Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0141

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 i ndáil le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim COVID-19

    COM/2020/141 final

    An Bhruiséil,2.4.2020

    COM(2020) 141 final

    2020/0058(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 i ndáil le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim COVID-19


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Tá éifeachtaí díreacha agus indíreacha ráig COVID-19 fós ag dul i méid sna Ballstáit uile. Cás nach bhfacthas a leithéid riamh is ea an cás reatha agus ní mór bearta eisceachtúla a chur i bhfeidhm a bheidh curtha in oiriúint don chás sin.

    Leis an chéad leagan den “Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas” (CRII), pacáiste beart a bheartaigh an Coimisiún an 13 Márta 2020, tugadh isteach roinnt athruithe tábhachtacha lenar féidir freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar an gcás reatha.

    Bhí an tionscnamh sin dírithe ar infheistíochtaí a chur chun cinn trí chúlchistí airgid atá ar fáil i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) a shlógadh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim láithreach, chomh maith le bearta comhlántacha ina dhiaidh sin mar a mholtar faoin Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus. Mar sin féin, tá gá le bearta breise, lena n‑áirítear i réimsí beartais eile, go háirithe chun na daoine is leochailí a chosaint.

    Dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh is ea géarchéim an choróinvíris le haghaidh na n‑oibríochtaí agus an tseachadta chuig na daoine is díothaí lena dtacaíonn an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD).

    Thar aon ní eile, tá rioscaí sonracha i leith na ndaoine is díothaí ag baint leis an ngéarchéim, atá i measc na ndaoine is leochailí inár sochaithe. Dá bhrí sin, ní mór bearta sonracha a dhéanamh go práinneach chun na daoine sin a chosaint ar an ngalar agus chun a áirithiú go sroichfidh cúnamh FEAD iad go fóill, cuir i gcás tríd an trealamh cosanta is gá ar an ngalar a sholáthar. Na laincisí ó thaobh lóistíochta agus acmhainní daonna de atá ar dháileadh bia agus cúnaimh ábhartha bhunúsaigh agus ar thacaíocht cuimsithe shóisialta, tá siad ag dul i méid, go háirithe de bharr an ghaibhnithe agus an ghá phráinnigh le bearta scartha sóisialta a chur i bhfeidhm chun leathadh an víris a shrianadh. Tá neart oibrithe deonacha ann nach féidir a chur i mbun oibre a thuilleadh, oibrithe a bhfuil seasamh an Chiste orthu, toisc gur minic a bhaineann siad leis na grúpaí is mó atá i mbaol géarbhreoiteachta de dheasca COVID-19. Tá gá, mar sin féin, lena áirithiú go sroichfidh an tacaíocht sin na daoine is díothaí go fóill, e.g. trí mhodhanna nua seachadta lena n‑áiritheofar sábháilteacht na ndaoine uile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme FEAD agus sábháilteacht na ndaoine is díothaí.

    Ní mór mar sin, le Rialachán FEAD, é a chur ar a gcumas d'Údaráis Bhainistíochta, d'eagraíochtaí comhpháirtíochta agus do ghníomhaithe eile atá páirteach i gcur chun feidhme an Chiste freagra tapa a thabhairt ar riachtanais bhreise na spriocghrúpaí atá i mbaol tuilleadh cruatain arna eascairt as an ngéarchéim seo, riachtanais atá ag teacht chun cinn fós.

    Dá réir sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar Rialachán FEAD chun freagairt a thabhairt ar na dúshláin atá roimh údaráis phoiblí agus roimh eagraíochtaí comhpháirtíochta i leith chur chun feidhme FEAD le linn ráig COVID-19.

    I gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe i dtaca le Cistí SIE, tá sé beartaithe forálacha sonracha a thabhairt isteach lenar féidir leis na Ballstáit na bearta is gá a chur i bhfeidhm go tapa chun aghaidh a thabhairt ar an staid éigeandála seo. Ar nós an mhéid a moladh i dtaca le Cistí SIE, tá sé beartaithe go mbeidh an caiteachas le haghaidh na n‑oibríochtaí FEAD sin atá ag cothú acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéim ráig COVID-19 incháilithe ón 1 Feabhra 2020. Mar an gcéanna, tá sé beartaithe nach gceanglófar leasú ar ghnéithe áirithe den chlár oibríochtúil atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19 a fhormheas le cinneadh ón gCoimisiún. Thairis sin, tugtar isteach leis an togra an deis d'údaráis cúnamh bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sheachadadh trí bhíthin dearbhán leictreonach, toisc go laghdaíonn sé sin an baol éilithe le linn sheachadadh an bhia nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh.

