EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0483

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach i ndáil le dáta a chur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin

COM/2020/483 final

An Bhruiséil,4.9.2020

COM(2020) 483 final

2020/0231(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach i ndáil le dáta a chur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna ghlacadh an 30 Bealtaine 2018, bunaítear córas rialála le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i ndáil le táirgeadh orgánach, agus é mar aidhm aige forbairt a dhéanamh ar chóras foriomlán bainistíochta feirme agus táirgeadh faoina gcuimsítear dea-chleachtais chomhshaoil agus aeráide, ardleibhéal bithéagsúlachta, caomhnú acmhainní nádúrtha, cur i bhfeidhm ardchaighdeán leasa ainmhithe agus ardchaighdeán táirgthe, i gcomhréir leis an éileamh atá ag líon méadaitheach tomhaltóirí ar tháirgí a tháirgtear le substaintí agus próisis nádúrtha. Mar sin, tá dhá thionchar ar an tsochaí ag an táirgeadh orgánach, ós rud é, ar thaobh amháin, go bhfreastalaíonn sé ar mhargadh ar leith mar fhreagairt ar éileamh tomhaltais ar tháirgí orgánacha, agus, ar an taobh eile, go gcuirtear earraí ar fáil don phobal leis, ar earraí iad a chuidíonn leis an gcomhshaol agus le cosaint leas ainmhithe, agus forbairt tuaithe freisin.

Leis an straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” 1 , a glacadh le déanaí, tugtar aitheantas don táirgeadh orgánach mar cheann de na bealaí leis na riachtanais chun córas inbhuanaithe bia a chomhlíonadh. Leis an straitéis Bhithéagsúlachta, aithnítear an ról atá ag an táirgeadh orgánach i leith an bhithéagsúlacht a chaomhnú ar chríoch na hEorpa. Is ríthábhachtach dá bhrí sin é córas comhpháirteach rialála le haghaidh na ndeich mbliana amach romhainn lena áirithiú go dtiomnófar 25 % den talamh talmhaíochta don fheirmeoireacht orgánach agus go dtiocfaidh méadú ar an dobharshaothrú orgánach faoi 2030, cuspóirí a sonraíodh sa straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” agus i straitéis na bithéagsúlachta.

https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/safety/docs/f2f_action‑plan_2020_strategy-info_en.pdf

Ráig na paindéime COVID‑19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi, is dúshlán faoi na Ballstáit iad, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh, agus is ualach trom iad ar na húdaráis náisiúnta, agus ar na hoibreoirí orgánacha. Chruthaigh géarchéim COVID‑19 dálaí suaithinseacha, dálaí nárbh fhéidir a thuar go réasúnta nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/848, a dteastaíonn forálacha substainteacha i dtéarmaí táirgeachta, margaíocht, rialuithe, agus trádáil idirnáisiúnta dá mbarr.

Tá tionchar suntasach ag na dálaí suaithinseacha sin ar réimsí éagsúla a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/848, agus dá bhrí sin, tá dóchúlacht mhór ann nach mbeidh na Ballstáit agus na hoibreoirí orgánacha réidh le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin a áirithiú ón 1 Eanáir 2021.

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go rianúil, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do gach oibreoir orgánach, agus chun go seachnófar an cur isteach is féidir a dhéanfar ar an margadh, is gá cur i bhfeidhm forálacha áirithe i Rialachán (AE) 2018/848 a chur siar bliain amháin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU).

Coimhdeacht

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ní fhéadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach leo féin. Teastaíonn idirghabháil ón Aontas chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go rianúil i ndáil le táirgeadh orgánach agus chun go seachnófar an cur isteach is féidir a dhéanfar ar an margadh. Maidir leis sin, tá an reachtaíocht atá á leasú á ghlacadh i gcomhréir go hiomlán le prionsabal na comhréireachta agus is trí bhíthin togra ón gCoimisiún amháin a fhéadfar aon leasú a dhéanamh air.

