Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0477

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le leithdháileadh cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun athshlánú a dhéanamh ar an tSaoráid um Shíocháin san Afraic

    COM/2020/477 final

    An Bhruiséil,3.9.2020

    COM(2020) 477 final

    2020/0228(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le leithdháileadh cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun athshlánú a dhéanamh ar an tSaoráid um Shíocháin san Afraic


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Bunaíodh an tSaoráid um Shíocháin san Afraic (AFP) in 2003 faoi chuimsiú Chomhaontú Cotonou 1 le haghaidh thréimhse feidhme Chomhaontú Cotonou agus déantar é a chistiú as an gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF), ciste atá lasmuigh de bhuiséad ginearálta an Aontais. Tá APF anois ar cheann de na príomhionstraimí chun an comhar idir an Afraic agus an tAontas Eorpach i dtaca leis an tsíocháin agus leis an tslándáil a chur chun feidhme.

    Faoin 11ú CEF, an ciste atá ann faoi láthair, leithdháileadh, i dtús báire, méid EUR 750 milliún ar APF le haghaidh na tréimhse 2014-2020. An méid sin, méid a bunaíodh ar na gealltanais APF faoin 10ú CEF, níor cuireadh san áireamh ann an méadú géar a tháinig ar mhéid airgeadais APF tar éis 2012, méadú a lean go 2015, nuair a theorannaigh an Coimisiún, go 80 % de ráta NA an ama sin, an maoiniú aige ar Oibríochtaí Tacaíochta Síochána (OTSanna) i dtaca le stipinní a íoctar le trúpaí agus le póilíní atá ar imscaradh faoi chuimsiú OTSanna atá faoi stiúir Afracach. An uasteorainn sin a tugadh isteach, tháinig cobhsú dá bharr ar chaiteachas APF, ach níor tháinig aon ísliú ar an gcaiteachas sin, arae an tsábháil a rinneadh trí thabhairt isteach na huasteorann ar ranníocaíochtaí APF i leith na stipinní, rinneadh í a fhritháireamh le méadú ar an líon iomlán OTSanna a bhíothas a chistiú. I dtaca leis an méadú ar éileamh, tharla sé go háirithe de bharr gur leanadh den chistiú ar oibríochtaí a bhí ann cheana (Misean an Aontais Afracaigh sa tSomáil), agus freisin de bharr gur bunaíodh OTSanna nua (Misean an Chomhphobail Eacnamaíoch de Stáit in Iarthar na hAfraice go Guine Bissau - ECOMIB, an Tascfhórsa Comhpháirteach Ilnáisiúnta in aghaidh Boko Haram, Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile).

    Dá bhrí sin, rinneadh APF a athshlánú ceithre huaire go dtí seo, le hathshlánú dar méid iomlán EUR 1 635 mhilliún: dhá athshlánú dar méid EUR 150 milliún an ceann (arna chinneadh an 24 Meán Fómhair 2015 2 agus 2 Lúnasa 2016 3 , faoi seach) le haghaidh Chlár Gníomhaíochta 2014-2016, athshlánú eile, an tríú ceann, dar méid EUR 535 milliún (arna chinneadh an 2 Lúnasa 2016 4 ) chun Clár Gníomhaíochta 2017-2018 a mhaoiniú, agus athshlánú eile, an ceathrú ceann, dar méid EUR 800 milliún (arna chinneadh an 11 Aibreán 2019 5 ) chun Clár Gníomhaíochta 2019-2020 a mhaoiniú. Leis na cistí sin, is féidir na gníomhaíochtaí faoi APF a chur chun feidhme suas go deireadh 2020.

    I gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 6 agus leis an moladh a rinne an tArdionadaí um Shaoráid Eorpach Síochána 7 , táthar ag dréim, i dtaca leis na gníomhaíochtaí atá á gcistiú faoi láthair faoi APF, go ngabhfaidh an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus an tSaoráid Eorpach Síochána orthu cúram na ngníomhaíochtaí sin ón 1 Eanáir 2021 amach. Chun leanúnachas agus iontaofacht na tacaíochta a thugann an tAontas Eorpach do ghníomhaíochtaí síochána agus slándála atá faoi stiúir Afracach a áirithiú, ba cheart aistriú rianúil ó APF go dtí na hionstraimí nua sin a éascú sa tréimhse ó Eanáir 2021 go Meitheamh 2021 nó sa tréimhse suas go dáta éaga Chomhaontú Cotonou, cibé tréimhse is luaithe acu.

