Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0146

    Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

    COM/2020/146 final

    An Bhruiséil,16.4.2020

    COM(2020) 146 final

    Togra le haghaidh

    CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE)1927/2006 1 (‘an Rialachán maidir le CED’).

    ACHOIMRE AR AN IARRATAS AGUS ANAILÍS

    Na príomhshonraí:

    Uimhir thagartha CED    CED/2020/000

    An Coimisiún Eorpach    Cúnamh teicniúil

    Caiteachas riaracháin: buiséad in EUR    345 000

    % caiteachas riaracháin (uasteorainn: 0,5 %)    0,19 %

    I gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED, féadfar uasmhéid 0,5 % den uasmhéid bliantúil a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

    Cúnamh teicniúil atá le cistiú agus miondealú na gcostas a mheastar a bheidh air

    1.Úsáidfear an ranníocaíocht le haghaidh costas a luaitear in Airteagal 11(1) agus (4) agus in Airteagal 12(2), (3), (4) den Rialachán maidir le CED, mar a shonraítear thíos.

    Tuairisc

    Costas iomlán
    (in EUR)

    Tacaíocht riaracháin

    210 000

    Tacaíocht theicniúil

    135 000

    Costas measta iomlán

    345 000

    2.Tacaíocht riaracháin:

    ·Beidh a dhá chruinniú rialta á dtionól ag Sainghrúpa Daoine Teagmhála CED (sa dara leath de 2020 agus sa chéad leath de 2021), agus beidh comhalta i láthair ó gach Ballstát.

    ·Chun líonrú a chur chun cinn i measc na mBallstát, eagróidh an Coimisiún dhá sheimineár le rannpháirtíocht comhlachtaí cur chun feidhme CED agus a chuid comhpháirtithe sóisialta. Déanfar iarracht iad sin a sceidealú thart ar na dátaí ar a mbeidh an dá chruinniú de chuid an tSainghrúpa. Díreofar sna seimineáir sin ar an meastóireacht ex post CED agus ar chur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin maidir le CED tar éis 2020.

    ·Gníomhaíochtaí faisnéise. An suíomh gréasáin a bhaineann le CED 2 , a bhunaigh an Coimisiún sa réimse Fostaíochta, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsithe, agus atá á chothabháil aige mar a cheanglaítear le hAirteagal 12(2) den Rialachán maidir le CED, déanfar é a nuashonrú agus a leathnú go rialta, agus aistreofar gach eilimint nua isteach i dteangacha uile an Aontais. Déanfar an fheasacht ghinearálta faoi CED a mhéadú agus cuirfear a infheictheacht chun cinn. Cumhdófar CED i bhfoilseacháin éagsúla de chuid an Choimisiúin agus i ngníomhaíochtaí closamhairc dá bhforáiltear in Airteagal 11(4) den Rialachán maidir le CED.

    3.Tacaíocht theicniúil: 

    ·Córas um malartú sonraí leictreonacha a chothabháil agus a nuashonrú. Tá an Coimisiún ag leanúint dá chuid oibre ar nósanna imeachta caighdeánaithe maidir le hiarratais ar CED agus bainistíocht CED, agus úsáid á baint aige as feidhmiúlachtaí an Chomhchórais um Bainistíocht Cistí Comhroinnte (SFC). A bhuí leis sin, táthar in ann iarratais faoin Rialachán maidir le CED a shimpliú, an phróiseáil a bhaineann leo a luathú agus táthar in ann tuarascálacha a bhaint astu ar bhonn níos fusa le haghaidh riachtanais éagsúla. Tá comhéadan SFC ina chúnamh chun oibríochtaí airgeadais CED a éascú freisin.

    ·Comhéadan do na blianta tar éis 2020 a fhorbairt in SFC, rud a mbeidh cistí breise ag teastáil chuige chun feidhmiúlachtaí nua a chruthú agus chun coigeartuithe a dhéanamh i dtaca leis na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán maidir le CED tar éis 2020.

    ·Faireachán agus bailiú sonraí. Déanfaidh an Coimisiún sonraí a bhailiú maidir le hiarratais a fuarthas, a íocadh agus a fhoirceannadh, agus maidir le bearta atá beartaithe agus curtha chun feidhme. Cuirfear na sonraí sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh agus tiomsófar iad i bhfoirm iomchuí le haghaidh Thuarascálacha Débhliantúla 2021.

    Maoiniú

    4.Is é EUR 150 milliún an tuasbhuiséad bliantúil le haghaidh CED in 2020 de réir phraghsanna 2011 (EUR 179 264 000 de réir phraghsanna 2020), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 3 .

    5.Luaitear go sonrach in Airteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED gur féidir 0,5 % den mhéid sin a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. Faoi láthair, tá an méid iomlán le haghaidh 2020 ar fáil go fóill; ní dhearnadh aon chuid de a shannadh don chúnamh teicniúil. Tá an méid atá beartaithe cothrom le 0,19 % den uasbhuiséad bliantúil atá ar fáil le haghaidh CED in 2020.

    6.An cinneadh atá beartaithe CED a shlógadh, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh sin i gcomhar le chéile, mar a leagtar síos i bpointe 13 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais 4 .

    Gníomhartha gaolmhara

    7.An tráth céanna a thíolacfaidh an Coimisiún an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, déanfaidh sé togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le EUR 345 000 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.

    Foinse leithreasaí íocaíochtaí

    8.Úsáidfear leithreasuithe as líne bhuiséadach CED chun an méid is gá a chumhdach le haghaidh cúnamh teicniúil, is é sin EUR 345 000.

    Togra le haghaidh

    CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) 1927/2006 5 , agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

    Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais 6 , agus go háirithe pointe 13 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíochtaí i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hathimeascadh na noibrithe sin sa mhargadh saothair.

    (2)Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 7 .

    (3)Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 go bhféadfar uasmhéid 0,5 % d’uasmhéid bliantúil CED a úsáid gach bliain le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

    (4)Ba cheart CED a shlógadh, dá bhrí sin, chun an tsuim EUR 345 000 a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

    (5)Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun an tsuim EUR 345 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha] 8*

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
    (2)     http://ec.europa.eu/egf  
    (3)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
    (4)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
    (5)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
    (6)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
    (7)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020, (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
    (8) *    An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilsítear san IO é.
    Top