AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.8.2020
COM(2020) 427 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais le linn an 66ú seisiún den Choiste um an gCóras Comhchuibhithe san Eagraíocht Dhomhanda Chustaim i ndáil leis an nglacadh atá beartaithe ar Thuairimí maidir le Rangú, cinntí maidir le Rangú, leasuithe ar Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe nó comhairle eile maidir le léirmhíniú an Chórais Chomhchuibhithe agus moltaí chun aonfhoirmeacht a chinntiú maidir le cur i bhfeidhm an Chórais Chomhchuibhithe faoin gCoinbhinsiún ar an gCóras Comhchuibhithe
IARSCRÍBHINN
IV. TUARASCÁIL ÓN bFOCHOISTE EOLAÍOCH: Doic. NS0456Eb (FE/35 - tuarascáil)
(1)Ábhair le haghaidh cinnidh (doic. NC2708Ea)
(a)Iarscríbhinní A/1 agus C/1 Rangú táirgí nua ANI (Liosta 120). Ba cheart don Aontas 125 rangú (Eagrán CC 2017) agus na trí athrangú iarmhartacha (Eagrán CC 2022) atá á moladh ag an bhFochoiste Eolaíoch a fhormheas.
(b)Iarscríbhinní A/2 agus C/2 – Rangú táirgí nua ANI (Liosta 121). Ba cheart don Aontas 143 rangú (Eagrán CC 2017) agus na 15 athrangú iarmhartach (Eagrán CC 2022) atá á moladh ag an bhFochoiste Eolaíoch a fhormheas.
(c)Iarscríbhinní A/3 agus C/3 – Athrangú féideartha táirgí áirithe ANI a leanann Moladh Airteagal 16 an 23 Meitheamh 2019. Ba cheart don Aontas na hathranguithe iarmhartacha (Eagrán CC 2022) den 143 táirge ANI a fhormheas, táirgí arna gcomhaontú ag an bFochoiste Eolaíoch.
(d)Iarscríbhinní B/1 agus C/6 – Cinntí a rinne an Coiste CC ag a 63ú agus 64ú Seisiún agus Comhairle EDC ag a 133ú/134ú Seisiún, lena ndéantar difear d'obair an Fhochoiste Eolaíoch. Ba cheart don Aontas na hathranguithe "zilucoplan" agus "etryptamine" a chomhaontaigh an Fochoiste Eolaíoch a fhormheas i bhfo-cheannteidil 2933.79 agus 2939.80, faoi seach.
Déanfaidh an tAontas na haicmithe uile atá beartaithe a chomhaontú de bharr go bhfuil siad i gcomhréir leis an mbeartas atá ann faoi láthair san Aontas Eorpach maidir le rangú.
(2)Leasú féideartha ar na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le Caibidil 29 i ndáil leis an liosta drugaí támhshuanacha, substaintí síceatrópacha agus réamhtheachtaithe Doic. NC2738Ea
Comhaontóidh an tAontas an togra chun Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le Caibidil 29 a leasú i gcomhréir leis an gcomhairle ón bhFochoiste Eolaíoch.
V. TUARASCÁIL Ó FHOCHOISTE ATHBHREITHNITHE AN CHÓRAIS CHOMHCHUIBHITHE (Doic. NR1403E)
(1)Ábhair le haghaidh cinnidh (doic. NC2709Ea)
(a)Iarscríbhinní D/6 agus G/11 – Leasú féideartha ar an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 85.24 (CC 2022)
(b)Iarscríbhinní D/7 agus G/12 – Leasuithe féideartha ar Nóta Míniúcháin CC 2022 maidir le printéirí 3T
(c)Iarscríbhinní E/14 agus G/19 – Leasú féideartha ar na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 70.19 maidir le snáithíní gloine (CC 2022)
(d)Iarscríbhinní E/1 go E/6, E/8 go E/13, E/15 go E/18, E/20, E/23 agus G/1 go G/6, G/8, G/13 go G/18, G/21, G/22, G/24, G/27 – Leasú féideartha ar na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le Ranna I, II, III, IV, V, VI, VII, VIII, IX, X, XI, XII, XIII, XIV, XV, XVI, XVII, XVIII, XX agus XXI.
