Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0451

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le hacmhainní breise eisceachtúla agus socruithe cur chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a chur ar fáil chun an leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU)

    COM/2020/451 final

    An Bhruiséil,28.5.2020

    COM(2020) 451 final

    2020/0101(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le hacmhainní breise eisceachtúla agus socruithe cur chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a chur ar fáil chun an leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Ó thosaigh ráig COVID-19, tá roinnt tograí curtha síos ag an gCoimisiún chun a áirithiú gur féidir leas a bhaint as an maoiniú go léir atá le fáil sna cláir 2014-2020 a mhaoinítear as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) chun freagairtí a sholáthar láithreach ar éifeachtaí díreacha agus indíreacha na géarchéime. Leis na tograí sin, daingníodh an deis an cistiú atá ar fáil a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a eascraíonn ó bhrú méadaithe ar na córais sláinte agus chun tacaíocht a chur ar fáil d'fhostóirí agus fostaithe chun teacht slán as an staid neamhghnách. Tugadh leachtacht agus solúbthacht láithreach bonn do na Ballstáit agus do na réigiúin chun go bhféadfaidís díriú ar Chistí CSF san áit ba ghéire a ngá. Ós rud é go bhfuil an deis ann maoiniú 100 % ón Aontas a úsáid le haghaidh na mbeart sin don bhliain chuntasaíochta dar tús 2020, rannchuideoidh sé chun an t‑ualach ar a n‑airgeadas poiblí a laghdú.

    Scaipeadh an Coróinvíreas ó thír go tír, ba é faoi deara do rialtais cuid mhór bearta dífhasaigh a thabhairt isteach, bearta chun srian a chur le dochar na paindéime, is é sin mar shampla dúnadh na ngnóthas nó srianta ar an taisteal agus ar an tsoghluaisteacht go forleathan. Dá thoradh sin, is féidir go mbeidh laghdú mór ar an leibhéal aschuir i gcuid mhór geilleagar, rud a fhágfaidh go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta acu. Beidh dúshláin shuntasacha ann i dtaca leis an airgeadas poiblí agus le bainistiú fiachais sna blianta atá le teacht, rud a d'fhéadfadh teorainn a chur leis an infheistíocht phoiblí atá riachtanach don téarnamh eacnamaíoch. Ina theannta sin, na cumais náisiúnta agus réigiúnacha chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na géarchéime, tá siad éagsúil ó Bhallstát go chéile agus ó réigiún go chéile mar gheall ar struchtúir éagsúla eacnamaíocha agus ar suíomhanna éagsúla fioscacha. Mura dtabharfar aghaidh ar na difríochtaí sin, d'fhéadfadh téarnamh neamhshiméadrach a bheith ann, rud a d'fhágfadh go dtiocfadh méadú ar éagothromaíochtaí réigiúnacha agus go bhféadfaí an bonn a bhaint ón Margadh Inmheánach, ó chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro agus ón Aontas seo againne ina iomláine.

    Tá an ráig an dul i léig de réir a chéile, agus i gcás cuid mhór Ballstát agus réigiún, is ag ullmhú atáthar leis na srianta a scaoileadh go faichilleach, srianta atá ar shochaithe agus ar fhiontair na mBallstát, sin agus ag ullmhú d’athoscailt na ngeilleagar. Fós féin áfach, éifeachtaí seo na géarchéime idir dhíreach agus indíreach, is iomaí earnáil atá ag ceisneamh dá mbarr, is fada an próiseas téarnaimh atá romhainn, agus ní fios fós nach mbeidh dianghlasáil agus gaibhniú ar na daoine arís. Tá crapadh ar an eacnamaíocht, agus tá an dífhostaíocht ag méadú léi; de dheasca a éiginnte atá cúrsaí faoi láthair, is baol gur moille a tharlóidh an téarnamh.

    Dá bhrí sin, chun fás an mhíchothroim a chosc, agus chun míchothrom sa phróiseas athshlánaithe a sheachaint, is gá tacaíocht bhreise a thabhairt do na Ballstáit agus do na réigiúin sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, go háirithe na Ballstáit agus do na réigiúin is troime iontu buille na paindéime ar an ngeilleagar, na Ballstáit agus na réigiúin is lú is acmhainn dóibh éirí aniar, ná a gcumas freagartha ar ghéarchéimeanna a neartú, ná cabhrú leis an ngeilleagar agus an tsochaí an ráig a ligean tharstu, ná dúshraith a ngeilleagair a ullmhú le haghaidh an téarnaimh mhear.

    Na bearta urghnácha faoina gceadaítear oiread solúbthachta is féidir agus oiread maoinithe is féidir as cistí SIE, is bearta iad ba thacaíocht mhór do na Ballstáit agus do na réigiún nuair a bhí an chéad déileáil le héifeachtaí na géarchéime le déanamh acu. Na bearta eisceachtúla sin, is léir ina dtaobh áfach go raibh teorainn leo de bharr cistiú gan leithdháileadh a bheith ar fáil i ndeireadh na clárthréimhse 2014-2020. Is mithid tuilleadh oibre a dhéanamh i gcomhthéacs na faidhbe sin, agus ní féidir sin ach amháin trí acmhainní breise a chur ar fáil.

    Tá an Coimisiún ag beartú leas a bhaint as acmhainneacht iomlán bhuiséad an Aontais chun an infheistíocht a shlógadh agus chun tús áite a thabhairt do thacaíocht airgeadais i míonna agus i mblianta tosaigh an téarnaimh, míonna agus blianta atá ríthábhachtach. Is moltaí iad sin atá bunaithe ar dhá cholún. Ar thaobh amháin den scéal, tá creat airgeadais ilbhliantúil athbhreithnithe le haghaidh 2014-2020 ann, maille le hIonstraim Théarnaimh na hEorpa, ionstraim a chuirfidh méadú sealadach ar an gcumas airgeadais atá i mBuiséad an Aontais, trí úsáid a bhaint as an tsolúbthacht atá sa bhuiséad le breis maoinithe a bhaint as na margaí airgeadais. Ar an taobh eile den scéal, tá creat airgeadais ilbhliantúil ann le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Is éard atá an Coimisiúin a mholadh cuid de na bunchláir a neartú le hIonstraim Théarnaimh na hEorpa le hinfheistiú a aistriú go tapa chun na háite inar géire gá leis, leis an margadh aonair a threisiú, le feabhas a chur ar an gcomhar i réimsí na sláinte agus an bhainistithe géarchéimeanna, agus le buiséad saincheaptha a thabhairt don Aontas a thapóidh aistriú na hEorpa ionas gur athléimní glaise digití a bheidh sé gan cliseadh ar na prionsabail atá i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Is leis an gcéad cholún thuasluaite a bhaineann an togra seo.

    Ní féidir na hacmhainní breise sin a úsáid go tapa sa gheilleagar beo ach amháin má chuirtear ar fáil iad i gcomhthéacs na gclár i gclárthréimhse 2014-2020 atá ar bun fós.

    Dá bhrí sin, i rith na tréimhse 2020 go 2022, moltar acmhainní breise EUR 58 272 800 000 i bpraghsanna reatha a chur ar fáil i gcomhair na gCistí Struchtúracha 1 . Na hacmhainní breise i gcomhair 2020, is ó mhéadú ar na hacmhainní iomlána a eascraíonn siad, is é sin na hacmhainní i gcomhair an chomhtháthaithe chríochaigh eacnamaíoch agus shóisialta atá i gcreat airgeadais ilbhliantúil na tréimhse 2014-2020, agus is acmhainní breise iomlána atá iontu le haghaidh CFRE agus CSE i gcomhair na tréimhse reatha. Na hacmhainní breise atá ann i gcomhair 2021 agus 2022, is éard atá iontu ioncam seachtrach sannta a eascraíonn ó Ionstraim Téarnaimh na hEorpa.

    Déanfar na méideanna sin a dháileadh ar na Ballstáit, agus tabharfar san áireamh an rathúnas atá iontu le hais a chéile, agus a olcas atá an ghéarchéim reatha atá ag dul i gcion a ngeilleagar agus ar a sochaí iontu. De mhaolú ar na rialacha is infheidhme don ioncam seachtrach sannta, rialacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, leanfaidh na hacmhainní breise sin na rialacha is infheidhme, rialacha a leagtar amach i Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC) nuair a bheidh siad sannta do chláir oibríochtúla, lena n‑áirítear rialacha RFC maidir le gealltanais agus saoradh ó ghealltanais.

    Féadfaidh na Ballstáit na méideanna sin a úsáid faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) nó faoin gCiste Sóisialta Eorpach i.e. faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, le tacú le hoibríochtaí lena gcothaítear leigheas dhíobháil na géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 sna réigiúin inar troime an buille ar an ngeilleagar agus ar an bhfostaíocht, le téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú iontu, nó le méadú a chur ar airgead na gclár a fhaigheann tacaíocht ón gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD).

    Ionas gur féidir na hacmhainní sin a chur i dtreo na limistéar geografach is mó ina bhfuil gá leo, ní dhéanfar na méideanna breise a mhiondealú de réir catagóire ná réigiúin, rud is beart eisceachtúil agus beart gan dochar do na rialacha ginearálta i leith dáileadh acmhainní na gCistí Struchtúracha. Mar sin féin, tá súil leis go gcuirfidh na Ballstáit na riachtanais réigiúnacha éagsúla san áireamh, sin agus na leibhéil forbartha, ionas gur ar na réigiúin is lú forbairt a fhanfaidh an fócas, i gcomhréir le spriocanna an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh chuige sin, chomh maith le comhlachtaí ábhartha a fheidhmíonn thar ceann na sochaí sibhialta, i gcomhréir le prionsabail na comhpháirtíochta.

