Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020AR1361

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Dlí Aeráide Eorpach: bunú an chreata chun aeráidneodracht a bhaint amach

COR 2020/01361

IO C 324, 1.10.2020, p. 58–73 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

58


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Dlí Aeráide Eorpach: bunú an chreata chun aeráidneodracht a bhaint amach

Rapóirtéir:

Juan Manuel MORENO BONILLA (ES/PPE), Uachtarán Réigiún na hAndalúise

Doiciméad tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach)

COM(2020) 80 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)

Is é is aidhm do ghníomhaíocht aeráide an Aontais agus na mBallstát daoine agus an pláinéad, leas, rathúnas, sláinte, córais bhia, sláine na n-éiceachóras agus ár mbithéagsúlacht a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide, i gcomhthéacs chlár oibre 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe, chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a shaothrú agus chun an rathúnas a uasmhéadú laistigh de theorainneacha an phláinéid agus chun an athléimneacht a uasmhéadú agus chun leochaileacht na sochaí i leith athrú aeráide a laghdú.

(5)

Is é is aidhm do ghníomhaíocht aeráide an Aontais, na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach daoine agus an pláinéad, leas, rathúnas, sláinte, córais bhia, sláine na n-éiceachóras agus ár mbithéagsúlacht a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide, i gcomhthéacs chlár oibre 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe, chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a shaothrú agus chun an rathúnas a uasmhéadú laistigh de theorainneacha an phláinéid agus chun an athléimneacht a uasmhéadú agus chun leochaileacht na sochaí i leith athrú aeráide a laghdú.

Cúis

Tá tábhacht thar meán le gníomhaíocht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach, rud atá aitheanta i gComhaontú Pháras agus atá i gcomhréir go hiomlán leis na cuspóirí a leagtar amach san aithris. Ar an gcaoi sin, b’fhaillí é gan na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur san áireamh.

Leasú 2

Aithris 14

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(14)

Tá an t-oiriúnú ar cheann de phríomhghnéithe na freagartha domhanda fadtéarmaí ar an athrú aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht chomhshaoil eile a uasmhéadú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha a ghlacadh maidir leis an oiriúnú.

(14)

Tá an t-oiriúnú ar cheann de phríomhghnéithe na freagartha domhanda fadtéarmaí ar an athrú aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht chomhshaoil eile a uasmhéadú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha a ghlacadh maidir leis an oiriúnú lena gcuirfí san áireamh éagsúlacht eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach chríocha na hEorpa agus cineál sonrach na réigiún is forimeallaí atá aici .

Cúis

Tá tábhacht nach beag le tosca críochacha a fhad a bhaineann leis an rogha cheart beartais a dhéanamh ar mhaithe leis na hiarrachtaí athléimneachta agus oiriúnúcháin a neartú. Tá dálaí geografacha, aeráide, sóisialta agus eacnamaíocha ríthábhachtach maidir le leochaileacht a mheas agus a mheasúnú, le rioscaí a bhainistiú agus le cásanna féideartha le haghaidh athróga aeráide amach anseo a shainaithint. Céim mhór chun tosaigh i dtaca le forbairt na straitéisí sin ba ea uirlisí réamhaisnéise a bhunú le haghaidh oiriúnú agus athléimneacht a chur chun cinn, uirlisí ab fhéidir a chur in oiriúint do chúinsí éagsúla réigiúnacha agus áitiúla.

Leasú 3

Aithris 17

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(17)

Chuir an Coimisiún in iúl sa Teachtaireacht uaidh “Comhaontú Glas don Eoraip” go bhfuil rún aige measúnú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais um laghdú gás ceaptha teasa a mhéadú agus tograí a dhéanamh maidir léi sin lena áirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta 2050. Sa Teachtaireacht sin, chuir an Coimisiún i bhfáth gur cheart, trí bheartais uile an Aontais, cuidiú leis an gcuspóir aeráidneodrachta agus gur cheart do na hearnálacha uile a bheith páirteach. Faoi mhí Mheán Fómhair 2020, ba cheart don Choimisiún, bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus an anailís a dhéanfaidh sé ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus iad sin á gcur san áireamh aige (1), athbhreithniú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid agus féachaint ar roghanna maidir le sprioc nua 2030 laghduithe 50 go 55 % ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. I gcás ina measann sé gur gá sprioc 2030 an Aontais a leasú, ba cheart dó tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú de réir mar is iomchuí. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 30 Meitheamh 2021, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a mbeadh gá le leasú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme chun laghduithe ar astaíochtaí 50 go 55 % i gcomparáid le 1990 a bhaint amach.

(17)

Chuir an Coimisiún in iúl sa Teachtaireacht uaidh “Comhaontú Glas don Eoraip” go bhfuil rún aige measúnú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais um laghdú gás ceaptha teasa a mhéadú agus tograí a dhéanamh maidir léi sin lena áirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta 2050. Sa Teachtaireacht sin, chuir an Coimisiún i bhfáth gur cheart, trí bheartais uile an Aontais, cuidiú leis an gcuspóir aeráidneodrachta agus gur cheart do na hearnálacha uile a bheith páirteach. A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tús mhí Mheán Fómhair 2020, ba cheart don Choimisiún, bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus an anailís a dhéanfaidh sé ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus iad sin á gcur san áireamh aige (1), athbhreithniú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid agus féachaint ar roghanna maidir le sprioc nua 2030 laghduithe 55 % ar a laghad ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. I gcás ina measann sé gur gá sprioc 2030 an Aontais a leasú, ba cheart dó tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú de réir mar is iomchuí. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 30 Meitheamh 2021, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a mbeadh gá le leasú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme chun laghduithe ar astaíochtaí 55 % ar a laghad i gcomparáid le 1990 a bhaint amach.