(e)Iarscríbhinní E/23 agus G/27 – Leasuithe ar na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le Caibidil 97 maidir le hairteagail chultúrtha áirithe (CC 2022)
(f)Iarscríbhinní E/24 agus G/28 – Leasuithe ar na Nótaí Míniúcháin (Rialacha Léirmhínithe Ginearálta)
Déanfaidh an tAontas na leasuithe uile atá beartaithe sna doiciméid a chomhaontú de bharr go léirítear iontu an beartas atá ann faoi láthair san Aontas Eorpach maidir le rangú.
(2)Rangú galaitheoirí leictreacha áirithe pearsanta nó in-athluchtaithe in CC 2022 (Iarratas ón Rúnaíocht) Doic. NC2710Eb
Rangódh an tAontas táirge 1 i bhfo-cheannteideal 8543.70 in CC2017 agus i bhfo-cheannteideal 8543.40 in CC2022. Ba cheart táirge 2 a rangú i gceannteideal 24.04 in CC2022 ag úsáid Riail Léirmhínithe Ghinearálta 3(b), bunaithe ar an ngé bhunúsach a thugann an leacht toitín leictreonach.
(3)Rangú bailiúchán áirithe agus earraí bailitheoirí inspéise ó thaobh moneolaíochta de in CC 2022 (Iarratas ón Rúnaíocht) Doic. NC2711Ea
Cuirfidh an tAontas in iúl an gá atá le faisnéis bhreise maidir leis na táirgí chun an rangú a chinneadh.
Ní chomhaontóidh an tAontas leis an togra maidir le Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a leasú, go bhfaighfear soiléiriú agus treoir maidir leis an gcaoi a dhéantar idirdhealú idir na fo-cheannteidil nua faoi cheannteideal 97.05.
(4)Rangú cartús le haghaidh printéirí 3F in CC 2022 (Iarratas ón Rúnaíocht) Doic. NC2712Ea
Rangódh an tAontas na táirgí i gCaibidil 39 i gcomhréir leis an gcomhábhar, i gcomhréir le EUCJ Cás C-276/00. Tá gá le faisnéis bhreise chun na táirgí ar an leibhéal fo-cheannteidil a rangú. Níor cheart tacú leis an leasú atá beartaithe ar Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe, mar is den chleachtas reatha é nach n-aicmítear cartúis phrintéara mar chodanna de phrintéirí.
(5)Rangú meaisín chun bileoga a lannú i CC 2022 le haghaidh déantúsaíocht bhreisithe doic. NC2744Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 84.85 (rogha II).
VI. TUARASCÁIL ÓN MEITHEAL RÉAMH-SHEISIÚNACH Doic. NC2714Ea agus Iarscríbhinní A go T
Faoi réir roinnt moltaí eagarthóireachta, glacfaidh an tAontas an téacs a chuirtear i láthair in Iarscríbhinní A go T leis na ráitis seo a leanas.
(1)Leasú ar Choimre Tuairimí maidir le Rangú chun an cinneadh chun táirge a rangú ar a dtugtar "Milka Oreo Sandwich" i gceannteideal 18.06 (fo-cheannteideal 1806.32) a léiriú
Molfaidh an tAontas go scriosfar liosta na gcomhábhar nach bhfuil riachtanach chun críoch rangaithe.
(2)Leasú ar Choimre Tuairimí maidir le Rangú chun an cinneadh chun dhá chineál cosa tobac ("Cut rolled expanded stem tobacco (CRES)" agus "Expanded tobacco stems (ETS)") i gceannteideal 24.03 (fo-cheannteideal 2403.99)
Éileoidh an tAontas go gcoinneofar an téacs "nach féidir a chaitheamh go díreach" toisc go raibh sé ina chritéar cinntitheach maidir le rangú.