    I dteannta na n‑athruithe sin, tá sé beartaithe freisin solúbthacht a thabhairt isteach maidir le hurramú ceanglas dlíthiúil áirithe le linn na tréimhse seo, ós tréimhse í nach bhfacthas a leithéid riamh. Tá sé beartaithe go heisceachtúil i gcás na bliana seo go gcuirfear síneadh leis an sprioc-am le haghaidh an Tuarascáil Bhliantúil ar Chur Chun Feidhme a chur isteach agus tá sé leagtha síos go soiléir go bhféadfaidh Ballstáit nósanna imeachta um rialú agus um iniúchadh a choigeartú le linn na ráige. Tá sé beartaithe freisin forálacha sonracha a thabhairt isteach maidir le hincháilitheacht costas arna thabhú ag tairbhithe i gcás ina mbeidh moill ar sheachadadh an bhia, an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh nó an chúnaimh shóisialta, agus i gcás oibríochtaí ar fionraí agus oibríochtaí nár cuireadh chun feidhme ina n‑iomláine.

    Ar deireadh, lena áirithiú go bhféadfar an tacaíocht uile ón gCiste a shlógadh chun éifeachtaí na géarchéime sláinte poiblí ar na daoine is díothaí a laghdú, mar bheart sealadach eisceachtúil, gan dochar do na rialacha a mbeadh feidhm leo faoi ghnáthdhálaí, is gá cead a thabhairt go sealadach cómhaoiniú 100 % a thabhairt as buiséad an Aontais.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra seo comhsheasmhach le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana, go háirithe le forálacha a mhol an Coimisiún i dtaca le Cistí SIE mar fhreagairt ar ráig COVID-19, mar chuid de CRII agus de CRII+.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra comhsheasmhach le tograí agus le tionscnaimh eile a ghlac an Coimisiún Eorpach, go háirithe le tograí a ghlac an Coimisiún i dtaca le Cistí SIE mar fhreagairt ar ráig COVID-19. Tá sé ina chuid den dara pacáiste reachtach a ghlac an Coimisiún, lena n‑áirítear tograí chun Rialachán na bhForálacha Coiteanna a leasú.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 175(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déantar foráil leis gur ceadmhach ráta cómhaoinithe 100 % a bheith ann go sealadach chomh maith le foráil maidir le soiléireacht i leith incháilitheacht caiteachais a ndéanann na bearta a cuireadh i bhfeidhm mar fhreagairt ar an ngéarchéim sláinte difear dó. Ar deireadh, maolaítear leis roinnt ceanglas ar na Ballstáit i gcás ina gcruthóidh na ceanglais sin ualaí riaracháin a bhféadfadh moill a chur ar chur chun feidhme beart um fhreagairt ar an ngéarchéim. Ní dhéanann na hathruithe eisceachtúla sin dochar do na rialacha a bhfuil feidhm leo faoi ghnáthdhálaí.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

    Comhréireacht

    Tá an togra comhréireach agus níl aon fhoráil ann nach bhfuil gá léi chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach. Tá sé teoranta do na leasuithe a mheastar a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag na Ballstáit le linn ghéarchéim COVID-19 i gcomhthéacs chur chun feidhme FEAD.

    An rogha ionstraime

    An ionstraim atá beartaithe: leasú ar an Rialachán atá ann faoi láthair.

    Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na ndeiseanna atá ann faoin gcreat dlíthiúil agus tá sé den tuairim gur gá Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    I bhfianaise dhálaí sonracha an togra seo, ní dhearnadh aon mheastóireacht ex post ná seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    I bhfianaise dálaí sonracha an togra seo, ní raibh aon chomhairliúchán ann le páirtithe leasmhara seachtracha.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid.

    Measúnú tionchair

    Neamhbhainteach.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Ní tionscnamh é seo atá faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT).

    Cearta bunúsacha

    Níl aon iarmhairt ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil maidir le gealltanais agus le híocaíochtaí de réir mar atá siad leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 223/2014. Níl aon athrú ar mhiondealú iomlán bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.    

