EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0484

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, na hiarmhéideanna ón 10ú CEF nó ó CEFanna roimhe sin, agus na cistí a saoradh ó thionscadail faoin 10ú CEF nó faoi CEFanna roimhe sin

COM/2020/484 final

An Bhruiséil,7.9.2020

COM(2020) 484 final

2020/0232(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, na hiarmhéideanna ón 10ú CEF nó ó CEFanna roimhe sin, agus na cistí a saoradh ó thionscadail faoin 10ú CEF nó faoi CEFanna roimhe sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Is ceannairí domhanda iad an tAontas Eorpach (agus a Bhallstáit) i réimse an chomhair idirnáisiúnta um fhorbairt. Is dual dóibh a bheith chun tosaigh i gníomhaíochtaí idirnáisiúnta ina gcáil mar dheontóirí agus maidir lena ról nuálach i dtaca le hairgeadas forbartha chomh maith.

Cé go bhfuil feabhas feicthe againn ar fud an domhain maidir le coinníollacha maireachtála na ndaoine is leochailí, tá dúshláin shubstaintiúla fós ann. Tá dúshláin dhomhanda i ndiaidh éirí níos casta agus níos ilghnéithí agus tá siad ag forbairt go tapa i rith an ama. Chun aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach, ní mór don Aontas Eorpach iarracht níos tréine a dhéanamh ina ghníomhaíochtaí seachtracha agus leas a bhaint as sraith ionstraimí beartais agus ionstraimí maoinithe atá solúbtha agus éifeachtúil.

Ós rud é gur mó méid na ndúshlán ná méid na n‑acmhainní atá ar fáil faoi láthair, tá an tAontas ag lorg bealaí nua nuálacha éifeachtúla chun creat maoiniúcháin um fhorbairt a chruthú. Nuair a dhéantar giaráil ar an infheistíocht a dhéanann institiúidí airgeadais agus comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach, is bealach éifeachtach é sin chun an úsáid is mó a bhaint as buiséad an Aontais.

Fós féin, níl sna hionstraimí airgeadais fós ach cuid an-bheag de bhuiséad an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha. Caitear formhór an bhuiséid um fhorbairt (thart ar 90 % le linn an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) le haghaidh 2014-2020) ar dheontais thraidisiúnta um fhorbairt, tacaíocht bhuiséadach agus socruithe eile lena dtugtar cistiú díreach agus indíreach do thíortha comhpháirtithe. 

****

B’ionstraim airgeadais cheannródaíoch í Saoráid Infheistíochta na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (SI ACC). Bunaíodh SI ACC in 2003 faoin gComhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ar Mhaoiniú agus Riaradh Cabhrach ón gComhphobal faoin bPrótacal Airgeadais a ghabhann le Comhaontú Comhpháirtíochta Cotonou (CPA) 1 i ndáil le fás a chur chun cinn san earnáil phríobháideach – agus chun caipiteal intíre agus caipiteal eachtrach a shlógadh chuige sin – i 78 dtír san Afraic fho-Shahárach, i Muir Chairib, agus san Aigéan Ciúin.

Is faoi bhainistíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) atá SI ACC go dtí seo agus baineann sí acmhainní as an 9ú, an 10ú agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus as acmhainní BEI féin chomh maith.

Le creat dlíthiúil SI ACC 2 , bunaítear an méid seo a leanas (le haghaidh acmhainní ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF)):

·úsáidfear fáltais agus ioncam” (athshreabha 3 ) ó oibríochtaí faoi SI ACC le haghaidh tuilleadh oibríochtaí (faoi Airteagal 5(3) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF), agus iad ag feidhmiú mar fhoinse imrothlach.

·ar dhul in éag an Phrótacail Airgeadais a ghabhann le CPA (agus mura bhfuil cinneadh sonrach ón gComhairle, tabharfar na hathshreabha glana carnacha anonn go dtí an chéad phrótacal eile (Airteagal 3(2) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le CPA);

·níl acmhainní iomlána an 11ú CEI ná na cistí a eascraíonn ó athshreabha geallta a thuilleadh thar an 31 Nollaig 2020, mura gcinneann an Chomhairle a mhalairt, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún (pointe 5 d’Iarscríbhinn Ic de CPA agus Airteagal 1(5) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF).

