Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0282

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 lena leagtar síos creat ginearálta le haghaidh urrúsaithe agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe chun cabhrú leis an teacht aniar ó phaindéim COVID-19

    COM/2020/282 final

    An Bhruiséil,24.7.2020

    COM(2020) 282 final

    2020/0151(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 lena leagtar síos creat ginearálta le haghaidh urrúsaithe agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe chun cabhrú leis an teacht aniar ó phaindéim COVID-19


    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SWD(2020) 120}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Le Rialachán (AE) 2017/2402 (an Rialachán Urrúsúcháin 1 ) in éineacht le Rialachán (AE) 575/2013 (an Rialachán RCC 2 ), bunaítear creat ginearálta maidir le hurrúsú agus cruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach agus caighdeánaithe (STS). Is é is cuspóir leis an gcreat, margadh slán domhain leachtach láidir le haghaidh urrúsaithe a chur chun cinn, rud a bheidh in ann bonn infheisteoirí leathan seasmhach a mhealladh chun cuidiú chun maoiniú a leithdháileadh sna háiteanna is mó a bhfuil géarghá leis sa gheilleagar. Tá an córas urrúsúcháin i bhfeidhm ó bhí Eanáir 2019 ann agus is cuid lárnach é d'iarrachtaí an Aontais Eorpaigh chun Aontas na Margaí Caipitil a bhunú.

    Tá tionchar leitheadach á imirt ar an ngeilleagar ag an tuairt thromchúiseach gheilleagrach arbh iad paindéim COVID-19 agus na bearta srianta eisceachtúla ba chúis léi. Tá aghaidh á tabhairt ag gnólachtaí ar bhriseadh ar shlabhraí soláthair, gnóthaí a bheith ag dúnadh go sealadach agus éileamh laghdaithe. Ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, tá gníomhaíocht chinntitheach déanta ag údaráis phoiblí chun tacú le gnóthais shócmhainneacha chun an fód a sheasamh in aghaidh an mhoillithe ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch, rud atá géar ach sealadach, agus in aghaidh na nganntanas leachtachta a eascróidh as.

    Tugann an réamhaisnéis 3 eacnamaíoch shamhradh 2020 ón gCoimisiún Eorpach le fios go mbeidh cúlú eacnamaíoch an‑throm ann de dheasca cliseadh gníomhaíochta eacnamaíche sa chéad leath de 2020 agus táthar ag tuar laghdú 8.3 % ar an bhfíor-OTI le haghaidh na bliana 2020 ar an iomlán san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh an laghdú eacnamaíoch i bhfad níos measa ná an laghdú a bhí ann in 2009, agus, san am céanna, tá na hionchais téarnaimh éagothrom éiginnte. Is é sin an fáth go mba cheart na bearta éigeandála láithreacha a chomhlánú le bearta spriocdhírithe a bheidh éifeacht níos meántéarmaí acu lenar féidir tacú le téarnamh gasta.

    Ina theannta sin leanfaidh sé de bheith ríthábhachtach go mbeidh na bainc in ann leanúint den iasachtú do chorparáidí sna míonna amach romhainn, nuair a thiocfaidh tréimhse ina mbeidh deireadh leis an tuairt láithreach a bhaineann leis an ngéarchéim COVID-19. Mar gheall air seo, tá sé tábhachtach aon uirlis a ullmhú nó a uasdátú lena gceadaítear do bhainc a n‑acmhainn iasachtú don fhíorgheilleagar, go háirithe do FBManna, a choinneáil ar bun agus fiú feabhas a chur ar an acmhainn sin. Is féidir le hurrúsú a bheith ina eochairchumasóir maidir leis sin. Dá n‑athrófaí iasachtaí ina n‑urrúis intrádála, d'fhéadfaí caipiteal bainc a chur ar fáil, trí bhíthin urrúsaithe, le haghaidh iasachtaithe bhreise agus cheadófaí do raon níos leithne infheisteoirí an téarnamh eacnamaíoch a mhaoiniú.

    Ní bhaintear leas iomlán as an gcreat atá ann faoi láthair ar dhá bhealach atá fíorthábhachtach ó thaobh téarnamh eacnamaíoch a chothú: ní fhreastalaítear leis an gcreat ar urrúsú sintéiseach laistigh den chlár comhardaithe agus níl sé lánoiriúnach d’urrúsú na neamhchosaintí neamhthuillmheacha (NPEnna).

    Beidh an creat urrúsaithe faoi réir athbhreithniú cuimsitheach ina mbeidh leasuithe reachtacha féideartha le cur i bhfeidhm, más iomchuí, faoi Eanáir 2022. Mar sin féin, leis an togra reatha, leagtar amach anois leasuithe spriocdhírithe, de bharr an fhiúntais a bhaineann leo le haghaidh téarnamh eacnamaíoch. Fanacht leis an athbhreithniú ar an gcreat in 2022 agus le leasuithe reachtacha féideartha, d'fhéadfadh sé de bharr an mhéid sin, go dtiocfadh coigeartuithe dlíthiúla inmhianaithe chun cinn laistigh de chúpla bliain agus ar an gcaoi sin chuirfí bac ar an sprioc úsáid a bhaint as urrúsú ar an mbealach is éifeachtúla is féidir chun téarnamh eacnamaíoch a chur chun cinn sna míonna amach romhainn.

    Ní chuirtear an togra reatha in ionad an athbhreithnithe thuasluaite leis nó ní laghdaítear a raon feidhme leis, athbhreithniú arb é atá ann sainordú chun súil a chaitheamh go forleathan ar éifeachtaí an chórais nua, lena n‑áirítear saincheisteanna amhail módúlachtaí maidir le coinneáil riosca, úsáid urrúsuithe príobháideacha, tionchar an chórais nochta agus eile. Leis an athbhreithniú a dhéanfar go luath, cuirfear san áireamh moltaí ón bhFóram Ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil 4 freisin maidir le margadh urrúsaithe na hEorpa a mhéadú.

    Thairis sin, ní amháin go gcabhróidh na leasuithe spriocdhírithe sin leis an téarnamh a mhaoiniú, ach cabhróidh na leasuithe le hathléimneacht ár gcórais airgeadais chomh maith: tríd an gcreat STS a leathnú chomh maith chun urrúsuithe an chláir chomhardaithe a chumhdach, is féidir a bheith ag súil go mbainfear úsáid, le haghaidh sciar níos forleithne de mhargadh urrúsúcháin an Aontais Eorpaigh, as an lipéad STS a bhfuil ceanglais bhreise ag gabháil leis, lena n‑áirithítear laghdú ar chastacht agus tuilleadh trédhearcachta. Ar an gcaoi sin, is féidir linn dreasachtaí breise a sholáthar go ndéanfar urrúsú leo laistigh de chreat stóinsithe an Aontais Eorpaigh le haghaidh Urrúsú Simplí, Trédhearcach agus Caighdeánaithe (STS) agus leis na dreasachtaí breise go gcabhrófar le bainc teacht ar bhealaí chun riosca a chomhroinnt le gníomhaithe an mhargaidh chaipitil, rud ar ceann de chuspóirí thionscadal Aontas na Margaí Caipitil é.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá creat urrúsúcháin an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm ó bhí Eanáir 2019 ann. Tá na leasuithe atá beartaithe comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá i réimse an urrúsúcháin. Áirítear forálacha i ngníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme chomh maith. Tá na leasuithe atá beartaithe i gcomhréir leis na ceanglais stuamachta maidir le hinstitiúidí agus a maoirseacht chomh maith.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra seo ina chuid d'fhreagairt níos leitheadaí an Choimisiúin Eorpaigh chun téarnamh eacnamaíoch a éascú i ndiaidh phaindéim COVID-19, lena n‑áirítear leasuithe ar an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus ar an Rialachán Réamheolaire a glacadh an tráth céanna leis an togra seo (cuir isteach an tagairt cheart). Tá siad go hiomlán comhsheasmhach leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gnéithe eacnamaíocha de ghéarchéim an choróinvíris a eisíodh an 13 Márta 2020 5 , le ‘COVID 19 – Pacáiste eacnamaíoch – Gach Euro atá ar fáil a úsáid’ a seoladh an 2 Aibreán 2020 6 agus le Teachtaireacht Léirmhínitheach ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na gcreataí cuntasaíochta agus stuamachta chun iasachtú bainc san Aontas Eorpaigh a éascú (Tacú le gnólachtaí agus teaghlaigh le linn COVID-19) 7 .

    Is bunchloch tábhachtach é an creat urrúsúcháin cheana féin le haghaidh Aontas na Margaí Caipitil. Tá Aontas na Margaí Caipitil ar cheann de thosaíochtaí an Choimisiúin lena áirithiú go dtacaíonn an córas airgeadais le cruthú post agus fás le haghaidh geilleagar a fhóireann do dhaoine. Tá sé mar aidhm leis nasc níos fearr a dhéanamh idir coigiltí agus fás, agus níos mó roghanna agus torthaí níos fearr a sholáthar do lucht coigiltis agus d'infheisteoirí. Tá sé beartaithe leis níos mó roghanna maoinithe a chur ar fáil do ghnólachtaí ag céimeanna éagsúla a bhforbartha agus chun an infheistíocht a dhíriú chuig an áit is fearr is féidir leas táirgiúil a bhaint aisti, rud a chuirfeadh leis na deiseanna atá ag cuideachtaí agus tionscadail na hEorpa. Neartóidh togra an lae inniu an creat seo agus déanfaidh sé é a mhéadú rud a chuirfidh tuilleadh deiseanna ar fáil. Cabhróidh na leasuithe seo chun tuilleadh foinsí maoinithe a sholáthar le haghaidh cuideachtaí, cumas na mbanc a neartú chun tacú leis an ngeilleagar, foinse na hinfheistíochta a éagsúlú, bonn infheisteoirí a leathnú agus rioscaí a scaipeadh idir rannpháirtithe sa mhargadh, agus na barrachais a raibh an ghéarchéim airgeadais mar thoradh orthu a sheachaint.

    Ar deireadh, tá an tionscnamh seo, de bhrí go mbaineann sé bacainní rialaithe maidir le hurrúsú NPEnna go háirithe, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta, a ghlac Comhairle ECOFIN in Iúil 2017 8 chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip agus leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích 9 . Iarrtar iontu araon forbairt a dhéanamh ar mhargaí tánaisteacha le haghaidh sócmhainní tochsail. Cuireadh i dtábhacht an gá le gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar NPEnna i roinnt moltaí de chuid an tSeimeastair Eorpaigh do na Ballstáit.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é is bunús dlí do Rialachán STS Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena dtugtar an inniúlacht do na hinstitiúidí Eorpacha forálacha cuí a leagan síos a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh aonair mar chuspóir leo. Ní féidir ach le reachtóir an Aontais na Rialacháin seo a leasú, lena n‑áirítear a raon feidhme a laghdú ar bhonn sealadach, ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh sa chás sin.

    Coimhdeacht

    Baineann na leasuithe le hathruithe ar rialacha an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus chun téarnamh eacnamaíoch a chothú. Is fearr is féidir na cuspóirí a shaothraítear leis na leasuithe atá beartaithe a bhaint amach ar leibhéal an Aontais seachas trí thionscnaimh náisiúnta éagsúla. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    Bunaíodh an creat dlíthiúil atá ann cheana ar leibhéal an Aontais lena dtugtar isteach creat urrúsúcháin an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise chineál trasteorann an urrúsúcháin, is gá raon feidhme na rialacha atá beartaithe a bheith sách ailínithe comhleanúnach comhsheasmhach ar leibhéal an Aontais chun go mbeidh éifeacht acu i ndáiríre. Ní féidir feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana má bhíonn na Ballstáit ag gníomhú go huathrialach. Tá cumas na mBallstát bearta náisiúnta a ghlacadh teoranta, ós rud é go bhforáiltear cheana leis an Rialachán Urrúsúcháin maidir le sraith chomhchuibhithe rialacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus go dtiocfaidh athruithe ar an leibhéal náisiúnta salach ar dhlí an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair. Murach gníomhaíocht ón Aontas ní bheadh an creat rialála atá ann cheana chomh héifeachtach maidir le tacú leis na bearta éagsúla a dhéanann údaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta araon, ná ní bheadh sé chomh fhrithghníomhach maidir le dúshláin eisceachtúla margaidh. Dá n‑éireodh an tAontas as na gnéithe sin a rialáil, thiocfadh an margadh inmheánach d’urrúsú faoi réir sraitheanna éagsúla rialacha, rud arb é ilroinnt an toradh a bheadh air agus a bhainfeadh an bonn den leabhar rialacha aonair a cruthaíodh le déanaí sa réimse sin. Bheadh éagothrom iomaíochta agus arbatráiste rialála mar thoradh air sin.