    Chomh maith leis sin, tá cuspóir téamach nua idir na hearnálacha ann darb ainm “Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh an gheilleagair a ullmhú”, agus sin é an cuspóir a chuirfear ar fáil chun críocha a gcur chun feidhme ionas gur próiseas simplí clársceidealaithe a bheidh ann agus an raon feidhme is leithne is féidir a bheith leis. Ní bheidh an cuspóir téamach sin ar fáil ach amháin le haghaidh phleanáil agus chur chun feidhme na n‑acmhainní breise. Ní féidir iad sin a chomhcheangal d'aon chuspóir téamach eile, agus aistriú acmhainní ón leithdháileadh “rialta” atá faoin gcuspóir téamach tiomnaithe nua sin, is aistriú é nach mbeidh indéanta. Na moltaí sonracha i gcomhair na dtíortha a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh in 2020, sainaithnítear iontu réimsí tosaíochta le hinfheistíocht phoiblí a dhéanamh i dtús tréimhse leis an téarnamh eacnamaíoch a éascú, agus ós amhlaidh atá, iarrtar ar na Ballstáit na réimsí tosaíochtaí a chur san áireamh nuair a bheidh na hacmhainní breise á gclársceidealú acu.

    Ionas go bhféadfar an t‑airgead a chúiteamh go tapa, agus rochtain shimplithe a dhéanamh ar na hacmhainní breise, moltar 50 % de na hacmhainní breise a chur ar fáil le haghaidh na bliana 2020 ach a mbeidh formheas déanta ar an gclár/ar na cláir nó ar na leasuithe ar chlá(i)r lena mbaineann, ina réamh‑mhaoiniú nach mbeidh le ceadú ach tráth dúnta na gclár. Iarrtar ar na Ballstáit agus ar na réigiúin an réamh‑mhaoiniú sin a úsáid chun réamhíocaíochtaí a sholáthar do na tairbhithe ionas go neartófar a gcuid leachtachta airgeadais. Rud eile atá á mholadh ná go n‑íocfar réamh‑mhaoiniú bliantúil sna blianta 2021, 2022 agus 2023 i leith na n‑acmhainní breise atá á leithdháileadh ar na cláir seo. Ós fíor gur gá a áirithiú gur tapa a chuirfear na hacmhainní breise seo chuig infheistíochtaí ar an talamh, agus gur tapa a rachaidh siad i gcion ar an ngeilleagar beo, ní mholtar síneadh a chur le dáta deiridh na hincháilitheachta, agus is é an 31 Nollaig 2023 an dáta sin fós, i leith na n‑acmhainní breise agus eile (le haghaidh caiteachas ar leibhéal na dtairbhithe). Mar sin féin, tá soiléiriú ann go ndéanfar na gealltanais atá nasctha leis na hacmhainní breise a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha ar gá cloí leo, is é sin rialacha i leith dhúnadh na gclár (i.e. in 2025 ach a mbeidh na doiciméid riachtanacha curtha isteach de bhun Airteagal 141, Rialachán na bhForálacha Coiteanna).

    Maidir leis an gcóras malartaithe leictreonaigh a úsáidtear le haghaidh malartuithe oifigiúla idir an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagail 74(4) RFC, tá i gceist freisin go ndéanfar coigeartú ar an gcóras sin ionas go bhféadfaidh na Ballstáit iarrataí ar chláir oibríochtúla nó ar leasuithe ar chláir oibríochtúla a chur isteach le haghaidh leithdháileadh na n‑acmhainní breise i gcomhair na mblianta 2020, 2021 agus 2022 gan mhoill. Déanfar 0.35 % de na hacmhainní breise a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

    Mar aon leis sin, moltar go bhféadfaí acmhainní breise suas le 100 % a bhaint as buiséad an Aontais chun caiteachas incháilithe a chómhaoiniú. Ionas gur féidir sin, ba ghá na hacmhainní sin a chlársceidealú faoi cheann amháin nó níos mó de na haiseanna tosaíochta tiomnaithe nua, sin nó i gcás inarb iomchuí faoi chláir oibríochtúla tiomnaithe nua.

    Ó thaobh na gceanglas maidir le comhdhlúthú téamach, lena n‑áirítear ceanglais sciar áirithe de CFRE a leithdháileadh ar réimse na forbartha uirbí, mar aon le coinníollachtaí ex ante, agus forálacha i leith an chúlchiste feidhmíochta, ní infheidhme maidir le cur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta ná na straitéisí cumarsáide i gcás na n‑acmhainní breise. Mar sin féin, ó tharla tacaíocht bhreise ann, tacaíocht a d’fhéadfaí a mhaoiniú ina hiomláine as ciste an Aontais gan aon chómhaoiniú náisiúnta, is réasúnta a cheangal ar na Ballstáit agus ar na húdaráis bhainistíochta eolas a thabhairt don phobal, do thairbhithe féideartha, do thairbhithe, agus d’fhaighteoirí deiridh ionstraimí airgeadais, eolas faoin tacaíocht bhreise a bheith ann, agus faoin mbunús atá léi.

    Ionas nach mbeidh breis meáchain in ualach an riaracháin, ach lena áirithiú go ndéanfar an anailís chuí ar an taithí a baineadh as cur chun feidhme na n‑acmhainní breise, moltar i gcás gach Ballstáit dar tairbhe na hacmhainní breise nach n‑ullmhóidh siad ach aon mheasúnú amháin, measúnú ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar thionchar na n‑acmhainní sin. Cé go moltar gan aon táscaire coiteann a bhunú ar leibhéal an Aontais, ar mhaithe le hinchomparáideacht agus ionas go bhféadfar na haschuir lena dtacaítear a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais, iarrtar ar na Ballstáit úsáid a bhaint as táscairí sonracha i gcomhair na gclár, táscairí atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún le rianú a dhéanamh ar bhearta freagartha a bhaineann le COVID-19, beart atá á maoiniú as na Cistí.

    Beidh na hathruithe eisceachtúla sin gan dochar do na rialacha ar cheart feidhm a bheith acu faoi ghnáthchúinsí an tsaoil, agus ní dhéanfar fasach a leagan síos leo i gcás na rialacha is infheidhme maidir leis an gclárthréimhse 2021-2027.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra teoranta do leasuithe spriocdhírithe atá riachtanach chun rialacha a bhunú lena gcuirfear na hacmhainní breise ar fáil agus lena rialófar a gcur chun feidhme. Tá an togra comhsheasmhach leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh Chistí SIE agus níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013. Is comhlánú é an togra ar na leasuithe a rinneadh le déanaí 2 lenar tugadh isteach bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19; agus na bearta sonracha chun solúbthacht eisceachtúil a sholáthar le haghaidh úsáid Chistí SIE mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (Tionscnamh Infheistíochta na Freagartha ar an gCoróinvíreas) chomh maith le gach beart eile atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an staid dí‑fhasaigh atá ann faoi láthair. Tá na bearta comhsheasmhach leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh na hIonstraime Eorpaí don Téarnamh agus leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar CAI.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra seo bunaithe ar Airteagail 177 agus 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Coimhdeacht

    Ní chuirfidh an togra aon athrú ar mhodh seachadta chláir na gCistí Struchtúracha, agus is faoi bhainistíocht chomhpháirteach a bheidh na cistí sin fós.

    Tá prionsabal na coimhdeachta ina mhaide taca faoin mbainistíocht chomhpháirteach, de réir mar atá an Coimisiún ag tarmligean na gcúraimí clársceidealaithe straitéisí agus chur chun feidhme chuig na Ballstáit agus na réigiúin. Ina theannta sin, ní dhéanann sé de ghníomhaíochtaí AE ach an méid sin is gá chun na cuspóirí a leagtar síos dó sna Conarthaí a bhaint amach.

    Is é is aidhm don togra an deis a thabhairt acmhainní breise a cheadú, agus soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha lena rialaítear úsáid na n‑acmhainní sin i gcomhthéacs na gclár faoin gclárthréimhse reatha.

    Comhréireacht

    Tá an togra teoranta do na rialacha is gá a chomhlíonadh chun na hacmhainní breise a chur ar fáil agus tá sé dírithe ar na rialacha sin a leagan amach. Ní théann na rialacha sin thar a bhfuil riachtanach chun acmhainní breise a chur ar fáil agus leagtar amach iontu na rialacha is infheidhme maidir le cur chun feidhme na n‑acmhainní sin.

    An rogha ionstraime

    An rogha ionstraime atá ann Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach mar a leagtar amach in Airteagal 177 den Chonradh.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Ní dhearnadh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha. Mar sin féin, tá an togra seo ag teacht as cuid mhór comhairliúchán leis na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa le cúpla seachtain anuas, agus cuirtear san áireamh os cionn 400 ceist a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta maidir leis an gcaoi a bhfuil freagairt ar an ngéarchéim á láimhseáil acu tríd an Tascfhórsa um Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Neamhbhainteach

    Measúnú tionchair

    Rinneadh measúnú tionchair mar chuid den ullmhúchán le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Is athruithe teoranta iad seo, athruithe atá dírithe ar sprioc faoi leith, agus ní gá measúnú tionchair ar leith a dhéanamh orthu ó tharla gan d’ábhar iontu ach leagan amach na rialacha is infheidhme maidir leis na hacmhainní breise atá á gcur ar fáil i gcomhthéacs phaindéim COVID-19.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach

    Cearta bunúsacha

    Neamhbhainteach

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Beidh gealltanais bhreise ann sa bhliain 2020 de thoradh an togra, agus maoineofar iad trí uasteorainn Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 a mhéadú. Rud eile a bheidh ann dá bharr, gealltanais bhreise le haghaidh an dá bhliain 2021 agus 2022, gealltanais a mhaoineofar le hioncaim sheachtracha shannta. Cuirfear íocaíochtaí breise ar siúl dá bharr sna blianta 2020 go 2025.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Moltar leasú ar Rialachán (CE) Uimh 1303/2013 (Rialachán na bhForálacha Coiteanna) lena áirithiú go gcuirfear acmhainní breise eisceachtúla ar fáil do na Ballstáit as na Cistí Struchtúracha, chun chúnamh a thabhairt le haghaidh cothú leigheas dhíobháil na géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 sna réigiúin Eorpacha ba throime an buille iontu ar an ngeilleagar agus ar jabanna, agus ullmhú théarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair.