Comhréireacht

Teastaíonn gníomhaíocht seo an Aontais chun go mbainfear amach an cuspóir go ndéanfaidh na páirtithe rannpháirteacha uile Rialachán (AE) 2018/848 agus an reachtaíocht thánaisteach ábhartha a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm mar is ceart, agus ollmhéid phaindéim COVID‑19 agus iarmhairtí na géarchéime sláinte poiblí don earnáil orgánach poiblí á gcur san áireamh. Is é is aidhm do na leasuithe a mholtar a áirithiú go mbainfear amach cuspóir beartaithe Rialachán (AE) 2018/848, is é sin córas a bhunú don táirgeadh orgánach, agus é mar sprioc leis sin forbairt a dhéanamh ar chóras foriomlán bainistíochta feirme agus táirgeadh faoina gcuimsítear dea-chleachtais chomhshaoil agus aeráide, ardleibhéal bithéagsúlachta, caomhnú acmhainní nádúrtha, cur i bhfeidhm ardchaighdeán leasa ainmhithe agus ardchaighdeán táirgthe, i gcomhréir leis an éileamh atá ag líon méadaitheach tomhaltóirí ar tháirgí a tháirgtear le substaintí agus próisis nádúrtha.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Níl measúnú tionchair ar leith ag gabháil leis an togra seo, os rud é nach n‑athraítear an togra Rialachán (AE) 2018/848 leis ó thaobh substainte de agus nach bhforchuirtear oibleagáidí nua ar na páirtithe lena mbaineann. Is é is aidhm dó, ar chúiseanna eisceachtúla i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19, cur siar bliana amháin a thabhairt isteach i leith dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin a dhíorthaítear ón dáta sin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar buiséadach ag an togra ar institiúidí an Aontais.

2020/0231 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach i ndáil le dáta a chur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 2 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 3 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , a tháinig i bhfeidhm an 17 Meitheamh 2018, bunaítear córas nua rialála don táirgeacht orgánach. Chun a áirithiú go ndéanfar aistriú go rianúil ón seanchóras rialála go dtí an córas rialála nua, foráiltear sa Rialachán sin gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta cur i bhfeidhm.

(2)Chruthaigh ráig phaindéim COVID19 dálaí suaithinseacha, dálaí nárbh fhéidir a thuar go réasúnta nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/848, a dteastaíonn iarrachtaí substainteacha ón earnáil orgánach dá mbarr.

(3)Ráig phaindéim COVID19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi, is dúshlán faoi na Ballstáit iad, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh, agus is ualach trom iad ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Díríonn oibreoirí a gcuid iarrachtaí ar an táirgeacht orgánach agus sreabhadh trádála a choinneáil ar bun agus ní féidir leo an tráth céanna iad féin a ullmhú do theacht i bhfeidhm na bhforálacha dlíthiúla nua faoi Rialachán (AE) 2018/848. Dá bhrí sin, tá dóchúlacht mhór ann nach mbeidh na Ballstáit agus na hoibreoirí orgánacha in ann cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin ón 1 Eanáir 2021 a áirithiú.

(4)Dá bhrí sin, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an earnáil orgánach go rianúil, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, agus chun go seachnófar an cur isteach is féidir a bheith ar an margadh, is gá cur siar a thabhairt do dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848 agus do dhátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin a dhíorthaítear ón dáta sin. I bhfianaise scála phaindéim COVID19 agus na géarchéime sláinte poiblí a bhaineann léi, fhorbairt eipidéimeolaíoch an víris agus na nacmhainní breise a theastaíonn sna Ballstáit agus ó na hoibreoirí orgánacha, is iomchuí cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848 a chur siar bliain amháin.

(5)Go háirithe, roinnt dátaí a bhaineann le maoluithe, tuarascálacha, nó cumhachtuithe arna dtabhairt don Choimisiún deireadh a chur le maoluithe nó síneadh a chur leo, a díorthaíodh go díreach ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848. Dá bhrí sin, is iomchuí cur i bhfeidhm na ndátaí sin a chur siar bliain amháin freisin. Leagadh síos na dátaí agus aird á tabhairt ar an achar ama is gá chun go noiriúnóidh oibreoirí orgánacha iad féin do dheireadh na maoluithe nó go mbaileoidh na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis leordhóthanach ar infhaighteacht roinnt ionchur ar tugadh maoluithe ina leith, nó go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus togra reachtach nó gníomhartha tarmligthe a ullmhú.

