EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0116

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste CCE arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Choiste CCE

COM/2020/116 final

An Bhruiséil,26.3.2020

COM(2020) 116 final

2020/0045(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste CCE arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Choiste CCE


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (‘CCE’ feasta) eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (‘an Coiste CCE’), i ndáil leis na Rialacha Nós Imeachta a bheartaítear a ghlacadh le haghaidh an Choiste CCE.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile

Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)Deis a thabhairt do Ghána leas a bhaint as an rochtain mhéadaithe ar an margadh arna deonú ag an Aontas faoi chuimsiú creata caibidlíochta CCE agus ar an gcaoi sin suaitheadh trádála idir Gána agus an tAontas a sheachaint nuair a thiocfaidh deireadh le córas trádála idirthréimhseach Chomhaontú Cotonou an 31 Nollaig 2007, go dtí go dtabharfar CCE iomlán i gcrích;

(b)Na forais a leagan síos chun CCE a chaibidliú a rannchuideoidh le laghdú na bochtaineachta, a chuirfidh an comhtháthú réigiúnach, an comhar eacnamaíoch agus an dea-rialachas chun cinn san Afraic Thiar agus a mhéadóidh cumas na hAfraice Thiar i réimsí an bheartais trádála agus na saincheisteanna a bhaineann le trádáil;

(c)Comhtháthú comhchuí Ghána sa gheilleagar domhanda de réir a chéile a chur chun cinn i gcomhréir lena roghanna polaitiúla agus tosaíochtaí forbartha;

(d)Na naisc atá ann cheana idir na Páirtithe a neartú ar bhonn na dlúthpháirtíochta agus an leasa fhrithpháirtigh;

(e)Comhaontú a chruthú a luífidh le hAirteagal XXIV de CGTT 1994.

Cuirfear an Comhaontú idir Gána, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, i bhfeidhm go sealadach ón 15 Nollaig 2016.

2.2.An Coiste CCE

Le hAirteagal 73 den Chomhaontú bunaítear an Coiste CCE agus foráiltear go bhfuil sé freagrach as na réimsí ar fad a chumhdaítear leis an gComhaontú a riar agus as na cúraimí ar fad a luaitear sa Chomhaontú a dhéanamh.

In Airteagal 73 den Chomhaontú foráiltear go n‑aontóidh na Páirtithe go gcloífidh comhdhéanamh, eagrú agus nós imeachta an Choiste CCE le prionsabal an chomhionannais. Cinnfidh an Coiste na rialacha maidir lena eagrú agus feidhmiú féin. Féadfar cruinnithe an Choiste CCE a oscailt do thríú páirtithe chomh maith. Féadfar cuireadh a thabhairt do Choimisiún Chomhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) freastal ar chruinnithe an Choiste CCE, de réir a nósanna imeachta inmheánacha.

In Airteagal 2 de na Rialacha Nós Imeachta atá le glacadh, léirítear go mbeidh an Coiste CCE comhdhéanta d’ionadaithe ón Aontas Eorpach agus ionadaithe ó Ghána, ar leibhéal na n‑airí agus na n‑oifigeach sinsearach.

In Airteagal 9 de na Rialacha Nós Imeachta atá le glacadh, foráiltear go nglacfaidh an Coiste CCE a chinntí agus a mholtaí de chomhthoil.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste CCE

Le linn an chéad leath de 2020, tá cinneadh maidir lena Rialacha Nós Imeachta le glacadh ag an gCoiste CCE (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é is aidhm don ghníomh atá beartaithe rialacha maidir le heagrú agus feidhmiú an Choiste CCE a leagan síos.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste CCE arna bhunú leis an gComhaontú, maidir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste CCE.

Phléigh na Páirtithe sa Chomhaontú na Rialacha Nós Imeachta atá beartaithe agus chomhaontaigh siad gur cheart don Choiste CCE na Rialacha Nós Imeachta sin a ghlacadh le linn an chéad leath de 2020, faoi réir nósanna imeachta cinnteoireachta an Aontais.

Tá substaint na Rialacha Nós Imeachta atá beartaithe cosúil leis na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann le comhaontuithe trádála eile de chuid an Aontais.