(3)Leasú ar Choimre Tuairimí maidir le Rangú chun an cinneadh maidir le breosla-chealla ocsaíde soladaí (SOFC) a rangú ar a dtugtar "Bloom Energy ES-5700" i gceannteideal 85.01 (fo-cheannteideal 8501.62) a léiriú
Molfaidh an tAontas go n-úsáidfear tuairisc an táirge ó théacs boscáilte an bhundoiciméid oibre
(doc. NC2655E1b).
VII. IARRATAÍ LE hAGHAIDH ATHSCRÚDÚ (ÁBHAR AMHRAIS)
(1)Athscrúdú ar rangú píobán cothabhála cothaithe (Táirgí 1 go 5) (Iarraidh ó na Stáit Aontaithe) Doic. NC2715Ea
Rangódh an tAontas na táirgí i gceannteideal 22.02 mar dheochanna, i gcomhréir le EUCJ cás C-114/80 agus Tuairimí 2202.99/2-4 maidir le Rangú.
(2)Athscrúdú ar rangú gléas ar a dtugtar "Polar M430 GPS uaireadóir reathaíochta le monatóir ráta croí a chaitear ar an rosta" (Iarrataí ó na Stáit Aontaithe agus ón tSeapáin) Doic. NC2716Ea
Rangódh an tAontas an táirge i bhfo-cheannteideal 9102.12. mar uaireadóir rosta, i gcomhréir leis an Nótaí Míniúcháin a ghabhann leis an Ainmníocht Chomhcheangailte le haghaidh ceannteideal 91.02.
(3)Athscrúdú rangú fearas ar a dtugtar "Sterilizer Formaldehyde Formomat PL 349-2" (Iarraidh ón Úcráin) Doic. NC2717Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 84.19, mar is ceannteideal sonrach é le haghaidh steirileoirí. Tarlaíonn an t-athrú teochta agus bíonn éifeacht mhór aige ar an bpróiseas steiriliúcháin. Ní chomhlíonann an fearas aon fheidhmeanna meicniúla.
(4)Athscrúdú ar rangú dhá tháirge ar a dtugtar "Gineadóirí RF agus Líonraí Meaitseála RF" (Iarraidh ón gCóiré) Doic. NC2718Ea, NC2745Eb, NC2747Ea
Rangódh an tAontas na táirge i gceannteideal 84.86 de bharr gur meaisíní inaitheanta atá iontu a úsáidtear go heisiach nó go príomha chun gléasanna leathsheoltóirí a mhonarú.
VIII. STAIDÉIR BHREISE
(1)Rangú feithidí inite (Togra ón Rúnaíocht) Doic. NC2719Ea
Tacóidh an tAontas le haistrithe féideartha ón dá cheannteideal 02.10 agus 04.10 maidir le táirge 1. D’fhéadfadh Táirge 2 a aistriú ó cheannteideal 04.10 nó ó Chaibidil 16. D’fhéadfadh Táirge 3 a aistriú ó Chaibidil 16. D’fhéadfadh Táirge 4 a aistriú ó Chaibidil 16 nó ó Chaibidil 21.
(2)Leasú féideartha ar an Nótaí Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 27.11 chun rangú gás peitriliam leachtaithe (GPL) a shoiléiriú (Togra ón Rúnaíocht) Doic. NC2720Ea
Tacóidh an tAontas leis an Nótaí Míniúcháin maidir leis an bhfo-cheannteidil atá beartaithe a ghabhann le fo-cheannteideal 2711.19.
(3)Leasú ar na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le Riail 3 (b) chun rangú foirne a shoiléirí Doic. NC2721Ea
Tacóidh an tAontas leis an status quo agus cleachtais rangaithe reatha atá ann faoi láthair a choinneáil.