Cúis

Más mian linn a chinntiú, i dtreo is gur plean glas a bheidh sa Phlean Eorpach don Téarnamh agus go mbainfear amach mar thoradh ar infheistíochtaí an lae inniu spriocanna 2030, agus i ndeireadh na dála, spriocanna 2050, ní mór an measúnú tionchair ar chreat reachtach 2030 a bheith uaillmhianach agus ní mór é a fhoilsiú a luaithe is féidir.

Leasú 4

Aithris 18

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(18)

Lena áirithiú go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit ar a mbóthar chun an cuspóir aeráidneodrachta agus an dul chun cinn maidir le hoiriúnú a bhaint amach ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn. Más neamhleor an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach nó i dtaca leis an oiriúnú nó mura mbíonn bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó más neamhleor iad chun an cumas oiriúnúcháin a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú nó chun leochaileacht a laghdú, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta ábhartha agus moltaí a eisiúint i gcás ina bhfaigheann sé nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú.

(18)

Lena áirithiú go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit ar a mbóthar chun an cuspóir aeráidneodrachta agus an dul chun cinn maidir le hoiriúnú a bhaint amach ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn agus é a thomhas go rialta, mar aon leis na sonraí ábhartha uile a chur ar fáil don phobal . Más neamhleor an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach nó i dtaca leis an oiriúnú (toisc nár comhlíonadh na spriocanna cainníochtúla nó na sprioc-amanna) nó mura mbíonn bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 nó más neamhleor iad chun an cumas oiriúnúcháin a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú nó chun leochaileacht a laghdú, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta ábhartha agus moltaí a eisiúint i gcás ina bhfaigheann sé nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú.

Cúis

Má dhéantar faireachán éifeachtach ar an dul chun cinn, féadfaidh sin cur le hinfheictheacht agus trédhearcacht na n-iarrachtaí a dhéantar chun an aeráidneodracht a bhaint amach agus ar mheon na húinéireachta a bhraitear ina leith. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na sonraí a fhaightear ar fáil i gcónaí, seachas sna tuarascálacha rialta amháin, agus ba cheart an creat ama a lua go sonrach.

Leasú 5

Aithris 20

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(20)

De bhrí go bhfuil ról láidir ag na saoránaigh chun an claochlú i dtaca leis an aeráidneodracht a chur chun cinn, ba cheart rannpháirtíocht láidir phoiblí agus shóisialta maidir leis an ngníomhaíocht aeráide a éascú. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, oibriú le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú agus a chumhachtú gníomhú i dtaca le sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach, lena n-áirítear trí bhíthin Comhshocrú Aeráide Eorpach a sheoladh.

(20)

De bhrí go bhfuil ról láidir ag na saoránaigh chun an claochlú i dtaca leis an aeráidneodracht a chur chun cinn, ba cheart rannpháirtíocht láidir phoiblí agus shóisialta maidir leis an ngníomhaíocht aeráide a éascú. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, oibriú le gach cuid den tsochaí chun an comhar, an malartú faisnéise agus na hiarrachtaí comhpháirteacha múscailte feasachta a neartú sa dá threo, d’fhonn sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach a bhaint amach , lena n-áirítear trí bhíthin an Comhshocrú Aeráide Eorpach a sheoladh mar uirlis nuálach rialachais lenar féidir ról a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus don tsochaí shibhialta agus do na saoránaigh i gcoitinne .

Cúis

Má táthar chun sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach a bhaint amach, ní mór an obair is gá chuige sin a bhunú ar an malartú faisnéise agus ar mhúscailt feasachta i measc an phobail. I dtaca le neartú na n-uirlisí sin, is féidir leis an gCoimisiún an phríomhpháirt a bheith aige san obair neartúcháin agus é i mbun a bheartais phoiblí a cheapadh agus a chur chun feidhme, sa mhéid go bhfuil siad bunaithe ar chur chuige trasearnála; os a choinne sin, baineann na gníomhaíochtaí atá beartaithe go sonrach leis na beartais earnála a d’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a shaothrú, de réir mar is iomchuí.

Leasú 6

Aithris 21

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(21)

D’fhonn intuarthacht agus muinín a chur ar fáil do na gníomhairí eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, chun a áirithiú nach féidir dul siar ar an aistriú i dtaca le haeráidneodracht, a áirithiú go dtiocfaidh laghdú le himeacht ama agus chun cuidiú leis an measúnú ar chomhsheasmhacht beartas agus ar an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun conair a leagan amach le haghaidh laghduithe astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin , lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(21)

D’fhonn intuarthacht agus muinín a chur ar fáil do na gníomhairí eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, chun a áirithiú nach féidir dul siar ar an aistriú i dtaca le haeráidneodracht, a áirithiú go dtiocfaidh laghdú le himeacht ama agus chun cuidiú leis an measúnú ar chomhsheasmhacht beartas agus ar an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta, molfaidh an Coimisiún conair le haghaidh laghduithe astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí agus a thogra á dhréachtú aige, go háirithe le saineolaithe agus le riaracháin na mBallstát, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla .

Cúis

Gach tagairt don chonair a bheith á leagan amach trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a bhaint. Ba leor don Choimisiún conair a mholadh agus an dul chun cinn a mheas.