·I gcomhthráth, in Airteagal 1(5) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF i gcomhréir le hAirteagal 47(2) den 11ú Rialachán Airgeadais CEF, foráiltear gur i gcás na gcistí a shuibscríobh na Ballstáit faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú CEI chun SI ACC a mhaoiniú, beidh na cistí sin fós ar fáil tar éis an 31 Nollaig 2020 lena n‑íoc amach, agus beidh siad ar fáil suas go dtí an 31 Nollaig 2030. 

·Luaitear freisin in Airteagal 14(3) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF go bhfanfaidh an Comhaontú sin i bhfeidhm fad agus a bheidh gá leis chun na hoibríochtaí uile a mhaoinítear faoi CPA agus faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2014-2020 a chur i gcrích go hiomlán (go dtí go n‑aisíocfar na hoibríochtaí agus go ndúnfar iad).

Tá gá leis an togra seo chun go mbeifear in ann na cistí a eascraíonn ó na hathshreabha a ghealladh thar an 31 Nollaig 2020. In éagmais cinneadh ón gComhairle a bheith ann, ní mór na cistí a eascraíonn ó na hathshreabha a aisíoc leis na mBallstáit ar bhonn pro rata, i gcomhréir leis an tábla sa 11ú Comhaontú Inmheánach CEF (Airteagal 1(2)(a)).

De réir na meastachán reatha ó EIB, is é atá sna hathshreabha thart ar EUR 3.2 billiún (is é sin an dearlaic iomlán de EUR 3.6 billiún – ó AE-28 – lúide táillí bainistíochta agus costais).

****

Is ríthábhachtach an tráth atáthar ag beartú an togra seo maidir leis na hathshreabha ó SI ACC a úsáid le haghaidh oibríochtaí nua agus an tAontas ag cruthú a bheartais forbartha don am atá le teacht.

(1)Le haghaidh CAI nua an Aontais don tréimhse 2021-2027, mhol an Coimisiún an buiséad le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha a mhéadú, lena náirítear cistí ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais a chur leis, 4 agus mhol sé freisin struchtúr CAI a shimpliú ionas go mbeidh sé níos solúbtha agus níos éifeachtúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda.

(2)Chomh maith leis sin, mhol an Coimisiún aon phríomhionstraim amháin le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha: an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI), lena náirítear creat airgeadais atá nuálach agus simplithe chun infheistíocht a dhéanamh lasmuigh den Aontas Eorpach. Tá sé buanaithe ar an gCiste Eorpach nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+), lena bhfaightear tacaíocht ón Ráthaíocht nua do Ghníomhaíochtaí Seachtracha 5 . Tá togra ICFCI faoi chaibidil ag na comhreachtóirí.

Baineann an togra ón gCoimisiún leas as an idirphlé uile atá ar siúl faoi láthair agus as na tuarascála sin uile.

Cuireann sé san áireamh freisin na torthaí agus na moltaí ó athbhreithniú deiridh téarma SI ACC, 6 a foilsíodh in 2019. Cé gur thacaigh SI ACC le cuspóirí Cotonou maidir le bochtaineacht a laghdú, tíortha ACC a chomhtháthú sa gheilleagar domhanda agus cabhair a thabhairt dá bhforbairt inbhuanaithe, ba é ba chonclúid an athbhreithnithe nár baineadh amach an méid arbh fhéidir i ndáil leis na cuspóirí sin.

Idir 2003 agus 2017, leithdháileadh EUR 5.2 billiún ar thionscadail ón gciste imrothlach, agus den mhéid sin, maoiníodh breis agus EUR 4 bhilliún tríd an gCiste Eorpach Forbraíochta.

