Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0834

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

    COM/2018/834 final

    An Bhruiséil,5.12.2018

    COM(2018) 834 final

    2018/0427(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. I gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tAontas caibidlíocht chun comhaontú a shocrú leis an Stát a bheidh ag tarraingt siar ina leagfar amach na socruithe dá tharraingt siar (an Comhaontú um Tharraingt Siar), ag féachaint don chreat le haghaidh an caidreamh a bheidh aici leis an Aontas amach anseo san áireamh. Déanfaidh an Chomhairle an Comhaontú um Tharraingt Siar a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais, tar éis di cead a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

    Tar éis an fhógra, ghlac an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) treoirlínte an 29 Aibreán 2017. Ag féachaint do na treoirlínte sin, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún an 22 Bealtaine 2017 tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú leis an Ríocht Aontaithe ina leagfar amach na socruithe dá tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus ghlac sí na treoracha caibidlíochta i dtaobh na gcaibidlíochtaí sin. An 15 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle Eorpach treoirlínte lena bhforlíontar na cinn ón 29 Aibreán 2017 agus lena leagtar amach na prionsabail agus na coinníollacha le haghaidh aon socruithe idirthréimhseacha, agus dá éis sin ghlac an Chomhairle, an 29 Eanáir 2018, na treoracha caibidlíochta forlíontacha.

    Rinneadh na caibidlíochtaí ag féachaint do na treoirlínte thuas ón gComhairle Eorpach agus i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta arna neisiúint ag an gComhairle, agus aird chuí á tabhairt do rúin Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2017, an 3 Deireadh Fómhair 2017, an 13 Nollaig 2017 agus an 14 Márta 2018.

    Rinneadh na caibidlíochtaí a chur i gcrích agus a inisiliú ag leibhéal na bPríomh-Idirbheartaithe an 14 Samhain 2018.

    Ní féidir comhaontú maidir le caidreamh amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chur i gcrích sula nathraítear stádas na Ríochta Aontaithe go stádas tríú tír. Ceanglaítear le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, áfach, go dtabharfar an creat maidir lena caidreamh amach anseo leis an Aontas san áireamh sa chomhaontú ina leagtar amach na socruithe maidir leis an tarraingt siar. Aithníodh tuiscint fhoriomlán leis an Ríocht Aontaithe maidir le creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo le linn na gcaibidlíochtaí faoi Airteagal 50 sa Dearbhú Polaitiúil ina leagtar amach an creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe atá formheasta ag an gComhairle Eorpach an 25 Samhain 2018 1 . 

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tugann an Comhaontú um Tharraingt Siar urraim iomlán do na Conarthaí agus caomhnaíonn sé sláine agus uathriail ord dlí an Aontais. Cuireann sé luachanna, cuspóirí, agus leasanna an Aontais chun cinn, agus áirithíonn sé comhsheasmhacht, éifeachtach agus leanúnachas a bheartas agus a ghníomhaíochtaí. Go háirithe, leagann Airteagal 4 den Chomhaontú um Tharraingt Siar modhanna agus prionsabail síos maidir le héifeacht, cur chun feidhme agus feidhmiú an chomhaontaithe lena náirithítear go mbeidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag forálacha dhlí an Aontais is infheidhme sa Chomhaontú um Tharraingt Siar sa Ríocht Aontaithe agus laistigh den Aontas agus a Bhallstáit.

    Cearta bunúsacha

    De réir Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, aithníonn an tAontas na cearta, saoirsí agus prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ar chomhéifeacht dlí leis na Conarthaí. Ina theannta sin, is prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais iad cearta bunúsacha, mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus mar go dtagann siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.

    Beidh na cearta, saoirsí agus prionsabail sin á gcaomhnú agus á gcosaint go hiomlán san Aontas tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas. Thairis sin, áirithíonn an Comhaontú um Tharraingt Siar go ndéantar forálacha agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, gach uair dá dtagraítear, a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm de réir mhodhanna agus phrionsabail ghinearálta an léirmhínithe is infheidhme laistigh den Aontas, lena náirithítear léirmhíniú atá comhsheasmhach leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Tá sé sin ábhartha go háirithe do Chuid an Chomhaontaithe maidir leis na cearta atá ag saoránaigh agus atá ag brath go mór ar dhlí an Aontais.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Thug an Ríocht Aontaithe fógra go bhfuil sé beartaithe aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach. Dá thoradh sin, is é Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an bunús dlí le haghaidh comhaontú um tharraingt siar a chur i gcrích. Meabhraítear, i gcomhréir le hAirteagal 106a den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, go mbaineann Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach freisin.

    I gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an Comhaontú um Tharraingt Siar a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais.

    Comhréireacht

    Réitítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar na ceisteanna idirscartha a bhaineann le himeacht na Ríochta Aontaithe agus leagtar amach go soiléir na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an idirthréimhse agus an fad a bhaineann léi. Leis sin, tá an Comhaontú um Tharraingt Siar leordhóthanach agus comhréireach leis an gcuspóir go náiritheofar tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

    An rogha ionstraime

    I gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní mór na socruithe don tarraingt siar a leagan síos i gcomhaontú idir an stát a bheidh ag tarraingt siar agus an tAontas; is le cinneadh ón gComhairle a chinntear tabhairt chun críche comhaontaithe dá leithéid sin.

    3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ós rud é go náirithítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar go nurramóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe araon na hoibleagáidí airgeadais ón tréimhse iomlán ina raibh an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas, is de bhunú an Chomhchoiste, atá comhdhéanta d’ionadaithe de chuid an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, a thagann an taon tionchar buiséadach amháin atá ag an gcomhaontú um Tharraingt Siar ar an Aontas. Déanfaidh an Comhchoiste, i measc dreamanna eile, maoirseacht agus éascú ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Buailfidh an Comhchoiste le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar iarraidh ó cheachtar den dá pháirtí. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh costais i gceist leis an bhféidearthacht nós imeachta eadrána a thionscnamh faoi réiteach díospóidí an Chomhaontaithe. Más gá síneadh a chur leis an idirthréimhse, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe ranníocaíocht don tréimhse nua le buiséad an Aontais a ndéileálfar leis mar Ioncaim Ghinearálta. Tugann an ráiteas airgeadais reachtúil atá ceangailte leis an togra seo tuilleadh sonraí maidir leis an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige ar bhuiséad an Aontais.

    4.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Faoi Theideal 2 de Chuid a Sé den Chomhaontú um Tharraingt Siar, bunaítear Comhchoiste a dhéanfaidh faireachán leanúnach ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe seo. Tá an Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe an Aontais agus d’ionadaithe na Ríochta Aontaithe a thiocfaidh le chéile ar a laghad uair sa bhliain agus déanfaidh sé cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an chomhaontaithe a mhaoirsiú agus a éascú, cinneadh maidir le cúraimí na gcoistí speisialaithe agus a gcuid oibre a mhaoirsiú agus leasú a dhéanamh ar an gComhaontú nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach leis an gComhaontú féin. Ní fhéadfaidh an Comhchoiste a chinntí agus a mholtaí a dhéanamh ach amháin le comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Ní féidir leis srian a chur ar aon slí ar chinnteoireacht ar leibhéal an Aontais. Ní fhéadfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chinneadh gnéithe áirithe den Chomhaontú a leasú ach amháin sna cásanna sin ina bhfuil foráil shonrach déanta ina leith sin. Nuair a fhormheasann na Páirtithe cinneadh dá leithéid, ní mór dó a bheith faoi réir ag a gceanglais agus ag a nósanna imeachta inmheánacha is infheidhme faoi seach.