Tá na Rialacha Nós Imeachta bunriachtanach chun creat institiúideach an Chomhaontaithe a chríochnú agus, dá bhrí sin, chun cur chun feidhme rianúil an Chomhaontaithe a áirithiú.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí an nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

Déantar foráil, le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), maidir le cinntí lena leagfar síos “na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d'fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 1 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste CCE a bunaíodh le comhaontú, is é sin an CCE eatramhach idir an tAontas Eorpach agus Gána.

Is é atá sa ghníomh a iarrtar ar an gCoiste CCE a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis ós rud é go leagfar síos rialacha dlíthiúla reachtacha maidir le feidhmiú an Choiste CCE leis an ngníomh sin.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí an nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomhchomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an gComhbheartas Tráchtála a bhaineann príomhchuspóir an Chomhaontaithe agus ábhar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leagfaidh gníomh an Choiste CCE síos rialacha nós imeachta don Choiste CCE faoin gComhaontú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2020/0045 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste CCE arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Choiste CCE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Shínigh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (‘CCE’) eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, an 28 Iúil 2016 2 (‘an Comhaontú’). Tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Gána, den pháirt eile, ón 15 Nollaig 2016 3 .

(2)De bhun Airteagal 73(3) den Chomhaontú, tá an Coiste CCE freagrach as na réimsí ar fad a chumhdaítear leis an gComhaontú a riar agus as na cúraimí ar fad a luaitear sa Chomhaontú a dhéanamh. De bhun Airteagal 73(2), is é an Coiste CCE a chinneann na rialacha maidir lena eagrú agus feidhmiú féin.

(3)Tá cinneadh maidir lena Rialacha Nós Imeachta le glacadh ag an gCoiste CCE sa chéad leath de 2020.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste CCE a leagan síos, ós rud é go mbunófar rialacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de leis an gcinneadh atá beartaithe ag an gCoiste CCE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais bunaithe ar an gcinneadh ón gCoiste CCE lena mbunaítear Rialacha Nós Imeachta an Choiste CCE, rud atá ag gabháil leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán    

(1)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(2)    An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, (IO L 287, 21.10.2016, lch. 1).
(3)    Cinneadh (AE) 2016/1850 ón gComhairle an 21 Samhain 2008 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Ballstáit den pháirt eile, a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach
Top

An Bhruiséil,26.3.2020

COM(2020) 116 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste CCE arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta an Choiste CCE


CEANGALTÁN

CINNEADH Uimh. .../2020 ÓN gCOISTE CCE

arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, maidir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste CCE a ghlacadh

AN COISTE CCE,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile 1 (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta), a síníodh sa Bhruiséil an 28 Iúil 2016, agus go háirithe Airteagal 73 de,

De bhrí go bhforáiltear sa Chomhaontú go gcinnfidh an Coiste CCE na rialacha maidir lena eagrú agus feidhmiú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar síos Rialacha Nós Imeachta an Choiste CCE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh,

IARSCRÍBHINN

RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOISTE CCE

arna bhunú le hAirteagal 73 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile

AIRTEAGAL 1

Ról agus Ainm an Choiste CCE

1.Tá an Coiste arna bhunú de bhun Airteagal 73(1)  den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta) freagrach as gach ábhar dá dtagraítear in Airteagal 73(3) den Chomhaontú.

2.Tagrófar don Choiste thuasluaite mar ‘Coiste CCE’ i ndoiciméid an Choiste, lena n‑áirítear cinntí agus moltaí.

AIRTEAGAL 2

Comhdhéanamh agus Cathaoirleach

1.Comhdhéantar an Coiste CCE d’ionadaithe ón Aontas Eorpach agus d’ionadaithe ó Ghána ar leibhéal na n‑airí agus na n‑oifigeach sinsearach, nó dá gcuid ainmnithe.

2.Beidh ionadaíocht na bPáirtithe ar leibhéal na n‑oifigeach sinsearach de ghnáth, nó, go heisceachtúil, ar leibhéal na n‑airí aon uair a mheasfaidh an dá Pháirtí gur gá sin.

3.Is iad an comhalta den Choimisiún Eorpach atá freagrach as trádáil agus Aire um Thrádáil agus Tionsclaíocht Ghána a bheidh ina gcomhchathaoirligh ar an gCoiste CCE ar leibhéal na n‑airí.

4.Oifigeach sinsearach atá ina ionadaí ar an gCoimisiún Eorpach agus oifigeach sinsearach atá ina ionadaí ar Ghána a bheidh ina gcomhchathaoirligh ar an gCoiste CCE ar leibhéal na n‑oifigeach sinsearach.