    Sa bhreis air sin, ní féidir cóir níos íogaire ó thaobh riosca de a chruthú le haghaidh urrúsuithe le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta amháin, toisc go bhfuil an chóir stuamachta leagtha síos i ndlí an Aontais Eorpaigh cheana, agus ní féidir a áirithiú ar an leibhéal sin ach an oiread go mbeidh comhsheasmhacht agus caighdeánú ar na forálacha sin a chumhdaítear le gníomhartha éagsúla dlíthiúla an Aontais Eorpaigh faoi láthair, amhail na gníomhartha sin a bhaineann le nochtadh, dícheall cuí agus coinneáil riosca.

    Comhréireacht

    Teastaíonn gníomhaíocht seo an Aontais chun go mbainfear amach an cuspóir go méadófar cumas institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta iasachtaí a thabhairt do chorparáidí agus FBManna agus neamhchosaintí neamhthuillmheacha a bhaint óna gcláir chomhardaithe agus go gcoinneofar comhsheasmhacht an chreata stuamachta ar bun ag an am céanna i ndiaidh ghéarchéim COVID-19. Níl i gceist leis na leasuithe atá beartaithe ach a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus chun cur leis na rialacha atá i bhfeidhm cheana, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Ní théann na leasuithe atá beartaithe níos faide ná aghaidh a thabhairt ar fhorálacha roghnaithe i gcreat urrúsúcháin an Aontais le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, forálacha nach ndírítear leo ach ar bhearta arb é is aidhm dóibh tacaíocht a áirithiú don téarnamh eacnamaíoch sna míonna díreach i ndiaidh ghéarchéim COVID-19. Thairis sin, tá na leasuithe atá beartaithe teoranta do na saincheisteanna sin nach féidir aghaidh a thabhairt orthu taobh istigh den chorrlach lánroghnach dá bhforáiltear leis na rialacha reatha.

    Measann an Coimisiún go bhfuil na hathruithe ar rialacha atá beartaithe comhréireach leis na cuspóirí.

    An rogha ionstraime

    Is leasú ar an Rialachán Urrúsúcháin é an togra reatha agus, dá bhrí sin, is Rialachán é. Ní féidir úsáid a bhaint as modhanna eile - modhanna reachtacha nó oibríochtúla - chun cuspóirí an togra seo a bhaint amach.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Tá an togra bunaithe ar dhá thuarascáil a d'ullmhaigh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach - Tuairisc ar an gcreat STS le haghaidh Urrúsú Sintéiseach faoi Airteagal 45(1) den Rialachán Urrúsúcháin (‘an tuairisc maidir le sintéis STS’) 10 agus an Tuairim ar an gcóir rialála ar urrúsuithe NPE (‘an Tuairim maidir le NPE’) 11 .

    Is é Airteagal 45(1) den Rialachán Urrúsúcháin a thugann sainordú don tuairisc maidir le sintéis STS, tuairisc lena n‑iarrtar ar ÚBE anailís a dhéanamh ar fhéidearthacht creat sonrach maidir le hurrúsú sintéiseach STS, atá teoranta d'idirbhearta sintéiseacha ar chlár chomhardaithe.

    Ar bhonn na hanailíse ann, tugtar leis an tuairisc maidir le sintéis STS ó ÚBE an trí mholadh seo a leanas:

    ·creat trasearnála le haghaidh urrúsú sintéiseach simplí trédhearcach agus caighdeánaithe a bhunú, atá teoranta d’urrúsú an chláir chomhardaithe;

    ·chun a bheith incháilithe do lipéad ‘STS’, comhlíonfaidh an t‑urrúsú sintéiseach na critéir a mholtar maidir le simplíocht, caighdeánú agus trédhearcacht;

    ·na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le láimhseáil dhifreáilte caipitil le haghaidh urrúsú sintéiseach laistigh de chlár comhardaithe STS a mheas.

    D'ullmhaigh an Coimisiún, faoi Airteagal 45(2) den Rialachán Urrúsúcháin, tuairisc ar chruthú creat sonrach le haghaidh urrúsú sintéiseach simplí trédhearcach agus caighdeánaithe, atá teoranta d'urrúsú sintéiseach laistigh de chlár comhardaithe. Tá an tuairisc ón gCoimisiún ag gabháil leis an togra seo. Aontaíonn tuairisc ón gCoimisiún leis an anailís a rinne ÚBE, anailís a léiríonn gur féidir caighdeáin a shocrú le haghaidh urrúsú sintéiseach a cheadaíonn na gnéithe is mó a chuireann struchtúr ar riosca a mhaolú, amhail rioscaí gníomhaireachta agus rioscaí samhla, ar an gcaoi céanna le hurrúsú traidisiúnta, ag cruthú fothacar d’urrúsú sintéiseach sa tslí sin atá inchomparáide le hurrúsú traidisiúnta STS. Thairis sin, is cosúil nach bhfuil aon fhianaise ann lena léireofaí an mó iad na caillteanais a thiocfadh go nádúrtha as struchtúr urrúsaithe shintéisigh ná as struchtúr urrúsaithe traidisiúnta. Ní luaitear san anailís aon iarmhairt dhiúltach phraiticiúil a d'fhéadfaí a ghiniúint go hintuartha trí chreat sonrach STS le haghaidh urrúsuithe sintéiseacha laistigh de chlár comhardaithe a chruthú.

    Sa Tuairim maidir le NPEnna a thug ÚBE rinneadh scrúdú ar ról an urrúsaithe mar uirlis chistithe le haghaidh NPEnna a bhaint ó chláir chomhardaithe na mbanc. San anailís ó ÚBE aimsíodh roinnt srianta sa Rialachán Urrúsúcháin agus sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil lena gcuirtear srian ar acmhainneacht an mhargaidh sócmhainní neamhthuillmheacha a ionsú ó chláir comhardaithe na mbanc, rud a fhágann nach bhféadann an margadh ach díolacháin déthaobhacha amháin a dhéanamh.

    Maidir leis an Rialachán Urrúsúcháin,is as gnéithe áirithe den choinneáil riosca agus de na ceanglais maidir le caighdeáin deonaithe creidmheasa a thagann srianta ar urrúsuithe NPE. Trí úsáid a bhaint as luachanna ainmniúla maidir le críocha coinneála riosca déantar áibhéil faoin gceanglas atá beartaithe toisc go ndéantar neamhaird de lascaine ar an bpraghas ar a aistrítear na sócmhainní foluiteacha agus lena léirítear an fíor-riosca caillteanas le haghaidh infheisteoirí. Anuas air sin, ní cheadaítear leis an téacs go gcomhlíonfaidh seirbhíseoir speisialta an ceanglas maidir le coinneáil riosca, seirbhíseoir a bhfuil leas níos substaintiúla aige ná an tionscnóir in oibriú amach na sócmhainní agus aisghabháil luacha agus ar an gcaoi sin is fearr a bheidh a leasanna ailínithe le leasanna na n‑infheisteoirí. Ar deireadh, leis an gceanglas maidir le caighdeáin deonaithe creidmheasa in Airteagal 9 den Rialachán Urrúsúcháin ní fhreastalaítear ann ach oiread ar urrúsuithe NPE. Leis an togra, tugtar soiléiriú ar na dualgais fhíoraithe atá ar thionscnóirí maidir le hurrúsú a dhéanamh ar neamhchosaintí neamhthuillmheacha. Is amhlaidh nach mór imthosca sonracha ceannaithe sócmhainní agus an cineál urrúsaithe a chur san áireamh leis na ceanglais. Sna cásanna sin, is féidir nach bhféadfaí deimhneacht maidir leis na himthosca inar cruthaíodh na sócmhainní a fháil, ach mar sin féin is féidir dícheall cuí a dhéanamh maidir le cáilíocht agus ar feidhmíocht na sócmhainní chun cinneadh infheistíochta ciallmhar fíor-eolach a dhéanamh.

    Measúnú tionchair

    Ós togra práinneach é an togra, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair. Rinneadh anailís ar an bpríomhchostas agus na tairbhí a tháinig as na leasuithe i ndoiciméad inmheánach oibre ar leith. Ina theannta sin, tá an togra seo bunaithe ar dhá dhoiciméad thuasluaite de chuid ÚBE, an tuairisc maidir le sintéis STS agus an tuairim maidir le NPEnna, dhá dhoiciméad lena ndéantar mionanailís ar oiriúnacht na leasuithe atá beartaithe agus a bhí faoi réir plé cuimsitheach le páirtithe leasmhara.

    Leis na leasuithe atá beartaithe, ní athrófar substaint an Rialacháin agus, dá bhrí sin, ní fhorchuirtear aon oibleagáid bhreise ar ghnólachtaí.

    Cearta bunúsacha

    Ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta a fhoráiltear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Ó tharla gur Rialachán a bunaíodh cuid mhaith ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm cheana atá i gceist leis an ionstraim atá beartaithe, ní gá plean cur chun feidhme a réiteach. Faoi Eanáir 2022, beidh an gníomh reachtach a bhfuil leasú á dhéanamh air faoi réir meastóireacht iomlán chun measúnú a dhéanamh ar cé chomh éifeachtach agus éifeachtúil, i measc nithe eile, agus a bhí an gníomh sin ó thaobh a chuspóirí a bhaint amach. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an meastóireacht, i gcás inarb iomchuí. Sa chomhthéacs sin, dhéanfaí ceanglais athbhreithnithe agus ceanglais tuairiscithe a ailíniú, i gcás inar gá.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    A) Idirghníomhaíocht agus comhsheasmhacht i measc eilimintí an phacáiste

    Is é atá sa Rialachán seo pacáiste reachtach ina bhfuil na leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Mar a luaigh roinnt páirtithe leasmhara, maidir le forbairt ar chritéar incháilitheachta STS le haghaidh urrúsú sintéiseach laistigh de chlár comhordaithe agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialaithe a mbíonn tionchar acu ar urrúsuithe NPE, ní bheadh an fhorbairt sin inti féin leordhóthanach chun an cuspóir i dtaca le hoptamú an róil a d'fhéadfadh a bheith ag urrúsúchán sa téarnamh eacnamaíoch a bhaint amach. Ní mór láimhseáil stuamachta nua a bheith ag gabháil leo, lena n‑áirítear i réimse na gceanglas caipitil, lena ndéanfaí léiriú níos fearr ar ghnéithe sonracha na gcineálacha urrúsuithe sin.

    Aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa chreat reachtach le haghaidh urrúsú neamhchosaintí neamhthuillmheacha

    Sainmhíniú urrúsú NPE (Airteagal 2)

    Chun dul i ngleic, ar bhealach cuimsitheach, le heasnaimh reachtacha urrúsúcháin NPE, cuirtear sainmhíniú urrúsúcháin NPE chun cinn leis an togra seo, sainmhíniú atá ag luí le hobair Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht.

    Coinneáil riosca (Airteagal 6)

    Déantar urrúsuithe NPE faoi réir córas speisialta maidir leis an gceanglas maidir le coinneáil riosca a chomhlíonadh chun na saintréithe speisialta atá acu a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Is é atá á mholadh go ndéanfar an ceanglas maidir le coinneáil riosca a ríomh ar bhonn luach lascainithe na neamhchosaintí a aistrítear chuig an eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin. Ina theannta sin, tugtar cead don seirbhíseoir in idirbheart NPE sciar an choinneála riosca a ghlacadh air féin, i bhfianaise a stádas speisialta sa mhargadh lena n‑áirithítear ailíniú leasanna an tseirbhíseora le leasanna na n‑infheisteoirí.

    Fíorú caighdeáin deonaithe creidmheasa (Airteagal 9)

    Leis an togra, tugtar soiléiriú ar dhualgais fíoraithe atá ar thionscnóirí maidir le hurrúsú a dhéanamh ar neamhchosaintí neamhthuillmheacha.