    Éascóidh an togra luathú ar chur chun feidhme an chláir agus beidh tús-ualú na leithreasuithe íocaíochta ina dtoradh air.

    Déanfaidh an Coimisiún grinnfhaireachán ar thionchar an mhodhnaithe atá beartaithe ar leithreasuithe íocaíochta in 2020, agus cur chur chun feidhme an bhuiséid agus réamhaisnéisí atá leasaithe ag na Ballstáit araon á gcur san áireamh.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014.

    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

    Neamhbhainteach

    2020/0058 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 i ndáil le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim COVID-19

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(3) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 leagtar síos rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.

    (2)Chuaigh ráig COVID-19 i bhfeidhm ar na Ballstáit ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Baineann rioscaí níos airde leis an ngéarchéim do na daoine is leochailí, amhail na daoine is díothaí, agus, go háirithe, d'fhéadfadh sé an tacaíocht a sholáthraíonn an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí a chur i mbaol.

    (3)Chun foráil a dhéanamh d'fhreagairt láithreach ar thionchar na géarchéime ar na daoine is díothaí, ba cheart an caiteachas ar oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéim ráig COVID-19 a chothú a bheith incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

    (4)D'fhonn an tualach a mhaolú ar bhuiséid phoiblí atá ag tabhairt freagairt ar an ngéarchéim, ba cheart an deis eisceachtúil a thabhairt do na Ballstáit ráta cómhaoinithe 100 % a iarraidh le cur i bhfeidhm le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2020-2021, i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Bunaithe ar mheasúnú ar chur chun feidhme an ráta cómhaoinithe eisceachtúil sin, féadfaidh an Coimisiún leathnú ar an mbeart sin a bheartú.

    (5)Chun a áirithiú gur féidir na daoine is díothaí cúnamh a fháil fós ón gCiste i dtimpeallacht shábháilte, is gá foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht leordhóthanach do na Ballstáit chun na scéimeanna tacaíochta a mhodhnú don chomhthéacs reatha, lena náirítear trí scéimeanna seachadta malartacha a cheadú le dearbháin leictreonacha agus trí chead a thabhairt do na Ballstáit eilimintí áirithe den chlár oibríochtúil a leasú gan a cheangal gur gá é a ghlacadh le cinneadh ón gCoimisiún. Ionas nach gcuirfear isteach ar na scéimeanna seachadta traidisiúnta, ba cheart é a bheith indéanta freisin an tábhar agus an trealamh cosanta a sholáthar d'eagraíochtaí comhpháirtíochta atá lasmuigh den bhuiséad um chúnamh teicniúil.

    (6)Is iomchuí rialacha sonracha um chinneadh na gcostas incháilithe a iompróidh tairbhithe a leagan síos i gcás ina mbeidh moill ar oibríochtaí áirithe, nó ina mbeidh siad curtha ar fionraí nó nach gcuirfear chun feidhme iad go hiomlán mar gheall ar ráig COVID-19.

    (7)Chun é a chur ar chumas na mBallstát díriú ar bhearta a thabhairt isteach chun freagairt a thabhairt ar an ngéarchéim agus chun cur isteach ar sholáthar na tacaíochta do na daoine is díothaí mar gheall ar rioscaí éillithe a sheachaint, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha chun an tualach riaracháin ar údaráis a laghdú agus chun solúbthacht a chur ar fáil maidir le comhlíonadh ceanglas reachtach áirithe, maidir le faireachán agus le rialú agus iniúchadh go háirithe.

    (8)Ós rud é go bhfuil práinn leis na bearta sin chun cur chun feidhme éifeachtach an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí le linn ghéarchéim COVID-19 a thabhairt isteach, ba cheart an Rialachán sin a theacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (9)I bhfianaise ráig COVID-19 agus na práinne atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte phoiblí a bhaineann léi, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

    (10)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:

    (1)In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    4. Níl feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 chun críocha eilimintí de chlár oibríochtúil atá faoi fhoranna 3.5 agus 3.6 agus roinn 4 faoi seach, eilimintí de na teimpléid do chláir oibríochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó na heilimintí a leagtar amach i bpointe (a), (b), (c), (d), (e) agus (g) d'Airteagal 7(2) a mhodhnú i gcás ina modhnófar iad mar gheall ar an bhfreagairt ar an ngéarchéim ráig COVID-19.

    Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh na heilimintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhodhnú laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh sin. Sonrófar sa Chinneadh an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm, agus ní thiocfaidh sé i bhfeidhm sula nglacfar é.”

    (2)In Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    “De mhaolú ar an gcéad fhomhír, is é an 30 Meán Fómhair 2020 an spriocdháta chun an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme don bhliain 2019 a chur isteach.”

    (3)In Airteagal 20, cuirtear isteach an mhír seo a leanas :

    “1a    De mhaolú ar mhír 1, ar iarraidh ó Bhallstát, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas poiblí arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2020 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2021.

    Iarratais ar mhodhnú ar an ráta cómhaoinithe, déanfar iad tríd an nós imeachta maidir le cláir oibríochtúla a leasú a leagtar amach in Airteagal 9 agus beidh an clár athbhreithnithe ag gabháil leo. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má bhíonn an clár comhfhreagrach formheasta ag an gCoimisiún roimh an t‑iarratas críochnaitheach ar íocaíocht eatramhach a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 45(2) ar a dhéanaí.

    Sula gcuirfear an chéad iarratas ar íocaíocht isteach don bhliain chuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don tábla dá dtagraítear i roinn 5.1 de na teimpléid do chláir oibríochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I, lena ndeimhneofar an ráta cómhaoinithe ab infheidhme le linn na bliana cuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh 2020.”

    (4)In Airteagal 22(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    “De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh caiteachas ar oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéim ráig COVID-19 a chothú incháilithe ón 1 Feabhra 2020.”

    (5)In Airteagal 23, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “4a.    Is féidir an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar go díreach do na daoine is díothaí nó go hindíreach le dearbháin nó cártaí leictreonacha, ar choinníoll nach féidir iad a fhuascailt ach in aghaidh bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach, mar a leagtar amach in Airteagal 2(1).”

    (6)In Airteagal 26, leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a) na costais a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach agus na costais a bhaineann le hábhar agus trealamh cosanta pearsanta a cheannach d'eagraíochtaí comhpháirtíochta,”

    (2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c) na costais riaracháin, iompair agus stórála a iompróidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta ag ráta comhréidh 5 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a); nó 5 % de luach na dtáirgí bia arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;”

    (7)Cuirtear isteach an tAirteagal 26a, an tAirteagal 26b agus an tAirteagal 26c seo a leanas:

    “Airteagal 26a

    Incháilitheacht caiteachais ar oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Chlár Oibríochtúil I le linn dóibh a bheith ar fionraí mar gheall ar ráig COVID-19

    Ní thiocfaidh laghdú ar na costais incháilithe a iompróidh an comhlacht ceannaigh nó ar eagraíochtaí comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(2) de thoradh moilleanna ar sheachadadh bia/cúnaimh ábhartha bhunúsaigh mar gheall ar ráig COVID-19. Féadfar na costais seo a dhearbhú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 26(2) sula seachadfar an bia/cúnamh ábhartha bunúsach chuig na daoine is díothaí ar choinníoll go gcuirfear tús leis an seachadadh arís nuair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim COVID-19.

    I gcás ina mbeidh bia lofa mar gheall ar an seachadadh a bheith curtha ar fionraí de thoradh an ráig COVID-19, ní laghdófar na costais a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2 d'Airteagal 26.

    Airteagal 26b

       Incháilitheacht caiteachais ar oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Chlár Oibríochtúil I le linn dóibh a bheith ar fionraí mar gheall ar ráig COVID-19

    1.    Maidir le hoibríochtaí a bhfuil a gcur chun feidhme curtha ar fionraí mar gheall ar ráig COVID-19, féadfaidh Ballstát an caiteachas a tabhaíodh le linn dóibh a bheith ar fionraí a mheas mar chaiteachas incháilithe fiú murar soláthraíodh aon seirbhís, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha a leanas:

    (a)    go gcuirfear cur chun feidhme na hoibríochta ar fionraí tar éis an 31 Eanáir 2020;

    (b)    gurb í ráig COVID-19 is cúis leis an oibríocht a bheith ar fionraí;

    (c)    gur tabhaíodh an caiteachas agus gur íocadh as;

    (d)    gur fíorchostas don tairbhí é an caiteachas nach féidir a aisghabháil nó a chúiteamh; maidir le haisghabhálacha agus cúiteamh nach soláthraíonn an Ballstát, féadfaidh an Ballstát glacadh leis go léireofar comhlíonadh an choinníll sin le dearbhú ón tairbhí; bainfear aisghabhálacha agus cúiteamh den chaiteachas;

    (e)    go bhfuil an caiteachas teoranta do thréimhse na fionraí.