    Moltar na hacmhainní breise a chur ar fáil don ghealltanas buiséadach as na Cistí Struchtúracha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, le haghaidh na mblianta 2020, 2021 agus 2022. Na hacmhainní breise i gcomhair 2020, is ó mhéadú ar na hacmhainní breise a eascraíonn siad, is é sin na hacmhainní i gcomhair an chomhtháthaithe chríochaigh eacnamaíoch agus shóisialta atá i gcreat airgeadais ilbhliantúil na tréimhse 2014-2020, agus is acmhainní breise foriomlána atá iontu don CFRE agus an CSE i gcomhair na tréimhse reatha. Na hacmhainní breise atá ann i gcomhair 2021 agus 2022, is éard atá iontu ioncam seachtrach sannta a eascraíonn ó [Ionstraim Théarnaimh na hEorpa]. Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún cinneadh cur chun feidhme a leagan amach i leith miondealú ar na hacmhainní breise ina n‑iomláine i gcás gach Ballstáit faoi seach i gcomhair na mblianta 2020 agus 2021 ar bhonn na gcritéar leithdháilte, critéir atá bunaithe ar na sonraí staidrimh oibiachtúla is déanaí dá bhfuil ar fáil i leith rathúnas coibhneasta na mBallstát, agus i leith oiread a chuaigh an ghéarchéim reatha i gcion ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí iontu. Ó tharla an leochaileacht shonrach atá ag roinnt le geilleagar agus le sochaí na réigiún is forimeallaí, ba cheart foráil sa mhodh leithdháilte maidir le méid tiomanta breise le haghaidh na réigiún sin. Ionas go gcuirfear san áireamh an síorathrú atá ar éifeachtaí na géarchéime, moltar athbhreithniú in 2021 ar an gCinneadh Cur chun Feidhme sin ón gCoimisiún d’fhonn na hacmhainní breise a bheidh ag gach Ballstát faoi seach in 2022 a leagan amach leis an modh leithdháilte céanna, agus na sonraí staidrimh is déanaí a úsáid, sonraí a bheidh ar fáil faoin 19 Deireadh Fómhair 2021.

    Ní mór miondealú idir CFRE agus CSE a dhéanamh ar na hacmhainní breise trí chlársceidealú gan teorainneacha a dhéanamh ar na hacmhainní. Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit cuid de na hacmhainní breise a úsáid i gcomhair an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD). Déanfar na hacmhainní breise a dháileadh ar cheann amháin nó níos mó de na haiseanna tosaíochta nua, laistigh de chlá(i)r atá ann cheana, agus is trí iarraidh ar leasú an chláir/na gclár lena mbaineann a dhéanfar sin, nó leasú ar chlár tiomnaithe nua trí chlár oibríochtúil nua a ullmhú agus a chur isteach.

    Úsáid na n‑acmhainní breise ní féidir, ach amháin le tacú le hoibríochtaí lena gcothaítear leigheas dhíobháil na géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, nó lena n‑ullmhaítear téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair, trí bhíthin infheistíochtaí sna hoibríochtaí lena gcuirtear leis an aistriú i dtreo geilleagar digiteach glas faoi chuspóir téamach nua a ar comhlánú é ar na cuspóirí téamacha a leagtar amach in Airteagal 9, agus cúnamh teicniúil. Is maidir le dáta tosaigh incháilitheacht an chaiteachais a bheidh na rialacha RFC infheidhme, sin agus le roghnú na n‑oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na hacmhainní breise sin.

    Faoi CFRE agus CSE, maidir le 4 % de na hacmhainní breise atá fágtha i gcomhair an chlársceidealaithe (cé is moite de na méideanna a úsáidtear chun tacú leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) i gcás inarb infheidhme), ceadófar leithdháileadh an 4 % sin le haghaidh cúnamh teicniúil d’aiseanna tosaíochta teicniúla atá ann cheana, nó do chláir a fhaigheann cúnaimh ó CFRE nó CSE, nó do cheann de na haiseanna tosaíochta cúnaimh a cruthaíodh le déanaí.

    Na hacmhainní breise nach leithdháilfear ar an gcúnamh teicniúil ná ar an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, is acmhainní iad a úsáidfear go heisiach chun cúnamh le hoibríochtaí CFRE agus CSE araon faoi scáth an chuspóra théamaigh nua “Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú”. Chun críocha an sceidealaithe agus an chur chun feidhme, is aon tosaíocht infheistíochta amháin a bheidh sa chuspóir téamach sin.

    Ó thaobh CFRE de, is mar thacaíocht don infheistíocht i dtáirgí agus i seirbhísí le haghaidh seirbhísí sláinte is príomha a úsáidfear na hacmhainní breise, sin agus le tacaíocht caipitil oibre nó tacaíochta infheistíochta a chur ar fáil le haghaidh FBManna lena n‑áirítear costais oibríochtúla agus foirne, agus bearta sláinte agus sábháilteachta.

    Maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), is i gcomhair chaomhnú na bpost is príomha a úsáidfear na hacmhainní breise, lena n‑áirítear scéimeanna oibre gearr-ama, cruthú post, go háirithe le haghaidh daoine ar leochaileach a gcás, sin agus chun tacú le bearta fostaíochta don aos óg, le forbairt scileanna agus le feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí sóisialta atá chun an leasa choitinn, lena n‑áirítear seirbhísí do pháistí.

    Is ina réamh‑mhaoiniú tosaigh a íocfar 50 % de na hacmhainní breise leis na cláir lena mbaineann i gcás na bliana 2020. Maidir leis an réamh‑mhaoiniú tosaigh sin, ní mór a réiteach ina iomláine as cuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná tráth dúnta an chláir. Cuirfear na hacmhainní breise san áireamh freisin le ríomh a dhéanamh ar an méid airgid a bheidh sa réamh‑mhaoiniú bliantúil atá le híoc i gcomhréir leis na rialacha caighdeánacha in 2021, 2022 agus 2023.

    De mhaolú ar na gnáthcheanglais chómhaoinithe, ba cheart cead a thabhairt cómhaoiniú suas le 100 % a bhaint as na Cistí i gcomhair aiseanna tosaíochta a fhaigheann tacaíocht as na hacmhainní breise faoin gcuspóir téamach tiomnaithe nua a bunaíodh le déanaí.

    Iarrataí ar leasú a dhéanfaidh Ballstát, is é sin leasú ar chlár oibríochtúil atá ann cheana chun slí a dhéanamh do na hacmhainní breise, is iarrataí iad nach mór údar cuí a thabhairt leo, agus is é a leagfar amach iontu go háirithe an tionchar a mheastar a bheidh ag na hathruithe ar an gclár um chothú leigheas dhíobháil na géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 nó ullmhú théarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair.

    Nuair a bhunófar clár oibríochtúil tiomnaithe, ní mór míniú a bheith san údar cuí ar an tionchar is dócha a bheidh ag na hathruithe ar an gclár um chothú leigheas dhíobháil na géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, agus ullmhú théarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair. Nuair a bhunófar clár oibríochtúil tiomnaithe, ní féadfaidh na Ballstáit ach údaráis clár ainmnithe ar chláir a bheidh ar bun fós a shainaithint.

    Ní mór a leagan amach go n‑áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar meastóireacht uair amháin ar a laghad faoin 31 Nollaig 2024, meastóireacht ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar thionchar na n‑acmhainní breise, sin agus ar a fheabhas a rannchuidigh siad le spriocanna an chuspóra théamaigh thiomnaithe nua sin a bhaint amach. Chomh maith leis sin, ní mór a áirithiú, le linn do na Ballstáit agus d’údaráis bhainistíochta a bheith ag cur a gcuid freagrachtaí díobh, freagrachtaí a bhaineann le faisnéis, cumarsáid, agus sofheictheacht, go n‑úsáidfidh siad gach modh is réasúnta lena áirithiú go mbeidh tairbhithe féideartha, tairbhithe, agus faighteoirí deiridh na n‑ionstraimí airgeadais ar an eolas faoi iad a bheith ann, agus faoi iad a bheith ann, faoina méid agus faoin tacaíocht bhreise a eascraíonn ó na hacmhainní breise sin. Chun críocha na gceanglas sin, ní mór a leagan amach go bhfuil an tagairt do na Cistí á comhlánú nó á hionadú ag tagairt don [“REACT-EU”].

    Ar deireadh, ní mór a shoiléiriú nach infheidhme na forálacha seo a leanas maidir leis na hacmhainní breise: na forálacha maidir leis an dlúthú téamach, na coinníollachtaí ex ante, an cúlchiste feidhmíochta, agus cur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta maille leis an ngá le straitéis chumarsáide a ullmhú.

    2020/0101 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le hacmhainní breise eisceachtúla agus socruithe cur chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a chur ar fáil chun an leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 177 agus 322(1)(a) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 4 ,

    Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tá na Ballstáit buailte ag an ngéarchéim de dheasca iarmhairtí phaindéim COVID-19 ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe. Tá an ghéarchéim ag cur bac ar fhás sna Ballstáit agus, dá thoradh sin, tá an easpa leachtachta thromchúiseach ag dul in olcas, easpa arb é is cúis léi an tardú tobann suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí is gá a dhéanamh i gcórais sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Tháinig as sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

    (2)Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime, leasaíodh Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 1301/2013 an 30 Márta 2020 chun níos mó solúbthachta a thabhairt maidir le cur chun feidhme na gclár oibríochtúil ar thacaigh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’), Ciste Sóisialta na hEorpa (‘CSE’) agus an Ciste Comhtháthaithe (na ‘Cistí’) agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) leis. Mar sin féin, de réir mar a chuaigh éifeachtaí tromchúiseacha diúltacha ar gheilleagair agus ar an tsochaí san Aontas in olcas, leasaíodh an dá rialachán sin arís an 23 Aibreáin 2020 chun solúbthacht bhreise eisceachtúil a sholáthar le go mbeadh na Ballstáit in ann díriú ar an bhfreagairt is gá ar an ngéarchéim dhífhasaigh trí fheabhas a chur ar an bhféidearthacht tacaíocht as na Cistí nach bhfuiltear á húsáid a shlógadh agus trí cheanglais nós imeachta a shimpliú atá nasctha le chur chun feidhme clár agus iniúchtaí.