    Creat sonrach le haghaidh urrúsuithe sintéiseacha laistigh de chláir chomhardaithe a chruthú

    Sa Roinn nua, tá critéir le haghaidh urrúsú sintéiseach Simplí, Trédhearcach agus Caighdeánaithe (“STS”) laistigh de chlár comhardaithe. Faoi mar atá le hurrúsuithe STS fíordhíolacháin, níor cheart go dtuigfí le lipéad sintéiseach STS go bhfuil an t‑urrúsú saor ó riosca, ach go gcomhlíonann an táirge critéir ar leith faoina bhféadfaidh díoltóir na cosanta dícheallach agus ceannaitheoir na cosanta dícheallach, chomh maith le húdarás inniúil náisiúnta, anailís a dhéanamh ar an riosca atá i gceist. Tá na critéir a mholtar ailínithe a oiread agus is féidir leis na critéir a ghabhann le hurrúsú STS traidisiúnta, ach cuirtear sainiúlachtaí an táirge shintéisigh agus cuspóirí éagsúla urrúsaithe sintéiseacha san áireamh leo freisin agus dá bhrí sin, féachtar le cosaint le haghaidh tionscnóirí agus infheisteoirí araon a áirithiú (toisc gur infheisteoir an tionscnóir san idirbheart, de bhrí gurb é a dhéanann an tráinse sinsearach a choinneáil).

    2020/0151 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 lena leagtar síos creat ginearálta le haghaidh urrúsaithe agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe chun cabhrú leis an teacht aniar ó phaindéim COVID-19

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tá paindéim COVID-19 ag déanamh difear ollmhór do dhaoine, do chuideachtaí, do chórais sláinte agus do gheilleagair na mBallstát. Ina Theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Coiste na Réigiún, an 27 Márta 2020 darb ainm ‘Seo uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile’ 12 [1], chuir an Coimisiún i bhfáth gur dúshlán leanúnach a bheidh sa leachtacht agus sa rochtain ar mhaoiniú sna míonna amach romhainn. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach tacaíocht a thabhairt don iarracht téarnaimh ón dianturraing eacnamaíoch arb í paindéim COVID-19 ba chúis léi trí leasuithe dírithe ar an reachtaíocht airgeadais atá ann cheana a thabhairt isteach. Glactar an pacáiste beart seo faoin teideal "Pacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil".

    (2)Idir an suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch arb í paindéim COVID-19 ba cúis leis agus na bearta srianta eisceachtúla, tá tionchar leitheadach acu ar an ngeilleagar. Tá aghaidh á tabhairt ag gnólachtaí ar bhriseadh i slabhraí soláthair, ar dhúnadh sealadach agus ar éileamh laghdaithe, agus san am céanna, tá aghaidh á tabhairt ag teaghlaigh ar an dífhostaíocht agus ar laghdú ioncaim. Ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, tá gníomhaíocht chinntitheach déanta ag údaráis phoiblí chun tacú le teaghlaigh agus le gnóthais shócmhainneacha chun an fód a sheasamh in aghaidh an mhoillithe ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch, rud atá géar ach sealadach, agus in aghaidh an ghanntanais leachtachta a tháinig chun cinn dá bharr..

    (3)Tá sé tábhachtach go núsáidfidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ("institiúidí") a gcaipiteal san áit is mó a mbeidh sé de dhíth, go néascófar an méid sin, le creat rialála an Aontais, le linn dóibh déanamh amhlaidh agus go náiritheofar leis, san am céanna, go ngníomhóidh na hinstitiúidí go stuama. I dteannta na solúbthachta dá bhforáiltear sna rialacha atá ann cheana, ba cheart go náiritheofaí le hathruithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402 go ndéanfaí foráil le creat urrúsaithe an Aontais maidir le huirlis bhreise chun téarnamh eacnamaíoch an Aontais a chothú tar éis ghéarchéim phaindéim COVID-19.

    (4)Cúinsí urghnácha ghéarchéim COVID-19 agus a mhéad atá na dúshláin a ghabhann léi, dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ba iad a spreag an glao ar ghníomhaíocht láithreach chun a áirithiú go mbeadh na hinstitiúidí in ann cistí leordhóthanacha a dhíriú ar ghnólachtaí agus, ar an gcaoi sin, maolú a dhéanamh ar an ngéarchéim eacnamaíoch arb í paindéim COVID-19 ba chúis léi.

    (5)Mar a luaigh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach ("EBA") ina Thuairim maidir le Láimhseáil Rialála na nUrrúsuithe Neamhchosaintí Neamhthuillmheacha 13 , maidir leis na rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní a thacaíonn le hurrúsuithe sócmhainní neamhthuillmheacha (NPE), is rioscaí ar leith iad go heacnamaíoch atá neamhspleách orthu sin a bhaineann le hurrúsuithe sócmhainní atá ag feidhmiú. Déantar Neamhchosaintí Neamhthuillmheacha (NPEnna) a urrúsú ar lascaine ar an luach ainmniúil nó ar an luach gan íoc atá orthu agus léirítear leo measúnú an mhargaidh inter alia ar an dóchúlacht go ndéanfaidh an próiseas chun fiachais a oibriú amach sreafaí airgid leordhóthanacha agus aisghabhálacha sócmhainní a ghiniúint. Dá bharr sin, is é an riosca atá ann d'infheisteoirí go nginfear, le hoibriú amach na bhfiachas ar na sócmhainní, aisghabhálacha nach bhfuil leordhóthanach chun an glanluach ar a ceannaíodh na NPEnna a chumhdach. Ní hionann an caillteanas riosca iarbhír d'infheisteoirí agus luach ainmniúil na punainne, ach an luach lascainithe, glan ó lascaine an phraghais ar a naistrítear na sócmhainní foluiteacha. Dá bhrí sin, is iomchuí i gcás urrúsuithe NPE méid an choinneáil riosca a áireamh ar bhonn an luacha lascainithe sin.

    (6)Leis an gceanglas maidir le coinneáil riosca, cuirtear leasanna eisitheoirí agus infheisteoirí ar chomhréim maidir le feidhmíocht na sócmhainní foluiteacha. Go hiondúil, i dtaca le hurrúsuithe sócmhainní tuillmheacha, is é leas an tionscnóra an leas forleathan ar an taobh díola de, agus is minic gurb an tionscnóir an tiasachtóir bunaidh freisin. Maidir le húrrúsuithe NPE, áfach, féachann tionscnóirí le sócmhainní mainnithe a scaradh óna gcláir chomhardaithe, mar d'fhéadfadh sé nár mhian leo aon bhaint in aon chor a bheith acu leis na sócmhainní mainnithe sin. Sna cásanna sin, is ag an seirbhíseoir speisialta a bhíonn leas níos substaintí in oibriú amach na sócmhainní agus in aisghabháil an luacha.

    (7)Sula raibh an ghéarchéim airgeadais ann, lean roinnt gníomhaíochtaí urrúsaithe samhail “táirgí a thionscnamh lena ndáileadh”. Leis an tsamhail sin, roghnaíodh sócmhainní ar cháilíocht níos ísle le haghaidh urrúsaithe rud a chuaigh chun aimhleasa na ninfheisteoirí a raibh, sa deireadh, níos mó riosca acu ná mar a bheartaigh siad. Chun cleachtais den chineál sin a chosc sa todhchaí, tugadh isteach ceanglas chun fíorú a dhéanamh ar na caighdeáin dheonú creidmheasa a úsáidtear i gcruthú na sócmhainní urrúsaithe. Maidir le urrúsuithe NPE, áfach, le fiorú na gcaighdeán deonú creidmheasa, ba cheart imthosca sonracha a chur san áireamh, lena náirítear ceannachán na sócmhainní neamhthuillmheacha sin agus an cineál urrúsaithe. Dá bhrí sin, is gá fíorú na gcaighdeán deonú creidmheasa a leasú chun go mbeidh ar chumas an infheisteora dícheall cuí a chur i gcrích maidir le caighdeán agus feidhmíocht na sócmhainní neamhthuillmheacha d'fhonn cinneadh infheistíochta atá ciallmhar agus eolach a dhéanamh.

    (8)Is é atá i gceist le hurrúsú sintéiseach laistigh den chlár comhardaithe, riosca creidmheasa sraith iasachtaí a aistriú, go hiondúil iasachtaí móra corparáideacha nó iasachtaí FBM, trí chomhaontú cosanta creidmheasa lena gceannaíonn an tionscnóir cosaint chreidmheasa ón infheisteoir. Bainfear cosaint chreidmheasa amach trí ráthaíocht airgeadais nó díorthaigh chreidmheasa a úsáid ach fágfar úinéireacht na sócmhainní leis an tionscnóir agus ní aistreofar é go heintiteas urrúsú sainchuspóireach, mar a tharlaíonn in urrúsuithe traidisiúnta. Geallann an tionscnóir, mar cheannaitheoir cosanta, préimh cosanta creidmheasa a íoc, rud a ghineann an toradh d'infheisteoirí. Dá réir sin, geallann an tinfheisteoir, mar dhíoltóir cosanta, íocaíocht shonrach cosanta creidmheasa a déanamh nuair a tharlaíonn teagmhas creidmheasa réamhshocraithe.

    (9)Ba cheart go náiritheofaí maolú iomchuí maidir le castacht iomlán na struchtúr urrúsuithe agus na rioscaí a bhaineann leo agus nach gcuirfear dreasachtaí rialála ar fáil do thionscnóirí chun go roghnóidh siad urrúsuithe sintéiseacha in áit urrúsuithe traidisiúnta. Na ceanglais le haghaidh urrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe atá simplí, trédhearcacha agus caighdeánaithe (STC), ba cheart dóibh a bheith thar a bheith comhsheasmhach le critéir STC i dtaca le hurrúsuithe fíordhíolacháin traidisiúnta.

    (10)Tá ceanglais áirithe ar urrúsuithe traidisiúnta STS, áfach, nach bhfeidhmíonn ar idirbhearta urrúsaithe sintéiseacha de bharr difríochtaí bunúsacha idir an dá chineál urrúsaithe sin, go háirithe de bharr go mbainfear amach an taistriú riosca in urrúsuithe sintéiseacha trí chomhaontú cosanta creidmheasa in áit dhíolachán na sócmhainní foluiteacha. Dá bhrí sin, ba cheart do chritéir STS a chur in oiriúint i gcás inar gá chun na difríochtaí sin a chur san áireamh. Thairis sin, is gá sraith nua cheanglas a thabhairt isteach, ceanglais a bhaineann go sonrach le hurrúsuithe sintéiseacha, chun a áirithiú go ndíreofar creat STS ar urrúsuithe sintéiseacha laistigh de chlár comhardaithe agus ar urrúsuithe sintéiseacha laistigh de chlár comhardaithe amháin, agus go ndéanfar an comhaontú cosanta creidmheasa a struchtúrú chun seasamh an tionscnóra agus an infheisteora araon a chosaint go leordhóthanach. Ba cheart don tsraith nua cheanglas sin féachaint le dul i ngleic le riosca creidmheasa an chontrapháirtí le haghaidh an tionscnóra agus an infheisteora araon.

    (11)Is iad ba cheart a bheith ina gcuspóir ag an aistriú riosca creidmheasa na neamhchosaintí a thionscnaíonn nó a cheannaíonn institiúid atá á rialú ag an Aontas, neamhchosaintí atá laistigh de chroíghníomhaíochtaí gnó iasachtaí agus atá á gcoinneáil ar an gclár comhardaithe, nó i gcás struchtúir grúpa, ar an gclár comhardaithe comhdhlúite ar an spriocdháta. Leis an gceanglas sin ar an tionscnóir na neamhchosaintí urrúsaithe a choinneáil ar an gclár comhardaithe, ba cheart arbatráiste urrúsuithe a eisiamh ó raon feidhme lipéad STS.

    (12)Ba cheart don tionscnóir a áirithiú nach ndéanfaidh sé an riosca creidmheasa céanna a fhálú níos mó ná aon uair amháin trí chosaint chreidmheasa a fháil sa bhreis ar an gcosaint chreidmheasa atá á cur ar fáil ag an urrúsú sintéiseach. Chun stóinseacht an chomhaontaithe cosanta creidmheasa a áirithiú, ba cheart don chomhaontú na ceanglais maidir le maolú riosca creidmheasa a chomhlíonadh mar a leagtar síos in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 , ceanglais nach mór a bheith comhlíonta ag institiúidí a bhfuil aistriú riosca suntasach á lorg acu trí urrúsú sintéiseach.

