbe na seirbhíse sin.

Maidir le hoibreoirí atá bunaithe sna Páirtithe Conarthacha nó i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a dtrasnaíonn an tseirbhís iad ar bhealach na seirbhíse agus i gcás ina mbailítear paisinéirí agus a scaoiltear amach iad, beidh sé de cheart ag na hoibreoirí sin páirt a ghlacadh sna comhpháirtíochtaí sin, má chinneann siad amhlaidh.

Na Páirtithe Conarthacha agus na Ballstáit den Aontas Eorpach lena mbaineann, cuirfidh siad ar an eolas an Comhchoiste a bunaíodh in Airteagal 18 den Phrótacal sin faoi aon chinneadh den chineál sin a rinneadh agus na réasúnuithe a bhaineann leo.

6.    I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le hiomaíocht, féadfaidh oibreoirí, ar bhonn deonach, teacht le chéile i gcomhpháirtíochtaí chun seirbhísí tráthrialta nó seirbhísí tráthrialta speisialta a chur i gcrích. Féadfaidh na hoibreoirí seo a leanas a bheith rannpháirteach sna comhpháirtíochtaí sin:

(a)    oibreoirí atá bunaithe sna Páirtithe Conarthacha nó i mBallstát den Aontas Eorpach ina bhfuil áit tionscnaimh nó ceann scríbe na seirbhíse;

(b)    oibreoirí atá bunaithe sna Páirtithe Conarthacha nó i mBallstáit den Aontas Eorpach a dtéann an tseirbhís trasna iontu ar an mbealach agus ina mbeidh paisinéirí á mbailiú agus á scaoileadh amach.

ROINN V

FORÁLACHA SÓISIALTA, CUSTAIM AGUS FIOSCACHA

Airteagal 7

Roinn V (forálacha sóisialta) agus Roinn VI (forálacha custaim agus fioscacha) Chomhaontú Interbus, beidh feidhm acu maidir leis an bPrótacal sin.

ROINN VI

ÚDARÚ LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ TRÁTHRIALTA IDIRNÁISIÚNTA
AGUS SEIRBHÍSÍ TRÁTHRIALTA SPEISIALTA

Airteagal 8

Cineál an údaraithe

1.    Is é údarás inniúil an Pháirtí Conarthaigh a eiseoidh údaruithe le haghaidh seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta do phaisinéirí, an Páirtí Conarthach a bhfuil an t‑oibreoir iompair bunaithe ina gcríoch (dá ngairtear "údarás um údarú" anseo feasta).

2.    I gcás oibreora atá bunaithe san Aontas Eorpach, is é an t‑údarás um údarú a bheidh ina údarás inniúil sa Bhallstát tionscnaimh nó sa cheann scríbe.

3.    I gcás grúpa oibreoirí a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta a oibriú agus i gcás comhpháirtíochta idir gnóthais (oibreoirí) ó dhá Pháirtí Chonarthacha ar a laghad a mbailítear paisinéirí agus a scaoiltear amach iad ar a gcríoch, is é an t‑údarás um údarú a bheidh ina údarás inniúil a bhfuil an t‑iarratas dírithe air i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 9(1).

4.    Is in ainm an iompróra a eiseofar na húdaruithe agus beidh siad neamhinaistrithe. Féadfaidh oibreoir a bhfuil údarú faighte aige, áfach, le toiliú an údaráis um údarú, an tseirbhís a oibriú trí fhochonraitheoir, má tá a leithéid i gcomhréir le dlí an Pháirtí Chonarthaigh. Sa chás sin déanfar ainm an fhochonraitheora sin agus a ról a chur in iúl san údarú. Comhlíonfaidh an fochonraitheoir na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagail 1, 4, 5 agus, maidir le forálacha sóisialta, in Airteagal 7, agus in Iarscríbhinní 1 agus 2 freisin.

I gcás grúpa oibreoirí a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta a oibriú, eiseofar an t‑údarú in ainmneacha na ngnóthas uile sa ghrúpa agus luafar leis ainmneacha uile na n‑oibreoirí. Tabharfar é don ghnóthas a d'iarr é, gnóthas a bhfuil na hoibreoirí eile curtha ar a iontaoibh chun na gcríoch sin, agus tabharfar cóipeanna dílse deimhnithe do na gnóthais eile.

I gcás comhpháirtíochta, eiseofar bunchóipeanna an údaraithe do gach gnóthas comhpháirtíochta, agus luafar ainm gach gnóthas san údarú.

I gcásanna ina bhfuil seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta curtha i gcrích ag grúpa nó comhpháirtíocht, mar a thagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, fágfar faoi rogha na n‑oibreoirí iad féin an cinneadh maidir leis an bhforoinnt iarbhír ar fheidhmíocht tráchta idir na hoibreoirí rannpháirteacha.

5.    Ní rachaidh tréimhse bhailíochta an údaraithe thar cúig bliana. Féadfar é a shocrú ag téarma níos giorra ar iarratas ón iarratasóir nó le toiliú frithpháirteach údaráis inniúla stáit na bPáirtithe Conarthacha a mbailítear paisinéirí agus a scaoiltear amach iad ar a gcríocha.