(4)Leasú féideartha ar an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 91.02 Doic. NC2722Ea
B'fhearr leis an Aontas fanacht ar chinneadh cinntitheach maidir leis an uaireadóir "Polar" a rangú (féach pointe VII.2) sula ndéanfar Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a leasú.
(5)Leasú féideartha ar an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 87.03 Doic. NC2723Ea i ndáil le micreafheithiclí hibrideacha Doic. NC2723Ea
Tacóidh an tAontas leis an leasú ar Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe mar go soiléirítear iontu rangú an chineáil nua feithicle.
(6)Rangú feithiclí leath-hibrideacha Doic. NC2724Ea
Rangódh an tAontas an táirge i bhfo-cheannteideal 8703.40, de bharr go bhfuil an mótar leictreach ceaptha chun an fheithicil a threisiú trí thacaíocht a thabhairt d'oibríocht an innill.
(7)Rangú an táirge ar a dtugtar "DIMODAN HP M" (Iarraidh ó Eacuadór) Doic. NC2725Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 34.04, mar gur deimhníodh san anailís saotharlainne go raibh saintréith chéiriúil sa táirge.
(8)Leasú féideartha ar an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 95.03 (Togra ón Aontas Eorpach) Doic. NC2667Ea, NC2667Ea
Beidh an tAontas solúbtha maidir le barúlacha eagarthóireachta breise a bhaineann leis an togra bunaidh ón Aontas Eorpach.
(9)Leasú féideartha ar an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 95.05 (Togra ón Aontas Eorpach) Doic. NC2668Ea, NC2668Ea
Beidh an tAontas solúbtha maidir le barúlacha eagarthóireachta breise a bhaineann leis an togra bunaidh ón Aontas Eorpach.
(10)Rangú blátholaí áirithe a chuirtear ar an margadh lena miondíol (Iarraidh ón gCósta Ríce) Doic. NC2672Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 33.01. Bláthola labhandair a bhfuil alcóil aonteirpéine curtha leo atá sa táirge sin agus dá bhrí sin, níl sé dítheirpéinithe agus tá sé clúdaithe ag ceannteideal 33.01. Faightear é trí phróiseas galdriogtha agus ar an gcaoi sin, cloítear le Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 33.01.
(11)Rangú dhá shnasaire urláir ar a dtugtar "Galaxy Floor Machine 1500, 1.5 HP, NSS brand' agus 'Galaxy Floor Machine, 1 HP, NSS brand” (Iarraidh ón gCósta Ríce) Doic. NC2673Ea
Rangódh an tAontas na táirgí i gceannteideal 84.79. De bharr a n-airí teicniúla, ní den chineál iad a úsáidtear go coitianta chun críocha tís agus i bhfianaise Nóta 4 (a) a ghabhann le Caibidil 85, ba cheart iad a rangú i gceannteideal 84.79.
(12)Rangú "Self-Propelled Articulated Boom Lift” (Iarraidh ón gCóiré) Doic. NC2674Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 84.28 bunaithe ar Rialachán 738/2000 le haghaidh táirge comhionann.
(13)Rangú ullmhóidí bia áirithe (Iarraidh ó na Stáit Aontaithe) Doic. NC2676Ea, NC2742Ea
Iarrfaidh an tAontas faisnéis bhreise i ndáil leis na ceithre tháirge lena mbaineann ar mhaithe le rangú a chinneadh.
Táirge 1: ábhar próitéine. Más an-ard, (os cionn 85 %), d'fhéadfaí ceannteideal 35.04 a mheas. D'fhéadfaí an táirge a rangú i bhfo-cheannteideal 2106.10 i gcomhréir le Tuairim 2106.90/5 maidir le Rangú, bunaithe ar fhaisnéis atá ann faoi láthair.
Táirge 2: rangódh an tAontas é i gceannteideal 22.02 más féidir é a ól go díreach, nó i gceannteideal 21.06 más cheart é a chaolú sula n-ólfar é.
Táirge 3: Rangódh an tAontas é i bhfo-cheannteideal 2101.20, mar sin féin, bheadh faisnéis bhreise faoin gcion caiféine atá ann ina chabhair.