    (3)Chun turraingí ollmhóra ar an ngeilleagar a eascraíonn ó na srianta eisceachtúla a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun leathadh COVID-19 a shrianadh agus chun na rioscaí a bhaineann le téarnamh neamhshiméadrach a eascraíonn ó na modhanna náisiúnta éagsúla atá ar fáil i mBallstáit éagsúla a cheartú, rud a d’fhormheas an Chomhairle Eorpach an 23 Aibreán 2020 an “Treochlár don Téarnamh” le comhpháirt láidir infheistíochta, d'iarr sí go mbunófaí an Ciste Eorpach um Théarnamh agus thug sí sainordú don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na riachtanais ionas go mbeadh na hacmhainní dírithe ar na hearnálacha agus ar na codanna geografacha den Aontas is mó atá buailte, agus, san am céanna, an nasc leis an gcreat Airgeadais Ilbhliantúil a shoiléiriú le haghaidh 2021-2027.

    (4)I gcomhréir le Rialachán [Ionstraim um Théarnamh an Aontais Eorpaigh] agus laistigh de theorainneacha na nacmhainní a leithdháiltear ann, ba cheart bearta maidir le téarnamh agus athléimneacht faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar dífhasaigh atá ag géarchéim COVID-19. Ba cheart na hacmhainní breise sin a úsáid chun a áirithiú go gcomhlíonfar na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán [ERI]. Thairis sin, ba cheart acmhainní breise le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur ar fáil trí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2014-2020.

    (5)Ba cheart méid breise eisceachtúil EUR 58 272 800 000 (i bpraghsanna reatha) a chur ar fáil le haghaidh gealladh buiséadach as na Cistí Struchtúracha faoin sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, le haghaidh na mblianta 2020, 2021 agus 2022, chun tacú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin is mó atá buailte ó thaobh leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 nó téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú, d'fhonn acmhainní a chur ar obair go tapa san fhíorgheilleagar trí na cláir oibríochtúla atá ann faoi láthair. Eascraíonn acmhainní le haghaidh 2020 ó mhéadú ar na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach sa chreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2014-2020 ach go neascraíonn acmhainní le haghaidh 2021 agus 2022 ó Ionstraim an Aontais Eorpaigh um Théarnamh. Ba cheart cuid de na hacmhainní breise a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún miondealú na nacmhainní breise atá fágtha a leagan amach le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn modh leithdháilte bunaithe ar na sonraí staidrimh oibiachtúla is déanaí atá ar fáil a bhaineann le rathúnas coibhneasta na mBallstát agus ar a mhéid atá éifeacht na géarchéime atá ann faoi láthair ag luí ar a ngeilleagair agus ar a sochaí. Ba cheart méid tiomnaithe breise a bheith san áireamh sa mhodh leithdháilte le haghaidh na réigiún is forimeallaí i bhfianaise leochaileacht shonrach a ngeilleagar agus a sochaithe. Chun léiriú a thabhairt ar chineál athraitheach éifeachtaí na géarchéime, ba cheart an miondealú a athbhreithniú in 2021 ar bhonn an mhodha leithdháilte chéanna tríd na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh ar fáil a úsáid faoin 19 Deireadh Fómhair 2021 chun tráinse 2022 de na hacmhainní breise a dháileadh.

    (6)Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhairí airgeadais. Ina theannta sin, na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontais.

    (7)Ionas go mbeidh an méid is mó solúbthachta is féidir a bheith ann ag na Ballstáit gníomhaíochtaí leighis géarchéime a chur in oiriúint do chomhthéacs phaindéim COVID-19 nó téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú, ba cheart don Choimisiún leithdháiltí a bhunú ar leibhéal na mBallstát. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le haon acmhainn bhreise a úsáid chun tacú le cúnamh a thabhairt do na daoine is díothaí. Thairis sin, is gá uasteorainneacha a bhunú i dtaca leis an leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát agus san am céanna an méid is mó solúbthachta is féidir a thabhairt do na Ballstáit a mhéid a bhaineann lena leithdháileadh laistigh de chláir oibríochtúla a dtacaíonn CFRE nó CSE leo. Ba cheart a shoiléiriú nach gá sciar íosta CSE a urramú maidir leis na hacmhainní breise. I bhfianaise an ídithe thapa a dhéanfar ar na hacmhainní breise, níor cheart na gealltanais atá nasctha leis na hacmhainní breise sin a shaoradh ach ag deireadh na gclár oibríochtúil.

    (8)Na féidearthachtaí ó thaobh aistrithe airgeadais a dhéanamh faoi "sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post" idir CFRE agus CSE, ba cheart iad a thabhairt isteach freisin le haghaidh na nacmhainní breise, faoi mar atá i gás na coda sin de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh clársceidealú in 2020 i gcomhréir le hAirteagal 25a de Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013. Níor cheart na aistrithe sin difear a dhéanamh do na hacmhainní atá ar fáil faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh nó faoin leithdháileadh sonrach le haghaidh an Tionscnaimh Fostaíochta don Aos Óg.

    (9)Chun na gníomhaíochtaí atá ar fáil cheana féin faoi raon feidhme thacaíocht CFRE a chomhlánú, faoi mar a leathnaíodh iad le Rialachán (AE) 2020/460 agus le Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit fós na hacmhainní breise a úsáid go príomha le haghaidh infheistíochtaí i dtáirgí agus i seirbhísí le haghaidh seirbhísí sláinte agus chun tacaíocht a thabhairt i bhfoirm caipiteal oibre nó tacaíocht infheistíochta le haghaidh FBManna, in oibríochtaí a rannchuidíonn leis an aistriú i dtreo geilleagar digiteach glas, bonneagar lena soláthraítear seirbhísí bunúsacha do shaoránaigh nó bearta tacaíochta eacnamaíocha le haghaidh na réigiún sin is mó atá ag brath ar na hearnálacha is mó atá buailte ag an ngéarchéim. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do chúnamh teicniúil freisin. Is iomchuí go ndéanfar na hacmhainní breise a dhíriú go heisiach faoin gcuspóir nua téamach “An leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú”, rudaí ar cheart a thuiscint mar aon tosaíocht amháin, le gur féidir clársceidealú agus cur chun feidhme simplithe a dhéanamh ar acmhainní breise.

    (10)I dtaca le CSE, ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní breise a úsáid go príomha chun tacú le poist a choinneáil ar bun, lena náirítear trí scéimeanna oibre gearr-ama agus tacú le daoine féinfhostaithe, cruthú post, go háirithe do dhaoine ar leochaileach a gcás, tacaíocht a thabhairt do bhearta fostaíochta, oideachas agus oiliúint don aos óg, forbairt scileanna agus rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí sóisialta chun leas cách, páistí san áireamh. Ba cheart a shoiléiriú sna himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, i dtaca le scéimeanna oibre gearr-ama d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, gur féidir tacaíocht a sholáthar dóibh fiú amháin nuair nach ndéantar an tacaíocht sin a chomhcheangal de bhearta gníomhacha mhargadh an tsaothair, ach amháin má bhíonn na bearta sin forchurtha leis an dlí náisiúnta. Ba cheart tacaíocht ón Aontas do na scéimeanna gearr-ama sin a bheith teoranta ó thaobh ama de.

    (11)Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag na Ballstáit chun gníomhaíochtaí leighis géarchéime a chur chun feidhme go tapa i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú, is gá leibhéal níos airde réamhmhaoinithe tosaigh a sholáthar le haghaidh cur chun feidhme tapa na ngníomhaíochtaí le tacaíocht ó na hacmhainní breise. I dtaca leis an réamhmhaoiniú tosaigh atá le híoc, ba cheart a áirithiú leis go mbeidh na hacmhainní airgeadais ag na Ballstáit chun réamhíocaíochtaí a shocrú le tairbhithe más gá agus tairbhithe a chúiteamh go tapa tar éis dóibh éileamh ar íocaíocht a chur isteach.

    (12)Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na Ballstáit na hacmhainní breise a leithdháileadh ar chláir oibríochtúla thiomnaithe nua nó aiseanna tosaíochta laistigh de chláir atá ann faoi láthair. Chun go bhféadfar cur chun feidhme tapa a dhéanamh, is iad údaráis na gclár oibríochtúil atá ann faoi láthair agus atá ainmnithe cheana féin agus a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, CSE nó an Ciste Comhtháthaithe, agus iad amháin is ceadmhach a shainaithint le haghaidh cláir oibríochtúla thiomnaithe nua. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit meastóireacht ex ante a dhéanamh agus ba cheart teorainn a chur leis na heilimintí a bheidh ag teastáil chun an clár oibríochtúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena fhormheas.

    (13)D'fhonn an tualach ar bhuiséid phoiblí a mhaolú maidir le leigheas géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit ráta cómhaoinithe suas le 100 % a iarraidh ar bhonn eisceachtúil, ráta a chuirfear i bhfeidhm ar aiseanna tosaíochta ar leithligh na gclár oibríochtúla lena dtugtar tacaíocht ó na hacmhainní breise.

    (14)Chun a chur ar chumas na mBallstát na hacmhainní breise a chur ar obair le haghaidh leigheas géarchéime go tapa i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú laistigh den chlárthréimhse atá ann faoi láthair, tá údar cuí leis na Ballstáit a dhíolmhú, ar bhonn eisceachtúil, ón gceanglas coinníollachtaí ex-ante agus ceanglais maidir le cúlchiste feidhmíochta agus cur chun feidhme an chreata feidhmíochta maidir le díriú téamach a chomhlíonadh, agus lena chois sin i ndáil leis an tairseach arna bunú le haghaidh forbairt inbhuanaithe uirbeach le haghaidh CFRE, agus iad a dhíolmhú ó cheanglais maidir le straitéis cumarsáide a ullmhú le haghaidh na nacmhainní breise. Mar sin féin, tá sé riachtanach go ndéanfaidh na Ballstáit meastóireacht amháin ar a laghad faoi 31 Nollaig 2024 chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar na nacmhainní breise chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a rannchuidigh siad le spriocanna an chuspóra téamach tiomnaithe nua a bhaint amach. Chun gur faisnéis inchomparáide a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais, moltar do na Ballstáit na táscairí clár-shonracha a chuireann an Coimisiún ar fáil a úsáid. Ina theannta sin, le linn dóibh a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh, freagrachtaí atá nasctha le faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht, ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis bhainistíochta feabhas a chur ar infheictheacht na mbeart agus na nacmhainní eisceachtúla arna dtabhairt isteach ag an Aontas, go háirithe trína áirithiú go mbeidh tairbhithe ionchasacha, tairbhithe, rannpháirtithe, faighteoirí deiridh ionstraimí airgeadais agus an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi iad a bheith ann, faoina méid agus faoin tacaíocht bhreise a eascraíonn ó na hacmhainní breise sin.