6.    Sonrófar an méid a leanas leis na húdaruithe:

(a)an cineál seirbhíse;

(b)bealach na seirbhíse, ag tabhairt le fios go háirithe an pointe imeachta agus an pointe is ceann scríbe;

(c)tréimhse bhailíochta an údaraithe;

(d)na stadanna agus an t‑amchlár.

7.    Beidh na húdaruithe i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn 4.

8.    Faoi réir Airteagal 1(2), tabharfaidh údaruithe teideal dá sealbhóir nó dá sealbhóirí seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus/nó seirbhísí tráthrialta speisialta a oibriú i gcríocha na mBallstát uile a rachaidh bealaí na seirbhíse tríothu.

9.    Féadfaidh oibreoir seirbhíse tráthrialta nó seirbhíse tráthrialta speisialta feithiclí breise a úsáid chun déileáil le himthosca sealadacha agus eisceachtúla. Ní fhéadfar na feithiclí breise sin a úsáid ach faoi na coinníollacha céanna arna leagan amach san údarú dá dtagraítear i mír 6.

Sa chás sin, chomh maith leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 15, áiritheoidh an t‑oibreoir go n‑iomprófar san fheithicil cóip den chonradh idir oibreoir na seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta nó na seirbhísí tráthrialta speisialta agus an gnóthas a sholáthraíonn na feithiclí breise nó doiciméad coibhéiseach, agus go dtabharfar é don oifigeach cigireachta údaraithe arna iarraidh sin dó.

Airteagal 9

Iarratas ar údarú a thíolacadh
le haghaidh seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta

1.    Cuirfidh an t‑oibreoir iarratais ar údarú do sheirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta faoi bhráid a údaráis inniúil um údarú.

Ní chuirfear isteach ach aon iarratas amháin le haghaidh gach seirbhís. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 8(3), is é an t‑oibreoir ar cuireadh na hoibreoirí eile ar a iontaoibh chun na gcríoch sin a chuirfidh isteach é.

Díreofar an t‑iarratas ar an údarás um údarú de chuid an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil an t‑oibreoir atá á chur isteach bunaithe.

2.    Cuirfear isteach iarratais ar údarú ar bhonn na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn 3.

3.    Cuirfidh na daoine atá ag déanamh iarratais ar údarú aon fhaisnéis bhreise a mheasann siad a bheith ábhartha nó aon fhaisnéis a iarrfaidh an t‑údarás um údarú orthu, go háirithe na doiciméid a liostaítear in Iarscríbhinn 3.

Airteagal 10

Nós imeachta um údarú

1.    Eiseofar údaruithe le comhaontú na n‑údarás inniúla sna Páirtithe Conarthacha uile a mbailítear paisinéirí agus a scaoiltear amach iad ina gcríocha. Cuirfidh an t‑údarás um údarú ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla sin, agus chuig údaráis inniúla na bPáirtithe Conarthacha a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a bhailiú ná scaoileadh amach, cóip den iarratas maille le cóipeanna d'aon doiciméadacht ábhartha eile agus an measúnú a rinneadh.

Maidir leis an Aontas Eorpach, is iad na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír údaráis inniúla na mBallstát ina mbailítear paisinéirí nó ina scaoiltear amach iad ina gcríocha agus a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a bhailiú ná a scaoileadh amach.

2.    Cuirfidh údaráis inniúla na bPáirtithe Conarthacha ar iarradh orthu teacht ar chomhaontú a gcinneadh maidir leis an iarratas in iúl don údarás um údarú laistigh de ceithre mhí. Ríomhfar an teorainn ama sin ó dháta fhála an iarratais ar chomhaontú, dáta atá ar taispeáint san admháil go bhfuarthas an t‑iarratas. Más cinneadh diúltach an cinneadh a gheofar ó údaráis inniúla an Pháirtí Chonarthaigh ar iarradh a gcomhaontú orthu, beidh ráiteas cuí ar na cúiseanna ann. Mura mbeidh freagra faighte ag an údarás um údarú laistigh de ceithre mhí, measfar comhaontú a bheith faighte ó na húdaráis inniúla a ndeachthas i gcomhairle leo agus féadfaidh an t‑údarás um údarú an t‑údarú a dheonú.

Údaráis inniúla na bPáirtithe Conarthacha a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a bhailiú ná a scaoileadh amach iontu, féadfaidh siad an t‑údarás um údarú a chur ar an eolas maidir lena mbarúlacha laistigh den teorainn ama a leagfar síos sa chéad fhomhír.

3.    Déanfaidh an t‑údarás um údarú cinneadh maidir leis an iarratas tráth nach déanaí ná sé mhí ón dáta a gcuirfidh an t‑iompróir an t‑iarratas faoina bhráid 5 .