Leasú 7

Airteagal 2(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach chun gur féidir cuspóir na haeráidneodrachta, a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, agus an tábhacht a bhaineann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát á cur san áireamh.

Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach chun gur féidir cuspóir na haeráidneodrachta, a leagtar amach i mír 1 a chur chun feidhme ar bhonn comhchoiteann i gcathracha agus réigiúin na hEorpa , agus an tábhacht a bhaineann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát á cur san áireamh.

Cúis

Tá cur chun feidhme na reachtaíochta aeráide ag brath den chuid is mó ar chathracha agus ar réigiúin na hEorpa. Ar an ábhar sin, dealraíonn sé gurb iomchuí an fhoclaíocht a athrú.

Leasú 8

Airteagal 2(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Faoi mhí Mheán Fómhair 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(11) de Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus féachaint ar roghanna maidir le sprioc nua 2030 laghduithe 50 go 55 % ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. I gcás ina measann an Coimisiún gur gá an sprioc sin a leasú, cuirfidh sé tograí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de réir mar is iomchuí.

A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tús mhí Mheán Fómhair 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(11) de Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus féachaint ar roghanna maidir le sprioc nua 2030 laghduithe 55 % ar a laghad ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. I gcás ina measann an Coimisiún gur gá an sprioc sin a leasú, cuirfidh sé tograí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de réir mar is iomchuí.

Cúis

Tá an loighic chéanna taobh thiar den leasú is atá taobh thiar den leasú a rinneadh ar aithris 17.

Leasú 9

Airteagal 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Conair maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach

Conair maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go 2050, i gcomhréir le hAirteagal 9 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chonair a leagan amach ar leibhéal an Aontais chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach. Laistigh de shé mhí ar a dhéanaí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gconair .

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún leasuithe ar an Rialachán seo a mholadh trí chonair a mholadh ar leibhéal an Aontais chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach faoi 2050 . Laistigh de shé mhí ar a dhéanaí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach .

2.   Is é a bheidh mar phointe tosaithe ag an gconair sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(3).

2.   Is é a bheidh mar phointe tosaithe ag an gconair sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(3).

3.   Agus conair á socrú i gcomhréir le mír 1 déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a bhreithniú:

3.   Agus conair á moladh i gcomhréir le mír 1 déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a bhreithniú:

Cúis

Gach tagairt don chonair a bheith á leagan amach trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a bhaint. Ba leor don Choimisiún conair a mholadh agus an dul chun cinn a mheas.

Leasú 10

Airteagal 3(3)(e)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(e)

cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh;

(e)

cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh , agus comhtháthú críochach an Aontais á chur san áireamh go hiomlán ;

Cúis

Ba cheart comhtháthú réigiúnach an Aontais a chur san áireamh go soiléir sna critéir lena leagtar amach an chonair i dtreo na haeráidneodrachta.

Leasú 11

Airteagal 3(3)(k) agus (l) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(k)

an tiomantas atá ann do ról ceannaireachta ar an leibhéal domhanda maidir le haeráidneodracht;

(l)

measúnú ar an lorg carbóin, an lorg coise uisce agus an lorg bithéagsúlachta sa chaidreamh trádála le tríú tíortha chomh maith le gealltanais an Aontais faoi na conarthaí idirnáisiúnta ábhartha.

Cúis

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do ról tábhachtach údarásach a bheith aige ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus do ról lárnach a bheith aige san aistriú glas, cothrom, a bheidh bunaithe ar an dlúthpháirtíocht nach mór do thíortha agus do réigiúin tabhairt faoi má táthar chun sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050, agus gan aon duine a fhágáil ar gcúl san am céanna. I bhfianaise chineál agus thionchar foriomlán an athraithe aeráide agus a iarmhairtí socheacnamaíocha, atá beag beann ar theorainneacha, is deis é seo chun an rún daingean atá ag an Aontas a chur san áireamh. Is féidir é sin a dhéanamh trí oibleagáid a chur san áireamh sa Rialachán seo, agus an chonair i dtreo na haeráidneodrachta á sainiú, faoina n-ionchorprófar sna beartais agus sna gníomhaíochtaí uile gealltanais chun tacú leis na prionsabail chéanna is bonn leis an Rialachán seo sna tíortha agus réigiúin eile lasmuigh den Aontas Eorpach a bhfuil caidreamh d’aon chineál aige leo.

Ag an am céanna, ba cheart don Aontas Eorpach lorg carbóin agus lorg coise uisce na dtáirgí ó thríú tíortha a chur san áireamh, mar ní hamháin go gcuideoidh sé sin le hiomaíochas an gheilleagair, neartóidh sé ról ceannaireachta an Aontais maidir le haeráidneodracht trí chaighdeáin dhomhanda áirithe a éileamh.

Leasú 12

Airteagal 4(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áirítear creata bainistíochta riosca cuimsitheacha, bunaithe ar bhunlínte láidre aeráide agus leochaileachta agus ar mheasúnaithe ar dhul chun cinn.

2.   Déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áirítear creata bainistíochta riosca cuimsitheacha, bunaithe ar bhunlínte láidre aeráide agus leochaileachta agus ar mheasúnaithe ar dhul chun cinn.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na peirspictíochtaí réigiúnacha, áitiúla agus forimeallacha a chur san áireamh, agus a straitéisí agus a bpleananna oiriúnúcháin á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu.