    Is é cuspóir an dréacht-togra seo le haghaidh cinneadh ón gComhairle údarú na Comhairle a fháil chun cistí saortha ón 10ú CEF a úsáid chun athshlánú, le méid bhreise EUR 129 milliún, a dhéanamh ar APF. Agus na cistí sin á n‑úsáid, is é scála ranníocaíochta an 10ú CEF a chuirfear i bhfeidhm 8 .

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Sainítear i Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh 9 go bhfuil an tsíocháin agus an tslándáil ar cheann de leasanna ríthábhachtacha an Aontais, agus deimhnítear ann freisin go bhfuil dlúthnasc idir an tslándáil laistigh den Eoraip agus an tsíocháin sna réigiúin chomharsanacha agus sna réigiúin ina mórthimpeall. Sa Chomhdhearcadh Eorpach athnuaite maidir leis an bhForbraíocht 10 , a glacadh in 2017, bunaítear “an tsíocháin” mar cheann dá chúig phríomhréimse fócais agus athdhearbhaítear ann tiomantas an Aontais Eorpaigh don ord domhanda riailbhunaithe, agus an t-iltaobhachas mar chroíchuid den ord sin.

    Tá APF ar cheann de na príomhionstraimí chun an comhar idir an Afraic agus an tAontas Eorpach i dtaca leis an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun feidhme faoi Straitéis Chomhpháirteach na hAfraice agus an Aontais Eorpaigh a glacadh i Liospóin in 2007. Ag an 4ú Cruinniú Mullaigh idir an Afraic agus an tAontas Eorpach in 2014, athdhearbhaíodh an tsíocháin agus an tslándáil a bheith ar cheann den chúig réimse tosaíochta i gcur chun feidhme na Straitéise Comhpháirtí. Ag an 5ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach, i Samhain 2017, chomhaontaigh na ceannairí ar cheithre thosaíocht straitéiseacha choiteanna le haghaidh na tréimhse uaidh sin go dtí an chéad Chruinniú Mullaigh eile, agus ar cheann de na tosaíochtaí sin bhí “An athléimneacht, an tsíocháin, an tslándáil agus an rialachas a neartú”. Mar fhorbairt leantach ar an gComhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbraíocht, a thugann aird ar an nasc idir an tslándáil agus an fhorbraíocht, agus mar fhorbairt leantach ar Straitéis Dhomhanda an Aontais, a leagann tábhacht ar an riachtanas atá le cur chuige comhtháite i leith coinbhleachtaí, tá an comhar i réimsí na síochána agus na slándála fós i gcroílár na Comhpháirtíochta idir an Afraic agus an tAontas Eorpach. Is sa chomhthéacs sin a shínigh an Coimisiún Eorpach agus Coimisiún an Aontais Afracaigh, an 23 Bealtaine 2018, Meabhrán Comhthuisceana maidir leis an tSíocháin, an tSlándáil agus an Rialachas, rud a thugann creat le haghaidh comhar feabhsaithe idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin i réimse na síochána agus na slándála. An fócas sin ar leanúint den chomhar láidir le comhpháirtithe Afracacha, i réimsí na síochána agus na slándála, cuireadh ar bhonn níos daingne é le déanaí sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) “I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic”, Márta 2020 11 .

    Trína fhágáil gur féidir do ghníomhaíochtaí APF leanúint go dtí lár 2021 nó go dtí dáta éaga Chomhaontú Cotonou, cibé dáta is luaithe acu, cuideoidh an togra seo leis an iarracht chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, go háirithe SFI 16 “Sochaithe síochánta ionchuimsitheacha a chur chun cinn ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe, an ceartas a chur ar fáil do chách agus institiúidí éifeachtacha cuntasacha ionchuimsitheacha a bhunú ar gach leibhéal”.

    Is as imchlúdaigh de chuid CEF – imchlúdaigh thíortha laistigh d’Eagraíocht ACC agus na himchlúdaigh réigiúnacha – a mhaoinítear APF de ghnáth. Na gníomhaíochtaí arna maoiniú le cistí breise arna leithdháileadh ar APF ón gcúlchiste feidhmíochta (“réserve non-mobilisable”), leanfaidh siad de bheith i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus leis na sainchuspóirí APF a leagtar síos sa straitéis le haghaidh thíortha laistigh d’Eagraíocht ACC 12 .

    Úsáidfear na cistí breise i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an 11ú CEF. Déanfar clárú na gcistí sin a bhunú le leasú ar Chlár Gníomhaíochta APF 2019-2020, leasú lena n‑áireofar cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sa tréimhse ó Eanáir 2021 nó go dtí dáta éaga Chomhaontú Cotonou, cibé dáta is luaithe acu. Ní mór formheas COREPER a bheith ag an leasú sin ar Chlár Gníomhaíochta APF 2019-2020, sula nglaca an Coimisiún é, mar a fhoráiltear le hAirteagal 15(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme an 11ú CEF 13 .