4.    Deonófar údarú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)mura bhfuil an t‑iarratasóir in ann an tseirbhís is ábhar don iarratas a chur ar fáil le trealamh atá díreach ar fáil dó;

(b)murar chomhlíon an t‑iarratasóir an reachtaíocht náisiúnta nó idirnáisiúnta maidir le hiompar de bhóthar, agus go háirithe na coinníollacha agus na ceanglais a bhaineann le húdaruithe le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar, nó má tá sáruithe tromchúiseacha déanta ag an iarratasóir ar reachtaíocht an Pháirtí Chonarthaigh maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca leis na rialacha is infheidhme ar fheithiclí agus ar thréimhsí tiomána agus ar thréimhsí sosa tiománaithe;

(c)i gcás iarratais ar athnuachan údaraithe, mura bhfuil coinníollacha an údaraithe comhlíonta aige;

(d)má chinneann Páirtí Conarthach ar bhonn mionanailíse go ndéanfadh an tseirbhís lena mbaineann difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáide a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná sin a chomhlíonfar reachtaíocht an Pháirtí Chonarthaigh maidir leis na stiallacha díreacha de bhóthar lena mbaineann. Sa chás sin, déanfaidh an Páirtí Conarthach critéir a chur ar bun, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena chinneadh cé acu an ndearna an tseirbhís ar cuireadh iarratas isteach ina leith difear d'inmharthanacht na seirbhíse inchomparáidí thuasluaite agus cuirfidh an Páirtí Conarthach na critéir sin in iúl do na Páirtithe Conarthacha eile dá dtagraítear in Airteagal 10(1);

(e)má chinneann Páirtí Conarthach ar bhonn mionanailíse nach é príomhchuspóir na seirbhíse paisinéirí a iompar idir stadanna atá suite i bPáirtithe Conarthacha éagsúla.

Má tá seirbhís idirnáisiúnta cóiste agus bus atá ann cheana ag déanamh difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáidí a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná sin a chomhlíonann dlí an Pháirtí Chonarthaigh maidir leis na stiallacha díreacha de bhóthar lena mbaineann, de bharr cúiseanna eisceachtúla nach bhféadfaí coinne a bheith leo nuair a deonaíodh an t‑údarú, féadfaidh Páirtí Conarthach, le comhaontú na bPáirtithe Conarthacha eile dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an t‑údarú chun seirbhís idirnáisiúnta cóiste agus bus a reáchtáil a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i ndiaidh fógra sé mhí a thabhairt don iompróir.

Má tá na praghsanna a bheidh á dtairiscint ag iompróir níos ísle ná na praghsanna a mbeidh á dtairiscint ag iompróirí eile de bhóthar nó má tá an nasc atá i gceist á oibriú cheana ag iompróirí eile de bhóthar, ní údar an méid sin ann féin leis an iarratas a dhiúltú.

5.    Ní fhéadfaidh an t‑údarás um údarú agus na húdaráis inniúla sna Páirtithe Conarthacha uile a bhaineann leis an nós imeachta chun teacht ar chomhaontú dá bhforáiltear i mír 1 iarratais a dhiúltú ach amháin ar bhonn na gcúiseanna dá bhforáiltear sa Phrótacal sin.

6.    Tar éis an nós imeachta a leagtar síos i mír 1 go mír 5 a chur i gcrích, deonóidh an t‑údarás um údarú an t‑údarú nó diúltóidh sé an t‑iarratas go foirmiúil.

I gcinntí lena ndiúltaítear d'iarratas, luafar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go dtabharfar an deis do ghnóthais iompair uiríll a dhéanamh i gcás go ndiúltófar dá n‑iarratas.

Cuirfidh an t‑údarás um údarú a chinneadh in iúl do na húdaráis inniúla uile dá dtagraítear i mír 1, trí chóip d'aon údarú a sheoladh chucu.

Airteagal 11

Údarú a athnuachan agus a athrú

1.    Beidh feidhm ag Airteagal 10, mutatis mutandis, maidir le hiarratas ar athnuachan nó ar athrú ar na coinníollacha faoina gcaithfear na seirbhísí atá faoi réir údaraithe a chur i gcrích.

2.    I gcás ina ndéanfar mionathrú ar na dálaí oibríochta, go háirithe coigeartú ar eatraimh, ar tháillí agus ar thráthchláir, ní bheidh ar an údarás um údarú ach faisnéis maidir leis an athrú a thabhairt do na Páirtithe Conarthacha eile lena mbaineann. Ní mheasfar gur mionathrú é na tráthchláir nó na heatraimh a athrú ar bhealach a dhéanfaidh difear d'uainiú rialuithe ag na teorainneacha idir na Páirtithe Conarthacha nó ag teorainneacha tríú tír.

3.    Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann a chomhaontú gurb é an t‑údarás um údarú amháin a chinnfidh athruithe ar na coinníollacha faoina mbeidh seirbhís á hoibriú.

Airteagal 12

Dul i léig d'údarú

1.    Rachaidh údarú le haghaidh seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhíse tráthrialta speisialta i léig ag deireadh a thréimhse bailíochta nó trí mhí tar éis don údarás um údarú fógra a fháil ón sealbhóir go bhfuil sé beartaithe aige nó aici an tseirbhís a tharraingt siar. Áireofar ráiteas cuí ar chúiseanna i bhfógra den chineál sin.