    Oibreoidh na coistí speisialaithe a leanas faoi rialú an Chomhchoiste, i.e. aon fhochoiste amháin le haghaidh gach ceann de na príomhchodanna den Chomhaontú um Tharraingt Siar:

    (a)an Coiste um chearta na saoránach;

    (b)an Coiste um fhorálacha idirscartha eile;

    (c)an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann;

    (d)an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir;

    (e)an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le Giobráltar; agus

    (f)an Coiste um fhorálacha airgeadais.

    Tá foráil déanta sa togra freisin do ról an Chomhchoiste i réiteach díospóidí, a dtugtar aghaidh air i dTeideal 3 de Chuid a Sé den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

    An Comhaontú um Tharraingt Siar a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm san Aontas

    I gcomhréir le hAirteagal 216(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, bíonn comhaontuithe arna gcur i gcrích ag an Aontas ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar a Bhallstáit. Ba cheart cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a chur i gcrích san Aontas agus lánurraim á tabhairt do leithdháileadh na gcúraimí idir an tAontas agus a Bhallstáit ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, idir na hinstitiúidí éagsúla de chuid an Aontais. Bheadh sé faoin gCoimisiún den chuid is mó, dá bhrí sin, de bhua a chúraimí de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhú thar ceann an Aontais agus Euratom. I gcásanna áirithe, agus i gcomhréir le feidhm ceaptha beartais na Comhairle mar atá leagtha síos in Airteagal 16(1) CAE, gníomhóidh an Chomhairle thar ceann an Aontais agus Euratom.

    Mar shampla, i gcás ina luaitear sa Chomhaontú go gcuirfidh an tAontas faisnéis nó fógraí ar leith ar fáil don Ríocht Aontaithe, ba cheart don Choimisiún, i bprionsabal, é sin a dhéanamh thar ceann an Aontais, agus más gá sin bunaithe ar an bhfaisnéis atá curtha ar fáil ag na Ballstáit nó ag institiúidí eile nó ag comhlachtaí nó eintitis ábhartha de chuid an Aontais. Baineann an méid sin roimhe seo go háirithe leis na forálacha a leanas den Chomhaontú:

    (a)Airteagal 18(1)(c) : fógra ón Aontas go gcuireann fadhbanna teicniúla cosc ar an Stát óstach an tiarratas a chlárú nó deimhniú an iarratais dá dtagraítear i bpointe (b) den Airteagal sin a eisiúint;

    (b)Airteagal 33(2): fógra ón Aontas faoi dháta teacht i bhfeidhm na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 33(1);

    (c)Airteagal 36(1): faisnéis atá le soláthar ag an Aontas don Ríocht Aontaithe maidir leis an reachtaíocht ábhartha nua nó leasúcháin a bhaineann leis na forálacha slándála sóisialta;

    (d)Airteagal 36 (4): faisnéis atá le cur ar fáil ag an Aontas don Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste maidir leis na tograí le haghaidh iarscríbhinn ábhartha an Chomhaontaithe a oiriúnú chun críocha ailínithe le Cinntí agus le Moltaí de chuid an Choimisiúin Riaracháin maidir le Slándáil Shóisialta;

    (e)Airteagal 55(3): teachtaireacht ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe maidir leis an bhfaisnéis is gá chun na cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear in Airteagal 54(1) nó (2) a chlárú nó a dheonú sa Ríocht Aontaithe;

    (f)Airteagal 96(6): faisnéis ón Aontas ar iarraidh ón Ríocht Aontaithe ionas gur féidir léi a hoibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 7 de Phrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin a chomhlíonadh; agus pionóis a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 agus Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009.

    (g)Airteagal 102: fógra ón Aontas don Ríocht Aontaithe nuair nach mbeidh áitreabh, foirgnimh, maoin nó sócmhainní an Aontais á núsáid a thuilleadh nó nuair a bhainfear amach as an Ríocht Aontaithe iad;

    (h)Airteagal 103: fógra ón Aontas don Ríocht Aontaithe faoi aon cheann de chartlanna an Aontais a bhaintear amach as an Ríocht Aontaithe;

    (i)Airteagal 116(3) : fógra ón Aontas do na húdaráis faoi stádas aon duine atá ábhartha maidir le teidlíocht an duine sin ar phribhléid nó ar dhíolúine faoin Teideal seo;

    (j)Airteagal 119: fógra ón Aontas don Ríocht Aontaithe faoin dáta ar a ndéantar athlonnú na ngníomhaireachtaí a chur i gcrích;

    (k)Airteagal 127(7) (b): fógra ón Aontas don Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcás nach measfar gur Ballstát í chun críocha malartaithe faisnéise, nós imeachta nó cláir atá fós le cur chun feidhme nó le tosú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, agus i gcás ina dtabharfadh rannpháirtíocht den sórt sin rochtain ar fhaisnéis íogair a bhaineann leis an tslándáil nár cheart ach na Ballstáit a bheith ar an eolas fuithi;

    (l)Airteagal 134: faisnéis atá le cur ar fáil ag an Aontas do na heintitis ábhartha ar iontaoibh arna lua ag an Ríocht Aontaithe;

    (m)Airteagal 140(2) agus (3): faisnéis atá le cur ar fáil ag an Aontas don Ríocht Aontaithe maidir le méid na ngealltanas gan íoc dá dtagraítear sna forálacha seo;

    (n)Airteagal 142 (3), (4) agus (5): faisnéis atá le soláthar don Ríocht Aontaithe ar na dliteanais ag deireadh 2020 dá dtagraítear sna forálacha seo;

    (o)Airteagal 143 (1) (b), (2), (3) agus (4): tuarascálacha agus faisnéis atá le cur ar fáil ag an Aontas don Ríocht Aontaithe maidir leis na dliteanais airgeadais theagmhasacha ábhartha a bhaineann le hiasachtaí i ndáil le cúnamh airgeadais, an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), an Ciste Eorpach le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe (CEFI) agus an sainordú iasachta seachtrach dá dtagraítear sna forálacha sin;

    (p)Airteagal 144 (1): faisnéis atá le cur ar fáil ag an Aontas don Ríocht Aontaithe maidir leis na hionstraimí airgeadais atá faoi chur chun feidhme díreach nó indíreach arna maoiniú ag cláir CAI 2014-2020 nó faoi pheirspictíochtaí airgeadais roimhe sin;

    (q)Airteagal 147 (2): faisnéis atá le cur ar fáil ag an Aontas don Ríocht Aontaithe maidir le dliteanais theagmhasacha a bhaineann le cásanna dlí;

    (r)Airteagal 148 (2): faisnéis atá le cur ar fáil ag an Aontas don Ríocht Aontaithe de bhun na forála seo maidir le híocaíochtaí tar éis 2020;

    (s)Airteagal 159 (2): faisnéis bhliantúil atá le cur ar fáil ag an Aontas don Choiste speisialaithe um chearta na saoránach;

    (t)Airteagal 185: fógra chuig an Ríocht Aontaithe thar ceann an Aontais maidir le haon Bhallstát a bhfuil sé dearbhaithe aige, i gcomhréir leis an bhforáil nach ndéanfaidh an Ballstát sin a náisiúnaigh a thabhairt suas de bhun Chinneadh Creatlaí 2002/584/CGB le linn na hidirthréimhse.