    (15)D’fhonn go mbeifear in ann na hacmhainní breise sin a dhíriú ar na limistéir gheografacha is mó ina bhfuil gá leo, mar bheart eisceachtúil agus gan dochar do rialacha ginearálta maidir le leithdháileadh acmhainní Cistí Struchtúracha, ní dhéanfar na hacmhainní breise arna leithdháileadh ar CFRE agus CSE a mhiondealú de réir catagóire ná de réir réigiúin. Mar sin féin, táthar ag súil go gcuirfidh na Ballstáit riachtanais réigiúnacha agus leibhéil forbartha éagsúla san áireamh chun a áirithiú go gcoinn an fócas ar na réigiúin is neamhfhorbartha, i gcomhréir leis na cuspóirí maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a leagtar amach in Airteagal 173 CFAE. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht na núdarás áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh chuige sin, chomh maith le comhlachtaí ábhartha a fheidhmíonn thar ceann na sochaí sibhialta, i gcomhréir le prionsabail na comhpháirtíochta.

    (16)Chun na haistrithe a údaraítear trí na hathruithe a tugadh isteach faoin Rialachán sin a éascú, níor cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll i leith na naistrithe sin agus a leagtar síos in Airteagal 30(1)(f) den Rialachán Airgeadais maidir le leithreasuithe a úsáid le haghaidh an chuspóra céanna.

    (17)Cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí trí bhearta solúbthachta a thabhairt isteach sa réimse a bhaineann le tacaíocht a sholáthar ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, ag feidhmiú ina naonar, iad a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (18)I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le paindéim COVID-19, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (19)I bhfianaise paindéim COVID-19 agus na práinne atá le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann leis, measadh gurbh iomchuí leas a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

    (20)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir.

    (21)Le hAirteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 6 , foráiltear nach mbeidh feidhm, maidir leis an Ríocht Aontaithe, ag leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 7 ón gComhairle nó ar Chinneadh 2014/335/AE, Euratom 8 ón gComhairle a glacadh ar dháta teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin nó dá éis sin, a mhéid a bheidh tionchar ag na leasuithe sin ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe. An tacaíocht faoin Rialachán seo le haghaidh 2020, maoineofar í trí mhéadú ar uasteorainn an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil agus maidir le 2021 agus 2022, as acmhainní dísle an Aontais, rud a mbeadh tionchar aige ar oibleagáid airgeadais na Ríochta Aontaithe. Dá bhí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus istigh inti,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 1303/2013 mar a leanas:

    1.in Airteagal 91, cuirtear isteach an mhír 1a nua:

    “1a. I dteannta na n‑acmhainní foriomlána dá dtagraítear i mír 1, cuirfear acmhainní breise EUR 5 000 000 000, i bpraghsanna reatha, ar fáil le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach le haghaidh gealltanas buiséadach do 2020, agus leithdháilfear iad ar CFRE agus ar CSE.”;

    2.cuirtear isteach an tAirteagal 92a agus an tAirteagal 92b seo a leanas:

    Airteagal 92a

    Acmhainní ón Ionstraim Eorpach um Théarnamh

    Na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán [ITE], cuirfear chun feidhme iad faoi na Cistí Struchtúracha ina mbeidh méid bliantúil EUR 53 272 800 000 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(i) den Rialachán sin, faoi réir Airteagal 4(3), (4) agus (8) de.

    Ioncaim shannta sheachtracha i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna hacmhainní breise sin le haghaidh 2021 agus 2022.

    Airteagal 92b

    Acmhainní breise eisceachtúla agus socruithe cur chun feidhme i gcomhair sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a thabhairt chun tacú le díobháil na géarchéime a leigheas a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU)

    1.    Na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagail 91(1a) agus 92a ("na hacmhainní breise", cuirfear ar fáil iad faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus chun téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU). Úsáidfear na hacmhainní breise chun cúnamh teicniúil a chur chun feidhme de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus de bhun na n‑oibríochtaí lena gcuirtear chun feidhme an cuspóir téamach i mír 10 den Airteagal seo.

    2.    Cuirfear acmhainní breise ar fáil le haghaidh gealladh buiséadach le haghaidh na mblianta 2020 go 2022 chomh maith leis na hacmhainní foriomlána arna leagan amach in Airteagal 91 mar seo a leanas:

    2020: EUR 5 000 000 000;

    2021: EUR 42 434 400 000;

    2022: EUR 10 820 400 000.

    Cuirfear na hacmhainní breise le haghaidh 2020 ar fáil as na hacmhainní breise mar a leagtar amach in Airteagal 91 (1a).

    Cuirfear na hacmhainní breise le haghaidh 2021 agus 2022 ar fáil as na hacmhainní breise mar a leagtar amach in Airteagal 92a. Na hacmhainní breise a leagtar amach in Airteagal 92a, tacóidh siad le caiteachas riaracháin suas le EUR 18 000 000 i bpraghsanna reatha freisin.

    3.    Déanfar 0.35 % de na hacmhainní breise a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

    4.    Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach miondealú na n‑acmhainní breise mar leithreasuithe as na Cistí Struchtúracha le haghaidh 2020 agus 2021 le haghaidh gach Ballstáit i gcomhréir leis na critéir agus an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIa. Déanfar an cinneadh sin a athbhreithniú in 2021 chun miondealú na n‑acmhainní breise le haghaidh 2022 a leagan amach bunaithe ar shonraí a bheidh ar fáil faoin 19 Deireadh Fómhair 2021.

    5.    De mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 76, déanfar na gealltanais bhuiséadacha maidir leis na hacmhainní breise i ndáil le gach clár oibríochtúil lena mbaineann le haghaidh gach Ciste le haghaidh na mblianta 2020, 2021 agus 2022.

    Tiocfaidh an gealltanas dlíthiúil dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 76 le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 i bhfeidhm ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de [Rialachán ITE].

    Ní bheidh feidhm ag an tríú agus ag an gceathrú fomhír d'Airteagal 76 maidir leis na hacmhainní breise.

    De mhaolú ar Airteagal 14(3) den Rialachán Airgeadais, na rialacha maidir le saoradh a leagtar amach i gCaibidil IV de Theideal IX de Chuid II agus in Airteagal 136, beidh feidhm acu maidir leis na gealltanais bhuiséadacha atá bunaithe ar na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 92a. De mhaolú ar Airteagal 12(4)(c) den Rialachán Airgeadais, ní úsáidfear na hacmhainní breise le haghaidh clár nó gníomhaíochta a bheidh ann dá sin.

    De mhaolú ar Airteagail 86 (2) agus 136 (1), déanfar na gealltanais i gcomhair acmhainní bhreise a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha nach mór a leanúint maidir dhúnadh na gclár.

    Déanfaidh gach Ballstát na hacmhainní breise atá ar fáil a leithdháileadh faoi CFRE agus CSE ar chláir oibríochtúla.

    De mhaolú ar Airteagal 92(7), féadfar a mholadh sciar de na hacmhainní breise a úsáid chun an tacaíocht don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (‘FEAD’) a mhéadú an tráth céanna agus an leithdháileadh ar CFRE agus ar CSE nó roimhe.

    Tar éis a leithdháilte tosaigh, is féidir na hacmhainní breise a aistriú idir CFRE agus CSE, arna iarraidh sin do Bhallstát clár oibríochtúil a leasú de bhun Airteagal 30(1), cibé céatadáin atá ann dá dtagraítear i bpointí(a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1).

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 30(5) maidir leis na hacmhainní breise. Déanfar na hacmhainní sin a eisiamh ón mbunús leis an ríomh chun críocha na n‑uasteorainneacha arna mbunú sa mhír sin.

    Chun críocha chur chun feidhme Phointe (f) d'Airteagal 30(1) den Rialachán Airgeadais, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll leithreasuithe a bheith ar fáil le haghaidh an chuspóra chéanna, maidir leis na haistrithe sin. Ní bheith feidhm ag aistrithe ach amháin maidir leis an mbliain reatha nó leis na blianta amach anseo sa phlean airgeadais.

    Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92(4) maidir leis an leithdháileadh tosaigh nó leis na haistrithe ina dhiaidh sin.

    Ní dhéanfar difear do mhéideanna a leithdháiltear ar TFAO i gcomhréir le hAirteagal 92(5) faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

    Cuirfear na hacmhainní breise chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste ar a ndéanfar iad a leithdháileadh nó ar chucu a ndéanfar iad a aistriú.

    6.    Féadfar suas le 4 % d'iomlán na n‑acmhainní breise faoi CFRE agus CSE a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil faoi aon chlár oibríochtúil atá ann cheana as CFRE nó as CSE nó as an gclár oibríochtúil nua dá dtagraítear i mír 11.

    7.    De mhaolú ar Airteagal 81(1) agus Airteagal 134(1), 50 % de na hacmhainní breise a leithdháilfear ar chláir le haghaidh na bliana 2020 faoin gcuspóir téamach nua dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a bheidh sa réamh‑mhaoiniú tosaigh a íocfar tar éis an chinnidh ón gCoimisiún lenar glacadh clár oibríochtúil nó lenar formheasadh an leasú ar chlár oibríochtúil le haghaidh leithdháileadh an n‑acmhainní breise.

    Chun Airteagal 134(2) a chur i bhfeidhm i dtaca leis an réamh‑mhaoiniú bliantúil sna blianta 2021, 2022 agus 2023, beidh méid na tacaíochta as na Cistí isteach sna cláir oibríochtúla ar feadh na clárthréimhse iomláine san áireamh leis na hacmhainní breise.

    An méid arna íoc mar réamh‑mhaoiniú tosaigh breise dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, déanfar é a imréiteach go hiomlán as cuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an tráth a dhúnfar an clár oibríochtúil. 

    8.    Na hacmhainní breise nach leithdháilfear ar chúnamh teicniúil, úsáidfear iad faoin gcuspóir téamach a leagtar amach i mír 10 chun tacú le hoibríochtaí lena dtacaítear le cothú an leighis géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 nó le hullmhú théarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair .

    Féadfaidh na Ballstáit na hacmhainní breise a leithdháileadh ar ais tosaíochta ar leithligh amháin nó níos mó laistigh de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla atá ann cheana nó ar chlár oibríochtúil nua dá dtagraítear i mír 11. De mhaolú ar Airteagal 26(1), cumhdóidh an clár an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2022, faoi réir mhír 4 thuas.

    I gcás CFRE, úsáidfear na hacmhainní breise go príomha chun tacú le hinfheistíocht i dtáirgí agus i seirbhísí le haghaidh seirbhísí sláinte, chun tacaíocht a sholáthar i bhfoirm caipitil oibre nó i bhfoirm tacaíochta infheistíochta do FBManna, infheistíochtaí a chuirfidh leis an aistriú i dtreo geilleagair dhigitigh ghlais, infheistíochtaí i mbonneagar a chuireann seirbhísí bunúsacha ar fáil do shaoránaigh, agus bearta eacnamaíocha sna réigiúin is mó atá ag brath ar na hearnálacha is mó an ndearna an ngéarchéim difear dóibh. 

    Maidir le CSE, úsáidfear na hacmhainní breise go príomha chun tacú le poist a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear trí scéimeanna oibre gearr-ama agus chun tacú le daoine atá féinfhostaithe, fiú mura mbeidh an tacaíocht sin comhcheangailte de bhearta gníomhacha mhargadh an tsaothair, ach amháin má bhíonn na bearta sin forchurtha leis an dlí náisiúnta. Tacóidh na hacmhainní breise freisin le cruthú post, go háirithe do dhaoine ar leochaileach a gcás, le bearta fostaíochta, le hoideachas agus oiliúint don aos óg, le forbairt scileanna, go háirithe chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus le rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí sóisialta chun leas cách, leanaí san áireamh.

    9.    Cé is moite den chúnamh teicniúil dá dtagraítear i mír 6 agus de na hacmhainní breise a úsáidtear le haghaidh FEAD dá dtagraítear sa seachtú fomhír de mhír 5, tacóidh na hacmhainní breise le hoibríochtaí faoin gcuspóir téamach nua “An leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú”, rud a chomhlánaíonn na cuspóirí téamacha a leagtar amach in Airteagal 9.

    An cuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sé ar fáil go heisiach le haghaidh chlársceidealú na n‑acmhainní breise. De mhaolú ar phointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 96(1), ní dhéanfar é a chomhcheangal de thosaíochtaí infheistíochta eile.

    Tosaíocht infheistíochta aonair a bheidh sa chuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír freisin le haghaidh chlársceidealú agus chur chun feidhme na n‑acmhainní breise as CFRE agus as CSE.

    I gcás ina mbunófar ais tosaíochta amháin nó níos mó a chomhfhreagraíonn don chuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh de chlár oibríochtúil atá ann cheana, ní bheidh na heilimintí a liostaítear i bpointí (b)(v) agus (vii) d'Airteagal 96(2) ag teastáil le haghaidh na tuairisce ar an ais tosaíochta sa chlár oibríochtúil athbhreithnithe.

    An plean maoinithe athbhreithnithe a leagtar amach in Airteagal 96(2)(d), leagtar amach ann leithdháileadh na n‑acmhainní breise le haghaidh na mblianta 2020, 2021 agus 2022 gan méideanna le haghaidh an chúlchiste feidhmíochta a shainaithint agus gan aon mhiondealú in aghaidh catagóir réigiún.

    De mhaolú ar Airteagal 30(1), na hiarrataí ar leasú cláir arna dtíolacadh ag Ballstát, beidh údar cuí leo agus leagfaidh siad amach go háirithe tionchar na n‑athruithe ar an gclár um leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú. Beidh an clár athbhreithnithe ag gabháil leo.

    10.    De mhaolú ar Airteagal 26(4), féadfaidh na Ballstáit clár oibríochtúil tiomnaithe nua a tharraingt suas faoin gcuspóir téamach nua dá dtagraítear i mír 10. Ní bheidh aon mheastóireacht ex ante mar a leagtar amach in Airteagal 55 ag teastáil.

    De mhaolú ar Airteagal 96(2)(a), i gcás ina mbunófar clár oibríochtúil nua den sórt sin, leagfar amach san údar cuí tionchar an chláir oibríochtúil a bhfuil coinne um leigheas dhíobháil na géarchéime a a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú.

    I gcás ina mbunófar clár oibríochtúil nua den sórt sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit ach údaráis arna n‑ainmniú faoi chláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó ESF agus ón gCiste Comhtháthaithe a shainaithint chun críocha phointe (a) d'Airteagal 96(5).

    Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (b)(v) agus (vii) den chéad fhomhír de mhír 2, i mír 4, i bpointí (b) agus (c) de mhír 6 agus i mír 7 d'Airteagal 96, ní bheidh siad ag teastáil le haghaidh clár oibríochtúil nua den sórt sin. Ní bheidh na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 96(3) ag teastáil ach i gcás ina soláthrófar tacaíocht chomhfhreagrach.

    11.    De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír d'Airteagal 120(3), féadfar ráta cómhaoinithe suas le 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis an ais tosaíochta nó leis na haiseanna tosaíochta a fhaigheann tacaíocht as na hacmhainní breise atá clársceidealaithe faoin gcuspóir téamach dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo.

    De mhaolú ar Airteagal 56(3) agus Airteagal 114 (2), déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar meastóireacht amháin ar a laghad ar úsáid na n‑acmhainní breise faoin 31 Nollaig 2024 chun measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht, a n‑éifeachtúlacht, a dtionchar agus an chaoi ar rannchuidigh siad leis an gcuspóir téamach dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo.

    12.    Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis na hacmhainní breise:

    (a)ceanglais maidir le díriú téamach lena náirítear tairsí arna mbunú le haghaidh forbairt inbhuanaithe uirbeach mar a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna rialacha Ciste-shonracha, de mhaolú ar Airteagal 18;

    (b)coinníollachtaí ex ante, de mhaolú ar Airteagal 19 agus ar na rialacha Ciste-shonracha;

    (c)ceanglais maidir leis an gcúlchiste feidhmíochta agus cur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta, de mhaolú ar Airteagail 20 agus 22 faoi seach;

    (d)An maolú dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 65(10) lena leagtar amach an dáta incháilitheachta an 1 Feabhra 2020 d'oibríochtaí lena gcothaítear acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna i gcomhthéacs ráig COVID-19;

    (e)an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 25a(7) maidir le hoibríochtaí a roghnú na noibríochtaí lena gcothaítear acmhainneachtaí freagartha do ghéarchéimeanna i gcomhthéacs ráig COVID-19 dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 65(10);

    (f)ceanglais maidir le straitéis chumarsáide a ullmhú, de mhaolú ar Airteagal 116 agus ar phointe (a) d'Airteagal 115(1).

    13.    Le linn dóibh a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh, freagrachtaí atá nasctha le faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht, i gcomhréir le hAirteagal 115(1) agus (3) agus le hIarscríbhinn XII, áiritheoidh na Ballstáit agus na húdaráis bainistíochta go mbeidh tairbhithe ionchasacha, tairbhithe, rannpháirtithe, faighteoirí deiridh ionstraimí airgeadais agus an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi iad a bheith ann, faoina méid agus faoin tacaíocht bhreise a eascraíonn ó na hacmhainní breise sin.

    An tagairt do “Ciste”, “Cistí” nó “Cistí SIE” i Roinn 2.2 d'Iarscríbhinn XII, cuirfear tagairt do [REACT AE] ina n‑áit nó déanfaidh an tagairt do [REACT AE] iad a chomhlánú, i gcas ina soláthraítear tacaíocht airgeadais d’oibríochtaí ó na hacmhainní breise.”;

    3.in Airteagal 154, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    “Ní bheidh feidhm ag Airteagal 91 (1a), Airteagal 92a ná Airteagal 92b maidir leis an Ríocht Aontaithe ná istigh inti. Le tagairtí do Bhallstáit san fhoráil sin, tuigfear nach tagairtí don Ríocht Aontaithe iad.”

    4.    Cuirtear Iarscríbhinn VIIa isteach.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh 

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le hacmhainní breise eisceachtúla agus socruithe cur chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

    4 Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (2020) - 7 Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna 2021-2027)

    13 Beartas Réigiúnach agus Uirbeach (2020) – 5 Forbairt Réigiúnach agus Comhtháthú (2021-2027)

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

     beart nua 

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 9  

    X síneadh le beart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Forais an togra/tionscnaimh 

    1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

    Tá sé beartaithe Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (Rialachán na bhForálacha Coiteanna) a leasú chun a áirithiú go gcuirfear acmhainní breise eisceachtúla ar fáil do na Ballstáit as na Cistí Struchtúracha chun cúnamh a chur ar fáil chun díobháil na géarchéime a leigheas i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 le haghaidh limistéir gheografacha de chuid na hEorpa atá buailte go tromchúiseach ó thaobh a ngeilleagair agus a bpost de agus chun téarnamh an gheilleagair a ullmhú. Tá sé beartaithe go gcuirfear acmhainní breise ar fáil do ghealladh buiséadach as na Cistí Struchtúracha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, le haghaidh na mblianta 2020, 2021 agus 2022 10 .

    1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann de thoradh fachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    Ó thosaigh ráig COVID-19, tá roinnt tograí curtha síos ag an gCoimisiún chun a áirithiú gur féidir leas a bhaint as an maoiniú go léir atá le fáil sna cláir 2014-2020 arna maoiniú as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) chun freagairtí a sholáthar láithreach ar éifeachtaí díreacha agus indíreacha na géarchéime. Leis na tograí sin, deimhníodh an deis an cistiú atá ar fáil a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a eascraíonn ó bhrú méadaithe ar na córais sláinte agus chun tacaíocht a chur ar fáil d'fhostóirí agus fostaithe chun teacht slán as an staid neamhghnách seo. Soláthraíodh leachtacht agus solúbthacht do na Ballstáit agus do na réigiúin láithreach bonn le go mbeadh siad in ann tacaíocht as na Cistí a dhíriú ar na háiteanna is mó a raibh sí ag teastáil. Ós rud é go bhfuil an deis ann maoiniú 100 % ón Aontas a úsáid le haghaidh na mbeart sin don bhliain chuntasaíochta dar tús 2020, rannchuideoidh sé chun an t‑ualach ar a n‑airgeadais poiblí a laghdú.