2.    Nuair nach bhfuil éileamh ann níos mó ar sheirbhís, beidh tréimhse aon mhí amháin i gceist leis an bhfógra dá bhforáiltear i mír 1.

3.    Cuirfidh an t‑údarás um údarú in iúl do na húdaráis inniúla sna Páirtithe Conarthacha eile lena mbaineann go bhfuil an t‑údarú imithe i léig.

4.    Tabharfaidh sealbhóir an údaraithe fógra d'úsáideoirí na seirbhíse lena mbaineann faoina tarraingt siar aon mhí amháin roimh ré trí mheán poiblíochta iomchuí.

Airteagal 13

Oibleagáidí na n‑oibreoirí iompair

1.    Ach amháin i gcás force majeure, seolfaidh oibreoir seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhíse tráthrialta speisialta an tseirbhís gan mhoill agus, go dtí go dtéann an t‑údarú in éag, glacfaidh an t‑oibreoir na bearta uile is gá lena ráthú go mbeidh seirbhís iompair ann a chomhlíonfaidh na caighdeáin a bhaineann le leanúnachas, le tráthrialtacht agus le hacmhainn agus go gcomhlíonfaidh an tseirbhís na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(6).

2.    Cuirfidh an t‑iompróir ar taispeáint bealach na seirbhíse, na stadanna bus, an tráthchlár, na táillí agus na coinníollacha iompair ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go héasca do na húsáideoirí uile.

3.    Beidh na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann in ann athruithe a dhéanamh ar na dálaí oibríochta lena rialaítear seirbhís tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhís tráthrialta speisialta, trí chomhaontú comhchoiteann agus i gcomhaontú le sealbhóir an údaraithe.

ROINN II

FORÁLACHA LENA mBEARTAÍTEAR COMHLÍONADH AN PHRÓTACAIL SEO A ÁIRITHIÚ

Airteagal 14

Áiritheoidh na húdaráis inniúla sna Páirtithe Conarthacha go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí iompair forálacha an Phrótacail sin.

Airteagal 15

1.    Gan dochar d'Airteagal 8(9), coinneofar ar an gcóiste nó ar an mbus an t‑údarú nó cóip dhílis dheimhnithe de chun seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta a chur i gcrích maille le ceadúnas oibreora an oibreora nó cóip dhílis dheimhnithe de le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar dá bhforáiltear i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus tabharfar na doiciméid sin don oifigeach cigireachta údaraithe arna n‑iarraidh sin dó.

2.    Gan dochar do mhír 1 agus d'Airteagal 8(9), i gcás seirbhíse tráthrialta speisialta, an conradh idir an t‑eagraí agus an t‑oibreoir iompair nó cóip de chomh maith le doiciméad lena bhfianaítear gur catagóir shonrach atá sna paisinéirí, d'eisiamh paisinéirí eile chun críocha seirbhíse tráthrialta speisialta, feidhmeoidh na doiciméid sin mar dhoiciméid rialuithe, coinneofar san fheithicil iad agus tabharfar iad don oifigeach cigireachta údaraithe arna n‑iarraidh sin dó.

ROINN VIII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Ré an Phrótacail – Meastóireacht ar fheidhmiú an Phrótacail

1.    Tabharfar an Prótacal seo i gcrích go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

2.    Déanfar ré an Phrótacail sin a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhleanúnacha cúig bliana le haghaidh na Páirtithe Conarthacha sin nach gcuireann a mian in iúl gan déanamh amhlaidh. Sa dara cás, tabharfaidh an Páirtí Conarthach lena mbaineann fógra don Taiscí maidir lena bhfuil beartaithe aige de réir Airteagal 31 de Chomhaontú Interbus.

3.    Roimh dheireadh gach tréimhse cúig bliana, déanfaidh an Comhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 18 den Phrótacal sin meastóireacht ar fheidhmiú an Phrótacail sin, maille le meastóireacht ar Chomhaontú Interbus é féin, más féidir.

Airteagal 17

Comhaontuithe déthaobhacha, daingniú nó formheas agus Taiscí an Phrótacail,
teacht i bhfeidhm an Phrótacail, séanadh agus teangacha

1.    Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 25, 27. 28. 31 agus 34 de Chomhaontú Interbus mutatis mutandis maidir leis an bPrótacal sin, faoi réir na coigeartuithe seo a leanas:

(a)cuirfear "trí" agus "an tríú" faoi seach in ionad na n‑uimhreacha "ceathrar" agus "an ceathrú" a luaitear in Airteagal 28(1) de Chomhaontú Interbus;

(b)tiocfaidh an Prótacal sin i bhfeidhm, le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha a shínigh agus a d'fhormheas nó a dhaingnigh é, ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh na míosa ina mbeidh a n‑ionstraimí formheasa nó daingniúcháin taiscthe le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag trí Pháirtí Chonarthacha, lena n‑áirítear an tAontas.