5.Déanfaidh gach Páirtí fógra a thabhairt don Pháirtí eile faoi ainm, post agus sonraí teagmhála an oifigigh shinsearaigh ar a bhfuil sé de chúram comhchathoirleacht a dhéanamh ar an gCoiste CCE thar ceann an Pháirtí sin. Measfar go bhfuil an t‑údarás ag an oifigeach sinsearach sin ionadaíocht a dhéanamh ar an bPáirtí go dtí an dáta a thabharfaidh an Páirtí sin fógra don Pháirtí eile faoi chomhchathaoirleach nua.

AIRTEAGAL 3

An Rúnaíocht

1.Gníomhóidh oifigigh ón roinn atá freagrach as Trádáil thar ceann gach Páirtí i gcomhar le chéile mar Rúnaíocht an Choiste CCE.

2.I gcomhréir le hAirteagal 73(4) den Chomhaontú, tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi ainm, post agus sonraí teagmhála an oifigigh atá ina chomhalta de Rúnaíocht an Choiste CCE thar ceann an Pháirtí sin. Measfar go leanann an t‑oifigeach de bheith ag gníomhú mar chomhalta de Rúnaíocht an Pháirtí go dtí an dáta a thabharfaidh an Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi chomhalta nua.

AIRTEAGAL 4

Cruinnithe

1.Tiocfaidh an Coiste CCE le chéile uair sa bhliain, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, nó i gcásanna práinneacha arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí.

2.Tionólfar na cruinnithe ar an dáta a shocraítear agus ag an am a shocraítear ar bhonn idirmhalartach sa Bhruiséil agus in Accra, mura gcomhaontóidh na comhchathaoirligh a mhalairt.

3.Is é comhchathaoirleach an Pháirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a thionólfaidh na cruinnithe.

4.Féadfar cruinniú a reáchtáil i bpearsa nó trí fhíschomhdháil nó ar aon bhealach eile.

AIRTEAGAL 5

Toscaireachtaí

Tréimhse réasúnta ama roimh aon chruinniú, déanfaidh an t‑oifigeach atá ag gníomhú mar rúnaí ar an gCoiste CCE thar ceann gach Páirtí an t‑oifigeach atá ag gníomhú mar rúnaí thar ceann an Pháirtí eile a chur ar an eolas faoin gcomhdhéanamh atá beartaithe le haghaidh thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus Ghána, faoi seach. Sna liostaí sin sonrófar ainm agus feidhm gach comhalta den toscaireacht.

AIRTEAGAL 6

An clár oibre do na cruinnithe

1.Dréachtóidh Rúnaí an Choiste CCE clár oibre sealadach do gach cruinniú,14 lá roimh an gcruinniú ar a laghad, ar bhonn togra ón bPáirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú agus beidh spriocdháta ann do bharúlacha ón bPáirtí eile.

2.Glacfaidh an Coiste CCE an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar míreanna nach bhfuil ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre de chomhthoil.

AIRTEAGAL 7

Cuireadh a thabhairt do shaineolaithe

Féadfaidh comhchathaoirligh an Choiste CCE, trí chomhaontú frithpháirteach, cuireadh a tabhairt do shaineolaithe (i.e. saineolaithe nach oifigigh rialtais iad) freastal ar chruinnithe den Choiste CCE chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair shonracha agus ní bheidís i láthair ach amháin do na codanna den chruinniú a bhaineann leis na hábhair shonracha sin.

AIRTEAGAL 8

Miontuairiscí

1.An t‑oifigeach atá ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Pháirtí atá ina óstach ar an gcruinniú, dréachtóidh sé dréacht‑mhiontuairiscí ar gach cruinniú laistigh de 21 lá ó dheireadh an chruinnithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Seolfar na dréacht‑mhiontuairiscí chuig an gcomhalta den Rúnaíocht ón bPáirtí eile ar mhaithe le barúlacha a fháil. I gcás ina mbeidh feidhm ag na rialacha seo maidir le cruinnithe de chuid fochoistí, cuirfear miontuairiscí chruinnithe na bhfochoistí ar fáil d’aon chruinniú de chuid an Choiste CCE a bheidh ann ina dhiaidh sin.