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Neamhbhainteach

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Airteagal 1(4) de Chomhaontú Inmheánach an 11ú CEF 14 .

    Cuireann Airteagal 1(4) de Chomhaontú Inmheánach an 11ú CEF de cheanglas ar an gComhairle gur d’aon toil a ghlacfaidh sí a cinneadh.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Neamhbhainteach


    Is le comhaontú inmheánach idir ionadaithe na mBallstát a bhunaítear CEF agus cuirtear ar fáil trína bhíthin an deis cistí saortha a úsáid, má aontaíonn an Chomhairle amhlaidh
    15 .

    Comhréireacht

    Tá an togra, agus go háirithe na méideanna a mholtar, bunaithe ar anailís chuimsitheach a rinne seirbhísí de chuid an Choimisiúin agus SEGS. Tá an togra bunaithe freisin ar an toimhde go rannchuideoidh comhpháirtithe eile ó thaobh an airgeadais de. Thairis sin, tá an deis ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh ranníocaíochtaí ar bhonn deonach a dhéanamh trí APF.

    In Iúil 2016, ghlac an tAontas Afracach (AA) cinneadh tobhach 0.2 % a chur ar allmhairí incháilithe chun an tAontas Afracach a mhaoiniú. Is é cuspóir a bhí leis an gcinneadh maoiniú iontaofa intuartha a chur ar fáil le haghaidh na síochána agus na slándála ar an ilchríoch trí Chiste Síochána an Aontais Afracaigh. Tá dul chun cinn á dhéanamh i gcur chun feidhme na reachtaíochta riachtanaí agus na mbeart praiticiúil, cé gur ar luasanna éagsúla atáthar á dhéanamh sin ar fud Bhallstáit AA. Tá méid an chistithe atá ar fáil faoi Chiste Síochána AA ag dul i méid go seasta, agus tá os cionn EUR 160 milliún ann faoin tráth seo.

    An rogha ionstraime

    Is é CEF an t-aon fhoinse cistithe atá ag APF ar leibhéal an Aontais. De bharr teorannuithe dlíthiúla, ní féidir ionstraimí AE atá ann cheana a mhaoinítear as buiséad ginearálta an Aontais a úsáid le haghaidh oibríochtaí a ngabhann impleachtaí míleata nó cosanta leo, ná chun tacú le tairbhithe míleata ach amháin i gcomhthéacs fothaithe acmhainneachta chun tacú leis an bhforbraíocht agus leis an tslándáil le haghaidh forbraíochta.

    I gcomhréir le hAirteagal 1(4) den Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad cruinn i dtionól den Chomhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo 16 , is í an Chomhairle a dhéanann cinneadh maidir le togra ón gCoimisiún.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Neamhbhainteach

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Neamhbhainteach

    Measúnú tionchair

    Neamhbhainteach

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach

    Cearta bunúsacha

    Neartú a dhéanamh ar ghné na gCeart Daonna de chosc coinbhleachtaí, den bhainistíocht ghéarchéime agus de phróisis iarchoinbhleachta, tá sin ar cheann de na príomhréimsí comhair faoin réimse tosaíochta “An tSíocháin agus an tSlándáil” de Straitéis Chomhpháirteach AE-an Afraic. I Meabhrán Comhthuisceana AA-AE maidir leis an tSíocháin, an tSlándáil agus an Rialachas a síníodh i mBealtaine 2018, cuirtear béim bhreise ar thábhacht lárnach na gCeart Daonna, ar a n‑airítear an comhrac in aghaidh foréigean inscne-bhunaithe le linn coinbhleachtaí, i mbaint amach na síochána agus na slándála ar ilchríoch na hAfraice.

    Faoi Chlár Gníomhaíochta APF 2019-2020 17 , dírítear aire ar leith ar ghné na hinscne agus na gCeart Daonna de na gníomhaíochtaí ábhartha uile. Áirítear, sa Chlár Gníomhaíochta, maoiniú chun tacú le AA agus le gníomhaithe ábhartha eile san obair chun creat ilchríochach um chomhlíonadh Ceart Daonna agus um chomhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a bhunú, a bheidh infheidhme maidir le OTSanna faoi stiúir Afracach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Neamhbhainteach

    Níl CEF ina chuid de bhuiséad AE.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    I dtaca le socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe, is éard atá iontu na socruithe is infheidhme maidir leis an 11ú CEF agus atá beartaithe i gClár Gníomhaíochta APF 2019-2020.