    (13)Chun coimhlintí idir an tionscnóir agus an infheisteoir a sheachaint agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le raon feidhme na cosanta creidmheasa a cheannaítear le haghaidh neamhchosaintí foluiteacha, ba cheart don chosaint chreidmheasa sin tagairt a dhéanamh d'oibleagáidí tagartha a shainaithnítear go soiléir, as a neascraíonn na neamhchosaintí foluiteacha, is iad sin oibleagáidí eintiteas nó d'oibleagáideoirí a shainaithnítear go soiléir. Dá bhrí sin, ba cheart na hoibleagáidí tagartha ar an gceannaítear an chosaint a shainaithint i gcónaí, trí chlár tagartha, agus iad a choinneáil cothrom le dáta. Ba cheart don cheanglas sin a bheith ina chuid indíreach de na critéir maidir le sainiú urrúsúcháin an chláir chomhardaithe agus maidir le heisiamh urrúsú arbatráiste ó chreat STS.

    (14)Teagmhais chreidmheasa a spreagann íocaíochtaí faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa, ba cheart go náireofaí leo ar a laghad na teagmhais sin dá dtagraítear in Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is teagmhais aitheanta agus inaitheanta iad ó thaobh an mhargaidh de agus ba cheart go náiritheofaí leo comhsheasmhacht leis an gcreat stuamachta. Bearta staonta a bhfuil i gceist leo lamháltais i leith oibleagáideoir a bhfuil deacrachtaí aige nó a mbeidh deacrachtaí aige a ghealltanais airgeadais a shásamh, níor cheart do na bearta sin cosc a chur ar spreagadh an teagmhais cosanta creidmheasa. Ba cheart athstruchtúrú mar theagmhas creidmheasa a eisiamh i gcás ráthaíochta airgeadais chun go seachnófaí go ndéileálfaí leis na ráthaíochtaí airgeadais mar dhíorthach i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta ábhartha.

    (15)Ba cheart cosaint leordhóthanach a thabhairt do cheart an tionscnóra, mar ceannaitheoir na cosanta, íocaíochtaí tráthúla a fháil ar caillteanais iarbhír. Dá réir sin, ba cheart go bhforálfaí le doiciméadacht an idirbhirt próiseas socraíochta atá fónta agus trédhearcach chun caillteanais iarbhír sa phunann thagartha a chinneadh d'fhonn gearríocaíocht an tionscnóra a chosc. Ós rud é gur próiseas fada atá in oibriú amach na gcaillteanais, agus chun a áirithiú go ndéanfar íocaíochtaí eatramhacha don tionscnóir, ba cheart íocaíochtaí a bheith déanta ar a dhéanaí 6 mhí tar éis don teagmhas creidmheasa sin tarlú. Thairis sin, ba cheart sásra coigeartaithe dheireanaigh a bheith ann chun a áirithiú go gcumhdaítear na caillteanais iarbhír leis na híocaíochtaí eatramhacha agus ionas go gcuirfear cosc ar róíocaíocht na gcaillteanas iarbhír sin, rud a rachadh chun aimhleasa na ninfheisteoirí. Ba cheart go sonrófaí go soiléir leis an sásra socraíochta caillteanais an uastréimhse sínidh a bheidh i bhfeidhm maidir leis an bpróiseas oibriú amach i dtaca leis na neamhchosaintí sin agus níor cheart an tréimhse sínidh sin a bheith níos faide ná dhá bhliain. Dá bhrí sin, leis an sásra socraíochta caillteanais sin ba cheart éifeachtúlacht an tsocraithe cosanta creidmheasa a áirithiú ó thaobh an tionscnóra de, agus cinnteacht dhlíthiúil a chur ar fáil d'infheisteoirí maidir le dáta deiridh na hoibleagáide atá orthu íocaíochtaí a dhéanamh, rud a rannchuideodh le margadh dea-fheidhmiúil.

    (16)Is cleachtas forleathan margaidh é gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a bheith ann, cleachtas a fheabhsaíonn cinnteacht dhlíthiúil an idirbhirt do gach páirtí lena mbaineann, agus dá bhrí sin, laghdaítear an dóchúlacht go dtiocfadh agóidí agus dlíthíochta chun cinn maidir leis an bpróiseas leithdháilte caillteanais. Chun cur le fóntacht shásra socraíochta caillteanais an idirbhirt, ba cheart gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a cheapadh chun athbhreithniú fíorasach a dhéanamh ar bheaichte agus ar chruinneas gnéithe áirithe den chosaint creidmheasa i gcás ina spreagfaí teagmhas creidmheasa.

    (17)Is ar mhéid gan íoc an tráinse chosanta agus ar riosca creidmheasa an tráinse chosanta agus orthu sin amháin gur cheart do phréimheanna cosanta creidmheasa a bheith ag brath. Níor cheart go gceadófaí préimheanna neamhtheagmhasacha in urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe toisc go bhféadfaí úsáid a bhaint astu chun an bonn a bhaint den aistriú riosca éifeachtach ón tionscnóir, mar ceannaitheoir na cosanta, go dtí díoltóirí na cosanta. Socruithe eile, amhail íocaíochtaí tosaigh préimheanna, sásraí lacáiste nó struchtúir phréimhe atá róchasta, ba cheart cosc a chur orthu le haghaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe.

    (18)Is i gcúinsí áirithe léirshainithe teoranta agus sna cúinsí sin amháin gur cheart luathfhoirceannadh urrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe a bheith indéanta ag an tionscnóir, d'fhonn leanúnachas agus cobhsaíocht na cosanta creidmheasa a áirithiú. Cé gur cheart an tionscnóir a bheith i dteideal an chosaint chreidmheasa a dhúnadh go luath i gcás ina dtarlaíonn eachtraí rialála sonracha áirithe, ba cheart na heachtraí sin a bheith ina nathruithe iarbhír ar reachtaíocht nó ar chánachas a bhfuil éifeacht ábhartha, dhíobhálach acu ar cheanglais chaipitil an tionscnóra nó ar eacnamaíocht an idirbhirt i gcoibhneas le hionchais na bpáirtithe tráth a rinneadh an tidirbheart agus ar choinníoll nárbh fhéidir athruithe den chineál sin a thuar go réasúnta an tráth sin. Níor cheart clásail ghlaonna casta don tionscnóir a bheith ina ngnéithe d'urrúsuithe sintéiseacha ar chláir chomhardaithe STS, go háirithe glao-amanna gearrthréimhse a bhfuil d'aidhm acu léiriú sheasamh an chaipitil atá leo a athrú go sealadach de réir an cháis.

    (19)Is gné coitianta é barrachas an raoin difríochta sintéiseach i gcineálacha áirithe idirbheart, agus is sásra é a rannchuidíonn le hinfheisteoirí agus tionscnóirí araon, chun laghdú a dhéanamh ar chostas na cosanta creidmheasa agus ar chostas na neamhchosanta a bhfuil riosca ag baint léi faoi seach. I dtaca leis sin, tá barrachas an raoin difríochta sintéiseach riachtanach le haghaidh roinnt aicmí sócmhainne miondíola áirithe, amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) agus le haghaidh creidmheas tomhaltóirí, a bhfuil idir fháltas agus chaillteanais chreidmheasa níos airde ná aicmí sócmhainne eile ag baint leo, agus a ndéanann na neamhchosaintí urrúsaithe barrachas an raoin difríochta a ghiniúint chun na caillteanais sin a chumhdach. I gcás méid bharrachais an raoin difríochta shintéisigh atá faoi réir sheasamh an infheisteora a bheith róard, féadfaidh sé nach mbeidh, in aon chás réadúil, caillteanais ar an infheisteoir sna suíomhanna urrúsaithe, rud a fhágfaidh nach mbeidh aistriú riosca éifeachtach mar thoradh air. Chun cúiseanna imní maoirseachta a mhaolú agus chun an gné struchtúrach sin a chaighdeánú a thuilleadh, tá sé tábhachtach critéir dhochta a shonrú le haghaidh urrúsuithe sintéiseacha chláir chomhardaithe STS agus chun nochtadh iomlán a áirithiú maidir le húsáid bharrachais an raoin difríochta shintéisigh.

    (20)Níor cheart ach socruithe cosanta creidmheasa d'ardchaighdeán a bheith incháilithe le haghaidh urrúsuithe sintéiseacha chláir chomhardaithe STS. I gcás cosaint creidmheasa neamhchistithe, déanfar é sin a áirithiú trí raon feidhme sholáthraithe cosanta creidmheasa incháilithe a shrianadh go dtí na heintitis sin atá ina soláthraithe incháilithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a aithnítear mar chontrapháirtithe a bhfuil ualú riosca 0% acu i gcomhréir le Teideal II, Cuid a Trí, Caibidil 2 den Rialachán sin. I gcás cosaint creidmheasa cistithe, beidh ceart ag an tionscnóir, mar cheannaitheoir cosanta, agus na hinfheisteoirí, mar dhíoltóirí cosanta, beidh ceart acu dul ar iontaoibh comhthaobhachta ardchaighdeáin, ar cheart a bheadh inti comhthaobhacht de chineál ar bith a bhféadfaí ualaú riosca 0% a shannadh di faoi Theideal II, Cuid a Trí, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi réir socruithe iomchuí taiscí nó buanchoimeádta. Nuair is i bhfoirm airgead tirim atá an comhthaobhacht a chuirtear ar fáil, ba cheart í a choinneáil in institiúid chreidmheasa tríú páirtí nó i dtaisce le ceannaitheoir na cosanta, faoi réir sheasamh íosta cáilíochta creidmheasa sa dá chás.

    (21)Ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla a ainmniú a bheadh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na ceanglais a gcaithfeadh urrúsuithe sintéiseacha laistigh de chlár comhardaithe a chomhlíonadh chun cáiliú don ainmniú STS. An túdarás a ainmnítear chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna leis na ceanglais a gcaithfidh urrúsuithe traidisiúnta a chomhlíonadh chun ainmniú STS a fháil, d'fhéadfadh sin a bheith ina údarás inniúil. Amhail cás na nurrúsuithe traidisiúnta, féadfaidh an túdarás inniúil sin a bheith difriúil den údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na dtionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna leis na hoibleagáidí stuamachta atá orthu faoi Airteagail 5 go dtí 9 de Rialachán (AE) 2017/2402, agus ar an gcomhlíonadh a cuireadh de chúram sonrach ar na húdaráis inniúla, i bhfianaise gné stuamachta na noibleagáidí sin, a bhfuil maoirseacht stuamacht ar na hinstitiúidí airgeadais ábhartha faoina gcúram acu.

    (22)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402 a leasú dá réir sin.