Cúis

Ní hionann an tionchar a bhíonn ag iarmhairtí an athraithe aeráide ó chríoch go chéile, agus bíonn an tionchar sin le sonrú ar shlí éagsúil ag brath ar fhachtóirí éagsúla atá ag tarlú. Braitheann an chaoi a dtarlaíonn na hiarmhairtí seo ar an suíomh geografach agus ar imthosca socheacnamaíocha; i mbeagán focal, braitheann sí ar leibhéil an riosca, na neamhchosanta agus na leochaileachta.

Fágann sin gur gá, ó thaobh measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le tionchar an athraithe aeráide, idirdhealuithe a dhéanamh ar iarmhairtí ar an leibhéal réigiúnach agus ar iarmhairtí ar an leibhéal áitiúil fiú, bunaithe ar thosca geografacha agus socheacnamaíocha. Dá thoradh sin, in ainneoin gur fadhb dhomhanda í fadhb an athraithe aeráide, ba cheart an t-oiriúnú a chur in oiriúint do shaintréithe gach críche ag brath ar an gcineál iarmhairtí i gceist agus ar an raon feidhme sonrach a bhaineann leo. Ní fhágann sin nach féidir na beartais sin a cheapadh ar dhóigh atá bunaithe ar chomhstraitéisí ar leithne a raon feidhme ná na cinn sin atá le cur ar comhréim leo.

Leasú 13

Airteagal 5(2a) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

2(a)     Déanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn comhchóras faisnéise AE a mbeidh rochtain ag an bpobal air, ina n-ionchorprófar an fhaisnéis arna giniúint ag na gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach agus an t-oiriúnú a chur chun cinn. Déanfar ceanglais a leagan síos chun caighdeánú agus aonchineálacht faisnéise a chinntiú trína áirithiú gurb éard atá ann sonraí atá so-aimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte. Bainfear tairbhe sa chóras seo as na deiseanna a théann leis an digiteáil agus le teicneolaíochtaí nua.

Cúis

Chun iomlán na sochaí a spreagadh le páirt a ghlacadh i gcomhlíonadh chuspóirí an dlí aeráide Eorpaigh, is den riachtanas go mbeadh faisnéis fhíoraithe agus ar ardchaighdeán ar fáil di a d’fhónfadh mar bhonn lena cuid cinnteoireachta agus le ceapadh beartas oiriúnach agus beart oiriúnach. Ar an ábhar sin, ba cheart dea-chleachtais a bhunú lena mbaileofaí agus lena n-aistreofaí faisnéis, agus ba cheart an chaoi a bpróiseáiltear an fhaisnéis sin a chaighdeánú agus a dhéanamh aonfhoirmeach. Is gá freisin córas a bhunú lena gcuirfí feabhas leanúnach ar an bhfaisnéis sin agus leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí nua chun malartú sonraí idir na gníomhaithe lena mbaineann a éascú, d’fhonn leas a bhaint as na sineirgí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus acmhainní a bharrfheabhsú.

Leasú 14

Airteagal 5(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír  1 agus mír  2, nach bhfuil bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, nó inar neamhleor an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó an t-oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh sé na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí, san am céanna leis an athbhreithniú ar an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

3.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír  1 agus ar an athbhreithniú dá dtagraítear i mír  2, nach bhfuil bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, nó inar neamhleor an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó an t-oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh sé na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí, san am céanna leis an athbhreithniú ar an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

Cúis

Is é an aidhm atá ann an téacs a dhéanamh níos comhsheasmhaí trí úsáid a bhaint as tagairtí beachta san airteagal féin, bunaithe ar a bhfuil sna míreanna dá dtagraítear.

Leasú 15

Airteagal 6(2a) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(2a)     Beidh roinn sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 5(2a) lena n-áireofar straitéisí, bearta agus dea-chleachtais, chun cuidiú a thabhairt na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit a chur i gcomhréir le moltaí an Choimisiúin.

Cúis

Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit moltaí an Choimisiúin a ghlacadh ar dhóigh chomh simplí agus is féidir, ba cheart rochtain a bheith acu ar fhaisnéis fhíoraithe agus ar ardchaighdeán a d’fhónfadh mar bhonn lena gcuid cinnteoireachta agus le ceapadh beartas oiriúnach agus beart oiriúnach. Is gá an bonn eolais a mhéadú, an chumarsáid maidir le tionscnaimh agus straitéisí nuálacha a chur chun cinn agus aistriú dea-chleachtas a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, d’fhonn dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chothú, leas a bhaint as sineirgí agus acmhainní a bharrfheabhsú.

Leasú 16

Airteagal 7(1)(f) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(f)

faisnéis bhreise ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an dul chun cinn atá déanta agus maidir leis na héifeachtaí ar na críocha.

Cúis

I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh a bheidh ag réigiúin agus cathracha na hEorpa maidir le cur chun feidhme na mbeartas éagsúil a chumhdaítear leis an gcreat maidir leis an dlí aeráide, ba cheart a dtuairimí a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta.

Leasú 17

Airteagal 7(1)(e)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(e)

aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/… [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht].

(e)

aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha , lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/… [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht].

Cúis

Cé gur lú iad ná infheistíochtaí an Aontais agus na mBallstát, d’áiritheofaí trí infheistíochtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh go ndéanfaí éagsúlacht chríochach an Aontais Eorpaigh a urramú go hiomlán in aon athbhreithniú a dhéanfaí ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta. Anuas air sin, is minic gurb iad réigiúin agus cathracha na hEorpa lárphointí na nuálaíochta inbhuanaitheachta agus ba cheart iad a chur san áireamh dá réir agus spriocanna uaillmhianacha á leagan síos don am atá amach romhainn.