Ba shásúil an méid “breisíochta” airgeadais a bhí ann (úsáid a bhaint as cistí an Aontais chun infheistíocht phríobháideach bhreise nach bhfaighfí ar bhealach eile a mhealladh) ach níor baineadh an oiread leasa aisti agus a d’fhéadfaí a bhaint. Léiríodh sin sa tslí gur baineadh úsáid measartha teoranta aisti i dtíortha íseal-ioncaim agus i dtíortha leochaileacha, áiteanna a n‑imreodh infheistíocht bhreise an tionchar is mó. Tharla breis agus leath d’oibríochtaí na saoráide infheistíochta faoi SI ACC i dtíortha meánioncaim íseal agus tharla 30 % de na hoibríochtaí i líon beag tíortha íseal-ioncaim.

De réir thorthaí an athbhreithnithe, ba mhó an bhéim a díríodh ar inbhuanaitheacht airgeadais ná ar na cuspóirí forbartha.

Bhí roinnt moltaí sa mheastóireacht freisin. Áiríodh leo sin, an gá atá ann le cothromaíocht níos fearr a aimsiú idir cuspóirí forbartha agus inbhuanaitheacht airgeadais, béim níos láidre a chur ar thíortha íseal-ioncaim agus tíortha leochaileacha, úsáid na n‑uirlisí airgeadais nuálacha amhail ráthaíochtaí a mhéadú, faireachán agus meastóireacht ar thorthaí forbartha a fheabhsú, agus an tsamhail oibriúcháin a athbhreithniú.

Sna meastóireachtaí a rinneadh roimhe seo, amhail an mheastóireacht lárthéarma a rinneadh ar ráthaíocht an tSainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh in 2010 7 nó an mheastóireacht ar mhaoiniú measctha a rinneadh in 2016 8 , cinneadh go raibh ionstraimí airgeadais nuabhunaithe an Aontais (maoiniú measctha agus ráthaíochtaí) ag obair i gceart, ach go raibh a dtionchar ar fhorbairt nasctha go dlúth le stiúradh an bheartais.

****

Is sa chomhthéacs sin atá an Coimisiún ag moladh don Chomhairle go n‑aistreofar na cistí ó SI ACC go dtí CEFI+ atá beartaithe amach anseo faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na hathshreabha sin a infheistiú i dtíortha ACC tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Mar a léiríodh sa pháipéar leathoifigiúil ón gCoimisiún agus BEI arna tharraingt suas in 2019 i gcomhthéacs na caibidlíochta maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta i ndáil “le hIar-Shaoráid Infheistíochta ACC”, tacaíonn BEI leis an méid seo a leanas: chun go leanfar le húsáid na n‑athshreabh ar feadh roinnt blianta; gan aon chostas a chur ar bhuiséad an Aontais agus faoi shocruithe sonracha (maidir le geografaíocht, incháilitheacht, agus próifíl riosca) atá le sainiú.

Molann an Coimisiún freisin, i gcomhairle le BEI, go mbeidh úsáid na n‑athshreabh trí BEI dírithe go príomha ar ionstraimí forbartha a bhfuil riosca ard airgeadais ag baint leo, go háirithe i gcás maoiniú tionchair, cistí cothromais agus oibríochtaí sna tíortha is lú forbairt.

Níl aon ranníocaíochtaí breise ó na Ballstáit i gceist leis an togra seo.

****

Chun go rannchuideoidh an tAontas leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a leagtar síos faoi Chlár Oibre 2030 a ghnóthú, tá sé ríthábhachtach an leas is mó is féidir a bhaint as an deis chun caipiteal príobháideach a shlógadh trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais nuálacha i dteannta le cistiú forbartha traidisiúnta.

Ós rud é gur mó i bhfad méid na ndúshlán ná méid na n‑acmhainní atá ar fáil, tá gá le tosaíochtaí a chinneadh.

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, na hionstraimí éagsúla atá ar fáil do ghníomhaíochtaí seachtracha a thabhairt isteach in aon chreat rialachais amháin. Leis sin, áireofar go gcomhlíonfaidh na cistí an prionsabal “tús áite don bheartas”, rud a áiríonn an comhleanúnachas, an chomhlántacht agus a imríonn an tionchar forbartha is mó.