Táirge 4: Tá tuairisc an táirge mearbhlach de dheasca nach bhfuil sé soiléir cén príomhchomhábhar atá ann. Má tá cócó ann, d'fhéadfaí é a rangú i gceannteideal 18.06, nó 19.05 mura bhfuil cócó ann.
(14)Rangú "gearrthóir/mionghearrthóir" (Iarraidh ó Chónaidhm na Rúise) Doic. NC2677Ea
Tabharfaidh an Coimisiún faoi deara go bhfágann an meaisín a bhfuil go leor feidhmeanna aige gur deacair rangú a chinneadh agus go bhféadfaí é a rangú i gceannteideal 84.30 nó 84.32, is féidir é a rangú i gceannteideal 84.32 dá bhrí sin, ag úsáid Riail Léirmhínithe Ghinearálta 3(c).
(15)Rangú aerbhoinn nua áirithe, as rubar, atá ceaptha le haghaidh feithiclí a úsáidtear le hearraí sna hearnálacha tógála, mianadóireachta nó tionsclaíochta a iompar (Iarraidh ó Chónaidhm na Rúise) Doic. NC2678Ea, NC2748Ea
Déanfaidh an tAontas comhairle ó Rúnaíocht EDC a roinnt agus an dá tháirge a rangú i bhfo-cheannteideal 4011.20.
(16)Rangú ullmhóidí áirithe de chineál a úsáidtear i mbeatha ainmhithe (Iarraidh ó Cheanada) Doic. NC2679Ea, NC2743Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 23.09, bunaithe ar rialú EUCJ i gcás C-144/15.
(17)Rangú táirge ar a dtugtar "Bosca Rianúcháin Solais" (Iarraidh ón tSeapáin) Doic. NC2681Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 94.05, mar go bhfuil feidhm ilúsáide aige agus nach bhfuil aon uirlisí líníochta aige.
(18)Rangú rialaitheoir leictreonach luais ar a dtugtar "KEB COMBIVERT F5” (Iarraidh ón Túinéis) Doic. NC2682Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 85.04, mar atá molta ag Rúnaíocht EDC.
(19)Leasú féideartha ar an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 27.10 (Togra ón tSeapáin) Doic. NC2641Ea, NC2739Ea
Staonfaidh an tAontas ó pháirt a ghlacadh i bplé toisc nach féidir an tuairim maidir le rangú a n-eascraíonn an leasú sin as a chur i bhfeidhm san Aontas Eorpach de dheasca rialú EUCJ i gcás C-330/13. Bheadh sé níos fearr smaoineamh faoi CC a leasú sa todhchaí agus Nóta 2 a athshocrú chuig Caibidil 27.
(20)Mí-ailíniú féideartha idir an téacs Béarla agus an téacs Fraincise sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 85.01 Doic. NC2688Ea
Comhaontóidh an tAontas an leasú atá beartaithe chun an téarma "onduleur" a úsáid mar a úsáidtear i gcodanna eile d'Ainmníocht an Chórais Chomhchuibhithe.
IX. CEISTEANNA NUA
(1)Rangú coimeádán bruscair áirithe ar an tsráid (Iarraidh ón Túinéis) Doic. NC2726Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 39.26. de bharr méid mór na gcoimeádán, ní le haghaidh úsáid tís. Tugann an tAontas dá aire gur cheart do thuairisc an táirge méid na gcoimeádán i lítir a áireamh.
(2)Rangú ullmhóidí áirithe bia i bhfoirm leachtach (Iarraidh ón Túinéis) Doic. NC2727Ea
Iarrfaidh an tAontas tuilleadh faisnéise maidir le hábhair na dtáirgí (uisce nó sú, substaintí olúla, comhábhair eile i dteannta vitimíní, dáileog).