2.    Cuirfear forálacha an Phrótacail sin in ionad forálacha ábhartha sin na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha agus idir Páirtithe Conarthacha agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh.

D'ainneoin Airteagal 25 de Chomhaontú Interbus, féadfaidh forálacha ábhartha comhaontuithe atá ann cheana idir na Páirtithe Conarthacha agus idir na Páirtithe Conarthacha agus Ballstáit an Aontas Eorpaigh a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse cúig bliana dá dtagraítear in Airteagal 8(5) arna ríomh ó theacht i bhfeidhm an Phrótacail le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha lena mbaineann.

Airteagal 18

Comhchoiste

1.    Chun bainistiú an Phrótacail sin a éascú, leis seo bunófar Comhchoiste. Beidh an Coiste sin comhdhéanta d'ionaduithe na bPáirtithe Conarthacha.

2.    Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 23 agus 24 de Chomhaontú Interbus.

Airteagal 19

Aontachas Páirtí Conarthach don Aontas Eorpach nach Páirtí Conarthach den Aontas Eorpach é

1.    Cuirfear an Comhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 18 ar an eolas faoi aon iarraidh a dhéanfaidh Páirtí Conarthach nó aon tríú Stát chun bheith ina chomhalta den Aontas Eorpach.

2.    Cuirfidh an tAontas Eorpach na Páirtithe Conarthacha ar an eolas faoi aon aontachas Páirtí Conarthach don Aontas.

3.    Páirtí Conarthach sa Phrótacal sin a d'aontaigh don Aontas Eorpach, caithfear leis mar Bhallstát den Aontas Eorpach seachas mar Pháirtí Conarthach ar leith sa Phrótacal sin ó dháta an aontachais sin.

4.    Scrúdóidh na Páirtithe Conarthacha tionchar aontachais den chineál sin ar an bPrótacal seo i gcomhthéacs an Chomhchoiste. Cinnfidh an Comhchoiste aon choigeartú is gá nó beartais idirthréimhseacha ina leith sin.



Airteagal 20

Síniú

1.    Beidh an Prótacal seo ar oscailt lena shíniú sa Bhruiséil in Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a ghníomhóidh mar Thaiscí an Phrótacail, le haghaidh tréimhse dhá bhliain ag tosú ón dáta a nglacfar Cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le síniú an Phrótacail sin ag an Aontas Eorpach. Cuirfidh an Taiscí an dáta sin in iúl do na Páirtithe Conarthacha uile in am trátha.

2.    Ní féidir ach Páirtithe Conarthacha i gComhaontú Interbus an Prótacal sin a shíniú, aontú dó nó a dhaingniú. Déanfar ionstraimí sínithe, aontachais nó daingniúcháin a thaisceadh leis an Taiscí agus cuirfidh an Taiscí an méid sin in iúl do na Páirtithe Conarthacha.

Airteagal 21

Aontachas

Tar éis don Phrótacal sin teacht i bhfeidhm, féadfaidh aon Pháirtí Conarthach i gComhaontú Interbus aontú freisin don Phrótacal sin.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 30(3) agus (4) de Chomhaontú Interbus.

Airteagal 22

Iarscríbhinní

Is cuid dhílis den Phrótacal sin iad na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

Airteagal 23

Ionadú an Phrótacail roimhe sin

Cuirtear an Prótacal sin in ionad an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019. Ní bheidh aon stádas dlí a thuilleadh ag an bPrótacal roimhe sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar ceann Phoblacht na hAlbáine

Thar ceann na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Thar ceann Phoblacht na Moldóive

Thar ceann Mhontainéagró

Thar ceann Phoblacht na Macadóine Thuaidh

Thar ceann Phoblacht na Túinéise

Thar ceann na hÚcráine

IARSCRÍBHINN 1

Na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le an Phrótacail sin faoi réir na nithe seo a leanas:

Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n‑aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch 51), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh 517/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO L 158, 10.6.2013, lch 1), beidh feidhm ag an Rialachán sin i leith an Phrótacail sin cé is moite de Airteagal 16(5) go (7), maille le hAirteagail 18 go 21, 23, agus 25 go 28. Beidh feidhm mutatis mutandis ag cearta agus oibleagáidí Bhallstát an Aontais Eorpaigh maidir leis na Páirtithe Conarthacha.

Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch 1), beidh feidhm ag Rialachán sin maidir leis an bPrótacal sin cé is moite d'Airteagal 3(a) agus (b), an dá abairt dheireanacha d'Airteagal 12, Airteagal 18, Airteagal 28(2), Airteagail 29 agus 30, an abairt dheireanach d'Airteagal 31, agus Airteagal 32. Beidh feidhm mutatis mutandis ag cearta agus oibleagáidí Bhallstát an Aontais Eorpaigh maidir leis na Páirtithe Conarthacha.

________________

IARSCRÍBHINN 2

Caighdeáin theicniúla a bhfuil feidhm acu maidir le busanna agus cóistí

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir leis an Phrótacail sin.