Is é is aidhm don togra seo stiúradh beartais níos láidre a chur ar fáil agus tionchar forbartha na n‑athshreabh ó SI ACC a mhéadú. Cuirfidh sé an infheistíocht i dtíortha ACC chun cinn ar bhealach níos straitéisí agus níos éifeachtúla. Bunófar na hinfheistíochtaí ar riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta agus ar chuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus cuirfear i bhfeidhm iad tríd an meascán is fearr den mhaoiniúchán atá ar fáil, lena n‑áirítear maoiniúchán faoi CEFI+.

****

Tá CEFI+ mar dhlúthchuid de ICFCI, togra uaillmhianach a bhfuil raon feidhme domhanda, acmhainní airgeadais méadaithe agus stiúradh beartais níos láidre aige, agus é faoi threoir an phrionsabail “tús áite don bheartas”.

Cuirfidh ICFCI an creat beartais agus airgeadais is fearr ar fáil toisc go dtógfaidh sé maoiniú measctha (meascadh) agus ráthaíochta le chéile mar fhoinsí maoiniúcháin faoin aon rialachas simplithe amháin ina mbainisteofar le chéile iad in éineacht le huirlisí eile cur chun feidhme (deontais, cúnamh teicniúil, tacaíocht bhuiséadach, etc.).

Beidh CEFI+ go hiomlán faoi réir tosaíochtaí, cuspóirí agus na leithdháiltí táscacha a leagtar síos faoin bpróiseas clársceidealaithe, agus is é is aidhm fhoriomlán dó tacú le hinfheistíocht lasmuigh den Aontas Eorpach ar bhealach straitéiseach comhleanúnach, ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe.

‑‑‑Tugann sé sin le fios go nullmhófar na himeachtaí infheistíochta go léir sa tslí go mbainfear an tionchar forbartha is mó amach agus go nuasmhéadófar comhleanúnachas ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Ba cheart clársceidealú na noibríochtaí a bheith ina phróiseas cuimsitheach a bhfuil comhairliúchán leis an earnáil phoiblí, an earnáil phríobháideach, na Ballstáit, institiúidí airgeadais, an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile mar chuid de.

Cuireann CEFI+ le hobair an chiste rathúil a bhí ann roimhe, an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), atá ina bhunchloch den Phlean Infheistíochta Seachtraí (EIP) atá ann faoi láthair agus ina bhrainse airgeadais den Chomhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip.

Léirigh measúnú neamhspleách a rinneadh le déanaí 9 gur an-ábhartha é CEFI maidir le riachtanais infheistíochta na réigiún a chumhdaítear (An Afraic fho-Shahárach agus tíortha comharsanachta an Aontais), agus maidir le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais.

Ón maoiniú measctha, (cistí poiblí agus príobháideacha a chur le chéile), leithdháileadh EUR 3.1 billiún idir 2017 agus 2019 chun 154 thionscadal ar fud mhór-roinn na hAfraice agus thíortha comharsanachta an Aontais a mhaoiniú. D’éirigh le ranníocaíocht an Aontais tuilleadh maoiniúcháin a mhealladh agus tá coinne leis go gcumhdóidh an maoiniúchán sin infheistíocht fhoriomlán de EUR 30 billiún a bheidh dírithe ar na hearnálacha fuinnimh agus iompair go príomha, agus ar fhorbairt na hearnála príobháidí freisin chomh maith leis an talmhaíocht.

San Afraic fho-Shahárach, trí ranníocaíocht EUR 1.8 billiún ón Aontas, shlóg CEFI EUR 13.5 billiún lena gcistítear 78 n‑oibríocht. Sna tíortha comharsanachta, fuasclaíodh infheistíocht iomlán de EUR 16.2 billiún de thoradh ranníocaíocht EUR 1.3 billiún ón Aontas, agus maoinítear 76 oibríocht as an méid sin.