(3)Rangú dhá tháirge ina bhfuil cannaibidé-ól (CBD) ar a dtugtar "FREYHERR” agus "CANABIGAL" (Iarraidh ón Rúnaíocht) Doic. NC2728Ea
Molfaidh an tAontas an t-ábhar a chur chuig an bhFochoiste Eolaíocht, ag iarraidh faisnéise maidir le (i) an bhfuil dóthain substaintí gníomhacha sna táirgí le go mbeidh éifeacht theiripeach nó phróifiolacsach acu, agus (ii) íosmhéid CBD mar shubstaint ghníomhach in aon táirge le go mbeidh éifeacht theiripeach nó phróifiolacsach aige.
(4)Rangú iasc triomaithe atá cóireáilte le huisce ina dhiaidh sin (iasc triomaithe ath-hiodráitithe) (Iarraidh ón Iorua) Doic. NC2729Ea
D’fhéadfadh an tAontas an táirge i gCaibidil 3 a rangú ach tá gá le tuilleadh faisnéise lena fháil amach an mbaineann blas agus uigeacht an táirge le hiasc triomaithe nó iasc úr.
(5)Rangú gineadóirí áirithe lena mbeirítear gal le haghaidh seomraí gaile (Iarraidh ón Éigipt) Doic. NC2730Ea
Rangódh an tAontas na táirgí i gceannteideal 84.02 mar atá beartaithe ag Rúnaíocht EDC, i gcomhréir leis an téacs ceannteidil agus Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 84.02.
(6)Rangú an táirge ar a dtugtar "calóga pónaire soighe" (Iarraidh ó Mhadagascar) Doic. NC2731Ea
Rangódh an tAontas an táirge i gceannteideal 23.04, ar nós an táirge de Thuairim 2304.00/1 maidir le Rangú.
(7)Rangú sorn eatónóil ina bhfuil dóire dúbailte (Iarraidh ón gCéinia) Doic. NC2732Ea
Rangódh an tAontas an táirge i bhfo-cheannteideal 7321.12., de bharr go bhfuil an breosla eatánóil i bhfoirm leachtach ag teocht an tseomra agus tá sé oiriúnach, dá bhrí sin, d’fho-cheannteideal an téacs.
(8)Rangú both idirghníomhach chun glacadh le gearáin (Iarraidh ón Éigipt) Doic. NC2733Ea
Iarrfaidh an tAontas faisnéis bhreise: an bhféadfadh an táirge feidhmiú agus cén chaoi, le gléas USB, nó an féidir é a úsáid trí scáileán tadhaill amháin.
XI. LIOSTA BREISE
(1)Rangú an táirge ar a dtugtar "diasa beaga arbhair" (Iarratas ón Aontas Eorpach) Doic. NC2736Ea
D'iarr an tAontas Tuairim maidir le Rangú.
(2)Rangú foireann gineadóireachta a ritheann ar dhíosal lena mbaineann rátáil dhá fhoinse cumhachta (Iarraidh ó Ghána) Doic. NC2737Ea
Rangódh an tAontas an táirge i bhfo-cheannteideal 8502.13.
(3)Rangú modúl TFT-LCD (Iarraidh ón gCóiré) Doic. NC2740Ea
I gcomhréir le Rialachán (CE) 957/2006 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1201/2011 agus Uimh. 1202/2011 ón gCoimisiún, agus ag féachaint do Nóta 2 (b) a ghabhann le Roinn XVI, rangódh an tAontas an táirge i bhfo-cheannteideal 8529.90.
(4)Scriosadh Tuairimí 8528.69/1 agus 8528.69/2 maidir le Rangú Doic. NC2741Ea
Toisc nach bhfuil na táirgí ar an margadh a thuilleadh, tacóidh an tAontas le scriosadh na dTuairimí sin maidir le Rangú.
(5)Rangú an táirge ar a dtugtar "púdar cócó atá díshaillte go páirteach" (Iarratas ón Aontas Eorpach) Doic. NC2746Ea
D'iarr an tAontas Tuairim maidir le Rangú.