Leasú 18

Airteagal 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Oibreoidh an Coimisiún le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú agus a chumhachtú gníomhú chun go mbeidh sochaí aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach ann. Déanfaidh an Coimisiún próiseas cuimsitheach inrochtana ar gach leibhéal, ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta, na saoránaigh agus an tsochaí shibhialta chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a aithint lena gcuideofar le cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus an fuinneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Oibreoidh an Coimisiún le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú le bearta cuimsitheacha a ghlacadh chun go mbeidh sochaí aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach ann. Déanfaidh an Coimisiún próiseas cuimsitheach inrochtana ar gach leibhéal, ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta, na saoránaigh agus an tsochaí shibhialta chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a aithint lena gcuideofar le cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Go háirithe le linn chéim an téarnaimh ón ngéarchéim COVID-19, ba cheart don Choimisiún brath ar an nasc díreach idir saoránaigh, gnólachtaí áitiúla agus a n-údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus tacú leis an nasc sin, ós rud é go mbeifear ag brath ar an nasc sin chun sochaí aeráid-athléimneach a chruthú agus tacaíocht na bpobal a áirithiú. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus an fuinneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1999 , chomh maith leis na gníomhaíochtaí faoin gComhshocrú Aeráide .

Cúis

Má táthar chun sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach a bhaint amach, ní mór an obair is gá chuige sin a bhunú ar an malartú faisnéise agus ar mhúscailt feasachta i measc an phobail. I dtaca le neartú na n-uirlisí sin, is féidir leis an gCoimisiún an phríomhpháirt a bheith aige san obair neartúcháin agus é i mbun a bheartais phoiblí a cheapadh agus a chur chun feidhme, sa mhéid go bhfuil siad bunaithe ar chur chuige trasearnála; os a choinne sin, baineann na gníomhaíochtaí atá beartaithe go sonrach leis na beartais earnála a d’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a shaothrú, de réir mar is iomchuí. Tá gá le téarnamh glas. Mar sin féin, chun gur féidir an téarnamh sin a chur i gcrích, ní mór do shaoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa cloí leis an tionscadal. Dá bhrí sin, tá ról mórthábhachtach le himirt ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Leasú 19

Airteagal 9

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

An tarmligean a fheidhmiú

1.     Is faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.     Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.     Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.     Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.     A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.     Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

 

Cúis

An úsáid seo atá á baint ag an gCoimisiún Eorpach as gníomhartha tarmligthe chun athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna, tá sí ar neamhréir le hAirteagal 290 CFAE.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

ag tabhairt dá aire go bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip ar cheann de thionscnaimh shuaitheanta an Aontais; ag cur i bhfios go láidir go neartaíonn an straitéis nua fáis don tionscadal Eorpach, mar aon leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le buiséad an Aontais a foilsíodh le déanaí, an plean téarnaimh chun a áirithiú go mbeidh téarnamh tapa iomlán ann ón ngéarchéim reatha sláinte agus eacnamaíoch; á chur i bhfáth gurb é an príomhchuspóir nach mór a bheith leis an gComhaontú Glas ná an t-aistriú i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí, agus ag an am céanna téarnamh eacnamaíoch tapa agus inbhuanaithe a spreagadh, óir aithníonn sé go gcruthaítear deiseanna nua don Eoraip agus dá cuid saoránach de thoradh an aistrithe sin i dtreo sochaí agus geilleagair a bheidh níos athléimní;

2.

i bhfách tacú le cuspóir fadtéarmach an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach trí bhíthin cuspóir iomchuí a bheidh ceangailteach ó thaobh an dlí de óir is céim riachtanach é sin chun tionscadal na hEorpa a chur ar chonair na haeráidneodrachta do-athraithe faoi 2050. Tá gá leis an ngealltanas sin chun cur le hionad an Aontais Eorpaigh mar cheannaire domhanda a fhad a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus mar ambasadóir chun leanúint d’ardspriocanna na n-astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a shaothrú, mar aon leis an tábhacht a bhaineann le méid na n-aistrithe gás ceaptha teasa a mhéadú. Tá a leithéid sin riachtanach freisin mar bhealach chun muinín a chothú i measc ár saoránach, ár ngnólachtaí agus ár sochaí sibhialta, rud a áirithíonn iarracht chuimsitheach agus chomhbheartaithe. I ndáil leis sin, bheadh sé tábhachtach freisin machnamh a dhéanamh cheana féin ar an gconair bheartais a bheidh ag teastáil tar éis 2050, nuair is dócha go mbeidh gá i gcónaí le córas inbhuanaithe astaíochtaí diúltacha. I dtaca leis sin, tá sé tábhachtach, ina theannta sin, coincheap an cheartais aeráide idirghlúine a fhorbairt agus é a chur san áireamh sa chinnteoireacht atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;

3.

á thabhairt le fios go léiríonn an ghéarchéim sláinte atá ann faoi láthair ar dhóigh níos follasaí fós an gá atá le haistriú i dtreo sochaí agus geilleagar atá níos inbhuanaithe agus níos athléimní, óir má leantar de bheith ag tabhairt neamhaird ar an athrú aeráide tiocfaidh iarmhairtí níos dáiríre de sin; á chur i bhfáth gur chóir gur aistriú cóir, de réir a chéile agus buan a bheadh ann, mar go bhféadfadh réitigh neamh-inbhuanaithe sa ghearrthéarma a bheith díobhálach, seachas tairbheach, agus sinn ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta;

4.