Sa bhreis air sin, leithdháileadh ranníocaíocht EUR 1.55 billiún ón Aontas ar 22 gclár ráthaíochta atá beartaithe. Tá coinne leis go bhfuasclóidh na méideanna sin infheistíocht fhoriomlán de EUR 17.5 billiún.

****

Ó thaobh comhleanúnachais de, cuireann an togra seo leis an ráiteas comhpháirteach a rinneadh in 2017 ar an gComhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbairt 10 , an ráiteas comhpháirteach sin a bhí mar chuid de fhreagairt an Aontais ar Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghabhann leis 11 . Sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, forordaíodh cheana an gá a bhí ann le cabhair a cheangal le hacmhainní eile, comhpháirtíochtaí níos oiriúnaithe le réimse níos leithne páirtithe leasmhara a chur ar bun, agus athdhearbhaíodh an tacaíocht do chomhleanúnachas an bheartais um fhorbairt .

Sa bhreis air sin, áiríonn an togra seo go gcloífidh an tAontas leis na prionsabail agus na critéir a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ról na hearnála príobháidí i dtaca le fás cuimsitheach inbhuanaithe a bhaint amach 12 .

****

Chuir an Coimisiún ábhar an togra seo in iúl don Bhanc Eorpach Infheistíochta.

2020/0232 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, na hiarmhéideanna ón 10ú CEF nó ó CEFanna roimhe sin, agus na cistí a saoradh ó thionscadail faoin 10ú CEF nó faoi CEFanna roimhe sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh ar na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo 13 (“an 11ú Comhaontú Inmheánach CEF”), agus go háirithe Airteagail 1 (3), (4) agus (5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ní féidir cistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (“CEFanna”) a ghealladh thar an 31 Nollaig 2020 mura gcinneann an Chomhairle a mhalairt, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún.

(2)Cé gur thacaigh Saoráid Infheistíochta ACC leis na cuspóirí maidir le laghdú bochtaineachta, comhtháthú sa gheilleagar domhanda agus forbairt inbhuanaithe sna tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, tá fianaise láidir ann nár baineadh amach an méid arbh fhéidir i ndáil leis na cuspóirí sin. D’fhéadfaí torthaí forbartha níos fearr a bhaint amach dá leanfaí le húsáid na nathshreabh ó Shaoráid Infheistíochta ACC faoi chreat agus rialachas nua.

(3)[An 14 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (“ICFCI”) 14 , lena bhforáiltear maidir le bunú an Chiste Eorpaigh nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (“CEFI+”) dá dtugtar tacaíocht ó Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ar ina leith a fhéadfadh na Ballstáit ranníocaíochtaí a dhéanamh agus na ranníocaíochtaí sin a chur i leataobh chun gníomhaíochtaí a thionscnamh i réigiúin, tíortha nó earnálacha ar leith nó sna fuinneoga infheistíochta atá ann.]

(4)Meastar gur an-ábhartha é an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe 15 (“CEFI”) maidir le riachtanais infheistíochta na réigiún a chumhdaítear (an Afraic fho-Shahárach agus tíortha comharsanachta an Aontais), agus maidir le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais.

(5)Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach “Towards a Comprehensive Strategy with Africa” [I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic] 16 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, iarradh ar an Aontas tacaíocht a thabhairt d’fhás agus poist inbhuanaithe ar fud mhór-roinn na hAfraice. I measc beart eile, tá an tAontas ag iarraidh obair i gcomhpháirt leis an Afraic maidir le hinfheistíochtaí a chur chun cinn trí úsáid níos mó a bhaint as sásraí maoinithe nuálacha.