    (23)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon síneadh a chur le creat urrúsaithe STS maidir le hurrúsú sintéiseacha laistigh de chlár comhardaithe agus deireadh a chur le haon bhacainní rialála roimh urrúsú NPEnna chun cumas iasachtaí a mhéadú a thuilleadh gan caighdeáin stuamachta iasachtú bainc a ísliú, agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402 mar a leanas:

    (1)in Airteagal 2, cuirtear na pointí (24), (25), (26), (27) agus (28) a leanas isteach:

    “(24) ciallaíonn ‘urrúsú neamhchosanta neamhthuillmhí (NPE)’ urrúsú bunaithe ar chomhthiomsuithe de neamhchosaintí neamhthuillmheacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 47a(3) de Rialachán 575/2013 agus luach aige nach lú ná 90% de luach an chomhthiomsaithe tráth a thionscanta;

    (25) ciallaíonn ‘comhaontú cosanta creidmheasa’ comhaontú a thugtar i gcrích idir an tionscnóir agus an infheisteoir chun riosca creidmheasa neamhchosaintí urrúsaithe a aistriú ón tionscnóir go dtí an t‑infheisteoir trí dhíorthaigh chreidmheasa nó ráthaíochtaí airgeadais a úsáid, lena ngeallann an tionscnóir préimh cosanta creidmheasa a íoc leis an infheisteoir agus geallann an t‑infheisteoir préimh cosanta creidmheasa a íoc leis an tionscnóir i gcás ina tharlaíonn ceann de na teagmhais a shainítear go conarthach;

    (26) ciallaíonn ‘préimh cosanta creidmheasa’ an méid atá geallta ag an tionscnóir, faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa, go n‑íocfaidh sé leis an infheisteoir le haghaidh na cosanta creidmheasa a gheall an infheisteoir;

    (27) is é atá san ‘íocaíocht cosanta creidmheasa’ an méid atá geallta ag an infheisteoir, faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa, go n‑íocfaidh sé leis an tionscnóir i gcás ina dtarlaíonn teagmhas creidmheasa a shainítear sa chomhaontú cosanta creidmheasa;

    (28) ciallaíonn ‘barrachas an raoin difríochta sintéiseach’ an méid a gheallann an tionscnóir i ndoiciméadacht an idirbhirt chun caillteanais na punainne dá dtagraítear a chumhdach, caillteanais a d'fhéadfadh tarlú le linn saolré an idirbhirt.;”

    (2)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a)i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    “I gcás urrúsuithe NPE, féadfaidh ceanglas na míre sin a bheith comhlíonta ag an seirbhíseoir freisin.”;

    (b)Cuirtear isteach an mhír [3a] seo a leanas:

    “3a.    De mhaolú ar phointí (b) go (e) de mhír 3,, i gcás urrúsuithe NPE, maidir le coinneáil glanleasa eacnamaíoch ábhartha, chun críocha na bpointí sin, ní bheidh an choinneáil sin níos lú ná 5% de ghlanluach na neamhchosaintí urrúsaithe a cháilíonn mar neamhchosaintí neamhthuillmheacha dá dtagraítear in Airteagal 47a(3) de Rialachán 575/2013.

    Is tríd an lascaine neamh‑inaisíoctha ar an bpraghas ceannaigh tráth an tionscanta a asbhaint ó luach ainmnithe na neamhchosanta a thiocfaidh glanluach neamhchosanta neamhthuillmheach, nó, i gcás inarb infheidhme, an luach atá gan íoc atá uirthi an tráth céanna.”;

    (3)in Airteagal 9(1) cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa mhír seo maidir le neamhchosaintí foluiteacha atá ina neamhchosaintí neamhthuillmheacha dá dtagraítear in Airteagal 47a(3) de Rialachán 575/2013 tráth a cheannaigh an tionscnóir iad ón tríú páirtí ábhartha.;”

    (4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) in Airteagal 18(1):

    “(a)    comhlíonann an t‑urrúsú ceanglais uile Roinn 1, Roinn 2, nó Roinn 2a den Chaibidil seo, agus tugadh fógra do ÚEUM de bhun Airteagal 27(1).;”

    (5)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:

    Urrúsú traidisiúnta simplí trédhearcach agus caighdeánaithe”;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “(1). Cé is moite de chláir ABCP agus d’idirbhearta ABCP, measfar gur urrúsuithe STS iad urrúsuithe agus urrúsuithe laistigh den chlár comhardaithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.”;

    (6)cuirtear an Roinn 2a seo a leanas isteach:

    “Ceanglais Roinn 2a le haghaidh urrúsuithe simplí, trédhearcacha agus caighdeánaithe laistigh den chlár comhardaithe

    Airteagal 26 a

    Urrúsú simplí trédhearcach agus caighdeánaithe laistigh den chlár comhardaithe

    1.Is é atá in urrúsuithe laistigh den chlár comhardaithe urrúsuithe sintéiseacha lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 26b go dtí 26e.

    2.I gcomhréir le Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, féadfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, treoirlínte agus moltaí a ghlacadh maidir le léirmhíniú agus feidhmiú comhchuibhithe na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 26b go dtí 26e.

    Airteagal 26 b

    Ceanglais maidir le simplíocht

    1.Eintiteas atá údaraithe nó ceadúnaithe san Aontas a bheidh sa tionscnóir. Is é a bheidh sa tionscnóir i leith na neamhchosaintí foluiteacha.

    Tionscnóir a cheannaíonn neamhchosaintí tríú páirtí ar a chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin, cuirfidh sé i bhfeidhm ar na neamhchosaintí tríú páirtí atá ceannaithe beartais i dtaca le creidmheas, bailiúchán, fiachais a oibriú amach agus seirbhísiú atá chomh docht céanna leo sin a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí inchomparáide nár ceannaíodh.

    2.Tionscnófar na neamhchosaintí foluiteacha mar chuid de phríomhghníomhaíocht ghnó an tionscnóra.

    3.Ar an dáta deiridh, coinneofar na neamhchosaintí foluiteacha ar chlár comhardaithe an tionscnóra nó ar chlár comhardaithe eintitis atá in aon ghrúpa leis an tionscnóir.

    Chun críocha na míre sin, is é a bheidh i ngrúpa ceachtar den dá rud a leanas:

    (a)grúpa eintiteas dlíthiúil faoi réir comhdhlúthú stuamachta i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2013/575;

    (b)grúpa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE.

    4.Ní dhéanfaidh an tionscnóir fálú faoi dhó ar riosca creidmheasa neamhchosaintí foluiteacha an idirbhirt.

    5.Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa comhlíonfar na rialacha maidir le maolú riosca creidmheasa a leagtar síos in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 2013/575, nó, i gcás nárbh infheidhme an tAirteagal sin, comhlíonfar ceanglais atá chomh docht céanna le ceanglais an Airteagail sin.

    6.Soláthróidh an tionscnóir uiríll agus barántaí gur comhlíonadh na ceanglais seo a leanas:

    (b)maidir le teidlíocht dhlíthiúil iomlán agus bhailí chun na neamhchosaintí foluiteacha agus chun na cearta coimhdeacha comhlachaithe a ghabhann leo, is ag an tionscnóir nó ag eintiteas an ghrúpa a mbaineann an tionscnóir leis atá an teidlíocht sin;

    (c)i gcás inar institiúid chreidmheasa é an tionscnóir mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó i gcás inar gnóthas árachais é mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE, coinníonn an tionscnóir, nó eintiteas a áirítear ar raon feidhme na maoirseachta ar bhonn comhdhlúite, riosca creidmheasa na neamhchosaintí ar a chlár comhardaithe;

    (d)gach neamhchosaint fholuiteach, ar an dáta a áirítear é ar an bpunann urrúsuithe, comhlíonann sé na critéir incháilitheachta agus na coinníollacha uile, cé is moite de theagmhas creidmheasa a tharlaíonn dá dtagraítear in Airteagal 26e, le haghaidh íocaíocht cosanta creidmheasa;

    (e)chomh fada agus is eol don tionscnóir, sa chonradh maidir le gach neamhchosaint fholuiteach tá d'oibleagáid dhlithiúil bhailí cheangailteach infhorfheidhmithe ar an oibleagáideoir na suimeanna airgid a íoc a shonraítear sa chonradh sin;

    (f)déanann na neamhchosaintí foluiteacha critéir fhrithgheallta a chomhlíonadh atá chomh docht céanna le critéir fhrithgheallta chaighdeánacha a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm ar neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe;

    (g)chomh fada agus is eol don tionscnóir, níl sárú ábhartha déanta ag aon duine de na hoibleagáideoirí ar aon oibleagáid a bhí orthu ná níl aon mhainneachtain déanta aige i leith neamhchosaint fholuiteach ar an dáta a ndéantar an neamhchosaint fholuiteach sin a chur san áireamh sa phunann urrúsaithe;

    (h)chomh fada agus is eol don tionscnóir, níl i ndoiciméadacht an idirbhirt aon fhaisnéis bhréagach maidir le sonraí na neamhchosaintí foluiteacha;

    (i)ar dháta dhúnta an idirbhirt nó nuair a chuirtear san áireamh an neamhchosaint fholuiteach sa phunann urrúsaithe, níl aon leasú déanta ar an gconradh idir an toibleagáideoir agus an tiasachtóir bunaidh maidir leis an neamhchosaint fholuiteach sin, leasú a mbeadh éifeacht aige ar infhorfheidhmitheacht nó inbhailitheacht na neamhchosaintí foluiteacha sin.

    7.Comhlíonfaidh na neamhchosaintí foluiteacha critéir incháilitheachta a bheidh réamhdhearbhaithe, soiléir agus doiciméadaithe, critéir nach gceadaítear leo bainistiú gníomhach punainne a dhéanamh ar na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach.

    Chun críocha na míre sin, , maidir le hionadú neamhchosaintí foluiteacha a sháraíonn uiríll nó barántaí nó, i gcás inar áirítear leis an urrúsú tréimhse athshlánaithe, maidir le neamhchosaintí a bheith curtha isteach a chomhlíonann na coinníollacha athshlánaithe sainnithe, ní mheasfar mar bhainistiú gníomhach punainne an dá rud sin.

    Aon neamhchosaint a chuirtear san áireamh i ndiaidh an dáta dheiridh le haghaidh an idirbhirt, comhlíonfaidh sí critéir incháilitheachta atá chomh docht leis na critéir a chuirtear i bhfeidhm le linn roghnú tosaigh na neamhchosaintí foluiteacha.

    Féadfar neamhchosaint fholuiteach a bhaint den idirbheart sna cásanna seo a leanas maidir leis an neamhchosaint fholuiteach sin:

    (j)aisíocadh í nó tá an dáta aibíochta istigh ar bhealach eile;

    (k)rinneadh í a dhúscairt le linn gnáthoibre an tionscnóra, ar choinníoll nach é atá sa dúscairt sin tacaíocht intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 250 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (l)tá an neamhchosaint fholuiteach faoi réir leasaithe nach bhfuil faoi thionchar iasachtaí, amhail fiacha a athmhaoiniú nó athstruchtúrú fiachais, agus ar leasú é a tharlaíonn le linn ghnáthchúrsa seirbhísiú na neamhchosanta foluití;

    (m)níor comhlíonadh léi na critéir incháilitheachta tráth a cuireadh san áireamh leis an idirbheart í.

    8.Beidh an turrúsú bunaithe ar chomhthiomsú neamhchosaintí foluiteacha atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainní de, agus ag cur san áireamh na saintréithe sonracha a bhaineann le sreafaí airgid an chineáil sócmhainne, agus a saintréithe conarthacha, riosca creidmheasa agus réamhíocaíochta á gcur san áireamh. Is aon chineál amháin sócmhainne a bheidh i gcomhthiomsú sócmhainní.

    Sna neamhchosaintí foluiteacha, beidh oibleagáidí atá ceangailteach agus infhorfheidhmithe de réir conartha, ar féidir leo dul ar iontaoibh féichiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ráthóirí.

    Beidh sruthanna íocaíochta tréimhsiúla sainithe ag na neamhchosaintí foluiteacha ar féidir méid inathraitheach a bheith ina dtráthchodanna maidir le híocaíochtaí cíosa, príomhshuime nó úis, nó maidir le haon cheart eile chun ioncam a fháil ó shócmhainní a thacaíonn leis na híocaíochtaí sin. Féadfaidh na neamhchosaintí bunúsacha fáltais a ghiniúint ó dhíol aon sócmhainní maoinithe nó léasaithe.

    Ní áireofar urrúis inaistrithe ar na neamhchosaintí foluiteacha, mar a shainítear i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, cé is moite de bhannaí corparáideacha, nach liostaítear ar ionad trádála iad.

    9.Ní áireofar aon suíomhanna urrúsúcháin sna neamhchosaintí foluiteacha.

    10.Maidir leis na caighdeáin frithgheallta a ngintear na neamhchosaintí foluiteacha dá mbun agus aon athruithe ábhartha a dhéantar orthu ó na caighdeáin frithgheallta a bhí ann roimhe sin, nochtfar go hiomlán do na hinfheisteoirí ionchasacha iad gan moill mhíchuí. Frithgheallfar na neamhchosaintí foluiteacha agus féadfar dul ar iontaoibh iomlán oibleagáideora nach SSPE é. Ní bheidh baint ag aon tríú páirtí le cinntí maidir le creidmheas ná le frithghealladh i dtaca leis na neamhcosaintí foluiteacha.

    I gcás urrúsuithe inar iasachtaí cónaithe iad a neamhchosaintí foluiteacha, ní bheidh san áireamh sa chomhthiomsú iasachtaí aon iasacht a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht, nó, i gcás inarb infheidhme, d’idirghabhálaithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a soláthraíodh fíoraithe ag an iasachtóir.