á chur i bhfáth gur chóir a áirithiú faoin dlí aeráide Eorpach freisin gurb é an toradh a bheidh ar na bearta a chuirtear chun feidhme chun astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach na spriocanna tosaíochta eile i réimse an chomhshaoil, amhail cosaint na bithéagsúlachta nó bainistiú limistéar cosanta, a threisiú seachas iad a chur i mbaol;

5.

ag iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an aidhm maidir le haeráidneodracht agus aon spriocanna eatramhacha a bhaint amach; á mheabhrú gurb í an Ríocht Aontaithe an dara hastaíre CO2 is mó atá san Aontas faoi láthair, go bhfuil na laghduithe leanúnacha beartaithe atá ar siúl aici go mór os cionn mheán an Aontais agus go bhfuil sprioc aeráide náisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí – thart ar 57 % faoi 2030 – le comhlíonadh aici (1);

6.

ag díriú aird ar an dearbhú a glacadh le déanaí dar teideal “Na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha: gníomhaithe i bhfreagairt na hEorpa ar ghéarchéim COVID-19” agus ar an ngá atá ann go mbeadh an Comhaontú Glas don Eoraip ina ghné lárnach de phlean téarnaimh an Aontais, ionas go ndéanfar den ghéarchéim deis chun aghaidh a thabhairt go práinneach ar an athrú aeráide agus chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú;

7.

den tuairim gur gá na rialtais fhonáisiúnta ábhartha uile a rannpháirtiú i ndréachtú na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna) agus na mbeartas náisiúnta fadtéarmach trí mheán fíor-idirphlé rannpháirtíoch ar leibhéil éagsúla bunaithe ar an taithí a fuarthas ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil; i bhfách idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a chur san áireamh faoi chuimsiú reachtaíocht aeráide na hEorpa ach cuireann sé i bhfios go láidir an gá atá le cur chuige níos córasaí maidir le comhtháthú na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bpróisis an aistrithe i dtreo na haeráidneodrachta, ní hamháin sa phróiseas cinnteoireachta Eorpach ach freisin sa chaibidlíocht idirnáisiúnta; ag iarraidh athuair ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach ardán idirphlé buan il-leibhéil um an bhfuinneamh (2) a bhunú chun tacú le rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an phobail gnó agus geallsealbhóirí ábhartha atá i mbun an t-aistriú fuinnimh a bhainistiú;

8.

á chur i bhfáth, i bhfianaise a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na saoránach ar mhaithe le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i leith na haeráidneodrachta, gur cheart a mheas go bhfuil tábhacht thar meán le tionscnaimh lena spreagtar aiseolas ón mbun aníos agus lena dtacaítear le malartú faisnéise agus oideachais ar an leibhéal áitiúil má tá rath le bheith ar an gComhaontú Glas don Eoraip; ag moladh, i ndáil leis an méid sin, an Comhaontú sin a chomhtháthú sa dlí aeráide Eorpach; á chur i bhfáth gur cheart an Comhaontú sin a fhorbairt mar ionstraim nuálach rialachais lena bhféadfaí cumarsáid, comhar agus malartú faisnéise sa dá threo a dhéanamh ó leibhéal go chéile, ó earnáil go chéile agus ó chríoch go chéile d’fhonn éifeachtacht agus dlisteanacht bheartas aeráide an Aontais a fheabhsú; á chur i bhfáth go bhfágann rannpháirtíocht chuí na sochaí agus aon gheallsealbhóirí eile gur mó an seans atá ann go nglacfar le beartais agus, ina cheann sin, spreagann an rannpháirtíocht sin tomhas fairsing trédhearcach ar an dul chun cinn agus dá bhrí sin mothaíonn daoine agus eagraíochtaí ar dhóigh níos nithiúla go bhfuil ról éifeachtúil acu i bpróiseas an aistrithe féin;

9.

á thabhairt le fios nach é an bealach ceart chun dul i ngleic leis an athrú aeráide a cheapadh gurb ann don “aon chur chuige amháin do chách” agus leagann sé béim ar éagsúlacht réigiúin na hEorpa ó thaobh na haeráide, an chomhshaoil, an tírdhreacha, na soghluaisteachta agus an struchtúir eacnamaíoch agus shóisialta; á mheabhrú gurb é atá sa dlí aeráide Eorpach an creat-rialachán lena dtreorófar beartais aonair i dtreo an chuspóra aeráide agus go mbeidh a rath ag brath go mór ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; á chur i bhfios, ar an gcaoi chéanna, ós iad sin an leibhéal rialtais is gaire do na saoránaigh go bhfuil ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an dílárú fuinnimh a bhainistiú a bhuí sin le féintomhaltas, giniúint dháilte agus gréasáin chliste, maidir le hinfheistíocht a chur chun cinn agus maidir le beartais fuinnimh agus aeráide a chúpláil le bearta a glacadh i ndáil le tithíocht, bochtaineacht fuinnimh agus iompar;

10.