(6)Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach sin ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, dúirt siad gurb é is aidhm do na hionstraimí airgeadais infheistíochtaí a mhealladh ar mó an tionchar forbartha atá acu, agus atá dírithe go príomha ar thacaíocht a thabhairt don earnáil phríobháideach, de réir na gcritéar a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “A Stronger Role of the Private Sector in Achieving Inclusive and Sustainable Growth in Developing Countries” [Ról Níos Láidre don Earnáil Phríobháideach maidir le Fás Cuimsitheach Inbhuanaithe a Bhaint Amach i dTíortha i mBéal Forbartha] 17 , i.e. tionchar forbartha intomhaiste, breisíocht, neodracht, leas coiteann agus cómhaoiniú, éifeacht léiriúcháin agus comhlíonadh na gcaighdeán sóisialta, comhshaoil agus fioscach.

(7)Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh chun go mbeifear in ann na hathshreabha agus na méideanna státchiste dá dtagraítear sa Chinneadh seo a úsáid mar ranníocaíochtaí i leith an Chiste Eorpaigh nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+) agus i leith na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha (“ioncam sannta seachtrach arna chur i leataobh”). Ní bhfaighidh an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta na hathshreabha ná na méideanna státchiste sin mar ioncam sannta seachtrach thar an 31 Nollaig 2027. Tar éis an dáta sin, is iad na sásraí maoinithe dá éis sin a gheobhaidh na cistí go dtí go mbeidh siad ídithe.

(8)Ba cheart na hathshreabha ó Shaoráid Infheistíochta ACC a aistriú ar bhonn bliantúil mar bhreisiú le línte buiséid geografacha ICFCI atá le hinfheistiú trí CEFI+ de réir na ndoiciméad clársceidealaithe.

(9)Cuirfidh an Coimisiún na hinfheistíochtaí tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta chun go mbainfear an leas is mó as a dtionchar forbartha agus a mbreisíocht, agus cuirfear ceisteanna maidir le hinbhuanaitheacht fiachais san áireamh chomh maith.

(10)[I gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta], ba cheart na cistí a dhíriú go príomha ar ionstraimí forbartha ar mó na rioscaí airgeadais atá leo, go háirithe maoiniú tionchair, cistí cothromais agus gníomhaíocht sna tíortha is lú forbairt. Ba cheart do na hoibríochtaí a bheith dírithe ar an tionchar forbartha a uasmhéadú.]

(11)De bhun Airteagal 152(4) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 18 , déanfar sciar na Ríocht Aontaithe de Shaoráid Infheistíochta ACC ó CEF, cistí atá carntha trí thréimhsí leantacha CEF, a aisíoc leis an Ríocht Aontaithe de réir mar a aibeoidh an infheistíocht. Mura gcomhaontófar a mhalairt, níor cheart sciar caipitil na Ríochta Aontaithe a ghealladh arís thar dheireadh an 11ú tréimhse gealltanais CEF ná a rolladh isteach i dtréimhsí dá néis sin.

(12)Ba cheart teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a bheith faoi réir theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta]. Dá bhrí sin, tarlóidh teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Chinnidh seo i gcomhthráth le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta],

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)Is ranníocaíochtaí i leith an Chiste Eorpaigh nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+) agus i leith na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi Airteagal 1 de Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [lena mbunaítear an Rialachán maidir le hIonstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta], chun críoch cistiú a chur ar fáil trí ráthaíochtaí buiséid faoi Airteagal 23(1)(f) agus meascadh a chur ar fáil faoi Airteagal 23(1)(g) den Rialachán sin, a bheidh sna cistí sin a eascraíonn ó na hathshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú, agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, na hiarmhéideanna ón 10ú CEF nó ó CEFanna roimhe sin, agus na cistí a saoradh ó thionscadail faoin 10ú CEF nó ó CEF an.....[dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo].

(2)Chun críocha an Chinnidh seo, is é is brí le “athshreabha” aon ioncam, lena náirítear díbhinní, gnóthachain chaipitiúla, táillí ráthaíochta agus ús ar iasachtaí, ar mhéideanna in aon chuntas a osclaítear d’fhonn airgead arna choinneáil thar ceann Shaoráid Infheistíochta ACC a thaifeadadh, agus luach saothair ó infheistíochtaí státchiste, agus aisíocaíochtaí, lena náirítear aisíocaíochtaí caipitil, ráthaíochtaí a scaoileadh agus aisíocaíochtaí ar phríomhshuim iasachtaí, a eascraíonn ó oibríochtaí faoi Shaoráid Infheistíochta ACC. Measfar gurb athshreabha iad na cistí a eascraíonn ó shaoradh athshreabh freisin.