    2.    Maidir le hoibríochtaí ina dtugtar aisíocaíocht don tairbhí ar bhonn roghanna costas simplithe agus ina gcuirtear cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí is bonn le haisíocaíocht a chur i gcrích ar fionraí mar gheall ar ráig COVID-19, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann aisíocaíocht a thabhairt don tairbhí ar bhonn an aschuir beartaithe le haghaidh thréimhse na fionraí, fiú mura soláthrófar aon ghníomhaíocht, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha a leanas:

    (a)    go gcuirfear cur chun feidhme na n‑oibríochtaí ar fionraí tar éis an 31 Eanáir 2020;

    (b)    gurb í ráig COVID-19 is cúis leis na hoibríochtaí a bheith ar fionraí;

    (c)    go gcomhfhreagróidh na roghanna costas simplithe d'fhíorchostas a iompróidh an tairbhí, agus a léireoidh sé agus nach féidir a aisghabháil ná a chúiteamh; maidir le haisghabhálacha agus cúiteamh nach soláthraíonn an Ballstát, féadfaidh an Ballstát glacadh leis nach bhfuil aon aisghabhálacha ná aon chúiteamh ann ar bhonn dearbhú ón tairbhí; bainfear aisghabhálacha agus cúiteamh den mhéid a chomhfhreagraíonn don rogha chostais shimplithe;

    (d)    go mbeidh an aisíocaíocht leis an tairbhí teoranta do thréimhse na fionraí.

    Maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Ballstát aisíocaíocht a thabhairt don tairbhí ar bhonn na gcostas dá dtagraítear in Airteagal 25(1)(a) ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal sin.

    Má thugann Ballstát aisíocaíocht don tairbhí ar bhonn na dá rogha, áiritheoidh sé nach n‑aisíocfar an caiteachas ach aon uair amháin.

    Airteagal 26c

    Incháilitheacht caiteachais ar oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Chlár Oibríochtúil II nó faoi chúnamh teicniúil nach bhfuil curtha chun feidhme go hiomlán mar gheall ar ráig COVID-19

    1. Féadfaidh Ballstát an caiteachas ar oibríochtaí nach mbeidh curtha chun feidhme go hiomlán mar gheall ar ráig COVID-19 a mheas mar chaiteachas incháilithe, má chomhlíontar na coinníollacha carnacha a leanas:

    (a) go gcuirfear cur chun feidhme na hoibríochta ar ceal tar éis an 31 Eanáir 2020;

    (b) gurb í ráig COVID-19 is cúis leis an oibríocht a bheith ar ceal;

    (c) gur thabhaigh an tairbhí an caiteachas a tabhaíodh sular cuireadh an oibríocht ar ceal agus gur íoc sé as.

    2. Maidir le hoibríochtaí as a n‑aisíocfar tairbhí ar bhonn roghanna costas simplithe, féadfaidh Ballstát an caiteachas ar oibríochtaí nach bhfuil curtha chun feidhme go hiomlán mar gheall ar ráig COVID-19 a mheas mar chaiteachas incháilithe, má chomhlíontar na coinníollacha carnacha a leanas:

    (a)    go gcuirfear cur chun feidhme na hoibríochta ar ceal tar éis an 31 Eanáir 2020;

    (b)    gurb í ráig COVID-19 is cúis leis an oibríocht a bheith ar ceal;

    (c)    go mbeidh na gníomhaíochtaí a chumhdófar leis na roghanna costais simplithe curtha i gcrích, go páirteach ar a laghad, sula gcuirfear an oibríocht ar ceal.

    Maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Ballstát aisíocaíocht a thabhairt don tairbhí ar bhonn na gcostas dá dtagraítear in Airteagal 25(1)(a) ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal sin.

    Má thugann an Ballstát aisíocaíocht don tairbhí ar bhonn an dá rogha, áiritheoidh sé nach n‑aisíocfar an caiteachas céanna ach aon uair amháin.”

    (8)In Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “1a. Ar bhonn na hanailíse ar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit ceanglais níos boige maidir le rialú agus taifead iniúchóireachta a leagan síos maidir le dáileadh bia/cúnaimh ábhartha bhunúsaigh ar na daoine is díothaí le linn thréimhse ráig COVID-19.”