    I gcásanna áirithe, sainaithnítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar institiúid nó comhlacht eile de chuid an Aontais nach mór di/dó an fhaisnéis sin a tharchur, mar shampla:

    (a)Airteagal 149: aisíocaíocht ag Banc Ceannais na hEorpa ar an gcaipiteal íoctha; nó

    (b)Airteagal 150(4): aisíocaíocht ag an mBanc Eorpach Infheistíochta ar an gcaipiteal íoctha.

    I gcás ina luaitear sa Chomhaontú go bhféadfaidh an tAontas a chinneadh cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe, le linn na hidirthréimhse, a bheith rannpháirteach go heisceachtúil i gcruinnithe áirithe coistí nó grúpaí saineolaíocha nó i gcruinnithe comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais (i.e. Airteagal 128(5) den Chomhaontú) nó i gcruinnithe caibidlíochta agus comhairliúcháin idirnáisiúnta (i.e. Airteagal 129 (2) b) agus Airteagal 130 (3) den Chomhaontú), ba cheart don Choimisiún, i bprionsabal agus thar ceann an Aontais, na cuirí sin chuig an Ríocht Aontaithe a chur. I gcás ina neagraíonn comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais an cruinniú, is faoi na comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais a bheidh sé na cuirí cuí a sheoladh. Ní fhéadfar na cuirí sin a eisiúint ach amháin ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún treoir a eisiúint ina leith seo, le háirithiú go gcuirfear na forálacha sin i bhfeidhm go comhsheasmhach.

    I gcás ina luaitear sa Chomhaontú go rachaidh an tAontas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse: ba cheart don Choimisiún an comhairliúchán sin a dhéanamh thar ceann an Aontais. Baineann sé sin go háirithe leis na forálacha a leanas den Chomhaontú: 

    (a)Airteagal 128(7): an oibleagáid atá ar an Aontas dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le dréachtghníomhartha an Aontais lena sainaithnítear nó lena ndéantar tagairt dhíreach d’údaráis shonracha, nósanna imeachta, nó doiciméid shonracha Ballstát;

    (b)Airteagal 129(5): an fhéidearthacht dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe de bhun na forála sin;

    (c)Airteagal 130(1): an oibleagáid atá ar an Aontas dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta a bhaineann le huiscí an Aontais agus le huiscí lasmuigh d’uiscí an Aontais de bhun na forála sin;

    (d)Airteagal 130(2): an oibleagáid atá ar an Aontas dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir le deis a bhaineann tráchtanna a chur ar fáil de bhun na forála sin.

    Ina theannta sin beidh sé faoin gCoimisiún teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe i dtaobh na socruithe riaracháin amhail na cinn dá dtagraítear in Airteagal 134 (socruithe riaracháin idir iniúchóirí an Aontais agus an Ríocht Aothaithe chun an próiseas iniúchóireachta a éascú) nó in Airteagal 12 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (socruithe riaracháin atá riachtanach chun na forálacha maidir le státchabhair atá sa Phrótacal a chur chun feidhme go cuí).

    Gníomhóidh an Coimisiún thar ceann an Aontais freisin maidir le gach céim den nós imeachta i ndáil le réiteach díospóidí faoi Theideal III de Chuid VI den Chomhaontú.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Sa dréacht-togra ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar tá 185 Airteagal arna struchtúrú i sé Chuid (arna roinnt a thuilleadh i dTeidil agus i gCaibidlí), i dtrí Phrótacal agus i naoi nIarscríbhinn, mar seo a leanas:

    I gCuid a hAon (Forálacha Coiteanna) cuimsítear forálacha coiteanna an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar (“an Comhaontú”), lena náirítear sainmhínithe, raon feidhme críochach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, na modhanna agus na prionsabail a bhaineann le héifeacht, le cur chun feidhme agus le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

    I gCuid a Dó (Cearta na Saoránach) leagtar amach na forálacha arb é is aidhm leo cosaint a thabhairt don stádas agus do na cearta atá ag saoránaigh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe agus ag a dteaghlaigh, faoi dhlí an Aontais, a ndéanann tarraingt siar na Ríochta Aontaithe difear dóibh. Tá ceithre theideal san áireamh i gCuid a Dó: Teideal I (Forálacha ginearálta), Teideal II (Cearta agus oibleagáidí), Teideal III (Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta), agus Teideal IV (Forálacha eile).

    I gCuid a Trí (Forálacha Idirscartha) leagtar amach na forálacha maidir le ceisteanna idirscartha eile imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Tá 13 theideal san áireamh i gCuid a Trí: Teideal I (Earraí a chuirtear ar an margadh), Teideal II (Nósanna imeachta custaim leanúnacha), Teideal III (Cúrsaí cánach breisluacha agus dleachtanna máil leanúnacha), Teideal IV (Maoin intleachtúil), Teideal V (Comhar póilíní agus breithiúnach leanúnach i dtaobh cúrsaí cóiriúla), Teideal VI (Sonraí agus faisnéis a phróiseáiltear nó a fhaightear roimh an dáta teacht i bhfeidhm, nó ar bhonn an Chomhaontaithe seo), Teideal VIII (Nósanna imeachta soláthair phoiblí agus nósanna imeachta comhchosúla leanúnacha), Teideal IX (Saincheisteanna a bhaineann le Euratom), Teideal X (Nósanna imeachta breithiúnacha agus riaracháin an Aontais), Teideal XI (Nósanna imeachta um chomhar riaracháin idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe), Teideal XII (Pribhléidí agus díolúintí) agus Teideal XIII (Saincheisteanna eile a bhaineann le feidhmiú institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais).

    I gcuid a Ceathair (idirthréimhse) leagtar amach idirthréimhse a mbeidh acquis iomlán an Aontais i bhfeidhm i leith na Ríochta Aontaithe, ach amháin i gcás roinnt eisceachtaí. Le linn na hidirthréimhse, ní bheidh ionadaíocht a thuilleadh ag an Ríocht Aontaithe in institiúidí an Aontais ná ní bheidh sí rannpháirteach i bpróiseas cinnteoireachta ná i bpróiseas déanta cinntí an Aontais. Ina theannta sin, i gCuid a Ceathair bunaítear na socruithe idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe i dtaca leis na comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, nó ag Ballstáit ag gníomhú dóibh thar a cheann, nó ag an Aontas agus ag Ballstáit an Aontais i gcomhpháirt le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 129, beidh an Ríocht Aontaithe faoi cheangal ag na hoibleagáidí a eascraíonn as na comhaontuithe sin. Foráiltear in Airteagal 130 do shásra comhairliúcháin chun deiseanna iascaireachta na Ríochta Aontaithe a shocrú don idirthréimhse. Áiritheofar le hAirteagal 131 go gcaomhnófar inniúlacht iomlán institiúidí uile an Aontais i dtaca leis an Ríocht Aontaithe, lena náireofar inniúlacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Foráiltear in Airteagal 132 gur féidir cinneadh aonair a ghlacadh lena gcuirfear síneadh leis an idirthréimhse go ceann tréimhse suas le 1 bhliain nó le 2 bhliain.