    Beidh measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE nó i mír 1 go mír 4, pointe (a) de mhír 5, agus i mír 6 d’Airteagal 18 de Threoir 2014/17/AE nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha.

    Beidh taithí ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh ar neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil le neamhchosaintí a ndearnadh urrúsú orthu.

    11.Ní bheidh san áireamh leis na neamhchosaintí foluiteacha, tráth a roghnófar na neamhchosaintí sin, neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná aon neamhchosaintí ar fhéichiúnaí ná ar ráthóir lagchreidmheasa a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:

    (n)dearbhaíodh go raibh sé dócmhainneach nó dheonaigh cúirt ceart críochnaitheach, neamhinachomhairc forfheidhmithe nó damáistí airgid dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé sna trí bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi phróiseas athstruchtúraithe fiachais é i ndáil lena neamhchosaintí neamhthuillmheacha sna trí bliana roimh an dáta a ndearnadh na neamhchosaintí foluiteacha a roghnú, ach amháin más rud é:

    (i) ní bheidh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint athstruchtúraithe fholuiteach ón dáta a ndearnadh an tathstruchtúrú, ar athstruchtúrú é ar gá a bheith déanta ar a laghad aon bhliain amháin roimh an dáta ar roghnaíodh na neamhchosaintí foluiteacha;

    (ii) leagtar amach go soiléir san fhaisnéis a sholáthraíonn an tionscnóir, i gcomhréir le pointe (a) agus (e)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), an cion neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus sonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;

    (o)bhí sé, tráth thionscanta na neamhchosaint fholuiteach, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach ann d'aon chlár poiblí creidmheasa den sórt sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh;

    (p)tugann an measúnú ar a chreidmheas nó a scór creidmheasa le fios go bhfuil an riosca nach níocfaí íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha cuid mhaith níos airde ina chássa ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra agus nach bhfuil urrúsaithe.

    12.Beidh ar a laghad íocaíocht amháin déanta ag na féichiúnaithe tráth a ndéantar na neamhchosaintí a chur san áireamh, ach amháin más rud é:

    (q)gur urrúsú imrothlach é an turrúsú atá bunaithe ar neamhchosaintí atá iníoctha in aon tráthchuid amháin nó i gcás gur lú ná bliain amháin a naibíocht, íocaíochtaí míosúla gan teorannú le haghaidh creidmheasanna imrothlacha san áireamh;

    (r)an neamhchosaint atá ina athmhaoiniú ar neamhchosaint a cuireadh san áireamh san idibheart cheana féin.

    13.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú breise a dhéanamh ar cé na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear i mír 8, a mheastar gur neamhchosainti aonchineálacha iad.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Airteagal 26 c

    Ceanglais maidir le caighdeánú

    1.Comhlíonfaidh an tionscnóir nó an tiasachtóir bunaidh an ceanglas maidir le coinneáil riosca i gcomhréir le hAirteagal 6.

    2.Tuairisceofar i ndoiciméadacht an idirbhirt an ráta úis agus na riosca airgeadra a eascraíonn as an urrúsú agus na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith acu ar íocaíochtaí a dhéanfar don tionscnóir agus do na hinfheisteoirí. Déanfar na rioscaí sin a mhaolú go hiomchuí agus nochtfar aon bhearta a ghlacfar chuige sin. Aon chomhthaobhacht lena ndaingnítear oibleagáidí an infheisteora faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa, ainmneofar an chomhthaobhacht sin san airgeadra céanna ina nainmneofar an íocaíocht cosanta creidmheasa.

    I gcás ina mbainfidh urrúsú úsáid as SSPE, an méid dliteanas SSPE i dtaca le híocaíochtaí úis d'infheisteoirí beidh sé, tráth ar bith, cothrom le méid ioncam SSPE ón tionscnóir agus aon socruithe comhthaobhachta nó níos lú ná an méid sin.

    Ach amháin chun críocha riosca maidir leis an ráta úis a fhálú nó riosca airgeadra na neamhchosaintí foluiteacha, ní chuirfear díorthaigh san áireamh le punann na neamhchosaintí foluiteacha. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

    3.Maidir le haon íocaíochtaí ráta úis dá dtagraítear i dtaca leis an idirbheart, bunófar na híocaíochtaí sin ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (s)rátaí úis a úsáidtear sna margaí i gcoitinne, nó rátaí earnála a úsáidtear go ginearálta lena léirítear costais a bhaineann le cistí, agus ní thagróidh siad d’fhoirmlí ná do dhíorthaigh chasta;

    (t)ioncam a ghintear leis an gcomhthaobhacht lena dhaingnítear oibleagáidí an infheisteora faoin gcomhaontú cosanta.

    Maidir le haon íocaíochtaí úis dlite dá dtagraítear faoi na neamhchosaintí foluiteacha, bunófar na híocaíochtaí sin ar rátaí úis a úsáidtear sna margaí i gcoitinne nó ar rátaí earnála a úsáidtear go ginearálta, lena léirítear na costais a bhaineann le cistí agus ní thagróidh siad d’fhoirmlí ná do dhíorthaigh chasta.

    4.Tar éis do theagmhas forfheidhmithe tarlú i leith an tionscnóra, ceadófar don infheisteoir gníomhaíocht forfheidhmithe a dhéanamh, an comhaontú cosanta creidmheasa a fhoirceannadh nó an dá rud a dhéanamh.

    I gcás ina mbainfidh urrúsú úsáid as SSPE, nuair a sheachadfar fógra um fhorfheidhmiú nó fógra um fhoirceannadh maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, ní dhéanfar aon suim airgid a ghaistiú sa SSPE thar a bhfuil riachtanach chun feidhmiú oibríochtúil an SSPE sin a áirithiú, íocaíocht na híocaíochtaí cosanta le haghaidh neamhchosaintí foluiteacha ar mainneachtain atáthar fós á n‑oibriú amach tráth an fhoirceanta, nó aisíocaíocht ordúil na n‑infheisteoirí i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe.

    5.Leithdháilfear caillteanais ar shealbhóirí suíomh urrúsúcháin in ord shinsearacht na dtráinsí, ag tosú leis an tráinse is sóisearaí.

    Cuirfear i bhfeidhm amúchadh seicheamhach ar gach tráinse chun an méid gan íoc maidir le gach tráinse ag gach dáta íocaíochta a chinneadh, ag tosú leis an tráinse is sinsearaí.

    Na hidirbhearta a bhfuil amúchadh neamhsheicheamhach ina ghné díobh, beidh truicir acu a bhaineann le feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha lena n‑athrófar an t‑amúchadh ina amúchadh seicheamhach de réir ord sinsearachta. Cuirfear san áireamh leis na truicir sin a bhaineann leis an bhfeidhmíocht, titim i gcáilíocht chreidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha faoi bhun tairseach réamhshocraithe.

    De réir mar a amúchfaidh tráinsí, tabharfar ar ais do na hinfheisteoirí méid áirithe na comhthaobhachta atá cothrom le méid amúchadh na dtráinse sin, ar choinníoll go bhfuil na tráinsí sin comhthaobhaithe ag na hinfheisteoirí.

    I gcás ina dtarlaíonn teagmhas creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 26e maidir le neamhchosaintí foluiteacha agus nach gcuirtear i gcrích próiseas maidir le fiachais a oibriú amach le haghaidh na neamhchosaintí sin, beidh méid na cosanta creidmheasa atá fágtha ar aon dáta íocaíochta ar a laghad cothrom leis an méid barúlach atá gan íoc ar na neamhchosaintí foluiteacha, lúide méid aon íocaíochta eatramhaí a dhéanfar maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha sin.

    6.Cuirfear san áireamh le doiciméadacht an idirbhirt truicir iomchuí luathamúchta maidir leis an tréimhse imrothlach a fhoircheannadh, i gcás inar urrúsú imrothlach é an turrúsú, lena náirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

    (a)meath ar cháilíocht chreidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha go tairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin;

    (b)méadú ar chaillteanais os cionn tairseach réamhshocraithe;

    (c)má mhainnítear neamhchosaintí foluiteacha nua leordhóthanacha a ghiniúint atá i gcomhréir leis an gcritéir incháilitheachta réamhshocraithe laistigh de tréimhse sonraithe.

    7.Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt:

    (d)oibleagáidí, dualgais agus freagrachtaí conarthacha an tseirbhíseora, an iontaobhaí, na soláthraithe fosheirbhíse eile nó an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 26e(4), mar is infheidhme;

    (e)na forálacha lena náirithítear ionadú ar an seirbhíseoir, ar an iontaobhaí, ar na soláthraithe fosheirbhíse eile nó ar an ngníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 26e(4) i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta ceachtar de na soláthraithe seirbhíse, ar bhealach nach gcuirfear deireadh le soláthar na seirbhísí sin;

    (f)na nósanna imeachta seirbhísithe a chuirfear i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha ag an dáta deiridh agus na cúinsí faoina bhféadtar na nósanna imeachta sin a mhodhnú;

    (g)na caighdeáin seirbhísithe a mbeidh sé d'oibleagáid ar an seirbhíseoir a chomhlíonadh i seirbhísiú na neamhchosaintí foluiteacha laistigh d'aibíocht iomlán an urrúsaithe.

    8.Beidh saineolas ag an seirbhíseoir ar neamhchosaintí a sheirbhísiú atá comhchosúil leis na neamhchosaintí a ndéantar urrúsú orthu agus beidh aige beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca dea-dhoiciméadaithe leordhóthanacha maidir le neamhchosaintí a sheirbhísiú.

    Cuirfidh an seirbhíseoir i bhfeidhm nósanna imeachta maidir le seirbhísiú ar neamhchosaintí foluiteacha atá chomh docht céanna leis na nósanna imeachta atá á gcur i bhfeidhm ag an tionscnóir ar neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe.

    9.Coinneoidh an tionscnóir ar bun clár tagartha cothrom le dáta chun na neamhchosaintí foluiteacha a shainaithint aon tráth. Déanfar leis an gclár sin na hoibleagáideoirí tagartha a shainaithint, na hoibleagáidí tagartha as a neascraíonn na neamhchosaintí foluiteacha, agus, le haghaidh gach neamhchosaint fholuiteach, an méid barúlach atá cosanta agus an méid atá gan íoc.

    10.Beidh forálacha soiléire i ndoiciméadacht an idirbhirt a éascóidh réiteach tráthúil coinbhleachtaí idir cineálacha éagsúla infheisteoirí. I gcás ina mbainfidh urrúsú úsáid as SSPE, beidh cearta vótála sainithe go soiléir ann agus leithdháilte ar shealbhóirí bannaí agus beidh freagrachtaí an iontaobhaí agus eintiteas eile a bhfuil cúraimí muiníneacha orthu i leith infheisteoirí sainaitheanta ann freisin.

    Airteagal 26 d

    Ceanglais maidir le trédhearcacht

    1.Sula ndéanfar praghsáil, cuirfidh an tionscnóir sonraí statacha agus dinimiciúla maidir le feidhmíocht stairiúil i dtaobh mainneachtana agus caillteanais ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha, amhail sonraí ar fhaillí agus mainneachtain, sonraí a bhaineann le neamhchosaintí atá comhchosúil go mór leis na neamhchosaintí atá á nurrúsú, chomh maith le foinsí na sonraí sin agus an bunús atá leis an dearbhú go bhfuil comhchosúlacht ann. Cumhdóidh na sonraí sin tréimhse 5 bliana ar a laghad.

    2.Beidh sampla de na neamhchosaintí foluiteacha faoi réir fíorú seachtrach á dhéanamh ag páirtí neamhspleách iomchuí sula ndúnfar an tidirbheart, lena náirítear fíorú go bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha incháilithe le haghaidh cosaint creidmheasa faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa.

    3.Sula ndéanfar an turrúsú a phraghsáil, cuirfidh an tionscnóir ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha samhail i gcomhair sreabhadh airgid dliteanais lena léirítear go cruinn an gaol conarthach idir na neamhchosaintí foluiteacha agus na híocaíochtaí a aistrítear idir an tionscnóir, infheisteoirí, tríú páirtithe eile agus, i gcás inarb infheidhme, an SSPE, agus i ndiaidh na praghsála cuirfidh an tionscnóir an tsamhail sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn leanúnach agus d’infheisteoirí ionchasacha nuair a iarrtar sin.