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

    1.3.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.4.Cuspóirí

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas

    3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear (AE) Uimh. 223/2014 i ndáil le tabhairt isteach beart sonrach chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 crisis

    1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 4  

    4 Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú

    04 06 - An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí

    04 06 01 – Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus na cineálacha bochtaineachta is measa san Aontas a mhaolú

    1.3.Teideal an togra/tionscnaimh

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 5  

     Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Neamhbhainteach

    1.4.2.Cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach Uimh.

    Neamhbhainteach

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Neamhbhainteach

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Neamhbhainteach

    1.4.4.Táscairí lena léirítear torthaí agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    Neamhbhainteach

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Neamhbhainteach

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

    Neamhbhainteach

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Neamhbhainteach

    1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Neamhbhainteach

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

       Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 01/07/2020 go dtí an 30/06/2021

       Tionchar airgeadais ó 2020 go 2024

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 6  

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí phoiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    Neamhbhainteach

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Neamhbhainteach

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.Na rioscaí a sainaithníodh

    Neamhbhainteach

    2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

    Neamhbhainteach

    2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

    Neamhbhainteach

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Neamhbhainteach

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas

    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    [Ceannteideal…]

    LD/LN 7 .

    ó thíortha de chuid CSTE 8

    ó thíortha is iarrthóirí 9

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    1 Fás Cliste agus Cuimsitheach

    04 06 01 – Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus na cineálacha bochtaineachta is measa san Aontas a mhaolú

    Difreáilte

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    ·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas

    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    [Ceannteideal………………………………………]

    LD/LN.

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    [XX.YY.YY.YY]

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas

    Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d'oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar atá siad leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 223/2014. Níl aon athrú á dhéanamh ar mhiondealú bliantúil iomlán na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí do CCEDD

    De bharr an togra, tabharfar tús áite do leithreasuithe íocaíochta le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tú an 1 Iúil 2020 agus dar deireadh an 30 Meitheamh 2021, de réir an mheastacháin thíos.

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas

    EUR milliúin de réir na bpraghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    Uimhir

    1b

    Fás Cliste agus Cuimsitheach

    Ard-Stiúrthóireacht: EMPL

    2020

    2021

    2022

    2023

    2024

    IOMLÁN

    • Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    1b: An comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

    An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí 

    Gealltanais

    04 06 01 – Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus na cineálacha bochtaineachta is measa san Aontas a mhaolú

    (1)



    Íocaíochtaí

    04 06 01 – Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus na cineálacha bochtaineachta is measa san Aontas a mhaolú

    (2)

    41,920

    25,200

    0,000

    -33,560

    -33,560

    0,00

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 10  

    Neamhbhainteach

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe
    do AS EMPL

    Gealltanais

    =1+1a +3

    Íocaíochtaí

    =2+2a

    +3

    41,920

    25,200

    0,000

    -33,560

    -33,560

    0,00



    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    41,920

    25,200

    0,000

    -33,560

    -33,560

    0,00

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 1b
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    41,920

    25,200

    0,000

    -33,560

    -33,560

    0,00

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    • IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
    den chreat airgeadais ilbhliantúil
    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    0

    0





    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    5

    "Caiteachas riaracháin"

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

    • Acmhainní daonna

    • Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

    Leithreasuithe

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2020

    2021

    2022

    2023

    2024

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    Íocaíochtaí

    41,920

    25,200

    0,000

    -33,560

    -33,560

    0,00

    3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas 11

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 12 ...

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    COSTAS IOMLÁN

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.Achoimre

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N 13

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 14
    of the multiannual financial framework

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    Fo-iomlán
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.    

    3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain N+2

    Bliain N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    • Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01 (Taighde indíreach

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 15

    XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

    XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 bb  16

    - sa cheanncheathrú

    - i dtoscaireachtaí

    XX 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

    10 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

       Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

       Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú a bhfuil meastachán air thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    ar acmhainní dílse

    ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 17

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imreofar tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    (1)    IO C , , lch. .
    (2)    IO C , , lch. .
    (3)    Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.03.2014, lch. 1).
    (4)    ABM: bainistíocht de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
    (5)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (6)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
    (7)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (8)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (9)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
    (10)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (11)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (12)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
    (13)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (14)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (15)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (16)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    (17)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top