________________

IARSCRÍBHINN 3

Samhail d'iarratas ar údarú le haghaidh seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhíse tráthrialta speisialta

(Páipéar Bán – DIN A4)

(Le bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla nó i gceann de theangacha oifigiúla an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil an t‑iarratas á déanamh)

FOIRM IARRATAIS AR ÚDARÚ NÓ AR ATHNUACHAN ÚDARAITHE CHUN SEIRBHÍS TRÁTHRIALTA IDIRNÁISIÚNTA NÓ SEIRBHÍS TRÁTHRIALTA SPEISIALTA IDIRNÁISIÚNTA A CHUR I gCRÍCH( 6 )

Chun tús a chur le seirbhís tráthrialta    

Chun tús a chur le seirbhís tráthrialta speisialta    

Chun údarú le haghaidh seirbhíse a athnuachan    

Chun coinníollacha a athrú a ghabhann le húdarú le haghaidh seirbhíse    

curtha i gcrích de chóiste agus de bhus idir Páirtithe Conarthacha i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus).

………………………………………………………………………………………………………........

(An t‑údarás um údarú)

1.Ainm agus céadainm nó trádainm an oibreora iarratasóra; i gcás iarratais ó ghrúpa oibreoirí nó ó chomhpháirtíocht, ainm an oibreora ar chuir na hoibreoirí eile ar a iontaoibh chun críocha an t‑iarratas a chur isteach:

………………………………………………………………………………………………………........

………………………………………………………………………………………………………........

2.Seirbhísí chun cur i gcrích (1)

Arna dhéanamh ag oibreoir □ ag grúpa oibreoirí □ trí chomhpháirtíocht □ ag fochonraitheoir □

3.Ainmneacha agus seoltaí an oibreora nó, i gcás grúpa oibreoirí nó comhpháirtíochta, ainmneacha oibreoirí uile an ghrúpa nó na comhpháirtíochta; chomh maith leis sin, aithneofar aon fhochonraitheoirí lena n‑ainmneacha( 7 )

3.1.…………………………………………………..………. teil. ………………….…….…

3.2.……………………………………………………..….… teil. ………………….……….

3.3.………………………………………………………....... teil. ………………….....….…

3.4.…………………………………………………………... teil. ……………………......…



(An dara leathanach den iarratas ar údarú nó ar athnuachan údaraithe)

4.I gcás seirbhís tráthrialta speisialta:

4.1.Catagóir paisinéirí:( 8 ) oibrithe □ daltaí scoile/mic léinn □ eile □

5.Fad an údaráis arna iarraidh nó dáta a chuirfear deireadh leis an tseirbhís:

………………………………………………………………………………………………….........

6.Príomhbhealach na seirbhíse (folínigh pointí bailithe agus pointí scaoilte amach paisinéirí, le seoltaí iomlána):( 9 )

…………………………………………………………………………………………...……….........

..………………………………………………………………………………………………...............

………………………………………………………………………………………………….............

7.Tréimhse oibríochta: …………………………………………………………………….…….

…………………………………………………………………………………………………..………....

…………………………………………………………………………………………………..………....

8.Minicíocht (laethúil, seachtainiúil, etc.): ………………………………………………………...…….

9.Táillí ……………………………………… Iarscríbhinn i gceangal leis seo.

10.Cuir sceideal tiomána faoi iamh chun fíorú ar chomhlíonadh rialacha idirnáisiúnta maidir le tréimhsí tiomána agus sosa a cheadú.

11.Líon na n‑údaruithe nó na gcóipeanna dílse deimhnithe d'údaruithe a iarradh: ( 10 )

…………………………………………………………………………………………………….........

12.Aon eolas breise:

………………………………………………………………………………………………........…….

(Áit agus dáta)    (Síniú an iarratasóra)

………………………………………………………………………………………………………….

Tarraingítear aird an iarrthóra ar an ngá atá ann, os rud é nach mór an t‑údarú nó an chóip dhílis dheimhnithe de a choinneáil ar bord na feithicle, ní mór do líon na n‑údaruithe nó líon na gcóipeanna dílse deimhnithe, arna n‑eisiúint ag an údarás um údarú, agus ar gá an t‑iarratasóir a bheith ina sheilbh aige, ní mór don líon sin teacht leis an líon feithiclí is gá chun an tseirbhís a iarradh san am céanna.

Fógra tábhachtach

Ní mór an méid seo a leanas a bheith ceangailte leis an iarratas:

(a) an tráthchlár lena náirítear na sliotáin ama le haghaidh rialuithe ag trasnuithe teorann ábhartha;

(b) cóip dhílis dheimhnithe de cheadúnas (nó de cheadúnais) an oibreora (nó na noibreoirí) le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar dá bhforáiltear i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht an Aontais;

(c) mapa ar scála iomchuí a mbeidh an bealach marcáilte air agus na pointí stad ag a mbaileofar paisinéirí nó a scaoilfear amach iad;

(d) sceideal tiomána chun fíorú ar chomhlíonadh rialacha idirnáisiúnta maidir le tréimhsí tiomána agus sosa a cheadú;

(e) aon fhaisnéis iomchuí maidir le críochfoirt chóiste agus bus.