    De bharr scaipeadh an Choróinvíris trasna tíortha, spreagadh cuid mhór rialtas le bearta dí‑fhasaigh a thabhairt isteach chun smacht a choinneáil ar an bpaindéim amhail gnólachtaí a bheith á ndúnadh ar bhonn sealadach nó srianta leitheadacha ar thaisteal agus ar shoghluaisteacht, bearta a d'fhág go bhfuil neamhchinnteacht bhreise ann agus go bhfuil na margaí suaite. Dá thoradh sin, is féidir go mbeidh laghdú mór ar an leibhéal aschuir i gcuid mhór geilleagar, rud a fhágfaidh go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta acu. Beidh dúshláin shuntasacha ann i dtaca leis an airgeadas poiblí agus le bainistiú fiachais sna blianta atá le teacht, rud a d'fhéadfadh teorainn a chur leis an infheistíocht phoiblí atá riachtanach don téarnamh eacnamaíoch. Ina theannta sin, na cumais náisiúnta agus réigiúnacha chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na géarchéime, tá siad éagsúil ó Bhallstát go chéile agus ó réigiún go chéile mar gheall ar struchtúir éagsúla eacnamaíocha agus ar suíomhanna éagsúla fioscacha. Mura dtabharfar aghaidh ar na difríochtaí sin, d'fhéadfadh téarnamh neamhshiméadrach a bheith ann, rud a d'fhágfadh go dtiocfadh méadú ar éagothromaíochtaí réigiúnacha agus go bhféadfaí an bonn a bhaint ón Margadh Inmheánach, ó chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro agus ón Aontas seo againne ina iomláine.

    1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    1.4.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Tá an togra teoranta do leasuithe spriocdhírithe atá riachtanach chun rialacha a bhunú lena gcuirfear na hacmhainní breise ar fáil agus lena rialófar a gcur chun feidhme. Tá an togra i gcomhréir leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh Chistí SIE agus níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh.1303/2013. Is comhlánú é an togra ar na leasuithe a rinneadh le déanaí lenar dtugadh isteach bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19; agus na bearta sonracha chun solúbthacht eisceachtúil a sholáthar le haghaidh úsáid Chistí SIE mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (Tionscnamh Infheistíochta na Freagartha ar an gCoróinvíreas) chomh maith le gach beart eile atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an staid dí‑fhasaigh atá ann faoi láthair. Tá na bearta comhsheasmhach leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh na hIonstraime Eorpaí don Téarnamh agus leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar CAI.

    1.5.Fad agus tionchar airgeadais 

    X tréimhse theoranta

       i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

    X    An tionchar airgeadais ó 2020 go 2022 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas 11 agus ó 2020 go 2025 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

     tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2021 ar aghaidh,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán dá éis sin é.

    1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 12   

    X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún (le haghaidh 0.35% den leithdháileadh ar chúnamh teicniúil)

    X a dhéanann ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

    X Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit 

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí phoiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Tá an togra teoranta do na rialacha is gá a chomhlíonadh chun na hacmhainní breise a chur ar fáil agus tá sé dírithe ar na rialacha sin a leagan amach. Ní théann na rialacha sin thar a bhfuil riachtanach chun acmhainní breise a chur ar fáil agus leagtar amach iontu na rialacha is infheidhme maidir le cur chun feidhme na n‑acmhainní sin.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

    Tá an togra teoranta do na rialacha is gá a chomhlíonadh chun na hacmhainní breise a chur ar fáil agus tá sé dírithe ar na rialacha sin a leagan amach. Ní théann na rialacha sin thar a bhfuil riachtanach chun acmhainní breise a chur ar fáil agus leagtar amach iontu na rialacha is infheidhme maidir le cur chun feidhme na n‑acmhainní sin. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit cláir oibríochtúla nua a bhunú arna maoiniú ó na hacmhainní breise, ní fhéadfaidh na Ballstáit ach údaráis arna n‑ainmniú faoi chláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó ESF nó CC a úsáid.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

    Tá an togra teoranta do na rialacha is gá a chomhlíonadh chun na hacmhainní breise a chur ar fáil agus tá sé dírithe ar na rialacha sin a leagan amach. Ní théann na rialacha sin thar a bhfuil riachtanach chun acmhainní breise a chur ar fáil agus leagtar amach iontu na rialacha is infheidhme maidir le cur chun feidhme na n‑acmhainní sin.

    3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

    3.1.Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid atá beartaithe 

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Cineál
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    1b Fás Cliste agus Cuimsitheach: - Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach (2014-2020) / 2 Comhtháthú agus luachanna (2021-2027)

    LD/LN 13 .

    ó thíortha de chuid CSTE 14

    ó thíortha is iarrthóirí 15

    ó thríú tíortha

    laistigh de bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    1b/2

    04 01 04 01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh Chiste Sóisialta na hEorpa agus cúnamh teicniúil neamhoibríochtúil

    Neamhdhifreáilte

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    1b/2

    13 01 04 01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI)

    Neamhdhifreáilte

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    1b/2

    04.02.XX – CSE arna mhaoiniú ó REACT EU (2020)

    Difreáilte

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    1b/2

    13.03.XX – CFRE arna mhaoiniú ó REACT EU (2020)

    Difreáilte

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    1b/2

    04 02 63 01 Ciste Sóisialta na hEorpa — Cúnamh teicniúil oibríochtúil

    Difreáilte

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    1b/2

    13 03 65 01 Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) — Cúnamh teicniúil oibríochtúil

    Difreáilte

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    1b/2

    04 01 04 05 - Caiteachas tacaíochta don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí

    Neamhdhifreáilte

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    1b/2

    04 06 02 - Cúnamh teicniúil oibríochtúil (FEAD)

    Difreáilte

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    1b/2

    04 06 XX – FEAD arna mhaoiniú ó REACT EU

    Difreáilte

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais 
    ilbhliantúil

    1b

    Fás Cliste agus Cuimsitheach (2014-2020): - An Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach

    Déantar difear don mhiondealú bliantúil iomlán ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 le haghaidh na bliana 2020, agus cuirfear síneadh leis freisin go dtí na blianta 2021 agus 2022 16 .

    Beidh gealltanais bhreise ann sa bhliain 2020 de thoradh an togra, agus maoineofar iad trí uasteorainn Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 a mhéadú. Beidh gealltanais bhreise ann freisin le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022, a mhaoineofar ó ioncaim shannta sheachtracha. Na gealltanais bhreise sna blianta 2021 agus 2022, chomh maith leis na híocaíochtaí sna blianta 2021 go 2025, déanfar iad a mhaoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha. Beidh na méideanna ar fad ar fáil mar ioncaim shannta sheachtracha, de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a eascraíonn ó oibríochtaí iasachtaíochta an Aontais a leagtar amach in [Rialachán ITE]. As na hioncaim shannta sheachtracha, is féidir suas le EUR 18 000 000 a thiomnú do chaiteachas riaracháin, lena n‑áirítear costais sheachtracha foirne

    Miondealú táscach ar an gcaiteachas breise le haghaidh na bliana 2020 mar a leanas:

    2020

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    Iomlán

    REACT-EU caiteachas oibríochtúil breise le haghaidh 2020

    Gealltanais

    (1)

    5 000,000

    5 000,000

    Íocaíochtaí

    (2)

    2 500,000

    275,000

    475,000

    1 700,000

    50,000

    5 000,000

    Miondealú táscach ar an gcaiteachas ó ioncam sannta seachtrach mar a leanas:

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    IOMLÁN

    Caiteachas oibríochtúil a mhaoinítear as ioncaim shannta sheachtracha ITE

    Gealltanais

    (1)

    42 434,400

    10 820,400

    53 254,800

    Íocaíochtaí

    (2)

    2 716,139

    10 067,880

    15 442, 79

    22 150,126

    2 878, 76

    53 254,800

    Tacaíocht riaracháin a mhaoinítear as ioncaim shannta sheachtracha ITE

    Gealltanais = Íocaíochtaí

    (3)

    3,600

    3,600

    3,600

    3,600

    3,600

    18,000

    Caiteachas iomlán a mhaoinítear as ioncaim shannta sheachtracha ITE

    Gealltanais

    =1+3

    42 438,000

    10 824,000

    3,600

    3,600

    3,600

    53 272,800

    Íocaíochtaí

    =2+3

    2 719,739

    10 071,480

    15 445,879

    22 153, 26

    2 881,976

    53 272,800



    Ceannteideal an chreata airgeadais 
    ilbhliantúil

    7

    "Caiteachas riaracháin"

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    Acmhainní daonna

    0,750

    0,750

    0,750

    2,250

    Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    0,750

    0,750

    0,750

    2,250

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Blianta

    2020

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    0,750

    0,750

    0,750

    2,250

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    0,750

    0,750

    0,750

    2,250

    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 17  
    of the multiannual financial framework

    Acmhainní daonna

    2,800

    2, 800

    2,800

    3, 00

    3,200

    14,800

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    0,800

    0,800

    0,800

    0,400

    0,400

    3,200

    Fo-iomlán
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    3,600

    3,600

    3,600

    3,600

    3,600

    18,000

    IOMLÁN

    4,350

    4,350

    4,350

    3,600

    3,600

    20,250

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.



    3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

    X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Blianta

    2020

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    • Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

    5

    5

    5

    Toscaireachtaí

    Taighde

    Foireann sheachtrach (in aonad coibhéiseach lánaimseartha: FTE) - AC, AL, END, INT agus JED  18

    Ceannteideal 7

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    - sa cheanncheathrú

    - i dtoscaireachtaí

    Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  19

    - sa cheanncheathrú

    - i dtoscaireachtaí

    Taighde

    Eile (ioncam sannta)

    35

    35

    35

    40

    40

    IOMLÁN

    40

    40

    40

    40

    40

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Maoineofar baill foirne sheachtracha as ioncaim shannta amháin.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    Gníomhairí ar conradh chun tacú le socrú na gclár nua/athbhreithnithe, faireachán agus cur chun feidhme le caibidlíocht, lena n‑áirítear iniúchadh agus bainistíocht airgeadais, rannpháirtíocht i bpróiseas dhúnta na gclár

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

    X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam eile

    má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Tionchar an togra/tionscnaimh

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

    Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile). 