    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

    Neamhbhainteach

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Foráiltear le mír (1) d’Airteagal 1 den togra go leithdháilfear cistí saortha dar méid suas go huasmhéid EUR 129 milliún ón 10ú CEF chun athshlánú a dhéanamh ar APF chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais airgeadais mheasta go ceann dheireadh an chéad 6 mhí de 2021.

    Foráiltear le mír (2) d’Airteagal 1 gurb iad rialacha an 11ú CEF a bheidh infheidhme (na Rialacháin Cur Chun Feidhme agus Airgeadais 18 ).

    Déantar foráil le hAirteagal 2 maidir le dáta teacht i bhfeidhm an chinnidh.

    2020/0228 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le leithdháileadh cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun athshlánú a dhéanamh ar an tSaoráid um Shíocháin san Afraic

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad cruinn i dtionól den Chomhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo 19 , agus go háirithe Airteagal 1(4) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)An iarracht ar son na síochána agus na slándála atá á déanamh ag an Aontas Eorpach ar ilchríoch na hAfraice faoin tSaoráid um Shíocháin san Afraic (APF), ba cheart leanúint di go deireadh mhí Iúil 2021 nó go dtí go néagfaidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtigh idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (“ACC”) de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (“Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE”) 20 , cibé dáta is luaithe acu.

    (2)Is é suas go EUR 129 000 000 an meastachán ar riachtanais airgeadais APF le haghaidh na tréimhse ó Eanáir 2021 go Meitheamh 2021.

    (3)Is iomchuí cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú CEF a úsáid chun a áirithiú go maoineofar APF go deireadh mhí an Mheithimh 2021 nó go dtí dáta éaga Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cibé dáta is luaithe acu.

    (4)Ba cheart na cistí breise sin a bheith ag maoiniú na tacaíochta d’Oibríochtaí Tacaíochta Síochána atá faoi stiúir Afracach.

    (5)Ba cheart na cistí a úsáid i gcomhréir leis an gclár gníomhaíochta APF ábhartha agus i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an 11ú CEF, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme, 21 agus i Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 22 .

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déanfar méid suas go huasmhéid EUR 129 000 000 ó na cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) a leithdháileadh chun athshlánú a dhéanamh ar APF ó 1 Eanáir 2021 go 30 Meitheamh 2021 nó go dtí dáta éaga Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cibé dáta is luaithe acu.

    Úsáidfear na cistí sin i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an 11ú CEF.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an lae a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Comhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000.
    (2)    Cinneadh C(2015)8627 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2015.
    (3)    Cinneadh C(2016)7258 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2016.
    (4)    Cinneadh C(2017)2579 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2017, arna leasú le Cinneadh C(2018)1258 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2018.
    (5)    Cinneadh C(2019)4070 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2019.
    (6)    An togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, Bealtaine 2018.
    (7)    HR(2018)94 an 13 Meitheamh 2018.
    (8)    Ní hé atá ann seo fasach maidir le húsáid fhéideartha cistí saortha ó CEFanna a bhí ann roimhe seo, rud a chinnfear, go fóill, le cinneadh a ghlacfaidh na Ballstáit ar bhonn cás ar chás, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i leith an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta.
    (9)    Fís Chomhroinnte, Comhghníomhaíocht: Eoraip níos láidre. Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, Meitheamh 2016.
    (10)    Ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ar chruinniú dóibh sa Chomhairle, i bParlaimint na hEorpa agus sa Choimisiún Eorpach (2017/C 210/01): An Comhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbraíocht - “Ár Saol, Ár nDínit, Ár dTodhchaí”, 7 Meitheamh 2017.
    (11)    An Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic, JOIN(2020) 4, an 9 Márta 2020.
    (12)    Cinneadh C(2015)7766 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2015 maidir le glacadh an Pháipéir Straitéise agus an Chláir Tháscaigh le haghaidh comhar laistigh d’Eagraíocht ACC idir an tAontas Eorpach agus Grúpa Stát ACC, 2014-2020.
    (13)    Rialachán ón gComhairle (AE) 2015/322 an 2 Márta 2015.
    (14)    Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad cruinn i dtionól den Chomhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (IO L 210, 6.8.2013, lch. 1).
    (15)    Airteagal 1(4) de Chomhaontú Inmheánach an 11ú CEF agus Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta.
    (16)    IO L 210, 6.8.2013, lgh. 1–14.
    (17)    Cinneadh C(2019)4070 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2019.
    (18)    Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i leith an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta.
    (19)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.
    (20)    Comhaontú (IO L 317, 15.12.2000, lch. 3) arna leasú leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 209, 11.8.2005, lch. 27) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3).
    (21)    IO L 58, 3.3.2015, lgh. 1–16.
    (22)    IO L 307, 3.12.2018, lgh. 1–21.
    Top