á chur i bhfáth gur chóir a áirithiú faoin dlí aeráide Eorpach, ó tá sé ina cholún lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus ós é an dlí réime atá ann chun an aeráidneodracht a bhaint amach, go gcloífí i ngach beart de chuid an Aontais leis an bprionsabal “gan dochar a dhéanamh” agus, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta gníomhaí, go n-urramófaí go hiomlán gach leibhéal den rialtas mar chomhpháirtithe i bpróiseas cinnteoireachta na hEorpa, seachas mar gheallsealbhóirí;

11.

ag iarraidh nach ndéanfaí cinntí bunúsacha maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí aeráide trí úsáid a bhaint as gníomhartha tarmligthe, óir murach sin chuirfí srian le cumhachtaí comhchinnteoireachta na n-údarás réigiúnach agus áitiúil. Tá CnaR den tuairim gur sampla de chinneadh bunúsach mar sin an chonair i dtreo na haeráidneodrachta atá fós le sainiú;

12.

den tuairim go bhfuil sé riachtanach, má táthar chun cuspóirí an dlí aeráide Eorpaigh a chomhlíonadh, go mbeadh faisnéis fhíoraithe agus ar ardchaighdeán ar fáil don dlí sin a d’fhéadfadh bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht agus faoi cheapadh beartas oiriúnach agus beart oiriúnach. Bíonn tionchar an athraithe aeráide le sonrú ar an leibhéal críochach, agus bíonn tionchar díreach aige ar na réigiúin agus ar na bardais. Tá riaracháin láir na dtíortha uile freagrach as fardail náisiúnta a tharraingt suas agus a chur in iúl. Chun cáilíocht na dtomhas a fheabhsú, is den tábhacht é na modhanna a fhorbairt trí mheán na hidirghníomhaíochta idir an tAontas Eorpach, na Ballstáit agus an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach, ionas gur féidir le bardais agus réigiúin a bhfardail a tharraingt suas de réir na gcritéar céanna bunaithe ar chur chuige críochach. Leis an bhfaisnéis sin, bheifí in ann cásanna sonracha a bhainfeadh le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a shainaithint, ar cásanna iad a bhféadfaí pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas ina leith a bheadh curtha in oiriúint do staid shocheacnamaíoch agus chomhshaoil gach réigiúin, chomh maith le cuspóirí earnála sonracha a shainaithint. Ina theannta sin, leis an bhfaireachán a dhéantar ón taobh réigiúnach agus áitiúil, is féidir anailís níos fearr a dhéanamh ar aon diall ó na conairí a shonraítear sna pleananna agus ar na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt orthu;

13.

den tuairim gur féidir, ach bearta éifeachtacha a dhéanamh ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn, cur le hinfheictheacht agus trédhearcacht na n-iarrachtaí a dhéantar chun an aeráidneodracht a bhaint amach agus ar mheon na húinéireachta a bhraitear ina leith agus, chun go bhféadfaí sin a dhéanamh, gur cheart, i gcás inarb iomchuí, sonraí a bhailiú ar an leibhéal réigiúnach, seachas ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn faoin dlí Eorpach aeráide; á mholadh go gcuirfí na sonraí a bhailítear ar fáil go héasca don phobal ar bhonn leanúnach, agus ní hamháin trí thuarascálacha rialta, ós rud é go bhféadfadh rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sa phróiseas faireacháin a bheith ina ghné lárnach chun bealach réalaíoch a nglacfadh an pobal leis a choinneáil i leith an chuspóra maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;

14.

den tuairim gur cheart forálacha a leagan síos sa Rialachán Rialachais chun a áirithiú go n-áireofar ar na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) miondealú ar rannchuidithe arna gcinneadh go réigiúnach agus go háitiúil d’fhonn aitheantas a thabhairt do ról na n-údarás fonáisiúnta maidir le gealltanais idirnáisiúnta aeráide a bhaint amach; á thabhairt dá aire an tuairim a d’eisigh sé maidir le “Rialachas aeráide tar éis 2020: Dearcadh Eorpach agus domhanda – rannchuidiú le COP24 UNFCCC”, arbh é Andrew Varah Cooper rapóirtéir na tuairime sin (níl leagan GA ann, teideal aistrithe);

15.

á chur i bhfáth nach amháin go méadófaí an trédhearcacht dá gcuirfí cuspóirí áitiúla agus réigiúnacha san áireamh ach, ina theannta sin, go gcuirfí feabhas ar cháilíocht agus ar mhionsonraí na n-iarrachtaí foriomlána chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn, rud a rachadh chun tairbhe go mór freisin don chomhar agus do na sineirgí idir gach leibhéal rialtais, ó thaobh gníomhaíochta agus cistí buiséadacha de araon. Laghdódh sé sin go mór an baol go bhféadfadh beartais aonair a d’áireofaí faoi chuimsiú an dlí aeráide Eorpaigh díobháil a dhéanamh do chomhtháthú réigiúnach na hEorpa;

16.

á chur i bhfáth gurb éard a tharlódh de thoradh cistí le haghaidh bearta atá oiriúnaithe do riachtanais áitiúla agus réigiúnacha a leithdháileadh ar shlí dhíreach shaincheaptha i gcomhréir leis na spriocanna a bhaineann go sonrach leis na leibhéil sin go mbeadh tionchar láidir acu ar an ngeilleagar, agus, rud eile de, go mbeadh sé d’éifeacht acu freisin cur le baint an phobail leis na struchtúir rannpháirtíochta;

17.

á mholadh go n-áireofaí caibidil áitiúil agus réigiúnach i gconclúidí an mheasúnaithe ar bhearta náisiúnta agus sa Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh, i dtreo is go bhféadfaí cur leis an trédhearcacht agus na mionsonraí a fhad a bhaineann leis na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá CnaR i bhfách le dréachtú na caibidle seo;

18.