IARSCRÍBHINN 4

Samhail d'údarú le haghaidh seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhíse tráthrialta speisialta

(An chéad leathanach den údarú)

(Páipéar flannbhuí – DIN A4)

(Le bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla nó i gceann de theangacha oifigiúla an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil an t‑iarratas á déanamh)

Údarú

I gcomhréir leis an bPrótacal maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus, idir Páirtithe Conarthacha, sa Chomhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus).

AN STÁT EISIÚNA: ……………………………………………………………………………….…..

An t‑údarás um údarú: ……………………………………………………………………………….

Suaitheantas an Pháirtí Chonarthaigh: …………….( 11 )

UIMH. an ÚDARAITHE: ……………………………...

le haghaidh seirbhíse tráthrialta □( 12 )

le haghaidh seirbhíse tráthrialta speisialta □ (2)

de chóiste agus de bhus idir Páirtithe Conarthacha sa Phrótacal maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (Prótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus)

Go: …………………………………………………………………………………………………...

………………………………………………………………………………………………………..

Sloinne, céad ainm nó trádainm an oibreora nó an oibreora bainistíochta i gcás grúpa gnóthas nó i gcás comhpháirtíochta:

Seoladh: …………………………………………………………………………………………………...

……………………………………………………………………………………………………………...

Guthán agus facs nó ríomhphost: .…………………………………………………………………………….

………………………………………………………………………………………………………..



(An dara leathanach den údarú)

Ainm, seoladh, guthán agus facs nó ríomhphoist an oibreora, nó, i gcás grúpaí oibreoirí nó comhpháirtíochtaí, ainmneacha oibreoirí uile an ghrúpa nó na comhpháirtíochta; chomh maith leis sin, ainmneacha aon fhochonraitheoirí, le sainaithint mar fhochonraitheoirí:

(1) ……………………………………………………………………………………………………………

(2) ……………………………………………………………………………………………………………

(3) ……………………………………………………………………………………………………………

(4) ……………………………………………………………………………………………………………

(5) ……………………………………………………………………………………………………………

Liosta i gceangal, más iomchuí

Bailíocht an údaraithe: Ó: ………………………………. Go: ……………………………..……...

An áit agus an dáta eisiúna: ………………………………………………………………………………………..

Síniú agus stampa an údaráis eisiúna nó na gníomhaireachta: ……………………………………………………..

1. An Bealach: ……………………………………………………………………………………………………….

………………………………………………………………………………………..:…………………….….

(b)Áit imeachta na seirbhíse: …………………………………...…………………………………

……………………………………………………………………..............…………………………………....

(c)Ceann scríbe na seirbhíse: …………….……………………………………………………..

…………………………………………………………..……………………………………………………....

Príomhchúrsa taistil, le pointí bailithe agus scaoilte amach paisinéirí folínithe: ………………..……..…………

…………………………………………………………………………………………………………………..

2. An tráthchlár: ………………………………………………………………………………………………..….

(i gceangal leis an údarú seo)

3. Seirbhís tráthrialta speisialta:

(a) Catagóir paisinéirí: ………………….………………….…….

……………………………...........................................................................

4. Coinníollacha eile nó pointí speisialta …...…………...................................................

.............................................................................................................

.............................................................................................................

Stampa an údaráis a bhfuil an t‑údarú á eisiúint aige

Fógra tábhachtach:

(2)Tá an t‑údarú seo bailí don turas iomlán.

(3)Coinneofar an t‑údarú nó cóip dhílis arna deimhniú ag an údarás um údarú ar an bhfeithicil fad an turais agus tabharfar é d'oifigigh fhorfheidhmithe arna iarraidh sin dóibh.

(4)Is i gcríoch an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil an t‑oibreoir bunaithe agus ina bhfuil na cóistí agus na busanna cláraithe a bheidh an áit imeachta nó ceann scríbe.



(An tríú leathanach den údarú)

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)    Tosóidh an t‑oibreoir iompair an tseirbhís iompair laistigh den tréimhse a shonrófar i gcinneadh an údaráis um údarú a dheonaíonn an t‑údarú.

(2)    Ach amháin i gcás force majeure, glacfaidh oibreoir seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhíse tráthrialta speisialta na bearta uile is gá lena ráthú go mbeidh seirbhís iompair ar fáil a chomhlíonfaidh na coinníollacha mar a shonrófar san údarú.

(3)    Cuirfidh an t‑iompróir an fhaisnéis faoin mbealach, na pointí stad, an tráthchlár, na táillí agus na coinníollacha iompair ar fáil go poiblí.

(4)    Féadfaidh údaráis inniúla na bPáirtithe Conarthacha lena mbaineann athruithe a dhéanamh ar na dálaí oibríochta lena rialaítear seirbhís tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhís tráthrialta speisialta, de chomhthoil a chéile agus i gcomhaontú le sealbhóir an údaraithe.