2.Déanfar achoimre sna miontuairiscí, mar riail ghinearálta, ar gach ítim atá ar an gclár oibre, agus sonrófar an méid seo a leanas iontu, i gcás inarb infheidhme:

(a)na doiciméid ar fad arna gcur faoi bhráid an Choiste CCE;

(b)aon ráiteas a d'iarr comhchathaoirleach de chuid Choiste CCE a chur leis na miontuairiscí; agus

(c)na cinntí a rinneadh, na moltaí a rinneadh, na ráitis a comhaontaíodh agus na conclúidí a glacadh i dtaobh ítimí sonracha.

3.Áireofar sna miontuairiscí liosta ar a mbeidh cinntí uile an Choiste CCE a rinneadh trí nós imeachta i scríbhinn de bhun Airteagal 9(2) ón uair dheireanach a raibh cruinniú ag an gCoiste.

4.Áireofar sna miontuairiscí freisin liosta ar a mbeidh ainmneacha, teidil agus an cháil ina a raibh an duine i láthair maidir le gach duine a bhí i láthair ag cruinniú an Choiste CCE.

5.Déanfaidh an Rúnaí na dréacht‑mhiontuairiscí a choigeartú ar bhonn na mbarúlacha a fuarthas agus déanfaidh na Páirtithe na dréacht‑mhiontuairiscí, arna n‑athbhreithniú, a fhormheas laistigh de 60 lá ó dháta an chruinnithe, nó faoi aon dáta arna shocrú ag na comhchathaoirligh. Nuair a bheidh siad formheasta, bunóidh an Rúnaíocht dhá scríbhinn bhunaidh de na miontuairiscí agus gheobhaidh na Páirtithe araon scríbhinn bhunaidh amháin díobh.

AIRTEAGAL 9

Cinntí agus moltaí

1.Féadfaidh an Coiste CCE cinntí agus moltaí a ghlacadh maidir le gach ábhar dá bhforáiltear amhlaidh leis an gComhaontú. Glacfaidh an Coiste CCE cinntí agus moltaí de chomhthoil.

2.Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh an Coiste CCE cinntí nó moltaí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Chun na críche sin, cuirfidh comhchathaoirleach amháin téacs dréachtchinnidh nó dréachtmolta ar fáil i scríbhinn don chomhchathaoirleach eile. Beidh mí amháin, nó tréimhse níos faide a shonróidh an Páirtí atá á chur chun cinn, ag an bPáirtí eile lena chur in iúl go n‑aontaíonn sé leis an dréachtchinneadh nó an dréachtmholadh. Mura gcuirfidh an Páirtí eile in iúl go n‑aontaíonn sé leis, pléifear an cinneadh nó an moladh atáthar a chur chun cinn agus féadfar é a ghlacadh ag an gcéad chruinniú eile den Choiste CCE. Measfar na dréachtchinntí nó dréachtmholtaí a bheith glactha a luaithe a chuirfidh an Páirtí eile in iúl go n‑aontaíonn sé leo agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sna miontuairiscí ag an gcéad chruinniú eile den Choiste de bhun Airteagal 8(3).

3.I gcás ina dtugtar de chumhacht don Choiste CCE faoin gComhaontú cinntí nó moltaí a ghlacadh, tabharfar ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ ar na gníomhartha seo, faoi seach. Cuirfidh Rúnaíocht an Choiste CCE sraithuimhir chéimnitheach, dáta glactha agus tuairisc ar an ábhar le haon chinneadh nó moladh. Déanfar foráil i ngach cinneadh nó moladh maidir le dáta a theacht i bhfeidhm.

4.Leagfar na cinntí nó moltaí arna nglacadh ag an gCoiste CCE síos i ndúblach, fíordheimhneofaidh na comhchathaoirligh iad agus seolfar cóip amháin do gach Páirtí.

AIRTEAGAL 10

Trédhearcacht

1.Féadfaidh an Coiste CCE cinneadh a dhéanamh teacht le chéile go poiblí.

2.I gcomhréir le hAirteagal 73(5) den Chomhaontú, féadfaidh na comhchathaoirligh, trí chomhaontú frithpháirteach, cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ón tsochaí shibhialta freastal ar chruinnithe de chuid an Choiste CCE mar bhreathnóirí, agus cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe eile freisin, amhail Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hAfraice Thiar (AAEAT) agus Coimisiún Chomhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS).