    (1)    Le haghaidh gníomhaíochtaí amhail faireachán agus cur chun feidhme a dhéanamh, lena n‑áirítear iniúchadh agus bainistíocht airgeadais, rannpháirtíocht i bpróiseas dhúnta na gclár,a mhaoinítear le chaiteachas riaracháin, d'fhéadfaí gealltanais a dhéanamh chomh fada amach le 2025.
    (2)    Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (IO L 130, 23.4.2020, lch. 1).    
    Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (IO L 99, 31.3.2020, lch. 5).
    (3)    IO C , , lch. .
    (4)    IO C , , lch. .
    (5)    Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (IO L99, 31.3.2020, lch. 5); Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (IO L 130, 23.4.2020, lch. 1).
    (6)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
    (7)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
    (8)    Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).
    (9)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (10)    Le haghaidh gníomhaíochtaí amhail faireachán agus cur chun feidhme a dhéanamh, lena n‑áirítear iniúchadh agus bainistíocht airgeadais, rannpháirtíocht i bpróiseas dhúnta na gclár, arna maoiniú trí chaiteachas riaracháin, is féidir go ndéanfar gealltanais chomh fada amach le 2025.
    (11)    Le haghaidh gníomhaíochtaí amhail faireachán agus cur chun feidhme a dhéanamh, lena n‑áirítear iniúchadh agus bainistíocht airgeadais, rannpháirtíocht i bpróiseas dhúnta na gclár, a mhaoinítear trí chaiteachas riaracháin, is féidir go ndéanfar gealltanais chomh fada amach le 2025.
    (12)    Is féidir mionsonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
    (13)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (14)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (15)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
    (16)    Le haghaidh gníomhaíochtaí amhail faireachán agus cur chun feidhme a dhéanamh, lena n‑áirítear iniúchadh agus bainistíocht airgeadais, rannpháirtíocht i bpróiseas dhúnta na gclár, arna maoiniú trí chaiteachas riaracháin, is féidir go ndéanfar gealltanais chomh fada amach le 2025.
    (17)    Ioncam sannta
    (18)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (19)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
    Top

    An Bhruiséil,28.5.2020

    COM(2020) 451 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann le

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le hacmhainní breise eisceachtúla agus socruithe cur chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a chur ar fáil chun an leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU)


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear Iarscríbhinn VIIa nua isteach mar a leanas:

    “IARSCRÍBHINN VIIa

    An mhodheolaíocht maidir le hacmhainní breise eisceachtúla a leithdháileadh le haghaidh Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post ar mhaithe le cúnamh a sholáthar chun téarnamh tar éis géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 agus chun téarnamh geilleagair atá glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú de réir an Bhallstáit – Airteagal 92b(4)

    Modh leithdháilte maidir le hacmhainní breise eisceachtúla

    Leithdháilfear na hacmhainní breise eisceachtúla ar na Ballstáit de réir na modheolaíochta seo a leanas:

    1.Sciar sealadach gach Ballstát ó na hacmhainní breise, déanfar é a chinneadh mar shuim ualaithe na sciartha arna gcinneadh ar bhonn na gcritéar seo a leanas, agus iad ualaithe mar a léirítear:

    a)Faoi fhachtóir OTI (ualú 2/3) arna chinneadh trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:

    (I)sciar gach Ballstát de lánchaillteanas fíor‑OTI arna choigeartú go séasúrach agus é sloinnte in EUR idir an chéad seimeastar de 2019 agus deireadh na tréimhse tagartha is infheidhme le haghaidh gach Ballstát a measadh;

    (II)coigeartú ar na sciartha a fhaightear mar sin trí iad a roinnt le ONI per capita na mBallstát arna shloinneadh mar chéatadán de mheán‑ONI per capita AE‑27 (an meán arna shloinneadh mar 100 %).

    b)Faoi fhachtóir dífhostaíochta (ualú 2/9) arna shloinneadh mar mheán ualaithe mar a leanas:

    (I)sciar an Bhallstáit de líon iomlán na ndaoine dífhostaithe (ualú 3/4) maidir le gach Ballstát a measadh i mí Eanáir 2020, chomh maith le

    (II)sciar an Bhallstáit den mhéadú iomlán i líon na ndaoine dífhostaithe (ualú 1/4) idir mí Eanáir 2020 agus deireadh na tréimhse tagartha is infheidhme le haghaidh gach Ballstát a measadh.

    c)Faoi fhachtóir dífhostaíochta i measc na hóige (ualú 1/9) arna shloinneadh mar mheán mar a leanas:

    (I)sciar an Bhallstáit de líon iomlán na ndaoine dífhostaithe i measc na hóige (ualú 3/4) maidir le gach Ballstát a measadh i mí Eanáir 2020, chomh maith le

    (II)sciar an Bhallstáit den mhéadú iomlán i líon na ndaoine dífhostaithe i measc na hóige (ualú 1/4) idir mí Eanáir 2020 agus an tréimhse thagartha is infheidhme le haghaidh gach Ballstát a measadh.

    Fíor‑OTI an Bhallstáit arna choigeartú go séasúrach agus é sloinnte in EUR le haghaidh na tréimhse tagartha is infheidhme, i gcás ina bhfuil sé níos airde ná mar a bhí sa chéad seimeastar de 2019 fágfar sonraí an Bhallstáit sin as an áireamh sna ríomhanna i bhfleasc (i) de phointe (a).

    I gcás ina bhfuil líon na ndaoine dífhostaithe (san aoisghrúpa 15 go 74) nó líon na ndaoine dífhostaithe i measc na hóige (san aoisghrúpa 15 go 24) sa Bhallstát le haghaidh na tréimhse tagartha is infheidhme níos lú ná mar a bhí i mí Eanáir 2020, fágfar sonraí an Bhallstáit sin as an áireamh sna ríomhanna i bhfleasc (i) de phointe (b) agus i bhfleasc (ii) de phointe (c).

    2.Na rialacha a dtugtar tuairisc orthu i mír 1, le haghaidh na tréimhse iomláine ó 2020 go 2022 ní bheidh leithdháilte de réir an Bhallstáit níos airde ná mar a leanas mar thoradh orthu

    a)maidir leis na Ballstáit a bhfuil meán‑ONI per capita (i CCC) níos airde acu ná 109 % de mheán AE‑27 le haghaidh na tréimhse 2015‑2017: 0,07 % dá bhfíor‑OTI le haghaidh 2019;

    b)maidir leis na Ballstáit a bhfuil meán‑ONI per capita (i CCC) acu atá cothrom le nó níos lú ná 90 % de mheán AE‑27 le haghaidh na tréimhse 2015‑2017: 2,60 % dá bhfíor‑OTI le haghaidh 2019;

    c)maidir leis na Ballstáit a bhfuil meán‑ONI per capita (i CCC) níos airde acu ná 90 % agus cothrom le nó níos lú ná 109 % de mheán AE‑27 le haghaidh na tréimhse 2015‑2017: faightear an céatadán le hidirshuíomh líneach idir 0,07 % agus 2,60 % dá bhfíor‑OTI le haghaidh 2019, as a n‑eascraíonn laghdú comhréireach ar an gcéatadán uasteorannaithe i gcomhréir leis an méadú ar rathúnas.

    Na méideanna a théann thar an leibhéal a leagtar amach i bpointí (a) go (c) de réir an Bhallstáit, déanfar iad a athdháileadh go comhréireach chuig leithdháiltí gach Ballstát eile a bhfuil meán‑ONI per capita acu (i CCC) faoi 100 % de mheán AE‑27. Is é ONI per capita (i CCC) na tréimhse 2015‑2017 an ceann a úsáidfear le haghaidh beartas comhtháthaithe i gcaibidlíocht CAI 2021‑2027.

    3.Chun dáileadh na n‑acmhainní breise eisceachtúla le haghaidh na mblianta 2020 agus 2021 a ríomh déanfar mar a leanas:

    a)Le haghaidh OTI is é seo a leanas an tréimhse thagartha: an chéad seimeastar de 2020;

    b)Le haghaidh líon na ndaoine dífhostaithe agus líon na ndaoine dífhostaithe i measc na hóige is é seo a leanas an tréimhse thagartha: an meán ó mhí an Mheithimh go mí Lúnasa 2020.

    c)An leithdháileadh uasta a eascraíonn as cur chun feidhme mhír 2, déanfar é a iolrú faoi sciar na n‑acmhainní breise le haghaidh na mblianta 2020 agus 2021 sna hacmhainní breise iomlána le haghaidh na mblianta 2020, 2021 agus 2022.

    Roimh an modh a dtugtar tuairisc air i míreanna 1 agus 2 agus a bhaineann leis an mbliain 2020 a chur chun feidhme, déanfar méid a fhreagraíonn do dhéine cabhrach de EUR 30 in aghaidh an áitritheora a leithdháileadh ar réigiúin leibhéal NUTS 2 is forimeallaí ón leithdháileadh. Déanfar an leithdháileadh sin a dháileadh in aghaidh an réigiúin agus an Bhallstáit ar bhealach a bheidh comhréireach le daonra iomlán na réigiún sin. Déanfar an méid a bheidh fágtha le haghaidh na bliana 2020 a dháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir leis an modh a dtugtar tuairisc air i míreanna 1 agus 2.

    4.Chun dáileadh na n‑acmhainní breise eisceachtúla le haghaidh na bliana 2022 a ríomh déanfar mar a leanas:

    a)Le haghaidh OTI is é seo a leanas an tréimhse thagartha: an chéad seimeastar de 2021;

    b)Le haghaidh líon na ndaoine dífhostaithe agus líon na ndaoine dífhostaithe i measc na hóige is é seo a leanas an tréimhse thagartha: an meán ó mhí an Mheithimh go mí Lúnasa 2021.

    c)An leithdháileadh uasta a eascraíonn as cur chun feidhme mhír 2, déanfar é a iolrú faoi sciar na n‑acmhainní breise le haghaidh na bliana 2022 sna hacmhainní breise iomlána le haghaidh na mblianta 2020, 2021 agus 2022.”.

    Top