    I gCuid a Cúig (Forálacha Airgeadais) leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an socrú airgeadais, lena náirítear rialacha mionsonraithe maidir le comhpháirteanna na socraíochta airgeadais mar aon leis na rialacha maidir le luach na socraíochta airgeadais agus na módúlachtaí íocaíochta a ríomh. Tá rialacha socraithe freisin le haghaidh socrúcháin maidir le rannpháirtíocht leanúnach na Ríochta Aontaithe i gcláir an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha go dtí go dtabharfar chun críche iad.

    I gCuid a Sé (Forálacha institiúideacha agus críochnaitheacha) leagtar amach rialacha maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Chomhaontaithe agus bunaítear Comhchoiste mar aon le sásra um réiteach díospóidí. Sa Chuid seo cuirtear oibleagáid díchill ar na Páirtithe iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú maidir lena gcaidreamh sa todhchaí roimh dheireadh na hidirthréimhse, chomh maith leis na forálacha maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

    Áirítear sa phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus sna 10 nIarscríbhinn a ghabhann leis na forálacha is gá maidir leis an réiteach “cúlstop”, mar a thugtar air, chun teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann a sheachaint. Beidh feidhm aige mura dtiocfaidh nó go dtí go dtiocfaidh comhaontú a dhéanfar amach anseo i gcomharba air, ina iomlán nó i bpáirt. Leis an bPrótacal cruthaítear críoch chustaim aonair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Leis sin, seachnófar an gá le taraifí, le cuótaí agus le seiceálacha ar rialacha tionscnaimh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Foráiltear ann freisin do shraith beart chun a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Ina theannta sin, áirithítear leis an bPrótacal go leanfaidh Cód Custaim an Aontais (CCA), lena leagtar amach, inter alia, na forálacha maidir le táirgí a scaoileadh isteach i saorchúrsaíocht laistigh den Aontas, de bheith i bhfeidhm maidir le Tuaisceart Éireann. Cinnteoidh sé sin nach mbeidh srianta i ndán do ghnólachtaí i dTuaisceart Éireann agus táirgí á gcur ar Mhargadh Aonair an Aontais. Foráiltear sa Phrótacal freisin go leanfaidh an Ríocht Aontaithe, i leith Thuaisceart Éireann, de bheith ailínithe le tacar teoranta rialacha a bhaineann le Margadh Aonair an Aontais, rialacha atá fíor-riachtanach chun teorainn chrua a sheachaint: reachtaíocht maidir le hearraí, rialacha sláintíochta agus fíteashláintíochta (“rialacha SPS”), rialacha maidir le táirgeadh talmhaíochta, CBL agus mál, agus rialacha maidir le státchabhair. Tá forálacha ann freisin lena ndéanfar an Margadh Aonair Leictreachais a chothabháil ar oileán na hÉireann. De bhun an Phrótacail, leanfaidh an Comhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe mar aon leis na cearta agus na pribhléidí lena mbaineann de bheith infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais. Ina theannta sin, leanfar ar aghaidh leis an gcomhar Thuaidh-Theas de réir mar atá leagtha amach sa Phrótacal, agus na réimsí a leanas san áireamh; réimse an chomhshaoil, na sláinte, na talmhaíochta, an iompair, an oideachais agus na turasóireachta, agus i réimse an fhuinnimh, na teileachumarsáide, na craoltóireachta, na niascach intíre, an cheartais agus na slándála, an ardoideachais agus an spóirt.

    Áirítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar prótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha na Ríochta Aontaithe sa Chipir (an prótacal maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha). Ós rud é go saineofear an caidreamh idir an tAontas agus na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir i gcomhthéacs bhallraíocht Phoblacht na Cipire san Aontas, bunaítear sa phrótacal maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha na sásraí iomchuí chun go ngnóthófaí, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, cuspóirí na socruithe a leagtar amach i bPrótacal 3 d’Ionstraim Aontachais Phoblacht na Cipire leis an Aontas Eorpach. De réir mar a leagadh amach sa Ráiteas Comhpháirteach an 19 Meitheamh 2018, thug an tAontas agus an Ríocht Aontaithe gealltanas socruithe iomchuí a bhunú do na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha, “arb é is aidhm leo go háirithe leasanna na gCipireach a bhfuil cónaí orthu agus a bhíonn ag obair sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha a chosaint tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na hoibleagáidí a chuimsítear sa Chonradh Bunaíochta.” Rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe téarmaí Prótacail a chomhaontú lena dtabharfar éifeacht don mhéid sin agus atá i gceangal leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. Is é is aidhm leis an bPrótacal a áirithiú go leanfaidh dlí an Aontais, sna réimsí a leagtar síos i bPrótacal 3 d’Ionstraim Aontachais na Cipire, d’fheidhm a bheith acu sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha, gan aon chur isteach ná aon chaillteanas ar chearta, go háirithe do na 11,000 saoránach nó thart faoin méid sin ón gCipir a bhfuil cónaí orthu agus atá ag obair sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha. Baineann sé sin le roinnt réimsí beartais amhail cánachas, earraí, talmhaíocht, iascaigh agus rialacha tréidliachta agus fíteashláintíochta. Leis an bPrótacal tugtar freagracht do Phoblacht na Cipire dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú maidir leis an gcuid is mó de na réimsí atá cumhdaithe, seachas i gcás cúrsaí slándála agus míleata.

    Ar deireadh, tá prótacal maidir le Giobráltar san áireamh sa Chomhaontú um Tharraingt Siar lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna sonracha a chruthaíonn tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i ndáil le Giobráltar. Leagtar amach sa treoirlínte ón gComhairle Eorpach an 29 Aibreán 2017 “nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag aon chomhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le críoch Ghiobráltar gan comhaontú a bheith ann idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe.” Meabhraíodh é sin sna treoracha caibidlíochta forlíontacha ón gComhairle an 29 Eanáir 2018 agus sna treoirlínte ón gComhairle Eorpach an 14 Márta 2018. I ráitis le miontuairiscí chruinniú na Comhairle Eorpaí an 25 Samhain 2018, tá an dearbhú seo a leanas ón gComhairle Eorpach agus ón gCoimisiún san áireamh: “Tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas, ní chuirfear Giobráltar san áireamh i raon feidhme críochach na gcomhaontuithe a thabharfar i gcrích idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, ní fhágfaidh sé sin nach bhféadfar comhaontuithe ar leith a bheith idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar. Gan dochar d’inniúlachtaí an Aontais agus urraim iomlán á tabhairt d’iomláine chríochach na mBallstát, mar a ráthaítear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh na comhaontuithe sin faoi réir comhaontú roimh ré ó Ríocht na Spáinne”. Thairis sin, ag an ócáid chéanna, tá an Chomhairle Eorpach agus an Coimisiún tar éis dearbhú léiritheach a eisiúint maidir le hAirteagal 184 den Chomhaontú um Tharraingt Siar agus raon feidhme críochach comhaontuithe sa todhchaí.