(5)    Gan dochar do dhoiciméid a bhaineann leis an bhfeithicil agus leis an tiománaí (amhail deimhniú clárúcháin na feithicle agus ceadúnas tiomána), beidh na doiciméid seo a leanas ina ndoiciméid rialaithe faoin bPrótacal sin agus coinneofar iad san fheithicil agus tabharfar iad d'aon oifigeach cigireachta údaraithe arna n‑iarraidh sin dó:

   an t‑údarú nó cóip dhílis dheimhnithe de chun seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta a chur i gcrích;

   ceadúnas an oibreora nó cóip dhílis dheimhnithe de le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar dá bhforáiltear de réir reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht an Aontais;

   agus seirbhís tráthrialta idirnáisiúnta á hoibriú, an conradh idir an t‑eagraí agus an t‑oibreoir iompair nó cóip dhílis dheimhnithe de chomh maith le doiciméad lena bhfianaítear gur catagóir shonrach atá sna paisinéirí agus paisinéirí eile á n‑eisiamh chun críocha seirbhísí tráthrialta speisialta;

   i gcás ina mbaineann oibreoir seirbhíse tráthrialta nó seirbhíse tráthrialta speisialta úsáid as feithiclí breise chun déileáil le cásanna sealadacha agus eisceachtúla, sa bhreis ar na doiciméid ábhartha thuasluaite, cóip den chonradh idir oibreoir na seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta nó na seirbhíse tráthrialta speisialta agus an gnóthas a chuireann na feithiclí breise ar fáil nó doiciméad coibhéiseach.


(An ceathrú leathanach den údarú)

BREITHNITHE GINEARÁLTA (ar lean.)

(6)    Oibreoirí a oibríonn seirbhís tráthrialta idirnáisiúnta, seachas seirbhís tráthrialta speisialta, eiseoidh siad ticéid iompair lena ndeimhnítear cearta an phaisinéara atá le hiompar agus beidh an ticéad ina dhoiciméad rialaithe lena bhfianaítear tabhairt i gcrích an chonartha iompair idir an paisinéir agus an t‑oibreoir iompair, bíodh siad ina gcearta aonair nó ina gcearta comhchoiteanna. Léireofar ar na ticéid, a d'fhéadfadh a bheith ina dticéid leictreonacha freisin:

(a)ainm an oibreora;

(b)na háiteanna imeachta agus cinn scríbe agus más infheidhme, an turas fillte;

(c)tréimhse bhailíochta an ticéid agus, más infheidhme, dáta agus am imeachta;

(d)praghas an turais.

Tabharfaidh an paisinéir ticéad an turais d'aon oifigeach iniúchta údaraithe, arna iarraidh sin dó.

(7)    Iompróirí a oibreoidh seirbhísí iompair tráthrialta idirnáisiúnta nó seirbhísí tráthrialta speisialta paisinéirí, ceadóidh na hiompróirí sin gach cigireacht a bhfuil beartaithe léi a áirithiú go mbeidh na hoibríochtaí á stiúradh i gceart, go háirithe i dtaca le tréimhsí tiomána agus tréimhsí sosa agus sábháilteacht ar bhóithre agus astaíochtaí.

________________

(1)    IO L 321, 26.11.2002, lch. 13.
(2)    IO L 321, 26.11.2002, lch. 44.
(3)    IO L 321, 26.11.2002, lch. 13.
(4)    IO L 321, 26.11.2002, lch. 44.
(5)    San Airteagal sin tagraítear d' "oibreoirí" mar "iompróirí" freisin.
(6)    Cuir tic nó comhlánaigh mar is iomchuí.
(7)    Ceangail liosta más infheidhme.
(8)    Cuir tic nó comhlánaigh mar is iomchuí.
(9)    Féadfaidh an t‑údarás um údarú a iarraidh go gcuirfí liosta iomlán de phointí bailithe agus scaoilte amach paisinéirí le seoltaí iomlána le bheith ceangailte ar leithligh den fhoirm iarratais.
(10)    Comhlánaigh de réir mar is cuí.
(11)    An Albáin (AL), an Bheilg (B), an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (BIH), an Bhulgáir (BG), an Chipir (CY), an Chróit (HR), an Danmhairg (DK), an Eastóin (EST), Éire (IRL), an Fhionlainn (F), an Fhrainc (F), an Ghearmáin (D), an Ghréig (GR), an Iodáil (I), an Laitvia (LV), an Liotuáin (LT), Lucsamburg (L), an Mhacadóin Thuaidh (MK), Málta (MT), an Ostair (A), Poblacht na Moldóive (MD), Poblacht na Seice (CZ), Poblacht na Slóvaice (SK), an Pholainn (PL), an Phortaingéil (PT), an Rómáin (RO), an tSlóivéin (SLO), an Spáinn (E), an tSualainn (S), an Tuirc (TR), an Úcráin (UA), an Ungáir (H), an Ríocht Aontaithe (UK), le tabhairt i gcrích.
(12)    Cuir tic nó comhlánaigh mar is iomchuí.
Top