(3)Ba cheart na hathshreabha a bheith faoi réir na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme de chuid CEFI+ mar a leagtar síos i Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.]

Airteagal 2

Cuirfear na ranníocaíochtaí i leataobh le haghaidh tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta]. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    An Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ar Mhaoiniú agus Riaradh Cabhrach ón gComhphobal faoin bPrótacal Airgeadais a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir na Stáit Afracacha, na Stáit Chairibeacha agus Stáit an Aigéin Chiúin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, a síníodh in Cotonou (Benin) an 23 Meitheamh 2000, agus ar leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo (IO L 317, 15.12.2000, lgh. 355–372).
(2)    Airteagal 76(1)(d) de CPA, arna leasú den dara uair in 2010, agus Iarscríbhinn Ic agus Iarscríbhinn II a ghabhann le CPA (IO L 317, 15.12.2000; IO L 287, 28.10.2005; IO L 287, 4.11.2010). Chomh maith leis sin, cuimsíonn an creat dlíthiúil Airteagail 1(5), 2(d), 4(1), 5(3), 7(1), 9, 11(2) den 11ú Comhaontú Inmheánach an Chiste Eorpach Forbraíochta idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát den Aontas Eorpach, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 210, 6.8.2013) agus Airteagail 45-52 den 11ú Rialachán CEF (Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323, IO L 307, 3.12.2018).
(3)    Tuigtear gurb é is brí le hathshreabha aon ioncam (e.g. íocaíochtaí úis, díbhinní, ranníocaíochtaí caipitil, íocaíochtaí ó infheistíochtaí státchiste, ráthaíochtaí, táillí agus coimisiúin eile agus fáltais ó fhuascailt nó díol rannpháirtíocht cothromais SI ACC), aisíocaíochtaí (e.g. scaoileadh ráthaíochtaí cistithe de chuid SI ACC, aisíocaíochtaí caipitil, aisíocaíochtaí ar phríomhshuim iasachtaí), nó méideanna Státchiste ón 1 Eanáir 2021, a eascraíonn ó oibríochtaí faoi SI ACC. Chun amhras a sheachaint, measfar gur athshreabha iad freisin na cistí a eascraíonn ó shaoradh athshreabh.
(4)    Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh tar éis phaindéim COVID-19, COM(2020) 441 final 28.5.2020.
(5)    An Ciste Eorpach nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+) arna bhunú faoin Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, mar a shonraítear sa Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, COM(2018) 460 final.
(6)    Athbhreithniú deiridh téarma Shaoráid Infheistíochta ACC, an tuarascáil deiridh, Aide à la Décision Economique (ADE), Márta 2020.
(7)    Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh 2007-2013 faoin mBanc Eorpach Infheistíochta – Athbhreithniú lárthéarma ar Choiste Stiúrtha na Saoithe, Feabhra 2010, ar a dtugtar tuarascáil Camdessus freisin.
(8)    Meastóireacht ar mhaoiniú measctha, tuarascáil deiridh, Nollaig 2016.
(9)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe, COM(2020), 224 final, Meitheamh 2020.
(10)    An Comhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt, “Our world, our dignity, our future” [Ár Saol, Ár nDínit, Ár dTodhchaí] – Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach, 2017(IO C 210, 30.06.2017).
(11)    Rún ó na Náisiúin Aontaithe: I mbun an Domhan a athrú: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, 2015.
(12)    COM(2014) 263 final. 
(13)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.
(14)    COM(2018) 460 final.
(15)    Rialachán (AE) 2017/1601 an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI, agus Ciste Ráthaíochta CEFI (IO L249, 27.9.2017, lch. 1).
(16)    JOIN(2020) 4 final.
(17)    COM(2014) 263 final.
(18)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
Top