    Tá caibidlíochtaí déthaobhacha idir an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe curtha i gcrích faoin am seo. Tá Prótacal ina bhfuil tagairt do na socruithe déthaobhacha sin i gceangal leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. Is é atá sa Phrótacal pacáiste ina bhfuil meabhrán tuisceana déthaobhach idir an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar. Baineann sé sin le comhar déthaobhach maidir le cearta na saoránach, tobac agus táirgí eile, cúrsaí comhshaoil, póilíní agus custaim, chomh maith le comhaontú déthaobhach i ndáil le cánachas agus leasanna airgeadais a chosaint. Maidir le cearta saoránach, bunaítear leis an bPrótacal an bonn le haghaidh comhar riaracháin idir na húdaráis inniúla chun an Tarraingt Siar a chur chun feidhme i ndáil le daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéar Ghiobráltar, agus go háirithe i ndáil le hoibrithe teorann. I dtaca le dlí an aeriompair, bunaítear leis féidearthacht, i gcás go ndéanfar comhaontú idir an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe maidir le húsáid aerfort Ghiobráltar, go mbeadh feidhm ag reachtaíocht an Aontais maidir le Giobráltar, nach raibh feidhme aici roimhe seo ina leith, le linn na hidirthréimhse. Maidir le gnóthaí fioscacha agus cosaint leasanna airgeadais, bunaítear leis an bPrótacal an bonn le haghaidh comhar riaracháin idir na húdaráis inniúla chun trédhearcacht iomlán a bhaint amach i dtaca le cúrsaí cánach, agus i dtaca le calaois, smuigleáil, agus sciúradh airgid a chomhrac. Tá gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe freisin go gcomhlíonfar caighdeáin idirnáisiúnta sa réimse sin i nGiobráltar. Maidir le tobac, geallann an Ríocht Aontaithe coinbhinsiúin áirithe a dhaingniú i leith Ghiobráltar agus córas beart inrianaitheachta agus slándála ar thoitíní a chur ar bun roimh an 30 Meitheamh 2020. I dtaca le halcól agus peitreal, geallann an Ríocht Aontaithe a áirithiú go mbeidh córas cánach chun calaois a chosc i bhfeidhm i nGiobráltar. Maidir le cosaint an chomhshaoil, leis an iascaireacht agus le comhar i gcúrsaí póilíneachta agus custaim, bunaítear leis an bPrótacal an bonn le haghaidh comhar riaracháin idir na húdaráis inniúla. Tá coiste speisialaithe bunaithe freisin chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Phrótacail seo.

    Áirítear na hiarscríbhinní a leanas sa Chomhaontú freisin:

    ·Iarscríbhinn I maidir le comhordú slándála sóisialta

    ·Iarscríbhinn II maidir le forálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 41(4);

    ·Iarscríbhinn III maidir le teorainneacha ama le haghaidh na cásanna nó na nósanna imeachta custaim dá dtagraítear in Airteagal 49 (1)

    ·Iarscríbhinn IV maidir le liosta na líonraí, na gcóras faisnéise agus na mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 50, 53, 99 agus 100;

    ·Iarscríbhinn V maidir le EURATOM;

    ·Iarscríbhinn VI maidir le forálacha um chomhar riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 98;

    ·Iarscríbhinn VII maidir leis an liosta gníomhartha/forálacha dá dtagraítear in Airteagal 128(6)

    ·Iarscríbhinn VIII maidir le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus na gcoistí speisialaithe

    ·Iarscríbhinn IX maidir le rialacha nós imeachta um réiteach díospóidí;

    Tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm an 30 Márta 2019.

    2018/0427 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)I gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle Uimh. (AE, Euratom) ..., rinneadh an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú’ anseo feasta) a shíniú an ....

    (2)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

    (3)Aon tagairtí don Aontas sa chinneadh seo, ba cheart a thuiscint astu go bhfuil an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach san áireamh iontu.

    (4)Ar an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, is é a tharlóidh i gcás shainorduithe chomhaltaí uile na ninstitiúidí, na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais a ainmníodh, a ceapadh nó a toghadh i dtaca le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas, go dtiocfaidh deireadh leo go huathoibríoch mar thoradh ar an tarraingt siar.

    (5)Is iomchuí módúlachtaí ionadaíocht an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú a shainmhíniú. I gcás ina dtiocfaidh an Comhaontú cumhacht don Chomhchoiste gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, lena náirítear chun críocha an Comhaontú a mhodhnú maidir le heilimintí neamhriachtanacha, déanfar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan amach in Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    (6)I gcás ina mbainfidh seasamh an Aontais, a bheidh le glacadh sa Chomhchoiste, le síneadh ar an idirthréimhse nó leis an athbhreithniú ar an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis na treoirlínte ón gComhairle Eorpach. Aon chinneadh maidir le síneadh a chur leis an idirthréimhse, cuirfear san áireamh ann oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gComhaontú, lena náirítear a chuid Prótacal.

    (7)Nuair is gá don Aontas gníomhú chun forálacha an Chomhaontaithe a chomhlíonadh, glacfar gníomhaíocht den sórt sin i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus, san am céanna, déanfar teorainneacha na gcumhachtaí a thugtar do gach institiúid a urramú. Dá bhrí sin, seachas i gcás ina dtagraíonn an Comhaontú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí sonracha eile de chuid an Aontais, is faoin gCoimisiún atá sé an fhaisnéis nó na fógraí a cheanglaítear leis an gComhaontú a thabhairt don Ríocht Aontaithe, dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair shonracha, cuireadh a chur ar ionadaithe ón Ríocht Aontaithe chun a bheith i láthair, mar chuid de thoscaireacht ón Ríocht Aontaithe, i gcruinnithe comhairliúcháin nó caibidlíochta idirnáisiúnta nó a bheith mar ionadaí thar ceann an Aontais os comhair painéal eadrána, i gcás ina gcuirtear isteach díospóid chun eadrána i gcomhréir le hAirteagal 170 den Chomhaontú. I gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ba cheart don Choimisiún aon díospóid den sórt sin a chur in iúl don Chomhairle. Is ar an gcúis chéanna ar cheart gur faoin gCoimisiún a bheadh sé teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe maidir leis na socruithe riaracháin amhail na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 134 den Chomhaontú.

    (8)Sa ráiteas uaidh i miontuairiscí chruinniú na Comhairle an 29 Eanáir 2018, thug an Coimisiún le fios go ndéanfaidh sé doiciméad treorach a eisiúint, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach Airteagal 128(5) den Chomhaontú.