3.Féadfaidh le gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le cinntí agus moltaí an Choiste CCE a fhoilsiú ina fhoilseachán oifigiúil féin nó ar líne.

4.Ba cheart a mheas gur faisnéis rúnda atá sna doiciméid ar fad arna gcur isteach ag aon Pháirtí, mura gcinnfidh an Páirtí sin a mhalairt.

5.Cuirfear cláir oibre shealadacha na gcruinnithe ar fáil go poiblí roimh gach cruinniú de chuid an Choiste. Cuirfear miontuairiscí na gcruinnithe ar fáil go poiblí tar éis a bhformheasta i gcomhréir le hAirteagal 8.

6.Foilseofar na doiciméid a luaitear faoi mhíreanna 3 go 5 i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme de chuid gach Páirtí.

AIRTEAGAL 11

Teangacha

1.Béarla a bheidh mar theanga oibre ag an gCoiste CCE.

2.Glacfaidh an Coiste CCE cinntí a bhaineann leis an gComhaontú a leasú nó a léirmhíniú i dteangacha théacsanna barántúla an Chomhaontaithe. Glacfar cinntí eile an Choiste CCE sa teanga oibre dá dtagraítear i mír 1.

3.Is barántúil na Rialacha Nós Imeachta seo agus aon chinneadh arna ghlacadh ag an gCoiste CCE, i dteangacha oibre an Choiste, cé is moite de chinntí an Choiste maidir leis an gComhaontú a leasú nó a léirmhíniú. Is barántúil cinntí an Choiste CCE maidir leis an gComhaontú a leasú nó a léirmhíniú i ngach teanga ina bhfuil an Comhaontú barántúil.

4.Beidh gach Páirtí freagrach as cinntí agus doiciméid eile a aistriú go dtí a theanga oifigiúil féin nó a theangacha oifigiúla féin, má cheanglaítear amhlaidh de bhun an Airteagail seo, agus íocfaidh sé as caiteachas a bhaineann leis an aistriúchán sin.

AIRTEAGAL 12

Speansais

1.Íocfaidh gach Páirtí as aon speansais a thabhóidh sé de thoradh é a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste CCE, maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe araon, agus le caiteachas físchomhdhálacha, teileachomhdhálacha, poist agus teileachumarsáide.

2.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe agus atáirgeadh doiciméad.

3.Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil ag cruinnithe chun ateangaireacht a dhéanamh go dtí teanga oibre an Choiste CCE agus aisti.

AIRTEAGAL 13

An Coiste Speisialta um chustam agus éascú na trádála

1.Bunófar Coiste Speisialta um chustam agus éascú na trádála i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chomhaontú chun na gcríoch a shonraítear san airteagal sin.

2.I gcomhréir le hAirteagal 34, tuairisceoidh an Coiste Speisialta um chustam agus éascú na trádála don Choiste CCE maidir le torthaí, cinntí agus conclúidí gach cruinnithe. Cuirfear an Coiste CCE ar an eolas i scríbhinn faoi na pointí teagmhála arna n‑ainmniú ag an gCoiste Speisialta. Cuirfear gach comhfhreagras, doiciméad agus cumarsáid ábhartha de chuid an Choiste Speisialta a bhaineann le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Chaibidil 3 (Custam agus éascú na trádála) den Chomhaontú ar aghaidh an tráth céanna chuig Rúnaíocht an Choiste CCE.

3.Beidh feidhm mutatis mutandis ag na Rialacha Nós Imeachta reatha sa Choiste Speisialta.

AIRTEAGAL 14

Meithleacha

Lena áirithiú go gcuirfear na feidhmeanna a bheartaítear in Airteagal 73(3) den Chomhaontú i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus i gcomhréir le hAirteagal 73(2) féadfaidh an Coiste CCE cinneadh a dhéanamh meithleacha oibre faoina údarás féin a bhunú chun plé teicniúil ar ábhair shonracha faoin gComhaontú a éascú. Is é an Coiste CCE a chinnfidh comhdhéanamh agus cúraimí na meithleacha sin. Tuairisceoidh na meithleacha don Choiste CCE.

AIRTEAGAL 15

Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

Féadfar na Rialacha Nós Imeachta sin a leasú i scríbhinn le cinneadh ón gCoiste CCE i gcomhréir le hAirteagal 9.

(1)    IO L 287, 21.10.2016, lch. 3.
Top