(6)Ráig phaindéim COVID19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi, is dúshlán faoi thríú tíortha agus faoi oibreoirí i dtríú tíortha iad freisin, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh. Dá thoradh sin, is iomchuí i gcás tríú tíortha arna naithint faoi Airteagal 33(2) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle 5 síneadh bliana a chur le dáta éagtha a naitheantais go dtí 31 Nollaig 2026 ionas go mbeidh a ndóthain ama acu a stádas a athrú trí chomhaontú trádála a thabhairt i gcrích leis an Aontas Eorpach nó le comhlíonadh iomlán a noibreoirí le Rialachán (AE) Uimh. 2018/848 gan cur isteach míchuí a bheith déanta ar thrádáil táirgí orgánacha.

(7)Mar an gcéanna, ba cheart síneadh bliana go dtí 31 Nollaig 2024 a chur le dáta éaga an aitheantais a tugadh d’údaráis agus do chomhlachtaí rialaithe i dtríú tíortha faoi Airteagal 33(3) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 chun am a thabhairt do na húdaráis agus do na comhlachtaí rialaithe agus dá noibreoirí deimhnithe i dtríú tíortha chun iarmhairtí phaindéime COVID19 a shárú agus chun ullmhúcháin a dhéanamh do na forálacha nua.

(8)Ós rud é gur gá thar aon ní eile deimhneacht dhlíthiúil don earnáil orgánach a áirithiú sna cúinsí atá ann faoi láthair, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar bhonn práinne ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:

(1)sa chéad abairt d’Airteagal 29(4), cuirtear "31 Nollaig 2025" in ionad "31 Nollaig 2024";

(2)sa dara fomhír d’Airteagal 48(1), cuirtear "31 Nollaig 2026" in ionad "31 Nollaig 2025";

(3)in Airteagal 49, cuirtear "31 Nollaig 2022" in ionad "31 Nollaig 2021";

(4)Leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear "31 Nollaig 2036" in ionad "31 Nollaig 2035";

(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)san abairt tosaigh, cuirtear "1 Eanáir 2029" in ionad "1 Eanáir 2028";

(ii)i bpointe (a), cuirtear "31 Nollaig 2036" in ionad "31 Nollaig 2035";

(c)i mír 3, cuirtear "1 Eanáir 2027" in ionad "1 Eanáir 2026";

(d)i mír 4, cuirtear "1 Eanáir 2026" in ionad "1 Eanáir 2025" agus "31 Nollaig 2026" agus "31 Nollaig 2025";

(e)i mír 7, cuirtear "31 Nollaig 2026" in ionad “31 Nollaig 2025";

(5)in Airteagal 57(1), cuirtear "31 Nollaig 2024" in ionad "31 Nollaig 2023";

(6)in Airteagal 60, cuirtear "1 Eanáir 2022" in ionad "1 Eanáir 2021";

(7)sa dara fomhír d’Airteagal 61, cuirtear "1 Eanáir 2022" in ionad "1 Eanáir 2021";

(8)Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)i Mír I, leasaítear pointe 1.5 mar a leanas:

(i)sa dara habairt, cuirtear "31 Nollaig 2031" in ionad "31 Nollaig 2030";

(ii)sa tríú habairt, cuirtear "31 Nollaig 2026" in ionad "31 Nollaig 2025";

(b)Leasaítear Mír II mar a leanas:

(i)sa dara habairt de phointe 1.9.1.1(a), cuirtear "1 Eanáir 2024" in ionad "1 Eanáir 2023";

(ii)sa dara habairt de phointe 1.9.2.1(a), cuirtear "1 Eanáir 2024" in ionad "1 Eanáir 2023";

(iii)sa chéad abairt de phointe 1.9.3.1(c), cuirtear "31 Nollaig 2026" in ionad "31 Nollaig 2025";

(iv)sa chéad abairt de phointe 1.9.4.2(c), cuirtear "31 Nollaig 2026" in ionad "31 Nollaig 2025";

(c)i Mír III, sa dara habairt de phointe 3.1.2.1, cuirtear "1 Eanáir 2022" in ionad "1 Eanáir 2021";

(d)i Mír VII, sa dara habairt de phointe 1.1, cuirtear "31 Nollaig 2024" in ionad "31 Nollaig 2023".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/safety/docs/f2f_action‑plan_2020_strategy-info_en.pdf
(2)    IO C […, , lch. .
(3)    IO C , , lch. .
(4)    Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).
Top