    (9)De bhun Airteagal 129(4) den Chomhaontú, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, le linn na hidirthréimhse, caibidlíocht a dhéanamh, comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú agus a dhaingniú ina cáil féin i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, ar choinníoll nach dtiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm ná nach gcuirfear i bhfeidhm iad le linn na hidirthréimhse, murar údaraigh an tAontas amhlaidh. Is gá na coinníollacha agus an nós imeachta a leagan amach chun údaruithe den sórt sin a dheonú. I bhfianaise an mheáchain pholaitiúil a bhaineann le cinntí lena dtugtar údaruithe den sórt sin, is iomchuí an chumhacht chun iad a ghlacadh a thabhairt don Chomhairle trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

    (10)Tugann an Comhaontú aghaidh, i bprótacail ar leithligh, ar chásanna an-sonrach na hÉireann/Thuaisceart Éireann, na Limistéar Bunáite Flaitheasach de chuid na Ríochta Aontaithe sa Chipir agus Ghiobráltar. Ó tharla go mb’fhéidir gur ghá d’Éirinn, do Phoblacht na Cipire agus do Ríocht na Spáinne, faoi seach, teacht ar chomhaontuithe déthaobhacha den sórt sin leis an Ríocht Aontaithe, de réir mar is gá le haghaidh fheidhmiú ceart na socruithe dá bhforáiltear sna prótacail shonracha sin, is gá coinníollacha agus nós imeachta a leagan amach chun údarú a thabhairt don Bhallstát atá i gceist caiblíocht a dhéanamh maidir le comhaontuithe déthaobhacha den sórt sin agus iad a thabhairt i gcrích i gcás ina mbaineann siad le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. I bhfianaise an mheáchain pholaitiúil a bhaineann le cinntí lena dtugtar údaruithe den sórt sin, is iomchuí an chumhacht chun iad a ghlacadh a thabhairt don Chomhairle trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

    (11)In Airteagal 18(1) agus (4) den Chomhaontú déantar foráil maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit aíochta doiciméad a eisiúint do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, dá mbaill teaghlaigh féin agus do dhaoine eile a thagann faoi raon feidhme Theideal II de Chuid a Dó den Chomhaontú, doiciméad lena dtugtar fianaise maidir lena stádas cónaithe i gcomhréir leis an gComhaontú. In Airteagal 26 den Chomhaontú déantar foráil maidir leis an oibleagáid atá ar an mBallstát oibre doiciméad a eisiúint do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil cearta acu mar oibrithe trasteorann faoin gComhaontú, doiciméad lena ndearbhaítear an stádas atá ag oibrí trasteorann faoin gComhaontú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na bhforálacha sin laistigh den Aontas d’fhonn é a éascú, go háirithe d’údaráis rialaithe teorann, doiciméid den sórt sin a aithint agus falsú agus góchumadh a chosc trí ghnéithe slándála ardleibhéil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an tréimhse bhailíochta agus an fhormáid a leagan síos, lena náirítear sonraíochtaí teicniúla, chomh maith leis an ráiteas comónta ba cheart a bheith ag gabháil le doiciméid a eisítear faoi Airteagal 18 agus Airteagal 26 den Chomhaontú, ráiteas lena dtugtar le fios gur eisíodh iad i gcomhréir leis an gComhaontú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 . Chun na críche sin, beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle 3 de chúnamh ag an gCoimisiún. Más gá, féadfar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a chosaint trí gach beart iomchuí a dhéanamh lena gcuirtear cosc ar an mbaol góchumtha agus falsaithe. Sa chás sin níor cheart iad a chur ar fáil ach do na comhlachtaí sin a d’ainmnigh na Ballstáit ina gcomhlachtaí atá freagrach as iad a chur i gcló agus do dhaoine a bhfuil údarú cuí faighte acu ó Bhallstát nó ón gCoimisiún. Ba cheart gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a bheith gan dochar d’aon socruithe speisialta a d’fhéadfadh Éire a dhéanamh, de bhua an Chomhaontaithe, leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le gluaiseacht daoine sa Chomhlimistéar Taistil.

    (12)Leagtar síos in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 13 d’Iarscríbhinn 3 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann gurb é an tAontas a leagfaidh amach an sampla den Deimhniú Gluaiseachta A. UK. agus na nótaí míniúcháin agus an sampla ar dá réir a ghreamófar an lipéad den choinsíneacht phoist dá dtagraítear ann. Is gá samplaí den sórt sin a úsáid mar fhianaise dhoiciméadach go dtagann earra faoi raon feidhme Iarscríbhinn 2 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann. Chun na críche sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáid na samplaí agus na nótaí míniúcháin sin a leagan síos, lena náirítear sonraíochtaí teicniúla. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun na críche sin, ba cheart an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún.

    (13)Faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, níl an Ríocht Aontaithe ag glacadh páirt i bplé na Comhairle maidir leis an gcinneadh seo ná maidir lena ghlacadh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú”) a fhormheas thar ceann an Aontais agus thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

    Aon tagairtí don Aontas sa chinneadh seo, tuigfear astu go bhfuil an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach san áireamh iontu.

    Airteagal 2

    1.Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste, agus ina chuid coistí speisialaithe dá bhforáiltear in Airteagal 164 agus in Airteagal 165 den Chomhaontú, chomh maith le haon choiste speisialaithe de réir mar a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 164(2)(b).

    1.1.Féadfaidh Éire, Poblacht na Cipire agus Ríocht na Spáinne, faoi seach, a iarraidh go mbeidh ceann de na hionadaithe seo a leanas i dteannta ionadaí an Choimisiúin:

    (a)ionadaí thar ceann na hÉireann i gcruinnithe an choiste speisialaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann;

    (b)ionadaí thar ceann Phoblacht na Cipire i gcruinnithe an choiste speisialaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir;

    (c)ionadaí thar ceann Ríocht na Spáinne i gcruinnithe an choiste speisialaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le Giobráltar.

    2.Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear an Chomhairle ar an eolas fada go leor roimh ré maidir le sceideal an chruinnithe agus leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 164(2), in Airteagal 165(2) agus (4) agus in Iarscríbhinn VIII le go mbeidh a dóthain ama ag an gComhairle an fhaisnéis is gá a fháil agus an comhairliúchán agus an chinnteoireacht is gá a dhéanamh. Cuirfear an Chomhairle ar an eolas freisin maidir le toradh chruinnithe an Chomhchoiste.

    3.Le linn na gcéad chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, go háirithe Cuid a Dó de, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Chomhairle.

    Airteagal 3

    1.Féadfaidh an Chomhairle an Ríocht Aontaithe a údarú a toiliú a léiriú, ina cáil féin, a bheith faoi cheangal ag comhaontú idirnáisiúnta atá beartaithe teacht i bhfeidhm nó a bheith á chur i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse, i réimse ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Ní féidir údarú den sórt sin a dheonú ach sna cásanna seo a leanas:

    (a)    má léiríonn an Ríocht Aontaithe leas ar leith go dtiocfaidh an comhaontú idirnáisiúnta i dtrácht i bhfeidhm nó go bhfuil feidhm aige cheana le linn na hidirthréimhse;

    (b)    má tá an comhaontú idirnáisiúnta i dtrácht comhoiriúnach do dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 127 den Chomhaontú agus leis na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 129(1) den Chomhaontú; agus

    (c)    mura gcuirfeadh teacht i bhfeidhm nó cur i bhfeidhm an chomhaontaithe idirnáisiúnta, le linn na hidirthréimhse, gnóthú cuspóra de chuid ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i mbaol sa réimse lena mbaineann ná mura ndéanfadh sé dochar ar dhóigh eile do leasanna an Aontais.