á iarraidh athuair go mbunófaí faireachlann Eorpach um aeráidneodracht ionas gurbh fhusa oibleagáidí náisiúnta a chomhlíonadh maidir le tuarascálacha a chur isteach faoi chuimsiú rialachas an Aontais Fuinnimh. Ba cheart go bhféadfaí, dá bharr sin, faisnéis atá cothrom le dáta a chur ar fáil go neamhspleách agus go poiblí do chinnteoirí agus don phobal i gcoitinne maidir leis an tuiscint eolaíoch ar an athrú aeráide agus maidir le cásanna chun teorainn a chur leis. Ag an am céanna, ba cheart iniúchadh nua a dhéanamh ar scileanna AE mar chuid den Lánléargas Scileanna AE. Ba cheart don fhaireachlann cúnamh a thabhairt chun cúinsí agus leochaileachtaí sonracha chríocha na hEorpa a mhapáil agus faireachán a dhéanamh orthu ionas nach ndiúltófaí don phróiseas aistrithe. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip straitéis fáis nua an Aontais agus ní mór dó a bheith ina cholún lárnach de straitéis an Aontais maidir le téarnamh inbhuanaithe tar éis phaindéim COVID-19 agus, dá bhrí sin, tá sé riachtanach go mbeadh cur chun feidhme na mbeartas i gcomhréir le fás scileanna chun gur féidir beartais a cheapadh a sheasfaidh an aimsir ar mhaithe le sochaí chothrom agus le geilleagar cobhsaí atá ag fás;

19.

á chur i bhfáth go mbraitheann éifeachtacht na n-iarrachtaí a dhéantar chun rannpháirtíocht an phobail a chinntiú ní hamháin ar fhaisnéis a bhailiú ó gach cuid den tsochaí, ach ar fhaisnéis leordhóthanach a chur ar fáil dóibh freisin maidir leis an tionchar a bheidh ag an rannpháirtíocht sin. Má theastaíonn uainn réitigh inbhuanaithe a aimsiú, beidh gá le comhar ó gheallsealbhóirí, ní hamháin a fhad a bhaineann le hoibriú agus cothabháil córas, ach leis an bpróiseas cinnteoireachta freisin. Dá bhrí sin, má táthar chun athrú iompraíochta a chur chun cinn ní leor na hiarrachtaí a dhéantar chun rannpháirtíocht an phobail a chinntiú a bheith dírithe ar chumarsáid aontreo amháin;

20.

ag moladh leas a bhaint as fuinneamh inathnuaite chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach. Ní mheasann CnaR gur teicneolaíocht inbhuanaithe í an chumhacht núicléach don todhchaí ná níl sé i bhfách breis úsáide a bhaint aisti;

21.

á thabhairt le fios go bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa mar chuid de struchtúr rialtasach agus daonlathach an Aontais, ar struchtúr saibhir agus ilchineálach é, agus gur cheart caitheamh leo ar bhonn iomchuí dá réir; á chur i bhfáth maidir leis sin nár cheart rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a aicmiú mar chuid de rannpháirtíocht an phobail, agus nár cheart í a bheith teoranta do chleachtaí sonracha, ach gur cheart, ina áit sin, go bhfágfadh sí an deis ag na húdaráis sin rannchuidiú córasach a dhéanamh le linn an timthrialla forbartha beartais chomh maith le measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlachtaí reachtacha reatha; á thabhairt le fios i ndáil leis sin go n-aithnítear le Comhaontú Pháras ról tábhachtach an rialachais il-leibhéil sa bheartas aeráide agus an gá atá le comhar le réigiúin agus le cathracha agus meabhraíonn sé gur ghabh na Páirtithe orthu féin, faoi Airteagal 2, na sreafaí airgeadais poiblí agus príobháideacha a oiriúnú do spriocanna an Chomhaontaithe agus don fhorbairt aeráid-athléimneach. I ndáil leis an dlí aeráide, ba cheart do na próisis tuairiscithe agus athbhreithnithe atá ann cheana agus dóibh sin a bunaíodh le déanaí feidhmiú mar bhonn lena gcinnteofaí go mbeadh na sreafaí airgeadais ag teacht go hiomlán le spriocanna Chomhaontú Pháras ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;

22.

ag tabhairt chun suntais na mórfhadhbanna a bhaineann le fuinneamh núicléach ó thaobh na hinbhuanaitheachta de (maidir leis na hamhábhair lena mbaineann agus saincheist na dramhaíola núicléiche atá gan réiteach fós) agus tá CnaR ag moladh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na spriocanna aeráide a bhaint amach go príomha trí dhul i muinín fuinneamh inathnuaite in ionad aon mhéadú a dhéanamh ar úsáid an fhuinnimh núicléach, i gcomhréir le hAirteagal 194 CFAE.

An Bhruiséil, an 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(1)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(1)  Climate Neutrality as Long-term Strategy: The EU’s Net Zero Target and Its Consequences for Member States [An Aeráidneodracht mar Straitéis Fhadtéarmach: Sprioc ghlan-nialasach an Aontais agus a Iarmhairtí do na Ballstáit], O. Geden, F. Schenuit, Lúnasa, 2019.

(2)  Chosain CnaR an seasamh sin i roinnt tuairimí dá chuid (níl leagan Gaeilge díobh ann; is teidil aistrithe iad seo): “Rialachas an Aontais Fuinnimh agus fuinneamh glan” le Bruno Hranić; “Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de” le Michele Emiliano; “Rialachas aeráide tar éis 2020: Dearcadh Eorpach agus domhanda – rannchuidiú le COP24 UNFCCC” le Andrew Varah Cooper; agus an Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas a glacadh i mí na Nollag 2019.


Top