    4.I gcás urrúsú inarb iasachtaí cónaithe iad na neamhchosaintí foluiteacha nó iasachtaí nó léasanna gluaisteán, foilseoidh an tionscnóir an fhaisnéis atá ar fáil maidir le feidhmíocht chomhshaoil na sócmhainní a mhaoinítear leis na hiasachtaí cónaithe nó na hiasachtaí nó na léasanna gluaisteán sin, mar chuid den fhaisnéis a nochtar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1).

    5.Is ar an tionscnóir a bheidh sé de chúram a áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 7. An fhaisnéis a cheanglaítear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), cuirfear ar fáil í d’infheisteoirí ionchasacha roimh an bpraghsáil arna iarraidh sin acu. An fhaisnéis uile a cheanglaítear le pointí (b) agus (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), cuirfear ar fáil í roimh an bpraghsáil i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad. Cuirfear an doiciméadacht deiridh ar fáil do na hinfheisteoirí ar a dhéanaí 15 lá tar éis dhúnadh an idirbhirt.

    Airteagal 26 e

    Ceanglais maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, gníomhaire fíoraithe an tríú páirtí agus barrachas an raoin difríochta sintéiseach

    1.Riarfaidh an comhaontú cosanta creidmheasa ar na teagmhais chreidmheasa seo a leanas:

    (h)mainneachtain íocaíochta ag an oibleagáideoir foluiteach, lena náirítear an mhainneachtain dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (i)féimheacht an oibleagáideora fholuitigh, lena náirítear na gnéithe dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) d'Airteagal 178(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (j)i gcás comhaontú cosanta creidmheasa ar bhealach eile seachas ráthaíocht airgeadais, athstruchtúrú na neamhchosanta foluití, lena náirítear na gnéithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 178(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Déanfar gach teagmhas creidmheasa a dhoiciméadú.

    Bearta staonta, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, Cuid 30, míreanna 163 go 183, do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/227* ón gCoimisiún a chuirtear i bhfeidhm ar na neamhchosaintí foluiteacha, ní chuirfear leis na bearta staonta sin bac ar an truicear maidir le teagmhais chreidmheasa incháilithe.

    2.Ríomhfar íocaíocht na gcosanta creidmheasa tar éis do theagmhas creidmheasa tarlú bunaithe ar an gcaillteanas réadaithe iarbhír a d'fhulaing an tionscnóir nó an iasachtóir, arna oibriú amach i gcomhréir lena bheartais agus nósanna imeachta caighdeánacha maidir le haisghabháil le haghaidh cineálacha neamhchosaintí ábhartha agus arna thaifeadadh ina ráitis airgeadais tráth a dhéanfar an íocaíocht. Beidh an íocaíocht cosanta creidmheasa dheiridh iníoctha laistigh de thréimhse ama sonraithe tar éis dheireadh an phróisis um fhiachais a oibriú amach le haghaidh na neamhchosanta foluití ábhartha i gcás ina dtiocfaidh deireadh an phróisis um fhiachais a oibriú amach roimh aibíocht dhlíthiúil sceidealaithe an chomhaontaithe cosanta creidmheasa nó foirceannadh luath an chomhaontaithe cosanta creidmheasa.

    Déanfar íocaíocht cosanta creidmheasa eatramhach 6 mhí ar a dhéanaí tar éis do theagmhas chreidmheasa dá dtagraítear i mír 1 tarlú i gcásanna nach bhfuil an t‑oibriú amach fiachais maidir leis an neamhchosaint fholuiteach ábhartha curtha i gcrích faoi dheireadh na tréimhse 6 mhí sin. Is é a bheidh i méid na híocaíochta cosanta creidmheasa eatramhaí an ceann is airde, ar a laghad, de na nithe seo a leanas:

    (k)an laige a thaifeadfaidh an tionscnóir ina ráiteas airgeadais i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme tráth a dhéanfar an íocaíocht eatramhach;

    (l)i gcás inarb infheidhme, an Caillteanas i gCás Mainneachtana mar a chinnfear i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    I gcás ina ndéanfar íocaíocht cosanta creidmheasa, déanfar an íocaíocht cosanta creidmheasa dheiridh dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun an socrú maidir le caillteanais eatramhacha a choigeartú don caillteanas réadaithe iarbhír.

    Is sa chomhaontú cosanta creidmheasa a shonrófar an modh le haghaidh íocaíochtaí deiridh agus íocaíochtaí eatramhacha cosanta creidmheasa a ríomh.

    Beidh an íocaíocht cosanta creidmheasa comhréireach le sciar mhéid barúlach gan íoc na neamhchosanta foluití comhfhreagraí a chumhdófar leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa.

    Ceart an tionscnóra chun an íocaíocht cosanta creidmheasa a fháil, beidh sé infhorfheidhmithe. Leagfar amach go soiléir sa chomhaontú cosanta creidmheasa na méideanna iníoctha ag infheisteoirí faoin urrúsú agus beidh teorainn leis na méideanna sin. Féadfar na méideanna sin a ríomh in gach cás. Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa leagfar amach go soiléir na dálaí ina mbeidh ceanglas ar infheisteoirí íocaíochtaí a dhéanamh. Déanfaidh an gníomhaire tríú páirtí dá dtagraítear i mír 4 measúnú an ann do na dálaí sin.

    Ríomhfar méid na híocaíochta cosanta creidmheasa ar leibhéal na neamhchosanta foluití aonair a bhfuil teagmhas creidmheasa tar éis tarlú di.

    3.Sonrófar leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa an uastréimhse fhadaithe a bheidh i bhfeidhm le haghaidh an phróisis um fhiachais a oibriú amach i gcomhair neamhchosaintí foluiteacha ar tharla dóibh teagmhas creidmheasa, dá dtagraítear i mír 1, ach nach bhfuil an próiseas um fhiachais a oibriú amach curtha i gcrích tráth aibíocht dhlíthiúil sceidealaithe an chomhaontaithe cosanta creidmheasa nó tráth fhoireacannadh luath an chomhaontaithe cosanta creidmheasa. Ní bheidh tréimhse fhadaithe den chineál sin níos faide ná 2 bhliain. Forálfar leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa go ndéanfar íocaíocht cosanta creidmheasa dheiridh faoi dheireadh na tréimhse fadaithe sin ar bhonn an mheastacháin ar chaillteanas deiridh an tionscnóra arna thaifeadadh ag an tionscnóir ina ráitis airgeadais tráth an ama sin.

    I gcás fhoirceanta an chomhaontaithe cosanta creidmheasa, leanfar leis an bpróiseas um fhiachais a oibriú amach i dtaca le haon teagmhais chreidmheasa gan íoc a tharla roimh an bhfoirceannadh sin ar an gcaoi céanna agus a thuairiscítear sa chéad fhomhír.

    Déanfar na préimheanna cosanta creidmheasa atá le híoc faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a struchtúrú ag brath ar fheidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha agus freagróidh siad do riosca an tráinse cosanta. Chun na gcríoch sin, ní leagfar síos sa chomhaontú cosanta creidmheasa préimheanna ráthaithe, íocaíochtaí tosaigh préimheanna, sásraí lacáiste nó sásraí eile a d'fhéadfadh leithdháileadh iarbhír caillteanas ar infheisteoirí a sheachaint nó a laghdú nó sciar de na préimheanna íoctha a chuir ar ais chuig an tionscnóir tar éis aibíocht an idirbhirt.

    Tuairisceofar i ndoiciméadacht an idirbhirt an bealach a ríomhfar préimh na cosanta creidmheasa agus aon dearbháin nóta, más ann dóibh, i dtaca le gach dáta íocaíochta i saolré an urrúsaithe.

    Cearta na n‑infheisteoirí chun préimheanna cosanta creidmheasa a fháil, beidh siad infhorfheidhmithe.

    4.Ceapfaidh an tionscnóir gníomhaire fíoraithe tríú páirtí roimh dháta deiridh an idirbhirt. Déanfaidh gníomhaire fíoraithe an tríú páirtí an méid seo a leanas uile a fhíorú maidir le gach neamhchosaint fholuiteach a dtugtar fógra teagmhais creidmheasa ina leith:

    (m)gur teagmhas creidmheasa, mar a shonraítear i dtéarmaí an chomhaontaithe cosanta creidmheasa, atá sa teagmhas creidmheasa dá dtagraítear san fhógra teagmhais creidmheasa;

    (n)gur cuireadh an neamhchosaint fholuiteach san áireamh sa phunann tagartha tráth ar tharla an teagmhas creidmheasa lena mbaineann;

    (o)gur chomhlíon an neamhchosaint fholuiteach na critéir incháilitheachta tráth a cuireadh san áireamh í sa phunann thagartha;

    (p)i gcás inar cuireadh neamhchosaint fholuiteach le hurrúsú mar thoradh ar athlíonadh, gur chomhlíon an tathlíonadh sin coinníollacha an athlíonta;

    (q)go bhfuil méid an chaillteanais dheiridh comhsheasmhach leis na caillteanais a thaifead an tionscnóir ina ráiteas brabúis agus caillteanais;

    (r)tráth a ndéantar an íocaíocht chosanta creidmheasa dheiridh, go bhfuil na caillteanais maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha leithdháilte i gceart ar na hinfheisteoirí.

    Beidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na infheisteoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, ar an SSPE agus beidh glactha aige leis an gceapachán mar ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí faoin spriocdháta.

    Féadfaidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí an fíorú a dhéanamh ar bhonn sampla seachas ar bhonn gach neamhchosaint fholuiteach aonair dá n‑iarrtar íocaíocht cosanta creidmheasa. Féadfaidh infheisteoirí fíorú incháilitheachta aon neamhchosanta foluití faoi leith a iarraidh i gcás nach bhfuil siad sásta leis an bhfíorú ar bhonn sampla.

    San áireamh i ndoiciméadacht an idirbhirt, beidh gealltanas an tionscnóra go gcuirfidh sé ar fáil don ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí an fhaisnéis uile is gá chun na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír a fhíorú.

    5.Ní féidir le tionscnóir idirbheart a fhoircheannadh roimh aibíocht sceidealaithe an idirbhirt sin ar aon chúis eile seachas i gcás na dteagmhas seo a leanas:

    (s)dócmhainneacht an infheisteora;

    (t)mainneachtain an infheisteora aon suimeanna dlite faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a íoc nó sárú an infheisteora ar aon oibleagáid ábhartha a leagtar síos i ndoiciméid an idirbhirt;

    (u)teagmhais rialála ábhartha, lena náirítear:

    (i) athruithe ábhartha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, athruithe ábhartha curtha i bhfeidhm ag údaráis inniúla ar léirmhíniúcháin ar na dlíthe sin atá foilsithe go hoifigiúil, nó athruithe ábhartha ar láimhseáil an idirbhirt maidir le cánachas nó cuntasaíocht, athruithe a bhfuil éifeacht dhíobhálach ábhartha acu ar mhéid an chaipitil is gá don thionscnóir a bheith ina sheilbh aige i dtaca leis an urrúsú nó lena neamhchosaintí foluiteacha, agus é sin, i ngach cás, i gcomparáid lena rabhthas ag súil leis tráth a rinneadh an idirbheart agus nárbh fhéidir a bheith ag súil leis an tráth sin;

    (ii) cinneadh ó údarás inniúil nach bhfuil cead feasta ag tionscnóir ná nach bhfuil cead a thuilleadh aige, ná ag aon chleamhnaí de chuid an tionscnóra, aistriú riosca suntasach a aithint i gcomhréir le hAirteagal 245(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis an urrúsú;

    (v)feidhm a bhaint as an rogha chun an tidirbheart a ghlaoch tráth ar leith (glao-am), nuair a bheidh an tréimhse ama, arna thomhas ón dáta deiridh, cothrom le meánré ualaithe na punainne tagartha tosaigh ag am scoir nó níos mó ná sin;

    (w)feidhm a bhaint as céadrogha ar cheannach farasbairr mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 242 de Rialachán(AE) Uimhir 575/2013.

    Sonrófar le doiciméadacht an idirbhirt cibé an áirítear ar an idirbheart lena mbaineann aon cheann de na roghanna ar cheannach dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).