    2.Údarú a dheonaítear de bhun mhír 1, féadfar é a bheith ag brath ar fhoráil áirithe a bheith san áireamh sa chomhaontú i dtrácht nó a bheith bainte amach as nó ar chur i bhfeidhm forála áirithe den chomhaontú sin a bheith curtha ar fionraí, más gá sin chun comhsheasmhacht leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a áirithiú.

    3.Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún maidir leis an rún atá aici a toiliú a léiriú, ina cáil féin, a bheith faoi cheangal ag comhaontú idirnáisiúnta atá beartaithe teacht i bhfeidhm nó a bheith á chur i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse, i réimse ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Cuirfidh an Coimisiún in iúl go pras don Chomhairle aon fhógra ón Ríocht Aontaithe maidir leis an rún atá aici, ina cáil féin, a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú idirnáisiúnta i dtrácht.

    4.Glacfaidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún. San áireamh sa togra ón gCoimisiún beidh measúnú ar cé acu a comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 nó nár comhlíonadh. Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh mura leor an fhaisnéis a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe chun críche an measúnú a dhéanamh.

    5.Déanfaidh an Chomhairle aon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa.

    Airteagal 4

    1.Ar iarratas a bhfuil údar cuí leis a fháil ó Éirinn, ó Phoblacht na Cipire nó ó Ríocht na Spáinne, faoi seach, féadfaidh an Chomhairle na Ballstáit sin a údarú chun caibidlíocht a dhéanamh maidir le comhaontuithe déthaobhacha leis an Ríocht Aontaithe i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Ní féidir údarú den sórt sin a dheonú ach sna cásanna seo a leanas:

    (a)más rud é gur thug an Ballstát lena mbaineann faisnéis ina léirítear gur gá an comhaontú i dtrácht le haghaidh fheidhmiú ceart na socruithe a leagtar amach, faoi seach, sa Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir agus sa Phrótacal maidir le Giobráltar, agus a chomhlíonann prionsabail agus cuspóirí an Chomhaontaithe;

    (b)más amhlaidh, ar bhonn na faisnéise a thug an Ballstát, go ndealraíonn sé go bhfuil an comhaontú atá beartaithe comhoiriúnach do dhlí an Aontais; agus

    (c)mura gcuirfeadh an comhaontú atá beartaithe gnóthú cuspóra de chuid ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i mbaol sa réimse lena mbaineann ná mura ndéanfadh sé dochar ar dhóigh eile do leasanna an Aontais.

    2.Údarú a dheonaítear de bhun mhír 1, féadfar é a bheith ag brath ar fhoráil áirithe a bheith san áireamh sa chomhaontú i dtrácht nó a bheith bainte amach as nó ar chur i bhfeidhm forála áirithe den chomhaontú sin a bheith curtha ar fionraí, más gá sin chun comhsheasmhacht leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a áirithiú.

    3.Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin rún atá aige dul i mbun caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go pras faoi sin. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis ar fad is gá ar fáil don Choimisiún le go bhféadfaidh sé a mheasúnú cé acu a comhlíonadh na coinníollacha arna leagan amach i mír 1 nó nár comhlíonadh.

    4.Cuirfidh an Ballstát cuireadh ar an mBallstát lena mbaineann na caibidlíochtaí a leanúint go grinn.

    5.Sula ndéanfar an comhaontú déthaobhach a shíniú, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann toradh na gcaibidlíochtaí in iúl don Choimisiún agus déanfaidh sé téacs an chomhaontaithe ionchasaigh a chur chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún sin in iúl go pras don Chomhairle. Ní fhéadfaidh an Ballstát lena mbaineann a thoiliú a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú déthaobhach i dtrácht a léiriú mura bhfuil údarú faighte aige ón gComhairle chuige sin.

    6.Glacfaidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

    San áireamh sa togra ón gCoimisiún beidh measúnú ar cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus dá dtagraítear i mír 2. Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh mura leor an fhaisnéis a bheidh tugtha ag an mBallstát lena mbaineann chun críche an measúnú a dhéanamh.

    7.I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle údarú de bhun mhír 1 agus mhír 5, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe dhéthaobhaigh lena mbaineann, chomh maith le haon athruithe a bhaineann le stádas an chomhaontaithe dá éis sin.

    8.Déanfaidh an Chomhairle na cinntí a ghlacfar de bhun mhír 1 agus mhír 5 a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa.

    Airteagal 5

    Déanfaidh an Coimisiún tréimhse bhailíochta agus formáid na ndoiciméad a leagan síos, lena náirítear gnéithe slándála agus ráiteas comónta, do na doiciméid a eiseoidh na Ballstáit de bhun Airteagal 18(1) agus (4) agus Airteagal 26 den Chomhaontú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7.

    Airteagal 6

    Déanfaidh an Coimisiún an fhormáid agus na nótaí míniúcháin a shonrú, lena náirítear sonraíochtaí teicniúla na samplaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 13 d’Iarscríbhinn 3 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7.

    Airteagal 7

    1.Tabharfaidh na coistí seo a leanas cúnamh don Choimisiún:

    (a)an Coiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5;

    (b)an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6.

    Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 8

    Leis seo, tugtar údarú d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a dtabharfar an chumhacht dó/dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 185 den Chomhaontú a thaisceadh thar ceann an Aontais a ainmniú.

    Airteagal 9

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán


    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis rialaithe atá beartaithe

    2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

    25 – Comhordú beartais agus comhairle dlí an Choimisiúin

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

     beart nua 

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 5  

     síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    Tá an comhaontú bunaithe ar Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir leis na treoirlínte ón gComhairle Eorpach (Airteagal 50) an 29 Aibreán 2017, is mar seo a leanas aidhmeanna an chomhaontaithe um tharraingt siar

       soiléire agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt maidir le himthosca ,a thagann de tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, do shaoránaigh agus freisin do ghnólachtaí, do pháirtithe leasmhara agus do chomhpháirtithe idirnáisiúnta,

       cosaint a thabhairt do shaoránaigh a thóg a saol ar bhonn na gceart a d’eascair as ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas;

       an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a bhaint as aimhréidh agus na cearta uile agus na hoibleagáidí uile a bhaineann an Ríocht Aontaithe as na gealltanais a ghlac sí ar láimh mar Bhallstát a bhaint as aimhréidh freisin,

       socruithe idirthréimhse a bhfuil teorainn ama ag baint leo atá chun leasa an Aontais a shainiú,

       áirithiú a dhéanamh go nurramóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe araon na hoibleagáidí airgeadais atá ann ón tréimhse iomlán ina raibh an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas

       foráil a dhéanamh maidir le bainistíocht, cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an chomhaontaithe, lena náirítear trí struchtúir institiúideacha agus sásra éifeachtach chun díospóidí a réiteach lena gcaomhnófar ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar an réiteoir deiridh maidir le hábhair a bhaineann le dlí an Aontais,

       leanúint de bheith ag tacú le sprioc na síochána agus an athmhuintearais a chumhdaítear i gcodanna uile Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus chun tacaíocht agus cosaint a thabhairt do na héachtaí, do na tairbhí agus do ghealltanais an Phróisis Síochána ar oileán na hÉireann

       leasanna na gCipireach a bhfuil cónaí orthu agus a oibríonn sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha a chosaint agus a áirithiú nach mbeidh aon chur isteach ná caillteanas ceart tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar,

       foráil a dhéanamh le go mbeidh dlúthchomhar idir an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a chur chun feidhme, agus go háirithe an chuid maidir le cearta na saoránach, agus i roinnt réimsí beartais eile.

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    Cuspóirí sonracha

    Neamhbhainteach

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Tabharfaidh an Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe deimhniú do shaoránaigh Eorpacha, don earnáil ghnó agus do chomhpháirtithe idirnáisiúnta nach mbeidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas mí-rianúil gan smacht.

    Is é bunú an Chomhchoiste, atá comhdhéanta d’ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, an taon tionchar buiséadach amháin atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar. Déanfaidh an Comhchoiste maoirseacht agus éascú ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, cinnfidh sé cúraimí na gcoistí speisialaithe, déanfaidh sé maoirseacht ar a gcuid oibre agus is é a dhéanfaidh leasú ar an gComhaontú i gcásanna ina bhforáiltear dó go sonrach sa Chomhaontú féin. Foráiltear sa Chomhaontú freisin go mbeidh ról ag an gComhchoiste i réiteach díospóidí, a dtugtar aghaidh air i dTeideal 3 de Chuid a Sé den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

    Buailfidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain, ar iarraidh ó cheachtar den dá pháirtí. Feidhmeoidh na coistí speisialaithe a leanas faoi rialú an Chomhchoiste, i.e. aon fhochoiste amháin le haghaidh gach ceann de phríomhpháirteanna an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar:

    (a)    an Coiste um chearta na saoránach;

    (b)    an Coiste um fhorálacha idirscartha eile;

    (c)    an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann;

    (d)    an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir;

    (e)    an Coiste um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le Giobráltar; agus

    (f)    an Coiste um fhorálacha airgeadais.

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

    Neamhbhainteach

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas a áirithiú.

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    Is chun leasa an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go háirithe trí dheimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do shaoránaigh agus do chuideachtaí ar an dá thaobh de Mhuir nIocht. Tá gá leis an gComhaontú um tharraingt siar chun aon tionchar diúltach ar an ngeilleagar Eorpach agus ar bhuiséad an Aontais a mhaolú, chun cearta na saoránach Eorpach atá ina gcónaí agus ag obair sa Ríocht Aontaithe a chosaint, agus chun sprioc na síochána agus an athmhuintearais ar oileán na hÉireann, mar atá cumhdaithe i gComhaontú Aoine an Chéasta, a chosaint.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Neamhbhainteach

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    Neamhbhainteach

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    Neamhbhainteach

    1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

     tréimhse theoranta

       i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

     tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 6  

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí phoiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

    Nótaí

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Eiseoidh an Comhchoiste tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an Chomhaontaithe.

    2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe 

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme maoiniúcháin, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis rialaithe atá beartaithe

    Neamhbhainteach

    2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha atá curtha ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    Neamhbhainteach

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar íoc agus ar dhúnadh) 

    Neamhbhainteach

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    5
    [Ceannteideal Riaracháin]

    LD/LN 7 .

    ó thíortha de chuid CSTE 8

    ó thíortha is iarrthóirí 9

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    XX 01 01 01 Caiteachas a bhaineann le hoifigigh agus foireann shealadach atá ag obair leis an Institiúid.

    Neamhdhif.

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    XX 01 02 11 01 Speansais mhisin agus ionadaíochta

    Neamhdhif.

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    ·Línte nua buiséid atá á niarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    […]
    [Ceannteideal………………………………………]

    LD/LN

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    […][XX.BB.BB.BB]

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    Uimhir

    Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

    Bliain
    N 10

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    • Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Líne buiséid 11

    Gealltanais

    (1a)

    Íocaíochtaí

    (2a)

    Líne buiséid

    Gealltanais

    (1b)

    Íocaíochtaí

    (2b)

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 12  

    Líne buiséid

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe
    i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht <…….>

    Gealltanais

    =1a+1b +3

    Íocaíochtaí

    =2a+2b

    +3





    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL <….>
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

    • IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6





    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    5

    “Caiteachas riaracháin”

    Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a úsáid arna niontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V leis na rialacha inmheánacha), a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    Ard-Stiúrthóireacht: SG (agus b’fhéidir SJ, …)

    • Acmhainní daonna

    286 000

    286 000

    286 000

    286 000

    • Caiteachas riaracháin eile

    2 000

    2 000

    2 000

    2 000

    IOMLÁN A.S.

    Leithreasuithe

    288 000

    288 000

    288 000

    288 000

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil
     

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    288 000

    288 000

    288 000

    288 000

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N 13

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil
     

    Gealltanais

    288 000

    288 000

    288 000

    288 000

    Íocaíochtaí

    288 000

    288 000

    288 000

    288 000

    3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas 14

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 15 ...

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    IOMLÁN

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N
    16

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    286 000

    286 000

    286 000

    286 000

    Caiteachas riaracháin eile

    2 000

    2 000

    2 000

    2 000

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    288 000

    288 000

    288 000

    288 000

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 17
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    Fo-iomlán
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    288 000

    288 000

    288 000

    288 000

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain N+2

    Bliain N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    • Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    2

    2

    2

    2

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01/11 (Taighde díreach)

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 18

    XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

    XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 bb  19

    - sa cheanncheathrú

    - i dtoscaireachtaí

    XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

    10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    2

    2

    2

    2

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Ullmhú, rannpháirtíocht agus obair leantach ar chruinnithe an Chomhchoiste. Tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an Chomhaontaithe a ullmhú agus a ghlacadh.

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

    Leis an togra/tionscnamh seo:

       is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

    Ní thugtar le tuiscint leis an togra ach caiteachas riaracháin a shainaithneofar trí ath-imlonnú le linn do na hacmhainní a bheith á ndáileadh.

       is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

       is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

    Leis an togra/tionscnamh seo:

       ní fhoráiltear maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe

       déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ó thríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Bliain
    N 20

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    ar acmhainní dílse

    ar ioncam eile

    má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 21

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncaim atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

    Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

    (1)     https://www.consilium.europa.eu/media/37100/20181121-cover-political-declaration.pdf
    (2)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
    (3)    Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).
    (4)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
    (5)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (6)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
    (7)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (8)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (9)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
    (10)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (11)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
    (12)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (13)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (14)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (15)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
    (16)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (17)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (18)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (19)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    (20)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (21)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top