    Chun críche phointe (d), ní dhéanfar struchtúrú ar an glao-am ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa ná ar shuíomhanna eile atá ag infheisteoirí agus ní bheidh sé struchtúraithe ar bhealach ar bith eile chun feabhsú creidmheasa a sholáthar.

    6.Féadfaidh an tionscnóir barrachas an raoin difríochta sintéiseach a ghealladh, rud a bheidh ar fáil mar fheabhsú creidmheasa do na hinfheisteoirí, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (x)sonrófar i ndoiciméadacht an idirbhirt méid bharrachais an raoin difríochta sintéisigh a gheallann an tionscnóir chun úsáid mar fheabhsú creidmheasa ag gach tréimhse íocaíochta agus a shloinneann é mar chéatadán socraithe d'iarmhéid iomlán gan réiteach na punainne ag tús na tréimhse íocaíochta ábhartha (barrachas an raoin difríochta sintéiseach socraithe);

    (y)barrachas an raoin difríochta sintéiseach nach núsáidfear chun caillteanais chreidmheasa atá ann le linn thréimhse na híocaíochta a chumhdach, cuirfear ar ais chuig an tionscnóir é;

    (z)maidir le tionscnóirí a bhaineann úsáid as an gcur chuige bunaithe ar rátálacha inmheánacha (cur chuige IBR) dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an méid iomlán a ghealltar in aghaidh na bliana, ní bheidh sé níos airde ná méideanna ionchasacha an chaillteanais rialála aon bhliana ar an bpunann fholuiteach de neamhchosaintí foluiteacha, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 158 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (aa)maidir le tionscnóirí nach mbaineann úsáid as an gcur chuige bunaithe ar rátálacha inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfear go soiléir méid ionchasach an chaillteanais rialála aon bhliana i ndoiciméadacht an idirbhirt;

    (bb)sonraítear le doiciméadacht an idirbhirt na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin.

    7.Comhlíonfar leis na comhaontaithe cosanta creidmheasa ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

    (cc)ráthaíocht a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Chuid a Trí, Teideal II, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena naistrítear an riosca creidmheasa chuig aon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 214(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go bhfuil na neamhchosaintí i dtaca leis an infheisteoir incháilithe le haghaidh ualú riosca 0% faoi Chaibidil 2 de Chuid a Trí, Teideal II den Rialachán sin;

    (dd)ráthaíocht a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Chuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhaineann tairbhe as frithráthaíocht aon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír sin;

    (ee)cosaint chreidmheasa eile nach dtagraítear di i bpointí (a) agus (b) den mhír sin i bhfoirm ráthaíochtaí, díorthaigh chreidmheasa nó nótaí creidmheasa nasctha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go bhfuil oibleagáidí an infheisteora urrúsaithe ag comhthaobhacht a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i míreanna 9 agus 10 den Airteagal sin.

    8.Leis an gcosaint chreidmheasa eile dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 7, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

    (ff)is ceart infhorfheidhmithe é ceart an tionsncóra an chomhthaobhacht a úsáid chun oibleagáidí an infheisteora maidir le híocaíochtaí creidmheasa a chomhlíonadh, agus áiritheofar infhorfheidhmitheacht an chirt sin trí shocruithe comhthaobhachta iomhcuí;

    (gg)ceart infhorfheidhmithe is ea ceart na ninfheisteoirí, i gcás ina leachtaítear an turrúsú nó de réir mar a amúchtar na tráinsí, chun comhthaobhacht nár baineadh úsáid as a aisíoc d'fhonn íocaíochtaí cosanta a dhéanamh;

    (hh)i gcás ina ninfheistítear an chomhthaobhacht in urrúsuithe, leagtar amach le doiciméadacht an idirbhirt na critéir incháilitheachta agus an socrú coinneála le haghaidh na nurrúsuithe sin.

    Sonrófar le doiciméadacht an idirbhirt cibé an bhfuil infheisteoirí fós neamhchosanta ar riosca creidmheasa an tionscnóra.

    Gheobhaidh an tionscnóir tuairim ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhneofar in‑fhorfheidhmitheacht na cosanta creidmheasa i ngach dlínse ábhartha.

    9.I gcás ina bhforáiltear cosaint chreidmheasa eile i gcomhréir le pointe (c) de mhír (7) den Airteagal sin, rachaidh an tionscnóir ar iontaoibh comhthaobhachta ardcháilíochta, a bheidh i gceann amháin den dá rud a leanas:

    (ii)comhthaobhacht i bhfoirm urrúsaithe fiachais a bhfuil ualaich riosca 0 % orthu dá dtagraítear i gCaibidil 2, de Chuid a Trí, Teideal II, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (i)go bhfuil uastréimhse aibíochta trí mhí fós ag gabháil leis na hurrúsuithe fiachais sin a thagann leis na dátaí íocaíochta;

    (ii)gur féidir leis na hurrúsuithe fiachais sin a fhuascailt in airgead tirim i méid ar comhionann é le suim gan íoc an tráinse chosanta;

    (iii)go bhfuil na hurrúsuithe fiachais coimeádta ag coimeádaí atá neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí;

    (jj)comhthaobhacht i bhfoirm airgid thirim atá á coinneáil ag institiúid chreidmheasa tríú páirtí nó i bhfoirm airgid thirim atá i dtaisce leis an tionscnóir, faoi réir cáilíochta creidmheasa íosta céim 2 dá dtagraítear in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Chun críocha phointe (b), i gcás nach gcomhlíonann an institiúid chreidmheasa ná an tionscnóir cáilíocht chreidmheasa íosta céim 2, aistreofar an chomthaobhacht go pras go dtí institiúid chreidmheasa tríú páirtí a bhfuil cáilíocht chreidmheasa de chéim 2 nó níos airde aici nó déanfar an comhthaobhacht a infheistiú in urrúsuithe a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe (a) den mhír sin. Measfar na ceanglais a leagtar amach i bpointe (b) a bheith comhlíonta i gcás infheistíochtaí i nótaí creidmheasa nasctha a eisíonn an tionscnóir, i gcomhréir le hAirteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    ________________________________________

    *    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/227 ón gCoimisiún an 9 Eanáir 2015 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 48, 20.2.2015, lch. 1).”;

    (7)Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

    (a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i) sa chéad fhomhír:

    -    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    “Tabharfaidh an tionscnóir agus an t‑urraitheoir i gcomhpháirt fógra do ÚEUM trí bhíthin an teimpléid dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonann urrúsú ceanglais Airteagail 19 go 22 nó Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26b go 26e ('Fógra STS').”;

    -    cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

    “I gcás urrúsaithe laistigh den chlár comhardaithe, is é an tionscnóir, agus an tionscnóir amháin, a bheidh freagrach as an bhfógra.”;

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “San fhógra STS beidh míniú ón tionscnóir agus ón urraitheoir ar an gcaoi ar comhlíonadh gach ceann de na critéir STS a leagtar amach in Airteagail 20 go 22 nó in Airteagail 24 go 26 nó in Airteagail 26b go 26e.”;

    (b)leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)    sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    “Féadfaidh an tionscnóir, an t‑urraitheoir nó SSPE leas a bhaint as seirbhís thríú páirtí atá údaraithe faoi Airteagal 28 le seiceáil cibé an bhfuil Airteagail 19 go 22 nó Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26b go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsú.”;

    (ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den dara fomhír:

    “I gcás ina mbaineann an tionscnóir, an t‑urraitheoir nó SSPE leas as seirbhísí tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 chun a sheiceáil go bhfuil Airteagail 19 go 22 nó Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26b go 26e á gcomhlíonadh ag an urrúsú, beidh ráiteas san fhógra STS gur dheimhnigh an tríú páirtí údaraithe sin gur comhlíonadh na critéir STS.”;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.    Tabharfaidh an tionscnóir agus, i gcás inarb infheidhme, an t‑urraitheoir fógra láithreach do ÚEUM agus cuirfidh siad a n‑údarás inniúil ar an eolas i gcás nach gcomhlíonann urrúsú ceanglais Airteagail 19 go 22 ná Airteagail 23 go 26 ná Airteagail 26b go 26e a thuilleadh.”;

    (d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 5:

    “Ar a shuíomh gréasáin oifigiúil coimeádfaidh ÚEUM liosta de na hurrúsuithe go léir a bhfuil fógartha ag na tionscnóirí agus ag na hurraitheoirí ina leith go gcomhlíonann siad ceanglais Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26b go 26e.”.

    (e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír i mír 6:

    “Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].”;

    (f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír i mír 7:

    “Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].”;

    (8)In Airteagal 28(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    "1.    Údaróidh an t‑údarás inniúil do thríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 27(2) measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil na critéir STS dá bhforáiltear in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26b go 26e á gcomhlíonadh ag na hurrúsuithe.”;

    (9)in Airteagal 29(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

    “‘Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas maidir le hainmniú na n‑údarás inniúil de bhun na míre seo faoin […].”;

    (10)cuirtear fomhír (d) a leanas le hAirteagal 30(2):

    ‘(d) i gcás urrúsuithe laistigh den chlár comhardaithe STS, na próisis agus an sásra chun comhlíonadh Airteagail 26(b) go 26(e) a áirithiú.’;

    (11)in Airteagal 32(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    ‘(e) ainmnítear urrúsú mar STS agus mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE an urrúsaithe sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22 nó Airteagail 23 go 26, nó Airteagail 26b go 26e a chomhlíonadh;”;

    (12)cuirtear Airteagal 43 a isteach mar a leanas:

    “Airteagal 43a

    Foráil idirthréimhseach maidir le hurrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe

    1. I dtaca le hurrúsuithe a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú cosanta creidmheasa ina leith roimh [dáta theacht i bhfeidhm], féadfaidh tionscnóirí agus SSPEnna an tainmniú “STS” nó “simplí trédhearcach caighdeánaithe” a úsáid nó ainmniú a thagraíonn go díreach nó go hindíreach do na téarmaí sin, i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 agus na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal sin, agus sa chás sin amháin, tráth a dtabharfar an fógra dá dtagraítear in Airteagal 27(1).

    2. Go dtí an lá a gcuirtear i bhfeidhm na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 27(6) agus, chun críocha na hoibleagáide a leagtar amach i bpointe (a) Airteagal 27(1), cuirfidh na tionscnóirí an fhaisnéis is gá ar fáil do ÚEUM i scríbhinn.”;

    (13)Scriostar Airteagal 45.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 – (IO L 347/35, 28.12.2017
    (2)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d'institiúidí creidmheasa agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus ar fhaireachán stuamachta ar institiúidí creidmheasa.
    (3)     https://ec.europa.eu/info/business‑economy-euro/economic-performance-and‑forecasts/economic-forecasts/summer-2020-economic-forecast‑deeper-recession‑wider-divergences_en .
    (4)     https://ec.europa.eu/info/files/200610-cmu-high‑level-forum-final-report_en .
    (5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig an nGrúpa Euro maidir le freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19, COM(2020) 112 final an 13.03.2020.
    (6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le freagairt ar an gCoróinvíreas - Gach Euro atá ar fáil a úsáid ar gach bealach is féidir chun beatha daoine agus slite beatha a chosaint, COM(2020) 143 final an 02.04.2020.
    (7)    Teachtaireacht Léiritheach ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na gcreataí cuntasaíochta agus stuamachta chun iasachtú bainc san Aontas Eorpach a éascú (Tacú le gnólachtaí agus teaghlaigh le linn COVID-19).
    (8)     https://www.consilium.europa.eu/en/press/press‑releases/2017/07/11/conclusions‑non‑performing-loans/ .
    (9)    Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích an 11 Deireadh Fómhair 2017.
    (10)     https://eba.europa.eu/eba-proposes‑framework-sts‑synthetic-securitisation .
    (11)     https://eba.europa.eu/eba-publishes‑opinion‑regulatory-treatment‑non‑performing-exposure-securitisations .
    (12) [1] COM/2020/456 final, 27.5.2020.
    (13)    Tuairim an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh go dtí an Coimisiún Eorpach maidir le Láimhseáil Rialála na nUrrúsuithe Neamhchosaintí Neamhthuillmheacha, EBA-OP-2019-13, Tuairim arna foilsiú an 23 Deireadh Fómhair 2019.
    (14)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
    Top